Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 11 : Rialacha iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht

1.   Déanfaidh an Pharlaimint rialacha iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht a leagan síos i bhfoirm Cód Iompair a ghlacfaidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í agus a bheidh ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1).

Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.

2.   Soláthróidh an Biúró an bonneagar is gá ar leathanach baile na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte do na Feisirí sin ar mian leo iniúchadh deonach nó dearbhú deonach a fhoilsiú, amhail dá bhforáiltear faoi rialacha infheidhme Reacht na bhFeisirí agus faoina rialacha cur chun feidhme, go gcomhlíonann an úsáid atá á baint acu as an Liúntas do Chaiteachas Ginearálta na rialacha is infheidhme maidir le rialacha Reacht na bhFeisirí agus lena bhearta cur chun feidhme.

3.   Déanfar cód iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht d’iar-Fheisirí a leagan síos le cinneadh ón mBiúró.

(1) Féach Iarscríbhinn I.
An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais