Tuarascáil - A10-0032/2024Tuarascáil
A10-0032/2024

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cheapadh Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta

16.12.2024 - (N10-0050/2024 – C10‑0210/2024 – 2024/0802(NLE))

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéirí: Aurore Lalucq, Javier Zarzalejos

Nós Imeachta : 2024/0802(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A10-0032/2024
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0032/2024
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :


PR_NLE_EconGov

CLÁR

Leathanach

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR NA RAPÓIRTÉIRÍ IONCHUR

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH


TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac

(N10-0050/2024 – C10‑0210/2024 – 2024/0802(NLE))

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 (C10-0210/2024),

 ag féachaint d’Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010,[1]

 ag féachaint dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0032/2024),

A. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 go roghnófar Cathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, ionracais, seasamh aitheanta agus taithí i réimse AML/CFT agus cáilíochtaí ábhartha eile;

B. de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú i bpoist feidhmiúcháin in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

C. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620, gur ghlac an Coimisiún, an 9 Deireadh Fómhair 2024, gearrliosta iarrthóirí do phost Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus gur thionóil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile éisteachtaí leis na hiarrthóirí sin atá ar an ngearrliosta an 25 Samhain 2024;

D. de bhrí gur sholáthair an Coimisiún an gearrliosta do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 an 9 Deireadh Fómhair 2024;

E. de bhrí, an 4 Nollaig 2024, gur ghlac an Coimisiún togra chun Bruna Szego a cheapadh mar Chathaoirleach ar an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus gur tharchuir sé an togra sin chuig Parlaimint na hEorpa;

F. de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra mholta do phost Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2024/1620;

G. de bhrí, an 16 Nollaig 2024, go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile le Bruna Szego, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí na gCoistí ina dhiaidh sin;

1. ag formheas an togra le haghaidh cheapachán Bruna Szego mar Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus chuig rialtais na mBallstát.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Rinneadh an tuarascáil seo a tharraingt suas tar éis don Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile na cumhachtaí a thugtar don Pharlaimint faoi Rialachán (AE) 2024/1620 a fheidhmiú, go háirithe Airteagal 68(1) de.


 

 

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR NA RAPÓIRTÉIRÍ IONCHUR

Dearbhaíonn na rapóirtéirí, faoina bhfreagracht eisiach, nach bhfuair siad ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine atá le lua san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

16.12.2024

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

103

10

8

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Georgios Aftias, Rasmus Andresen, Giuseppe Antoci, Jaume Asens Llodrà, Francisco Assis, Pernando Barrena Arza, Stephen Nikola Bartulica, Nicolas Bay, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Krzysztof Brejza, Jaroslav Bžoch, Mélissa Camara, Damien Carême, Susanna Ceccardi, Caterina Chinnici, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Alessandro Ciriani, Fabio De Masi, Lena Düpont, Marieke Ehlers, Engin Eroglu, Marco Falcone, Markus Ferber, Jonás Fernández, Claire Fita, Dirk Gotink, Branko Grims, Enikő Győri, Michalis Hadjipantela, Eero Heinäluoma, Evin Incir, Paolo Inselvini, Irena Joveva, Erik Kaliňák, Assita Kanko, Billy Kelleher, Fabienne Keller, Kinga Kollár, Moritz Körner, Tomáš Kubín, Alice Kuhnke, Aurore Lalucq, András László, Murielle Laurent, Fabrice Leggeri, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Jorge Martín Frías, Michael McNamara, Ana Catarina Mendes, Verena Mertens, Nadine Morano, Siegfried Mureşan, Fernando Navarrete Rojas, Denis Nesci, Luděk Niedermayer, Fidias Panayiotou, Nikos Papandreou, Gaetano Pedulla’, Guillaume Peltier, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Pierre Pimpie, Jaroslava Pokorná Jermanová, Friedrich Pürner, Emil Radev, René Repasi, Chloé Ridel, Paulius Saudargas, Ralf Seekatz, Birgit Sippel, Krzysztof Śmiszek, Petra Steger, Cecilia Strada, Tineke Strik, Georgiana Teodorescu, Irene Tinagli, Pasquale Tridico, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Francesco Ventola, Kristian Vigenin, Charlie Weimers, Sophie Wilmès, Isabel Wiseler-Lima, Lara Wolters, Alessandro Zan, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský, Auke Zijlstra

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Thomas Bajada, Fredis Beleris, Paolo Borchia, Herbert Dorfmann, Daniel Freund, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Gerben-Jan Gerbrandy, Monika Hohlmeier, Nikola Minchev, Maria Ohisalo, Emma Rafowicz, Oliver Schenk, Carla Tavares, Pekka Toveri, Sebastian Tynkkynen, Matthieu Valet, Maciej Wąsik

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mika Aaltola, Barbara Bonte, Stefano Cavedagna, Heléne Fritzon, Sérgio Humberto, Ignazio Roberto Marino, Sven Mikser, Michele Picaro, Giusi Princi, Hélder Sousa Silva

 

 

An nuashonrú is déanaí: 17 Nollaig 2024
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais