Coimisinéir de chuid AE um Leas Ainmhithe
28.4.2022
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000016/2022
ar an gCoimisiún
Riail 136
Niels Fuglsang (S&D), Sylwia Spurek (Verts/ALE), Petras Auštrevičius (Renew), Manuel Bompard (An Chlé), Emmanouil Fragkos (ECR), Anja Hazekamp (An Chlé), Johan Van Overtveldt (ECR), Sirpa Pietikäinen (PPE), Maria Noichl (S&D), Francisco Guerreiro (Verts/ALE), Pascal Durand (Renew), Eleonora Evi (Verts/ALE), Jerzy Buzek (PPE), Tilly Metz (Verts/ALE), Manon Aubry (An Chlé), Caroline Roose (Verts/ALE), Tanja Fajon (S&D), Saskia Bricmont (Verts/ALE), Isabella Adinolfi (PPE), Alex Agius Saliba (S&D), Alviina Alametsä (Verts/ALE), Anna-Michelle Asimakopoulou (PPE), Margrete Auken (Verts/ALE), Tiziana Beghin (NI), Brando Benifei (S&D), Michael Bloss (Verts/ALE), Anna Bonfrisco (ID), Marc Botenga (An Chlé), Geert Bourgeois (ECR), Milan Brglez (S&D), Annika Bruna (ID), Martin Buschmann (NI), Fabio Massimo Castaldo (NI), Mohammed Chahim (S&D), Asger Christensen (Renew), Antoni Comín i Oliveres (NI), Andrea Cozzolino (S&D), Josianne Cutajar (S&D), Rosa D’Amato (Verts/ALE), Gwendoline Delbos-Corfield (Verts/ALE), Cyrus Engerer (S&D), Laura Ferrara (NI), Tomasz Frankowski (PPE), Claudia Gamon (Renew), Alexis Georgoulis (An Chlé), Markéta Gregorová (Verts/ALE), Catherine Griset (ID), Claude Gruffat (Verts/ALE), Sylvie Guillaume (S&D), José Gusmão (An Chlé), Pär Holmgren (Verts/ALE), Petros Kokkalis (An Chlé), Stelios Kouloglou (An Chlé), Alice Kuhnke (Verts/ALE), Stelios Kympouropoulos (PPE), Morten Løkkegaard (Renew), Fulvio Martusciello (PPE), Marisa Matias (An Chlé), Niklas Nienaß (Verts/ALE), Dimitrios Papadimoulis (An Chlé), Tsvetelina Penkova (S&D), Kira Marie Peter-Hansen (Verts/ALE), Sabrina Pignedoli (NI), Thijs Reuten (S&D), Manuela Ripa (Verts/ALE), Christel Schaldemose (S&D), Andreas Schieder (S&D), Martin Schirdewan (An Chlé), Günther Sidl (S&D), Michal Šimečka (Renew), Maria Spyraki (PPE), Vera Tax (S&D), Róża Thun und Hohenstein (Renew), Dragoş Tudorache (Renew), Milan Uhrík (NI), Ernest Urtasun (Verts/ALE), Nikolaj Villumsen (An Chlé), Marianne Vind (S&D), Petar Vitanov (S&D), Elissavet Vozemberg-Vrionidi (PPE), Thomas Waitz (Verts/ALE), Sarah Wiener (Verts/ALE), Chrysoula Zacharopoulou (Renew), Eugenia Rodríguez Palop (An Chlé), Manu Pineda (An Chlé), Idoia Villanueva Ruiz (An Chlé), Sira Rego (An Chlé), Ivan Vilibor Sinčić (NI), David Cormand (Verts/ALE), Pierre Larrouturou (S&D), Malte Gallée (Verts/ALE), Marina Kaljurand (S&D), Benoît Lutgen (PPE), Viola von Cramon-Taubadel (Verts/ALE), Mario Furore (NI), Virginie Joron (ID), François Alfonsi (Verts/ALE), Benoît Biteau (Verts/ALE), Marco Zullo (Renew), Pascal Arimont (PPE), Aurélia Beigneux (ID), Lars Patrick Berg (ECR), Jakop G. Dalunde (Verts/ALE), Sunčana Glavak (PPE), Raphaël Glucksmann (S&D), Elisabetta Gualmini (S&D), Eugen Jurzyca (ECR), Assita Kanko (ECR), Łukasz Kohut (S&D), Georgios Kyrtsos (PPE), Sara Matthieu (Verts/ALE), Vangelis Meimarakis (PPE), Younous Omarjee (An Chlé), Grace O’Sullivan (Verts/ALE), Alfred Sant (S&D), Mounir Satouri (Verts/ALE), Ivan Štefanec (PPE), Jadwiga Wiśniewska (ECR), Dino Giarrusso (NI), Daniela Rondinelli (NI), Chiara Gemma (NI), Biljana Borzan (S&D), Jytte Guteland (S&D), René Repasi (S&D), Pietro Bartolo (S&D), David Casa (PPE), Ignazio Corrao (Verts/ALE)
Aithnítear in Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ainmhithe mar neacha mothaitheacha. Mar a léiríodh sna freagraí a tugadh ar shuirbhéanna Eorabharaiméadair, is cás le saoránaigh na hEorpa ainmhithe, agus ba mhaith leo feabhas a chur ar a leas trí reachtaíocht shoiléir, trí bheartais éifeachtacha agus trí acmhainní leordhóthanacha a ghealladh.
Forbraíodh reachtaíocht AE maidir le leas ainmhithe ó 1974 ach tá cur chuige institiúidí AE neamhréireach, rud a chuir le fadhb an fhorghníomhaithe laig i réimsí éagsúla.
Ba cheart do choimisinéir AE atá freagrach as leas ainmhithe, tionchar agus cumhachtaí níos mó a fháil maidir leis an ábhar sin laistigh d’institiúidí AE, agus tá tábhacht an ábhair sin aitheanta go soiléir ag an gCoimisiún sin.
Tá os cionn 160 000 saoránach AE agus níos mó ná 170 Feisire ó na grúpaí polaitiúla go léir tar éis páirt a ghlacadh san fheachtas #EUforAnimals cheana chun a éileamh go dtabharfaí níos mó tábhachta do leas ainmhithe trí fhreagracht as a dhéanamh sainráite in ainm Ard-Stiúrthóireacht ábhartha an Choimisiúin agus theideal poist an choimisinéara inniúil.
Mar sin, thabharfaí freagracht don choimisinéir as ‘Sláinte, Sábháilteacht Bia agus Leas Ainmhithe’, rud a thacódh go mór leis an dul chun cinn reachtach agus leis an bhforfheidhmiú cuí.
Cinneadh polaitiúil suntasach a bheadh sa mhéid sin as a dtiocfadh níos mó cuntasachta maidir le leas ainmhithe in institiúidí AE agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé le comhsheasmhacht, le héifeachtacht agus le tionchar an cheaptha beartais sa réimse sin.
Ceann de na héifeachtaí láithreacha a bheadh ag an togra is ea stiúrthóireacht thiomnaithe a bhunú maidir le leas ainmhithe laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE), agus aitheantas leordhóthanach a thabhairt, ar an gcaoi sin, dá ábharthacht.
An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún freagra dearfach a thabhairt ar an togra sin? Más amhlaidh atá, cad iad na nósanna imeachta a tionscnaíodh chun é a chur chun feidhme?
Curtha síos: Riail 28.4(2022) de na Rialacha Nós Imeachta
Spriocdháta i gcomhair freagra: 29.7.2022