Tuarascáil - A9-0149/2020Tuarascáil
A9-0149/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

8.9.2020 - (COM(2019)0619 – C9‑0188/2019 – 2019/0272(COD)) - ***I

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Giuseppe Ferrandino


Nós Imeachta : 2019/0272(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0149/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0149/2020
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

(COM(2019)0619 – C9‑0188/2019 – 2019/0272(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0619),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C9‑0188/2019),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0149/2020),

1. Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Text proposed by the Commission

Leasú

(4) In 2018, le linn an 21ú cruinniú speisialta a bhí ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), rud a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún, ghlac an Coimisiún Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (“an Plean Bainistíochta”).Maidir leis an bPlean Bainistíochta, is plean é a leanann comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT, comhairle a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil don stoc a chur ar bun i gcomhair 2018, mar de réir an stádais reatha atá ag an stoc, is cosúil nach bhfuil na forálacha éigeandála a tugadh isteach faoi phlean téarnaimh an tuinnín ghoirm ag teastáil feasta (forálacha a cuireadh ar bun faoi Mholadh 17-17 lenar leasaíodh Moladh 14-04).

(4) In 2018, le linn an 21ú cruinniú speisialta a bhí ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), arna bhunú leis an gCoinbhinsiún, ghlac an Coimisiún Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (“an Plean Bainistíochta”). Maidir leis an bPlean Bainistíochta, is plean é a leanann comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT, comhairle a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil don stoc a chur ar bun i gcomhair 2018, mar de réir an stádais reatha atá ag an stoc, is cosúil nach bhfuil na forálacha éigeandála a tugadh isteach faoi phlean téarnaimh an tuinnín ghoirm ag teastáil feasta (forálacha a cuireadh ar bun faoi Mholadh 17-17 lenar leasaíodh Moladh 14-04), ach gan na bearta faireacháin agus rialaithe atá ann cheana a lagú.

Réasúnú

Sa tuarascáil is déanaí uaidh, shonraigh Buanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (SCRS) an Coimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) gur cheart don Choimisiún breathnú a dhéanamh ar aistriú ó phlean atógála go plean bainistithe, gan na bearta faireacháin agus rialaithe atá ann cheana a lagú.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Ag an 26ú cruinniú rialta dá chuid in 2019, ghlac ICCAT Moladh 19-04 lena leasaítear an plean bainistíochta ilbhliantúil a bunaíodh le Moladh 18-02. Déantar Moladh 18-02 a aisghairm agus a ionadú le Moladh ICCAT 19-04.

 

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Cuirtear san áireamh sa phlean Bainistíochta sainiúlacht na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta. Le linn dóibh an plean téarnaimh a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, lena n-áirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(8)  Cuirtear san áireamh sa phlean Bainistíochta sainiúlacht na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta. Le linn dóibh an plean téarnaimh a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, go háirithe trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla. Tá i measc na n-iascach traidisiúnta agus ceirde sin, mar shampla, an teicníc ársa chun tuinníní ar a dtugtar “almadrabas” a ghaistiú agus a ghabháil, ar teicnic í a dhéantar in áiteanna áirithe sa Mheánmhuir, chomh maith leis an iascach cabhlaigh cósta mionscála ar éisc úra ag báid bhaoite, báid spiléireachta agus báid lámhdhorú. Agus na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, ba cheart do na Ballstáit cuótaí náisiúnta a leithdháileadh go cothrom agus go trédhearcach ar chodanna éagsúla na gcabhlach, agus é mar aidhm acu cuid den chuóta a athdháileadh ar iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, agus cearta stairiúla á gcur san áireamh.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil le go leor dá gcuótaí d’fhoghabhálacha tuinnín ghoirm ag iascaigh thraidisiúnta agus cheirde.

Réasúnú

Tá neart iascach ann a spriocdhíríonn ar speicis atá cosúil leis an tuinnín gorm, amhail an colgán, nach bhfuil cuóta acu dá bhfoghabhálacha tuinnín ghorim.

 

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8b) Ba cheart saintréithe agus riachtanais shonracha iascach mionscála a chur san áireamh.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ós minic moltaí áirithe de chuid ICCAT á leasú ag Páirtithe Conarthacha in ICCAT, agus ós dóigh go ndéanfar tuilleadh leasuithe orthu sa todhchaí, agus ionas go bhféadfar moltaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme ina ndlíthe de chuid an Aontais go pras, is é sin moltaí lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean Bainistíochta ICCAT; an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is cumhacht í ba cheart a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: na spriocanna ama atá ann i leith an ráta básmhaireachta iascaireachta is gá leis an mbithmhais stoic a choinneáil ar leibhéal atá ar comhsheasamh leis an UTI; na spriocanna ama atá ann le faisnéis a thuairisciú, tréimhsí ama i gcomhair na séasúir iascaireachta; íosmhéideanna tagartha caomhnaithe; íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe; céatadáin agus paraiméadair, an fhaisnéis atá le tíolacadh chuig an gCoimisiún; tascanna do na breathnóirí náisiúnta agus réigiúnacha, fáthanna leis an údarú um iasc a thabhairt anonn a dhiúltú; na fáthanna leis na gabhálacha a urghabháil agus le héisc a scaoileadh isteach san fharraige. Is tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201631. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14) Ós minic moltaí áirithe de chuid ICCAT á leasú ag Páirtithe Conarthacha in ICCAT, agus ós dóigh go ndéanfar tuilleadh leasuithe orthu sa todhchaí, agus ionas go bhféadfar moltaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme ina ndlíthe de chuid an Aontais go pras, is é sin moltaí lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean Bainistíochta ICCAT; an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is cumhacht í ba cheart a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: sprioc-amanna le haghaidh faisnéis a thuairisciú, tréimhsí ama i gcomhair séasúir iascaireachta; íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe; céatadáin agus paraiméadair, an fhaisnéis atá le tíolacadh chuig an gCoimisiún; tascanna do na breathnóirí náisiúnta agus réigiúnacha, fáthanna leis an údarú um iasc a thabhairt anonn a dhiúltú; na fáthanna leis na gabhálacha a urghabháil agus le héisc a scaoileadh isteach san fharraige. Is tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201631. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

31 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

31 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Réasúnú

Ní mór an aithris a bheith i gcomhréir le hAirteagal 65 den Mholadh seo.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is éard is cuspóir don Rialachán seo bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil os cionn na leibhéal a theastaíonn le go mbeadh uastáirgeacht inbhuanaithe ann.

Is éard is cuspóir don Rialachán seo bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil timpeall ar B0.1, arna bhaint amach trí iascaireacht ar F0.1 nó faoina bhun.

Réasúnú

Níl an cuspóir, arna bhunú ag ICCAT, ag teacht salach ar chuspóir CBI maidir le UTI, ach tá sé níos sonraí ó thaobh an táscaire atá le húsáid.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) ciallaíonn “iascach áineasa” an ghníomhaíocht in iascach neamhthráchtála a bhaineann leas as bith-acmhainní muirí i gcomhair na siamsaíochta nó na turasóireachta nó i gcomhair an spóirt;

(6) ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí in iascach neamhthráchtála lena saothraítear muirí i gcomhair na siamsaíochta agus/nó na turasóireachta;

Réasúnú

Ba cheart an sainmhíniú ar iascach spóirt a áireamh sa togra.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) ciallaíonn "Iascach spóirt" iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a bhaill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

Réasúnú

Is é sin an sainmhíniú a thugtar i Moladh ICCAT.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) ciallaíonn “cur i gcaighean” tuinníní gorma a athlonnú ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus an bhithmhais iomlán atá iontu a mhéadú;

(12) Ciallaíonn ‘cur i gcaighean’ tuinníní gorma beo a athlonnú ón gcaighean nó ón ngaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta nó ramhraithe;

Réasúnú

Ar mhaithe le soiléireacht agus aonfhoirmeacht i measc CPCanna, ba cheart go mbeadh an sainmhíniú mar an gcéanna leis an sainmhíniú atá i Moladh ICCAT 18-02. Más rud é go bhfuil fadhb leis an sainmhíniú sin, ba cheart déileáil leis i gcomhthéacs ICCAT.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) ciallaíonn “feirm” limistéar muirí a bhfuil sainmhíniú soiléir air sna comhordanáidí geografacha, limistéar a úsáidtear le tuinníní gorma a ramhrú nó lena dtógáil ar fheirm, tuinníní a gabhadh i ngaistí agus/nó ar shoithí peas-saighne. Tharlódh suíomhanna éagsúla ag feirm, sainmhíniú soiléir orthu ar fad sna comhordanáidí geografacha, agus sainmhíniú soiléir ar an domhanfhad agus ar an domhanleithead i gcás gach pointe de phointí an pholagáin;

(Ní dhéantar difear don leagan Gaeilge.)

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) ciallaíonn “ceamara steiréascópach” ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil ar mhaithe le fad an éisc a thomhas;

(17) Ciallaíonn ‘ceamara steiréascópach’ ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil chun fad an éisc a thomhas agus chun cuidiú le líon agus meáchan tuinníní gorma a bheachtú;

Réasúnú

Rinneadh an sainmhíniú a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) ciallaíonn “iarracht iascaireachta” an toradh a bhíonn ar an rud is acmhainn do shoitheach iascaireachta, agus an toradh a bhíonn ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta i dtomhas dhéine a chuid oibríochtaí iascaireachta. Bíonn éagsúlacht sa tomhas sin ó threalamh go trealamh. Is é líon na nduán nó líon na n-uaireanta duáin an tomhas atá ann i gcás iascach le dorú fada. Is é líon na laethanta bádóireachta an tomhas atá ann i gcás na soithí peas-saighne (an t-am a chaitear ag iascaireacht móide an t-am a chaitear i mbun cuardaigh).

(32) ciallaíonn 'iarracht iascaireachta' an toradh ar chumas agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta, ciallaíonn sé suim na n-iarrachtaí iascaireachta a dhéanann gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist.

Réasúnú

Ní dhéantar foráil le Moltaí ICCAT do shainmhíniú ar “iarracht iascaireachta”. Dá mba rud é gur ghá sainmhíniú a áireamh anseo, ba cheart gurbh é an sainmhíniú a thabharfaí ná an ceann a thugtar in Airteagal 4(1), pointe 21 de Bhunrialachán CBI.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar a cheadú tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn má dhéanann an Coimisiún córas rialaithe athneartaithe a cheapadh agus a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 13 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear in Airteagail 26(3) agus 52 ar a laghad.

2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar a cheadú tuinníní gorma beo ó ghabháil ó bhliain roimhe sin nár saothraíodh a thabhairt anonn laistigh d’fheirm má dhéanann an Coimisiún córas rialaithe athneartaithe a cheapadh agus a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 13 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear in Airteagail 26(3) agus 52 ar a laghad.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go ndéanfaidís uasmhéid 5% dá gcuóta do 2019 a aistriú go 2020. Déanfaidh na Ballstáit an iarraidh sin a áireamh ina bplean acmhainneachta iascaireachta.

Réasúnú

Is féidearthacht do gach PCC í an fhéidearthacht cuóta nár úsáideadh a thabhairt anonn agus déantar foráil di i Moladh 19-04 ICCAT agus ba cheart an fhéidearthacht chéanna a bheith ag na Ballstáit.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollshaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chuige sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála ina ndearnadh ollshaothrú i bhfeirmeacha, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna eile a úsáid, ar choinníoll go ráthaítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 50. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh saothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta samplála céanna a úsáid atá bunaithe ar mheasúnú riosca.

3. Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollshaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chuige sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála ina ndearnadh ollshaothrú i bhfeirmeacha, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna eile a úsáid, ar choinníoll go ráthaítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 50. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh ollsaothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm maidir le samplaí iomchuí bunaithe ar mheasúnú riosca.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo an téacs a ailíniú le Moltaí ICCAT.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2 Féadfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh ar shoithí mionscála cósta atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta na bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1á n-úsáid acu.

2. Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí mionscála cósta atá údaraithe chun iascach a dhéanamh ar thuinníní gorma cuóta earnálach sonrach a leithdháileadh ar na soithí sin agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta na bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1á n-úsáid acu.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo an téacs a ailíniú le pointe 19(a) de Mholadh 19-04 ICCAT.

 

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11, mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus féachfaidh siad freisin le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, chomh maith le cearta stairiúla, agus féachfaidh siad freisin le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, agus le dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

 

 

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun na críche sin, na Ballstáit a dhéanann níos lú ná 20% dá gcuóta tuinníní gorma a leithdháileadh ar a soithí mionscála cósta, déanfaidh siad plean athdháilte maidir le leithdháileadh bliantúil iascaireachta a bhunú, chun an cuóta a leithdháiltear ar na soithí sin a mhéadú. Sa phlean sin, léireoidh na Ballstáit conas a fhéachfaidh siad leis an gcuóta a athdháileadh i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir dá dtagraítear sa chéad mhír.

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe acmhainne iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh na Ballstáit an líon soithí iascaireachta a choigeartú sa tslí go n-áiritheofar go bhfuil an acmhainn iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí gabhála don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh na Ballstáit an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta. Beidh an coigeartú acmhainne iascaireachta i gcás soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainn bhunlíne iascaireachta don bhliain 2018.

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe acmhainne iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh na Ballstáit an líon soithí agus gaistí gabhála a choigeartú sa tslí go n-áiritheofar go mbeidh an acmhainn iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí agus gaistí gabhála don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh na Ballstáit an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta. Beidh an coigeartú acmhainne iascaireachta an Aontais i gcás soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20% i gcomparáid leis an acmhainn bhunlíne iascaireachta don bhliain 2018.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis. Meastar in Airteagal 4(4) de Rialachán 1380/2013 gur soithí iascaireachta iad gaistí. Leithdháiltear cuóta ar ghaistí freisin.

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit pleananna feirmeoireachta athbhreithnithe a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Bealtaine gach bliain.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú i Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina mainneoidh Ballstát aon cheann de na pleananna dá dtagraítear i mír 1a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am nó ina gcinnfidh an Coimisiún go raibh cás tromchúiseach ann nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin reatha mar a suíodh sna tuarascálacha cigireachta críochnaitheacha, féadfaidh sé a chinneadh gan na pleananna nár cuireadh faoina bhráid a fhormhuiniú agus plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann.

3. I gcás ina mainneoidh Ballstát aon cheann de na pleananna dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am nó ina gcinnfidh an Coimisiún go raibh cás tromchúiseach ann nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin reatha a bhaineann leis na pleananna iascaireachta bliantúla mar a suíodh sna tuarascálacha cigireachta críochnaitheacha, féadfaidh sé a chinneadh gan na pleananna nár cuireadh faoina bhráid a fhormhuiniú agus plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann.

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chipir agus an Ghréig a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma sa Mheánmhuir Thoir (limistéar iascaireachta FAO 37.3.1 agus 37.3.2) ón 15 Bealtaine go dtí an 1 Iúil.

Réasúnú

Tá an maolú san áireamh i Moladh ICCAT 18-02.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Chróit a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10 go gceadófar iascach ar thuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta ó shoithí peas-saighne a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) go dtí an 15 Iúil.

2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chróit agus an Iodáil a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) ón 26 Bealtaine go dtí an 15 Iúil.

Réasúnú

Ba cheart an téacs a ailíniú le Moladh ICCAT 18-02.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De mhaolú ar mhír 1, má sholáthraíonn Ballstát fianaise don Choimisiún gurb amhlaidh, mar thoradh ar ghaotha dul chomh láidir le fórsa 4, nó níos láidre, ar scála Beaufort, a bhí roinnt dá shoithí gabhála peas-saighneoireachta a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir neamhábalta ar a ngnáthlaethanta iascaireachta a úsáid le linn bliana, féadfaidh an Ballstát sin 10 lá a cailleadh ar a mhéad a thabhairt ar aghaidh chuig an 11 Iúil an bhliain sin i gcás na soithí lena mbaineann. Tabharfar údar cuí le neamhghníomhaíocht na soithí lena mbaineann agus, i gcás comhoibríocht iascaireachta, na soithí go léir a bhí páirteach trí thuairiscí aimsire agus suíomhanna CFS.

3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, má sholáthraíonn Ballstát fianaise don Choimisiún gurb amhlaidh, mar thoradh ar fheiniméin aimsire neamhghnácha nó mar thoradh ar ghéarchéim sláinte poiblí, nach raibh roinnt dá shoithí gabhála peas-saighneoireachta a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ábalta na gnáthlaethanta iascaireachta a leithdháileadh orthu a úsáid le linn an tséasúir iascaireachta, féadfaidh an Ballstát síniú ama a chur leis an séasúr iascaireachta, ar síniú ama é arb ionann a fhad agus líon coibhéiseach na laethanta iascaireachta a cailleadh do na soithí lena mbaineann, suas le huasmhéid de 10 lá a cailleadh. I gcás feiniméin aimsire neamhghnácha, tabharfar údar cuí le neamhghníomhaíocht na soithí lena mbaineann agus, i gcás comhoibríocht iascaireachta, na soithí go léir a bhí páirteach trí thuairiscí aimsire agus suíomhanna CFS.

Leasú  26

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh.

1. Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le go leor foghabhálacha tuinnín ghoirm laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh.

Réasúnú

Tá neart iascach ann a spriocdhíríonn ar speicis atá cosúil leis an tuinnín gorm, amhail an colgán, nach bhfuil cuóta acu dá bhfoghabhálacha tuinnín ghorim. Ní mór méid leordhóthanach den chuóta tuinnín ghoirm a chur i leataobh le haghaidh foghabhálacha.

Leasú  27

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 29 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ní ghlacfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peas-saighne as PCCanna eile.

3. Ní ghlacfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peas-saighne as PCCanna eile. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, a soithí peas-saighne a údarú dul i mbun comhoibríochtaí iascaireachta le PCCanna a bhfuil níos lú ná cúig shoitheach peas-saighne údaraithe acu. Chun na críche sin, déanfar prótacal a chomhaontú roimh ré idir an Ballstát agus an PCC lena mbaineann maidir leis na socruithe oibríochtúla a bheidh le leanúint ag na soithí agus ag údaráis gach páirtí, go háirithe i ndáil leis na doiciméid dearbhaithe gabhála mar a cheanglaítear leis an reachtaíocht is infheidhme.

Réasúnú

Sa togra ón gCoimisiún, fágtar ar lár mír 62 de Mholadh 19-04, lena ndéantar foráil maidir le maolú ar an toirmeasc ar chomhoibríochtaí iascaireachta. Beidh coinníollacha áirithe ag gabháil leis an maolú sin, go háirithe trí bhíthin prótacal arna chomhaontú idir na páirtithe leasmhara.

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuarascálacha míosúla ar chainníochtaí

Tuarascálacha seachtainiúla ar chainníochtaí

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Roimh an 15ú lá de gach mí, cuirfidh gach Ballstát na sonraí chuig an gCoimisiún faoi chainníochtaí na dtuinníní gorma a rinne na soithí iascaireachta nó na gaistí a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin a ghabháil, a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú nó a chur i gcaighean le linn na míosa roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le foghabhálacha, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d’aon ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Déanfaidh gach Ballstát tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha a sheoladh chuig an gCoimisiún. Áireofar sna tuarascálacha sin sonraí faoi chainníochtaí na dtuinníní gorma a rinne na soithí iascaireachta nó na gaistí a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin a ghabháil, a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú nó a chur i gcaighean le linn na seachtaine roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le foghabhálacha, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d’aon ghabháil. I gcás soithí peas-saighne agus gaistí, beidh Airteagal 31 á chomhlíonadh mutatis mutandis ag na tuarascálacha. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 38 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean. I gcásanna force majeure, agus tar éis d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann na cúinsí sin is cúis le force majeure a dheimhniú, féadfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin a shannadh do dhá fheirm san am céanna chun a ráthú go leanfar d’oibríochtaí feirmeoireachta. Ach an Ballstát atá freagrach as na feirmeacha iarrfaidh sé láithreach go gcuirfear breathnóir réigiúnach breise ar fáil.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean. I gcásanna force majeure, agus tar éis d’údaráis an Bhallstáit feirmeoireachta lena mbaineann na cúinsí sin is cúis le force majeure a dheimhniú, féadfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin a shannadh do dhá fheirm san am céanna chun a ráthú go leanfar d’oibríochtaí feirmeoireachta. Ach an Ballstát atá freagrach as na feirmeacha iarrfaidh sé láithreach go gcuirfear breathnóir réigiúnach breise ar fáil.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 43 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcásanna nach mbeidh caighdeán nó soiléireacht an fhístaifeadta ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, áfach, féadfaidh máistir an tsoithigh nó oibreoir na feirme nó an ghaiste a iarraidh údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a údarú oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar don bhreathnóir réigiúnach. Mura mbeidh toradh sásúil ar an aistriú deonach rialaithe sin, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Más rud é, tar éis imscrúdú, go ndeimhneofar nach féidir meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a bhí i gceist san aistriú mar gheall ar cháilíocht an fhíseáin, ordóidh údaráis rialaithe an Bhallstáit fhreagraigh oibríocht aistrithe rialaithe agus soláthróidh sé an fístaifeadadh comhfhreagrach don bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Déanfar aistrithe nua mar aistriú/aistrithe rialaithe go dtí gur féidir meastacháin a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh de bharr cháilíocht an fhístaifeadta.

3. I gcásanna nach mbeidh caighdeán nó soiléireacht an fhístaifeadta ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, áfach, féadfaidh máistir an tsoithigh nó oibreoir na feirme nó an ghaiste a iarraidh údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a údarú oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar don bhreathnóir réigiúnach. Mura mbeidh toradh sásúil ar an aistriú deonach rialaithe sin, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Más rud é, tar éis imscrúdú, go ndeimhneofar nach féidir meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a bhí i gceist san aistriú mar gheall ar cháilíocht an fhíseáin, ordóidh údaráis rialaithe an Bhallstáit fhreagraigh oibríocht aistrithe rialaithe eile agus soláthróidh sé an fístaifeadadh comhfhreagrach don bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Déanfar aistrithe nua mar aistriú/aistrithe rialaithe go dtí gur féidir meastacháin a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh de bharr cháilíocht an fhístaifeadta.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 50 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. I gcás ina léireoidh torthaí an chláir nach ionann líon na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus/nó a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an PCC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh.

4. I gcás ina léireoidh torthaí an chláir nach ionann líon na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus/nó a aistríodh, déanfaidh Ballstát brataí an tsoithigh gabhála nó gaiste imscrúdú a thionscnamh, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an PCC atá freagrach as an bhfeirm.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 51 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Dearbhú cur i gcaighean

Tuarascáil maidir le cur i gcaighean

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 51 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Laistigh de sheachtain ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm dearbhú cur i gcaighean de réir Iarscríbhinn XIV a chur faoi bhráid an Bhallstáit nó an PCC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí na tuinníní gorma, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é freisin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

1. Laistigh de sheachtain amháin ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil, lena n-áirítear an dearbhú cur i gcaighean a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a sheoladh chuig an mBallstát nó an CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí an tuinnín gorm, agus seolfaidh sé an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún freisin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Réasúnú

I Moltaí ICAT 18-02 agus 19-04, déantar tagairt don fhaisnéis sin mar thuarascáil cur i gcaighean agus, dá bhrí sin, b’fhearr an téarma céanna a úsáid.

Leasú  35

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 52 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Chun críoch mhír 2, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha céatadán íosta iasc a bheidh le rialú a leagan síos.  Leagfar an céatadán sin amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13. Déanfaidh gach Ballstát torthaí na rialaithe randamacha a dhéanfar gach bliain a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT i mí Aibreáin an bhliain dár gcionn.

3. Chun críoch mhír 2, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha céatadán íosta iasc a bheidh le rialú a leagan síos. Leagfar an céatadán sin amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13. Déanfaidh gach Ballstát torthaí na rialaithe randamacha a dhéanfar gach bliain a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT i mí Aibreáin na bliana tar éis thréimhse an chuóta ábhartha.

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuarascáil maidir le cur i gcaighean

Tuarascáil forléargais cur i gcaighean

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dearbhuithe cur i gcaighean a chur isteach faoi Airteagal 51 cuirfidh siad tuarascáil maidir le cur i gcaighean chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Iúil don bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Lúnasa gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil:

Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dearbhuithe agus tuarascálacha cur i gcaighean a chur isteach faoi Airteagal 51 cuirfidh siad tuarascáil forléargais cur i gcaighean chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Iúil don bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Lúnasa gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil forléargais cur i gcaighean:

Réasúnú

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, is gá idirdhealú a dhéanamh idir tuarascálacha aonair cur i gcaighean agus an tuarascáil bhliantúil a bhfuil sé de cheanglas ar an Ballstáit í a sheoladh chuig an gCoimisiún gach bliain.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 56 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Chun críoch rialaithe, áiritheoidh an máistir nó a ionadaí nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort.

3. Chun críoch rialaithe, áiritheoidh an máistir nó a ionadaí nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort, murab ann de chóras lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

Réasúnú

Tá an maolú san áireamh i Moladh ICCAT 18-02.

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 60 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm/as na feirmeacha tuinníní gorma bearta forfheidhmiúcháin iomchuí maidir le feirm i gcás ina mbeidh sé suite, i gcomhréir lena dhlí, nach gcomhlíonann an fheirm sin forálacha Airteagail 45 go 55. Féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh sna bearta, agus é sin ag brath ar a thromchúisí a bhí an cion agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, an taifead ar an bhfeirm tuinníní gorma a fhionraí nó a aistarraingt agus fíneálacha a fhorchur.

Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm/as na feirmeacha tuinníní gorma bearta forfheidhmiúcháin iomchuí maidir le feirm i gcás ina mbeidh sé suite, i gcomhréir lena dhlí, nach gcomhlíonann an fheirm sin forálacha Airteagail 45 go 55. Ag brath ar a thromchúisí a bhí an cion agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh sna bearta sin, go háirithe, an t-údarú a chur ar fionraí nó taifead ar an bhfeirm tuinníní gorma a fhionraí nó aistarraingt ó Thaifead ICCAT de shaoráidí feirmeoireachta Tuinníní Gorma a bunaíodh i gcomhréir le Moladh ICCAT 06-07, agus/nó fíneálacha.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  40

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 61, mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/201346, maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil a dhéanamh, ar iad a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a ath-onnmhairiú agus a thrasloingsiú mura mbeidh doiciméadacht ag gabháil leo arb í an doiciméadacht chruinn chríochnaitheach bhailíochtaithe í a leagtar amach sa Rialachán seo, in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus i reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcuirtear rialacha ICCAT maidir leis an gclár maidir le doiciméid um ghabháil chun feidhme.

1. Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/201346, maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil a dhéanamh, ar iad a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a ath-onnmhairiú agus a thrasloingsiú mura mbeidh doiciméadacht ag gabháil leo arb í an doiciméadacht chruinn chríochnaitheach bhailíochtaithe í a leagtar amach sa Rialachán seo, in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus i reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcuirtear rialacha ICCAT maidir leis an gclár maidir le doiciméid um ghabháil chun feidhme.

_________________

_________________

46 Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

46 Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 61 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta, teorainn ghabhála ná leithdháileadh iarrachta iascaireachta aige le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma, nó;

(a) gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta teorainn ghabhála aige le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma, nó;

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  42

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 65 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an sprioc maidir le básmhaireacht iasc chun an bhithmhais stoic a choinneáil de réir na huastáirgeachta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 3;

scriosta

Réasúnú

Is gné bhunriachtanach den Rialachán í an sprioc maidir le básmhaireacht iasc agus, dá réir sin, níor cheart í a mhodhnú ach amháin tríd an ngnáth nós imeachta reachtach (comhchinneadh).

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – cuid 2 – pointe 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

- Sciar nach mó ná 90% dá chuóta le haghaidh tuinníní gorma i measc a soithí gabhála i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta.

Réasúnú

Tá an fhoráil sin san áireamh i Moladh ICCAT 18-02.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn X – pointe 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála aistriú nua a iarraidh. Maidir leis an aistriú nua, déanfar na tuinníní gorma go léir atá sa chaighean glactha a aistriú go caighean eile agus ní mór an dara caighean a bheith folamh.

(9) Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh ar údaráis brataí an tsoithigh nó an ghaiste aistriú rialaithe deonach a dhéanamh. Maidir leis an aistriú rialaithe deonach sin, déanfar na tuinníní gorma go léir atá sa chaighean glactha a aistriú go caighean eile agus ní mór an dara caighean a bheith folamh. I gcás inar de thionscnamh gaiste na héisc, féadfar na tuinníní gorma atá aistrithe cheana ón ngaiste go dtí an caighean glactha a sheoladh ar ais go dtí an gaiste agus, sa chás sin, déanfar an t-aistriú rialaithe a chur ar ceal faoi mhaoirseacht an bhreathnóra réigiúnaigh de chuid ICCAT.

Réasúnú

Rinneadh an mhír a leasú le Moladh ICCAT 19-04, ar leasaíodh Moladh ICCAT 18-02 leis.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn XI – cuid B – pointe 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

(2) Laistigh de 15 lá ón dáta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil a chur ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

Réasúnú

Tá an tráthchlár leagtha síos le Moladh ICCAT 18-02.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra an Togra

 

Is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘Coinbhinsiún ICCAT’) ó bhí an 14 Samhain 1997 ann.

 

Tá Coinbhinsiún ICCAT ina chreat do chomhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird tríd an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘ICCAT’) a bhunú.

 

Tá an t-údarás ag ICCAT moltaí ceangailteacha a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú na n-iascach atá faoina chúram. Is ar Pháirtithe Conarthacha ICCAT go háirithe a bhíonn na gníomhartha dírithe ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha (máistrí soithigh mar shampla) chomh maith. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha agus ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir.

 

Ábhar an Togra

 

Dá bhrí sin, is é is cuspóir leis an togra atá á bhreithniú faoi láthair [COM (2019) 619] ná Moladh ICCAT 18-02 a thrasuí i ndlí an Aontais, ar Moladh é lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (dá ngairtear an ‘Plean bainistíochta’ anseo feasta). Rinneadh an Moladh a ghlacadh ag an 21ú cruinniú speisialta de chuid ICCAT, a tionóladh in Dubrovnik ón 12 go dtí an 19 Samhain 2018.

 

Tá an plean Bainistíochta i gcomhréir leis an gcomhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (“SCRS”) ina moltar gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil i gcomhair an stoic a bhunú in 2018 ós rud é go ndealraíonn sé nach bhfuil gá leis na bearta éigeandála maidir le stádas reatha an stoic a tugadh isteach faoin bplean téarnaimh don tuinnín gorm tar éis Mholadh 17-17 lena leasaítear Moladh 14-04. Rinneadh Moladh 14-04 a thrasuí i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 2016/1627.

 

Cumhdaítear leis an trasuí gach beart rialaithe a bhaineann a gabháil agus feirmeoireacht tuinníní gorma in uiscí an Aontais agus/nó ag soithí de chuid an Aontais i Limistéar an Choinbhinsiúin.

 

Déantar foráil le Moladh ICCAT 18-02 maidir le plean Bainistíochta atá níos solúbtha, tríd is tríd, ná na rialacha ann cheana sa phlean Téarnaimh, cé go bhfuil roinnt beart ann atá níos beaichte nó níos teorantaí, amhail na rialuithe ar fheirmeacha. D’fhéadfaí achoimre a dhéanamh ar na príomhdhifríochtaí mar seo a leanas:

 

a) Séasúir oscailte: Déantar foráil sa togra seo maidir le deich lá a chur leis an séasúr oscailte do shoithí peas-saighne, sin deich lá níos faide ná i Rialachán (AE) 2016/1627, mura mbunaíonn na Ballstáit a mhalairt ina gcuid pleananna iascaireachta bliantúla.

b) Méadaítear an teorainn foghabhála go 20% sa togra seo, i comparáid le 5% i Rialachán (AE) 2016/1627.

c) Acmhainneacht iascaireachta: tá cead iascaireachta ag suas le 20% níos mó soithí peas-saighne (tréimhse tagartha 2018) faoin togra seo, i gcomparáid le Rialachán (AE) 2016/1627, agus tá cuóta nua earnála ann d’iascach ar mhionscála sna hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha.

d) Acmhainneacht feirmeoireachta: leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh 7% níos mó iasc a bheith ann sna feirmeacha.

e) Aistrithe ar fheirmeacha agus rialuithe randamacha: daingnítear an córas rialaithe do thuinníní gorma maidir le faireachán ar an iasc beo ar fheirmeacha. Déantar sin le rialuithe randamacha atá bunaithe ar anailís riosca agus meastachán ar an tabhairt anonn trí cheamaraí steiréascópacha.

 

Seasamh an Rapóirtéara

 

Tá an rapóirtéir á iarraidh go ndéanfaí dian-trasuí ar Mholadh ICCAT 18-02, chun machaire comhréidh a bhunú d’oibreoirí de chuid an Aontais maidir le hoibreoirí tríú tír. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh feidhm ag coinníollacha comhionanna maidir leis na gníomhaithe uile atá rannpháirteach san iascach chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht agus tuiscint ann don earnáil.

 

Sa chás sin, tá an Coimisiún tar éis Moladh ICCAT a thrasuí ar bhealach an-bheacht, seachas i roinnt cásanna sonracha, eadhon:

 

a)  an sainiú ar ‘cur i gcaighean’ in Airteagal 5.

b) Ba cheart go n-áireofaí in Airteagal 16 ar shéasúir iascaireachta maoluithe don Mheánmhuir agus do Mhuir Aidriad, mar a dhéantar foráil dóibh i Moladh ICCAT.

c) Ba cheart go n-áireofaí in Airteagal 56 maidir le sonraí ón CFS eisceacht d’oibreoirí i gcás ina bhfuil córas lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

d) Ba cheart go n-áireofaí in Iarscríbhinn I teorainn ar an gcéatadán den chuóta is féidir a leithdháileadh chun críocha feirmeoireachta i Muir Aidriad.

e) Ba cheart go n-áireofaí in Iarscríbhinn XI tráthchlár le haghaidh tuarascálacha a bheith á sóláthar idir údaráis na mBallstát.

Dá bhrí sin, tá leasuithe sonracha sa chásanna thuas á moladh ag an rapóirtéir, chun an togra a ailíniú le Moladh ICCAT.

 

Tá sé á mholadh ag an Rapóirtéir freisin go ndéanfaí leasú ar théarmaíocht an dearbhaithe cur i gcaighean agus na tuarascála cur i gcaighean in Airteagail 51 agus 54 den togra faoi seach, chun iad a ailíniú ar bhealach níos fearr leis an téarmaíocht a úsáidtear i Moladh ICCAT agus chun mearbhall a sheachaint.

 

Le linn an 26ú Cruinniú Rialta dá chuid, a tionóladh in Palma de Mallorca i mí na Samhna 2019, ghlac ICCAT Moladh 19-04, lena dtugtar isteach roinnt mionleasuithe ar Mholadh 18-02. Tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú maidir leis na leasuithe, agus baineann siad leis an hairteagail seo a leanas:

 

a) Airteagal 5, sainmhíniú ar cheamara steiréascópach.

b) Airteagal 7, tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn.

c) Airteagal 12 pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta.

d) Airteagal 14 pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta.

e) Airteagal 35, tuarascálacha seachtainiúla ar chainníochtaí.

f) Airteagal 38, Clár ICCAT maidir le Breathnóirí Réigiúnacha.

g) Airteagal 43, an fíorú a dhéanfaidh breathnóirí Réigiúnacha ICCAT, agus imscrúduithe a dhéanamh.

h) Airteagal 50, bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma le cur i gcaighean.

i) Airteagail 51 agus 54, dearbhú cur i gcaighean agus tuarascáil cur i gcaighean.

j) Airteagal 60, forfheidhmiú.

k) Airteagal, 61 bearta margaíochta.

l) Iarscríbhinn X, íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta.

Molann an rapóirtéir leasuithe ar na hairteagail thuasluaite, chun an téacs a ailiniú le Moladh ICCAT 19-04.

 

Ar deireadh, measann an Rapóirtéir go bhfuil tionchar neamhghnách ag géarchéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le tuinníní gorma. Measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí an séasúr le haghaidh peas-saighneoireacht ar thuinníní gorma a fhadú go dtí 11 Iúil más rud é nach raibh soithí peas-saighne in ann a ngnáthlaethanta iascaireachta a úsáid mar gheall ar ghéarchéim sláinte poiblí.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 2017/2107, (AE) Uimh. 2019/[NAFO], agus (AE) Uimh. 1936/2001, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

Tagairtí

COM(2019)0619 – C9-0188/2019 – 2019/0272(COD)

Dáta tíolactha don Pharlaimint

28.11.2019

 

 

 

Coiste freagrach

 Dáta a fógartha sa suí iomlánach

PECH

16.12.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairimí orthu

 Dáta a fógartha sa suí iomlánach

ENVI

16.12.2019

 

 

 

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

ENVI

9.1.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Giuseppe Ferrandino

22.1.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

21.1.2020

18.5.2020

 

 

Dáta a ghlactha

3.9.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

1

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Grace O’Sullivan, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Annie Schreijer-Pierik, Ruža Tomašić, Peter van Dalen

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Manuel Bompard, Gabriel Mato, Raffaele Stancanelli

Dáta don chur síos

8.9.2020

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

20

+

ECR

Raffaele Stancanelli, Ruža Tomašić

GUE/NGL

 

ID

Rosanna Conte, France Jamet

NI

Rosa D'Amato

PPE

François-Xavier Bellamy, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Gabriel Mato, Francisco José Millán Mon, Annie Schreijer‑Pierik,

RENEW

Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind

S&D

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

VERTS/ALE

 

 

1

-

GUE/NGL

Manuel Bompard

 

4

0

GUE/NGL

Anja Hazekamp

VERTS/ALE

Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 23 Meán Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais