Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 4 : GRÚPAÍ POLAITIÚLA

Riail 35 : Idirghrúpaí

1.   Féadfaidh feisirí aonair idirghrúpaí a bhunú chun na críche malartú neamhfhoirmiúil tuairimí a dhéanamh maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla agus comhaltaí de choistí éagsúla parlaiminteacha páirteach ann, agus teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.

2.   Beidh na hidirghrúpaí go hiomlán trédhearcach ina ngníomhaíochtaí. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann iad agus gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Go háirithe, ní úsáidfidh siad ainm ná lógó na Parlaiminte. Ní fhéadfaidh siad imeachtaí a eagrú i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear toscaireacht oifigiúil breathnóireachta toghcháin.

3.   Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i rialacha inmheánacha na Parlaiminte lena rialaítear bunú na n-idirghrúpaí sin, féadfaidh grúpa polaitiúil a gcuid gníomhaíochtaí a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar.

4.   Ceanglófar ar idirghrúpaí dearbhú bliantúil a dhéanamh maidir le haon tacaíocht, lena n-áirítear airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, ar tacaíocht í a chaithfí a dhearbhú faoi Iarscríbhinn I dá gcuirfí ar fáil d’Fheisirí mar dhaoine aonair í.

5.   Ní fhéadfaidh ionadaithe sainleasa a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa arna n-eagrú ar áitribh na Parlaiminte, mar shampla trí fhreastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí an idirghrúpa, trí thacaíocht a thairiscint dó, nó trína imeachtaí a chomh-óstáil, ach amháin má tá siad iontráilte sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta saoinordaitheach (1).

6.   Coimeádfaidh na Caestóirí clár poiblí de na hidirghrúpaí agus de na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 4. Glacfaidh an Biúró rialacha mionsonraithe maidir leis an gclár sin agus leis na dearbhuithe sin agus maidir lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

7.   Déanfaidh na Caestóirí forfheidhmiú éifeachtach na Rialach seo a áirithiú.

8.   I gcás sárú ar an Riail seo, féadfaidh na Caestóirí toirmeasc a fhorchur ar an idirghrúpa maidir le saoráidí na Parlaiminte a úsáid ar feadh tréimhse nach faide ná a bhfuil fágtha den téarma parlaiminteach.

(1) Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2021/611/oj).
An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais