Maidir leis na Coistí
Chair's Welcome Words
Fáilte go dtí an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON). Tá an Coiste freagrach as an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), rialáil na seirbhísí airgeadais, saorghluaiseacht caipitil, íocaíochtaí, cánachas agus beartais iomaíochta, agus an córas airgeadais idirnáisiúnta.
Tá an Coiste i gcroílár obair na Parlaiminte sna réimsí beartais sin, mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre vis-à-vis an Coimisiún trí thuarascálacha féintionscnaimh, mar chomhreachtóir leis an gComhairle agus reachtaíocht á glacadh aici, agus trí ghrinnscrúdú poiblí inter alia ar Choimisinéirí, ar airí airgeadais agus ar Uachtarán BCE, chomh maith le cathaoirligh ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Tá grinnscrúdú ar an mbrainse feidhmiúcháin ríthábhachtach don rialú daonlathach agus don mhaoirseacht dhaonlathach, agus cuidíonn sé leis an gCoiste meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar an dréachtú reachtach leantach.
Maidir le beartais chánachais, tugann an Fochoiste um Chúrsaí Cánach (FISC) cúnamh don Choiste.

Dìon Dàta ann an Comataidhean
Doiciméid úsáideacha
Cumhachtaí agus freagrachtaí
Teagmhálacha