Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach (2024/2062(INS))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,
– ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
– ag féachaint dá Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom(1),
– ag féachaint do Riail 237 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag toghadh Teresa ANJINHO chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh;
2. á iarraidh ar Teresa ANJINHO mionn a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais;
3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh atá i gceangal a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hUachtarán an Cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 17 Nollaig 2024
lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach
TÁ PARLAMINT NA hEORPA,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint dá Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom(3),
Ag féachaint do Riail 237 dá Rialacha Nós Imeacht,
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne (14152/1/2024 – C10-0199/2024 – 2023/0375(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14152/1/2024 – C10‑0199/2024),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2024(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0647),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0028/2024),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta chur i bhfeidhm (COM(2024)0452 – C10-0119/2024 – 2024/0249(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0452),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0119/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2024(1),
– tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litreacha dar dáta an 16 Deireadh Fómhair 2024 agus an 4 Nollaig 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(2);
2. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm
P10_TC1-COD(2024)0249
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Glacadh Rialachán (AE) 2023/1115(5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú. Leagtar síos rialacha leis maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, ina bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil air agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú uaidh, ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí. Tá formhór na bhforálacha den Rialachán sin le cur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2024.
(2) Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115, tá oibreoirí agus trádálaithe a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha le dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin sin. Tá oibreoirí freagrach as scrúdú agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó féin, lena gceanglaítear go príomha go mbaileofaí sonraí atá ábhartha do Rialachán (AE) 2023/1115, agus doiciméadacht iomchuí lena dtacaítear leis na sonraí sin, ó gach soláthróir ar leith.
(3) Rinne an Coimisiún bearta substaintiúla chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Go sonrach, leis an Treoirdhoiciméad le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le táirgí gan dífhoraoisiú, soláthraítear treoraíocht d’oibreoirí, do thrádálaithe agus d’údaráis inniúlamaidir leis na príomhoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 agus soiléirítear leis, inter alia, léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’, go háirithe i ndáil le foraois a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir di, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
(4) Ina theannta sin, leis an téachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Samhain 2024 maidir leis an ‘Strategic Framework for International Cooperation Engagement’ [Teachtaireacht maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Rannpháirtíocht sa Chomhar Idirnáisiúnta] i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, soláthraítear struchtúr cuimsitheach le haghaidh comhar le tríú tíortha chun cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 a éascú. Leagtar amach ann freisin na prionsabail ghinearálta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a chur i bhfeidhm in aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca nó codanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2023/1115.
(5) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084(6) n gCoimisiún déantar foráil maidir le córas faisnéise agus rochtain air d’oibreoirí agus trádálaithe, agus, más infheidhme, dá n‑ionadaithe údaraithe, dá n‑údaráis inniúla agus dá n‑údaráis chustaim, chun a chur ar a gcumas a n‑oibleagáidí faoi seach, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, bheadh oibreoirí agus trádálaithe in ann ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú agus a chur isteach fiú roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115.
(6) Ba cheart dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, trádálaithe agus údaráis inniúla, a liostaítear in Airteagal 38(2) den Rialachán sin, a chur siar 12 mhí. Tá gá leis sin chun go mbeidh tríú tíortha, na Ballstáit, oibreoirí agus trádálaithe in ann a bheith ullmhaithe go hiomlán, lena n‑áirítear, chun a fhágáil gur féidir leis na hoibreoirí agus trádálaithe sin na córais díchill chuí is gá a bhunú lena gcumhdófaí na tráchtearraí agus táirgí ábhartha uile, ionas go mbeidh siad in ann a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán.
(7) I bhfianaise gur cuireadh siar le 12 mhí an dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, na dátaí i bhforálacha idirnasctha den Rialachán sin, eadhon na dátaí dá bhforáiltear le haghaidh aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), agus le haghaidh cur i bhfeidhm iarchurtha na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír sin maidir le micreaghnóthais nó gnóthais bheaga go háirithe, ba cheart iad a choigeartú dá réir.
(8) Mar sin féin, chun an fhaisnéis maidir le sannadh riosca do thíortha táirgthe ábhartha a sholáthar d’oibreoirí agus trádálaithe i bhfad roimh an dáta óna dtiocfaidh a n‑oibleagáidí díchill chuí i bhfeidhm, an dáta faoina mbeidh ar an gCoimisiún tíortha nó codanna díobh a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú, níor cheart é a chur siar ach 6 mhí.
(9) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dáta cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, ar thrádálaithe agus ar údaráis inniúla a chur siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(10) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1115 a leasú dá réir.
(11) Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta tosaigh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1115
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 mar a leanas:
(1) in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. An 29 Meitheamh 2023, sannfar gnáthleibhéal riosca ar na tíortha uile. Déanfaidh an Coimisiún tíortha nó codanna díobh, a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an liosta de na tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2), tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta más iomchuí, a mhinice is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.’;
"
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:"
‘Airteagal 37
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2025.
2. Mar sin féin, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 30 Nollaig 2025.
3. De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a chuirtear ar an margadh ón 31 Nollaig 2028, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’;
"
(3) in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"
‘2. Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, agus Airteagail 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2025.
3. Seachas a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, i gcás oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2020 mar mhicreaghnóthais nó gnóthais bheaga de bhun Airteagal 3(1) nó (2) de Threoir 2013/34/AE, faoi seach, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Meitheamh 2026.’.
"
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún an tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le forálacha a bhaineann le dáta an chur i bhfeidhm+1
Geallann an Coimisiún fós an t‑ualach ar ghnólachtaí a laghdú trí cheanglais riaracháin a laghdú agus trí dheireadh a chur le hualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo.
Chun é sin a bhaint amach i ndáil le Rialachán (AE) 2023/1115, soláthróidh an Coimisiún tuilleadh soiléirithe, fiosróidh sé bearta simplithe, agus déanfaidh sé na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus doiciméadacht a chuíchóiriú, chun iad a íoslaghdú a mhéid is féidir, agus cuspóirí an Rialacháin á gcomhlíonadh go hiomlán san am céanna. Chuige sin, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, foilseoidh an Coimisiún eagrán cothrom le dáta de na Treoirlínte agus na Ceisteanna Coitianta. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de fhreagraí a thabhairt ar aiseolas ó na páirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit, de chuidiú leis na trádálaithe agus na hoibreoirí maidir le cur chun feidhme, go háirithe i ndáil leis an oibleagáid ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach ar feadh an tslabhra luacha.
Chun cur ar a gcumas do thrádálaithe agus d’oibreoirí, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, a bheith in ann ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, is tosaíocht de chuid an Choimisiúin é oibríochtú an Chórais Faisnéise. Is den ríthábhacht é freisin an catagóiriú riosca a thagarmharcáil chun intuarthacht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin le haghaidh oibreoirí, trádálaithe, tíortha is táirgeoirí agus údaráis inniúla. Geallann an Coimisiún go daingean a áirithiú go mbeidh an Córas Faisnéise agus an togra maidir leis an gcatagóiriú riosca araon ar fáil a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí sula gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe ghinearálta ar an Rialachán, a mheastar a chuirfear i gcrích tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún anailís, é bunaithe ar mheasúnú tionchair, de réir mar is iomchuí, ar bhearta breise chun an t‑ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú. Cuirfear san áireamh san anailís sin an gá le ceanglais laghdaithe i ndáil le foinsiú ó thíortha agus ó chodanna de thíortha a bhfuil torthaí dearfacha bainte amach acu i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin, mar aon le hindéantacht na gceanglas sin.
___________________
+1 IO: Cuir isteach, le do thoil, an uimhir thagartha agus dáta an doiciméid atá i nós imeachta 2024/0249(COD) agus cuir sonraí an fhoilseacháin leis an bhfonóta.
Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3084 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le feidhmiú an chórais faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas (IO L, 2024/3084, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3084/oj).
Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle: RESTORE – Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057 (COM(2024)0496 – C10-0147/2024 – 2024/0275(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0496),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 164, d’Airteagal 175(3) agus d’Airteagal 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0147/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don mheasúnú buiséadach ag an gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Nollaig 2024(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 21 Samhain 2024(2),
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 60, 59 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0031/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a mhéid a bhaineann le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE)
P10_TC1-COD(2024)0275
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164, Airteagal 175(3) agus Airteagal 178 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Bhí tionchar tubaisteach ag na tuilte agus na falscaí a tharla le déanaí i Lár, in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa ar an bpobal atá ina gcónaí sna réigiúin sin. Beidh gá le hoibreacha atógála fairsinge in go leor cathracha, bailte agus sráidbhailte chun bonneagar agus trealamh a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú. Tá gá le bearta láithreacha chun iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú. Ina theannta sin, tá cúnamh ábhartha bunúsach ag teastáil ó dhaoine láithreach. Thairis sin, tá gá le tacaíocht do chaomhnú post chun cuidiú le fostaithe agus le daoine féinfhostaithe a bpoist a choinneáil ar feadh tréimhse teoranta ama i gcás nach bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar a ngnátháit fostaíochta de dheasca tubaiste nádúrtha. Chun dul i ngleic le héifeacht mhillteanach tubaistí nádúrtha ar shláinte daoine, ba cheart rochtain ar chúram sláinte a bheith indéanta freisin, lena gcuimsítear daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Tugann an fhianaise le fios gur dócha go dtiocfaidh méadú ar tharluithe tubaistí nádúrtha san am atá le teacht. Dá bhrí sin, is iomchuí creat sealadach a chruthú lena ndéantar foráil maidir le solúbthacht agus tacaíocht airgeadais, agus san am céanna, cineál straitéiseach fadtéarmach infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe á chaomhnú.
(2) Chun an t-ualach ar bhuiséid na mBallstát lena mbaineann a laghdú go tapa agus chun an riosca go mbeidh éagothromaíochtaí críochacha nua ann a mhaolú, ba cheart tacaíocht éifeachtach ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus ón gCiste Comhtháthaithe arna rialú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) a sholáthar do Bhallstáit, réigiúin, údaráis áitiúla agus daoine a ndearna tubaistí nádúrtha den sórt sin difear mór dóibh, sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002(8).
(3) Chun solúbthacht bhreise a sholáthar do Bhallstáit a ndearna tubaistí nádúrtha difear dóibh, ba cheart cuspóir sonrach nua a sholáthar faoin sprioc i gcomhair Infheistíocht le haghaidh post agus fáis chun tacaíocht airgeadais CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe a dhíriú ar atógáil mar fhreagairt ar thubaistí den sórt sin.
(4) Le cuspóir beartais 2, lena gcuirtear chun cinn Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí, agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), faoinar cheart an cuspóir sonrach nua a thabhairt isteach, tacaítear go díreach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá sé d’aidhm ag an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal ‘Forging a climate-resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change’ [An Eoraip a fhorbairt sa tslí go mbeidh sí athléimneach – Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] bearta oiriúnúcháin a fhorbairt chun rioscaí a bhaineann le tubaistí atá mar thoradh ar an athrú aeráide a bhainistiú, amhail tuilte, falscaithe nó triomaigh. Ba cheart leanúnachas agus atreisiú na n-infheistíochtaí atá beartaithe i gcosc tubaistí agus in ullmhacht maidir le tubaistí, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide, a áirithiú, chun maolú a dhéanamh ar thionchar na dtubaistí nádúrtha a tharlaíonn níos minice ná riamh, lena n-áirítear tubaistí arb í an aeráid is cúis leo. Níor cheart iarrachtaí atógála dul chun dochair d’infheistíochtaí i gcosc agus ullmhacht struchtúrach fhadtéarmach maidir le tubaistí. Ba cheart cur i bhfeidhm díonadh ar an athrú aeráide agus an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a áirithiú agus infheistíocht á déanamh i mbonneagar chun athléimneacht an bhonneagair arna chistiú ag an Aontas a fheabhsú i bhfianaise tubaistí a bheidh ann amach anseo, tubaistí a tharlóidh níos minice agus níos déine, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo.
(5) I gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta ó CFRE mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058, féadfar a chumhdach le tacaíocht d’atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha faoin gcuspóir sonrach nua athchóiriú bonneagair a ndearnadh damáiste dó nó a scriosadh, amhail bonneagar poiblí nó infheistíocht i gcaipiteal seasta le haghaidh gnólachtaí agus trealaimh, lena n-áirítear tacaíocht ag suíomh difriúil nó i bhformáid nach bhfuil comhionann leis an gceann bunaidh, más gá, ar bhealach athléimneach inbhuanaithe. Ina theannta sin, féadfar tacú le limistéir nádúrtha, an bhithéagsúlacht agus bonneagar glas a athchóiriú, lena n-áirítear tacaíocht athchóirithe ar láithreáin Natura 2000. D’fhéadfadh bearta ábhartha a bhaineann leis an athfhoraoisiú a bheith san áireamh leis sin. Féadfar, leis an gCiste Comhtháthaithe, tacaíocht a sholáthar freisin don chuspóir sonrach nua a mhéid atá sé i gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058.
(6) I gcomhthéacs na hatógála mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt sa phróiseas roghnúcháin d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’. Is éard atá i gceist leis an bprionsabal sin úsáid a bhaint as na céimeanna téarnaimh, athshlánaithe agus atógála tar éis tubaiste chun athléimneacht pobal a mhéadú trí bhearta laghdaithe rioscaí tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030. San am céanna, ba cheart an tacaíocht a thabharfar do na hoibríochtaí roghnaithe leanúint de bheith comhréireach agus an gaol is fearr idir an méid tacaíochta agus an cuspóir maidir le hathléimneacht ó thubaistí a áirithiú. Thairis sin, má tá Ballstát incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CDAE chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí riachtanacha éigeandála agus téarnaimh lena gcuirtear an bonneagar ar ais sa riocht ina raibh sé sular tharla an tubaiste nádúrtha, féadfar tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe a úsáid ar bhealach comhlántach le CDAE chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair dá ndearnadh difear chun feabhas a chur ar a acmhainneacht, a inbhuanaitheacht agus a athléimneacht i leith tubaistí nádúrtha a bheidh ann amach anseo a sheasamh. Is é is cuspóir don tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe an athléimneacht agus ullmhacht maidir le rioscaí a mhéadú.
(7) Chun ró-íocaíocht a eisiamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh forluí idir an tacaíocht a chumhdaítear le CSE+, le CFRE nó leis an gCisteComhtháthaithe agus tacaíocht a fhaightear ó ionstraim eile de chuid an Aontais, ó ionstraim náisiúnta nó ó scéim árachais phríobháidigh.
(8) Chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha, ba cheart cead a bheith ag Ballstáit, trí thosaíochtaí tiomnaithe, cuidiú spriocdhírithe, tapa agus láithreach a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha na dtubaistí sin a mhaolú. Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacú, laistigh den tosaíocht thiomnaithe nó lasmuigh di, le bearta sealadacha do dhaoine a ndéanann tubaistí nádúrtha difear díreach dóibh i bhfoirm bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh gan oibleagáid a bheith orthu bearta tionlacain a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil údar cuí leis, foráil a dhéanamh maidir le scéimeanna oibre gearr-ama chun fostaithe agus cur ar chumas dhaoine féinfhostaithe a ndéanann iarmhairtí tubaistí nádúrtha difear dóibh a bpoist a choinneáil gan bearta gníomhacha a sholáthar, mura bhforchuirtear na bearta sin leis an dlí náisiúnta, chomh maith le bearta chun rochtain ar chúram sláinte a áirithiú lena n-áirítear rochtain do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí le haghaidh na mbeart sealadach sin ar feadh tréimhse theoranta faoi Rialachán (AE) 2021/1057.
(9) Ba cheart na hacmhainní chun tacú leis an bhfreagairt do thubaistí nádúrtha a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó ag a bhfuil ráta cómhaoinithe suas le 95 %. Tá na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann cheana chun leithdháiltí a aistriú idir cistí beartais comhtháthaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 chun na hacmhainní atá ar fáil faoi na tosaíochtaí tiomnaithe sin a mhéadú. Tá siad in ann acmhainní a ath-leithdháileadh freisin ó aon cheann de na cuspóirí beartais agus na rialacha is infheidhme á n-urramú san am céanna.
(10) Ba cheart na hacmhainní foriomlána atá clársceidealaithe faoi na tosaíochtaí tiomnaithe a theorannú d’uasmhéid 10 % de leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh an Bhallstáit le haghaidh CSE+ agus CFRE. Ba cheart é a bheith indéanta na hacmhainní sin a chlársceidealú trí leasú cláir amháin nó níos mó agus iad a nascadh le tubaiste amháin nó níos mó. Maidir leis an bprionsabal go bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir cistithe atá ar fáil, ba cheart feidhm leanúint de bheith ag an bprionsabal sin.
(11) Chun tacaíocht láithreach a sholáthar d’infheistíochtaí le haghaidh atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha agus chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a sholáthar i ndáil leis na tosaíochtaí tiomnaithe. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060.
(12) Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn idir 1 Eanáir 2024 agus 31 Nollaig 2025, ba cheart a n-údaráis bhainistíochta a bheith in ann oibríochtaí tacaíochta atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú sula gcuirfear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gur freagairt ar an tubaiste nádúrtha sin atá san oibríocht.
(13) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, i bhfianaise na dtuillte agus na bhfalscaí le déanaí i Lár, Oirthear agus Deisceart na hEorpa, iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na dtubaistí nádúrtha a mhaolú trí Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a leasú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(14) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a leasú dá réir sin.
(15) I bhfianaise éifeachtaí millteanacha na dtubaistí nádúrtha le déanaí agus na práinne atá le tacaíocht láithreach a sholáthar do na Ballstáit láithreach, meastar gur gá úsáid a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(16) I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le tubaistí nádúrtha, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1057
I Rialachán (AE) 2021/1057, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 12b
Tacaíocht chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaistí nádúrtha a mhaolú
1. Féadfaidh na Ballstáit CSE+ a úsáid chun tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha tubaistí nádúrtha, a tharlaíonn idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025, a mhaolú. Chun críoch an Airteagail seo, tuigfear gurb é atá i dtubaiste nádúrtha mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear iad, faoi seach, in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle*. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) den Rialachán sin, ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil de chuid an Bhallstáit í mar thubaiste nádúrtha. I gcás ina dtarlaíonn an tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 tar éis an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], measfar gur tubaiste nádúrtha í ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil an Bhallstáit ábhartha í amhlaidh laistigh de 12 sheachtain ón dáta a tharla an damáiste den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha sin.
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfar acmhainní a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe na gclár lena mbaineann. Ar feadh na clárthréimhse ar fad, maidir leis na hacmhainní foriomlána le haghaidh na dtosaíochtaí tiomnaithe sin a leithdháiltear ó CSE+, agus ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe de bhun Airteagail 3(1b), de Rialachán (AE) 2021/1058, beidh siad teoranta, d’uasmhéid 10 % den leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh de CSE+ agus de CFRE ▌. Tíolacfar an leasú ar chlár lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha nó, i gcás inar tharla an tubaiste nádúrtha roimh an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], faoin ... [6 mhí ó tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo.
3. Féadfaidh na tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tacú le haon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
4. I gcás ina bhfuil géarghá leis mar bheart sealadach, d’fhéadfadh gur incháilithe do chistiú ar feadh uastréimhse 18 mí ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha scéimeanna oibre gearr-ama arb é is aidhm dóibh freagairt a thabhairt d’iarmhairtí tubaiste nádúrtha gan gá a bheith ann iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha, chomh maith le rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear le haghaidh daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo.
5. De mhaolú ar Airteagal 19(4), ní cheanglófar ar na Ballstáit seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a chomhlánú le bearta tionlacain faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m), i gcás ina mbeidh an seachadadh sin le freagairt d’iarmhairtí tubaiste nádúrtha. Féadfaidh seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh den sórt sin gan bearta tionlacain a bheith incháilithe do mhaoiniú go ceann sé mhí ar a mhéad ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha agus i gcás ar bith tar éis an 1 Eanáir 2024.
6. De mhaolú ar Airteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta lena mbaineann tacaíocht a roghnú, faoi thosaíocht thiomnaithe, oibríochtaí atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharlaíonn [idir] an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025.
7. Íocfaidh an Coimisiún 25 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an gcinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil. I gcás ina ndéanfar an leithdháileadh ar na tosaíochtaí sin a mhéadú ina dhiaidh sin, íocfar méid réamh-mhaoiniúcháin breise a chomhfhreagróidh do 25 % den mhéadú.
I gcomhréir le hAirteagal 90(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CSE+ agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.
I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.
8. De mhaolú ar Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 95 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíocht thiomnaithe a bunaíodh chun tacú le hiarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaiste nádúrtha a mhaolú de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
Maidir le tacaíocht ó ionstraim eile de chuid an Aontais, ó ionstraim náisiúnta nó ó scéim árachais phríobháidigh, tacaíocht a fuarthas le haghaidh oibríochtaí a roghnaíodh mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tacaíocht sin a asbhaint ón gcaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.’.
________________
* Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj).’.
"
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1058
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 mar a leanas:
1. leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) i mír 1, pointe (b), cuirtear an pointe seo a leanas léi:"
‘(x) tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar atógáil mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha a tharlaíonn [idir] an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025.’;
"
(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
‘1b. Chun críocha mhír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo, tuigfear gurb é atá i dtubaiste nádúrtha mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear iad, faoi seach, in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle*. D’fhéadfaí a áirithiú leis sin tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) den Rialachán sin, ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil de chuid an Bhallstáit í mar thubaiste nádúrtha.
I gcás ina dtarlaíonn an tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach faoi bhun na dtairseach a a shocraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 tar éis an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuigfear gur tubaiste nádúrtha í ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil an Bhallstáit ábhartha í amhlaidh laistigh de 12 sheachtain ón dáta a tharla an damáiste den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha sin.
Déanfar na hacmhainní a leithdháiltear faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe clár faoin sprioc i gcomhair Infheistíocht le haghaidh post agus fáis a chomhfhreagraíonn don chuspóir beartais faoi seach. Ar feadh na clárthréimhse ar fad, maidir leis na hacmhainní a leithdháiltear faoin gcuspóir sonrach sin agus faoi na tosaíochtaí tiomnaithe arna mbunú de bhun Airteagal 12b(2) de Rialachán (AE) 2021/1057, beidh siad teoranta d’uasmhéid 10 % den leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh de CSE+ agus CFRE ▌ . Tíolacfar an leasú ar chlár lena mbaineann laistigh de [6] mhí ón dáta a tharla an damáiste mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha den chéad uair nó, i gcás inar tharla an tubaiste nádúrtha roimh an ... [ dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], faoin ... [6] mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh].
Íocfaidh an Coimisiún 25 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo i gcomhréir leis an gcinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil. I gcás ina ndéanfar an leithdháileadh ar na tosaíochtaí sin a mhéadú ina dhiaidh sin, íocfar méid réamh-mhaoiniúcháin breise a chomhfhreagróidh do 25 % den mhéadú.
I gcomhréir le hAirteagal 90(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an gcaoi chéanna le CFRE nó leis an gCiste Comhtháthaithe agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.
I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun críocha na méideanna atá le saoradh a ríomh.
De mhaolú ar Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 95 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a leagadh síos chun tacú leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo.
Maidir le tacaíocht ó ionstraim eile de chuid an Aontais, ó ionstraim náisiúnta nó ó scéim árachais phríobháidigh, tacaíocht a fuarthas le haghaidh oibríochtaí a roghnaíodh faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tacaíocht sin a asbhaint ón gcaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.
De mhaolú ar Airteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta lena mbaineann tacaíocht a roghnú, faoin tosaíocht thiomnaithe, oibríochtaí atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharlaíonn idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025.
_____________
* Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj).’;
"
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do chuspóir beartais 2 agus 3, lena n-áirítear an cuspóir sonrach a leagtar amach i mír 1, pointe (b)(x) a mhéid atá sé i gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta a leagtar amach in Airteagal 6.’;
"
2. i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 2:"
‘
(x) tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar an atógáil mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha a tharlaíonn idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2025.
Aon RCO a liostaítear le haghaidh cuspóirí sonracha faoi CB 1 go 4
Aon RCR a liostaítear le haghaidh cuspóirí sonracha faoi CB 1 go 4
’.
"
Airteagal 3
Dáta theacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa ...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).
Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).
Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
Bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh (COM(2024)0495 – C10-0148/2024 – 2024/0274(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0495),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0148/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don mheasúnú buiséadach ag an gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Nollaig 2024(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 21 Samhain 2024(2),
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Samhain 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 60 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0026/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha
P10_TC1-COD(2024)0274
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Bhí tionchar millteanach ag na tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí i Lár na hEorpa, in Oirthear na hEorpa agus i nDeisceart na hEorpa ar na pobail tuaithe atá ina gcónaí agus ag obair sna réigiúin sin. Scriosadh méid suntasach d’acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta agus, mar thoradh air sin, tá ar fheirmeoirí, ar shealbhóirí foraoise agus ar ghnólachtaí tuaithe sna réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha dul i ngleic le caillteanais shuntasacha ioncaim. Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí chóras bia an Aontais agus ar leochaileachtaí na bpobal tuaithe de dheasca na dtubaistí nádúrtha sin, is iomchuí tacaíocht eisceachtúil éifeachtach a sholáthar go mear tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna chur chun feidhme faoi chláir forbartha tuaithe, agus foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta le haghaidh na rialacha atá ann cheana.
(2) Chun freagairt d’iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le beart nua eisceachtúil sealadach (‘an beart nua’) chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta a chuireann leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus foraoiseachta i mbaol agus chun aghaidh a thabhairt ar leanúnachas gníomhaíochtaí gnó fiontar beag agus meánmhéide a dhéanann próiseáil, margú nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta agus foraoiseachta. Thairis sin, ba cheart an tacaíocht le haghaidh athbhunú na hacmhainneachta táirgthe talmhaíochta, ar tacaíocht í atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), a threisiú trí níos mó solúbthachta buiséadaí a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) (‘an tairseach neamh-chúlchéimnithe’).
(3) Ós rud é gur trí bhíthin CETFT a chuirfear maoiniú an bhirt nua ar fáil, tá feidhm le bheith ag an gcreat dlíthiúil a leagtar síos le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020, go háirithe forálacha sonracha Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), agus forálacha sonracha na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Rialachán sin maidir leis an mbeart nua seo.
(4) Le Rialachán (AE) 2020/2220, cuireadh síneadh le clárthréimhse CETFT sa chaoi is go mairfeadh sí go dtí an 31 Nollaig 2022 agus go leanfadh cur chun feidhme go dtí deireadh an 31 Nollaig 2025. Le Rialachán (AE) 2020/2220, rinneadh foráil freisin maidir le rialacha idirthréimhseacha atá le bheith infheidhme le linn thréimhse an tsínidh. Ós rud é go bhfuil an tréimhse cur chun feidhme shínithe sin i bhfeidhm maidir le CETFT, is iomchuí na coinníollacha a bhunú le haghaidh an bhirt eisceachtúil nua agus foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí buiséadacha breise a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe trí Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú.
(5) Chun foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta buiséadaí chun cistiú a ath-leithdháileadh don bheart nua agus don fhobheart atá ann cheana chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta a athbhunú, agus leanúint an tráth céanna de na hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí atá beartaithe maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht i gcomhair tubaistí, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide chun tionchar na dtubaistí arb í an aeráid is cúis leo agus atá ag éirí níos minice a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an tairseach neamh-chúlchéimnithe a laghdú 15 phointe céatadáin ar a mhéad ach gan í a bheith faoi bhun na tairsí íosta 30 %.
(6) Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart cead a bheith acu oibríochtaí atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú le haghaidh tacaíochta sula gcuirfear an t‑iarratas ar chistiú faoin gclár forbartha tuaithe faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gurb é atá sna hoibríochtaí sin ná freagairt do thubaistí nádúrtha den sórt sin.
(7) Leis an tacaíocht faoin mbeart nua, arb é is aidhm di iomaíochas FBManna chomh maith le hinmharthanacht feirmeoirí agus sealbhóirí foraoise a áirithiú, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ba cheart na hacmhainní sin a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Níor cheart an tacaíocht a sholáthar ach do na tairbhithe sin a ndearna scriosadh 30 % ar a laghad den táirgeadh ábhartha nó den acmhainneacht ábhartha difear dóibh mar thoradh ar thubaiste nádúrtha atá aitheanta go foirmiúil, nó mar thoradh ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) i dtaca le tubaiste nádúrtha den sórt sin.
(8) Mar gheall ar chineál práinneach, sealadach agus eisceachtúil an bhirt nua agus ós rud é go bhfuil gá leis na híocaíochtaí comhfhreagracha a eisíoc go tapa agus ar bhealach simplí, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta deiridh le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt nua a shocrú.
(9) Chun tacaíocht níos mó a thabhairt do na feirmeoirí, na sealbhóirí foraoise agus na FBManna is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, mar shampla trí raonta áirithe nó catagóirí leathana de thairbhithe incháilithe a shocrú.
(10) Agus tacaíocht á deonú ag na Ballstáit don bheart nua, ba cheart dóibh a chur san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha.
(11) Ba cheart na hacmhainní don bheart nua a chlársceidealú le ráta cómhaoinithe suas le 100 %.
(12) Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a chistiú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, ba cheart sciar uasta de ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart nua a shocrú.
(13) Leis an tacaíocht a thugtar chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta a athbhunú mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’, is é sin le rá úsáid a bhaint as céimeanna an téarnaimh, an athshlánaithe agus na hatógála i ndiaidh tubaiste chun athléimneacht earnáil na feirmeoireachta agus na foraoiseachta a mhéadú trí bhearta laghdaithe riosca tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030 ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, agus é á áirithiú an tráth céanna go léiríonn oibríochtaí roghnaithe an gaol is fearr idir méid na tacaíochta agus an cuspóir chun athléimneacht ó thubaistí a áirithiú.
(14) Chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ar na Ballstáit a laghdú agus ‘force majeure’ á aithint acu, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a mheas go bhfuil an tubaiste nádúrtha tar éis dochar mór a dhéanamh don limistéar iomlán.
(15) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an mbeart nua a chur chun feidhme trí bhíthin na gclár forbartha tuaithe laistigh de chreat dlíthiúil na clárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh léi le Rialachán (AE) 2020/2220, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart baint a bheith ag na cumhachtaí cur chun feidhme sin le cur i láthair an bhirt nua sna cláir forbartha tuaithe, le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas forbartha tuaithe, le tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chur i láthair agus le seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).
(16) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú trí thacaíocht eisceachtúil shealadach a sholáthar trí CETFT, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(17) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú dá réir.
(18) I bhfianaise éifeachtaí millteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá acu ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.
(19) Chun cur chun feidhme rianúil an bhirt nua a áirithiú agus mar ábhar práinne i bhfianaise an ghéarghá atá ann aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 mar a leanas:
(1) in Airteagal 1(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:"
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, an dara habairt, den mhír seo, agus cistí á n‑ath-leithdháileadh ar bhearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus cistí á gcaitheamh ar na bearta sin, féadfaidh na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar an sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní rachaidh an laghdú sin thar mhéideanna CETFT a ath-leithdháiltear ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus ní rachaidh sé thar 15 phointe céatadáin den sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a shocraítear sna cláir forbartha tuaithe le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh an sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a shocraítear sna cláir forbartha tuaithe mar a beartaíodh tráth a cuireadh síneadh le tréimhse na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CETFT go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. An sciar foriomlán a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ní bheidh sé níos ísle ná an tairseach íosta a leagtar amach san Airteagal sin. Féadfar an laghdú céanna i bpointí céatadáin a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 gan cistí a ath-leithdháileadh ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.’;
"
(2) in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"
‘5. De mhaolú ar Airteagal 65(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go gcuirtear na hoibríochtaí sin chun feidhme trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), nó Airteagal 24(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ar choinníoll go dtugann oibríochtaí den sórt sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.’;
"
(3) cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 6a
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha
1. Leis an tacaíocht faoin Airteagal seo, soláthrófar cabhair éigeandála d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha, arb é is aidhm di leanúnachas a áirithiú i leith a gcuid gníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Beidh tacaíocht faoin Airteagal seo faoi réir aitheantas foirmiúil ó na húdaráis phoiblí inniúla sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin agus gur scriosadh 30 % ar a laghad den táirgeadh ábhartha nó den acmhainneacht ábhartha mar gheall ar an tubaiste nádúrtha sin nó mar gheall ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* chun galar plandaí nó lotnaid a dhíothú nó a shrianadh.
3. Deonófar tacaíocht faoin Airteagal seo dóibh siúd seo a leanas:
(a)
feirmeoirí;
(b)
sealbhóirí foraoise príobháidí agus poiblí agus comhlachtaí eile dlí phríobháidigh agus poiblí agus a gcomhlachais, seachas foraois atá faoi úinéireacht Stáit atá á bainistiú ag an Stát,
(c)
FBManna a dhéanann próiseáil, margú nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó ar chadás, seachas táirgí iascaigh; nó
(d)
FBManna a dhéanann próiseáil, slógadh agus margú ar tháirgí foraoise.
Maidir le táirgí talmhaíochta a phróiseáil, féadfaidh sé gur táirge nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE é aschur an phróisis táirgthe.
4. Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht faoin Airteagal seo a spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha, trí choinníollacha incháilitheachta a chinneadh ar bhonn na fianaise atá ar fáil.
5. Beidh an tacaíocht faoin Airteagal seo i bhfoirm íocaíochta cnapshuime atá le híoc faoin 31 Nollaig 2025, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna bhformheas ag an údarás inniúil faoin 30 Meitheamh 2025. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.
6. Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta faoin Airteagal seo thar EUR 42 000 in aghaidh an tairbhí.
7. Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, de réir mar is infheidhme, agus an tacaíocht á spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha.
Airteagal 6b
Forálacha is infheidhme maidir leis an tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha
1. Maoineoidh CETFT an tacaíocht eisceachtúil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo mar bheart de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.
2. Is é 100 % a bheidh in uasmhéid ranníocaíochta CETFT le haghaidh an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a.
3. Ní rachaidh tacaíocht CETFT a sholáthraítear don bheart dá dtagraítear in Airteagal 6a thar 10 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe le haghaidh na mblianta 2021-2022.
Airteagal 6c
Force majeure
A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun CBT a mhaoiniú agus a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh air agus cásanna ‘force majeure’ á n-aithint, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, i gcás ina ndéanann tubaiste thromchúiseach nádúrtha dochar mór do limistéar dea-chinnte, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a mheas go bhfuil an tubaiste sin tar éis dochar mór a dhéanamh don limistéar iomlán sin.
Airteagal 6d
Cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha is gá chun an beart dá dtagraítear in Airteagal 6a a chur chun feidhme trí bhíthin cláir forbartha tuaithe laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme sa chlárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh leis i gcomhréir le hAirteagal ,1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas forbartha tuaithe;
(b)
cur i láthair na gclár forbartha tuaithe;
(c)
na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chur i láthair;
(d)
seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme.
2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
Airteagal 6e
Nós imeachta coiste
1. Agus na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 6d(1), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo á fheidhmiú ag an gCoimisiún, déanfaidh an Coiste Forbartha Tuaithe a bunaíodh le hAirteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 cúnamh a thabhairt dó. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
2. Agus na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 6d(1), pointe (d), den Rialachán seo á fheidhmiú ag an gCoimisiún, déanfaidh Coiste na gCistí Talmhaíochta, a bunaíodh le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****, cúnamh a thabhairt dó. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
________________
* Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).
** Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
*** Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
**** Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).’.
"
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj).
Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj).
Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj).
Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
Ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra leasaithe le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n-údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe (COM(2024)0517 – C10-0167/2024 – 2024/0214(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0517),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0167/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1) an 4 Nollaig 2024,
– ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0022/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n-údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe
P10_TC1-COD(2024)0214
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an gníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá feidhm ag Treoir 1999/105/CE(4) ón gComhairle, inter alia, maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú laistigh den Aontas. Baineann an Treoir sin le hábhar atáirgthe de speicis crann agus de hibridí saorga díobh a bhfuil tábhacht ag baint leo chun críoch foraoiseachta ar fud an Aontais nó i gcuid de.
(2) Le Cinneadh 2008/971/CE(5) ón gComhairle cinntear, maidir le hábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’, a tháirgtear i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin, na coinníollacha faoina bhfuil sé le hallmhairiú isteach san Aontas, a mhéid a bhaineann le formheas agus clárú bunábhair foraoise agus táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin. Tá Scéim ECFE um Dheimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta (‘Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE’) curtha chun feidhme ag na tríú tíortha lena mbaineann.
(3) Leasaíodh Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE in 2013 chun ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a chur san áireamh i dteannta na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’ d’ábhar atáirgthe foraoise, catagóirí atá i Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE ó bhí 2011 ann.
(4) Leis na rialacha náisiúnta maidir le deimhniú ábhair atáirgthe foraoise (‘na rialacha náisiúnta’) i gCeanada, san Iorua, sa tSeirbia, san Eilvéis, sa Tuirc, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe (‘na tríú tíortha sonraithe’) déantar foráil go bhfuil iniúchadh allamuigh oifigiúil le déanamh le linn bailiú agus próiseáil síolta agus le linn táirgeadh stoic plandúcháin.
(5) De réir rialacha náisiúnta na dtríú tíórtha sonraithe, ní mór do na córais maidir le formheas agus clárú bunábhair agus táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE a leanúint. Ina theannta sin, ceanglaítear leis na rialacha náisiúnta sin síolta agus stoc plandúcháin de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a bheith deimhnithe agus na pacáistí síolta a bheith dúnta go hoifigiúil i gcomhréir le Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE.
(6) Ós rud é nárbh ann do Chinneadh ar leibhéal an Aontais i ndáil le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773(6) ón gCoimisiún údaraíodh do na Ballstáit go sealadach, go dtí an 31 Nollaig 2024, cinneadh a dhéanamh maidir le coibhéis an ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a tháirgtear i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, tíortha lena n áirítear na tríú tíortha sonraithe. Bhí an t údarú sin riachtanach chun aon riosca go gcuirfí isteach ar allmhairiú ábhair atáirgthe foraoise isteach sna Ballstáit a sheachaint.
(7) Má dhéantar scrúdú ar rialacha náisiúnta na dtríú tíortha sonraithe, a mhéid a bhaineann leis an gcatagóir ‘tástáilte’, feictear go meastar na coinníollacha maidir le formheas bunábhair a bheith coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE a mhéid a bhaineann le síolta agus stoic phlandúcháin.
(8) Athraíodh ainmneacha agus seoltaí roinnt de na húdaráis atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE agus dá bhrí sin ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta.
(9) Is féidir úsáid a bhaint as an modhnú géiniteach chun síolta nó stoc plandúcháin den chatagóir ‘tástáilte’ a tháirgeadh. Dá bhrí sin, chun roghanna eolasacha a áirithiú le haghaidh úsáideoirí ábhair atáirgthe foraoise, ba cheart a shonrú ar lipéad ECFE agus ar lipéad an tsoláthróra ar baineadh úsáid as an gcineál sin modhnaithe i dtáirgeadh an bhunábhair le haghaidh na catagóire sin, mar a dhéantar faoi láthair i leith na catagóire ‘cáilithe’.
(10) I bhfianaise go gcuirtear an chatagóir ‘tástáilte’ le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, ba cheart iarscríbhinn a chur leis an gCinneadh sin le tábla ina sonraítear na catagóirí faoina gceadaítear ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a allmhairiú isteach san Aontas chun soiléireacht agus cur i bhfeidhm ceart an Chinnidh sin a áirithiú. Tá gá leis sin chun soiléireacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht le Treoir 1999/105/CE a áirithiú, mar aon le cur i bhfeidhm ceart na rialacha sin agus roghanna eolasacha na n oibreoirí a chuireann an Cinneadh sin i bhfeidhm.
(11) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2008/971/CE a leasú dá réir sin.
(12) I bhfianaise an ghá atá ann go gcuirfí an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dhul in éag Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 an 31 Nollaig 2024, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.
(13) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon an córas coibhéise maidir le hallmhairiú ábhair atáirgthe foraoise, córas a bhunaítear le Cinneadh 2008/971/CE, a leathnú chun an chatagóir ‘tástáilte’ a chumhdach, agus ó tharla nach féidir iad a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(14) Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm sula rachaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 in éag.
(15) Ós rud é go rachaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 in éag an 31 Nollaig 2024, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 chun soiléireacht dhlíthiúil agus leanúnachas na rialacha lena mbaineann a áirithiú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2008/971/CE
Leasaítear Cinneadh 2008/971/CE mar a leanas:
(1) in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:"
‘Leis an gCinneadh seo cinntear na coinníollacha faoina bhfuil ábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a tháirgtear i dtríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn I le hallmhairiú isteach san Aontas.’;
"
(2) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Síolta agus stoc plandúcháin de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ de na speicis agus hibridí saorga díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/105/CE, a tháirgtear i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo agus atá deimhnithe go hoifigiúil ag na húdaráis tríú tír a liostaítear san Iarscríbhinn sin, measfar go bhfuil siad coibhéiseach le síolta agus stoc plandúcháin a chomhlíonann Treoir 1999/105/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.’;
"
(3) leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Arna dhéanamh i/in/sa ...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2008/971/EC mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:
Department for Environment, Food & Rural Affairs (DEFRA)
Eastbrook
Shaftesbury Road
Cambridge
CB2 8DR
NO
Norwegian Forest Seed Center
c/o Øyvind Meland Edvardsen
Box 118, N-2301 Hamar
RS
Group for Forest Reproductive Material and Genetic Resources Directorate for Forest
Ministry of Agriculture, Forestry and Water Management
Ministry of AFW — Directorate for Forest
Omladinskih brigada 1
Novi Beograd
TR
Ministry of Agriculture and Forestry
General Directorate of Forestry
Forest Tree Seeds and Tree Breeding Research Institute Directorate Sogutozu
06560 Ankara
US
United States Department of Agriculture
Forest Service
Cooperative Forestry
National Seed Laboratory
5675 Riggins Mill Road
Dry Branch, Georgia 31020
ÚDARÁIS DEIMHNIÚCHÁIN OIFIGIÚLA NA STÁT
(Údaráis atá údaraithe chun deimhnithe ECFE a eisiúint trí chomharchomhaontú le Seirbhís Foraoise USDA)
Washington State Crop Improvement Association, Inc.
2575 NE Hopkins Ct.
Pullman, Washington 99163
’;
(2) in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn C:
‘C. Coinníollacha breise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ síolta agus stoic le cur a tháirgtear i dtríú tíortha.
A mhéid a bhaineann le síolta nó stoc plandúcháin de na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, luafar ar an lipéad ECFE agus ar lipéad an tsoláthróra ar baineadh úsáid as an modhnú géiniteach i dtáirgeadh an bhunábhair.’;
(3) cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas leis:
‘IARSCRÍBHINN III
CATAGÓIRÍ FAOINA bhFÉADFAR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE Ó NA CINEÁLACHA ÉAGSÚLA BUNÁBHAIR A ALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS
Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/105/oj).
Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha (IO L 345, 23.12.2008, lch. 83,ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/971/oj).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 lena n údaraítear do na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 1999/105/CE ón gComhairle, cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le coibhéis an ábhair atáirgthe foraoise de chatagóirí áirithe a tháirgtear i dtríú tíortha áirithe (IO L 169, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/773/oj).
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Ráiteas Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críoch na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper (COM(2024)0370 – C10-0166/2024 – 2024/0286(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0370 – C10‑0166/2024),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765(3) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint do phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus do na spriocanna a bunaíodh i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0019/2024),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus do na cuideachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 681 iomarcaíocht(5) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 17 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) i réigiún Provincie Limburg laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 31 Nollaig 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken NV (páipéar) agus 114 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Purmo Group Belgium NV (innealra);
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna nó in earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus atá suite sa réigiún céanna;
E. de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Bheilg;
F. de bhrí go raibh Sappi Lanaken speisialaithe i dtáirgeadh páipéir bhrataithe saor ó adhmad (WCP); de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar ró-acmhainneacht thionscal WCP na hEorpa mar thoradh ar an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí grafaicí mar thoradh ar dhigitiú méadaithe; de bhrí nach bhféadfaí an táirgeadh ag Sappi Lanaken a aistriú chuig táirgí eile páipéir ar mó an t-éileamh orthu gan infheistíochtaí troma agus, dá bhrí sin, gur chinn Sappi Group stop a chur leis an táirgeadh in Lanaken agus an gléasra a dhúnadh, toisc nach bhféadfaí aon cheannaitheoir oiriúnach a shainaithint, mar gheall ar ró-acmhainneacht struchtúrach sa tionscal;
G. de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar mhéid táirgeachta radaitheoirí painéil Purmo Group le linn na tréimhse 2018-2023, ó 820 000 aonad in 2018 go 320 000 in 2023 (-60 %). de bhrí, agus costais táirgthe phlandaí éagsúla Purmo Group san Eoraip á gcur i gcomparáid, go bhfuil an láithreán in Zonhoven faoi mhíbhuntáiste, ós rud é go bhfuil a chostais 17 % go 35 % níos airde. de bhrí gur chinn Purmo Group stop a chur le táirgeadh radaitheoirí painéil 50 mm ina ghléasra Zonhoven agus an líne tháirgthe ábhartha a dhúnadh; de bhrí, tar éis na staide gan choinne maidir le hinfhaighteacht agus praghsanna gáis, a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus reachtaíocht an Aontais a théann chun tairbhe do chórais téimh ísealteochta chun dochair do radaitheoirí painéil, nach dócha go mbeidh téarnamh éilimh ann toisc go mbeidh margadh na radaitheoirí painéil teoranta níos mó agus níos mó d’aonaid atá in úsáid a ionadú;
H. de bhrí gur lean an dá chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo agus go bhfuil aonad fostaíochta curtha ar bun acu, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a chur ar fáil d’oibrithe a scaoileadh chun bealaigh i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna;
I. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
J. de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 704 135 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 173 559, a chuimsíonn EUR 1 126 559 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 47 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 19 Iúil 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 5 Samhain 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken agus 114 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Purmo Group Belgium; ag tabhairt dá haire thairis sin go mbeidh 632 oibrí ina dtairbhithe spriocdhírithe ar an iomlán, fir amháin nach mór;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil margaí saothair Lanaken agus Zonhoven faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le Limburg ina iomláine nó le Flóndras ina bhfuil cóimheas i bhfad níos ísle idir an daonra oibre agus na poist atá ar fáil ná mar atá in Limburg ina iomláine nó i bhFlóndras; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú 15 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Limburg in 2023;
5. á chur i bhfios go bhfuil próifílí na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 55 bliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil oideachas íseal ag 30 % díobh, ina mbacainní tromchúiseacha ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth, agus an treocht anuas i bhfolúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas sin á gcur i gcuntas, go mbeidh tacaíocht shaincheaptha bhreise de dhíth ar na hoibrithe chun cabhrú leo an t-aistriú chuig an bhfostaíocht a bhaint amach;
6. á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
7. á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é an fhéidearthacht a thabhairt do na hoibrithe a ndéanfar difear dóibh na cáilíochtaí is gá d’fhostaíocht amach anseo a fháil, i bhfianaise go bhfuil tionchar suntasach ag an aistriú digiteach agus éiceolaíoch ar a n-earnálacha agus go bhfuil laghdú ar an éileamh mar thoradh air ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;
8. á chur i bhfáth gur gá an tacaíocht a chuireann CED ar fáil a leabú i straitéis níos mó do na hoibrithe a ndéantar difear dóibh agus don réigiún, ar gach leibhéal polaitiúil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’ionstraimí cistiúcháin ábhartha an Aontais, agus é mar aidhm leis a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár sna haistrithe digiteacha agus aeráide;
9. á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: comhairleoir idirghabhála sóisialta, treoir, comhairleoireacht, agus treoshuíomh gairmiúil, tacaíocht ghníomhach i gcuardach poist, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, lena n-áirítear oiliúint i scileanna digiteacha, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 26 Nollaig 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;
11. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 20 Samhain 2023 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
12. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
13. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;
14. á iarraidh ar údaráis na Beilge agus ar Bhallstáit eile na bearta coisctheacha a dhéanamh ar bhealach réamhghníomhach chun tionscail a oiriúnú don domhandú agus d’athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil agus chun oibrithe a chosaint ar a bpoist a chailleadh agus ar thionchar diúltach eile an domhandaithe;
15. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
16. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
17. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE-Limburg machinery and paper
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(6), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(7), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.
(2) Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle(8), arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle(9), agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.
(3) An 19 Iúil 2024, chuir an Bheilg iarratas isteach ar CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe a rinneadh sna hearnálacha eacnamaíocha a aicmítear faoi rannán 17 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) agus rannán 28 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú innealra agus trealaimh) i réigiún NUTS 2 Provincie Limburg (BE22) sa Bheilg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).
(4) Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 704 135 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(5) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 704 135 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha](11).
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
– ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2023,
– ag féachaint d’Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint d’Airteagail 15, 24(3), 228 agus 298(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom(1),
– ag féachaint d’Airteagail 11, 41, 42 agus 43 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UN CRPD),
– ag féachaint don Chód Eorpach um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, arna ghlacadh ag an bParlaimint an 6 Meán Fómhair 2001,
– ag féachaint don Chreat-Chomhaontú um Chomhar a tugadh i gcrích idir an Pharlaimint agus an tOmbudsman Eorpach an 15 Márta 2006 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006,
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 55 agus 148(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A10-0016/2024),
A. de bhrí go ndearnadh an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2021 a chur faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte an 18 Aibreán 2024 agus gur thíolaic an tOmbudsman, Emily O’Reilly, a tuarascáil don Choiste um Achainíocha an 4 Meán Fómhair 2024 sa Bhruiséil;
B. de bhrí go dtugann Airteagail 20, 24 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh údarás don Ombudsman Eorpach gearáin a ghlacadh a bhaineann le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus í ag gníomhú ina ról breithiúnach;
C. de bhrí go sonraítear in Airteagal 15 CFAE ‘chun dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, go seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir’ agus ‘go mbeidh ag aon saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais’;
D. de bhrí go sonraítear in Airteagal 41den Chairt go bhfuil sé de cheart ag gach duine ‘go ndéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta’;
E. de bhrí go sonraítear in Airteagal 43 den Chairt go bhfuil ‘ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach’;
F. de bhrí go luaitear in Airteagal 298(1) CFAE, go ‘mbeidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách’;
G. de bhrí go bhféadfaidh an tOmbudsman Eorpach moltaí a mholadh agus leigheasanna agus feabhsuithe a mholadh arb é is aidhm dóibh gnéithe éagsúla den drochriarachán a réiteach;
H. de bhrí, in 2023, gur oscail an tOmbudsman 398 bhfiosrúchán, a raibh 393 díobh bunaithe ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin féintionscnaimh iad 5 cinn díobh, agus ag an am céanna gur dúnadh 372 fhiosrúchán (369 bhfiosrúchán bunaithe ar ghearáin agus 3 fhiosrúchán féintionscnaimh);
I. de bhrí, in 2023, gur bhain formhór na bhfiosrúchán leis an gCoimisiún (250 fiosrúchán nó 62,81 %), agus gur bhain an chéad líon is mó eile leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) (47 bhfiosrúchán nó 11,81 %), le Parlaimint na hEorpa (16 fhiosrúchán nó 4.02 %) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (11 fhiosrúchán nó 2,76 %); de bhrí gur dáileadh na fiosrúcháin a bhí fágtha mar a leanas: Comhairle an Aontais Eorpaigh (7 bhfiosrúchán nó 1,76 %), an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (7 bhfiosrúchán nó 1,76 %), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (6 fhiosrúchán nó 1,51 %), an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (6 fhiosrúchán nó 1,51 %), Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (5 fhiosrúchán nó 1.26 %), gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (33 fhiosrúchán nó 8,27 %) agus institiúidí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais (12 fhiosrúchán nó 3,01 %);
J. de bhrí, in 2023, gur bhain an céatadán is mó d’fhiosrúcháin an Ombudsman leis an gCoimisiún, a dtugtar aird phoiblí shuntasach ar a chuid gníomhaíochtaí riaracháin, ós rud é gurb é feidhmeannas an Aontais é;
K. de bhrí, sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2023, nár thángthas ar aon drochriarachán i 99 (26,6 %) cás, gur bhain an institiúid réiteach amach, gur bhain sí amach go páirteach nó gur shocraigh sí é i 206 (55,4 %) chás, nach raibh údar cuí le tuilleadh fiosrúchán i 46 (12,4 %) chás agus nár thángthas ar dhrochriarachán i 27 (7,3 %) gcás;
L. de bhrí gurbh iad na trí ábhar imní ba mhó sna fiosrúcháin a dhún an tOmbudsman in 2023 ná trédhearcacht agus cuntasacht (e.g. rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid) (34,2 %), cultúr seirbhíse (21,5 %) agus earcaíocht (15,3 %); de bhrí go n-áirítear ar ábhair imní eile dea-bhainistiú saincheisteanna pearsanra, úsáid chuí discréide (lena n‑áirítear i nósanna imeachta um shárú), bainistiú cuí nósanna imeachta um shárú, urraim do chearta bunúsacha, urraim do chearta nós imeachta, deontais, soláthar, conarthaí, eitic, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht AE agus bainistíocht fhónta airgeadais;
M. de bhrí, in 2023, go ndearna an tOmbudsman fiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos leithne ar shaincheisteanna sistéamacha in institiúidí AE, lenar cumhdaíodh rochtain ar dhoiciméid, cearta bunúsacha, saincheisteanna eiticiúla, cuntasacht i gcinnteoireacht agus earcaíocht státseirbhíseach AE;
N. de bhrí go bhfuil cearta leathana ag saoránaigh AE rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh riarachán AE; de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh inar iarradh ar an gCoimisiún déileáil go práinneach le moilleanna córasacha maidir le láimhseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid chun a áirithiú go gcloíonn sé leis na spriocdhátaí a leagtar amach i ndlí AE maidir le rochtain phoiblí (Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(2)); de bhrí gur léirigh an fiosrúchán sin, nuair a lorgaíonn daoine aonair athbhreithniú ar chinneadh rochtana, ar a dtugtar iarraidh daingniúcháin, go gcailleann an Coimisiún na spriocdhátaí a leagtar amach sa dlí in 85 % de na cásanna, agus go dtagann formhór na bhfreagraí tar éis 60 lá; de bhrí gur minic a d’fhág na moilleanna sin nach raibh an fhaisnéis a fuarthas úsáideach a thuilleadh do na hiarrthóirí, rud a chuir cosc orthu cead cainte a bheith acu ag amanna ábhartha sa phróiseas cinnteoireachta;
O. de bhrí gur fhoilsigh an tOmbudsman tuarascáil speisialta in 2023 tar éis di fiosrúchán straitéiseach a dhéanamh ar an am a thógann sé ar an gCoimisiún Eorpach déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid; de bhrí gur chuir Oifig an Ombudsman an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa d’fhonn a tacaíocht a lorg chun a chur ina luí ar an gCoimisiún gníomhú de réir a moltaí, ós rud é go bhfuil sí den tuairim go bhfuil saoránaigh i dteideal a bheith ag súil le cleachtais níos fearr ó riarachán AE atá oscailte, nua-aimseartha agus dírithe ar sheirbhís;
P. de bhrí gur pléadh an tuarascáil speisialta i gCoiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus go raibh rún ó Pharlaimint na hEorpa mar thoradh uirthi dar teideal ‘An t-am a thógann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid’(3), a glacadh an 14 Márta 2024, inar chuir an Pharlaimint in iúl gur cúis mhór imní di na mórmhoilleanna ar phróiseas an Choimisiúin maidir le rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid iarrtha agus inar iarradh ar an gCoimisiún na moilleanna córasacha agus suntasacha sin a cheartú; de bhrí gur chuir an Pharlaimint in iúl go ndéanfadh sí breithniú ar na hionstraimí parlaiminteacha uile atá ar fáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar; de bhrí gur thagair an rún freisin don chaibidlíocht maidir le ceannach vacsaíní COVID-19 agus gur iarr sé go ndéanfadh an Coimisiún nochtadh iomchuí, go mbeadh trédhearcacht níos réamhghníomhaí ann le hacmhainní daonna níos tiomnaithe chun déileáil le hiarratais daingniúcháin agus go mbeadh dearcadh níos oscailte agus níos cuidithí ann i leith iarrthóirí;
Q. de bhrí gur leag an tOmbudsman béim ar an ngá atá le faireachán agus forfheidhmiú cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha nua eitice na Parlaiminte;
R. de bhrí gur aithin an tOmbudsman go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir leis na rialacha eitice i bParlaimint na hEorpa a neartú tar éis Qatargate, ach gur chuir sí a himní in iúl maidir lena gcur chun feidhme agus lena bhforfheidhmiú; de bhrí gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán ar leith maidir le costais taistil a d’íoc tríú páirtithe as an gCoimisiún ó 2021 i leith;
S. de bhrí gur cuid ríthábhachtach de shochaí dhaonlathach í an trédhearcacht agus gur uirlis thábhachtach í sa chomhrac i gcoinne an éillithe; de bhrí go bhfuil an ceart chun an leibhéil is airde trédhearcachta ag saoránaigh AE agus de bhrí go bhfuil an leibhéal is airde inrochtaineachta ar dhoiciméid phoiblí bunriachtanach chun cuntasacht a áirithiú;
T. de bhrí, in 2023, gur ardaigh Oifig an Ombudsman feasacht an phobail ar ról an Ombudsman maidir le hardchaighdeáin oibre a choinneáil i riarachán AE agus maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach a chosaint;
1. ag formheas thuarascáil bhliantúil 2021 a thíolaic an tOmbudsman Eorpach, agus ag moladh an chur i láthair den scoth a rinne sí ar na fíorais agus na figiúirí is tábhachtaí maidir le hobair an Ombudsman in 2023;
2. ag tréaslú le Emily O’Reilly as a cuid oibre iontaí agus as a hiarrachtaí gan staonadh chun tacú leis an daonlathas trí chuntasacht agus trédhearcacht institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE a fheabhsú, agus chun a áirithiú go bhfreagróidh riarachán AE d’ábhair imní na saoránach;
3. á chur in iúl gur mór aici an comhar cuiditheach idir an tOmbudsman Eorpach agus Parlaimint na hEorpa, go háirithe a Coiste um Achainíocha, chomh maith le hinstitiúidí eile AE;
4. á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an tOmbudsman treoir maidir le rochtain a fháil ar dhoiciméid AE, arb é is aidhm di feasacht na saoránach a ardú maidir lena gceart rochtana ar dhoiciméid agus a chur ar a gcumas grinnscrúdú a dhéanamh ar chinnteoireacht AE; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint d’fhaisnéis oiriúnach a chur ar fáil do shaoránaigh maidir le ról agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an Ombudsman agus maidir leis an tionchar atá aige ar fhorbairt institiúidí AE;
5. á chur in iúl gur geal léi na moltaí tar éis fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman ar an am a thógann sé ar an gCoimisiún déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé na hiarrataí sin, déileáil lena mhoilleanna sistéamacha mar ábhar práinne agus na spriocdhátaí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a urramú; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim an Ombudsman gur minic a bhíonn na doiciméid agus an fhaisnéis atá á lorg íogair ó thaobh ama de agus gur féidir leo ábharthacht do na hiarrthóirí a chailleadh má tharlaíonn moilleanna; á chreidiúint nach mór don Choimisiún doiciméid agus staidreamh a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir leis an gcaoi a láimhseálann sé iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun trédhearcacht maidir leis an ábhar sin a fheabhsú agus chun cuntasacht an Choimisiúin do shaoránaigh a neartú; á chur i bhfios go láidir go raibh trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta mar fhócas ag go leor fiosrúchán de chuid an Ombudsman, go háirithe i ndáil le brústocaireacht;
6. á chur i bhfios go láidir gur ceart bunúsach de chuid shaoránaigh AE é rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus gur bunchloch de dhaonlathas na hEorpa é; á mheabhrú gur gá na forbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a ailíniú leis an gcomhthéacs digiteach nua; á aithint, ina leith sin, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán sin agus ag tathant ar an gComhairle dul i mbun caibidlíocht chuiditheach leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún maidir lena athbhreithniú chun eiseamláirí trédhearcachta agus cuntasachta poiblí do AE ina iomláine a dhéanamh de na trí phríomhinstitiúid sin de chuid an Aontais; á chreidiúint go láidir gur cheart aon chaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith bunaithe ar an seasamh a ghlac an Pharlaimint cheana agus gur cheart a raon feidhme a leathnú chuig institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile AE, agus ar an gcaoi sin cuntasacht an phróisis cinnteoireachta a fheabhsú; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, sheasamh na Parlaiminte gur cheart go gciallódh ‘doiciméad’ aon inneachar sonraí is cuma cén meán ina bhfuil sé (i scríbhinn ar pháipéar nó stóráilte i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc) maidir le hábhar a thagann faoi réimse freagrachta institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais(4); á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na hinstitiúidí trédhearcach ina gcaidreamh le saoránaigh, mar a d’aithin an tOmbudsman freisin ina fiosrúchán maidir le trédhearcacht Cruinnithe Tríthaobhacha(5), inar thuig an tOmbudsman na dúshláin agus na híogaireachtaí ar leith laistigh de chóras AE de chaibidlíochtaí idirinstitiúideacha ach inar iarr sí ar na hinstitiúidí iarrachtaí a dhéanamh na dúshláin sin a shárú chun go bhféadfaidh saoránaigh a gcearta daonlathacha a fheidhmiú go héifeachtach;
7. ag formhuiniú chonclúidí thuarascáil speisialta an Ombudsman(6) chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an am a thógann sé ar an gCoimisiún Eorpach déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus á chur in iúl gur cúis imní di measúnú an Ombudsman gurb ionann na moilleanna sistéamacha agus suntasacha sin ar phróiseáil iarrataí ag an gCoimisiún ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus drochriarachán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go dtiomnódh an Coimisiún níos mó acmhainní chun déileáil le hiarrataí daingniúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, chomh maith leis an ngá atá le trédhearcacht níos réamhghníomhaí agus cur chuige níos cuidithí d’iarrthóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún an staid sin a cheartú mar ábhar tosaíochta trína bhainistiú ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a athchóiriú; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint caingean a thabhairt ina choinne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus ag dréim le tiomantas soiléir agus aonchiallach ó Choláiste nua na gCoimisinéirí chun an staid sin a leigheas;
8. ag cur sonrú i bhfiosrúchán an Ombudsman maidir lena mhéid a chuireann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach dlí AE agus cinntí CBAE i bhfeidhm maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha, inar leag an tOmbudsman béim ar an ngá atá le rochtain phoiblí thráthúil ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú, chomh maith le rannpháirtíocht shaoránaigh AE i bpróiseas reachtóireachta AE a éascú; ag aithint a thábhachtaí atá sé rochtain thráthúil ar iarrataí ar dhoiciméid ó na hinstitiúidí uile a láimhseáil chun braistint muiníne i bpróiseas reachtach AE a chothú, atá bunaithe ar phríomhphrionsabail na trédhearcachta agus na rochtana poiblí ar fhaisnéis, mar a dheimhnítear le cásdlí CBAE; á mheabhrú, de réir chásdlí CBAE, nach féidir le hinstitiúidí AE diúltú doiciméid reachtacha a nochtadh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus nach mór a réasúnú chun é sin a dhéanamh a bheith bunaithe ar fhíorais shonracha agus inláimhsithe;
9. ag cur sonrú i rún an Ombudsman fiosrúchán níos leithne a dhéanamh ar an gcaoi a léirmhíníonn an Coimisiún raon feidhme na faisnéise comhshaoil agus na faisnéise a bhaineann le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe gur chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán i gceist le diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa thionscal na criadóireachta a tuairiscíodh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí AE; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún do réiteach beartaithe an Ombudsman agus gur theip air an trédhearcacht is gá a áirithiú chomh maith le héifeacht iomlán a thabhairt do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail(7) agus ar Choinbhinsiún Aarhus; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil a ráthú, i gcomhréir le dlí AE agus le cásdlí gaolmhar CBAE, agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chur chun cinn; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar gach doiciméad a iarradh maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna dtuairisciú faoi Chóras Trádála Astaíochtaí AE le saoráidí tionsclaíocha breise lasmuigh de thionscal na criadóireachta agus á iarraidh ar an Ombudsman leanúint d’fheasacht a mhúscailt maidir le torthaí na n-imscrúduithe d’fhonn trédhearcacht a mhéadú; á mheabhrú go mbaineann líon suntasach achainíocha chuig Parlaimint na hEorpa leis an easpa rochtana nó leis an rochtain theoranta ar fhaisnéis faoin gcomhshaol;
10. á iarraidh ar an gComhairle rochtain iomlán phoiblí a cheadú ar an tuairim dhlíthiúil maidir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022(8) maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach, mar a mhol an tOmbudsman, a fuair fianaise ar dhrochriarachán san ábhar sin;
11. ag tacú leis an Ombudsman ina cuid iarrachtaí cur tuilleadh leis an soiléiriú ar cad is doiciméad AE ann agus á chur i bhfáth gur cheart d’institiúidí AE moltaí an Ombudsman a leanúint chun a gcleachtais riaracháin a oiriúnú chun modhanna cumarsáide atá ag teacht chun cinn a chur i gcuntas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm ag ceart na saoránach chun rochtain phoiblí a fháil ar fhaisnéis maidir le doiciméid fhisiceacha agus leictreonacha i scríbhinn, agus maidir le taifeadtaí fuaime agus closamhairc a bhaineann le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí institiúidí AE, agus á mheabhrú go meastar gur ‘doiciméid’ iad teachtaireachtaí téacs a bhaineann leis an obair agus teachtaireachtaí meandracha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1049/2001; á chur in iúl gur oth léi na cásanna inar theip ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid i bhfoirm ríomhphost nó teachtaireachtaí téacs, amhail iad siúd a bhaineann le dréachtstraitéisí nó malartuithe AE maidir le hoiriúnú ithreach, foraoise agus aeráide idir Uachtarán an Choimisiúin agus POF cuideachta cógaisíochta i ndáil le vacsaíní COVID-19 a cheannach;
12. á chur in iúl gur mór aici tiomantas an Ombudsman seasamh le cearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce; ag tabhairt dá haire gur iarr an tOmbudsman soiléiriú breise ón gCoimisiún maidir leis an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige urraim do chearta an duine a ráthú i gcomhthéacs an Mheabhrán Tuisceana AE-na Túinéise, mar iarracht chun a áirithiú go gcomhlíonfadh AE a oibleagáidí maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile AE cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú mar a leagtar amach sna Conarthaí agus sa Chairt;
13. ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún oibriú le húdaráis náisiúnta agus áitiúla chun measúnú tionchair ar chearta bunúsacha a tharraingt suas maidir le saoráidí bainistithe imirce arna gcistiú ag an Aontas, tar éis fiosrúchán féintionscnaimh ábhartha ón Ombudsman;
14. á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin an Ombudsman tar éis scannal Qatargate sa Pharlaimint; ag tacú go láidir le conclúidí an Ombudsman gur gá d’institiúidí AE rialacha eiticiúla agus frithéillithe AE a urramú agus a neartú agus nach mór faireachán agus forfheidhmiú cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe na Parlaiminte sa réimse sin ar gach leibhéal; á thabhairt chun suntais gur gá don Pharlaimint agus don Choimisiún aird ar leith a thabhairt i gcónaí ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta díreacha agus indíreacha chun bearnaí agus laigí a shainaithint a d’fhéadfadh trédhearcacht agus cuntasacht a chur i mbaol agus an baol go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis an gCód Iompair reatha d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le sláine agus trédhearcacht, agus ag spreagadh an Ombudsman leanúint, i gcás inarb iomchuí, d’fhaireachán a dhéanamh ar phróiseas cur chun feidhme an chóid sin; á chur i bhfios go láidir nach mór rialacha eitice a leanúint go dian chun muinín na saoránach as na hinstitiúidí Eorpacha a neartú;
15. ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag trédhearcacht, dea-riarachán agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha in obair institiúidí AE;
16. ag cur sonrú in imscrúduithe an Ombudsman ar rioscaí coinbhleachtaí leasa sa Choimisiún, go háirithe i réimse an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF), lena n-áirítear nach gceanglaítear ar an gCoimisiún ainmneacha na saineolaithe a dtéann sé i gcomhairle leo maidir le tionscadail a bhaineann le EDF a chur ar fáil go poiblí; sa chomhthéacs sin, ag tarraingt aird ar an moladh ón Ombudsman gur cheart don Choimisiún na dearbhuithe leasa arna ndéanamh ag comhaltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála a fhoilsiú go réamhghníomhach agus, más gá, na rialacha ábhartha lena rialaítear an Bord a leasú;
17. ag cur sonrú in iarraidh an Ombudsman ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) feabhas a chur ar a rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa agus ról maoirseachta a Choiste Eitice agus Comhlíontachta a neartú, tar éis dá leas-uachtarán a bheith ina POF ar bhanc náisiúnta le haghaidh spreagadh; ag moladh don Ombudsman, i ndáil leis sin, leanúint de dhíriú ar shaincheist na dtréimhsí marana agus na n-aistrithe trí dhoirse imrothlacha a dhéanann baill foirne shinsearacha ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí uile AE chun na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí a áirithiú;
18. á chur in iúl gur geal léi athruithe an Choimisiúin ar a threoir inmheánach maidir le soláthar poiblí, a measadh a bheith dearfach i bhfiosrúchán an Ombudsman, arb athruithe iad a neartaíonn an chaoi a láimhseálann sé coinbhleachtaí leasa gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ann i nglaonna ar thairiscintí;
19. ag spreagadh an Choimisiúin dlús a chur lena iarrachtaí trédhearcacht a mhéadú maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann le RRF agus leanúint de réamh-mheasúnuithe ar iarrataí íocaíochta na mBallstát a fhoilsiú;
20. á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Ombudsman fiosrúchán féintionscnaimh a oscailt ar mhoilleanna an Choimisiúin a bhaineann le bainistiú riosca ceimiceán contúirteach, arb é is aidhm dó scrúdú a dhéanamh ar mhoilleanna ar shrianta a thabhairt isteach chun na rioscaí a bhaineann le ceimiceáin shonracha a mhaolú agus ceimiceáin a chur ar liosta na substaintí ina bhfuil a n-úsáid faoi réir réamhúdarú;
21. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur shainaithin an tOmbudsman roinnt ábhar imní trédhearcachta in idirghníomhaíochtaí an Choimisiúin le tionscal an tobac; ag tabhairt dá haire, áfach, gur gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé tuilleadh measúnaithe ar neamhchosaint a ranna ar bhrústocaireacht ag tionscal an tobac; á mheabhrú don Choimisiún gur sínitheoirí le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac iad AE agus a Bhallstáit uile agus go bhfuil sé d’oibleagáid orthu, dá bhrí sin, agus a mbeartais sláinte poiblí maidir le rialú tobac á leagan síos agus á gcur chun feidhme acu, gníomhaíocht a dhéanamh chun na beartais sin a chosaint ar leasanna tráchtála agus leasanna dílsithe eile thionscal an tobac;
22. á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ríthábhachtach ar institiúidí AE seirbhísí oifigeach neamhspleách agus dea-cháilithe a earcaítear ar bhealach oscailte agus le cothromaíocht gheografach chuí idir náisiúntachtaí agus teangacha a dhaingniú; á chur i bhfios go ndearna an tOmbudsman fiosrúchán ar an gcaoi a ndearna an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) trialacha ‘réamhroghnúcháin’ mar chuid de nós imeachta chun baill foirne nua a earcú isteach i seirbhís shibhialta AE, agus gur shainaithin sí saincheisteanna a bhaineann le heagrú trialacha a dhéantar go cianda amháin; á iarraidh ar EPSO feabhas a chur ar a nósanna imeachta earcaíochta trína áirithiú nach gcuirfidh ceanglais theicniúla iarrthóirí áirithe faoi mhíbhuntáiste agus go ndéanfar faisnéis shoiléir a chur ar fáil d’iarrthóirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an rogha a thabhairt d’iarrthóirí, más mian leo, páirt a ghlacadh sna trialacha sin agus iad i láthair go fisiciúil ag ionad tástála, mar a bhí coitianta roimh phaindéim COVID-19;
23. á chur in iúl gur geal léi gur lean Oifig an Ombudsman Eorpaigh, in 2023, dá ról a phoibliú agus dá cuid oibre a chur chun cinn don phobal is leithne is féidir agus gur ghlac sí páirt sa Chruinniú Eorpach um an Óige (EYE2023); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an plé arna eagrú ag an Ombudsman le rannpháirtíocht an Choimisiúin agus na Parlaiminte maidir le comhlíonadh chreat ionracais riarachán AE;
24. á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin an Ombudsman tar éis gearáin ó dhaoine faoi mhíchumas, agus á spreagadh a cuid oibre mar rannpháirtí gníomhach i gCreat AE le haghaidh CRPD; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gealltanas an Ombudsman faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme UN CRPD ag riarachán AE agus á iarraidh ar institiúidí uile AE an aird is mó is féidir a thabhairt ar mholtaí an Ombudsman sna fiosrúcháin a bhaineann le cearta daoine faoi mhíchumas; á chur in iúl gur mór aici cathaoirleacht an Ombudsman in 2023 ar Chreat AE do UN CRPD agus a cuid oibre leanúnaí mar chomhalta den chreat sin;
25. á chur i bhfáth gur glacadh an ‘Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta’(9) an 17 Aibreán 2019 agus gurbh é an 28 Meitheamh 2022 an spriocdháta a leagadh amach inti chun go ndéanfadh na Ballstáit í a thrasuí; á chur i bhfios go láidir gurbh é príomhraon feidhme na hIonstraime Eorpaí Inrochtaineachta an saol a dhéanamh níos éasca do 87 milliún duine faoi mhíchumas ar a laghad, ag éascú a rochtana ar iompar poiblí, seirbhísí baincéireachta, ríomhairí, teilifíseáin, ríomhleabhair agus siopaí ar líne, i measc nithe eile; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil ag teip ar na Ballstáit uile fós trasuí iomlán agus comhsheasmhach a áirithiú agus moilleanna a charnadh, mar a dearbhaíodh sna himeachtaí leanúnacha um shárú a thionscain an Coimisiún ina gcoinne go léir; á iarraidh ar an Ombudsman an sárú an-tromchúiseach sin ar dhlí AE a ardú, ar sárú é a bhaineann an bonn go mór ó chearta daoine faoi mhíchumas, mar chuid de na gníomhaíochtaí foriomlána a dhéantar laistigh de chreat AE do UN CRPD, chun cabhrú lena réiteach mar ábhar tosaíochta;
26. á chur in iúl gur geal léi fiosrúchán an Ombudsman maidir leis an gcaoi a gcuireann an Coimisiún an riail i bhfeidhm faoi Rialacháin Foirne AE maidir leis an liúntas leanaí a dhúbailt chun cabhrú le cúram leanaí faoi mhíchumas; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún, i ndáil leis sin, chun leanúint ar aghaidh le go ndéanfaidh riarachán iomlán AE athbhreithniú ar na rialacha is infheidhme chun measúnú substainteach aonair ar gach iarratas ar liúntas den chineál sin a áirithiú;
27. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) agus na cruinnithe bliantúla arna n-óstáil le hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha trí ENO chun feasacht a mhúscailt tuilleadh maidir leis an méid is féidir leis an Ombudsman Eorpach a dhéanamh do shaoránaigh na hEorpa; ag moladh don Ombudsman leanúint de pháirt a ghlacadh i malartuithe ar thaithí agus ar dhea-chleachtas le hoifigí ombudsman náisiúnta trí ENO; ag tabhairt dá haire gur díríodh i gcomhdháil bhliantúil ENO 2023 ar chearta an duine a chosaint agus ar aghaidh a thabhairt ar na tairbhí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid IS sa riarachán poiblí;ag spreagadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun úsáid níos fearr a bhaint as seirbhísí an Ombudsman Eorpaigh chun grinnscrúdú a dhéanamh ar institiúidí AE, lena ráthaítear trédhearcacht agus lena láimhseáiltear cásanna de neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Institiúid Ombudsman na Boisnia agus na Heirseagaivéine um Chearta an Duine isteach in ENO; á iarraidh ar an Ombudsman an comhar le hoifigí ombudsman náisiúnta tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a neartú chun feabhas a chur ar chumas údaráis phoiblí na dtíortha sin iad féin a ailíniú le caighdeáin an Aontais ó thaobh dea-riaracháin, ionracais agus cuntasachta de;
28. á iarraidh go leanfaí leis an dlúthchomhar idir an tOmbudsman agus an Coiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa, a bhfuil sé de chomhchuspóir acu institiúidí AE a thabhairt níos gaire do na saoránaigh; á chur in iúl gur mór aici an aird agus an obair leantach a thugann an tOmbudsman do gach gearán, lena n-áirítear gearáin a tharchur, a thagann lasmuigh dá sainchúram, maidir le cur chun feidhme reachtaíocht AE chuig údarás ábhartha eile nó chuig Coiste um Achainíocha na Parlaiminte; ag spreagadh Oifig an Ombudsman leanúint dá hiarrachtaí chuige sin, ós rud é go bhféadfadh comhar leis an gCoiste um Achainíocha, faisnéis thráthúil agus rochtain ar dhoiciméid i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla AE rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus na sochaí sibhialta sa phróiseas cinnteoireachta a mhéadú;
29. á chur in iúl gur mór aici gurbh ionann an ráta glactha do 2023 ag institiúidí AE, eadhon céatadán na bhfreagraí dearfacha ar líon iomlán na dtograí a rinne an tOmbudsman chun a gcleachtais riaracháin a cheartú nó a fheabhsú, agus 81 %, rud a léiríonn feabhas ar an mbliain roimhe sin; á chreidiúint go láidir, áfach, nach mór d’institiúidí, gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí an Aontais réitigh, agus moltaí uile an Ombudsman a chomhlíonadh go hiomlán agus go comhsheasmhach;
30. ag moladh an Ombudsman as a caidreamh oibre cuiditheach leanúnach leis an gCoimisiún, arb í institiúid AE í a ndéanann formhór fhiosrúcháin an Ombudsman difear di; ag tabhairt dá haire go gcuidíonn an caidreamh sin leis an gCoimisiún a nósanna imeachta riaracháin a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí;
31. á chur in iúl gur mór aici agus gur geal léi iarrachtaí an Ombudsman agus a hoifige feabhas leanúnach a chur ar a nósanna imeachta inmheánacha chun a áirithiú go mbeidh an taithí is fearr is féidir ag gearánaigh agus go ndéileálfar le gearáin ar an mbealach is éifeachtúla is féidir; ag spreagadh iarrachtaí an Ombudsman infheictheacht a cuid gníomhaíochtaí a fheabhsú tuilleadh agus á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar chóras gearán ar líne an Ombudsman, rud a d’fhág go bhfuil sé níos soláimhsithe don úsáideoir; á chur in iúl gur geal léi suíomh gréasáin ilteangach an Ombudsman, a léiríonn tiomantas an Ombudsman cúnamh a thairiscint i 24 theanga oifigiúla AE;ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain iomlán a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas ar an raon iomlán acmhainní a chuireann AE ar fáil dá shaoránaigh, go háirithe trí sheirbhísí córasacha aistriúcháin agus ateangaireachta a chuirtear ar fáil sna teangacha oifigiúla uile, lena n-áirítear teanga chomharthaíochta;
32. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus tuarascáil an Choiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig a n-oifigí ombudsman nó chuig na comhlachtaí inniúla comhchosúla.
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2011 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (athmhúnlú), Airteagal 3: https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-7-2011-0580_EN.pdf.
Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach ina fiosrúchán straitéiseach maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (OI/2/2022/OAM).
Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).