Cosaint na hithreach
22.3.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000024/2021
ar an gComhairle
Riail 136
Pernille Weiss, Maria Arena, Martin Hojsík, Manuela Ripa, Alexandr Vondra, Idoia Villanueva Ruiz
thar ceann an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Is acmhainn neamh-inathnuaite í an ithir atá bunriachtanach don saol ar an bpláinéad. Soláthraíonn ithreacha seirbhísí éiceachórais tábhachtacha agus táirgeadh bia agus is príomhchumasóirí iad chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Tá cosaint éifeachtach na hithreach ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú agus creimeadh talún, agus fós cáilíocht an chomhshaoil, sláinte an duine agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú. Is féidir le cosaint na hithreach comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú freisin. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh dúinn é freagraí a fháil ón gComhairle ar na ceisteanna seo a leanas:
1. I gcomhthéacs chuspóirí AE maidir leis an athrú aeráide agus maidir le cosaint na bithéagsúlachta, an dtacaíonn an Chomhairle, ar an iomlán, le comhchreat dlíthiúil AE le haghaidh chosaint na hithreach ar leibhéal AE agus an dtabharfaidh sí gealltanas go ndéanfaidh sí tuilleadh díghrádaithe ithreach a chosc agus an ithir a chóireáil mar chomhacmhainn agus mar éiceachóras?
2. Cad iad na gníomhaíochtaí atá á mbreithniú ag an gComhairle chun creat dlíthiúil todhchaíoch AE le haghaidh chosaint na hithreach a éascú?
3. Cén chaoi a n-éascóidh an Chomhairle gealltanais an Aontais maidir le hithreacha a bhaint amach, chomh maith leis na mórghealltanais idirnáisiúnta i dtaca leis an tsaincheist?
Curtha síos: 22.3.2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 23.6.2021