Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (COM(2024)0426 – C10-0106/2024 – 2024/0234(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0426),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0106/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don mheasúnú buiséadach ag an gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 9 Deireadh Fómhair 2024 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 60 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0006/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Deireadh Fómhair 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin
P10_TC1-COD(2024)0234
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2773.)
Cur chun feidhme an Aerspáis Aonair Eorpaigh (athmhúnlú)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Aonair Eorpaigh (athmhúnlú) (08311/2024 – C10-0114/2024 – 2013/0186(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (08311/2024 – C10‑0114/2024),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2013)0410),
– ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiúin(COM (2020)0579),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0577 – 2020/0264(COD)),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A10-0010/2024),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á mheas, mar gheall ar inneachar thogra COM(2020)0577 ón gCoimisiún a ionchorprú sa seasamh sin, go bhfuil nós imeachta reachtach 2020/0264(COD) imithe in éag;
3. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParlaimint agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;
4. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
5. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
6. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, ach a mbeidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
7. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ná do chumhachtaí an Choimisiúin an dréachtbhuiséad a bhunú, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún a mholadh, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, go gcruthófaí líne bhuiséid bhreise le haghaidh tacaíocht riaracháin faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), arna maoiniú ó na leithreasuithe atá ar fáil faoi SCE mar a shainaithnítear iad sa Ráiteas Airgeadais Reachtach arna sholáthar ag an gCoimisiún. Chumhdódh an líne bhuiséid nua sin na costais a ghabhann le gníomhairí conarthacha agus caiteachais riaracháin eile do rúnaíocht an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta, don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta agus do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, mar shampla, cúnamh teicniúil, costais saineolaithe, conarthaí le haghaidh soláthar sonraí, staidéir sheachtracha agus le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin breise, agus maoineofar poist an phlean bunaíochta ón líne bhuiséid riaracháin faoi Cheannteideal 7, agus lánurraim á tabhairt don Rialachán reatha maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. A mhéid is féidir, ba cheart an maoiniú sin faoi SCE a bheith gan dochar do na cistí a cuireadh in áirithe cheana sa Chlár Oibre Iompair is déanaí de chuid SCE.
Le maoiniú gníomhairí conarthacha agus caiteachas riaracháin eile faoi SCE do rúnaíocht an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta, don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta agus do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, níor cheart fasach a leagan síos chun rúnaíocht bord eile a mhaoiniú. Níor cheart dó réamhbhreith a dhéanamh ar bhealach ar bith ar na socruithe maoiniúcháin atá le comhaontú faoi chuimsiú an chéad Rialacháin eile maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024: barrachas ón mbliain airgeadais 2023 a iontráil
121k
47k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2024 an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2024 lena n-iontráiltear barrachas ón mbliain airgeadais 2023 (12081/2024 – C10-0107/2024 – 2024/0089(BUD))
– ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(2), agus go háirithe Airteagal 44 de,
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, mar a glacadh go cinntitheach é an 22 Samhain 2023(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(4),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5),
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(6),
– ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024, a ghlac an Coimisiún an 9 Aibreán 2024 (COM(2024)0920),
– ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 13 Meán Fómhair 2024 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2024 (12081/2024 – C10‑0107/2024),
– ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0005/2024),
A. de bhrí go bhfuil Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 ceaptha chun an barrachas ón mbliain airgeadais 2023 a iontráil i mbuiséad 2024, arb ionann a mhéid agus EUR 633 mhilliún;
B. de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachas sin ná toradh dearfach ar ioncaim EUR 238,7 milliún agus tearc-chaitheamh arb ionann é agus EUR 393,9 milliún;
C. de bhrí, ar thaobh an ioncaim, gurb iad na príomhchúiseanna atá le méid an bharrachais ná EUR 1 766 mhilliún in ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha, arna fhritháireamh in aghaidh dleachtanna custaim arb ionann iad agus EUR 1 649 milliún faoi bhun an fhigiúir a bhfuiltear ag súil leis; de bhrí go bhfuil barrachas EUR 107 milliún in ioncam riaracháin inchurtha go príomha i leith ráta ranníocaíochta pinsin atá níos airde ná mar a tuaradh agus i leith nuashonrú tuarastail idirmheánach a cuireadh i bhfeidhm i mí Eanáir 2023, rud a mhéadaigh leibhéal na cánach agus na dtobhach agus na ranníocaíochtaí pinsin;
D. de bhrí, ó thaobh caiteachais de, gurbh ionann méid iomlán chur chun feidhme easnamhach na n-íocaíochtaí ag an gCoimisiún agus EUR 70 milliún (0,1 % de na leithreasuithe údaraithe faoi chomhair íocaíochtaí); de bhrí gur chealaigh na hinstitiúidí eile EUR 48 milliún in íocaíochtaí, agus ar an gcaoi sin gur coinníodh an ráta íseal cur chun feidhme easnamhach ó bhuiséad 2022;
E. de bhrí, le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024, gurb ionann na laghduithe bliantúla ar chnapshuim OIN a theachtann an Ghearmáin, an Ísiltír, an Danmhairg, an tSualainn agus an Ostair agus thart ar EUR 5,4 billiún glan;
F. de bhrí go bhfuil corrlaigh agus solúbthacht i mbuiséad an Aontais fós an-docht in ainneoin an athbhreithnithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus in ainneoin gur tugadh isteach Ionstraim nua NGEU chun costais mhéadaithe iasachtaíochta d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a fhrithghealladh, ar costais iad atá luaineach iontu féin, rud is cúis le héiginnteacht maidir leis an mbuiséad; de bhrí, sa chomhthéacs dúshlánach sin, go bhfuil méadú ag teacht ar riachtanais bhuiséadacha;
1. ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 mar a thíolaic an Coimisiún é, atá ceaptha chun buiséadú a dhéanamh ar an mbarrachas ó 2023, le haghaidh mhéid EUR 633 mhilliún, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais;
2. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil barrachas 2023 i bhfad níos ísle ná barrachas 2022, rud a léiríonn réamhaisnéis agus bainistiú buiséadach feabhsaithe ag an gCoimisiún;
3. á chur i bhfios go láidir go laghdaíonn an barrachas ranníocaíocht iomlán na mBallstát le maoiniú bhuiséad 2024 tráth a bhfuil riachtanais mhaoinithe fós ard agus a bhfuil an spás laistigh de bhuiséad an Aontais thar a bheith teoranta; á chur i bhfios go láidir nach mór don bhuiséad solúbthacht leordhóthanach a choinneáil chun cur ar chumas an Aontais déileáil le himeachtaí gan choinne agus le tosaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn;
4. ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais agus nár cheart laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN a bheith mar thoradh orthu;
5. ag tabhairt dá haire gur ríomhadh na laghduithe bliantúla coigeartaithe ar chnapshuim OIN do na cúig Bhallstát is tairbhithe, arb ionann iad agus thart ar EUR 5,4 billiún glan; á thabhairt chun suntais go bhfuil na lacáistí sin nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú tagtha orthu ag ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI, a dhéantar a choigeartú go bliantúil ar bhonn an díbhoilsceora 2 %; á chur i bhfáth go méadaíonn an aimhrialtacht sin an t-ualach ar na Ballstáit eile;
6. ag cur béim ar an ngá atá le hioncam inbhuanaithe do bhuiséad an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil dul chun cinn déanta sa Chomhairle maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras acmhainní dílse i gcomhréir leis an treochlár sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; ag meabhrú a seasaimh chun tacú leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún agus ag tathant ar an gComhairle na tograí sin a ghlacadh go pras chun na hacmhainní dílse atá ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú;
7. ag formheas sheasamh na Comhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2024;
8. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad leasaitheach Uimh. 3/2024 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
9. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 - nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar roinnt gníomhaireachtaí díláraithe
123k
47k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ó Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024 - nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar roinnt gníomhaireachtaí díláraithe (13195/2024 – C10-0109/2024 – 2024/0185(BUD))
– ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(2), agus go háirithe Airteagal 44 de,
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, mar a glacadh go cinntitheach é an 22 Samhain 2023(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(4),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5),
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(6),
– ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 19 Iúil 2024 (COM(2024)0931),
– ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 23 Meán Fómhair 2024 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2024 (13195/2024 – C10‑0109/2024),
– ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0007/2024),
A. de bhrí gurb é príomhchuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 taobh an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh agus, ina theannta sin, taobh an chaiteachais den bhuiséad a choigeartú i ndáil le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe,
B. de bhrí gurb é atá i gceist le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ná athbhreithniú ar réamhaisnéisí maidir le hacmhainní dílse i ndáil le dleachtanna custaim, atá 18,3 % faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, i mbonn CBL neamhchaidhpeáilte, atá 0,6 % faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, i ndramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, atá suas 0,6 % i gcomparáid le réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, agus i mbonn OIN iomlán an Aontais, atá 0,3 % níos airde ná réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023,
C. de bhrí go ndéantar nuashonrú freisin le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ar ranníocaíocht 2024 na Ríochta Aontaithe de bhun an chomhaontaithe um tharraingt siar, arb ionann é agus EUR 2,38 billiún, laghdú suntasach EUR 1,52 billiún i gcomparáid leis an meastachán a áirítear i mbuiséad 2024; de bhrí go gcuirtear san áireamh freisin i ndréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 na fíneálacha agus na pionóis a bailíodh go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2024, rud a mhéadaíonn EUR 513 mhilliún an réamhaisnéis tosaigh maidir le fíneálacha agus pionóis i mbuiséad 2024,
D. de bhrí go moltar i ndréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 roinnt coigeartuithe ar mhaoiniú gníomhaireachtaí díláraithe, le glanmhéadú EUR 12 mhilliún ar an iomlán agus togra chun an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh EUR 13,2 milliún chun méaduithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus do Eurojust a chumhdach in éagmais aon chorrlach atá ar fáil faoi Cheannteideal 2b den chreat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’),
1. á chur in iúl gur geal léi dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 mar a thíolaic an Coimisiún é;
2. ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú EUR 5,63 billiún ar ranníocaíochtaí OIN mar thoradh ar an laghdú ar mhéid acmhainní dílse seachas OIN (go háirithe maidir le dleachtanna custaim) agus ar mhéid ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe leis an mbuiséad; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann ón réamh-mheastachán tosaigh ar dhleachtanna custaim agus ó rannchuidiú na Ríochta Aontaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an raon feidhme chun feabhas a chur ar a réamhaisnéis, rud atá ríthábhachtach d’intuarthacht na pleanála buiséadaí;
3. á chur i bhfios go láidir, le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024, gurb ionann laghduithe cnapshuime OIN do na cúig Bhallstát is tairbhithe agus beagán faoi bhun EUR 5.4 billiún glan; á chur i bhfáth go bhfuil na lacáistí sin nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú tagtha orthu ag ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI, a dhéantar a choigeartú go bliantúil ar bhonn an díbhoilsceora 2 %; á chur i bhfios go láidir go méadaíonn an aimhrialtacht sin an t-ualach ar na Ballstáit eile;
4. ag cur béim ar an ngá atá le hioncam inbhuanaithe do bhuiséad an Aontais, atá faoi bhrú mór chun freagairt do ghéarchéimeanna éagsúla le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil dul chun cinn déanta sa Chomhairle maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras acmhainní dílse i gcomhréir leis an treochlár sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; ag meabhrú a seasaimh chun tacú leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún agus ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit na tograí sin a ghlacadh go pras chun na hacmhainní dílse atá ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú; ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais;
5. ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe go n-éilíonn tosaíochtaí nua maoiniú úr; ag cur sonrú sa tsraith coigeartuithe ar bhuiséid gníomhaireachtaí díláraithe, go príomha i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar dóibh faoi reachtaíocht a glacadh le déanaí; á mheabhrú nach mór an fhoireann agus an buiséad is gá a bheith ag gníomhaireachtaí chun a sainorduithe a chomhlíonadh i gceart; á chur i bhfios go láidir, i roinnt cásanna, go bhfuil laghdú comhfhreagrach ar imchlúdach an chláir i gceist le hacmhainní breise do ghníomhaireacht dhíláraithe;
6. á chur in iúl gur oth léi, sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha, go ndearnadh EUR 1,5 billiún san iomlán a athdháileadh, nó go bhfuil sé beartaithe é a athdháileadh, ó chláir chuig gníomhaireachtaí díláraithe; á chur i bhfios go láidir go léiríonn méid an athdháilte na hacmhainní ganna atá ar fáil do bhuiséad an Aontais agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le solúbthacht bhuiséadach chun acmhainní na ngníomhaireachtaí a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar a sainorduithe agus ar a gcúraimí le linn CAI;
7. ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú EUR 2 mhilliún do Eurojust i gceist le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 mar gheall ar bhrú boilscitheach; á chur i bhfios go láidir gur léir go bhfuil brú boilscitheach ina dhúshlán do ghníomhaireachtaí díláraithe uile, agus go bhfuil an boilsciú os cionn an díbhoilsceora bhliantúil 2 % lena méadaítear uasteorainneacha CAI agus go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe faoi bhrú suntasach mar thoradh air sin, á mheas gur gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh mar chuid d’ullmhúcháin an Choimisiúin do CAI tar éis 2027 ar an gcaoi a gcaitear faoi láthair le buiséid na ngníomhaireachtaí díláraithe mar bhuiséid ar leithligh ón gcaiteachas riaracháin faoi Cheannteideal 7 CAI;
8. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024;
9. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 4/2024 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
10. á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (iarratas ón mBeilg – EGF/2024/001 BE/Match-Smatch) (COM(2024)0275 – C10-0101/2024 – 2024/0226(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0275 – C10‑0101/2024),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1)(‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765(3), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0009/2024),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/001 BE/Match-Smatch isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis méid iomlán de 513 iomarcaíocht(5) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair) sna réigiúin Hainaut (BE32), Liège (BE33), agus Namur (BE35) ina bhfuil 444 iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 11 Nollaig 2023 go dtí an 11 Aibreán 2024, agus 69 n-iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 444 iomarcaíocht laistigh den tréimhse thagartha don iarratas ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht i Match-Smatch;
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 69 n-iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó ina diaidh, i gcás inar féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6, an dara mír de Rialachán CED;
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear scor na gníomhaíochta ag 200 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
F. de bhrí gur tháinig laghdú nach beag ar earnáil miondíola bia na Beilge ó thaobh na méideanna a díoladh in 2023, mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus bhoilscithe, agus méadú ar shiopadóireacht trasteorann agus ar ríomhthráchtáil;
G. de bhrí go raibh staid eacnamaíoch dheacair os comhair Match-Smatch le roinnt blianta, agus gur thuairiscigh sé ar deireadh ollchaillteanas oibriúcháin EUR 36,5 milliún in 2022, agus chun carnadh breise caillteanas a chosc, ghlac Match-Smatch le tairiscint Ghrúpa Colruyt 57 gcinn de na 84 shiopa a fháil i mí Mheán Fómhair 2023, agus foireann na siopaí (1 069 duine) a thógáil ar láimh uaidh freisin; de bhrí gur tugadh ocht siopa breise do Carrefour, Delhaize, Intermarché agus Delfood;
H. de bhrí, mar thoradh air sin, go raibh 513 fhostaí san iomlán faoi réir nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta; 339 bhfostaí sna 19 siopa nach bhféadfaí aon cheannaitheoir a fháil dóibh, chomh maith leis na 174 fhostaí i gceanncheathrú Match-Smatch;
I. de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht AE maidir le comhiomarcaíochtaí;
J. de bhrí gur chuir an ghéarchéim eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi dlús leis an éileamh ar oibrithe níos cáilithe i margadh saothair na Beilge, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra d’iar-oibrithe Match-Smatch ath-imeascadh san fhostaíocht;
K. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
L. de bhrí go laghdaíonn an t-athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hinstitiúidí uile aon bheart agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú, in ainneoin na gciorruithe sin, gur féidir le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht brath ar dhlúthpháirtíocht an Aontais trí thacaíocht ó CED;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 661 564 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán de EUR 3 131 252, a chuimsíonn EUR 3 009 752 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 121 500 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 3 Meitheamh 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 16 Meán Fómhair 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 513 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i Match-Smatch; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 365 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
4. ag tabhairt dá haire go ndearna an Bheilg iarratas ar chómhaoiniú CED chun tacú le hiar-oibrithe Match-Smatch a bhfuil cónaí orthu sa Vallúin, agus chun na críche sin amháin, i bhfianaise na staide maidir leis an margadh saothair réigiúnach (ráta dífhostaíochta 2023 de 8.2%) agus ós rud é go bhfuil níos mó ná 70 % de na daoine a leagadh as a bpost comhchruinnithe sa Vallúin;
5. ag tabhairt dá haire go bhfuil leath de na hoibrithe iomarcacha Match-Smatch (46 %) 50 bliain d’aois nó níos sine, aoisghrúpa a bhfuil níos mó bacainní ar fhostaíocht os a chomhair agus go raibh difríocht 18.3 pointe céatadáin idir an ráta fostaíochta don aoisghrúpa 20-54 (76,8 %) agus an ráta fostaíochta don aoisghrúpa 55+ (58,5 %) ar an leibhéal náisiúnta sa ráithe dheireanach de 2023(6); á chur i bhfáth gur dúshlán a bheidh in athsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe i gcomhréir le héileamh an mhargaidh saothair ar phoist cháilithe, go háirithe i bhfianaise an líon mór daoine a dífhostaíodh an tráth céanna;
6. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe dréachtaithe ag an mBeilg i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta chun go mbeidh na limistéir a bhfuil difear déanta dóibh, agus an margadh saothair foriomlán níos inbhuanaithe agus níos athléimní amach anseo;
7. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe na gníomhaíochtaí seo a leanas: seirbhísí faisnéise, cúnamh gairmthreorach agus cúnamh socrúcháin sheachtraigh, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, tacaíocht agus rannchuidiú le gnó a chruthú, chomh maith le dreasachtaí agus liúntais;
8. á mheabhrú go n-áiritheoidh údaráis na Beilge go mbeidh comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne ina gcuid lárnach den tréimhse cur chun feidhme agus go gcuirfear chun cinn iad i rith na tréimhse cur chun feidhme;
9. á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
10. á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Seirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna na Vallúine (Le Forem), ceardchumainn (FGTB agus CSC), agus comhpháirtithe eile le chéile roinnt uaireanta in 2024, chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais athoiliúna oibrithe agus é mar aidhm acu pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí oibrithe Match-Smatch filleadh ar an obair, go ndeachthas i gcomhairle freisin leis na comhairleoirí sóisialta a bhí in éineacht leis na hoibrithe tar éis a ndífhostaithe, agus go raibh mar thoradh ar na cruinnithe sin pacáiste comhordaithe de bhearta CED a chomhlíonann Airteagal 7(4) de Rialachán CED;
11. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear modúl maidir le geilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní a forbraíodh d’iar-oibrithe Swissport (EGF/2020/005 BE/Swissport) mar chuid den tairiscint chaighdeánach oiliúna ón tSeirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna (Forem), a bheidh á chómhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+); á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a sholáthar don dá chlaochlú; ag tacú go láidir leis an bhfíoras go leanfaidh CED, le linn thréimhse CAI 2021-2027, de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndéantar difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar thionchar an athstruchtúraithe ar oibrithe; á iarraidh go ndéanfaí iarratais amach anseo chun comhleanúnachas beartais a uasmhéadú;
12. á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil do na hoibrithe sin a cuireadh ar iomarcaíocht le haghaidh chlaochlú digiteach agus glas thionscal agus gheilleagar an Aontais, rud a mbeidh tionchar aige freisin ar an margadh saothair; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar oideachas cáilithe agus ábhartha, lena n-áirítear gairmoiliúint;
13. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Eanáir 2024 agus go mbeidh an caiteachas ar na bearta incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2024 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin i bhfeidhm;
14. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar chaiteachas a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 22 Meán Fómhair 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Meán Fómhair 2023 go ceann 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin i bhfeidhm;
15. á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
16. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;
17. á fhormheas an cinneadh a ghabhann leis an rún seo;
18. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
19. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg (EGF/2024/001 BE/Match-Smatch)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/2854.)
Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
1. Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II - an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022(1),
– ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0250/2023)(2),
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2022,
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí(3),
– ag féachaint don ráiteas dearbhaithe(4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do chinneadh uaithi an 23 Aibreán 2024(5) lena ndéantar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2022 a chur ar atráth, agus don rún a ghabhann leis,
– ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(6), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(7), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
– ag féachaint do Riail 102 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0003/2024),
1. ag diúltú d’urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2022;
2. ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
2. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,
– ag féachaint do Riail 102 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0003/2024),
A. de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
B. de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;
C. de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;
D. de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
E. de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil Ard-Rúnaí na Comhairle iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;
F. de bhrí, le beagnach fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;
G. de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
H. de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;
I. de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;
J. de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) i bhfiosrúchán straitéiseach IO/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;
K. de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Ghinearálta i mbreithiúnas uaithi an 25 Eanáir 2023 i gCás T-163/21(8), De Capitani v an Chomhairle, maidir le trédhearcacht laistigh de phróiseas reachtach an Aontais, nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
1. á chur in iúl gur oth léi ó 2009 i leith, agus arís don bhliain airgeadais 2022 go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, rud a chuireann cosc ar an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar ghrinnscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle, agus a fhágann go bhfuil ar an bParlaimint urscaoileadh a dhiúltú;
2. ag tabhairt dá haire, an 28 Meán Fómhair 2023, go ndearna seirbhísí ábhartha na Parlaiminte, thar ceann an rapóirtéara don nós imeachta um urscaoileadh, ceistneoir a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht na Comhairle ina raibh 74 cheist thábhachtacha ón bParlaimint chun gur féidir grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle agus ar bhainistiú na Comhairle; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh ceistneoirí comhchosúla chuig gach institiúid eile, a bhfuil freagraí críochnúla tugtha ar na ceisteanna uile don Pharlaimint;
3. á chur in iúl gur oth léi, an 12 Deireadh Fómhair 2023, gur chuir Ardrúnaíocht na Comhairle in iúl don Pharlaimint arís eile nach dtabharfadh sí aghaidh ar cheistneoir na Parlaiminte agus nach mbeadh an Chomhairle rannpháirteach san éisteacht a socraíodh don 25 Deireadh Fómhair 2023 mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh agus ina raibh na hinstitiúidí eile go léir ar tugadh cuireadh dóibh rannpháirteach;
4. ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE, chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;
5. á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;
6. ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór fiche bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;
7. á chur i bhfáth go gcuireann an staid reatha ar chumas na Parlaiminte tuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí agus an Ombudsman a sheiceáil chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle, toisc go leanann an Chomhairle dá míchleachtas chun neamh-chomhoibriú leis an bParlaimint, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint a dualgais a chomhlíonadh i gceart agus cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú;
8. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh; á chur i bhfios go láidir go raibh drochthionchar buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid, go bhfuil míchlú tarraingthe ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais dá bharr agus go ndearnadh dochar do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach;
9. ag athdhearbhú a frustrachais mhóir maidir le dearcadh na Comhairle i leith an nós imeachta um urscaoileadh, ina gcuirtear teachtaireacht mhíchuí in iúl do shaoránaigh an Aontais tráth a bhfuil trédhearcacht níos mó ríthábhachtach; á chur i bhfios go láidir nach mór don Chomhairle cloí leis na caighdeáin chéanna chuntasachta a bhfuil sí ag dréim leo ó institiúidí eile de chuid an Aontais;
10. ag cur béim ar an bhfíoras go n-aithníonn institiúidí eile uile an Aontais an prionsabal agus go dtuigeann siad é, i bhfianaise tharmligean na cumhachta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, go bhfuil an ceart agus an oibleagáid araon ag an bParlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar a mbuiséid agus ar a bhforghníomhú mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh; i bhfianaise an mhéid sin, á chur in iúl go bhfuil sí an-mhíshásta go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint ina leith sin;
11. á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;
12. á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathbhreithniú ar na Conarthaí chun an nós imeachta um urscaoileadh a shruthlíniú, lena ndéanfaí níos soiléire agus níos trédhearcaí é, go háirithe tríd an inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht ina n-aonar; á chur i bhfios go láidir, áfach, go gcaithfear an staid reatha a fheabhsú, go dtí go ndéanfar athbhreithniú den sórt sin, trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr laistigh de chreat reatha na gConarthaí agus ag tathant ar an gComhairle dul i dteagmháil go gníomhach leis an bParlaimint chun aghaidh a thabhairt ar an staid reatha;
13. á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint ar an leibhéal is airde a luaithe is féidir, a mbeidh páirt ag Ard-Rúnaithe agus Uachtaráin an dá institiúid inti, chun deireadh a chur leis an tsáinn agus chun teacht ar réiteach agus urraim á tabhairt ag an am céanna do róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh agus chun trédhearcacht agus rialú daonlathach cuí ar chur chun feidhme an bhuiséid a áirithiú;
14. á chur in iúl gur oth léi nach raibh an Chomhairle ullamh chun Uachtaránacht na Comhairle faoi stiúir Ballstáit atá faoi réir nós imeachta Airteagal 7 a sheachaint, agus go bhfuil mí-úsáid á baint ag rialtas na hUngáire as Uachtaránacht na Comhairle dá dheasca sin, agus gur sáraíodh prionsabal an chomhair dhílis;
15. á chur i bhfáth, maidir le rún urscaoilte ón bParlaimint an 23 Aibreán 2024, gur bailí i gcónaí a barúlacha ann maidir le tosaíochtaí polaitiúla, lena n-áirítear easpa treoirlínte ceangailteacha maidir le hurraíochtaí corparáideacha uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle, bainistiú buiséadach agus bainistíocht airgeadais, bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach, acmhainní daonna, comhionannas, amhail an éagothroime inscne agus folláine na foirne, creat eiticiúil agus trédhearcacht, digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí, foirgnimh, an comhshaol agus inbhuanaitheacht, comhar idirinstitiúideach agus cumarsáid;
16. á athdhearbhú go bhfuil bac á chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as nós imeachta vótála na haontoilíochta sa Chomhairle maidir le réimsí beartais áirithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh na Ballstáit dúmhál a dhéanamh air, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta;