IARSCRÍBHINN I : CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA HEORPA MAIDIR LE MACÁNTACHT AGUS TRÉDHEARCACHT
Airteagal 1 : Treoirphrionsabail
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú , ní mór d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa:
(a) a bheith á dtreorú ag na prionsabail ghinearálta iompair seo a leanas: neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas cuntasacht agus ar dhínit agus ar chlú na Parlaiminte, agus déanann siad na prionsabail sin a urramú.
(b) gníomhú ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus staonadh ó aon sochar díreach nó indíreach nó luaíocht eile a fháil, agus ó fhéachaint leis na nithe sin a fháil.
Airteagal 2 : Príomhdhualgais na bhFeisirí
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú ní dhéanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa:
(a) comhaontú chun gníomhú nó vótáil ar son aon duine eile dlítheanach nó nádúrtha ar comhaontú é lena gcuirfí as dá saoirse vótála, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus Airteagal 2 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
(b) aon sochar nó luaíocht eile díreach nó indíreach a lorg, a ghlacadh nó a fháil, lena n-áirítear in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, mar mhalairt ar iompraíocht shonrach mar a bhaineann le raon oibre parlaimintí an Fheisire, agus féachfaidh siad go comhfhiosach le haon staid a d’fhéadfadh breabaireacht, éilliú nó tionchar míchuí a thabhairt le tuiscint a sheachaint.
(c) a ghabháil do ghníomhaíochtaí stocaireachta íoctha, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais.
Airteagal 3 : Coinbhleachtaí leasa
1. Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina bhféadfadh tionchar míchuí a bheith ar fheidhmiú sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar mhaithe le leas an phobail ar chúiseanna a bhaineann le teaghlach, saol mothúchánach nó leas eacnamaíoch, nó aon leas príobháideach díreach nó indíreach eile de chuid an Fheisire.
Ní ann do choinbhleacht leasa i gcás nach dtairbhíonn Feisire ach amháin mar chomhalta den phobal i gcoitinne nó d’aicme leathan daoine.
2. Déanfaidh na comhaltaí gach iarracht réasúnach chun coinbhleachtaí leasa a bhrath.
Déanfaidh Feisire a fhaigheann amach go bhfuil coinbhleacht leasa aige iarracht í a réiteach láithreach. Mura bhfuil an Feisire in ann í a réiteach, áiritheoidh an Feisire go ndearbhófar an leas príobháideach lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 4.
3. Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Feisirí, roimh labhairt nó vótáil dóibh i suí iomlánach nó i gceann de chomhlachtaí na Parlaiminte, aon choinbhleacht leasa ann maidir leis an ábhar atá á mheas a nochtadh, sa chás nach léir an choinbhleacht sin ón bhfaisnéis arna dearbhú de bhun Airteagal 4. Déanfar an nochtadh sin ó bhéal trí idirghabháil a dhéanamh sa suí nó sa chruinniú lena mbaineann.
4. Sula rachaidh an Feisire i mbun oifige mar Leas-Uachtarán, mar Chaestóir, mar Chathaoirleach nó mar Leaschathaoirleach coiste nó toscaireachta, tíolacfaidh sé nó sí dearbhú ina léireofar cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a bheith aige nó aici i ndáil le freagrachtaí na hoifige sin.
Más eol don Fheisire an choinbhleacht leasa sin a bheith aige nó aici, tabharfaidh sé nó sí tuairisc ar an gcoinbhleacht sa dearbhú sin. Sa chás sin, ní fhéadfaidh sé nó sí dul i mbun oifige ach amháin má chinneann an comhlacht faoi seach nach gcuirfidh an choinbhleacht leasa cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
Nuair a thiocfaidh coinbhleacht leasa chun cinn le linn fheidhmiú na hoifige atá i gceist, tíolacfaidh an Feisire dearbhú ina ndéanfar cur síos ar an gcoinbhleacht sin agus staonfaidh sé nó sí ó na freagrachtaí maidir leis an staid coinbhleachta sin a fheidhmiú, mura gcinnfidh an comhlacht faoi seach nach gcuireann an choinbhleacht leasa cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
5. Déanfaidh Feisire a mholtar mar Rapóirtéir nó mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha dearbhú a thíolacadh ina léireofar cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a bheith aige nó aici i ndáil leis an tuarascáil nó leis an tuairim faoi seach nó leis an toscaireacht nó leis na caibidlíochtaí i dtrácht. Más eol don Fheisire an choinbhleacht leasa sin a bheith aige nó aici, tabharfaidh sé nó sí tuairisc ar an gcoinbhleacht sa dearbhú sin.
I gcás ina ndearbhóidh an Feisire a moladh mar Rapóirtéir go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, féadfaidh an coiste faoi seach a chinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, go bhféadfar, mar sin féin, an Feisire a cheapadh mar Rapóirtéir ar an bhforas nach gcuireann an choinbhleacht cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
I gcás ina ndearbhóidh an Feisire a moladh mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, féadfaidh an grúpa polaitiúil faoi seach a chinneadh go bhféadfar, mar sin féin, an Feisire a ainmniú mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar an bhforas nach gcuireann an choinbhleacht cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail. Féadfaidh an comhlacht faoi seach, áfach, cur i gcoinne an ainmnithe sin trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh.
6. Tarraingeoidh an Biúró suas an fhoirm le haghaidh na ndearbhuithe a luaitear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, de bhun Airteagal 12. Foilseofar na dearbhuithe sin ar leathanach ar líne na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
Airteagal 4 : Dearbhú maidir le leasanna príobháideacha
1. Ar chúiseanna trédhearcachta agus cuntasachta, déanfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa dearbhú leasanna príobháideacha a thíolacadh don Uachtarán faoi dheireadh an chéad pháirtseisiúin tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith ann (nó laistigh de 30 lá féilire ó dhul i mbun oifig leis an bParlaimint dóibh le linn téarma parlaiminteach), i gcomhréir le foirm a bheidh le tarraingt suas ag an mBiúró de bhun Airteagal 12. Tabharfaidh siad fógra don Uachtarán maidir le haon athruithe a bhfuil tionchar acu ar a ndearbhú faoi dheireadh na míosa tar éis do gach athrú tarlú.
2. Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha, ar faisnéis í a thabharfar ar shlí mhionsonraithe agus bheacht:
(a) slí bheatha nó slite beatha an Fheisire le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh an Feisire sin i mbun oifig leis an bParlaimint, agus comhaltas an Fheisire sin le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú sa dlí,
(b) aon ghníomhaíocht a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith agus a dhéantar le linn oifig an Fheisire a fheidhmiú, lena n-áirítear ainm an eintitis chomh maith le réimse agus cineál na gníomhaíochta, i gcás inar mó luach saothair iomlán ghníomhaíochtaí seachtracha uile an Fheisire ná EUR 5 000 san iomlán i mbliain féilire amháin,
(c) comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí i gcuideachtaí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, de chomhlachais nó d’aon chomhlachtaí eile arna mbunú le dlí, nó d’aon ghníomhaíocht sheachtrach ábhartha eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin,
(d) aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartais phoiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann,
(e) aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh,
(f) aon leasanna príobháideacha díreacha nó indíreacha de réir bhrí Airteagal 3(1) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire agus nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) go (e).
3. D’fhonn aon ítim a dhearbhú i gcomhréir le mír 2, cuirfidh na Feisirí in iúl, i gcás inarb iomchuí, cibé acu a ghintear nó nach ngintear léi ioncam nó sochair eile.
Má ghintear ioncam léi, cuirfidh na Feisirí in iúl, maidir le gach ítim ar leithligh, méid an ioncaim sin faoi seach agus, i gcás inarb ábhartha, a tréimhsiúlacht. Tabharfar tuairisc ar shochair eile sa nádúr.
4. Maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar don Uachtarán i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, foilseofar í ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht ar an bhfaisnéis go héasca.
5. Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de chuid cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar Rapóirtéir, ná ní fhéadfar iad a ainmniú mar scáth-Rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh a ndearbhú leasanna príobháideacha curtha isteach acu.
6. Má fhaigheann an tUachtarán faisnéis, a thugann le fios dó nó di go bhfuil dearbhú leasanna príobháideacha Feisire go substaintiúil mícheart nó as dáta, iarrfaidh an tUachtarán soiléiriú ar an bhFeisire. In éagmais soiléiriú sásúil, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí a bunaíodh faoi Airteagal 10. Má chinneann an Coiste Comhairleach nach gcomhlíonann an dearbhú an Cód Iompair seo, molfaidh sé don Uachtarán go n-iarann sé nó sí ar an bhFeisire a dhearbhú nó a dearbhú a cheartú. Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair seo sáraithe ag an bhFeisire, iarrfaidh sé nó sí ar an bhFeisire an dearbhú a cheartú laistigh de 15 lá féilire. Mura gcomhlíonann an Feisire an iarraidh ar cheartú sin, glacfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(3). Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 184 de na Rialacha Nós Imeachta.
Airteagal 5 : Dearbhú sócmhainní
Dearbhóidh Feisirí a sócmhainní agus a ndliteanais ag tús agus deireadh gach téarma oifige. Leagfaidh an Biúró síos liosta na gcatagóirí sócmhainní agus dliteanas a bheidh le dearbhú agus tarraingeoidh sé suas an fhoirm don dearbhú. Cuirfear na dearbhuithe sin faoi bhráid an Uachtaráin agus ní bheidh rochtain orthu ach ag na húdaráis ábhartha amháin, gan dochar don dlí náisiúnta.
Airteagal 6 : Bronntanais nó sochair chomhchosúla
1. Ina gcáil mar Fheisirí, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, staonadh ó bhronntanais nó de shochair chomhchosúla a ghlacadh, seachas na bronntanais agus na sochair a bhfuil garluach is lú ná EUR 150 acu agus arna dtabhairt i gcomhréir leis an úsáid chúirtéise nó na bronntanais nó na sochair a thugtar dóibh nuair a dhéanann Feisirí ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil.
2. Aon bhronntanais a bhfuil garluach níos mó ná EUR 150 acu arna dtíolacadh d’Fheisire i gcomhréir le mír 1 agus iad ag déanamh ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil, tabharfar don Uachtarán iad agus déileálfar leo i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 12.
3. Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 maidir le haisíoc chostais taistil, chóiríochta agus chothaithe na bhFeisirí, ná le costais den sórt sin a íocann tríú páirtithe, go hiomlán nó go páirteach, nuair a fhreastalaíonn Feisirí, de bhun cuireadh a fháil agus le linn dóibh a ndualgas a chomhlíonadh, aon imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe. Dearbhóidh na Feisirí don Uachtarán go bhfuil siad i láthair ag na himeachtaí sin agus an fhaisnéis is gá i gcomhréir le bearta cur chun feidhme arna leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 12.
Airteagal 7 : Foilsiú na gCruinnithe
1. Ba cheart do na Feisirí bualadh le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach, ach leo sin amháin(1).
2. Foilseoidh na Feisirí ar líne gach cruinniú sceidealta a bhaineann le gnó parlaiminteach:
(a) le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach; nó
(b) le hionadaithe ó údaráis phoiblí tríú tíortha, lena n-áirítear a misin taidhleoireachta agus a n-ambasáidí.
3. Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 2 maidir le cruinnithe a bhfreastalaíonn an Feisire nó cúntóirí parlaiminteacha an Fheisire orthu thar a cheann nó thar a ceann.
4. De mhaolú ar mhír 2, ní fhoilseoidh Feisirí cruinniú a chuirfeadh beatha, iomláine choirp nó saoirse duine aonair i mbaol dá nochtfaí é nó féadfaidh siad a chinneadh gan cruinniú a fhoilsiú i gcás ina bhfuil cúiseanna láidre eile ann le rúndacht a choinneáil. Ina ionad sin, dearbhófar na cruinnithe sin don Uachtarán, agus coimeádfaidh an tUachtarán an dearbhú sin faoi rún nó déanfaidh sé cinneadh maidir le foilsiú gan ainm nó moill. Leagfaidh an Biúró síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh an tUachtarán an dearbhú sin a nochtadh.
5. Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
6. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4(6).
Airteagal 8 : Dearbhú ionchuir
Gan dochar don cheanglas cruinnithe a fhoilsiú de bhun Airteagal 7, liostóidh Rapóirtéirí na heintitis nó na daoine óna bhfuair siad ionchur maidir le hábhair a bhaineann le hábhar an chomhaid in iarscríbhinn a ghabhann lena dtuarascáil nó lena dtuairim. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(4).
Airteagal 9 : Gníomhaíochtaí iarFheisirí
Maidir le hiar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh an Pharlaimint a chur ar an eolas ina thaobh sin agus ní fhéadfaidh siad, le linn na tréimhse ar lena linn a bhfuil siad ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, tairbhe a bhaint as na saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí faoi na rialacha atá leagtha síos ag an mBiúró chuigesin(2).
Ní rachaidh na Feisirí i dteagmháil le hiar-Fheisirí a chríochnaigh a sainordú níos lú ná sé mhí roimhe sin agus a thagann faoi na catagóirí daoine a luaitear in Airteagal 7(2) in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh deis a thabhairt do na hiar-Fheisirí tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta na Parlaiminte.
Airteagal 10 : An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí
1. Bunaítear leis seo an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí (‘an Coiste Comhairleach’.
2. Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de ochtar Feisirí reatha de Pharlaimint na hEorpa, arna gceapadh ag an Uachtarán ag tús a théarma nó a téarma oifige, agus aird chuí á tabhairt ar thaithí na bhFeisirí agus ar an gcothromaíocht pholaitiúil agus inscne.
Déanfaidh oifig an chathaoirligh uainíocht gach sé mhí ar chomhaltaí an Choiste Chomhairligh.
3. Ag tús a oifige nó a hoifige, déanfaidh an tUachtarán comhaltaí cúltaca a cheapadh don Choiste Comhairleach chomh maith, comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach.
I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta de ghrúpa polaitiúil ar an gCód iompair seo, ar ghrúpa polaitiúil é nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach nó i gcás iarraidh de bhun mhír 5 a bhaineann leis an gcomhalta sin, feidhmeoidh an comhalta cúltaca ábhartha mar naoú comhalta iomlán an Choiste Chomhairligh.
4. I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag buanchomhalta nó ag comhalta cúltaca den Choiste Comhairleach ar an gCód Iompair seo, staonfaidh an comhalta buan nó comhalta cúltaca ábhartha ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an sárú líomhnaithe sin.
5. Arna iarraidh sin d’ Fheisire, tabharfaidh an Coiste Comhairleach treoir dó nó di, ar treoir í a bheidh faoi rún agus a bheidh tugtha laistigh de 30 lá féilire, maidir le léirmhíniú agus le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Iompair seo, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa. Beidh an Feisire lena mbaineann i dteideal dul ar iontaoibh treorach den sórt sin.
Arna iarraidh sin don Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don tUachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh.
Déanfaidh an Coiste Comhairleach faireachán réamhghníomhach ar chomhlíonadh an Chóid Iompair seo agus a bhearta cur chun feidhme ag na Feisirí. Cuirfidh sé aon sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar na forálacha sin in iúl don Uachtarán.
Féadfar sáruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo a chur in iúl go díreach don Choiste Comhairleach, agus féadfaidh an Coiste sin measúnú a dhéanamh orthu agus comhairle a chur ar an Uachtarán maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh. Féadfaidh an Biúró rialacha a ghlacadh maidir leis an nós imeachta chun sáruithe líomhnaithe a chur in iúl.
6. Féadfaidh an Coiste Comhairleach comhairle a lorg ó shaineolaithe seachtracha, faoi rún iomlán.
7. Foilseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil bhliantúil ar a chuid oibre agus ardóidh sé feasacht na bhFeisirí ar an gCód Iompair seo agus ar a bhearta cur chun feidhme ar bhonn rialta.
Airteagal 11 : An nós imeachta i gcás sáruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo
1. I gcás go bhfuil cúis lena chreidiúint go bhféadfadh an Cód Iompair a bheith sáraithe ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh.
2. Scrúdóidh an Coiste Comhairleach imthosca an tsáraithe líomhnaithe agus féadfaidh sé éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann. Bunaithe ar thorthaí an chinnidh, déanfaidh sé moladh don Uachtarán ina mbeidh, i gcás inarb iomchuí, pionós, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de cheann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 183(5), (6) agus (7) de na Rialacha Nós Imeachta.
3. Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh ag an Uachtarán agus tar éis don té sin cuireadh a thabhairt don bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair seo sáraithe ag an bhFeisire lena mbaineann, déanfaidh an tUachtarán, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena bhforchuirfear pionós. Cuirfidh an tUachtarán fógra i leith an chinnidh réasúnaithe don Fheisire sin.
D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpionós ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 183(5), (6) agus (7) de na Rialacha Nós Imeachta.
4. Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 184 de na Rialacha Nós Imeachta.
5. Déanfaidh an tUachtarán tagairt freisin don Choiste Comhairleach maidir le mainneachtainí córasacha, tromchúiseacha nó atriallacha na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos sa Chód Iompair seo a chomhlíonadh.
Airteagal 12 : Cur chun feidhme
Leagfaidh an Biúró síos na bearta cur chun feidhme don Chód Iompair seo, lena n-áirítear nós imeachta faireacháin ar chomhlíonadh agus oiliúint do na Feisirí.
Féadfaidh an Biúró tograí a mholadh maidir leis an athbhreithniú ar an gCód Iompair seo.
Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2021/611/oj).