Tuarascáil - A10-0019/2024Tuarascáil
A10-0019/2024

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper

22.11.2024 - (COM(2024)0370 – C10‑0166/2024 – 2024/0286(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Matjaž Nemec


Nós Imeachta : 2024/0286(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A10-0019/2024
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0019/2024
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :


PR_BUD_Cistí

CLÁR

Leathanach

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH


TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper (COM(2024)0370 – C10‑0166/2024 – 2024/0286(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0370 – C10‑0166/2024),

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013[1] (‘Rialachán CED’),

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[2] arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765[3], agus go háirithe Airteagal 8 de,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[4], agus go háirithe pointe 9 de,

 ag féachaint do phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus do na spriocanna a bunaíodh i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,

 ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0019/2024),

A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus do na cuideachtaí inar oibrigh siad;

B. de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 681 iomarcaíocht[5] san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 17 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) i réigiún Provincie Limburg laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 31 Nollaig 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024;

C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken NV (páipéar) agus 114 oibrí sa chuideachta Purmo Group Belgium NV (innealra);

D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna nó in earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus atá suite sa réigiún céanna;

E. de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Bheilg;

F. de bhrí go raibh Sappi Lanaken speisialaithe i dtáirgeadh páipéir bhrataithe saor ó adhmad (WCP); de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar ró-acmhainneacht thionscal WCP na hEorpa mar thoradh ar an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí grafaicí mar thoradh ar dhigitiú méadaithe; de bhrí nach bhféadfaí an táirgeadh ag Sappi Lanaken a aistriú chuig táirgí eile páipéir ar mó an t-éileamh orthu gan infheistíochtaí troma agus, dá bhrí sin, gur chinn Sappi Group stop a chur leis an táirgeadh in Lanaken agus an gléasra a dhúnadh, toisc nach bhféadfaí aon cheannaitheoir oiriúnach a shainaithint, mar gheall ar ró-acmhainneacht struchtúrach sa tionscal;

G. de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar mhéid táirgeachta radaitheoirí painéil Purmo Group le linn na tréimhse 2018-2023, ó 820 000 aonad in 2018 go 320 000 in 2023 (-60 %). de bhrí, agus costais táirgthe phlandaí éagsúla Purmo Group san Eoraip á gcur i gcomparáid, go bhfuil an láithreán in Zonhoven faoi mhíbhuntáiste, ós rud é go bhfuil a chostais 17 % go 35 % níos airde. de bhrí gur chinn Purmo Group stop a chur le táirgeadh radaitheoirí painéil 50 mm ina ghléasra Zonhoven agus an líne tháirgthe ábhartha a dhúnadh;  de bhrí, tar éis na staide gan choinne maidir le hinfhaighteacht agus praghsanna gáis, a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus reachtaíocht an Aontais a théann chun tairbhe do chórais téimh ísealteochta chun dochair do radaitheoirí painéil, nach dócha go mbeidh téarnamh éilimh ann toisc go mbeidh margadh na radaitheoirí painéil teoranta níos mó agus níos mó d’aonaid atá in úsáid a ionadú;

H. de bhrí gur lean an dá chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo agus go bhfuil aonad fostaíochta curtha ar bun acu, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a chur ar fáil d’oibrithe a scaoileadh chun bealaigh i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna;

I. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;

J. de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765;

1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 704 135 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 173 559, a chuimsíonn EUR 1 126 559 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 47 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 19 Iúil 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 5 Samhain 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken agus 114 oibrí in Purmo Group Belgium; ag tabhairt dá haire thairis sin go mbeidh 632 oibrí ina dtairbhithe spriocdhírithe ar an iomlán, fir amháin nach mór;

4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil margaí saothair Lanaken agus Zonhoven faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le Limburg ina iomláine nó le Flóndras ina bhfuil cóimheas i bhfad níos ísle idir an daonra oibre agus na poist atá ar fáil ná mar atá in Limburg ina iomláine nó i bhFlóndras; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú 15 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Limburg in 2023;

5. á chur i bhfios go bhfuil próifílí na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 55 bliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil oideachas íseal ag 30 % díobh, ina mbacainní tromchúiseacha ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth, agus an treocht anuas i bhfolúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas sin á gcur i gcuntas, go mbeidh tacaíocht shaincheaptha bhreise de dhíth ar na hoibrithe chun cabhrú leo an t-aistriú chuig an bhfostaíocht a bhaint amach;

6. á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;

7. á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é an fhéidearthacht a thabhairt do na hoibrithe a ndéanfar difear dóibh na cáilíochtaí is gá d’fhostaíocht amach anseo a fháil, i bhfianaise go bhfuil tionchar suntasach ag an aistriú digiteach agus éiceolaíoch ar a n-earnálacha agus go bhfuil laghdú ar an éileamh mar thoradh air ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;

8. á chur i bhfáth gur gá an tacaíocht a chuireann CED ar fáil a leabú i straitéis níos mó do na hoibrithe a ndéantar difear dóibh agus don réigiún, ar gach leibhéal polaitiúil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’ionstraimí cistiúcháin ábhartha an Aontais, agus é mar aidhm leis a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár sna haistrithe digiteacha agus aeráide;

9. á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: comhairleoir idirghabhála sóisialta, treoir, comhairleoireacht, agus treoshuíomh gairmiúil, tacaíocht ghníomhach i gcuardach poist, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, lena n-áirítear oiliúint i scileanna digiteacha, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre;

10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 26 Nollaig 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;

11. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 20 Samhain 2023 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;

12. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;

13. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;

14. á iarraidh ar údaráis na Beilge agus ar Bhallstáit eile na bearta coisctheacha a dhéanamh ar bhealach réamhghníomhach chun tionscail a oiriúnú don domhandú agus d’athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil agus chun oibrithe a chosaint ar a bpoist a chailleadh agus ar thionchar diúltach eile an domhandaithe;

15. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

16. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

17. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún


IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE-Limburg machinery and paper

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013[6], agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[7], agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2) Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle[8], arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle[9], agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3) An 19 Iúil 2024, chuir an Bheilg iarratas isteach ar CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe a rinneadh sna hearnálacha eacnamaíocha a aicmítear faoi rannán 17 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) agus rannán 28 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú innealra agus trealaimh) i réigiún NUTS 2 Provincie Limburg (BE22) sa Bheilg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10].

(4) Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 704 135 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 704 135 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha][⁕].

Arna dhéanamh i/in/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán
 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

I. Cúlra

Cruthaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’oibrithe a ndearna mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda difear dóibh.

I gcomhréir le pointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020[11], tar éis measúnú dearfach ar iarratas, ceanglaítear ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh maidir leis an gCiste a shlógadh agus é a chomhlánú le hiarraidh chomhfhreagrach ar aistriú chuig na línte buiséid ábhartha.

II. An t-iarratas ón mBeilg agus an togra ón gCoimisiún

An 19 Iúil 2024, chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 681 iomarcaíocht[12] - 567 n-iomarcaíocht ag an gcuideachta Sappi Lanaken tar éis dhúnadh an tsuímh táirgthe páipéir seo, agus 114 iomarcaíocht ag Purmo Group Belgium mar thoradh ar stopadh a líne tháirgthe radaitheoirí painéil ag a láithreán in Zonhoven. Is é sin an dara cur i bhfeidhm den sórt sin ó 2024.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán CED, go gcomhlíontar na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

An 5 Samhain 2024, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh CED i bhfabhar na Beilge chun tacú le hath-imeascadh 1 632 tairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair, i.e. oibrithe ar chuir Sappi Lanaken agus Purmo Group ar iomarcaíocht iad. San iomlán, slógfar EUR 704 135 ó CED don Bheilg, arb ionann é agus 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe.

Mheas an Coimisiún go raibh iarratas na Beilge inghlactha faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2)(c) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna nó in earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus atá suite sa réigiún céanna.

Féadfar cómhaoiniú CED a iarraidh le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta seo a leanas, a chuirfear ar fáil d’oibrithe iomarcacha:

a) Comhairleoir Idirghabhála Sóisialta. Is é an chéad seirbhís a sholáthraítear d’oibrithe a leagadh as a bpost ná comhairleoir idirghabhála. Cuirtear tús leis an tseirbhís trí fhaisnéis a sholáthar faoin tacaíocht atá ar fáil chun aistriú na n-oibrithe chuig an bhfostaíocht a éascú. Is pointe tagartha é an comhairleoir idirghabhála sóisialta d’oibrithe i rith an phróisis ar fad.

b) Treoir, comhairleoireacht, agus treoshuíomh gairmiúil. Cabhair spreagthach agus inspioráideach. Tacaíocht agus faisnéis faoi fhorbairtí sa mhargadh fostaíochta agus faoi chonairí gairme a d’fhéadfadh a bheith ann. Spreagadh chun scileanna a uasghrádú nó scileanna nua a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i mbearta oiliúna atá dírithe ar fhostaíocht nua a aimsiú. Tacaíocht i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist, cúnamh leis an bpróiseas iarratais ar phost, ullmhú le haghaidh agallaimh poist, etc. Beartaítear gairmthreoir threisithe d’oibrithe nach bhfuil a bpróifílí ag teacht go maith leis na próifílí a iarrtar sna folúntais poist atá ar fáil nó a bhfuil leibhéal íseal Olannaise acu.

c) Tacaíocht ghníomhach maidir le post a chuardach. Áirítear leis sin, i measc gníomhaíochtaí tacaíochta eile, scabhtáil poist chun folúntais fhéideartha a aimsiú nach bhfuil foilsithe go fóill agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach d’oibrithe incháilithe. Thairis sin, eagrófar imeachtaí cuardaigh post éagsúla, amhail aontaí poist.

d) Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, Beidh rochtain ag oibrithe ar thairiscint chaighdeánach oiliúna na seirbhísí poiblí fostaíochta. Ina theannta sin, ar theacht ar chomhaontú leis an gcomhairleoir gairme maidir le tionscadail aonair, cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar na riachtanais a sainaithníodh.

e) Oiliúint san ionad oibre. Faigheann oibrithe oiliúint ar an láthair oibre ag an bhfiontar a fhostóidh iad tar éis na hoiliúna. Ar bhonn riachtanais an oibrí, féadfaidh an oiliúint maireachtáil idir 4 agus 26 seachtaine. Tar éis na hoiliúna, tugtar conradh fostaíochta, bíodh sé ina chonradh buan nó ina chonradh ar théarma seasta atá ar aon fhad ar a laghad leis an oiliúint.

De réir an Choimisiúin, is ionann na bearta a bhfuil tuairisc orthu anseo agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán CED agus ní dhéanann siad ionadú ar bhearta cosanta sóisialta éighníomhacha.

Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh siad nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Nós imeachta

Chun an Ciste a shlógadh, tá iarraidh curtha ag an gCoimisiún faoi bhráid an Údaráis Bhuiséadaigh chun méid iomlán EUR 704 135 ó chúlchiste CED a aistriú (líne bhuiséid 30 04 02; leithreasuithe faoi chomhair gealltanas) a ghabhann le CED (líne bhuiséid 16 02 02; leithreasuithe faoi chomhair gealltanas).

De réir comhaontú inmheánach laistigh den Pharlaimint, ba cheart baint a bheith ag an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ag an gCoiste um Beartas Réigiúnach leis an bpróiseas, chun tacaíocht chuiditheach a thabhairt agus chun rannchuidiú leis an measúnú ar na hiarratais ón gCiste.

 


 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

The rapporteur declares under his exclusive responsibility that he did not receive input from any entity or person to be mentioned in this Annex pursuant to Article 8 of Annex I to the Rules of Procedure.

 

 


LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA (21.11.2024)

An tUasal Johan Van Overtveldt

Cathaoirleach

An Coiste um Buiséid

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim ar Shlógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper (2024/0286(BUD))

A Chathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, tá iarrtha ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta tuairim a chur faoi bhráid do choiste agus chinn sé an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta breithniú ar an ábhar ag an gcruinniú a bhí aige an 21 Samhain 2024. Ag an gcruinniú sin, chinn sé an tuairim a leagtar amach thíos a chur faoi bhráid an Choiste um Buiséid, mar an coiste freagrach.

Le dea-mhéin,

Li Andersson

 

 


TUAIRIM

A. de bhrí, an 19 Iúil 2024, gur chuir an Bheilg iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha (CED) i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691 (an Rialachán CED), i leith iomarcaíochtaí oibrithe a rinneadh sna hearnálacha eacnamaíocha a aicmítear faoi rannán 17 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) agus rannán 28 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú innealra agus trealaimh) i réigiún NUTS 2 Provincie Limburg (BE22) sa Bheilg;

B. de bhrí gur chuir an Bheilg an t-iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (c) de Rialachán CED, lena n-éilítear go scoirfear gníomhaíochtaí 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí (sa chás seo ón 31 Nollaig 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024) i bhfiontair atá ag oibriú sna hearnálacha eacnamaíocha céanna nó in earnálacha eacnamaíocha éagsúla arna sainiú ar leibhéal NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe sa réigiún céanna arna sainiú ar an leibhéal NUTS 2 i mBallstát; de bhrí, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán CED, go gcomhlíontar na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED;

C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 681 oibrí iomarcacha (tairbhithe incháilithe) a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht sna hearnálacha eacnamaíocha a léirítear thuas;

D. de bhrí, an 5 Samhain 2024, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh i bhfabhar na Beilge chun tacú le hathlánpháirtiú 632 thairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair;

E. de bhrí gurb é cinneadh a rinne Sappi Group (Sappi) stop a chur le táirgeadh in Lanaken agus an gléasra a dhúnadh na teagmhais is cúis leis an iomarcaíocht in earnáil an pháipéir; de bhrí gurb é is príomhchúis leis sin ná an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí grafaicí mar thoradh ar dhigitiú méadaithe agus an ró-acmhainneacht mhéadaitheach thionscal páipéir bhrataithe saor ó adhmad (WCP) na hEorpa atá ann dá bharr (laisigh de15 bliana, tá laghdú 50 % tagtha ar acmhainneacht Thionscal WCP na hEorpa, go 4,6 milliún tonna in 2023); de bhrí gur dífhostaíodh 567 nduine mar thoradh air sin;

F. de bhrí gur tháinig laghdú 15 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Limburg in 2023, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; de bhrí gurb iad na teagmhais is cúis leis na hiomarcaíochtaí san earnáil innealra an cinneadh a rinne Purmo Group Belgium NV (Purmo) deireadh a chur le táirgeadh radaitheoirí painéil 50 mm ina ghléasra Zonhoven agus an líne táirgeachta ábhartha a dhúnadh; de bhrí gurb é an fáth a bhfuiltear ag scor den táirgeadh ná an laghdú géar ar an éileamh ar radaitheoirí painéil in AE, a bhaineann leis an éileamh méadaitheach ar chórais téimh mhalartacha, amhail teaschaidéil agus córais ísealteochta, mar thoradh ar phraghsanna gáis atá ag ardú mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus éifeachtaí iarmhartacha ar chaiteachas tomhaltóirí chomh maith le dícharbónú foirgneamh agus tionscail chun tomhaltas fuinnimh a laghdú;  de bhrí gur dífhostaíodh 114 dhuine mar thoradh air sin;

G. de bhrí gur in Lanaken (83 %) agus in Zonhoven (27 %) atá formhór na n-oibrithe iomarcacha, mar sin is é cúige Limburg i bhFlóndras an chríoch a ndéanann na hiomarcaíochtaí difear di. de bhrí go bhfuil margaí saothair Lanaken agus Zonhoven faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le Limburg ina iomláine nó le Flóndras; de bhrí gurb é 49 % in Lanaken agus 55 % in Zonhoven an cóimheas idir an pobal infhostaithe agus an líon post atá ar fáil, is é sin idir 19 agus 13 phointe céatadáin níos ísle ná mar atá in Limburg (68 %) agus idir 24 agus 18 bpointe céatadáin níos ísle ná mar atá i bhFlóndras (73 %); de bhrí gurb é 4.5 an cóimheas idir cuardaitheoirí poist agus folúntais in Lanaken agus sa cheantar máguaird, Maasland (thart ar dhá oiread an chóimheasa i bhFlóndras); de bhrí go raibh tionchar diúltach freisin ag teagmhas athstruchtúraithe san Ísiltír ar mhargadh saothair Maasland, áit ar thuairiscigh monaróir gluaisteán na hÍsiltíre VDL gur cailleadh thart ar 2 000 post ón 1 Márta 2024 ina ghléasra táirgthe in Born, ar oibrithe trasteorann iad 700 díobh a bhí ina gcónaí in Maasland.

H. de bhrí gur chuir an Bheilg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán CED; de bhrí go bhfuil ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta i bhFlóndras (VDAB) ar gach leibhéal;

I. de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027;

dá bhrí sin, iarrann an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta ar an gCoiste um Buiséid, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a chomhtháthú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag meabhrú gurb é cuspóir CED dlúthpháirtíocht le tairbhithe a léiriú agus tacú leo; á mheas gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm dóibh tairbhithe a lánpháirtiú go mear i bhfostaíocht atá cuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh nó lasmuigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oibrithe a ullmhú agus tacú leo sna haistrithe glasa agus digiteacha gheilleagar agus shochaí na hEorpa, a bhfuil géarghá leo; ag athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, an róil thábhachtaigh atá ag an Aontas, lena n-áirítear trí CED, maidir le rannchuidiú le maoiniú na gcáilíochtaí is gá don aistriú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

2. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2)(c), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 704 135 de ranníocaíocht airgeadais iarrtha a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 173 559, (a chuimsíonn EUR 1 126 559 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 47 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe); á mheabhrú, i gcomhréir le Rialachán CED, go bhfuil an Bheilg i dteideal uasráta cómhaoinithe 85 % den chostas iomlán;

3. ag tabhairt dá haire gur chomhlíon na fiontair a rinne oibrithe a dífhostú dlí na Beilge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena mbunaítear nós imeachta sainordaitheach maidir le hionadaithe na n-oibrithe a chur ar an eolas agus maidir le dul i gcomhairle leo. á chur in iúl gur geal léi gur thuairiscigh an Bheilg gur cuireadh tús leis na chéad seisiúin faisnéise do na hoibrithe an 26 Nollaig 2023 agus gur lean na haonaid fostaíochta leo díreach tar éis na n-iomarcaíochtaí agus gur eagraigh VDAB aonach post in Lanaken cheana féin an 13 Márta 2024, d’iar-oibrithe Sappi agus Purmo, agus go raibh thart ar 20 fiontar rannpháirteach ann;

4. ag cur sonrú i bpróifíl na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 55 bliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil leibhéal íseal oideachais ag 30 % díobh, agus á mheas, mar aon leis an treocht anuas maidir le folúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas sin, go mbeidh gá le tacaíocht shaincheaptha bhreise le haghaidh na n-oibrithe chun cabhrú leo an t-aistriú chuig an bhfostaíocht a bhaint amach;

5. á chur i bhfáth, maidir leis na bearta a gheobhaidh tacaíocht ó CED, gur dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidh siad aon ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais;

6. ag tabhairt dá haire gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe ná na bearta seo a leanas: (a) Comhairleoir Idirghabhála Sóisialta (SIA), (b) treoir, comhairleoireacht, agus treoshuíomh gairmiúil, (c) tacaíocht ghníomhach i gcuardach poist, (d) oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, agus (e) oiliúint san ionad oibre; á chur i bhfáth, i bhfianaise aois agus phróifíl oideachais na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, gur cheart riachtanais shonracha na ngrúpaí sin a chur san áireamh agus seirbhísí pearsantaithe á soláthar;

7. á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá Airteagal 7.2 de Rialachán CED, lena gceanglaítear go mbeidh pacáiste comhordaithe ann chun na peirspictíochtaí agus na scileanna riachtanacha sa mhargadh saothair amach anseo a réamh-mheas, ar nithe iad atá i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus lena ndíreofar go háirithe ar leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear i dtacaíocht chaighdeánach VDAB d’oibrithe iomarcacha uirlisí digiteacha agus oiliúint i scileanna digiteacha chomh maith leis na scileanna a theastaíonn i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní;

8. ag meabhrú na féidearthachta atá ann le haghaidh bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo laistigh den phacáiste comhordaithe lena n-áirítear, inter alia, liúntais cúraim leanaí a íoc, mar a fhoráiltear in Airteagal 7.2 b de Rialachán CED, chun rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist sna gníomhaíochtaí atá beartaithe a éascú.

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

21.11.2024

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Georgios Aftias, Isabel Benjumea Benjumea, Tomasz Buczek, Tamás Deutsch, Angéline Furet, Thomas Geisel, Jean-Marc Germain, Sandra Gómez López, Fabienne Keller, Janusz Lewandowski, Giuseppe Lupo, Ignazio Roberto Marino, Fernando Navarrete Rojas, Matjaž Nemec, Danuše Nerudová, Ruggero Razza, Bogdan Rzońca, Hélder Sousa Silva, Nicolae Ştefănuță, Joachim Streit, Carla Tavares, Nils Ušakovs, Auke Zijlstra

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Moritz Körner, Tiago Moreira de Sá

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christophe Bay, Udo Bullmann, Andrzej Buła, Gheorghe Falcă, Ştefan Muşoiu, Jan-Christoph Oetjen

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

29

+

ECR

Ruggero Razza, Bogdan Rzońca

NI

Thomas Geisel

PPE

Georgios Aftias, Isabel Benjumea Benjumea, Andrzej Buła, Gheorghe Falcă, Janusz Lewandowski, Fernando Navarrete Rojas, Danuše Nerudová, Hélder Sousa Silva

PfE

Christophe Bay, Tomasz Buczek, Tamás Deutsch, Angéline Furet, Tiago Moreira de Sá

Renew

Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen

S&D

Udo Bullmann, Jean-Marc Germain, Sandra Gómez López, Giuseppe Lupo, Ştefan Muşoiu, Matjaž Nemec, Carla Tavares, Nils Ušakovs

Verts/ALE

Ignazio Roberto Marino, Nicolae Ştefănuță

 

1

-

PfE

Auke Zijlstra

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2024
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais