Atógáil acmhainneacht táirgeachta na hEorpa le haghaidh comhábhair ghníomhacha chógaisíochta
16.11.2022
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000049/2022
ar an gCoimisiún
Riail 136
Kosma Złotowski (ECR), Anna Zalewska (ECR), Beata Kempa (ECR), Jarosław Kalinowski (PPE), Miriam Lexmann (PPE), Andrzej Halicki (PPE), Bernhard Zimniok (ID), Alexis Georgoulis (The Left), Ryszard Czarnecki (ECR), Karol Karski (ECR), Jörg Meuthen (NI), Maria Grapini (S&D), Valdemar Tomaševski (ECR), Radan Kanev (PPE), Krzysztof Hetman (PPE), Zbigniew Kuźmiuk (ECR), Elżbieta Kruk (ECR), Joanna Kopcińska (ECR), Gianna Gancia (ID), Ondřej Knotek (Renew), Elżbieta Rafalska (ECR), Andżelika Anna Możdżanowska (ECR), Michèle Rivasi (Verts/ALE), Jarosław Duda (PPE), Anna Fotyga (ECR), Hermann Tertsch (ECR), Joachim Stanisław Brudziński (ECR), Andrus Ansip (Renew), Bogdan Rzońca (ECR), Beata Szydło (ECR), Tudor Ciuhodaru (S&D), Manolis Kefalogiannis (PPE), Nicola Procaccini (ECR), Beata Mazurek (ECR), Margarita de la Pisa Carrión (ECR), Adam Bielan (ECR)
Faoi láthair, is ón tSín agus ón India go príomha a thagann na comhábhair ghníomhacha chógaisíochta (API) a úsáidtear i gcógas a tháirgtear laistigh den Aontas (thart ar 80 % de API). Ar an gcaoi chéanna, is ó na tíortha thuasluaite a thagann thart ar 40 % de na cógais uile a dhíoltar san Eoraip. Tá an staid mar atá i ngeall ar an gcostas ard a bhaineann le táirgeadh API san Eoraip, a chinntear, as measc nithe eile, leis an ngá atá le dianchaighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh.
Ag an am céanna, ní fhacamar tionscnaimh leormhaithe ar leibhéal an Aontais a thabharfadh spreagadh do mhonaróirí chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh API laistigh den Aontas. Tá sé aitheanta cheana féin ag roinnt tíortha a thromchúisí atá an fhadhb agus tá sásraí áitiúla tugtha isteach acu chun monaróirí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh cógaisíochta intíre. Chun go n-éireoidh leis na bearta sin, áfach, ní mór gníomhaíocht uile-Aontais a sheoladh.
- 1.An aithníonn an Coimisiún scála na faidhbe a bhaineann leis an nganntanas cógas leighis agus an bhagairt don tsláinte phoiblí san Aontas dá thoradh sin, a eascraíonn as spleáchas earnáil chógaisíochta na hEorpa ar sholáthraithe API ó thríú tíortha?
- 2.Cad iad na gníomhaíochtaí atá déanta ag an gCoimisiún go dtí seo chun acmhainneacht táirgeachta API na hEorpa a neartú, agus ar baineadh amach na torthaí a bhí beartaithe leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear táirgeadh API a athlonnú chun na hEorpa?
- 3.An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún straitéis ar leith a ghlacadh chun acmhainneacht táirgeachta API a athbhunú san Aontas, ag cur san áireamh an gá atá le hathruithe rialála agus tacaíocht airgeadais do chuideachtaí cógaisíochta ar mian leo comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a tháirgeadh san Eoraip?
Curtha síos: 16.11.2022
Spriocdháta i gcomhair freagra: 17.2.2023