TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN
Riail 132 : Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Ar mholadh ón gcoiste freagrach, ceapfaidh an Pharlaimint a hainmnitheach chuig painéal de sheachtar a mbeidh sé de chúram orthu grinnscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun oifig a shealbhú mar Bhreitheamh nó mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta. Roghnóidh an coiste freagrach an t-ainmnitheach is mian leis a mholadh trí vótáil le tromlach simplí a sheoladh. Chun na críche sin, bunóidh comhordaitheoirí an choiste sin gearrliosta iarrthóirí.