Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5 : CÓRAM, LEASUITHE AGUS VÓTÁIL

Riail 192 : Vótáil dheighilte (1)

1.   I gcás ina bhfuil dhá fhoráil nó níos mó, nó tagairtí do dhá phointe nó níos mó, san áireamh sa téacs a bhfuil vótáil le déanamh air nó gur féidir an téacs a roinnt ina dhá chuid nó níos mó, agus brí shainiúil agus/nó luach normatach acu, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad vótáil dheighilte a iarraidh.

2.   Déanfar an iarraidh ar a dhéanaí an tráthnóna roimh an vótáil mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh ar an iarraidh.

(1) Tá feidhm ag Riail 192(1) mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 225).
An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais