TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024
21.11.2024 - (COM(2024)0480 – C10‑0162/2024 – 2024/0284(BUD))
An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Giuseppe Lupo
- TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
- RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
- IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE A bhFUIL IONCHUR FAIGHTE AG AN RAPÓIRTÉIR UATHU
- FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024
(COM (2024)0480 – C10‑0162/2024 – 2024/0284(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0480 – C10‑0162/2024),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[1],
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[2], agus go háirithe Airteagal 9 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[3], agus go háirithe pointe 10 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe[4],
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013[5],
– ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[6],
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le héifeachtacht na húsáide a bhaineann na Ballstáit as airgead ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i gcásanna tubaistí nádúrtha[7],
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[8],
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10‑0162/2024),
A. de bhrí gur bhuail báisteach throm an Ghearmáin an 30 Bealtaine 2024, rud ba chúis le tuilte móra i nDeisceart na Gearmáine ag tús mhí an Mheithimh, as ar eascair bás seisear agus damáistí díreacha iomlána de EUR 4 131.6 milliún de réir an Choimisiúin;
B. de bhrí gurb í an Iodáil a bhí buailte ag na stoirmeacha tréana an 29 Meitheamh 2024, as a dtáinig forsceitheadh aibhneacha agus sruthanna i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta, as ar eascair damáistí díreacha iomlána a mheas údaráis na hIodáile a bheith cothrom le EUR 158.39 milliún;
1. á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile atá buailte ag na tuilte millteacha sa Ghearmáin agus san Iodáil, agus leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá páirteach sna hiarrachtaí fóirithinte;
2. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inbhraite agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sna limistéir a buaileadh sa Ghearmáin agus san Iodáil;
3. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na sochair nithiúla a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus feasach na saoránach ar uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh;
4. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha, millteacha agus marfacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i mbearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; á mheas gur cheart buiséad CDAE nó a choibhéis a leathnú go suntasach i bhfianaise an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus na caibidlíochta idirinstitiúidí ina dhiaidh sin agus nach mór do CDAE nó dá choibhéis cúnamh a thabhairt do shaoránaigh atá i gcomhréir le méid na dtubaistí sin; ag tabhairt dá haire, dá méadófaí CDAE go suntasach, go gcuirfí ar chumas na mBallstát freagairt ar thubaistí ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa agus ionstraimí eile á gcaomhnú ag an am céanna, go háirithe cistí comhtháthaithe nach é an príomhchuspóir atá leo freagairt ar thubaistí;
4a. á chur i bhfáth go ndearna tuilte damáiste suntasach do thalamh talmhaíochta agus d’fheirmeacha, do bhonneagar iompair agus go háirithe do shráidbhailte beaga agus bailte lasmuigh de réigiúin uirbeacha; á chur i bhfáth, mar gheall ar an athrú aeráide, go bhfuil oileáin agus réigiúin chósta an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha; á aithint go bhfuil feiniméin amhail creathanna talún, tuilte, brúchtaí bolcánacha agus triomaigh – a mbíonn tionchar acu freisin ar lochanna agus aibhneacha – ina mbagairt mhéadaitheach ar go leor réigiúin Eorpacha, go háirithe iad siúd sa Mheánmhuir; á cheistiú an bhfuil CDAE ailínithe go leormhaith leis na riachtanais éigeandála a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide sna críocha sin atá an-leochaileach; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go bhfaigheadh oileáin agus réigiúin chósta cistiú leormhaith faoi chuimsiú CDAE chun aghaidh a thabhairt ar a leochaileachtaí sonracha; á iarraidh ar na Ballstáit a chur i gcuntas go mbíonn tionchar ar leith ag tubaistí nádúrtha ar phobail leochaileacha mar gheall ar thosca socheacnamaíocha a chuireann bac breise ar a gcumas téarnamh;
5. á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú ar an athrú sin trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc; á chur i bhfios go láidir gur tugadh rabhadh i dTuarascáil Uimh. 1/2024 ó EEA dar teideal European Climate Risk Assessment [Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide] nach bhfuil an tAontas ullamh d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht chun a áirithiú nach sroichfidh na rioscaí aeráide sainaitheanta leibhéil chriticiúla; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun go mbainfidh an tAontas na gealltanais arna dtabhairt faoi Chomhaontú Pháras amach; á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus na cláir forbartha tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon iarraidh réasúnaithe ó na Ballstáit cistí laistigh de na pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a ath-leithdháileadh ar chúnamh i gcás tubaistí nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán STA; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca i ndiaidh teagmhais thurraingeacha a chosc, amhail tuilte, falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú Eorpach a fhaigheann na Ballstáit faoi chláir nó beartais eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
6. ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Coimisiún togra reachtach an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le tacaíocht éigeandála réigiúnach don atógáil i ndiaidh tubaiste nádúrtha[9] agus maidir le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh[10] agus é mar aidhm leis sin tuilleadh solúbthachtaí a chur ar fáil maidir le húsáid na gcistí;
7. á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnú tapa agus láidir ar dhamáiste lena dtugtar aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus buiséad an Aontais á chosaint ag an am céanna;
8. á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cúnamh airgeadais láithreach a scaoileadh trí CDAE chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht, in am trátha, do na réigiúin dá ndearnadh difear;
9. ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
10. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
11. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[11], agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Rialachán 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[12] agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IIA)[13], agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2) Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, a bheith sa Chiste[14].
(3) An 20 Lúnasa 2024, thíolaic an Ghearmáin iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024.
(4) An 20 Meán Fómhair 2024, thíolaic an Iodáil iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile an 29 Meitheamh 2024.
(5) Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(6) Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghearmáin agus don Iodáil.
(7) Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a) soláthrófar EUR 112 071 681 don Ghearmáin i ndáil leis na tuilte i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024;
(b) soláthrófar EUR 3 959 872 don Iodáil i ndáil le tuilte an 29 Meitheamh 2024 i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a shlógadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (Rialachán CDAE) le haghaidh méid EUR 116 031 553 chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024.
An Ghearmáin – mórthubaiste: tuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí na Bealtaine 2024
An 30 Bealtaine 2024, bhuail báisteach throm stáit na Baváire agus Baden-Württemberg, rud ba chúis le tuilte móra i nDeisceart na Gearmáine ag tús mhí an Mheithimh. In go leor áiteanna sháraigh na leibhéil uisce buaicphointí stairiúla agus fógraíodh staid éigeandála in 18 gceantar sa Bhaváir. Mar thoradh ar thubaiste na dtuilte maraíodh seisear agus theip ar roinnt dambaí sa réigiún, rud a d’fhág go raibh gá le roinnt bardas a aslonnú agus le misin tarrthála. Rinne tuilte agus sreabhadh smionagair damáiste do dhroichid, do ghréasáin iarnróid agus do bhóithre, agus leis sin imríodh tionchar ar thaisteal thar tír sna limistéir a bhí buailte. Cuireadh isteach go mór ar sheirbhísí traenach agus i gcás amháin cuireadh luastraein de na ráillí i ndiaidh sciorradh talún, luastraein ar a raibh 185 phaisinéir.
