Tuarascáil - A9-0193/2020Tuarascáil
A9-0193/2020

TUARASCÁIL maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro 2020

16.10.2020 - (2020/2078(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Joachim Schuster


Nós Imeachta : 2020/2078(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0193/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0193/2020
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro 2020

(2020/2078(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 122(2) de lena n-éascaítear cúnamh airgeadais do Bhallstáit a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt orthu de bharr tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu, chomh maith le hAirteagal 136 de agus Prótacail Uimh. 1 agus Uimh. 2 a ghabhann leis,

 ag féachaint don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus dá ‘chlásal éalaithe’ atá in Airteagail 5(1), 6(3), 9(1) agus 10(3) de Rialachán (CE) 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997  maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú[1], a neartú, agus Airteagail 3(5) agus 5(2) de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air[2], lena n-éascaítear comhordú beartas buiséadach tráth géarchor chun donais eacnamaíoch,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 dar teideal Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh 2020 (COM(2019)0651) agus don mholadh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro an 17 Nollaig 2019 (COM(2019)0652),

 ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 10 Feabhra 2020 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro[3],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2020 dar teideal Seimeastar Eorpach 2020: Measúnú ar an dul chun cinn maidir le hathchóirithe struchtúracha, míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, agus torthaí ar ghrinn-athbhreithnithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176(2011) (COM(2020)0150),

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 i dtaca le beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí eile le déanaí[4],

 ag féachaint don rún uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin[5],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch – Tuarascáil ar chur i bhfeidhm Rialacháin  1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus ar oiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle (COM(2020)0055),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017 dar teideal Céimeanna eile i dtreo Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích:  Treochlár (COM(2017)0821),

 ag féachaint don Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 Riachtanais téarnaimh na hEorpa a shainaithint[6],

 ag féachaint don rún uaithi an 14 Márta 2019 i dtaca leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh[7],

 ag féachaint don rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[8],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Iúil 2020 dar teideal Réamhaisnéis Eacnamaíoch an tSamhraidh[9],

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020[10],

 ag féachaint don rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe: BEPS 2.0[11],

 ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[12],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh[13],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP))[14],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020 dar teideal Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19 (COM(2020)0112),

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)[15],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2020 maidir le gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2020)0123),

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí[16],

 ag féachaint do Threoir an Choimisiúin do na Ballstáit maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus saorghluaiseacht chaipitil ó thríú tíortha, agus do chosaint shócmhainní straitéiseacha na hEorpa, roimh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/452 (Rialachán um Scagadh IDC) an 25 Márta 2020 (C(2020) 1981),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 dar teideal Creat Sealadach um Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 (2020/C 91 I/01), agus don leasú a rinneadh air an 4 Aibreán 2020 (2020/C 112 I/01),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún chuig na Ballstáit an 27 Márta 2020 maidir leis an Iarscríbhinn a leasú i dtaobh Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach a chumhdach (2020/C 101 I/01 – C(2020) 2044),

 ag féachaint don chinneadh ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine CBL ar allmhairiú arna dheonú le haghaidh earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac le linn 2020 (C(2020) 2146),

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán an 28 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 maidir le coigeartuithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (glacadh pacáiste baincéireachta) (COM(2020)0310 - 2020/0066(COD)),

 ag féachaint don mheasúnú ar an gcreat fioscach le béim ar an reachtaíocht sé-phaca agus dé-phaca an 19 Meán Fómhair 2019, an tuarascáil bhliantúil ón mBord Fioscach Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2019, an ráiteas ón mBord Fioscach Eorpach ar COVID-19 an 24 Márta 2020, agus measúnú an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh ar an staid fhioscach is iomchuí don limistéar euro in 2021 an 1 Iúil 2020,

 ag féachaint do Straitéis Bhliantúil an Choimisiúin maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 an 17 Nollaig 2019 (COM(2019)0650),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint don Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún: Earrach 2020 an 6 Bealtaine 2020 (Páipéar Institiúideach 125),

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19[17],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal Seimeastar Eorpach 2020: Moltaí Tírshonracha (COM(2020)0500),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine dar teideal Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile (COM(2020)0456),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 maidir leis an bPlean Téarnaimh don Eoraip a bheith á chumhachtú ag buiséad AE  (COM(2020)0442),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 maidir le Clár Oibre Coigeartaithe an Choimisiúin 2020 (COM(2020)0440),

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Théarnamh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19 (COM(2020)0441),

 ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2020)0445),

 ag féachaint don Tuarascáil ón gCeathrar Uachtarán an 5 Nollaig 2012 dar teideal ‘I dTreo Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’, don Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán an 22 Meitheamh 2015 maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chomhlánú, don pháipéar bán ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 maidir le todhchaí na hEorpa, agus don pháipéar machnaimh ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú,

 ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa Euro do Cheannairí maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimniú,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0193/2020),

A. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 ina cúis le suaitheadh siméadrach gan fasach don Aontas agus ar fud an domhain araon, agus nach féidir a fad ná an tionchar sláinte, sóisialta agus eacnamaíoch a thuar go fóill;

B. de bhrí go bhfuil an suaitheadh siméadrach ach go bhfuil éagsúlacht mhór sa tionchar i measc na mBallstát, rud a léiríonn a thromchúisí atá an phaindéim agus a dhéine atá a mbearta srianta, ach a neamhchosaintí eacnamaíocha sonracha agus na dálaí tosaigh a bhaineann leo freisin, lena n-áirítear a leochailí atá earnálacha áirithe agus an raon feidhme atá acu le haghaidh freagairtí lánroghnacha ar bheartas fioscach;

C. de bhrí go bhfuil freagairt Eorpach dhiongbháilte, chomhordaithe agus bunaithe ar dhlúthpháirtíocht ríthábhachtach chun iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime, ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, doimhniú breise na héagsúlachta maicreacnamaíche agus an polarú struchtúrach idir réigiúin agus tíortha a mhaolú; de bhrí, i ngeall ar idirthuilleamaíochtaí láidre, go leathnódh téarnamh neamhiomlán amach chuig gach tír eile, rud a mhaolódh an fás eacnamaíoch i ngach áit;

D. de bhrí, gur dócha go mbeidh an chuid is mó de na héifeachtaí sealadach agus, más rud é go mbíonn éifeacht leis na beartais náisiúnta agus Eorpacha atá i bhfeidhm chun tacú le hioncaim, poist, leachtacht agus infheistíocht éifeachtach, tiocfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch ar ais a luaithe a laghdófar na srianta de réir a chéile; de bhrí, mar sin féin, gur féidir a bheith ag dréim le hiarmhairtí diúltacha marthanacha, amhail éileamh lagaithe leanúnach, éiginnteachtaí sa mhargadh agus éiginnteachtaí ioncaim, easnaimh infheistíochta agus titim ar fhostaíocht, rud a laghdóidh acmhainn tháirgiúil an gheilleagair agus a chuirfidh bac ar fhilleadh ar an gconair táirgeachta agus fáis a bhí ann roimhe sin;

E. de bhrí go gcaithfidh an tAontas freagairt don ghéarchéim atá ann faoi láthair ar bhealach a mhéadóidh a athléimneacht in aghaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;

F. de bhrí go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta do na bunluachanna atá bunaithe ar na Conarthaí, do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus do Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;

G. de bhrí gurb iad mná is mó atá buailte go díréireach leis an ngéarchéim agus nach dtugann an fhreagairt téarnaimh atá beartaithe aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le géarchéim COVID-19 in earnáil an chúraim agus ar na dúshláin shonracha a bhíonn ag na mná;

H. de bhrí go bhfuil géarchéim COVID-19 ag cur as go háirithe do ghrúpaí soghonta, agus arb é atá mar thoradh air sin go bhfuil méadú ag teacht ar éagothromaíochtaí, ar bhochtaineacht, ar dhífhostaíocht agus ar dhibhéirseachtaí sóisialta, chomh maith lena bheith ag baint an bhoinn ó chaighdeáin shóisialta agus fostaíochta san Eoraip;

I. de bhrí gur leag paindéim COVID-19 béim ar a thabhachtaí atá sé ardmheas a bheith againn ar an soláthar oibre cúraim, ní hamháin in earnáil an chúraim sláinte, ach i gcomhthéacs cúram leanaí, cúram daoine faoi mhíchumas agus cúram daoine scothaosta freisin; á chur i bhfáth i mbeartais eacnamaíocha an limistéir euro gur gá níos mó infheistíochta a chur i leataobh le haghaidh seirbhísí cúraim phoiblí agus phríobháideach atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana;

J. de bhrí, nach raibh ach 5.7 % de na Moltaí Tírshonracha (CSRanna) curtha chun feidhme ina n-iomláine ag na Ballstáit in 2019, go ndearnadh dul chun cinn áirithe i dtaobh 45.9 % díobh ar a laghad, ach nár cuireadh 48.4 % díobh chun feidhme ná nár léiríodh ach dul chun cinn teoranta ina leith;

K. de bhrí go bhfuil gá le cuntasacht na Comhairle, an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro do Pharlaimint na hEorpa le linn gach céime de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh ar mhaithe leis an dlisteanacht dhaonlathach agus leis an trédhearcacht;

I. An staid tosaigh

1. ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch Shamhradh 2020 ón gCoimisiún, go bhfuiltear ag dréim leis go bhfulaingeoidh AE an cúlú eacnamaíoch is measa dá raibh riamh ann lena linn, ag cúngú 8.3% in 2020, figiúr atá go suntasach níos airde ná an 7.4% a bhí tuartha ar dtús i Réamhaisnéis an Earraigh, rud a chiallaíonn go mbeidh ann do chúlú eacnamaíoch a bheidh i bhfad níos measa ná mar a bhí le linn na géarchéime airgeadais in 2009; ag tabhairt dá haire freisin gur tháinig méadú ar easnamh comhiomlán an bhuiséid, ó 0.6 % de OTI in 2019 go tuairim is 8.5 % de OTI in 2020, sa limistéar euro agus in AE araon, arb ionann é agus buaic nua de chóimheas comhiomlán fiachais-OTI an limistéir euro atá geall le 102.7 % (95.1 % in AE), rud a thiontaigh an treocht atá ag dul i laghad ó 2014 i leith; á chur i bhfáth go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh ardú ar an dífhostaíocht sa limistéar euro ó 7.5% (6.7% in AE) in 2019 go 9.5% (9% in AE) in 2020, agus gur féidir a bheith ag dréim le mórthionchar diúltach i gcás FBManna, agus go bhfuil éiginnteacht thar a bheith ard agus rioscaí meathlaithe substaintiúla i ndán don mhargadh aonair agus dá iomaíochas;

2. á chur in iúl gur cúis bhuartha di é tionchar diúltach ghéarchéim COVID-19 ar an ngeilleagar domhanda, ar thrádáil, ar neamhionannais (lena n-áirítear neamhionannais ioncaim agus inscne) agus ar an mbochtaineacht; ag tabhairt dá haire an laghdú de thart ar 3% ar OTI (gan AE a áireamh) an domhain atá tuartha i mbliana, ar sleabhcadh é atá níos géire ná mar a bhí le linn na géarchéime airgeadais domhanda in 2008-2009, le titim ar mó é ná 10 % ar líon na n-allmhairí domhanda agus titim de thart ar 13 % ar onnmhairí an limistéir euro in 2020; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú ar an mbochtaineacht ós rud é go bhfuil acmhainneacht theoranta ag go leor tíortha i mbéal forbartha agus ag tíortha ar bheagán ioncaim chun deileáil le géarchéim sláinte den mhéid seo, mar aon le spás teoranta beartais chun an tionchar maicreacnamaíoch a thógáil;

3. á chur i bhfios go mbeidh meastachán an Choimisiúin ar riachtanais infheistíochta AE27 ionann le EUR 1.5 trilliún in 2020 agus in 2021, anuas ar an mbonnlíne a glacadh i réamhaisnéis an Earraigh agus chun an t-aistriú agus an claochlú digiteach a chur i gcrích arb ionann é agus EUR 595 bhilliún in aghaidh na bliana[18], lena n-áirítear riachtanais infheistíochta breise de EUR 20 billiún in aghaidh na bliana chun na hinfheistíochtaí straitéiseacha a chur i gcrích a bhfuil gá leo do neamhspleáchas AE chun go ndéanfar athléimneacht na dtionscal agus neamhspleáchas straitéiseach AE a neartú i gcás earraí agus seirbhísí a bhfuil géarghá leo (táirgí míochaine agus cógais, bonneagar digiteach straitéiseach, eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, amhábhair chriticiúla, an chosaint agus an spás);

4. ag tabhairt dá haire gurbh ionann agus 22% de OTI AE na bearta tacaíochta leachtacha comhiomlána a cuireadh ar fáil mar fhreagairt ar an bpaindéim agus go ndearnadh iad a chomhlánú le hionstraimí buiséideacha de chuid AE atá cheana ann lena dtugtar tacaíocht de suas le 4.5% de OTI AE[19]; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcaithfear leanúint de na bearta sin in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfaidh tionscnamh Next Generation EU (NGEU) spreagadh fioscach sa bhreis de thart ar 4 go 5% de OTI a sholáthar do gheilleagair na hEorpa go ceann na gceithre bliana seo romhainn;

5. á chur i bhfáth gur léir cheana féin nár leor infheistíocht na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon roimh an ngéarchéim agus go léirítear laghdú mór sa bhreis ar an infheistíocht leis na réamh-mheastacháin a mheastar a bheith cothrom le EUR 846 bhilliún do 2020 agus 2021 le chéile[20];

II. Ceanglais ghearrthéarmacha

Téarnamh eacnamaíoch

6. á aithint go bhfuil dúshlán gan fasach i ndán do AE maidir le maolú a dhéanamh ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha an chúlaithe stairiúil agus an bealach a réiteach do théarnamh mear eacnamaíoch atá nasctha le haistriú inbhuanaithe cóir agus le claochlú digiteach, agus le hiomaíochas a neartú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de, ina leith sin, a riachtanaí atá méadú suntasach agus marthanach ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus athchóirithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de lena mbaineann inmharthanacht fhadtéarmach, agus nach foláir an leibhéal méadaithe infheistíochta a chobhsú as seo go ceann blianta fada, agus go bhfuil gá freisin le cóineasú aníos ar bhonn níos fearr in AE agus le fás inbhuanaithe;

7. á chur in iúl gur geal léi an fhreagairt mhear agus láidir ar an ngéarchéim i réimse an bheartais airgeadaíochta agus fhioscaigh, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon, le Clár Ceannaithe d’Éigeandáil na Paindéime (PEPP) de chuid BCE, le gníomhachtú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) agus le seoladh Chiste Ráthaíochta uile-Eorpach BEI lena n-áirithítear leachtacht agus cobhsú na margaí airgeadais, agus ag tabhairt dá haire gníomhachtú an chlásail ghinearálta éalaithe ag an gCoimisiún, lena gcumasaítear an oiread solúbthachta is féidir i leith an chreata fhioscaigh agus na rialacha sealadacha a glacadh maidir le státchabhair ionas go mbeidh rialtais náisiúnta in ann tacaíocht airgeadais a thabhairt do chórais cúraim sláinte agus gnólachtaí, sa bhreis ar an Scéim Tacaíochta Eorpach shealadach chun an Baol Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála (SURE) atá ar na bacáin, atá ceaptha chun daoine a choinneáil i mbun fostaíochta le linn na géarchéime;

8. á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle Eorpach lena moltar Plean Eorpach don Téarnamh, agus ionstraim[21] NGEU lena n-áirítear EUR 750 billiún, bannaí á n-eisiúint ag an gCoimisiún, agus acmhainní dílse nua; á mheabhrú, áfach, iarraidh Pharlaimint na hEorpa ar bhorradh i bhfad níos fearr a chur faoin infheistíocht chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19, agus á aithint an gá atá le bearta breise chun éagsúlachtaí eacnamaíocha agus sóisialta ollmhóra a chosc agus chun spriocanna fadtéarmacha sóisialta agus comhshaoil AE a bhaint amach;

9, á mheas a ríthábhachtaí atá sé go mbeidh an pacáiste téarnaimh ailínithe go hiomlán le straitéis nua inbhuanaithe fáis AE agus go mbeidh sé bunaithe ar straitéis fhónta airgeadais, i.e. i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (CGE), lena gcuirtear inbhuanaitheacht ag croílár a ghníomhaíochtaí agus a aidhmeanna, Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (CECS) agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), agus a bhfuil sé mar aidhm leo cearta na mban a chosaint agus comhionannas inscne a bhaint amach; á éileamh go ndéanfar cistí agus acmhainní a dhíriú ar thionscadail agus tairbhithe a chaitheann na hacmhainní lena mbaineann go #freagrach agus go héifeachtach i gcás tionscadail inbhuanaithe a bhfuil an tionchar is mó is féidir acu, agus úinéireacht ar an Seimeastar Eorpach á feabhsú agus ár luachanna bunúsacha atá bunaithe ar na Conarthaí á gcomhlíonadh ag an am céanna;

10. á chur i bhfios go láidir nach foláir don téarnamh a bheith bunaithe ar chóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, idirphlé sóisialta agus dálaí oibre d’oibreoirí, d’fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe, agus nach foláir tacaíocht bhreise a chur ar fáil do Phlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe (PIEI), le haird ar leith á tabhairt ar an ngá nach foláir a thabhairt ar chumhachtú;

11. á éileamh ar ghnólachtaí a fhaigheann státchabhair, cistí AE nó airgead poiblí eile faoi chuimsiú ghéarchéim COVID-19 cothabháil a dhéanamh ar phoist a n-oibrithe agus cosaint a thabhairt dóibh, a gcion cothrom cánach a íoc, gealltanas a thabhairt i leith cuspóirí inbhuanaitheachta ar an mbonn go gcloífear le caighdeáin idirnáisiúnta an ghnó fhreagraigh, agus staonadh ó dhíbhinní a íoc nó scéimeanna aischeannaigh scaireanna a thairiscint atá dírithe ar luach saothair a thabhairt do scairshealbhóirí agus ar phraghsanna stoc a bhoilsciú;

12. ag tabhairt dá haire gníomhachtú an chlásail ghinearálta éalaithe den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i ngeall ar an mórshleabhcadh eacnamaíoch, agus ag dréim leis nach leanfaidh sé de bheith gníomhach níos faide ná mbeidh gá leis chun tacú leis na Ballstáit téarnamh ó ghéarchéim na paindéime, ar mhaithe le cobhsú a chur ar fáil sa ghearrthéarma agus athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta na mBallstát a neartú, agus an geilleagar a thiomáint ionsar aistriú inbhuanaithe agus cuimsitheach lena gcothófar iomaíochas agus cóineasú réigiúnach agus sóisialta aníos;

13. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar atá amhlaidh i gcás an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh (BFE) gur cheart go ndéanfaí treoir ar an uainiú agus ar na coinníollacha a bhaineann le himeacht as an gclásal ginearálta éalaithe a chur ar fáil faoi earrach 2021 ar a dhéanaí, agus á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár a thíolacadh a bheadh bunaithe ar thaighde agus ar shonraí eacnamaíocha lena gcuirfear tuairimí BFE san áireamh;

14. á chur in iúl freisin go bhfuil sí den tuairim chéanna le BFE nach bhfuil sé inmholta i gcás an téarnaimh an staid fhioscach a thiontú go mear, agus go mbeidh gá in 2021 le tacaíocht fhioscach ar bhonn níos téagartha agus ar bhonn níos faide agus le leathnú a dhéanamh ar roinnt bearta fioscacha lánroghnacha, lena n-áirítear roinnt gnéithe maidir le caiteachas rialtais, chun borradh a chur faoin éileamh;

15. á mheabhrú go bhfuil gá sonrach le cóineasú aníos agus le fás inbhuanaithe laistigh de AE agus go háirithe sa limistéar euro;

Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat beartais fhioscaigh agus eacnamaíoch, agus de réir an toraidh a bheidh air, é a chur in oiriúint

16. ag tabhairt dá haire conclúid BFE[22] nach foláir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat fioscach agus, agus de réir an toraidh a bheidh air, é a chur in oiriúint, i ngeall ar a chastacht agus a chomhchiogalacht nach bhfuil gá leis agus ar an bhfíoras nár cosnaíodh cáilíocht an airgeadais phoiblí nó nach ndearnadh infheistíocht phoiblí inbhuanaithe a chur chun cinn leis le linn na tréimhse fáis le seacht mbliana anuas roimh an ngéarchéim, agus á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go ndéanann an ghéarchéim dhomhain eacnamaíoch ar de thoradh na paindéime é an gá atá leis sin a mhéadú tuilleadh;

17. á chreidiúint, i dtaca leis an athbhreithniú agus, de réir an toraidh a bheidh air, nach foláir don oiriúnú ar an gcreat fioscach i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 cothromaíocht nua a aimsiú chun cothú a dhéanamh ar na ceanglais thuasluaite i dtaobh caiteachas rialtais a mhéadú lena ndéanfar fás a fheabhsú a mhéid a bhaineann leis an athrú aeráide agus an digitiú, mar aon le hathléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, agus lena gcobhsófar an leibhéal nua infheistíochta, lena n-áirítear infheistíocht a bhaineann le téarnamh cuideachtaí, go háirithe FBManna, agus a bhaineann leis an margadh aonair agus lena iomaíochas, agus bainistiú buiséadach inbhuanaithe á áirithiú ag an am céanna;

18. á chur i bhfios gur cheart don chreat rialachais eacnamaíoch féachaint freisin ar na réaltachtaí eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus a bheith comhleanúnach le tosaíochtaí beartais AE, agus comhlíonadh le rialacha fioscacha atá simplithe, soiléir agus praiticiúil agus a ndearnadh athbhreithniú orthu á fheabhsú ag an am céanna, agus de réir an toraidh a bhí air sin, iad a chur in oiriúint;

19. ag moladh go mbeadh beartas fioscach frith-thimthriallach in AE agus ina Bhallstáit agus chun cóimheasa fiachais-OTI a laghdú, agus do bhuiséid náisiúnta a bheith ar comhardú nó barrachais bheaga a bheith acu le linn cora chun feabhais sa gheilleagar i dtréimhsí fáis AE, chun freagairt go héifeachtach do na dúshláin a bheidh ann sa todhchaí agus cobhsaíocht an limistéir euro a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, áfach, gan na hearráidí céanna a rinneadh roimhe seo a dhéanamh an athuair mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch;

20. á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar diúltach suntasach ach míchothrom na géarchéime COVID-19 ar easnamh rialtais agus ar fhiachas príobháideach ar fud an limistéir euro agus AE, go háirithe i mBallstáit a raibh leibhéil arda fiachais phoiblí acu roimh na hiarmhairtí ón bpaindéim, rud a ghéaraíonn tuilleadh ar staid na mBallstát a ndéanann paindéim agus/nó leibhéil arda fiachais rialtais a bhí ann cheana difear dóibh go háirithe; á iarraidh go dtiocfar ar réiteach lena ráthaítear inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí; á chreidiúint, sa chomhthéacs sin, gur céim thábhachtach sa ghéarchéim reatha é bannaí an Choimisiúin Eorpaigh a eisiúint;

21. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfear réitigh shaincheaptha ar fáil leis an athbhreithniú ar chreat beartais fhioscaigh agus eacnamaíoch AE chun críoch na moltaí tír-shonracha chun freagairt do riachtanais éagsúla na mBallstát; á iarraidh go mbeadh rialacha ann a chuirfidh ar chumas an bheartais fhioscaigh freagairt go discréideach do shuaitheadh sa ghearrthéarma, agus cóimheasa arda fiachais phoiblí a laghdú i gcomhréir le rialacha fioscacha laistigh de thréimhse réalaíoch agus réasúnta ama, agus leibhéal leordhóthanach infheistíochta poiblí, beartas cánach inbhuanaithe agus ioncaim chobhsaí rialtais á lamháil ag an am céanna, mar aon leis an mbonneagar poiblí a nuachóiriú agus a neartú go fadtéarmach;

22. á chur i bhfáth le hinfheistíocht phoiblí Eorpach, náisiúnta agus fhonáisiúnta, agus lena ndéantar inbhuanaitheacht fhioscach agus rialacha fónta buiséadacha a urramú ag an am céanna, go rannchuidítear go mór le AE a neartú ina chuid iarrachtaí:  téarnamh ó ghéarchéim COVID-19;  aistriú chuig sochaí níos glaine, níos cuimsithí ar bhonn sóisialta, inbhuanaithe agus digiteach a chur chun cinn, chomh maith le fás a chothú agus an margadh aonair agus comhtháthú laistigh de AE a neartú; agus (3) iomaíochas agus uathriail straitéiseach AE a mhéadú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún creat rialála a chruthú lena n-áirítear rialacha infheistíochta atá intuartha agus a thacaíonn le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha AE, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh na Ballstáit in ann freagairt do ghéarchéimeanna a bheidh ann sa todhchaí;

Le haghaidh Seimeastar Eorpach inbhuanaithe agus daonlathach

23. á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú Glas don Eoraip mar chuid thábhachtach dár straitéis nua maidir le fás inbhuanaithe lena dtugtar ceithre ghné le chéile: an comhshaol, an táirgiúlacht, an chobhsaíocht agus an chothroime, agus ina bhfuil an inbhuanaitheacht iomaíoch i gcroílár gheilleagar margaidh sóisialta na hEorpa, atá á chumasú ag teicneolaíochtaí digiteacha agus glasa, ag bonn tionsclaíoch nuálach agus neamhspleáchas straitéiseach, chun ceannródaí claochlaitheach a dhéanamh den Eoraip;

24. á chur in iúl gur geal léi aird Phacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach chun freagairt láithreach do bheartas eacnamaíoch a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an tionchar sláinte agus socheacnamaíoch atá ag COVID-19 agus gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú agus chun an tionchar sin a mhaolú; ag tabhairt dá haire gur díríodh le Moltaí Tírshonracha (CSRanna) de Phacáiste an Earraigh ar na dúshláin is práinní i ngeall ar an bpaindéim agus ar fhás inbhuanaithe a athsheoladh agus go bhfuil na moltaí struchtúrtha timpeall ar an dá chuspóir seo a leanas: sa ghearrthéarma, iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha diana phaindéim an choróinvíris a mhaolú; agus sa ghearrthéarma go meántéarma, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach ina ndéantar an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach a éascú;

25. ag tacú leis an bhfógra ón gCoimisiún go ndéanfar athbhreithniú agus, ag brath ar a thoradh féin, oiriúnú ar an Seimeastar Eorpach chun é a thiontú ina uirlis chun na bearta téarnaimh a chomhordú. ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheofaí le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh feidhmiú phróiseas eacnamaíoch AE bunaithe ar chomhordú beartais bhuiséadaigh agus eacnamaíoch agus cuspóirí beartais comhshaoil agus shóisialta á gcur san áireamh i gcás in arb iomchuí; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór níos mó comhordaithe ar bhearta maidir le státchabhair agus beartais chánach mar aon le beartas fioscach agus sóisialta agus beartais lena ndéantar caidreamh saothair a rialáil a chur san áireamh ionas go seachnófaí iomaíocht éagórach idir na Ballstáit;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach táscaire aeráide nua a fhorbairt, taobh leis an Seimeastar agus gan é a lagú, chun measúnú a dhéanamh ar an neamhréireacht idir struchtúr bhuiséid na mBallstát agus an cás le haghaidh gach ceann dá mbuiséid náisiúnta arna n-ailíniú le Comhaontú Pháras; á chur i bhfáth an gá atá leis an táscaire sin chun léiriú a chur ar fáil do na Ballstáit maidir lena dtreocht teochta laistigh de chreat Chomhaontú Pháras;

27. ag aithint an ról a thug an Coimisiún don Seimeastar Eorpach sa Phlean Téarnaimh agus a thábhachtaí atá sé do chomhordú beartais ag an leibhéal Eorpach, i bhfianaise mhéid agus chineál, nach bhfacthas a leithéid riamh, na mbeart a glacadh ar leibhéal na mBallstát; ag tabhairt dá haire, mar sin de, go mbraithfidh éifeachtacht agus rath ailíniú chláir infheistíochta agus athchóirithe na mBallstát ar athbhreithniú ar an Seimeastar agus, ag brath ar a thoradh, ar a oiriúnú, agus go mbraithfidh úinéireacht mhéadaithe na mBallstát i ndáil le cur chun feidhme na CSRanna freisin ar an athbhreithniú thuasluaite agus, ag brath ar a thoradh, ar oiriúnú an Chomhshocruithe Cobhsaíochta agus Fáis; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos réamhghníomhaí agus níos fearr leis na Ballstáit, réitigh shaincheaptha a chur ar fáil roimh ghnáthghlacadh na CSRanna, agus díospóireacht idirinstitiúideach a mhéadú;

28. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an nasc idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus próiseas an tSeimeastair, agus faireachán ar dhul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme infheistíochta agus athchóirithe, feabhas a chur ar tiomantas na mBallstát; á chreidiúint, mar sin de, gur cheart an nasc idir an dá cheann acu a dhearadh ar bhealach ina ndéantar an téarnamh agus athléimneacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na mBallstát a fheabhsú, agus breis luach AE a chur chun cinn;

29. á chur in iúl go bhfuil sí suite de go n-iarrtar, le geilleagar athléimneach a thógáil, ar ghné shóisialta an rialachais Eorpaigh a neartú, lena ndírítear ar chosaint leormhaith a chur ar fáil do chách gan an fhéidearthacht maidir le socrú íoschaighdeáin AE i gcás inar gá a eisiamh, chun borradh a chur faoi chóineasú aníos dálaí maireachtála agus oibre;

30. ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá díospóireacht iomlán agus rannpháirtíocht cheart Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta; á iarraidh an athuair go neartófaí ról daonlathach Pharlaimint na hEorpa sa chreat rialachais eacnamaíoch, agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar réitigh arna nglacadh an Pharlaimint; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle, mar comhreachtóirí, a choimeád ar an eolas go maith agus go cothrom faoi ghnéithe uile a bhaineann le cur i bhfeidhm chreat rialachais eacnamaíoch AE, lena n-áirítear faoi chéimeanna ullmhúcháin agus i bhfianaise aon tograí le hathchóiriú nó le feabhsú;

31. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ról an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn cuntasacht chuig an bParlaimint a fheabhsú, ós rud é go léiríodh, leis an taithí a fuarthas go dtí seo ó thaobh an Seimeastar Eorpacha a chur i bhfeidhm, go bhféadfadh socrú na cuntasachta atá ann faoi láthair a fheabhsú chun a dhlisteanacht agus éifeachtacht a fheabhsú;

32. á iarraidh ar chomhordú tiomanta le comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon, d’fhonn cuntasacht dhaonlathach, trédhearcacht agus grinnscrúdú na sochaí sibhialta a neartú;

33. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ioncaim poiblí riachtanach chun an téarnamh iarphaindéime, lena n-athbhunaítear iomaíochas inbhuanaithe AE, a mhaoiniú agus an t-aistriú cóir chuig geilleagar inbhuanaithe a thacú; á mheabhrú gurb ionann imghabháil cánach agus seachaint cánach ar leibhéal an Aontais agus suas le EUR 160-190 billiún gach bliain, arb ionann é agus ioncam atá in easnamh do na státchistí; á mheabhrú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid a chomhrac ar leibhéil náisiúnta agus AE araon; á mheabhrú, ina leith sin, rannchuidiú an Choimisiúin ina theachtaireacht “I dtreo cinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí i mbeartas cánach an Aontais”[23] agus á chur in iúl gur díol sásamh di Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc; á iarraidh go ndéanfaí togra reachtach uaillmhianach le maoirseacht, inniúlachtaí agus acmhainní forfheidhmithe ar an leibhéal Eorpach, mar atá sonraithe i rún ón bParlaimint an 1 Iúil 2020 maidir le “Beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc - Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí eile le déanaí”[24];

34. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bheartais nua a mhol institiúidí idirnáisiúnta lena dtacaítear agus rannchuidítear le haistriú cóir a mhaoiniú, ina ndéantar éifeachtaí socheacnamaíocha an aistrithe chuig geilleagar atá aeráidneodrach a laghdú agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn, mar aon le díriú ar chostais ollmhóra atá bainteach leis an téarnamh iarphaindéime a mhaolú agus airgeadas poiblí na mBallstát a athbhunú; á iarraidh ar cheannairí AE agus ar an gCoimisiún cinntí misniúla a ghlacadh chun ciseán d’acmhainní dílse nua a chur i bhfeidhm, chun go n-áireofaí ioncam a eascraíonn as beartais AE atá fabhrach do chur chun feidhme na cosanta comhshaoil agus forbairt margadh aonair atá cóir, inbhuanaithe agus iomaíoch, agus go mbeadh sé indéanta iasachtaí faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc le linn an chéad CAI eile; á mheabhrú go bhfuil gá leis na hacmhainní dílse féin sin a bheith i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir, faoi 2021 ar a dhéanaí, agus a bheith buan; á chur i bhfáth, ina leith sin, seasamh Pharlaimint na hEorpa ina rún reachtach an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh lena dtugtar isteach catagóirí nua d’acmhainní dílse[25];

III. Ceanglais mheántéarmacha

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú

35. á chur i bhfios go láidir go n-éilítear le neartú ról an euro na dálaí struchtúracha cearta, a bhfuil doimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, cur i gcríoch an Aontais Baincéireachta agus cur i gcríoch Aontais na Margaí Caipitil ina measc;

36. ag tabhairt dá haire go raibh togra le haghaidh uirlis bhuiséadach dírithe ar an limistéar euro i gcreat na hionstraime buiséadaí um chóineasú agus um iomaíochas (BICC), lena maoineofaí pacáistí d’athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí poiblí chun fás ionchasach gheilleagair an limistéir euro agus athléimneacht an airgeadra aonair a neartú i gcoinne suaití eacnamaíocha; ag tabhairt dá haire, i gcomhthráth le (BICC), go raibh ionstraim fhéideartha freisin le haghaidh na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro agus nach bhfuil rannpháirteach i BICC, an Ionstraim um Chóineasú agus Athchóiriú (CRI), lena ndírítear ar chóineasú na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro a thacú i dtreo an limistéir euro, trí thacaíocht airgeadais d’athchóirithe struchtúracha a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire gur eisigh an Coimisiún togra reachtach nua maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus gur aistarraing sé na tograí reachtacha a luadh; á iarraidh, mar sin féin, ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar thograí a tharraingt suas amach anseo ionas go bhféadfadh ionstraimí a bheith ag an limistéar euro agus an limistéar neamh-euro chun an timthriall eacnamaíoch a bhainistiú go héifeachtach;

37. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Leis an ‘bPlean Cuimsitheach Téarnaimh don Eoraip’ ón gCoimisiún déantar uasghrádú suntasach ar thábhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch AE. Laistigh den chreat sin, beidh ról substaintiúil agus comhordaithe ag an Seimeastar Eorpach maidir le freagairt láithreach beartais eacnamaíoch ar an ngéarchéim a chur ar fáil, chun an bealach a réiteach d’aistriú inbhuanaithe agus glas cóir agus d’chlaochlú digiteach, agus cóineasú a chothú laistigh den Aontas ag an am céanna. Beidh rath na mbeart a ghlacfar ag brath, áfach, ar athchóiriú cuimsitheach ar rialachas eacnamaíoch agus airgeadais AE, rud ar féidir seasamh leis ar na cúiseanna seo a leanas.

Tá go leor cúiseanna ann chun tacú leis an gcinneadh maidir leis an athbhreithniú leanúnach ar rialacha fioscacha an Aontais: Is léir nach leor an leibhéal infheistíochta poiblí i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an digiteáil agus leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Measann go leor Ballstát go bhfuil ceanglais an chomhordaithe ó thaobh an bheartais cobhsaíochta de ina ualach atá ag méadú. Níor mheas na Ballstáit go raibh na moltaí maidir le beartas eacnamaíoch atá sa Seimeastar Eorpach ceangailteach ach i bpáirt agus mheas siad gur cuireadh chun feidhme iad ar bhealach roghnaitheach dá réir sin. Ina theannta sin, tá rannpháirtíocht dhaonlathach éigeantach ó pharlaiminteoirí tofa náisiúnta agus Eorpacha in easnamh sa chreat. Mar thoradh air sin, ní chomhlíonann an comhordú beartais tríd an seimeastar Eorpach an méid a bhfuiltear ag súil leis ó thaobh cuspóirí an bheartais fhioscaigh a ghnóthú, ach freisin, ar bhonn níos leithne, maidir le míchothromaíochtaí eacnamaíocha a chosc agus a laghdú.

Mar thoradh ar COVID-19, tá géarchéim eacnamaíoch ann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo rud a threisíonn níos mó fós an gá atá le hathbhreithniú. Cé go bhfuil an suaitheadh siméadrach, tá éagsúlacht mhór sa tionchar i measc na mBallstát, rud a léiríonn a thromchúisí atá an phaindéim agus a dhéine atá a mbearta srianta, ach a neamhchosaintí eacnamaíocha sonracha agus na dálaí tosaigh a bhaineann leo freisin, agus an raon feidhme atá acu le haghaidh freagairtí lánroghnacha ar bheartas fioscach. Cuirfidh sé sin tuilleadh le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Méadóidh an leibhéal fiachais mar chéatadán de OTI go suntasach i ngach Ballstát, agus is ábhar imní é i gcuid de na Ballstáit sin. Fiú tar éis na géarchéime, beidh sé an-deacair ag a lán tíortha an cóimheas fiachais-OTI is gá de 60 % a bhaint amach. Ní dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar an infheistíocht phoiblí a bhfuil gá leis i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an digiteáil go luath amach anseo. I staid reatha an bheartais eacnamaíoch agus airgeadais, dá ndéanfaí rialacháin reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a athbhunú, tar éis an clásal ginearálta éalaithe a tharraingt siar, dá bhrí sin, bheadh faillí ann maidir leis na dálaí athraithe agus na riachtanais a bheidh ann amach anseo.

Dá bhrí sin, moltar sa tuarascáil reatha maidir leis an Seimeastar Eorpach gur cheart dúshláin lárnacha bheartas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa – go háirithe cur chun feidhme beartais aeráide atá inbhuanaithe agus cóir agus digiteáil – a bheith fréamhaithe go daingean sa bheartas frith-ghéarchéime atá ann faoi láthair. Ag an am céanna, ní mór na bunsraitheanna le haghaidh athchoigeartú ar an gcreat beartais airgeadais agus eacnamaíoch don tréimhse iar-ghéarchéime a shocrú. Saincheist thábhachtach is ea treoshuíomh cobhsaíochta bheartas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa a thabhairt chun réitigh leis an méadú leordhóthanach ar an infheistíocht phoiblí i mBallstáit uile an Aontais. Thairis sin, ní mór céimeanna breise a ghlacadh i dtreo an daonlathaithe agus chun míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

15.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

11

11

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Henrike Hahn, Eugen Jurzyca, Mick Wallace

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

29

+

PPE

Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Enikő

Győri, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

 

11

-

ECR

Derk Jan Eppink, Eugen Jurzyca, Roberts Zīle

ID

Gunnar Beck, Francesca Donato, Valentino Grant, Jörg Meuthen, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos

S&D

Aurore Lalucq

 

11

0

ECR

Johan Van Overtveldt

GUE/NGL

José Gusmão, Martin Schirdewan, Mick Wallace

NI

Piernicola Pedicini

Renew

Caroline Nagtegaal

Verts/ALE

Sven Giegold, Claude Gruffat, Henrike Hahn, Stasys Jakeliūnas, Kira Marie

Peter-Hansen

 

Eochair:

+ :  i bhfabhar

-    i gcoinne

0 :  staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais