Tuarascáil - A9-0188/2021Tuarascáil
A9-0188/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ar iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport

2.6.2021 - (COM(2021)0212 – C9‑0159/2021 – 2021/0109(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Olivier Chastel

Nós Imeachta : 2021/0109(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0188/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0188/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ar iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport

(COM(2021)0212 – C9‑0159/2021 – 2021/0109(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0212 – C9‑0159/2021),

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006[1] (‘Rialachán CED’),

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[2], agus go háirithe Airteagal 8 de,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[3], (“IIA an 16 Nollaig 2020”)agus go háirithe pointe 9 de,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0188/2021),

A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B. de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 1 468 iomarcaíocht[4] sa chuideachta Swissport Belgium, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 9 Meitheamh 2020 go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2020;

C. de bhrí, an 27 Aibreán 2021, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh CED i bhfabhar na Beilge chun tacú le hath-imeascadh 1 468 dtairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair;

D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 468 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Swissport Belgium.

E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála d’Airteagal 4(1)(a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;

F. de bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur tháinig de géarchéim sláinte COVID-19 géarchéim eacnamaíoch agus gur chuir sé ar son plean téarnaimh Next Generation EU a leagann béim ar an ról lárnach atá ag CED maidir le cuidiú le hoibrithe iomarcacha;

G. de bhrí gur thug paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda dá héis suaitheadh mór do thionscal an taistil sa Bheilg, go háirithe na haeriompróirí agus na fiontair atá ag feidhmiú ag Aerfort na Bruiséile, áit ar tháinig sa chéad seachtain den dianghlasáil (16-22 Márta 2020) laghdú 58% ar líon na n-eitiltí i gcomparáid le mí Eanáir 2020, agus gur stad gluaiseachtaí eitleán paisinéirí ag an aerfort beagnach go hiomlán sna seachtainí ina dhiaidh sin;

H. de bhrí, in 2020, gur tháinig laghdú 60 % ar thrácht idirnáisiúnta paisinéirí i gcomparáid le 2019 (ó 4,5 billiún paisinéir go 1,8 billiún paisinéir) agus gur cuireadh 50 % d’aerárthaí domhanda i stóráil. de bhrí go raibh Swissport Belgium, ceann den dá láimhseálaí ar an talamh de chuid Aerfort na Bruiséile, freagrach as 60 % de na seirbhísí láimhseála agus glantacháin ag an aerfort.

I. de bhrí, an 9 Meitheamh 2020, tar éis seachtainí gur ar éigean seirbhísí ar an talamh a bheith ann ag Aerfort na Bruiséile, gur fógraíodh Swissport Belgium a bheith féimheach mar gheall ar easpa leachtachta agus mar thoradh ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, agus nár léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium a ghlacadh chuige féin, rud as ar eascair na hiomarcaíochtaí lena mbaineann; de bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur mór an baol go bhféadfadh tuilleadh féimheachtaí a bheith ann i measc soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh le linn 2021;

J. de bhrí go raibh Swissport Belgium ag cur plean téarnaimh i bhfeidhm go rathúil sular bhuail an phaindéim é, ag tuar go mbeadh laghdú 37 % ar chaillteanais do 2020 i gcomparáid le 2019, agus gur dhearbhaigh Cúirt na Bruiséile é a bheith féimheach an 9 Meitheamh 2020;

K. de bhrí, mar gheall ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, nár léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium a ghlacadh chuige féin;

L. de bhrí gur mór an baol go bhféadfadh tuilleadh féimheachtaí a bheith ann i measc soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh le linn 2021;

M. de bhrí gur ceann de na chéad slógthaí de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)[5] a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa, á rá go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;

N. de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála[6];

1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 3 719 224 de ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 16 198 708, a chuimsíonn EUR 5 977 108 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 221 600 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 22 Nollaig 2020, agus, i ndiaidh don Bheilg faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 27 Aibreán 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;

4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas ar an iomlán le 1 468 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Swissport Belgium, ar fir iad 1086 díobh agus ar mná iad 382 díobh; á chur in iúl gur geal léi go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha ar fad páirt sna bearta;

5. á mheabhrú gurb é a tháinig de dhúnadh síos tobann earnálacha lárnacha áirithe sa Bheilg (lónadóireacht, turasóireacht, cultúr, etc.) gur shroich dífhostaíocht sa Bhruiséil 15 % i dtríú ráithe 2020[7], agus gur grúpaí faoi mhíbhuntáiste cuid mhór d’iarfhórsa oibre Swissport Belgium, mar gur oibrithe ar bheagán oiliúna agus leathoilte iad den chuid is mó agus go bhfuil thart ar aon trian díobh (32,5%) os cionn 50 bliain d’aois;

6. á chur i bhfios go láidir gur gá do na fostaithe go léir, gan idirdhealú agus go neamhspleách ar a náisiúntacht, a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear i slógadh seo CED;

7. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag cur seirbhísí pearsantaithe ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 9 Meitheamh 2020 agus gurb é an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED dá bhrí sin ná an 9 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Nollaig 2022;

8. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: faisnéis, cúnamh cuardaigh poist agus treoir ghairme, oiliúint, tacaíocht agus rannchuidiú le cruthú gnó, dreasachtaí agus liúntais; á chur in iúl gur geal léi go bhfaighidh oibrithe a bhfuil a n-inscne faoi ghannionadaíocht agus a roghnaíonn gairmoiliúint do phoist a bhfuil éagothroime shuntasach iontu ó thaobh inscne de[8] bónas breise EUR 700; ag athdhearbhú go bhfuil comhtháthú ghnéithe na hinscne mar ní tábhachtach de bhuiséad an Aontais, agus á mheas gur cheart é a chur chun cinn ag gach céim de chur i bhfeidhm na ranníocaíochta airgeadais ó CED;

9. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 10 Meitheamh 2020 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 10 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Meitheamh 2023;

10. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe oibrithe agus leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le lárionad fostaíochta atá speisialaithe san earnáil eitlíochta;

11. á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;

12. á mheabhrú gur cheart tacaíocht airgeadais trí CED a sholáthar chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir; ag cur béim ar an ngá an tréimhse measúnaithe ar iarratais ón gCoimisiún a ghiorrú a mhéid is féidir;

13. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

14. ag cur béim ar an méadú le déanaí ar líon na n-iarratas ar chúnamh airgeadais trí CED; á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin tionchar leanúnach atá ag an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda de dheasca phaindéim COVID-19 ar fhostaíocht agus faoi chumas an CED freagairt do gach riachtanas sa todhchaí;

15.  ag tacú go láidir go leanfaidh CED sa tréimhse 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta.

16. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

17. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

18. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 


 

IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Belgium Swissport

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006[9], agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

 

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[10], agus go háirithe pointe 9 de,

 

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

 

de bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2) Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle[11].

(3) An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Swissport sa Bheilg. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4) Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 3 719 224 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am is gá chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 3 719 224 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón ... [dáta a ghlactha].

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

I. Cúlra

Cruthaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda.

De réir fhorálacha Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[12] agus fhorálacha Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013[13], ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018).

Maidir leis an nós imeachta, de réir phointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[14], chun an Ciste a ghníomhachtú, cuireann an Coimisiún, i gcás measúnú dearfach ar iarratas, togra faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh chun an Ciste a shlógadh agus, ag an am céanna, iarraidh chomhfhreagrach ar aistriú.

II. An t-iarratas ón mBeilg agus an togra ón gCoimisiún

An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg iarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 1 468 n-iomarcaíocht[15] sa chuideachta Swissport Belgium.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán CED, go gcomhlíontar na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

An 27 Aibreán 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh CED i bhfabhar na Beilge chun tacú le hath-imeascadh 1 468 dtairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair, i.e. oibrithe a rinneadh iomarcach in Swissport Belgium.

Chinn an Coimisiún go raibh an t-iarratas inghlactha faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí ar a laghad 500 oibrí ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

Is é sin an tríú hiarratas de 2020 agus an dara ceann a scrúdaíodh faoi bhuiséad 2021, lena n-áirítear an CAI nua (de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[16] agus IIA an 16 Nollaig 2020. Tá línte cúltaca buiséid ag Buiséad 2021 d’íocaíochtaí CED (roimh 2021) a úsáidfear le haghaidh íocaíochtaí a shlógfar faoi rialachán CED 2014-2020. Ghlac Parlaimint na hEorpa rialachán comharba CED do 2021-2027 (2018/0202 (COD)) ag a seisiún iomlánach an 28 Aibreán, 2021, ach ní bheidh aon tionchar aige ar an nós imeachta sin ná ar aon nósanna imeachta atá le teacht maidir le slógadh faoi sheanchlár 2014-2020.

Ríomhadh líon iomlán na n-oibrithe iomarcacha (1468) ó dháta fhógra aonair an fhostóra lenar léiríodh go raibh an t-oibrí le leagan as nó go raibh conradh fostaíochta an oibrí le foirceannadh.

Baineann an t-iarratas le 1 468 n-oibrí spriocdhírithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus tagraíonn sé do shlógadh méid iomlán EUR 3 719 224 ó CED don Bheilg, arb ionann é agus 60% de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí beartaithe.

Chun an nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na hathruithe móra struchtúracha i bpatrúin trádála an domhain mar gheall ar dhomhandú a bhunú, bunaíonn an Bheilg an t-iarratas ar dhearbhú an Choimisiúin go bhfuil géarchéim dhomhanda eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte dhomhanda, ar tugadh aghaidh uirthi i bPlean téarnaimh an Choimisiúin agus ina luaitear go sainráite CED mar cheann dá uirlisí[17].

Chuir an Bheilg dianghlasáil i bhfeidhm an 18 Márta 2020 chun srian a choinneáil ar phaindéim COVID-19. Bhí tionchar aige láithreach ar na haeriompróirí agus ar na fiontair a bhíonn ag oibriú ag Aerfort na Bruiséile. Sa chéad seachtain den dianghlasáil (16-22 Márta), thit líon na n-eitiltí ag an aerfort sin go dtí 578, laghdú 58 % ó bhí Eanáir 2020 ann. Le linn na seachtainí ina dhiaidh sin, tháinig deireadh le gluaiseachtaí eitleán paisinéirí ag an aerfort go hiomlán beagnach, ach amháin i gcás líon teoranta eitiltí aisdúichithe, eitiltí éigeandála leighis nó eitiltí taidhleoireachta. Bhí Swissport Belgium, ceann den dá láimhseálaí ar an talamh atá ag an aerfort, freagrach as 60 % de na seirbhísí láimhseála agus glantacháin ag an aerfort. Nuair a bhris an phaindéim amach, bhí ag éirí le Swissport Belgium plean téarnaimh a chur i bhfeidhm: sa cheathrú ráithe de 2019, bhí méadú 5,8 % tagtha ar an láimhdeachas iomlán i gcomparáid leis an gceathrú ráithe de 2018. Ag an gcruinniú boird a bhí aige an 20 Feabhra 2020, chuir Swissport réamhaisnéis láimhdeachais i láthair de chaillteanas EUR 4,5 milliún don bhliain 2020, arb ionann é sin agus laghdú 37 % ar chaillteanais i gcomparáid le 2019. Tar éis trí mhí a thabhairt go neamhghníomhach agus é in éagmais leachtachta, rinne Swissport iarratas a chomhdú le haghaidh féimheachta. D’fhógair Cúirt na Bruiséile an fiontar a bheith féimheach an 9 Meitheamh 2020. Mar gheall ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, níor léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium a ghlacadh chuige féin[18].

Is éard a bheidh sna cúig chineál gníomhaíochta a dhéanfar d’oibrithe iomarcacha agus ar ina leith a iarrfar cómhaoiniú CED, ná:

a. Faisnéis, cúnamh i gcuardach poist agus gairmthreoir Mar aon le faisnéis ghinearálta agus aonair faoi bhearta, cuimseoidh sé sin próifíliú na n-oibrithe, cúnamh i dtaca le socrúchán seachtrach, treoraíocht ghníomhach atá dírithe ar phost agus idirghabháil poist. Eagrófar aonaigh post freisin.

b. Oiliúint Cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar riachtanais na n-oibrithe. Cuimseoidh sé sin oiliúint chothrománach amhail teanga iasachta agus TFC, gairmoiliúint sna scileanna is gá i seirbhísí aerfoirt nó in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna.

c. oiliúint ar an láthair oibre; Cuirfear í seo ar fáil le haghaidh folúntais lena bhfuil easpa iarrthóirí oiriúnacha. Tar éis dó an oiliúint a chríochnú, tairgfear conradh don oibrí lena mbaineann.

d. Tacaíocht chun gnólacht a chur ar bun Agus é mar aidhm tionscadail inmharthana ghnó nó féinfhostaíochta a fhorbairt, gheobhaidh oibrithe a bhfuil suim acu a bheith féinfhostaithe tacaíocht ó eagraíochtaí réigiúnacha. D’fhéadfadh go gclúdódh sé sin pleanáil, staidéir féidearthachta a dhéanamh, pleananna gnó a ullmhú, cuidiú le féidearthachtaí maoinithe a shainaithint, etc. Tairgtear liúntais oiliúna agus liúntais eile do thairbhithe chun tacú lena rannpháirtíocht sna bearta gníomhacha.

e. Rannchuidiú le gnónna nuathionscanta, Na hoibrithe a thosaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad siúd ranníocaíocht suas le EUR 15 000.

f. Dreasachtaí agus liúntais (1) Liúntas um chuardach poist agus liúntas oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe EUR 1 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist. (2) Ranníocaíocht le speansais chomaitéireachta. Chun an tsoghluaisteacht réigiúnach agus idir-réigiúnach a chur chun cinn, oibrithe a ghlacann le post atá níos mó ná 60 km óna mbaile, é sin nó má tá breis agus ceithre uair an chloig i gceist san iomlán leis an turas isteach go dtí an obair agus an turas abhaile arís, gheobhaidh na hoibrithe sin cnapshuim EUR 500 más ar iompar príobháideach a thaistealaíonn siad nó EUR 750 más ar iompar poiblí a thaistealaíonn siad. (3) Bónas as steiréitíopaí inscne a bhriseadh. Tabharfar bónas EUR 700 a íocfar in dhá thráthchuid d’oibrithe den inscne is lú ionadaíocht a roghnóidh gairmoiliúint do phoist a bhfuil éagothroime shuntasach iontu ó thaobh inscne de, ceann amháin ag tús na hoiliúna agus ceann eile ag deireadh na hoiliúna.(4) Liúntas chun gnólacht a chur ar bun. Gheobhaidh oibrithe ranníocaíocht mhíosúil EUR 350, ar feadh 12 mhí ar a mhéad, agus iad ag ullmhú chun a ngnó féin a thosú. Cuirfear ranníocaíocht EUR 200 ar fáil freisin, ar feadh cúig mhí ar a mhéad, chun tacú leis an duine nua-fhéinfhostaithe sa chéad chúpla mí dá ghníomhaíocht. (5) Liúntas um fhilleadh ar an scoil. Deonófar liúntas míosúil EUR 350 d’oibrithe a théann i mbun staidéir threasacha go lánaimseartha ar feadh bliain amháin ar a laghad, nó i mbun oiliúint cháilitheach 3 mhí ar a laghad chun na scileanna riachtanacha a fhoghlaim le haghaidh poist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a aimsiú dóibh, le haghaidh poist a bhaineann le feidhmeanna criticiúla, etc.

 

Ós rud é gur oibrithe ar bheagán oiliúna agus leathoilte iad sciar mór de na tairbhithe agus go bhfuil thart ar aon trian díobh (32,5%) os cionn 50 bliain d’aois, tá treoir agus tacaíocht bhreise maidir le cuardach poist, chomh maith le breisoiliúint agus athoiliúint saincheaptha dá riachtanais, meastar go bhfuil sé tábhachtach dá bhfostaíocht sa todhchaí.

De réir an Choimisiúin, is ionann na bearta ar a bhfuil tuairisc anseo agus bearta gníomhacha sa mhargadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán CED agus ní dhéanann siad ionadú ar bhearta cosanta sóisialta éighníomhacha.

Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh siad nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Nós imeachta

Chun an Ciste a shlógadh, tá iarraidh curtha ag an gCoimisiún faoi bhráid an Údaráis Buiséadaigh chun méid iomlán EUR 3 719 224 ó chúlchiste CED (30 04 02) a aistriú chuig líne bhuiséid CED (roimh2021) (16 02 99 01). I gcás easaontais, cuirfear tús leis an nós imeachta tríthaobhach, dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) de Rialachán CED.

De réir comhaontú inmheánach, ba cheart baint a bheith ag an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta leis an bpróiseas, chun tacaíocht chuiditheach a thabhairt agus chun rannchuidiú leis an measúnú ar na hiarratais ón gCiste.


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA

An tUasal Johan Van Overtveldt

Cathaoirleach

An Coiste um Buiséid

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh - EGF/2020/005 BE/Swissport – an Bheilg (2021/0109(BUD))

A Cathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Sa chruinniú a bhí aige an 18 Bealtaine 2021, chinn an coiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 27 Bealtaine 2021. Ag an gcruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Buiséid, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Is mise, le meas,

Lucia Ďuriš Nicholsonová

 


MOLTAÍ

Tá pléití Choiste EMPL bunaithe ar na nithe seo a leanas:

 

A. De bhrí, an 22 Nollaig 2020, gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 1 468 n-iomarcaíocht sa chuideachta Swissport Belgium.

B. De bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála d’Airteagal 4(1)(a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;

C. De bhrí, an 27 Aibreán 2021, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh CED i bhfabhar na Beilge chun tacú le hath-imeascadh 1 468 dtairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair, i.e. oibrithe a rinneadh iomarcach in Swissport Belgium;

D. De bhrí gur bhain paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda dá héis suaitheadh mór as tionscal an taistil sa Bheilg, go háirithe na haeriompróirí agus na fiontair atá ag feidhmiú ag Aerfort na Bruiséile;

E. De bhrí, in 2020, gur tháinig laghdú 60 % ar thrácht idirnáisiúnta paisinéirí i gcomparáid le 2019 (ó 4,5 billiún paisinéir go 1,8 billiún paisinéir) agus gur cuireadh 50 % d’aerárthaí domhanda i stóráil. De bhrí go raibh Swissport Belgium, ceann den dá láimhseálaí ar an talamh atá ag an aerfort, freagrach as 60 % de na seirbhísí láimhseála agus glantacháin ag an aerfort.

F. De bhrí, an 9 Meitheamh 2020, tar éis seachtainí gur ar éigean seirbhísí talún a bheith ann ag an aerfort, gur fógraíodh Swissport Belgium a bheith féimheach mar gheall ar easpa leachtachta agus mar thoradh ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, agus nár léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium a ghlacadh chuige féin, rud as ar eascair na hiomarcaíochtaí lena mbaineann.  De bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur mór an baol go bhféadfadh tuilleadh féimheachtaí a bheith ann i measc soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh le linn 2021;

G. De bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála.

Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um Buiséid, dá bhrí sin, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a chomhtháthú ina thairiscint i gcomhair rúin:

 

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 3 719 224 de ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 16 198 708, a chuimsíonn EUR 5 977 108 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 221 600 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;

3.  ag aontú le measúnú na Beilge go bhfuil géarchéim eacnamaíoch dhomhanda mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte dhomhanda, ar thug plean téarnaimh an Choimisiúin aghaidh uirthi agus a luann go sainráite CED mar cheann dá uirlisí;

4.  á chur in iúl gur geal léi na sé chineál gníomhaíochta a bhfuil foráil déanta ina leith faoin bpacáiste seirbhísí pearsantaithe (faisnéis, cúnamh cuardaigh poist agus treoir ghairme; oiliúint; oiliúint ar an láthair oibre; tacaíocht chun gnólacht a chur ar bun rannchuidiú le gnónna nuathionscanta, dreasachtaí agus liúntais) a bheidh le soláthar d’oibrithe iomarcacha, ar ina leith a iarrfar cómhaoiniú CED;

5.  ag aithint gur oibrithe ar bheagán oiliúna agus leathoilte iad sciar mór de na tairbhithe agus go bhfuil thart ar aon trian díobh os cionn 50 bliain d’aois, agus, dá bhrí sin, go meastar go bhfuil treoir agus tacaíocht bhreise maidir le cuardach poist, chomh maith le breisoiliúint agus athoiliúint saincheaptha dá riachtanais, tábhachtach dá bhfostaíocht sa todhchaí.

6.  á mheabhrú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED agus ó chistí eile de chuid an Aontais a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar fhostóirí, bíodh sé de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;

7.  ag tacú go láidir go leanfaidh CED in 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta.


 

LITIR ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH

An tUasal Johan VAN OVERTVELDT

Cathaoirleach an Choiste um Buiséid

WIE 05U012

 

 

Ábhar: Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Belgium Swissport

 

 

A Uasail Van Overtveldt, a chara,

 

 

Chuir an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ar iarratas ón mBeilg (COM(2021)0212), tar éis iomarcaíochtaí in Swissport Belgium.

Tuigim go bhfuil sé beartaithe tuarascáil ar an togra sin a ghlacadh go luath sa Choiste um Buiséid.

 

Baineann an t-iarratas le 1 468 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Swissport Belgium, ar cheart do gach duine acu páirt a ghlacadh sna bearta. Tá tionchar ag iomarcaíochtaí Swissport Belgium ar oibrithe atá ina gcónaí ar fud na tíre: An Bhruiséil (29 %), Flóndras (52 %) agus an Vallúin (19 %). Na heachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí sin, is toradh iad ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda gan choinne a d’eascair as géarchéim COVID-19.

 

Is éard atá sna seirbhísí pearsantaithe a bheidh le soláthar d’oibrithe iomarcacha na gníomhaíochtaí seo a leanas arb ionann iad agus bearta gníomhacha sa mhargadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán CED: Faisnéis, cúnamh cuardaigh poist agus treoir ghairme, Oiliúint, Oiliúint ar an láthair Oibre, Tacaíocht do chruthú gnó, Ranníocaíocht le gnólachtaí nuathionscanta agus Dreasachtaí agus liúntais.

 

Is é EUR 6 198 708 na costais mheasta iomlána, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 5 977 108 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 221 600 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe. Is é EUR 3 719 224 (60% de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

 

Is ionann an dara slógadh seo de chúlchiste CED agus 2% de na leithreasaí atá ar fáil do 2021, rud a fhágann go bhfuil EUR 189 milliún ar fáil i leithreasaí faoi chomhair gealltanas.

 

Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (‘Rialachán CED’).

 

Tá measúnú déanta ag comhordaitheoirí an choiste ar an togra sin agus d’iarr siad orm scríobh chugat lena thuairisciú nach bhfuil aon agóid ag tromlach an choiste sin in aghaidh shlógadh seo CED chun an tsuim thuasluaite a leithdháileadh, mar a mhol an Coimisiún.

 

 

Is mise, le meas,

 

 

 

Younous OMARJEE

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

31.5.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

2

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mario Furore, Jens Geier, Henrike Hahn

 


 

 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

39

+

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

NI

Mario Furore

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

The Left

Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn

 

2

-

ID

Joachim Kuhs

NI

Ioannis Lagos

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 4 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais