Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 141kWORD 51k
Dé Máirt, 17 Nollaig 2024 - Strasbourg
An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm
P10_TA(2024)0058
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta chur i bhfeidhm (COM(2024)0452 – C10-0119/2024 – 2024/0249(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0452),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0119/2024),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2024(1),

–  tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litreacha dar dáta an 16 Deireadh Fómhair 2024 agus an 4 Nollaig 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(2);

2.  ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 14 Samhain 2024 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2024)0031).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm
P10_TC1-COD(2024)0249

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Glacadh Rialachán (AE) 2023/1115(3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú. Leagtar síos rialacha leis maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, ina bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil air agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú uaidh, ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí. Tá formhór na bhforálacha den Rialachán sin le cur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2024.

(2)  Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115, tá oibreoirí agus trádálaithe a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha le dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin sin. Tá oibreoirí freagrach as scrúdú agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó féin, lena gceanglaítear go príomha go mbaileofaí sonraí atá ábhartha do Rialachán (AE) 2023/1115, agus doiciméadacht iomchuí lena dtacaítear leis na sonraí sin, ó gach soláthróir ar leith.

(3)  Rinne an Coimisiún bearta substaintiúla chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Go sonrach, leis an Treoirdhoiciméad le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le táirgí gan dífhoraoisiú, soláthraítear treoraíocht d’oibreoirí, do thrádálaithe agus d’údaráis inniúlamaidir leis na príomhoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 agus soiléirítear leis, inter alia, léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’, go háirithe i ndáil le foraois a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

(4)  Ina theannta sin, leis an téachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Samhain 2024 maidir leis an ‘Strategic Framework for International Cooperation Engagement’ [Teachtaireacht maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Rannpháirtíocht sa Chomhar Idirnáisiúnta] i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, soláthraítear struchtúr cuimsitheach le haghaidh comhar le tríú tíortha chun cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú. Leagtar amach ann freisin na prionsabail ghinearálta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a chur i bhfeidhm in aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca nó codanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2023/1115.

(5)  Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084(4) n gCoimisiún déantar foráil maidir le córas faisnéise agus rochtain air d’oibreoirí agus trádálaithe, agus, más infheidhme, dá n‑ionadaithe údaraithe, dá n‑údaráis inniúla agus dá n‑údaráis chustaim, chun a chur ar a gcumas a n‑oibleagáidí faoi seach, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, bheadh oibreoirí agus trádálaithe in ann ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú agus a chur isteach fiú roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115.

(6)  Ba cheart dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, trádálaithe agus údaráis inniúla, a liostaítear in Airteagal 38(2) den Rialachán sin, a chur siar 12 mhí. Tá gá leis sin chun go mbeidh tríú tíortha, na Ballstáit, oibreoirí agus trádálaithe in ann a bheith ullmhaithe go hiomlán, lena n‑áirítear, chun a fhágáil gur féidir leis na hoibreoirí agus trádálaithe sin na córais díchill chuí is gá a bhunú lena gcumhdófaí na tráchtearraí agus táirgí ábhartha uile, ionas go mbeidh siad in ann a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán.

(7)  I bhfianaise gur cuireadh siar le 12 mhí an dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, na dátaí i bhforálacha idirnasctha den Rialachán sin, eadhon na dátaí dá bhforáiltear le haghaidh aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), agus le haghaidh cur i bhfeidhm iarchurtha na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír sin maidir le micreaghnóthais nó gnóthais bheaga go háirithe, ba cheart iad a choigeartú dá réir.

(8)  Mar sin féin, chun an fhaisnéis maidir le sannadh riosca do thíortha táirgthe ábhartha a sholáthar d’oibreoirí agus trádálaithe i bhfad roimh an dáta óna dtiocfaidh a n‑oibleagáidí díchill chuí i bhfeidhm, an dáta faoina mbeidh ar an gCoimisiún tíortha nó codanna díobh a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú, níor cheart é a chur siar ach 6 mhí.

(9)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dáta cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, ar thrádálaithe agus ar údaráis inniúla a chur siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1115 a leasú dá réir.

(11)  Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta tosaigh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1115

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. An 29 Meitheamh 2023, sannfar gnáthleibhéal riosca ar na tíortha uile. Déanfaidh an Coimisiún tíortha nó codanna díobh, a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an liosta de na tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2), tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta más iomchuí, a mhinice is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.’;

"

(2)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:"

‘Airteagal 37

Aisghairm

1.  Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2025.

2.  Mar sin féin, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2025.

3.  De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 31 Nollaig 2028, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’;

"

(3)  in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"

‘2. Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, agus Airteagail 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2025.

3.  Seachas a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, i gcás oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2020 mar mhicreaghnóthais nó gnóthais bheaga de bhun Airteagal 3(1) nó (2) de Threoir 2013/34/AE, faoi seach, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Meitheamh 2026.’.

"

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún an tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le forálacha a bhaineann le dáta an chur i bhfeidhm+1

Geallann an Coimisiún fós an t‑ualach ar ghnólachtaí a laghdú trí cheanglais riaracháin a laghdú agus trí dheireadh a chur le hualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo.

Chun é sin a bhaint amach i ndáil le Rialachán (AE) 2023/1115, soláthróidh an Coimisiún tuilleadh soiléirithe, fiosróidh sé bearta simplithe, agus déanfaidh sé na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus doiciméadacht a chuíchóiriú, chun iad a íoslaghdú a mhéid is féidir, agus cuspóirí an Rialacháin á gcomhlíonadh go hiomlán san am céanna. Chuige sin, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, foilseoidh an Coimisiún eagrán cothrom le dáta de na Treoirlínte agus na Ceisteanna Coitianta. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de fhreagraí a thabhairt ar aiseolas ó na páirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit, de chuidiú leis na trádálaithe agus na hoibreoirí maidir le cur chun feidhme, go háirithe i ndáil leis an oibleagáid ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach ar feadh an tslabhra luacha.

Chun cur ar a gcumas do thrádálaithe agus d’oibreoirí, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, a bheith in ann ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, is tosaíocht de chuid an Choimisiúin é oibríochtú an Chórais Faisnéise. Is den ríthábhacht é freisin an catagóiriú riosca a thagarmharcáil chun intuarthacht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin le haghaidh oibreoirí, trádálaithe, tíortha is táirgeoirí agus údaráis inniúla. Geallann an Coimisiún go daingean a áirithiú go mbeidh an Córas Faisnéise agus an togra maidir leis an gcatagóiriú riosca araon ar fáil a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí sula gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm.

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ghinearálta ar an Rialachán, a mheastar a chuirfear i gcrích tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún anailís, é bunaithe ar mheasúnú tionchair, de réir mar is iomchuí, ar bhearta breise chun an t‑ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú. Cuirfear san áireamh san anailís sin an gá le ceanglais laghdaithe i ndáil le foinsiú ó thíortha agus ó chodanna de thíortha a bhfuil torthaí dearfacha bainte amach acu i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin, mar aon le hindéantacht na gceanglas sin.

___________________

+1 IO: Cuir isteach, le do thoil, an uimhir thagartha agus dáta an doiciméid atá i nós imeachta 2024/0249(COD) agus cuir sonraí an fhoilseacháin leis an bhfonóta.

(1)Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2024 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024.
(3)Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas (IO L, 2024/3084, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3084/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais