Coigeartuithe ar na méideanna arna slógadh ón Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2019 atá le húsáid i gcomhair na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus bagairtí slándála
111k
50k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/276 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na méideanna arna bhforscaoileadh ón Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2019 chun úsáide i gcomhair imirce, insreabhadh dídeanaithe agus bagairtí slándála (COM(2019)0600 – C9-0029/2019 – 2019/2039(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0600 – C9‑0029/2019),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/276 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus bagairtí slándála(1),
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019, arna ghlacadh go cinntitheach an 12 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(3),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(4),
– ag féachaint do Chinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(5),
– ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2019, a ghlac an Coimisiún an 2 Iúil 2019 (COM(2019)0610),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0013/2019),
A. de bhrí gur chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh in 2019 le haghaidh méid de EUR 1 164 milliún: EUR 179 milliún le haghaidh cheannteideal 1a (Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Post) chun príomhchláir iomaíochais, eadhon Fís 2020 agus Erasmus+, a atreisiú, agus EUR 985,6 milliún le haghaidh cheannteideal 3 mar a mhol an Coimisiún;
B. de bhrí go bhfuil dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2019 molta ag an gCoimisiún ina n-áirítear laghduithe ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh cheannteidil 1a agus 3 araon agus dá bhrí sin fágtar gur lú is gá an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid in 2019;
C. de bhrí go bhfuil sé molta ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, go ndéanfar na méideanna arna slógadh ón Ionstraim Sholúbthachta a laghdú le EUR 1 090 milliún, agus is le haghaidh cheannteideal 1a EUR 160 milliún den mhéid sin agus is le haghaidh cheannteideal 3 EUR 930 milliún de;
D. de bhrí go leasaíonn an cinneadh um shlógadh atá molta Cinneadh (AE) 2019/276 an 12 Nollaig 2018(6);
E. de bhrí go bhfuil na coigeartuithe beartaithe ar neamhní mar thoradh ar sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2019;
1. ag diúltú don togra ón gCoimisiún;
2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Cinneadh (AE) 2019/276 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus bagairtí slándála (IO L 54, 22.2.2019, lch. 3).