Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 3 : ÉISTEACHTAÍ GRINNSCRÚDAITHE SPEISIALTA AGUS CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 143 : Tráth na gCeisteanna

1.   Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh le Coimisinéir amháin nó níos mó ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le tuairim is 90 nóiméad ar théama amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún, agus ar a dhéanaí an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha. Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach i dTráth na gCeisteanna, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama nó leis na téamaí a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh orthu.

2.   Mar riail ghinearálta, uair amháin in aghaidh an pháirtseisiúin, seolfar seisiún grinnscrúdaithe speisialta le hUachtarán an Choimisiúin nó le Coimisinéirí roghnaithe gan téama réamhshainithe.

3.   Féadfar Tráth na gCeisteanna a thionól freisin, faoi na téarmaí atá leagtha síos i mír 1, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, le hUachtaránacht na Comhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le coláiste na gCoimisinéirí ina iomláine nó le catagóirí sonracha Coimisinéirí, le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le hUachtarán an Ghrúpa Euro, agus le hionadaithe ábhartha eile de chuid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.

4.   Ní dhéanfar leithdháileadh sonrach ar Thráth na gCeisteanna roimh ré. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtabharfar éisteacht ina sea d'Fheisirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do Bhallstáit éagsúla.

5.   Tabharfar aon nóiméad amháin don Fheisire chun a cheist a chur agus tabharfar dhá nóiméad don duine ar a gcuirfear an cheist chun í a fhreagairt. Féadfaidh an Feisire sin ceist fhorlíontach a mhairfidh 30 soicind a chur, agus beidh baint dhíreach ag an gceist fhorlíontach leis an bpríomhcheist. Ansin, tabharfar dhá nóiméad don duine ar a gcuirfear an cheist chun freagra forlíontach a thabhairt.

6.   Ní mór go mbeadh na ceisteanna agus na ceisteanna forlíontacha bainteach go díreach leis an téama a bheidh roghnaithe faoi mhír 1. Féadfaidh an tUachtarán rialú a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht.

7.   Ní bheidh suíocháin réamh-leithdháilte ag na comhaltaí agus spreagfar iad chun suí ag tosach an Dlísheomra.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais