TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)
9.4.2024 - (COM(2023)0733 – C9‑0412/2023 – 2023/0418(COD)) - ***I
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Matjaž Nemec
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)
(COM(2023)0733 – C9‑0412/2023 – 2023/0418(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0733),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0412/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0172/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
a. Cúlra
An 16 Samhain 2023, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava).
De réir an Choimisiúin, d’fhágfadh an leasú sin ar Rialachán (AE) 2018/1806 go bhféadfaí sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a dhíolmhú ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
In 2009, áiríodh an Chosaiv i gcuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, rud a fhágann go raibh sé de cheangal ar shealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an gCosaiv víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh. Chuir an Coimisiún tús le hidirphlé leis an gCosaiv maidir le léirscaoileadh víosaí an 19 Eanáir 2012. An 14 Meitheamh 2012, chuir sé treochlár faoi bhráid na Cosaive inar sainaithníodh an reachtaíocht uile agus na bearta eile ba ghá don Chosaiv a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le léirscaoileadh víosaí. Tugadh an t-idirphlé sin i gcrích go rathúil, agus an 4 Bealtaine 2016, rinne an Coimisiún togra a thíolacadh[1] maidir leis an gCosaiv a aistriú go hIarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.
Comhaontaíodh an togra sin ar deireadh agus glacadh é an 19 Aibreán 2023. Le Rialachán (AE) 2023/850[2], leasaíodh Rialachán (AE) 2018/1806[3] (a cuireadh in ionad Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 idir an dá linn), tríd an gCosaiv a aistriú ó Chuid 2 d’Iarscríbhinn I go Cuid 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Mar atá i gcás gach idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí a tugadh i gcrích go rathúil roimhe seo, cinneadh nár cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón gceanglas víosa ach amháin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha. Thairis sin, cinneadh nár cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin go dtí an dáta a rachaidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4], i mbun oibríochtaí nó go dtí an 1 Eanáir 2024, cibé dáta is túisce. Tar éis Rialachán (AE) 2023/850 a ghlacadh, is iad sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú na haon saoránaigh amháin i réigiún na mBalcán Thiar a mbeadh de cheangal orthu i gcónaí víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachtaí.
Le teacht i bhfeidhm na díolúine víosa le haghaidh shealbhóirí pasanna na Cosaive, mheas an Coimisiún ina thogra nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a eisiamh ón diolúine víosa sin, agus gur cheart go mbainfeadh na saoránaigh uile i réigiún na mBalcán Thiar tairbhe as taisteal gan víosa chuig limistéar Schengen.
b. Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú
Bunaíodh Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú le linn an idirphlé leis an tSeirbia maidir le léirscaoileadh víosaí. Ba é ab aidhm leis sin fáil réidh leis na seacht Stiúrthóireacht Póilíneachta réigiúnacha a bhí scaipthe ar fud chríoch na Seirbia, ar stiúrthóireachtaí iad a bhí freagrach as pasanna a eisiúint do Sheirbiaigh na Cosaive go dtí sin. Is pasanna bithmhéadracha iad na pasanna a eisíonn Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú agus tá siad in úsáid ag a sealbhóirí mar dhoiciméid taistil chun taisteal chuig an Aontas ó bunaíodh an Stiúrthóireacht.
Ó cuireadh tús leis an gcéad idirphlé maidir le léirscaoileadh víosa in 2008, leag an Coimisiún amach cuspóir foriomlán i dtaobh rochtain gan víosa ar limistéar Schengen a dheonú do réigiún na Balcáin Thiar ina iomláine. Cuireadh deireadh le ceanglais víosa do Mhontainéagró, don Mhacadóin Thuaidh agus don tSeirbia in 2009, don Albáin agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in 2010, agus don Chosaiv in 2023. Sa chomhthéacs sin, dá gcuirfí deireadh leis an eisiamh ón díolúine víosa a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú, d’áiritheofaí go mbeadh réigiún iomlán na mBalcán Thiar faoi réir an chórais víosa chéanna.
c. Seasamh an Rapóirtéara
Gan amhras, tá beartas víosaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear a chóras léirscaoilte víosaí, ar cheann de na huirlisí beartais eachtraigh boga is tábhachtaí san Eoraip. Mar sin féin, de bharr chastacht na geopholaitíochta domhanda, ach go minic, de bharr deighiltí inmheánacha an Aontais Eorpaigh freisin, bhí gá le comhréitigh agus cinntí áirithe a dhéanamh a chruthaíonn fadhbanna sa todhchaí go minic. Is amhlaidh an cás a mhéid a bhaineann leis na Balcáin Thiar, áit nach mbíonn cúrsaí riamh simplí agus is annamh a bhíonn siad éasca.
Maidir leis an togra ón gCoimisiún, tá an Rapóirtéir den tuairim gur gá na fíricí agus na gnéithe uile a mheas chun an cheist chasta sin a fhreagairt, agus mar sin féin, gur fiú cur chuige a ghlacadh inar cheart an pholaitíocht a chur i leataobh ar feadh nóiméid.
Caithfear a aithint gurb é an tAontas Eorpach is siocair leis an bhfadhb sin den chuid is mó, agus dá bhrí sin, creideann an Rapóirtéir go gcaithfidh AE é a réiteach anois freisin.
B’fhéidir nach raibh sé stuama a fhorchur ar an tSeirbia, mar chuid dá hidirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí in 2008, idirdhealú a dhéanamh i gcás eisiúint pasanna do Sheirbiaigh atá ina gcónaí sa Chosaiv, ós eol dúinn nach bhféadfadh sé ach gur réiteach de chineál sealadach a bheadh ann i gcónaí. Agus ag an am céanna gan coimircí leordhóthanacha a thabhairt isteach sa réiteach sealadach sin, rud a d'fhéachfadh le deireadh a chur leis faoi dheoidh.
Thairis sin, níl rannchuidiú déanta ar aon bhealach cabhrach, ionas nach n-éireoidh an tsaincheist ina fadhb, ag an easpa forbartha i normalú an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv, agus ag an bhfíoras nach n-aithníonn an tSeirbia agus an Chosaiv doiciméid a chéile go frithpháirteach fós.
Tuigeann an Rapóirtéir go maith gurb iad cónaitheoirí Seirbiach na Cosaive ar sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú iad fós an chatagóir dheireanach daoine sna Balcáin Thiar ar gá dóibh víosa AE a bheith acu, gan aon locht orthu féin. Measann an Rapóirtéir gurb ionann sin agus idirdhealú agus tá sé den tuairim go láidir, i bprionsabal, gur cheart aon idirdhealú a thoirmeasc, agus a leigheas láithreach má tharlaíonn sé. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna sin i leith an togra seo.
Go dtí an tráth sin a bheidh stádas deiridh na Cosaive réitithe nó a bheidh forbairt shuntasach déanta i normalú an chaidrimh idir an Chosaiv agus an tSeirbia, tá an Rapóirtéir den tuairim nár cheart don togra sin iarracht a dhéanamh, agus nach féidir leis, an díospóid idir an tSeirbia agus an Chosaiv a réiteach, ná nár cheart a bheith ag súil go ndéanfadh sé amhlaidh. Creideann an Rapóirtéir, chun an toradh is fearr a bhaint amach, ba cheart an pholaitíocht a chur i leataobh agus cur chuige a ghlacadh i leith an ábhair sin amhail is gur saincheist theicniúil atá ann.
Dá bhrí sin, tar éis chastacht na saincheisteanna a thuiscint agus na gnéithe éagsúla uile a mheas, is geal leis an Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún agus tacaíonn sé lena ghlacadh tapa i bParlaimint na hEorpa gan leasuithe le linn an téarma pharlaimintigh reatha.
IARSCRÍBHINN: ENTITIES OR PERSONS FROM WHOM THE RAPPORTEUR HAS RECEIVED INPUT
Pursuant to Article 8 of Annex I to the Rules of Procedure, the rapporteur declares that he has received input from the following entities or persons in the preparation of the report, until the adoption thereof in committee:
Entity and/or person |
Embassy of the Republic of Kosova in Brussels, Belgium |
Mission of the Republic of Serbia to the EU |
The first Deputy Prime Minister for European Integration, Development and Dialogue of the Republic of Kosovo |
The list above is drawn up under the exclusive responsibility of the rapporteur.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE FREAGRACH
Teideal |
Lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava) |
|||
Tagairtí |
COM(2023)0733 – C9-0412/2023 – 2023/0418(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
16.11.2023 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 11.12.2023 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Matjaž Nemec 4.3.2024 |
|
|
|
Rapóirtéirí roimhe seo |
Jean-Paul Garraud |
|||
Dáta an ghlactha |
9.4.2024 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
34 7 12 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Pietro Bartolo, Theresa Bielowski, Vladimír Bilčík, Malin Björk, Karolin Braunsberger-Reinhold, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Annika Bruna, Lena Düpont, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Erik Marquardt, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Pina Picierno, Emil Radev, Diana Riba i Giner, Isabel Santos, Birgit Sippel, Tineke Strik, Jana Toom, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Susanna Ceccardi, José Gusmão, Leopoldo López Gil, Matjaž Nemec, Janina Ochojska, Anne-Sophie Pelletier, Bergur Løkke Rasmussen, Dragoş Tudorache, Petar Vitanov, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marie Dauchy, Claude Gruffat, Pär Holmgren, Gilles Lebreton, Alin Mituța, Kosma Złotowski |
|||
Dáta don chur síos |
9.4.2024 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
34 |
+ |
PPE |
Vladimír Bilčík, Karolin Braunsberger-Reinhold, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Janina Ochojska, Emil Radev, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Alin Mituța, Bergur Løkke Rasmussen, Jana Toom, Dragoş Tudorache |
S&D |
Pietro Bartolo, Theresa Bielowski, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Matjaž Nemec, Pina Picierno, Isabel Santos, Birgit Sippel, Petar Vitanov, Elena Yoncheva |
The Left |
Malin Björk, José Gusmão, Anne-Sophie Pelletier |
7 |
- |
NI |
Milan Uhrík |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Claude Gruffat, Erik Marquardt, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
12 |
0 |
ECR |
Assita Kanko, Kosma Złotowski |
ID |
Annika Bruna, Susanna Ceccardi, Marie Dauchy, Gilles Lebreton, Tom Vandendriessche |
PPE |
Leopoldo López Gil, Javier Zarzalejos |
Renew |
Maite Pagazaurtundúa |
S&D |
Maria Grapini |
Verts/ALE |
Pär Holmgren |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] COM/2016/0277 final.
- [2] Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv (Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.)) (IO L 110, 25.4.2023, lgh. 1-4).
- [3] Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
- [4] Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71).