Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le hainmniú Klaus-Heiner Lehne mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0124/2019 – 2019/0811(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0124/2019),
– ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0029/2019),
A. de bhrí go ndeachaigh Coiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte ar aghaidh le dintiúir an ainmnithigh a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
B. de bhrí, ag an gcruinniú a bhí aige an 12 Samhain 2019, gur thug an Coiste um Rialú Buiséadach éisteacht d’ainmnitheach na Comhairle le haghaidh comhaltas sa Chúirt Iniúchóirí;
1. ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Klaus-Heiner Lehne ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.