Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2024/2056(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A10-0016/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A10-0016/2024

Díospóireachtaí :

PV 16/12/2024 - 15
CRE 16/12/2024 - 15

Vótaí :

PV 17/12/2024 - 8.8
CRE 17/12/2024 - 8.8

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2024)0063

Téacsanna atá glactha
PDF 178kWORD 58k
Dé Máirt, 17 Nollaig 2024 - Strasbourg
Gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh – tuarascáil bhliantúil 2023
P10_TA(2024)0063A10-0016/2024

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2023 (2024/2056(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2023,

–  ag féachaint d’Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d’Airteagail 15, 24(3), 228 agus 298(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom(1),

–  ag féachaint d’Airteagail 11, 41, 42 agus 43 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UN CRPD),

–  ag féachaint don Chód Eorpach um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, arna ghlacadh ag an bParlaimint an 6 Meán Fómhair 2001,

–  ag féachaint don Chreat-Chomhaontú um Chomhar a tugadh i gcrích idir an Pharlaimint agus an tOmbudsman Eorpach an 15 Márta 2006 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006,

–  ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 55 agus 148(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A10-0016/2024),

A.  de bhrí go ndearnadh an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2021 a chur faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte an 18 Aibreán 2024 agus gur thíolaic an tOmbudsman, Emily O’Reilly, a tuarascáil don Choiste um Achainíocha an 4 Meán Fómhair 2024 sa Bhruiséil;

B.  de bhrí go dtugann Airteagail 20, 24 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh údarás don Ombudsman Eorpach gearáin a ghlacadh a bhaineann le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus í ag gníomhú ina ról breithiúnach;

C.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 15 CFAE ‘chun dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, go seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir’ agus ‘go mbeidh ag aon saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais’;

D.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 41den Chairt go bhfuil sé de cheart ag gach duine ‘go ndéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta’;

E.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 43 den Chairt go bhfuil ‘ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach’;

F.   de bhrí go luaitear in Airteagal 298(1) CFAE, go ‘mbeidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách’;

G.  de bhrí go bhféadfaidh an tOmbudsman Eorpach moltaí a mholadh agus leigheasanna agus feabhsuithe a mholadh arb é is aidhm dóibh gnéithe éagsúla den drochriarachán a réiteach;

H.  de bhrí, in 2023, gur oscail an tOmbudsman 398 bhfiosrúchán, a raibh 393 díobh bunaithe ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin féintionscnaimh iad 5 cinn díobh, agus ag an am céanna gur dúnadh 372 fhiosrúchán (369 bhfiosrúchán bunaithe ar ghearáin agus 3 fhiosrúchán féintionscnaimh);

I.  de bhrí, in 2023, gur bhain formhór na bhfiosrúchán leis an gCoimisiún (250 fiosrúchán nó 62,81 %), agus gur bhain an chéad líon is mó eile leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) (47 bhfiosrúchán nó 11,81 %), le Parlaimint na hEorpa (16 fhiosrúchán nó 4.02 %) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (11 fhiosrúchán nó 2,76 %); de bhrí gur dáileadh na fiosrúcháin a bhí fágtha mar a leanas: Comhairle an Aontais Eorpaigh (7 bhfiosrúchán nó 1,76 %), an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (7 bhfiosrúchán nó 1,76 %), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (6 fhiosrúchán nó 1,51 %), an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (6 fhiosrúchán nó 1,51 %), Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (5 fhiosrúchán nó 1.26 %), gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (33 fhiosrúchán nó 8,27 %) agus institiúidí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais (12 fhiosrúchán nó 3,01 %);

J.  de bhrí, in 2023, gur bhain an céatadán is mó d’fhiosrúcháin an Ombudsman leis an gCoimisiún, a dtugtar aird phoiblí shuntasach ar a chuid gníomhaíochtaí riaracháin, ós rud é gurb é feidhmeannas an Aontais é;

K.  de bhrí, sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2023, nár thángthas ar aon drochriarachán i 99 (26,6 %) cás, gur bhain an institiúid réiteach amach, gur bhain sí amach go páirteach nó gur shocraigh sí é i 206 (55,4 %) chás, nach raibh údar cuí le tuilleadh fiosrúchán i 46 (12,4 %) chás agus nár thángthas ar dhrochriarachán i 27 (7,3 %) gcás;

L.  de bhrí gurbh iad na trí ábhar imní ba mhó sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2023 ná trédhearcacht agus cuntasacht (e.g. rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid) (34,2 %), cultúr seirbhíse (21,5 %) agus earcaíocht (15,3 %); de bhrí go n-áirítear ar ábhair imní eile dea-bhainistiú saincheisteanna pearsanra, úsáid chuí discréide (lena n‑áirítear i nósanna imeachta um shárú), bainistiú cuí nósanna imeachta um shárú, urraim do chearta bunúsacha, urraim do chearta nós imeachta, deontais, soláthar, conarthaí, eitic, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht AE agus bainistíocht fhónta airgeadais;

M.  de bhrí, in 2023, go ndearna an tOmbudsman fiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos leithne ar shaincheisteanna sistéamacha in institiúidí AE, lenar cumhdaíodh rochtain ar dhoiciméid, cearta bunúsacha, saincheisteanna eiticiúla, cuntasacht i gcinnteoireacht agus earcaíocht státseirbhíseach AE;

N.  de bhrí go bhfuil cearta leathana ag saoránaigh AE rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh riarachán AE; de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh inar iarradh ar an gCoimisiún déileáil go práinneach le moilleanna córasacha maidir le láimhseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid chun a áirithiú go gcloíonn sé leis na spriocdhátaí a leagtar amach i ndlí AE maidir le rochtain phoiblí (Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(2)); de bhrí gur léirigh an fiosrúchán sin, nuair a lorgaíonn daoine aonair athbhreithniú ar chinneadh rochtana, ar a dtugtar iarraidh daingniúcháin, go gcailleann an Coimisiún na spriocdhátaí a leagtar amach sa dlí in 85 % de na cásanna, agus go dtagann formhór na bhfreagraí tar éis 60 lá; de bhrí gur minic a d’fhág na moilleanna sin nach raibh an fhaisnéis a fuarthas úsáideach a thuilleadh do na hiarrthóirí, rud a chuir cosc orthu cead cainte a bheith acu ag amanna ábhartha sa phróiseas cinnteoireachta;

O.  de bhrí gur fhoilsigh an tOmbudsman tuarascáil speisialta in 2023 tar éis di fiosrúchán straitéiseach a dhéanamh ar an am a thógann sé ar an gCoimisiún Eorpach déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid; de bhrí gur chuir Oifig an Ombudsman an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa d’fhonn a tacaíocht a lorg chun a chur ina luí ar an gCoimisiún gníomhú de réir a moltaí, ós rud é go bhfuil sí den tuairim go bhfuil saoránaigh i dteideal a bheith ag súil le cleachtais níos fearr ó riarachán AE atá oscailte, nua-aimseartha agus dírithe ar sheirbhís;

P.  de bhrí gur pléadh an tuarascáil speisialta i gCoiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus go raibh rún ó Pharlaimint na hEorpa mar thoradh uirthi dar teideal ‘An t-am a thógann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid’(3), a glacadh an 14 Márta 2024, inar chuir an Pharlaimint in iúl gur cúis mhór imní di na mórmhoilleanna ar phróiseas an Choimisiúin maidir le rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid iarrtha agus inar iarradh ar an gCoimisiún na moilleanna córasacha agus suntasacha sin a cheartú; de bhrí gur chuir an Pharlaimint in iúl go ndéanfadh sí breithniú ar na hionstraimí parlaiminteacha uile atá ar fáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar; de bhrí gur thagair an rún freisin don chaibidlíocht maidir le ceannach vacsaíní COVID-19 agus gur iarr sé go ndéanfadh an Coimisiún nochtadh iomchuí, go mbeadh trédhearcacht níos réamhghníomhaí ann le hacmhainní daonna níos tiomnaithe chun déileáil le hiarratais daingniúcháin agus go mbeadh dearcadh níos oscailte agus níos cuidithí ann i leith iarrthóirí;

Q.  de bhrí gur leag an tOmbudsman béim ar an ngá atá le faireachán agus forfheidhmiú cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha nua eitice na Parlaiminte;

R.   de bhrí gur aithin an tOmbudsman go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir leis na rialacha eitice i bParlaimint na hEorpa a neartú tar éis Qatargate, ach gur chuir sí a himní in iúl maidir lena gcur chun feidhme agus lena bhforfheidhmiú; de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán ar leith maidir le costais taistil a d’íoc tríú páirtithe as an gCoimisiún ó 2021 i leith;

S.  de bhrí gur cuid ríthábhachtach de shochaí dhaonlathach í an trédhearcacht agus gur uirlis thábhachtach í sa chomhrac i gcoinne an éillithe; de bhrí go bhfuil an ceart chun an leibhéil is airde trédhearcachta ag saoránaigh AE agus de bhrí go bhfuil an leibhéal is airde inrochtaineachta ar dhoiciméid phoiblí bunriachtanach chun cuntasacht a áirithiú;

T.  de bhrí, in 2023, gur ardaigh Oifig an Ombudsman feasacht an phobail ar ról an Ombudsman maidir le hardchaighdeáin oibre a choinneáil i riarachán AE agus maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach a chosaint;

1.  ag formheas thuarascáil bhliantúil 2021 a thíolaic an tOmbudsman Eorpach, agus ag moladh an chur i láthair den scoth a rinne sí ar na fíorais agus na figiúirí is tábhachtaí maidir le hobair an Ombudsman in 2023;

2.  ag tréaslú le Emily O’Reilly as a cuid oibre iontaí agus as a hiarrachtaí gan staonadh chun tacú leis an daonlathas trí chuntasacht agus trédhearcacht institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE a fheabhsú, agus chun a áirithiú go bhfreagróidh riarachán AE d’ábhair imní na saoránach;

3.  á chur in iúl gur mór aici an comhar cuiditheach idir an tOmbudsman Eorpach agus Parlaimint na hEorpa, go háirithe a Coiste um Achainíocha, chomh maith le hinstitiúidí eile AE;

4.  á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an tOmbudsman treoir maidir le rochtain a fháil ar dhoiciméid AE, arb é is aidhm di feasacht na saoránach a ardú maidir lena gceart rochtana ar dhoiciméid agus a chur ar a gcumas grinnscrúdú a dhéanamh ar chinnteoireacht AE; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint d’fhaisnéis oiriúnach a chur ar fáil do shaoránaigh maidir le ról agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an Ombudsman agus maidir leis an tionchar atá aige ar fhorbairt institiúidí AE;

5.  á chur in iúl gur geal léi na moltaí tar éis fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman ar an am a thógann sé ar an gCoimisiún déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé na hiarrataí sin, déileáil lena mhoilleanna sistéamacha mar ábhar práinne agus na spriocdhátaí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a urramú; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim an Ombudsman gur minic a bhíonn na doiciméid agus an fhaisnéis atá á lorg íogair ó thaobh ama de agus gur féidir leo ábharthacht do na hiarrthóirí a chailleadh má tharlaíonn moilleanna; á chreidiúint nach mór don Choimisiún doiciméid agus staidreamh a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir leis an gcaoi a láimhseálann sé iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun trédhearcacht maidir leis an ábhar sin a fheabhsú agus chun cuntasacht an Choimisiúin do shaoránaigh a neartú; á chur i bhfios go láidir go raibh trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta mar fhócas ag go leor fiosrúchán de chuid an Ombudsman, go háirithe i ndáil le brústocaireacht;

6.   á chur i bhfios go láidir gur ceart bunúsach de chuid shaoránaigh AE é rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus gur bunchloch de dhaonlathas na hEorpa é; á mheabhrú gur gá na forbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a ailíniú leis an gcomhthéacs digiteach nua; á aithint, ina leith sin, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán sin agus ag tathant ar an gComhairle dul i mbun caibidlíocht chuiditheach leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún maidir lena athbhreithniú chun eiseamláirí trédhearcachta agus cuntasachta poiblí do AE ina iomláine a dhéanamh de na trí phríomhinstitiúid sin de chuid an Aontais; á chreidiúint go láidir gur cheart aon chaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith bunaithe ar an seasamh a ghlac an Pharlaimint cheana agus gur cheart a raon feidhme a leathnú chuig institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile AE, agus ar an gcaoi sin cuntasacht an phróisis cinnteoireachta a fheabhsú; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, sheasamh na Parlaiminte gur cheart go gciallódh ‘doiciméad’ aon inneachar sonraí is cuma cén meán ina bhfuil sé (i scríbhinn ar pháipéar nó stóráilte i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc) maidir le hábhar a thagann faoi réimse freagrachta institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais(4); á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na hinstitiúidí trédhearcach ina gcaidreamh le saoránaigh, mar a d’aithin an tOmbudsman freisin ina fiosrúchán maidir le trédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha(5), inar thuig an tOmbudsman na dúshláin agus na híogaireachtaí ar leith laistigh de chóras AE de chaibidlíochtaí idirinstitiúideacha ach inar iarr sí ar na hinstitiúidí iarrachtaí a dhéanamh na dúshláin sin a shárú chun go bhféadfaidh saoránaigh a gcearta daonlathacha a fheidhmiú go héifeachtach;

7.  ag formhuiniú chonclúidí thuarascáil speisialta an Ombudsman(6) chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an am a thógann sé ar an gCoimisiún Eorpach déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus á chur in iúl gur cúis imní di measúnú an Ombudsman gurb ionann na moilleanna sistéamacha agus suntasacha sin ar phróiseáil iarrataí ag an gCoimisiún ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus drochriarachán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go dtiomnódh an Coimisiún níos mó acmhainní chun déileáil le hiarrataí daingniúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, chomh maith leis an ngá atá le trédhearcacht níos réamhghníomhaí agus cur chuige níos cuidithí d’iarrthóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún an staid sin a cheartú mar ábhar tosaíochta trína bhainistiú ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a athchóiriú; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint caingean a thabhairt ina choinne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus ag dréim le tiomantas soiléir agus aonchiallach ó Choláiste nua na gCoimisinéirí chun an staid sin a leigheas;

8.  ag cur sonrú i bhfiosrúchán an Ombudsman maidir lena mhéid a chuireann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach dlí AE agus cinntí CBAE i bhfeidhm maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha, inar leag an tOmbudsman béim ar an ngá atá le rochtain phoiblí thráthúil ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú, chomh maith le rannpháirtíocht shaoránaigh AE i bpróiseas reachtóireachta AE a éascú; ag aithint a thábhachtaí atá sé rochtain thráthúil ar iarrataí ar dhoiciméid ó na hinstitiúidí uile a láimhseáil chun braistint muiníne i bpróiseas reachtach AE a chothú, atá bunaithe ar phríomhphrionsabail na trédhearcachta agus na rochtana poiblí ar fhaisnéis, mar a dheimhnítear le cásdlí CBAE; á mheabhrú, de réir chásdlí CBAE, nach féidir le hinstitiúidí AE diúltú doiciméid reachtacha a nochtadh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus nach mór a réasúnú chun é sin a dhéanamh a bheith bunaithe ar fhíorais shonracha agus inláimhsithe;

9.   ag cur sonrú i rún an Ombudsman fiosrúchán níos leithne a dhéanamh ar an gcaoi a léirmhíníonn an Coimisiún raon feidhme na faisnéise comhshaoil agus na faisnéise a bhaineann le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe gur chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i gceist le diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa thionscal na criadóireachta a tuairiscíodh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí AE; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún do réiteach beartaithe an Ombudsman agus gur theip air an trédhearcacht is gá a áirithiú chomh maith le héifeacht iomlán a thabhairt do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail(7) agus ar Choinbhinsiún Aarhus; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil a ráthú, i gcomhréir le dlí AE agus le cásdlí gaolmhar CBAE, agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chur chun cinn; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar gach doiciméad a iarradh maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna dtuairisciú faoi Chóras Trádála Astaíochtaí AE le saoráidí tionsclaíocha breise lasmuigh de thionscal na criadóireachta agus á iarraidh ar an Ombudsman leanúint d’fheasacht a mhúscailt maidir le torthaí na n-imscrúduithe d’fhonn trédhearcacht a mhéadú; á mheabhrú go mbaineann líon suntasach achainíocha chuig Parlaimint na hEorpa leis an easpa rochtana nó leis an rochtain theoranta ar fhaisnéis faoin gcomhshaol;

10.  á iarraidh ar an gComhairle rochtain iomlán phoiblí a cheadú ar an tuairim dhlíthiúil maidir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022(8) maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach, mar a mhol an tOmbudsman, a fuair fianaise ar dhrochriarachán san ábhar sin;

11.   ag tacú leis an Ombudsman ina cuid iarrachtaí cur tuilleadh leis an soiléiriú ar cad is doiciméad AE ann agus á chur i bhfáth gur cheart d’institiúidí AE moltaí an Ombudsman a leanúint chun a gcleachtais riaracháin a oiriúnú chun modhanna cumarsáide atá ag teacht chun cinn a chur i gcuntas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm ag ceart na saoránach chun rochtain phoiblí a fháil ar fhaisnéis maidir le doiciméid fhisiceacha agus leictreonacha i scríbhinn, agus maidir le taifeadtaí fuaime agus closamhairc a bhaineann le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí institiúidí AE, agus á mheabhrú go meastar gur ‘doiciméid’ iad teachtaireachtaí téacs a bhaineann leis an obair agus teachtaireachtaí meandracha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1049/2001; á chur in iúl gur oth léi na cásanna inar theip ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid i bhfoirm ríomhphost nó teachtaireachtaí téacs, amhail iad siúd a bhaineann le dréachtstraitéisí nó malartuithe AE maidir le hoiriúnú ithreach, foraoise agus aeráide idir Uachtarán an Choimisiúin agus POF cuideachta cógaisíochta i ndáil le vacsaíní COVID-19 a cheannach;

12.  á chur in iúl gur mór aici tiomantas an Ombudsman seasamh le cearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce; ag tabhairt dá haire gur iarr an tOmbudsman soiléiriú breise ón gCoimisiún maidir leis an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige urraim do chearta an duine a ráthú i gcomhthéacs an Mheabhrán Tuisceana AE-na Túinéise, mar iarracht chun a áirithiú go gcomhlíonfadh AE a oibleagáidí maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile AE cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú mar a leagtar amach sna Conarthaí agus sa Chairt;

13.  ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún oibriú le húdaráis náisiúnta agus áitiúla chun measúnú tionchair ar chearta bunúsacha a tharraingt suas maidir le saoráidí bainistithe imirce arna gcistiú ag an Aontas, tar éis fiosrúchán féintionscnaimh ábhartha ón Ombudsman;

14.   á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin an Ombudsman tar éis scannal Qatargate sa Pharlaimint; ag tacú go láidir le conclúidí an Ombudsman gur gá d’institiúidí AE rialacha eiticiúla agus frithéillithe AE a urramú agus a neartú agus nach mór faireachán agus forfheidhmiú cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe na Parlaiminte sa réimse sin ar gach leibhéal; á thabhairt chun suntais gur gá don Pharlaimint agus don Choimisiún aird ar leith a thabhairt i gcónaí ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta díreacha agus indíreacha chun bearnaí agus laigí a shainaithint a d’fhéadfadh trédhearcacht agus cuntasacht a chur i mbaol agus an baol go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis an gCód Iompair reatha d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le sláine agus trédhearcacht, agus ag spreagadh an Ombudsman leanúint, i gcás inarb iomchuí, d’fhaireachán a dhéanamh ar phróiseas cur chun feidhme an chóid sin; á chur i bhfios go láidir nach mór rialacha eitice a leanúint go dian chun muinín na saoránach as na hinstitiúidí Eorpacha a neartú;

15.  ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag trédhearcacht, dea-riarachán agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha in obair institiúidí AE;

16.  ag cur sonrú in imscrúduithe an Ombudsman ar rioscaí coinbhleachtaí leasa sa Choimisiún, go háirithe i réimse an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF), lena n-áirítear nach gceanglaítear ar an gCoimisiún ainmneacha na saineolaithe a dtéann sé i gcomhairle leo maidir le tionscadail a bhaineann le EDF a chur ar fáil go poiblí; sa chomhthéacs sin, ag tarraingt aird ar an moladh ón Ombudsman gur cheart don Choimisiún na dearbhuithe leasa arna ndéanamh ag comhaltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála a fhoilsiú go réamhghníomhach agus, más gá, na rialacha ábhartha lena rialaítear an Bord a leasú;

17.  ag cur sonrú in iarraidh an Ombudsman ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) feabhas a chur ar a rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa agus ról maoirseachta a Choiste Eitice agus Comhlíontachta a neartú, tar éis dá leas-uachtarán a bheith ina POF ar bhanc náisiúnta le haghaidh spreagadh; ag moladh don Ombudsman, i ndáil leis sin, leanúint de dhíriú ar shaincheist na dtréimhsí marana agus na n-aistrithe trí dhoirse imrothlacha a dhéanann baill foirne shinsearacha ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí uile AE chun na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí a áirithiú;

18.  á chur in iúl gur geal léi athruithe an Choimisiúin ar a threoir inmheánach maidir le soláthar poiblí, a measadh a bheith dearfach i bhfiosrúchán an Ombudsman, arb athruithe iad a neartaíonn an chaoi a láimhseálann sé coinbhleachtaí leasa gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ann i nglaonna ar thairiscintí;

19.  ag spreagadh an Choimisiúin dlús a chur lena iarrachtaí trédhearcacht a mhéadú maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann le RRF agus leanúint de réamh-mheasúnuithe ar iarrataí íocaíochta na mBallstát a fhoilsiú;

20.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Ombudsman fiosrúchán féintionscnaimh a oscailt ar mhoilleanna an Choimisiúin a bhaineann le bainistiú riosca ceimiceán contúirteach, arb é is aidhm dó scrúdú a dhéanamh ar mhoilleanna ar shrianta a thabhairt isteach chun na rioscaí a bhaineann le ceimiceáin shonracha a mhaolú agus ceimiceáin a chur ar liosta na substaintí ina bhfuil a n-úsáid faoi réir réamhúdarú;

21.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur shainaithin an tOmbudsman roinnt ábhar imní trédhearcachta in idirghníomhaíochtaí an Choimisiúin le tionscal an tobac; ag tabhairt dá haire, áfach, gur gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé tuilleadh measúnaithe ar neamhchosaint a ranna ar bhrústocaireacht ag tionscal an tobac; á mheabhrú don Choimisiún gur sínitheoirí le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac iad AE agus a Bhallstáit uile agus go bhfuil sé d’oibleagáid orthu, dá bhrí sin, agus a mbeartais sláinte poiblí maidir le rialú tobac á leagan síos agus á gcur chun feidhme acu, gníomhaíocht a dhéanamh chun na beartais sin a chosaint ar leasanna tráchtála agus leasanna dílsithe eile thionscal an tobac;

22.  á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ríthábhachtach ar institiúidí AE seirbhísí oifigeach neamhspleách agus dea-cháilithe a earcaítear ar bhealach oscailte agus le cothromaíocht gheografach chuí idir náisiúntachtaí agus teangacha a dhaingniú; á chur i bhfios go ndearna an tOmbudsman fiosrúchán ar an gcaoi a ndearna an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) trialacha ‘réamhroghnúcháin’ mar chuid de nós imeachta chun baill foirne nua a earcú isteach i seirbhís shibhialta AE, agus gur shainaithin sí saincheisteanna a bhaineann le heagrú trialacha a dhéantar go cianda amháin; á iarraidh ar EPSO feabhas a chur ar a nósanna imeachta earcaíochta trína áirithiú nach gcuirfidh ceanglais theicniúla iarrthóirí áirithe faoi mhíbhuntáiste agus go ndéanfar faisnéis shoiléir a chur ar fáil d’iarrthóirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an rogha a thabhairt d’iarrthóirí, más mian leo, páirt a ghlacadh sna trialacha sin agus iad i láthair go fisiciúil ag ionad tástála, mar a bhí coitianta roimh phaindéim COVID-19;

23.  á chur in iúl gur geal léi gur lean Oifig an Ombudsman Eorpaigh, in 2023, dá ról a phoibliú agus dá cuid oibre a chur chun cinn don phobal is leithne is féidir agus gur ghlac sí páirt sa Chruinniú Eorpach um an Óige (EYE2023); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an plé arna eagrú ag an Ombudsman le rannpháirtíocht an Choimisiúin agus na Parlaiminte maidir le comhlíonadh chreat ionracais riarachán AE;

24.  á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin an Ombudsman tar éis gearáin ó dhaoine faoi mhíchumas, agus á spreagadh a cuid oibre mar rannpháirtí gníomhach i gCreat AE le haghaidh CRPD; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gealltanas an Ombudsman faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme UN CRPD ag riarachán AE agus á iarraidh ar institiúidí uile AE an aird is mó is féidir a thabhairt ar mholtaí an Ombudsman sna fiosrúcháin a bhaineann le cearta daoine faoi mhíchumas; á chur in iúl gur mór aici cathaoirleacht an Ombudsman in 2023 ar Chreat AE do UN CRPD agus a cuid oibre leanúnaí mar chomhalta den chreat sin;

25.  á chur i bhfáth gur glacadh an ‘Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta’(9) an 17 Aibreán 2019 agus gurbh é an 28 Meitheamh 2022 an spriocdháta a leagadh amach inti chun go ndéanfadh na Ballstáit í a thrasuí; á chur i bhfios go láidir gurbh é príomhraon feidhme na hIonstraime Eorpaí Inrochtaineachta an saol a dhéanamh níos éasca do 87 milliún duine faoi mhíchumas ar a laghad, ag éascú a rochtana ar iompar poiblí, seirbhísí baincéireachta, ríomhairí, teilifíseáin, ríomhleabhair agus siopaí ar líne, i measc nithe eile; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil ag teip ar na Ballstáit uile fós trasuí iomlán agus comhsheasmhach a áirithiú agus moilleanna a charnadh, mar a dearbhaíodh sna himeachtaí leanúnacha um shárú a thionscain an Coimisiún ina gcoinne go léir; á iarraidh ar an Ombudsman an sárú an-tromchúiseach sin ar dhlí AE a ardú, ar sárú é a bhaineann an bonn go mór ó chearta daoine faoi mhíchumas, mar chuid de na gníomhaíochtaí foriomlána a dhéantar laistigh de chreat AE do UN CRPD, chun cabhrú lena réiteach mar ábhar tosaíochta;

26.  á chur in iúl gur geal léi fiosrúchán an Ombudsman maidir leis an gcaoi a gcuireann an Coimisiún an riail i bhfeidhm faoi Rialacháin Foirne AE maidir leis an liúntas leanaí a dhúbailt chun cabhrú le cúram leanaí faoi mhíchumas; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún, i ndáil leis sin, chun leanúint ar aghaidh le go ndéanfaidh riarachán iomlán AE athbhreithniú ar na rialacha is infheidhme chun measúnú substainteach aonair ar gach iarratas ar liúntas den chineál sin a áirithiú;

27.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) agus na cruinnithe bliantúla arna n-óstáil le hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha trí ENO chun feasacht a mhúscailt tuilleadh maidir leis an méid is féidir leis an Ombudsman Eorpach a dhéanamh do shaoránaigh na hEorpa; ag moladh don Ombudsman leanúint de pháirt a ghlacadh i malartuithe ar thaithí agus ar dhea-chleachtas le hoifigí ombudsman náisiúnta trí ENO; ag tabhairt dá haire gur díríodh i gcomhdháil bhliantúil ENO 2023 ar chearta an duine a chosaint agus ar aghaidh a thabhairt ar na tairbhí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid IS sa riarachán poiblí; ag spreagadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun úsáid níos fearr a bhaint as seirbhísí an Ombudsman Eorpaigh chun grinnscrúdú a dhéanamh ar institiúidí AE, lena ráthaítear trédhearcacht agus lena láimhseáiltear cásanna de neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Institiúid Ombudsman na Boisnia agus na Heirseagaivéine um Chearta an Duine isteach in ENO; á iarraidh ar an Ombudsman an comhar le hoifigí ombudsman náisiúnta tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a neartú chun feabhas a chur ar chumas údaráis phoiblí na dtíortha sin iad féin a ailíniú le caighdeáin an Aontais ó thaobh dea-riaracháin, ionracais agus cuntasachta de;

28.  á iarraidh go leanfaí leis an dlúthchomhar idir an tOmbudsman agus an Coiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa, a bhfuil sé de chomhchuspóir acu institiúidí AE a thabhairt níos gaire do na saoránaigh; á chur in iúl gur mór aici an aird agus an obair leantach a thugann an tOmbudsman do gach gearán, lena n-áirítear gearáin a tharchur, a thagann lasmuigh dá sainchúram, maidir le cur chun feidhme reachtaíocht AE chuig údarás ábhartha eile nó chuig Coiste um Achainíocha na Parlaiminte; ag spreagadh Oifig an Ombudsman leanúint dá hiarrachtaí chuige sin, ós rud é go bhféadfadh comhar leis an gCoiste um Achainíocha, faisnéis thráthúil agus rochtain ar dhoiciméid i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla AE rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus na sochaí sibhialta sa phróiseas cinnteoireachta a mhéadú;

29.  á chur in iúl gur mór aici gurbh ionann an ráta glactha do 2023 ag institiúidí AE, eadhon céatadán na bhfreagraí dearfacha ar líon iomlán na dtograí a rinne an tOmbudsman chun a gcleachtais riaracháin a cheartú nó a fheabhsú, agus 81 %, rud a léiríonn feabhas ar an mbliain roimhe sin; á chreidiúint go láidir, áfach, nach mór d’institiúidí, gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí an Aontais réitigh, agus moltaí uile an Ombudsman a chomhlíonadh go hiomlán agus go comhsheasmhach;

30.  ag moladh an Ombudsman as a caidreamh oibre cuiditheach leanúnach leis an gCoimisiún, arb í institiúid AE í a ndéanann formhór fhiosrúcháin an Ombudsman difear di; ag tabhairt dá haire go gcuidíonn an caidreamh sin leis an gCoimisiún a nósanna imeachta riaracháin a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí;

31.  á chur in iúl gur mór aici agus gur geal léi iarrachtaí an Ombudsman agus a hoifige feabhas leanúnach a chur ar a nósanna imeachta inmheánacha chun a áirithiú go mbeidh an taithí is fearr is féidir ag gearánaigh agus go ndéileálfar le gearáin ar an mbealach is éifeachtúla is féidir; ag spreagadh iarrachtaí an Ombudsman infheictheacht a cuid gníomhaíochtaí a fheabhsú tuilleadh agus á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar chóras gearán ar líne an Ombudsman, rud a d’fhág go bhfuil sé níos soláimhsithe don úsáideoir; á chur in iúl gur geal léi suíomh gréasáin ilteangach an Ombudsman, a léiríonn tiomantas an Ombudsman cúnamh a thairiscint i 24 theanga oifigiúla AE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain iomlán a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas ar an raon iomlán acmhainní a chuireann AE ar fáil dá shaoránaigh, go háirithe trí sheirbhísí córasacha aistriúcháin agus ateangaireachta a chuirtear ar fáil sna teangacha oifigiúla uile, lena n-áirítear teanga chomharthaíochta;

32.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus tuarascáil an Choiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig a n-oifigí ombudsman nó chuig na comhlachtaí inniúla comhchosúla.

(1) IO L 253, 16.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1163/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(3) IO C, C/2024/6560, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6560/oj.
(4) Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2011 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (athmhúnlú), Airteagal 3: https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-7-2011-0580_EN.pdf.
(5) https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/69206.
(6) Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach ina fiosrúchán straitéiseach maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (OI/2/2022/OAM).
(7) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj.
(8) IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj.
(9) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

An nuashonrú is déanaí: 24 Feabhra 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais