9. Pleananna an Choimisiúin chun an t-athbhreithniú ar na tograí atá fós gan réiteach maidir le leas ainmhithe a áireamh ina phlean oibre do 2025 (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Pleananna an Choimisiúin chun an t-athbhreithniú ar na tograí atá fós gan réiteach maidir le leas ainmhithe a áireamh ina phlean oibre do 2025 (2024/2998(RSP))
Olivér Várhelyi (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Herbert Dorfmann, thar ceann an Ghrúpa PPE, Valérie Deloge, thar ceann an Ghrúpa PfE, Mariateresa Vivaldini, thar ceann an Ghrúpa ECR, Tilly Metz, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Sebastian Everding, thar ceann an Ghrúpa The Left, Stanislav Stoyanov, thar ceann an Ghrúpa ESN, Jessika Van Leeuwen, Niels Fuglsang, Beatrice Timgren , Thomas Waitz, Emma Fourreau, Arno Bausemer agus Krzysztof Śmiszek.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Vytenis Povilas Andriukaitis, Bogdan Rzońca agus Marc Angel.