Is é EUR 4 131.6 milliún meastachán an Choimisiúin ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Sáraíonn an méid sin tairseach ‘an mhórthubaiste nádúrtha’ EUR 3 bhilliún le haghaidh na Gearmáine i bpraghsanna 2011, arb é atá ann EUR 3.8 billiún i bpraghsanna reatha 2024. Dá bhrí sin, cáilítear an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
An Iodáil – tubaiste réigiúnach: tuilte i réigiún Valle d’Aosta
An 29 Meitheamh 2024, bhí stoirmeacha tréana ina gcúis le báisteach shuntasach, rud a d’fhág go raibh forsceitheadh aibhneacha agus sruthanna ann. Rinne na tuilte móra damáiste suntasach don bhonneagar, chuir siad as do sheirbhísí agus aonraíodh pobail i réigiún féinrialaitheach Valle d’Aosta mar gheall orthu. Chuir na tuilte isteach ar 58 % de na bardais in Valle d’Aosta. Is é an limistéar talún ar cuireadh isteach thart ar 66 % d’achar talún iomlán an réigiúin. I measc na mbardas ba mhó ar cuireadh isteach orthu bhí Aymavilles, Cogne agus Valtournenche. Chuir an tubaiste isteach ar níos mó ná 52 000 áitritheoir agus ar 4 800 gnólacht.
San iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal 2 NUTS de Stát incháilithe as a n-eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. Is é EUR 158.39 milliún meastachán údaráis na hIodáile ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Sáraíonn an méid sin an tairseach is infheidhme a léirítear le haghaidh ‘tubaiste réigiúnach’, is é sin EUR 71.05 milliún do réigiún Valle d’Aosta in 2024.
Conclúid
Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don údarás buiséid na méideanna seo a leanas a shlógadh le haghaidh iarratais na Gearmáine agus na hIodáile:
Tubaiste |
Damáiste díreach iomlán |
Tairseach tubaistí a chuirtear i bhfeidhm (EUR) |
2.5 % den damáiste díreach iomlán suas le tairseach na mórthubaistí |
6 % de dhamáiste díreach atá os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí |
2.5 % den damáiste díreach iomlán (EUR) |
Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe (EUR) |
Réamhíocaíocht (EUR) |
An t-iarmhéid atá le híoc (EUR) |
An Ghearmáin – tuile (mórthubaiste) |
4 131 673 024 |
3 880 820 000 |
97 020 500 |
15 051 181 |
N/B |
112 071 681 |
N/B |
112 071 681 |
An Iodáil (Valle d’Aosta)– tuile (tubaiste réigiúnach) |
158 394 907 |
71 054 400 |
N/B |
N/B |
3 959 872 |
3 959 872 |
N/B |
3 959 872 |
IOMLÁN |
116 031 553 |
N/B |
116 031 553 |
Le Rialachán 2024/765 ón gComhairle[15] an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027, roinntear an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála in dhá ionstraim ar leith: an Cúlchiste Eorpach Dhlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála. Úsáidfear an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta le méid bliantúil EUR 1 016 mhilliún (i bpraghsanna 2018, rud a chomhfhreagraíonn do EUR 1 144.2 milliún i bpraghsanna 2024) le haghaidh cúnamh chun freagairt ar chásanna éigeandála a chumhdaítear le CDAE.
Chun ídiú luath an leithdháilte bhliantúil a sheachaint, sonraítear in Airteagal 3(7) de Rialachán CDAE agus in Airteagal 9(2), an dara fomhír, de Rialachán CAI leasaithe go mbeidh 25 % de leithdháileadh bliantúil CDAE (i.e. EUR 286 mhilliún le haghaidh 2024) fós ar fáil an 1 Deireadh Fómhair gach bliain.
Ar deireadh, de réir Airteagal 4a(4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mbuiséad ginearálta 2024 an Aontais (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) cheana chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a íoc.
Dá bhrí sin, is é EUR 297 420 718 an t-uasmhéid is féidir le CDAE a úsáid ó leithdháileadh Chúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta 2024 ag an gcéim seo, rud a fhágann gur féidir riachtanais íocaíochta an tslógtha sin a chumhdach.
An méid atá ar fáil faoi CDAE in 2024: |
|
Leithdháileadh iomlán bliantúil CDAE 2024 (lena n-áirítear tráinse an 1 Deireadh Fómhair) |
1 144 181 018 |
Creidmheasanna arna gcur i leataobh le haghaidh réamhíocaíochtaí (-) |
50 000 000 |
Méid arna shlógadh faoin gcéad Chinneadh maidir le Slógadh (-) |
796 760 300 |
An méid atá ar fáil lena Shlógadh (gan airleacain a áireamh) |
297 420 718 |
An méid a bheartaítear lena shlógadh faoin dara Cinneadh maidir le Slógadh |
116 031 553 |
An méid atá fós ar fáil le haghaidh réamhíocaíochtaí |
12 926 996 |
An méid atá fágtha le haghaidh iarratais amach anseo (lena n-áirítear le haghaidh airleacan) |
194 316 161 |
Molann an rapóirtéir go bhformheasfaí an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh atá i gceangal leis an tuarascáil seo go gasta, ar dá bharr a dhéanfaí na méideanna thuasluaite a shlógadh go mear, mar chomhartha de dhlúthpháirtíocht Eorpach leis an nGearmáin agus leis an Iodáil. Iarrann an rapóirtéir ar an gCoimisiún go ndéanfaí an ranníocaíocht airgeadais sin a thabhairt le práinn ar leith.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE A bhFUIL IONCHUR FAIGHTE AG AN RAPÓIRTÉIR UATHU
I gcomhréir le hAirteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuil ionchur faighte aige ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na tuarascála, sula nglacfar sa choiste í:
Eintiteas agus/nó duine |
Eintiteas nó duine ar bith |
Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.
I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sé Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh. 484 (https://www.europarl.europa.eu/data-protect/index.do) a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ina leagtar amach na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
21.11.2024 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
29 1 0 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Georgios Aftias, Isabel Benjumea Benjumea, Tomasz Buczek, Tamás Deutsch, Angéline Furet, Jean-Marc Germain, Sandra Gómez López, Fabienne Keller, Janusz Lewandowski, Giuseppe Lupo, Ignazio Roberto Marino, Fernando Navarrete Rojas, Matjaž Nemec, Danuše Nerudová, Ruggero Razza, Bogdan Rzońca, Hélder Sousa Silva, Nicolae Ştefănuță, Joachim Streit, Carla Tavares, Nils Ušakovs, Auke Zijlstra |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Moritz Körner, Tiago Moreira de Sá |
|||
Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Christophe Bay, Udo Bullmann, Andrzej Buła, Gheorghe Falcă, Ştefan Muşoiu, Jan-Christoph Oetjen |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
29 |
+ |
ECR |
Ruggero Razza, Bogdan Rzońca |
PPE |
Georgios Aftias, Isabel Benjumea Benjumea, Andrzej Buła, Gheorghe Falcă, Janusz Lewandowski, Fernando Navarrete Rojas, Danuše Nerudová, Hélder Sousa Silva |
PfE |
Christophe Bay, Tomasz Buczek, Tamás Deutsch, Angéline Furet, Tiago Moreira de Sá |
Renew |
Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Joachim Streit |
S&D |
Udo Bullmann, Jean-Marc Germain, Sandra Gómez López, Giuseppe Lupo, Ştefan Muşoiu, Matjaž Nemec, Carla Tavares, Nils Ušakovs |
Verts/ALE |
Ignazio Roberto Marino, Nicolae Ştefănuță |
1 |
- |
PfE |
Auke Zijlstra |
0 |
0 |
|
|
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
- [2] IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
- [3] IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
- [4] IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.
- [5] IO L 435, 6.12.2021, lgh. 1–186, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj
- [6] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0082.
- [7] IO C 184, 05.05.2022, lch 82.
- [8] IO C 15, 12.1.2022, lch 2.
- [9] Togra ón gCoimisiún Eorpach an 21 Deireadh Fómhair 2024 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle RESTORE – Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057 (COM(2024)0496).
- [10] Togra ón gCoimisiún Eorpach an 21 Deireadh Fómhair 2024 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh (COM(2024)0495).
- [11] IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
- [12] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
- [13] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
- [14] Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
- Dáta le cur isteach ag an bParlaimint roimh fhoilsiú san Iris Oifigiúil.
- [15] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).