TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 9 : NÓSANNA IMEACHTA EILE
Riail 109 : An nós imeachta chun seasamh na Parlaiminte a sholáthar maidir le cistí iontaobhais de chuid an Aontais do ghníomhaíochtaí seachtracha a bhunú nó a leathnú
1. I gcás ina dtéann an Coimisiún i gcomhairle leis an bParlaimint maidir lena bheith ar intinn aige ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú nó a leathnú i gcomhair gníomhaíochtaí éigeandála nó iar-éigeandála de bhun Airteagal 234(1), an tríú fomhír, nó de bhun Airteagal 234(5), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an coiste freagrach dréachtmholtaí a tharraingt suas.
Féadfar a áireamh sna dréachtmholtaí sin moltaí sonracha don Choimisiún maidir le mionsonraí an chiste iontaobhais de chuid an Aontais, amhail na cuspóirí ba cheart dó a shaothrú nó an chaoi ar cheart dó oibriú.
Beidh feidhm
mutatis mutandis ag Riail 121(2) go (6).
2. I gcás inar iarr an Coimisiún ar an bParlaimint a formheas a thabhairt do dhréachtchinneadh maidir le ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú nó a leathnú i gcomhair gníomhaíochtaí téamacha de bhun Airteagal 234(1), an ceathrú fomhír, nó Airteagal 234(5), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais, ullmhóidh an coiste freagrach moladh chun an dréachtchinneadh a fhormheas nó chun diúltú dó.
Beidh feidhm
mutatis mutandis ag Riail 107(1) go (4).
3. Féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad nó an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina n-iarrfar ar an gCoimisiún scor de leithreasuithe i gcomhair ciste iontaobhais de chuid an Aontais, nó an comhaontú bunaidh a athbhreithniú d’fhonn ciste iontaobhais de chuid an Aontais a leachtú, de bhun Airteagal 234(5), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais.