Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2024/0804(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A10-0018/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A10-0018/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 26/11/2024 - 5.1
CRE 26/11/2024 - 5.1

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2024)0037

Téacsanna atá glactha
PDF 109kWORD 43k
Dé Máirt, 26 Samhain 2024 - Strasbourg
Athnuachan pháirteach comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Iliana Ivanova
P10_TA(2024)0037A10-0018/2024

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2024 maidir le hainmniú Iliana Ivanova mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0123/2024 – 2024/0804(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10‑0123/2024),

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0018/2024),

A.  de bhrí, i litir dar dáta an 9 Deireadh Fómhair 2024, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Iliana Ivanova a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Iliana Ivanova, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí, mar chuid den mheastóireacht sin, go bhfuair an coiste curriculum vitae ó Iliana Ivanova, chomh maith lena cuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuici;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Iliana Ivanova ina dhiaidh sin an 21 Samhain 2024, éisteacht, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Iliana Ivanova ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

An nuashonrú is déanaí: 28 Samhain 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais