Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú [COM(2023)0395 - C9-0309/2023 - 2023/0272(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Marlene Mortler (A9-0002/2024)
Tar éis vótáil a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún, d'iarr Marlene Mortler (rapóirtéir) go ndéanfaí an cheist a tharchur chuig an gcoist freagrach chun críocha caibidlíochta idirinstitiúidí, i gcomhréir le Riail 49(4).