Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (05022/2021 – C9-0086/2021 – 2020/0382(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05022/2021),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (05198/2021),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (05203/2021),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír agus Airteagal 218(8), an dara fomhír den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0086 /2021),
– ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 ar an sainordú beartaithe i gcomhair caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis na caibidlíochtaí i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,(2)
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0128/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus Parlaimintí na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe.
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05022/2021),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2020/2252 an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe(1),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail 217 agus 218(6), an dara fomhír agus le hAirteagal 218(8), an dara fomhír den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0086/2021),
– ag féachaint do rúin uaithi an 5 Aibreán 2017 maidir le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe tar éis di fógra a thabhairt go bhfuil rún aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach(2), an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe(3), an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe(4), an 14 Márta 2018 maidir le cuimsiú na gaolmhaireachta sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe(5), an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na himeartha i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach(6), an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar(7), an 12 Feabhra 2020 maidir leis an sainordú atá beartaithe le haghaidh caibidlíochta le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(8), agus an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(9),
– ag féachaint dá rún reachtach an 29 Eanáir 2020 ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(10),
– ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(11) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus don dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe(12), atá ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, (‘an Dearbhú Polaitiúil’),
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don Mholadh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ina n-ainmnítear an Coimisiún mar idirbheartaí an Aontais, agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis, ina bhfuil na treoracha le haghaidh chaibidliú na comhpháirtíochta nua (COM(2020)0035) (‘treoracha caibidlíochta’),
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
1. á chur in iúl gur geal léi tabhairt i gcrích Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (an Comhaontú) a chuireann srian ar na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus lena mbunaítear creat comhair ar cheart dó a bheith mar bhonn le comhpháirtíocht láidir chuiditheach amach anseo, lena seachnófar na gnéithe is suaití de chás ‘Brexit gan mhargadh’, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; ag moladh obair láidir agus ról lárnach Phríomh-Idirbheartaí an Aontais agus a fhoirne maidir leis sin;
2. á athdhearbhú gur botún stairiúil é tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas agus á mheabhrú gur urramaigh AE cinneadh na Ríochta Aontaithe i gcónaí agus é á áitiú aici nach mór don Ríocht Aontaithe glacadh leis na hiarmhairtí a bhaineann le AE a fhágáil agus nach féidir le tríú tír na cearta céanna agus na sochair chéanna a bheith aici agus atá ag Ballstát; á mheabhrú go ndearna an Pharlaimint iarracht, ar feadh phróiseas tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, cearta shaoránaigh AE a chosaint, an tsíocháin agus an rathúnas a chosaint ar oileán na hÉireann, pobail iascaireachta a chosaint, dlíchóras an Aontais Eorpaigh a chosaint, neamhspleáchas chinnteoireacht AE a chosaint, sláine an aontais chustaim agus an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus dumpáil shóisialta, chomhshaoil, fhioscach nó rialála a sheachaint mar go bhfuil sé sin bunriachtanach chun poist, tionscal agus iomaíochas na hEorpa a chosaint agus chun na huaillmhianta a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip a shaothrú;
3. á chur in iúl gur geal léi gur baineadh na spriocanna sin amach, den chuid is mó, leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, trí mhachaire comhréidh in-fhorfheidhmithe, lena n-áirítear maidir le státchabhair, caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, socrú fadtéarmach maidir le hiascaigh, comhaontú eacnamaíoch lena maolófar go leor de na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, agus creat nua don chomhar ceartais, póilíneachta agus slándála inmheánaí bunaithe ar urraim iomlán do CECD agus do chreat dlíthiúil AE maidir le cosaint sonraí; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, raon feidhme teoranta an Chomhaontaithe seo, mar gheall ar easpa tola polaitiúla ón Ríocht Aontaithe chun páirt a ghlacadh i réimsí tábhachtacha, go háirithe an beartas eachtrach, cosanta agus slándála seachtraí, ar réimsí iad nach n-éiríonn leo na huaillmhianta sonraithe sa Dearbhú Polaitiúil a bhaint amach ná baol air; á chur in iúl gur oth léi freisin cinneadh na Ríochta Aontaithe gan páirt a ghlacadh in Erasmus+, rud a bhaineann deis saoil an-luachmhar de dhaoine óga;
4. á chur in iúl gur geal léi an ghné láidir den Chomhaontú atá dírithe ar earraí, i bhfianaise dhéine na trádála earraí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus ag tabhairt dá haire gur toradh loighciúil é ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus go háirithe ar dheireadh a chur leis an tsaorghluaiseacht, go laghdaítear go mór na deiseanna do gheilleagar na Ríochta Aontaithe atá bunaithe ar sheirbhísí den chuid is mó, gan aon chur chuige leanúnach a bhaineann le tír thionscnaimh nó nós imeachta an phas a bheith aici go fóill, gan aitheantas uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla, agus go bhféadfadh sé go mbeadh ar sholáthraithe seirbhíse sa Ríocht Aontaithe tabhairt faoi 27 sraith rialacha éagsúla agus, dá réir sin, faoi mhaorlathas méadaithe; á thabhairt chun suntais gurb é sin an chéad chomhaontú i stair an Aontais Eorpaigh inar féachadh leis an gcaibidlíocht dibhéirseacht a bhaint amach seachas cóineasú agus, dá bhrí sin, go raibh níos mó easaontais, bacainní agus costais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí dosheachanta;
5. á chur in iúl gur geal léi an sásra cothrománach um réiteach díospóidí i gcoitinne, lenar cheart go bhféadfaí díospóidí a réiteach go tráthúil agus go bhféadfaí trasfhionraí a dhéanamh sna limistéir eacnamaíocha uile, más rud é nach n-urramóidh ceann de na páirtithe na gealltanais atá déanta acu; á mheas go bhféadfadh an sásra sin a bheith mar threoirphlean agus mar chaighdeán do na comhaontuithe saorthrádála uile a bheidh ann amach anseo;
6. ag mheabhrú an ráitis ó Ghrúpa Comhordúcháin na Ríochta Aontaithe (UKCG) agus ó Cheannairí na nGrúpaí an 11 Meán Fómhair 2020 agus ag tabhairt dá haire go bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Ríocht Aontaithe, mar shínitheoir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, na forálacha atá ann a chur chun feidhme go hiomlán agus a urramú agus á chur in iúl gur geal léi gur tarraingíodh siar forálacha ciontaithe Bhille na Ríochta Aontaithe um an Margadh Inmheánach; ag cáineadh na ngníomhaíochtaí aontaobhacha a rinne an Ríocht Aontaithe le déanaí, de shárú ar an gComhaontú um Tharraingt Siar, chun síneadh a chur le tréimhsí cairde lena dtugtar díolúine i gcás onnmhairí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann ó dheimhnithe sláinte onnmhairithe a sholáthar le haghaidh gach lastas táirgí ainmhithe, trí bheartáin a dhíolmhú ó dhearbhuithe custaim a dhéanamh, agus trí mhaolú a dhéanamh ar rialacha AE lena gcuirtear cosc ar ithir dul isteach sa mhargadh inmheánach agus ar phasanna peataí; á mheas gurb ionann na gníomhaíochtaí sin agus bagairt thromchúiseach ar shláine an Mhargaidh Aonair; á athdhearbhú gur gá na cinntí sin uile a chomhaontú go comhpháirteach trí na comhlachtaí comhpháirteacha ábhartha; á iarraidh go láidir ar Rialtas na Riochta Aontaithe gníomhú de mheon macánta agus téarmaí na gcomhaontuithe atá sínithe aici a chur chun feidhme go hiomlán, gan mhoill, agus ar bhonn amchlár inchreidte agus cuimsitheach a bunaíodh go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an oibleagáid an oibleagáid faoin gComhaontú um Tharraingt Siar chun gníomhú de mheon macánta; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, leanúint leis an imeacht sáraithe i gcoinne na Ríochta Aontaithe a seoladh an 15 Márta 2021 faoi Airteagal 12(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann; á mheabhrú, má choinnítear le neamh-chomhlíonadh leanúnach thoradh na nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air sin go gcuirfí oibleagáidí ar fionraí freisin, lena n-áirítear srian a chur ar na leibhéil rochtana gan fasach ar an margadh, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; á mheas, i ndáil leis sin, go neartaíonn daingniú an Chomhaontaithe Trádála agus Chomhair an tsraith uirlisí forfheidhmithe atá againn don Chomhaontú um Tharraingt Siar; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán agus go cuí chun cearta na saoránach a chosaint, chun an próiseas síochána a chosaint agus chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint, chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus chun a áirithiú go n-íocfaidh an Ríocht Aontaithe a cion cothrom de na dliteanais a fhabhraítear le linn agus i ndiaidh a ballraíochta, agus dá bhrí sin, go bhfuil sé fós ina réamhchoinníoll riachtanach chun an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a fhorbairt amach anseo; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le meon macánta agus ar an ngá atá le muinín agus inchreidteacht i ndáil leis sin; á mheabhrú go léirítear le dearadh an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus Airteagal 16 de, go bhfuil an chothromaíocht pholaitiúil an-leochaileach agus an-íogair; á áitiú nár cheart tograí nó gníomhartha a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar an gcothromaíocht sin a ghlacadh go neafaiseach nó gan comhairliúchán cuí a bheith déanta ag ceachtar den dá pháirtí roimh ré; ag tabhairt chun suntais imthosca uathúla Thuaisceart Éireann, agus an ról atá tugtha do Thionól Thuaisceart Éireann sa Phrótacal, lena n-áirítear an toiliú ba ghá chun leanúint den Phrótacal a chur i bhfeidhm i gceann ceithre bliana; á chur in iúl go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach agus feabhsaithe idir ionadaithe polaitiúla agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ionadaithe as Tuaisceart Éireann, i dtaobh gach gné den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus maidir leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann i gcomhthéacs níos leithne; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas a bhí ann i dTuaisceart Éireann le déanaí agus á mheabhrú go bhfuil AE ar cheann de phríomhchaomhnóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go bhfuil sé meáite ar é a chosaint;
Ról Pharlaimint na hEorpa
7. á chur in iúl gur oth léi gur thángthas ar na Comhaontaithe ag an nóiméad deireanach, agus an éiginnteacht a chuireann costais arda ar shaoránaigh agus ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr agus a raibh tionchar aici freisin ar shainchumais na Parlaiminte grinnscrúdú a dhéanamh ar théacs críochnaitheach na gComhaontuithe agus formhaoirseacht dhaonlathach a chur i bhfeidhm air roimh a gcur i bhfeidhm sealadach; á thabhairt chun suntais a eisceachtúla atá an próiseas sin mar gheall ar an spriocdháta daingean do dhul in éag na hidirthréimhse agus diúltú na Ríochta Aontaithe síneadh a chur leis, fiú amháin i lár paindéime; á chur i bhfáth nach féidir leis an bpróiseas sin, ar aon bhealach, a bheith ina fhasach do chomhaontuithe trádála amach anseo, ar comhaontuithe iad ina gcaithfear an ghnáth-fhormáid ó thaobh comhar agus rochtain ar fhaisnéis de a ráthú, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE, lena n-áirítear na téacsanna caibidlíochta uile a chomhroinnt, idirphlé rialta a chinntiú, agus dóthain ama a chur ar leataobh sa Pharlaimint chun grinnscrúdú foirmiúil a dhéanamh ar chomhaontuithe agus chun díospóireacht a dhéanamh orthu; á chur i bhfios go láidir nár cheart comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach gan toiliú na Parlaiminte; d’ainneoin an méid thuas, á aithint go raibh an Pharlaimint in ann a tuairim a chur in iúl ar bhonn rialta i bhfianaise an chomhairliúcháin agus an idirphlé láidir agus rialta le Príomh-Idirbheartaí an Aontais agus le Tascfhórsa an Choimisiúin i ndáil leis an Ríocht Aontaithe, agus go raibh dhá rún ón bParlaimint á nglacadh i mí Feabhra agus i mí an Mheithimh 2020, lenar áirithíodh go raibh ár seasaimh léirithe go hiomlán i sainordú tosaigh an Aontais agus gur chosain Príomh-Idirbheartaí an Aontais iad le linn na caibidlíochta;
8. ag tacú, faoin gComhaontú seo, le bunú an Tionóil Comhpháirtíochta Pharlaimintigh do Chomhaltaí Pharlaimintí na hEorpa agus na Ríochta Aontaithe; á chreidiúint gur cheart a chur de chúram ar an Tionól Comhpháirtíochta Parlaiminteach sin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme iomlán agus cuí an Chomhaontaithe agus moltaí a dhéanamh don Chomhairle Comhpháirtíochta; á mholadh gur cheart go n-áireofaí ar a raon feidhme cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, gan dochar do struchtúir rialachais gach comhaontaithe agus don sásra dá ngrinnscrúdú, chomh maith leis an gceart moltaí a chur isteach le haghaidh réimsí ina bhféadfadh comhar feabhsaithe a bheith tairbhiúil don dá pháirtí agus tionscnaimh chomhpháirteacha a ghlacadh chun dlúthchaidreamh a chur chun cinn;
9. á áitiú nach mór ról iomlán a bheith ag an bParlaimint maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, agus maidir le faireachán a dhéanamh air, i gcomhréir leis an litir an 5 Feabhra 2021 ó Uachtarán na Parlaiminte Sassoli; gan dochar do na gealltanais atá tugtha cheana ag na Coimisinéirí faoi seach i leith na gcoistí parlaiminteacha freagracha, á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ón gCoimisiún maidir le ról na Parlaiminte i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear na gealltanais seo a leanas:
(a)
an Pharlaimint a choimeád ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle Comhpháirtíochta agus gníomhaíochtaí comhchomhlachtaí eile;
(b)
ról a thabhairt don Pharlaimint i gcinntí tábhachtacha faoin gComhaontú maidir le haon ghníomhaíochtaí aontaobhacha a dhéanann an Aontais faoin gComhaontú, agus lánaird a thabhairt ar thuairimí na Parlaiminte, agus i gcás nach leanann sé tuairimí na Parlaiminte, míniú a thabhairt ar na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh;
(c)
ról a thabhairt don Pharlaimint sách luath roimh ré má bhíonn sé ar intinn aige togra a thíolacadh chun Cuid a Trí [Forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla] den Chomhaontú a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, más rud é nach n-urramóidh an Ríocht Aontaithe a cuid gealltanas faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;
(d)
ról a thabhairt don Pharlaimint i bpróiseas roghnúcháin na n-eadránaithe agus na bpainéalaithe ionchasacha dá bhforáiltear leis an gComhaontú;
(e)
aon togra maidir le gníomhartha reachtacha lena rialaítear na rialacha módúlachtaí le haghaidh na bearta uathrialacha atá an tAontas i dteideal a dhéanamh faoin gComhaontú a chur faoi bhráid na Parlaiminte;
(f)
lánaird a thabhairt ar thuairimí na Parlaiminte maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe ag an dá Pháirtí, lena n-áirítear maidir le sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhaontú nó míchothromaíochtaí sa mhachaire chomhréidh agus, in aon chás nach leanann sé dearcadh na Parlaiminte, a cúiseanna a mhíniú;
(g)
an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go hiomlán maidir le measúnuithe agus cinntí a dhéanann an Choimisiún i dtaca le leordhóthanacht sonraí, chomh maith le socruithe le haghaidh comhar rialála le húdaráis na Ríochta Aontaithe maidir le seirbhísí airgeadais agus maidir le deonú féideartha coibhéisí i seirbhísí airgeadais;
á iarraidh go ndéanfaí na gealltanais sin a chomhdhlúthú i gComhaontú Idirinstitiúideach a luaithe is féidir;
10. á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú maidir le nósanna imeachta slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an comhaontú sin, go háirithe Airteagal 3 de, gan dochar do chearta na Parlaiminte faoi Airteagal 218(10) CFAE, go háirithe i bhfianaise mhír 9 thuas; á chur in iúl nach bhfuil an chaoi ar iarr an Chomhairle toiliú na Parlaiminte (dhá chomhaontú a chumhdach in aon nós imeachta amháin - an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus an Comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint) i gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach agus nár cheart ar bhealach ar bith é a bheith ina fhasach, ós rud é gur cheart go mbeadh an Pharlaimint in ann a toiliú a thabhairt do gach comhaontú idirnáisiúnta, sula dtagann sé i bhfeidhm, as féin seachas mar phacáiste, agus go mbainfí an bonn go mór dá sainchumais murach sin;
11. ag tathant ar cheardchumainn an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus ar chomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta eile a bheith rannpháirteach go láidir i bhfaireachán agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear a gcomhairliúchán agus a rannpháirtíocht fhéideartha sna coistí speisialaithe i gcás ina ndéantar measúnú ar chúrsaí ábhartha, mar aon le fóram saothair tiomnaithe a bhunú a thiocfaidh le chéile roimh gach cruinniú de chuid na Comhairle Comhpháirtíochta; á mholadh, i bhfianaise a thábhachtaí atá an Comhaontú agus i bhfianaise na n-iarmhairtí fadréimseacha a d’fhéadfadh a bheith aige, go ndéanfaí an Grúpa Comhairleach Baile a mhéadú le hionadaithe méadaithe ó na ceardchumainn agus ó chomhpháirtithe sóisialta eile, go háirithe ó Chónaidhm na hEarnála Eorpaí, agus gur cheart go gcuirfí ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn agus comhpháirtithe sóisialta eile gearáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus ceangal a chur ar an gCoimisiún gníomhú ar na gearáin sin;
12. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin ról a thabhairt do na geallsealbhóirí a mhéid is féidir i bhfianaise an ama theoranta atá ar fáil agus á chur in iúl gur geal léi freisin na fógraí mionsonraithe ullmhachta a chabhraigh le gnólachtaí ullmhú do na hathruithe dosheachanta ón 1 Eanáir 2021, nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an t-aontas custaim agus an margadh inmheánach; á iarraidh ar Bhallstáit uile an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, ar na réigiúin, iarrachtaí breise a dhéanamh chun a áirithiú go n-éireoidh go geal leis na chéad mhíonna sin faoin gcóras nua maidir le stádas nua na Ríochta Aontaithe do na hoibreoirí eacnamaíocha agus do na saoránaigh uile; á aithint di go bhfuil iarmhairtí suntasacha eacnamaíocha gearrthéarmacha ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE, á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid iomlán agus thráthúil a bhaint as Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí é, chun cabhrú le hearnálacha, cuideachtaí agus oibrithe araon, agus leis na Ballstáit is mó atá thíos le tionchair dhiúltacha gan choinne an chaidrimh nua idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
Trádáil
13. ag cur béim ar raon feidhme gan fasach an Chomhaontaithe maidir le trádáil in earraí lenar baineadh amach an cuspóir maidir le cuótaí nialais agus taraifí nialais a bhaint amach agus, mar thoradh air sin, éascófar trádáil leis an Ríocht Aontaithe, faoi chuimsiú rialacha iomchuí tionscnaimh, lena gcosnófar leasanna tháirgeoirí an Aontais, lena n-áirítear trí charnadh déthaobhach, féindeimhniúchán tionscnaimh ag na honnmhaireoirí, chomh maith leis an tréimhse díolúine 12 mhí i gcás roinnt de na doiciméid; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh éifeachtach a bheith ann, go háirithe maidir le neamh-chúlchéimniú agus le dibhéirseachtaí a sheachaint amach anseo, i gcomhar le raon feidhme an Chomhaontaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin;
14. á chur i bhfios go láidir, i gcás na trádála i seirbhísí, go ndéantar leibhéal léirscaoilte a bhaint amach le gealltanais an dá pháirtí thar a ngealltanais EDT, lena n-áirítear trí chlásal réamhbhreathnaitheach ‘náisiún barrfhabhair’, gealltanas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh d’fhonn feabhsuithe a dhéanamh amach anseo, agus le rialacha speisialta do shoghluaisteacht gairmithe chun críocha gnó (seirbhísí ‘Mód 4’); ag an am céanna, áfach, á mheabhrú, tríd an margadh inmheánach a fhágáil, gur chaill an Ríocht Aontaithe a ceart neamhtheoranta uathoibríoch seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais; ag aithint forálacha soiléire maidir le cáilíochtaí gairmiúla atá éagsúil ó tharla gur tríú tír í an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, an sásra dá bhforáiltear sa Chomhaontú trína bhféadfaidh AE agus an Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú ina dhiaidh sin de réir an cháis agus do ghairmeacha sonracha maidir le socruithe breise;
15. á chur in iúl gur geal léi an chaibidil maidir leis an trádáil dhigiteach, lena n-áirítear an toirmeasc sainráite ar cheanglais logánaithe sonraí nó nochtadh éigeantach an chóid fhoinsigh, ar gnéithe iad atá nua do na Comhaontaithe Saorthrádála atá curtha i gcrích ag an Aontas go n-uige seo, agus, ag an am céanna, lena gcaomhnaítear ceart an Aontais chun rialáil agus ceanglais cosanta sonraí; á aithint gur féidir leis an gcaibidil dhigiteach sin a bheith ina eiseamláir do chomhaontuithe trádála amach anseo; á chur in iúl gur geal léi freisin comhar rialála maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an intleacht shaorga;
16. ag moladh go ndearnadh caibidlíocht ar an gcaibidil uileghabhálach is uaillmhianaí riamh maidir le soláthar poiblí, in ainneoin an drogaill tosaigh ó thaobh na Ríochta Aontaithe de, a théann níos faide ná an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais chun cóir chomhionann a ráthú do chuideachtaí AE, chomh maith le caibidil ar riachtanais agus leasanna na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna); á mheabhrú gur tugadh cosaint do stoc na dtásc geografach (GIanna) atá ann cheana faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, ach á chur in iúl gur oth léi nach bhféadfaí aon socruithe maidir le tásca geografacha a bheidh ann amach anseo a aimsiú i gcoinne na ngealltanas a tugadh sa Dearbhú Polaitiúil; á aithint mar sin féin an clásal ‘rendez-vous’ chun an chosaint a leathnú amach anseo agus ag tathant ar an dá pháirtí an clásal sin a chur i ngníomh a luaithe is féidir;
17. ag tathant go láidir ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardáin ábhartha um chomhordú rialála, a chuireann trédhearcacht iomlán ar fáil don Pharlaimint, a chur ar bun agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu chun ardleibhéal cóineasaithe rialála a cheadú amach anseo, i gcomhréir le Comhaontú Glas don Eoraip, agus chun coinbhleachtaí nach bhfuil gá leo a sheachaint, agus, ag an am céanna, ceart rialála gach páirtí a chosaint mar a léirítear sa Chomhaontú;
Machaire comhréidh
18. á chur in iúl gur geal léi an teideal uileghabhálach agus nua-aimseartha maidir le machaire comhréidh don iomaíocht oscailte agus chothrom agus don fhorbairt inbhuanaithe, ar cheart é a mheas mar eiseamláir do Chomhaontuithe Saorthrádála eile a bheidh ann amach anseo arna gcaibidliú ag an Aontas, lena n-áirítear:
(i)
rialacha maidir le neamh-chúlchéimniú ó na leibhéil arda reatha cosanta i gcaighdeáin saothair agus shóisialta, sa chomhshaol agus san aeráid agus i gcánachas, ar rialacha iad nach féidir a ísliú ar bhealach a dhéanfaidh difear do thrádáil nó d’infheistíocht, chomh maith le rialacha maidir le hiomaíocht agus le fiontair atá faoi úinéireacht stáit;
(ii)
an fhéidearthacht bearta aontaobhacha athchothromaithe a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeidh dibhéirseachtaí suntasacha amach anseo ann i réimsí na gcaighdeán saothair agus sóisialta, i réimse chosaint an chomhshaoil nó na haeráide, nó i gcás rialú fóirdheontais, ina mbíonn tionchar ábhartha ag na héagsúlachtaí sin ar thrádáil nó ar infheistíocht idir na páirtithe; ag cur béim ar an ngá atá ann a áirithiú go léireofar go forleathan éagsúlacht shuntasach a bhfuil tionchar ábhartha acu ar thrádáil nó ar infheistíocht agus gur féidir é a léiriú ar bhealach praiticiúil chun a áirithiú nach gcuirfear srian míchuí ar an gcumas na bearta sin a úsáid;
(iii)
an tsraith de phrionsabail cheangailteacha a comhaontaíodh maidir le rialú fóirdheontais, ar féidir le hiomaitheoirí agóid a dhéanamh ina leith muna leantar í, agus na cúirteanna a bhfuil sé de chumhacht acu a ordú do thairbhithe an fóirdheontas a aisíoc nuair is gá, agus an deis a bheith ag an Aontas dul i ngleic le haon neamhchomhlíonadh ag an Ríocht Aontaithe trí smachtbhannaí aontaobhacha, lena n-áirítear taraifí nó cuótaí a thabhairt isteach ar tháirgí áirithe nó codanna eile den chomhpháirtíocht eacnamaíoch a thraschur; ag cur béim ar an ngá atá le faireachán a dhéanamh ar chóras nua státchabhrach na Ríochta Aontaithe agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an tsásra chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais nach bhfuil údar leo ionas go gcuirfidh sé go héifeachtach leis an machaire comhréidh;
(iv)
á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil an chaibidil maidir le cánachas faoi réir forálacha réitigh díospóide ná faoi réir beart athchothromaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le ceisteanna maidir le cánachas agus sciúradh airgid, i gcás inar cheart na huirlisí uile atá ar fáil amhail na próisis liostaithe a úsáid chun an Ríocht Aontaithe a dhíspreagadh ó chleachtais éagóracha a ghlacadh; á mheabhrú i ndáil leis sin go bhféadfaí athbhreithniú a iarraidh ar an gceannteideal trádála ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gcás ina dtiocfadh míchothromaíochtaí chun cinn;
(v)
á mheabhrú go bhfuil feidhm ag forálacha maidir leis an machaire comhréidh ar bhealach ginearálta, lena n-áirítear i ‘gcriosanna eacnamaíocha speisialta’, mar a thugtar orthu;
19. á thabhairt chun suntais go bhfuil faireachán cuí agus maoirseacht leordhóthanach ríthábhachtach chun tuiscint dhaingean a fháil ar na bacainní atá fós ann agus ar na bacainní nua atá os comhair cuideachtaí, go háirithe FBManna, ar an láthair; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé éiginnteacht rialála, ualaí riaracháin agus castacht nós imeachta, nach bhfuil gá leo agus a chuirfidh leis an gcastacht agus leis an gcostas, a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maidir leis sin dul i rannpháirtíocht leis an bpobal gnó, go háirithe FBManna d’fhonn greannaithe trádála atá ag teacht chun cinn a mhaolú;
Rialachas
20. á chur in iúl gur geal léi an rialachas cothrománach agus an creat institiúideach a leagtar amach sa Chomhaontú, lena n-áirithítear comhleanúnachas, nasc agus forfheidhmiú coiteann idir na caibidlí ar fad, agus, ar an gcaoi sin, seachnaítear struchtúir chomhthreomhara agus maorlathas breise chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil agus ráthaíochtaí láidre ag na páirtithe maidir le comhlíonadh a chur ar fáil; ag aithint go háirithe an sásra láidir chun díospóidí a réiteach a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir lena ngealltanais a léirmhíniú nó a chur chun feidhme;
21. á chur in iúl gur geal léi an clásal neamh-idirdhealaithe sa chaibidil rialachais lena n-áirithítear nach féidir leis an Ríocht Aontaithe, ina beartas náisiúnta víosaí, idirdhealú a dhéanamh idir saoránaigh Bhallstáit AE chun víosaí gearrthéarmacha a dheonú; ag cáineadh na córa idirdhealaithí atá ann do roinnt saoránach AE (ón mBulgáir, ón Eastóin, ón Liotuáin, ón Rómáin agus ón tSlóivéin) nach mbaineann tairbhe as an gcóras céanna táillí iarratais ar víosa sa Ríocht Aontaithe le saoránaigh ó na 22 Bhallstát AE eile maidir le táillí do víosaí oibre agus do dheimhnithe urraíochta;
Slándáil, gnóthaí eachtracha agus forbairt
22. á chur in iúl gur oth léi, murab ionann agus an Dearbhú Polaitiúil lenar beartaíodh comhpháirtíocht uaillmhianach, leathan, dhomhain agus sholúbtha i réimse an bheartais eachtraigh, na slándála agus na cosanta, gur dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe dul i mbun caibidlíochta maidir leis na gnéithe sin mar chuid den Chomhaontú; á mheabhrú, mar sin féin, gur chun leasa an dá thaobh é dlúthchomhar marthanach a choimeád ar bun sna réimsí sin, go háirithe chun an tsíocháin, an tslándáil, lena n-áirítear an fhrithsceimhlitheoireacht a chur chun cinn, chun ord domhanda atá bunaithe ar rialacha, iltaobhachas éifeachtach, Cairt na Náisiún Aontaithe, comhdhlúthú an daonlathais agus an smachta reachta, agus chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE; á mholadh gur cheart an comhar agus an comhordú a dhéanfar amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe a rialú le hardán córasach le haghaidh comhairliúcháin ardleibhéil agus comhordú maidir le saincheisteanna beartais eachtraigh, lena n-áirítear dúshláin a bhaineann le tíortha amhail an Rúis agus an tSín, dlúth-rannpháirtíocht i gcúrsaí slándála, lena n-áirítear faoi chuimsiú an chomhair AE-ECAT, agus comhar fabhrach córasach maidir le hoibríochtaí síochánaíochta go háirithe; á iarraidh go háirithe go mbeadh comhar agus comhordú domhain ann leis an Ríocht Aontaithe maidir le beartais smachtbhannaí le AE i bhfianaise na luachanna agus na leasanna comhroinnte agus go mbunófaí sásra comhordaithe ina leith sin;
23. á chur in iúl gur saoth léi ina leith sin cinneadh na Ríochta Aontaithe stádas taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh a íosghrádú agus á iarraidh ar údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe an ghníomhaíocht sin a leigheas go práinneach agus ag tathant ar an gCoimisiún seasamh go daingean chun cur chun feidhme cuí na gConarthaí chosaint;
24. á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá an Ríocht Aontaithe mar ghníomhaí don fhorbairt agus don chabhair dhaonnúil, mar gheall ar scála a cúnaimh oifigiúil forbartha (fiú agus an laghdú ó 0.7 % go 0.5 % de OIN á áireamh), a saineolas, a cumais cur chun feidhme tionscadal agus a caidreamh cuimsitheach leis an gComhlathas agus le tíortha eile atá i mbéal forbartha; á mholadh don Ríocht Aontaithe an tionchar diúltach a bhíonn ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE ar thíortha i mbéal forbartha a íoslaghdú agus a tiomantas a choinneáil chun bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca le cúnamh forbartha agus cabhair dhaonnúil; á iarraidh go ndéanfar dlúthchomhordú agus dlúthchomhar idir deontóirí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear an deis tarraingt ar acmhainneachtaí a chéile chun éifeachtúlacht, éifeachtacht forbartha agus dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiúin Aontaithe a uasmhéadú;
Saincheisteanna sonracha earnála agus comhar téamach
25. á mheas go bhfuil an margadh aonair ar cheann de na gnóthachtálacha is fearr ag an Aontas Eorpach, go ndeachaigh sé go mór chun tairbhe do gheilleagair an dá pháirtí agus gur chruthaigh sé bonn chun cáilíocht saoil saoránach a fheabhsú; á chur i bhfáth gur cheart ré nua seo na comhpháirtíochta eacnamaíche a bheith dírithe ar dheiseanna a ghiniúint a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh, agus nár cheart go mbainfí an bonn ó shláine agus ó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais chustaim; ag aithint gur bealach iomchuí chun cinn é go leathnófaí na héascuithe a thugtar d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe chun saobhadh ar an trádáil a sheachaint;
26. á chur i bhfios go láidir, mar chuid den phróiseas cur chun feidhme, gur cheart don Aontas aird ar leith a thabhairt ar chomhréireacht na seiceálacha custaim a dhéantar sula dtiocfaidh na hearraí isteach sa mhargadh inmheánach (ag teacht ón Ríocht Aontaithe nó ó thríú tíortha eile tríd an Ríocht Aontaithe) mar atá beartaithe sa Chomhaontú, agus á áitiú go bhfuil sé fíorthábhachtach a áirithiú go gcomhlíonfaidh earraí rialacha an Mhargaidh Inmheánaigh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht níos mó a dhéanamh i saoráidí rialaithe custaim agus le tuilleadh comhordú agus malartú faisnéise idir an dá pháirtí chun cur isteach ar thrádáil a chosc a mhéid is féidir, agus chun sláine an aontais chustaim a chaomhnú chun leas tomhaltóirí agus gnólachtaí; á mheas go bhfuil comhar rianúil idir údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh fíor-riachtanach agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di é acmhainn oibríochtúil riachtanach láithreacht AE i dTuaisceart Éireann;
27. á thabhairt dá haire go raibh tionchar diúltach cheana féin ag an éiginnteacht maidir leis na rialacha is infheidhme ar nósanna tomhaltóirí agus ar mhuinín tomhaltóirí sa tsiopadóireacht trasteorann agus á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta a leagtar amach sa Chomhaontú chun tomhaltóirí a chosaint a chur chun feidhme go pras, agus comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le beartais earnálacha éagsúla a bhaineann le modhanna táirgthe inbhuanaithe agus sábháilteacht táirgí a threisiú; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht feadh shlabhra soláthair na seirbhísí táirgí chun leas na dtomhaltóirí, agus á dhearbhú go bhfuil na praghsanna a léiríonn costais iomlána an cheannacháin, lena n-áirítear na táillí agus na dleachtanna ábhartha uile is infheidhme, agus soiléireacht maidir leis na cearta tomhaltóirí is infheidhme ríthábhachtach chun easaontas a sheachaint agus chun muinín na dtomhaltóirí a chothú agus iad ag ceannach thar an teorainn;
28. á chur in iúl gur saoth léi an tionchar diúltach ar phobail iascaireachta áirithe, agus ag aithint gur beag an dochar a dhéanann na forálacha maidir le hiascaigh lena mbunaítear laghdú 25 % thar 5½ bliain ná mar a dhéanfadh dúnadh iomlán uiscí na Ríochta Aontaithe; ina leith sin, á iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach rachfar thar an tairseach laghdaithe 25 % sin am ar bith agus go mbeidh rochtain cómhalartach ann i gcónaí; ina leith sin, á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil cead ag an gComhairle Comhpháirtíochta na hIarscríbhinní 35, 36 agus 37 a leasú; á iarraidh go rachfar i gcomhairle go cuí leis an bParlaimint roimh aon athrú den chineál sin a dhéanamh;
29. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an staid mar a bhí ag deireadh na tréimhse sin, agus á mheabhrú don Ríocht Aontaithe go bhfuil nasc díreach ag an rochtain leanúnach atá aici ar mhargaí an Aontais le rochtain iascaigh an Aontais ar uiscí na Ríochta Aontaithe ina dhiaidh sin; á mheabhrú go mbeidh AE in ann gníomhaíocht a dhéanamh chun a leasanna a chosaint, dá mba rud é go mbreithneodh an Ríocht Aontaithe rochtain a theorannú tar éis na chéad tréimhse 5½ bliain, lena n-áirítear trí tharaifí nó cuótaí a athbhunú le haghaidh allmhairí éisc na Ríochta Aontaithe nó trí chodanna eile den Chomhaontú a chur ar fionraí, i gcás ina mbeadh baol ann go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta ann do phobail iascaireachta an Aontais; á chur in iúl gur oth go mór léi amhras a bheith á chaitheamh ar bhealach atreoraithe i leith chearta AE chun iascaireacht a dhéanamh, trí leas a bhaint as an bhfíoras nach féidir comhaontú maidir le TACanna agus cuótaí a ghlacadh go tráthúil agus trí bhearta teicniúla do-ghlactha, agus trí léirmhínithe sriantacha conspóideacha maidir leis na coinníollacha chun ceadúnais a fháil;
