Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas beartas réigiúnach agus comhtháthaithe, go háirithe:
1. oibriú agus forbairtbheartas forbartha réigiúnaigh agus comhtháthaithe an Aontais, mar a bunaíodh sna Conarthaí;
2. Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus ionstraimí eile de chuid bheartas réigiúnach an Aontais,
3. measúnú ar thionchar bheartais eile an Aontais ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta,
4. comhordú ar ionstraimí struchtúracha an Aontais,
5. gné uirbeach an bheartais chomhtháthaithe;
6. na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí chomh maith le comhar trasteorann agus idir-réigiúnach,
7. caidreamh le Coiste na Réigiún, le heagraíochtaí comhair idir-réigiúnaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.