TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 3 : COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail 23 : Dualgais na Leas-Uachtarán
1. Más rud é nach bhfuil an tUachtarán i láthair nó nach bhfuil ar chumas an Uachtaráin a chuid nó a cuid dualgas a urscaoileadh, nó más rud é gur mian leis nó léi páirt a ghlacadh i ndíospóireacht de bhun Riail 22(3), glacfaidh duine de na Leas-Uachtaráin arna chinneadh i gcomhréir leis an ord tosaíochta ionad an Uachtaráin.
2. Déanfaidh na Leas-Uachtaráin na dualgais a thugtar dóibh faoi Riail 25, faoi Riail 27(3) agus (5) agus faoi Riail 78(3) a chomhlíonadh freisin.
3. Féadfaidh an tUachtarán aon dualgais, amhail ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ag searmanais shonracha nó i leith gníomhartha sonracha, a tharmligean chuig na Leas- Uachtaráin. Go sonrach, féadfaidh an tUachtarán Leas-Uachtarán a ainmniú chun dualgais an Uachtaráin a leagtar síos i Riail 143 agus i Riail 144(2) a chomhlíonadh.