30. á thabhairt chun suntais gur ábhar mór imní di na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht ag an Ríocht Aontaithe a bheith ag imeacht ó rialacháin an Aontais maidir le bearta teicniúla agus reachtaíocht chomhshaoil eile de chuid an Aontais, rud a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le teorannú de facto ar rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe ag roinnt soithí iascaireachta Eorpacha; á mheabhrú go gcuireann an Comhaontú oibleagáid ar an dá pháirtí údar a thabhairt do nádúr neamh-idirdhealaitheach aon fhorbairt sa réimse seo, agus nach mór, i bhfianaise sonraí atá indeimhnithe go heolaíoch, inbhuanaitheacht comhshaoil fhadtéarmach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith an-airdeallach go gcloífear leis na coinníollacha sin agus freagairt láidir a thabhairt i gcás ina gníomhaíonn an Ríocht Aontaithe ar bhealach idirdhealaitheach;
31. á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarmhairtí na rialacha éagsúla is infheidhme i leith críocha a bhfuil stádas speisialta acu a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, go háirithe Spleách-chríocha na Corónach agus Críocha Thar Lear; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar na críocha sin agus a sainiúlachtaí;
32. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chaoi a dtabharfaí aghaidh ar laghdú aontaobhach caighdeáin saothair agus sóisialta a d’fhéadfadh an Ríocht Aontaithe a dhéanamh amach anseo agus conas a chuirfí ina aghaidh faoin gComhaontú; á athdhearbhú arís eile nach mór aghaidh a thabhairt gan mhoill ar aon ísliú aontaobhach ar chaighdeáin shóisialta agus saothair a rachadh chun dochair oibrithe agus cuideachtaí Eorpacha agus nach mór iad a réiteach chun machaire comhréidh a choinneáil; á chur in iúl gur saoth léi freisin, cé go raibh sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar na Treoracha maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí a thrasuí agus an Treoir maidir le dálaí Oibre Trédhearcacha Intuartha(13) le linn na hidirthréimhse, nach ndearna sí fós na bearta is gá chun é sin a dhéanamh agus go bhfuil cearta nuabhunaithe áirithe bainte d’oibrithe sa Ríocht Aontaithe aici dá bhrí sin;
33. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an sásra comhair nua maidir le comhordú slándála sóisialta gar do na rialacha atá ann faoi láthair faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004(14) maidir le comhordú córais slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009(15) lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, go gcosnaítear forálacha AE maidir le neamh-idirdhealú, cóir chomhionann agus comhiomlánú tréimhsí sa Chomhaontú; á chur in iúl, áfach, gur oth léi na srianta ar an raon feidhme ábharach agus, go háirithe nach n-áirítear sochair theaghlaigh, cúram fadtéarmach agus sochair airgid neamh-ranníocacha agus in-onnmhairitheacht sochar dífhostaíochta; á iarraidh ar na páirtithe faisnéis dhaingean agus iontaofa maidir lena gcearta chun cónaithe agus a gcearta chun oibre agus maidir le comhordú na slándála sóisialta a chur ar fáil láithreach do shaoránaigh a ndearna srianta ar shaorghluaiseacht difear dóibh;
34. á thabhairt dá haire freisin an fhoráil eatramhach maidir le tarchur sonraí pearsanta chuig an Ríocht Aontaithe; á athdhearbhú rúin uaithi an 12 Feabhra 2020 agus an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an tábhacht a bhaineann le cosaint sonraí mar cheart bunúsach araon, chomh maith le bheith ina phríomhchumasóir don gheilleagar digiteach; á mheabhrú, maidir le leorgacht chreat cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le cásdlí CBAE, nach mór leibhéal cosanta na Ríochta Aontaithe a bheith ‘coibhéiseach go bunúsach’ leis an leibhéal a chuirtear ar fáil le creat dlíthiúil AE, lena n-áirítear aistrithe ar aghaidh chuig tríú tíortha, maidir le haistrithe tráchtála agus aistrithe chun críoch fhorghníomhú an dlí araon; á aithint gur seoladh an nós imeachta maidir le glacadh an dá chinneadh leordhóthanachta maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig an Ríocht Aontaithe, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(16) (RGCS) agus faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí(17) an 19 Feabhra 2021; á iarraidh ar an gCoimisiún gan cinneadh dearfach leordhóthanachta a ghlacadh mura n-urramaítear go hiomlán na coinníollacha a leagtar síos faoi dhlí agus cásdlí AE; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh cinneadh leordhóthanachta a bheith mar chuspóir caibidlíochta idir an Ríocht Aontaithe agus AE toisc go dtagraíonn sé do chosaint cirt bhunúsaigh a dtugann ECHR, an Chairt agus Conarthaí AE aitheantas dó;
35. á chur i bhfios go láidir go mbunaítear leis an gComhaontú comhar leis an Ríocht Aontaithe i bhforfheidhmiú an dlí agus i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, ar de chineál dlúth é nach bhfacthas a leithéid riamh cheana le tríú tír; á thabhairt le fios, mar choimirce bhreise, go bhforáiltear do réimeas sonrach maidir le socrú díospóidí i bPáirt III, Teideal III den Chomhaontú i bhfianaise an limistéir íogair atá á rialáil aige; á chur in iúl gur díol sásaimh di na forálacha maidir le Cuid III a fhionraí agus a fhoirceannadh, go háirithe coinníollacht ECHR;
36. á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil obair leantach déanta i leith éilimh na Parlaiminte maidir le cur chuige comhchoiteann AE i dtaca le tearmann, imirce agus bainistiú teorainneacha, rud a fhágann, i dtaobh na n-ábhair tábhachtach sin, a mbíonn tionchar acu freisin ar chearta na ndaoine is leochailí, amhail mionaoisigh neamhthionlacthaanois, go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu anois trí chomhar déthaobhach; á iarraidh go ndéanfaí comhaontú ábhartha a thiocfadh in ionad Rialachán Bhaile Átha Cliath(18) a chomhaontú go pras idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
37. á chur in iúl gur oth léi an easpa uaillmhéine sa Chomhaontú maidir le beartais soghluaisteachta agus á iarraidh go bhforbrófaí conairí sábháilte imirce dleathacha idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur díol sásaimh di na forálacha maidir le víosaí do chuairteanna gearrthéarmacha agus clásal an neamh-idirdhealaithe i measc na mBallstát; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe gan idirdhealú a dhéanamh i measc shaoránaigh an Aontais ar bhonn a náisiúntachta, ó thaobh clárú le scéim socraíochta an Aontais Eorpaigh, agus maidir le saincheisteanna soghluaisteachta agus víosaí; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na cómhalartachta a fhorfheidhmiú go docht; ag cáineadh go géar chinneadh idirdhealaitheach na Ríochta Aontaithe chun táillí éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh víosaí oibre do shaoránaigh Bhallstáit áirithe AE maidir le víosaí oibre séasúracha agus víosaí oibrithe sláinte agus cúraim, mar shampla; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain chomhionann ar mhargadh saothair na Ríochta Aontaithe a ráthú do shaoránaigh AE agus ar an ngá atá ann an táille chéanna a chur i bhfeidhm do náisiúnaigh uile AE, agus dá bhrí sin ag tathant ar an Ríocht Aontaithe a cinneadh a fhreaschur láithreach bonn;
38. á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choimeád go hiomlán ar an eolas maidir le faireachán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus ag an mBord Réitigh Aonair, chomh maith le forbairtí margaidh i seirbhísí airgeadais chun aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh agus bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais, ar shláine an mhargaidh agus ar chosaint infheisteoirí a shainaithint go tráthúil;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún na huirlisí atá ar fáil a úsáid, breithniú a dhéanamh ar uirlisí nua san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an gcreat frithsciúrtha airgid agus comhar dílis a áirithiú i ndáil le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla, machaire comhréidh a ráthú agus an margadh aonair a chosaint ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a thagann ón Ríocht Aontaithe;
40. á thabhairt dá haire, agus buíochas dá réir aici, go n-áirítear sa Chomhaontú gealltanais maidir le trédhearcacht chánach agus iomaíocht chóir chánach, chomh maith le Dearbhú Polaitiúil comhpháirteach maidir le córais chánach dhíobhálacha a chomhrac;
41. á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas maidir le Meabhrán Tuisceana i dtaca le seirbhísí airgeadais, ach á chur in iúl gur oth léi nár deonaíodh cinntí coibhéise na Ríochta Aontaithe go dtí seo ach do Stáit aonair LEE, lena n-áirítear do Bhallstáit den Aontais Eorpaigh, seachas don Aontas ina iomláine; á mheabhrú go gcumhdaítear le cinntí coibhéise roinnt réimsí dlí atá faoi réir comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, agus, i gcásanna áirithe, gurb iad údaráis AE iad féin a dhéanann maoirseacht; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a mheas ar cuireadh an Ríocht Aontaithe a cinntí coibhéise faoi bhráid an Aontais ina iomláine, sula ndearna sé a chinntí coibhéise féin;
42. á mheas gur gá raon feidhme na hoibleagáide neamh-chúlchéimnithe maidir le cúrsaí cánach a shoiléiriú tuilleadh; á chur in iúl gur eagal léi an tionchar a bheadh ag reachtaíocht éagsúil maidir le cúrsaí cánach; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an fógra luath ón Ríocht Aontaithe nach dtabharfaidh sí gealltanas go dtí go nochtfar go héigeantach socruithe intuairiscithe bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta níos laige agus gur oth léi freisin ráitis phoiblí maidir le limistéir shaortrádála a oscailt sa Ríocht Aontaithe;
43. ag tabhairt rabhaidh go méadaíonn téarmaíocht dhoiléir agus rialacha dlíthiúla neamhcheangailteacha nó neamh-intuartha agus sásraí formhaoirseachta maidir le cánachas laistigh den Chomhaontú, go méadaíonn siad an baol go ndéanfar dumpáil fhioscach; á thabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil an baol ann go n-eascródh díospóidí neamhréitithe as forfheidhmiú an Chomhaontaithe mar gheall ar easpa clásail a bhfuil éifeacht dhíreach acu, lena n-áirítear maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha; á thabhairt dá haire agus imní uirthi dá réir go bhfuil na coinníollacha maidir le státchabhair chánach níos déine i gcomhaontuithe trádála AE leis an Eilvéis agus le Ceanada;
44. á thabhairt dá haire nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir le Spleách-chríocha Corónach na Ríochta Aontaithe ná maidir le Críocha Thar Lear na Ríochta Aontaithe; á mheas gur cheart grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfuil lúba ar lár sa Chomhaontú lena gceadaítear go n-úsáidfí na críocha sin mar chontrapháirtithe chun scéimeanna cánach díobhálacha nua a fhorbairt a mbeadh tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh;
45. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh Comhaontú Pháras ina phríomhghné de chomhaontuithe trádála amach anseo; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár cuireadh san áireamh, leis an leibhéal cosanta don aeráid i ndáil le gáis cheaptha teasa, spriocanna athbhreithnithe uile-gheilleagair 2030 atá ar tí a bheith glactha; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil sé beartaithe ag an Aontas raon feidhme Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí a neartú agus a leathnú tuilleadh; á mheas, i gcás ina mbeadh difríochtaí suntasacha ann idir Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí agus Scéim na Ríochta Aontaithe i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, go bhféadfadh saobhadh ar an machaire comhréidh a bheith mar thoradh air sin, agus dá bhrí sin, gur cheart é sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha, a luaithe a bheidh sé i bhfeidhm;
46. á chur in iúl gur geal léi na forálacha maidir le comhar i ndáil le slándáil sláinte, lena gcuirtear ar chumas na bpáirtithe agus údaráis inniúla na mBallstát faisnéis ábhartha a mhalartú, ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an comhar sin teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí ‘suntasacha’ don tsláinte phoiblí, agus do chomhordú na mbeart a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an tsláinte phoiblí a chosaint;
47. á chur in iúl gur geal léi nach ndéanfar aon athruithe ar chaighdeáin AE maidir le sábháilteacht bia, agus go bhfuil sé mar aidhm ag an gComhaontú ardchaighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta (CSF) an Aontais a choimirciú; á athdhearbhú go mbeidh sreafaí trádála earraí a bhfuil bearta CSF ina gceangal orthu thar a bheith ard idir AE agus an Ríocht Aontaithe agus gur cheart go mbeadh próiseas cuí comhordaithe ag AE chun seiceálacha rialaithe neamhréireacha ar earraí na Ríochta Aontaithe ag calafoirt AE a sheachaint;
48. á chur in iúl gur geal léi an chaibidil chuimsitheach a bhaineann le haeriompar atá san áireamh sa Chomhaontú, ar cheart go n-áiritheoidh sí go gcosnaítear leasanna straitéiseacha AE, agus a bhfuil forálacha oiriúnacha ar rochtain ar an margadh, ar chearta tráchta, ar chódroinnt agus ar chearta paisinéirí san áireamh inti; á chur in iúl gur geal léi na forálacha sonracha maidir le machaire comhréidh a bhaint amach sa chaibidil a bhaineann le heitlíocht, rud a áiritheoidh go mbeidh aeriompróirí AE agus na Ríochta Aontaithe in iomaíocht le chéile ar chomhchéim; á thabhairt dá haire go bhfuarthas réiteach maidir le rialacha úinéireachta agus rialaithe, lena rialaítear an rochtain ar an margadh inmheánach, ach lena bhfágtar go bhfuil féidearthacht ann do léirscaoileadh leanúnach amach anseo; á chur in iúl gur geal léi an chaibidil shonrach i dtaobh sábháilteacht eiltlíochta lena bhforáiltear do dhlúthchomhar maidir le sábháilteacht eiltlíochta agus bainistiú aerthráchta; á mheas nár cheart don chomhar sin srian a chur ar AE i dtaca le leibhéal na cosanta a mheasann sé a bheith iomchuí do shábháilteacht a chinneadh; á chur i bhfios a thábhachtaí atá dlúthchomhar idir Údarás na Ríochta Aontaithe um Eitlíocht Shibhialta agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh amach anseo;
49. á chur in iúl gur geal léi an fíoras go n-áiritheofar leis an gComhaontú nascacht atá saor ó chuótaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe do tharlóirí iompair de bhóthar agus go ráthófar leis cearta iomlána idirthurais don dá pháirtí ar chríocha a chéile; thar an ‘droichead talún’ mar a thugtar air; á chur in iúl gur geal léi an machaire comhréidh láidir a baineadh amach sa chaibidlíocht maidir le hiompar de bhóthar agus na forálacha sonracha a bhaineann léi, rud a chuirfidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal i ndáil le hardchaighdeáin AE is infheidhme maidir leis an earnáil tarlaithe de bhóthar; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go n-áirítear caighdeáin inter alia sa Chomhaontú maidir le rochtain ar an ngairm, postú tiománaithe, tréimhsí tiomána agus scíthe, tacagraif agus meáchain agus toisí feithiclí; á thabhairt dá haire nach amháin go n-áiritheofar iomaíocht chothrom leis na caighdeáin sin, ach go n-áiritheofar leo dálaí maithe oibre do thiománaithe agus ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre; á chur in iúl gur geal léi na forálacha sonracha a bhaineann le Tuaisceart Éireann a glacadh mar aitheantas ar chás uathúil na hÉireann, rud a íoslaghdóidh an cur isteach ar an ngeilleagar uile-oileáin; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun faisnéis chruinn agus úsáideach a sholáthar do gheallsealbhóirí iompair, feidhmiú agus stóinseacht na gcóras TF ábhartha a áirithiú agus na doiciméid uile is gá le haghaidh idirthuras ar líne a chur ar fáil ar líne; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann machnamh a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais do chalafoirt áirithe chun bacainní a bhaint go mear le bonneagar fisiciúil, ar bacainní iad a thagann chun cinn mar gheall ar an am feithimh méadaithe do tharlóirí a thrasnaíonn an teorainn; á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun moilleanna agus cur isteach neamhriachtanach sa chóras iompair a chosc, agus nascacht a choinneáil a mhéid is féidir;
50. á chur in iúl gur geal léi leanúint den chomhar Eorpach leis an Ríocht Aontaithe i réimse na heolaíochta, an taighde, na nuálaíochta agus an spáis; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé tacú le soghluaisteacht taighdeoirí agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go mbeidh eolas eolaíoch agus teicneolaíocht i saorchúrsaíocht; á iarraidh ar oibreoirí seirbhíse soghluaiste leanúint den phrionsabal ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a chur i bhfeidhm san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon; á thabhairt dá haire go rachaidh an caibidil ar fhuinneamh in éag an 30 Meitheamh 2026; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint den chomhar maidir le gach ábhar fuinnimh tar éis an dáta sin, i bhfianaise idirnascadh na margaí fuinnimh agus i bhfianaise go bhfanfaidh Tuaisceart Éireann laistigh de mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais; á thabhairt dá aire gurb ann do Chomhaontú AE-RA maidir le comhar i dtaca le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach, á chur in iúl gur cúis áiféala di nach cuid de nós imeachta an toilithe é toisc nach bhforáiltear i gConradh Euratom do ról a bheith ag Parlaimint na hEorpa; á iarraidh go mbunófar meabhrán tuisceana, bunaithe ar chreat Comhair Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), lena n-áirítear ar a laghad comhthionscadail, pleanáil spásúlachta mhuirí, comhtháthú an fhuinnimh amach ón gcósta sna margaí fuinnimh;
51. á chur in iúl gur geal léi na rialacha lena rialaítear rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir de chuid an Aontais a leagtar amach sa roinn ábhartha den Chomhaontú; á mheas go gcomhlíonann na rialacha sin ionchais na Parlaiminte den chuid is mó, mar a leagtar amach ina moladh an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann; á mheas go háirithe go ndéantar leis na rialacha sin leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ina leith sin, á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an sásra uathoibríoch ceartúcháin á chur i bhfeidhm maidir leis an gclár Fís Eorpach;
52. á chur in iúl gur díol sásaimh di comhlachas na Ríocht Aontaithe leis an gclár Fís Eorpach; agus á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i gclár taighde agus oiliúna Euratom, i gcomhpháirt Copernicus an chláir Spáis, agus in ITER, agus go mbeidh rochtain aici ar sheirbhísí faireachais agus rianaithe spáis faoin gclár Spáis; á chur in iúl gur díol sásaimh di go mbeidh an clár PEACE+ ina ábhar do chomhaontú maoinithe ar leith;
53. á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Ríocht Aontaithe gan a bheith rannpháirteach sa chlár Erasmus+ do thréimhse Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027; á chur i bhfios go láidir nach dtiocfaidh aon sochar as an gcinneadh, agus go mbainfear de dhaoine agus d’eagraíochtaí in AE agus sa Ríocht Aontaithe deiseanna fíorthairbheacha trí thionscadail malartaithe agus comhair; á chur in iúl gur ábhar iontais ar leith di gur luaigh an Ríocht Aontaithe costais iomarcacha rannpháirtíochta mar chúis lena cinneadh; ag tathant ar an Ríocht Aontaithe athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh i rith na tréimhse aistarraingthe dá bhforáiltear faoin Dearbhú Comhpháirteach maidir le Rannpháirtíocht i gCláir de chuid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi tairiscint fhlaithiúil na hÉireann sásra agus maoiniú a chur ar bun chun deis a thabhairt do mhic léinn ó Thuaisceart Éireann leanúint de bheith rannpháirteach;
54. á mheabhrú gur gnéithe tábhachtacha den chomhar acadúil iad oideachas agus taighde araon agus gur príomhghné den ghlúin nua de chláir é sineirgí idir an clár Fís Eorpach agus Erasmus+; á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh sí dlúthfhaireachán ar an staid chun a áirithiú nach mbainfí an bonn ó éifeachtacht dhá chlár comhair acadúil an Aontais ná ó thorthaí comhair a bhí ann cheana tríd an gcur chuig difreáilte i leith rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe;
55. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go gcosnaítear Leasanna Airgeadais an Aontais i ngach gné agus go n-urramaíonn an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí airgeadais faoin gComhaontú ina n-iomláine; ag leagan béim ar an ngá atá le comhar láidir maidir le CBL agus dleachtanna custaim chun bailiú cuí éileamh agus gnóthú cuí éileamh a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil nósanna imeachta custaim an-chasta agus go bhfuil gá leanúnach ann le malartú tapa faisnéise agus comhar láidir a áirithiú idir AE agus an Ríocht Aontaithe chun rialuithe agus imréiteach éifeachtúil a áirithiú, mar aon le forfheidhmiú na reachtaíochta ábhartha; á chur i bhfáth freisin gur gá calaois chustaim agus CBL a sheachaint, lena n-áirítear gáinneáil (smuigleáil) trí rialuithe leormhaithe lena gcuirtear an dóchúlacht san áireamh go ndéanfar earraí áirithe a gháinneáil nó dearbhuithe éagóracha tionscnaimh nó ábhair a thíolacadh;
56. á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go dtugtar lánurraim do chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus, i gcomhréir le forálacha an dlúthchomhair idir na páirtithe, do cheart rochtana sheirbhísí an Choimisiúin, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, OLAF agus OIPE chomh maith le ceart grinnscrúdaithe na Parlaiminte; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá inniúlacht CBAE i ndáil le cinntí a dhéanann an Coimisiún;
57. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá maoin intleachtúil (MI) agus gur gá leanúnachas rialála a áirithiú, seachas maidir le tásca geografacha a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, cosaint fheabhsaithe do chearta MI a bunaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena gcumhdaítear cineálacha uile chearta MI, agus na forálacha forfheidhmithe agus comhair, lena gcumhdaítear raon leathan beart;
58. á chur in iúl gur oth go mór léi nach bhfuil cineálacha cuideachtaí na bpáirtithe atá ann cheana, amhail ‘Societas Europaea’ (SE) nó cuideachtaí teoranta, mar chuid den chomhaontú agus dá bhrí sin nach nglacfaidh an páirtí freasúra faoi seach leo a thuilleadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di mar sin féin gur chuir na páirtithe san áireamh, agus oibreoirí eacnamaíocha á gcosaint, gur gá coinníollacha forbartha inbhuanaithe agus iomaíocha a áirithiú trí ghealltanas a thabhairt i leith neamh-chúlchéimniú ó thaobh saothair agus caighdeáin shóisialta de agus trí theacht ar chomhaontú maidir le forálacha i ndáil le cleachtais choiscthe, forfheidhmiú agus comhar a mhéid a bhaineann le beartas iomaíochta;
59. á chur in iúl gur oth léi freisin nach raibh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta mar chuid de na caibidlíochtaí maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá teacht ar chomhthuiscint sa réimse seo a luaithe agus is féidir; á mheabhrú, áfach, gur cheart don Aontas machnamh cúramach a dhéanamh ar a chinneadh maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ina páirtí de Choinbhinsiún Lugano 2007, go háirithe i bhfianaise Phrótacal II a ghabhann leis maidir lena léirmhíniú aonfhoirmeach agus an fhéidearthacht cothromaíocht fhoriomlán idir a chaidrimh le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a choinneáil agus go mbeadh fíorthábhacht ag baint le comhoibriú éifeachtach agus idirphlé idir an Coimisiún agus an Pharlaimint, go háirithe leis an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, atá i gceannas ar dhlí idirnáisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;
60. á chur in iúl gur oth go mór léi nár bunaíodh réiteach mionsonraithe agus fiúntach i dtaca le freagracht pósta, tuismitheora agus ábhair theaghlaigh eile leis an gComhaontú; á chur in iúl gur geal léi freisin na féidearthachtaí atá ann i dtaca le comhar feabhsaithe, a mhéid a bhaineann le príomh-shaincheisteanna maidir le dlí an teaghlaigh agus le hábhair i dtaca le comhar praiticiúil i réimsí na freagrachta tuismitheora, an fhuadaigh leanaí agus na n-oibleagáidí cothabhála, ar a laghad, ar féidearthachtaí iad is féidir a thairiscint trí rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar bhreathnadóir ag cruinnithe an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála;
61. á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar leis an gComhaontú ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, in ainneoin gur gheall an dá Pháirtí sa Dearbhú Polaitiúil go n-áiritheofaí go gcuirfeadh an painéal eadrána ceist faoi bhráid CBAE le haghaidh rialú ceangailteach i gcásanna inar tharraing díospóid eatarthu ceist anuas maidir le léirmhíniú coincheap i ndlí AE.
62. á thabhairt dá haire nach mbaineann an Comhaontú le Giobráltar ná nach bhfuil aon éifeachtaí aige sa chríoch sin; á tabhairt dá haire an réamh-chomhaontú idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcreat atá beartaithe do chomhaontú AE-RA maidir leis an gcaidreamh a bheidh ag Giobráltar amach anseo le AE, lena gceadófar forálacha ábhartha acquis Schengen a chur i bhfeidhm i nGiobráltar;
o o o
63. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe.
Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
Plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (COM(2019)0619 – C9-0188/2019 – 2019/0272(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0619),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C9‑0188/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0149/2020),
1. Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Aibreán 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha muirí a shaothrú ar bhealach lena gcruthófar dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
(2) Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle(4), rinne an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a fhaomhadh, mar aon leis an gComhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach a chur chun feidhme, lena n-áirítear prionsabail agus rialacha maidir le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú.
(3) Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh(5) (‘an Coinbhinsiún’).
(4) Ag an 21ú cruinniú speisialta in 2018, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), arna bhunú leis an gCoinbhinsiún, Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (‘an Plean Bainistíochta’).Leanann an Plean Bainistíochta comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil don stoc a bhí ann in 2018 mar de réir stádais an stoic, is cosúil nach bhfuil na bearta éigeandála a tugadh isteach faoin bplean téarnaimh don tuinnín ghoirm ag teastáil feasta (arna mbunú le Moladh 17-17 lena leasaítear Moladh 14-04), ach gan na bearta faireacháin agus rialaithe atá ann cheana a lagú.
(5) Le Moladh 18-02, aisghairtear Moladh 17-07 lena leasaítear Moladh 14-04 lena mbunaítear plean téarnaimh don tuinnín gorm a cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6).
(6) Ag an 26ú gnáthchruinniú dá chuid in 2019, ghlac ICCAT Moladh 19-04 lena leasaítear an plean bainistíochta ilbhliantúil a bunaíodh le Moladh 18-02. Déantar Moladh 18-02 a aisghairm agus a ionadú le Moladh ICCAT 19-04. Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí chun feidhme Moladh 19-04 i ndlí an Aontais.
(7) Seo a leanas na Moltaí ó ICCAT ar cheart don Rialachán seo gach cuid díobh nó páirt díobh a chur chun feidhme freisin: 06-07(7), 18-10(8), 96-14(9), 13-13(10) agus 16-15(11).
(8) Tá seasaimh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú gur i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhainisteofar acmhainní iascaigh, go háirithe leis an gcuspóir atá ann chun stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil de réir a chéile os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (‘UTI’) a tháirgeadh, agus leis an gcuspóir dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar an talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de. De réir na Tuarascála(12) a d’eisigh SCRS in 2018, gabhálacha tuinníní gorma arb é F0.1 a ráta básmhaireachta san iascaireacht, is gabhálacha iad atá i gcomhréir le básmhaireacht iascaireachta atá comhsheasmhach leis an uastáirgeacht inbhuanaithe (Futi) a bhaint amach. Measfar an stoc bithmhaise a bheith ar leibhéal a áirithíonn uastáirgeacht inbhuanaithe. B0.1, is é sin luach luaineach idir rud atá os cionn an leibhéil sin nuair is meánach nó íseal don earcaíocht, agus rud faoi bhun an leibhéil sin nuair is ard don earcaíocht.
(9) Cuirtear san áireamh sa phlean Bainistíochta sainiúlacht na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta. Le linn dóibh an plean Bainistíochta a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit ▌ cur chun cinn a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus ar úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, go háirithe trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.
(10) Ba cheart saintréithe agus riachtanais shonracha iascach mionscála agus ceirde a chur san áireamh. Sa bhreis ar fhorálacha ábhartha Mholadh 19-04 ó ICCAT a dhíothaíonn bacainní ar rannpháirtíocht soithigh mionscála cósta san iascach tuinníní gorma, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh deiseanna iascaireachta a leithdháileadh go cothrom agus go trédhearcach idir cabhlaigh mhionscála, cabhlaigh cheirde agus cabhlaigh níos mó, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(11) Chun comhlíonadh an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, tá reachtaíocht de chuid an Aontais glactha chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009(13) ón gComhairle, bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011(14) ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008(15) ón gComhairle, bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá forálacha sna Rialacháin sin cheana, ceadúnais agus údaruithe iascaireachta, mar shampla, agus rialacha áirithe faoi chórais faireacháin soithí a chumhdaíonn cuid de na bearta a leagadh síos i Moladh ICCAT 19-04. Ní gá, mar sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.
(12) Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéid ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais ina íosmhéid tagartha caomhnaithe.
(13) De réir Mholadh ICCAT 19-04, na tuinníní gorma a gabhadh agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe, ní mór iad a aischur, agus is amhlaidh is fíor freisin do ghabhálacha den tuinnín gorm is mó ná na teorainneacha foghabhála a bhunaítear i bpleananna iascaigh bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, déantar foráil le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98(16) ón gCoimisiún maidir le maoluithe ón oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 19-04 ICCAT a chur chun feidhme agus leis an Moladh sin leagtar síos an oibleagáid tuinníní gorma na soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte nó a n-uasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin. Dá bhrí sin, ní gá don Rialachán seo oibleagáidí aischuir agus scaoilte de sórt sin a chumhdach, agus beidh sé gan dochar dá réir sin do na forálacha comhfhreagracha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98.
(14) Le linn chruinniú bliantúil 2018, d’aithin Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin gur ghá atreisiú a dhéanamh ar na rialuithe a dhéantar ar chuid d’oibríochtaí an tuinnín ghoirm. I gcomhair an chuspóra sin, is éard a comhaontaíodh i rith chruinniú bliantúil 2018 gur cheart go ndeimhneodh Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin atá freagrach as feirmeacha lán-inrianaitheacht na n-oibríochtaí cur i gcaighean, agus gur cheart dóibh rialuithe randamacha a dhéanamh, ar rialuithe iad a bheadh bunaithe ar an anailís riosca.
(15) Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) maidir le doiciméad leictreonach gabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm (‘r-DGTG’), lena gcuirtear Moladh ICCAT 09-11 chun feidhme, ar moladh é lena leasaítear Moladh 08-12. Ní fada ó rinneadh aisghairm ar Mholtaí 17-09 agus 11-20 i leith chur i bhfeidhm r-DGTG, ar aisghairm í a rinneadh le Moltaí 18-12 agus 18-13. Dá bhrí sin, tá Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ligthe in éag, agus tá rialachán nua molta ag an gCoimisiún, ar rialachán é lena gcuirfear rialacha ICCAT is déanaí maidir le r-DGTG chun feidhme. Dá bhrí sin, níor cheart tagairt do Rialachán (AE) 640/2010 a bheith sa Rialachán seo, ach i dtéarmaí is ginearálta ná sin, ba cheart tagairt don chlár de dhoiciméid um ghabháil atá molta ag ICCAT a bheith ann.
(16) Ós minic moltaí áirithe ó ICCAT á leasú ag Páirtithe Conarthacha in ICCAT, agus ós dóigh go ndéanfar tuilleadh leasuithe orthu sa todhchaí, agus ionas go bhféadfar moltaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, is é sin moltaí lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean Bainistíochta ICCAT, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: ▌ sprioc-amanna le haghaidh faisnéis a thuairisciú, tréimhsí ama i gcomhair séasúir iascaireachta; maoluithe ar an toirmeasc ar chuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn; íosmhéid tagartha caomhnaithe; céatadáin agus paraiméadair, an fhaisnéis atá le tíolacadh chuig an gCoimisiún; tascanna do na breathnóirí náisiúnta agus réigiúnacha, fáthanna leis an údarú um iasc a thabhairt anonn a dhiúltú; na fáthanna leis na gabhálacha a urghabháil agus le héisc a scaoileadh isteach san fharraige. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe de chuid na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(17) An Coimisiún is ionadaí don Aontas ag cruinnithe ICCAT, déantar comhaontú bliantúil idir a chomhaltaí maidir le roinnt moltaí ICCAT nach bhfuil iontu ach moltaí teicniúla, go háirithe maidir le teorainn a chur ar acmhainneacht, riachtanais na logleabhar, foirmeacha na dtuairiscí gabhála, dearbhuithe trasloingsithe agus tabhairt anonn, íosmhéideanna faisnéise i gcomhair na n-údaraithe iascaigh, íoslíon na soithí iascaireachta i ndáil le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta; sonraíochtaí a bhaineann leis an scéim cigireachta agus breathnóireachta, caighdeán na dtaifead físe, an prótacal maidir le scaoileadh, na caighdeáin maidir le láimhseáil an éisc mhairbh, dearbhuithe maidir le cur i gcaighean, nó caighdeáin na gCóras Faireacháin Soithí, caighdeáin a chuirtear chun feidhme faoi Iarscríbhinní I-XV den Rialachán seo. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear nó lena bhforlíontar Iarscríbhinní I-XV i gcomhréir le moltaí leasaithe nó moltaí forlíonta ICCAT. Is tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(18) Na moltaí ó ICCAT, moltaí lena rialaítear iascach na dtuinníní gorma (oibríochtaí a bhaineann leis na héisc a ghabháil, a aistriú, a iompar, a chur i gcaighean, a thógáil, a shaothrú agus a thabhairt anonn), is moltaí iad atá thar a bheith dinimiciúil. Bíonn forbairt á déanamh de shíor ar theicneolaíochtaí nua chun an t-iascach a rialú agus a bhainistiú (e.g. úsáid ceamaraí steiréascópacha agus modhanna malartacha) agus ní mór do na Ballstáit iad sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Ar an mbealach céanna, ní mór nósanna imeachta oibríochta a fhorbairt i gcás inar gá chun cuidiú leis na Ballstáit rialacha ICCAT a chomhlíonadh mar a chumhdaítear iad sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe i leith thabhairt anonn na dtuinníní gorma beo, mar aon le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19).
(19) Tá na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do mholtaí ó ICCAT a bheith á gcur chun feidhme i ndlí an Aontais san am atá le teacht tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
(20) Ós rud é go mbeidh plean Bainistíochta nua agus cuimsitheach ann don tuinnín gorm de bharr an Rialacháin seo, ba cheart na forálacha i leith an tuinnín ghoirm a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2107(20) agus (AE) 2019/833(21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a scriosadh. Maidir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2107, an chuid de atá ag comhfhreagairt do cholgán na Meánmhara, is cuid í a áirítear i Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). Ba cheart forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle(23) a scriosadh chomh maith. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 2017/2107 agus (CE) Uimh. 2019/833 a leasú dá réir sin.
(21) Rinneadh Moladh ICCAT 17-07 a aisghairm le Moladh 18-02, arae an stádas a bhí ag an stoc, ar stádas é a d’fhág nach raibh gá a thuilleadh leis na bearta éigeandála dá bhforáiltear sa phlean téarnaimh don tuinnín gorm a bunaíodh faoin moladh sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1627 a aisghairm, is é sin an rialachán lenar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta chun plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm (Thunnus thynnus) a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus go héifeachtach san Aigéan Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, faoi mar a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’) leo.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) soithí iascaireachta an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa, ar soithí iad:
– a ghabhann an tuinnín gorm laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin; agus
– a dhéanann trasloingsiú nó iompar ar bord loinge, fiú más lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin é, ar an tuinnín gorm a ghabhtar i Limistéar an Choinbhinsiúin;
(b) feirmeacha de chuid an Aontais;
(c) soithí iascaireachta tríú tír, agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa in uiscí an Aontais agus soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin;
(d) soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt de chuid na mBallstát agus a mbíonn tuinníní gorma ar bord acu a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, nó táirgí iascaigh de thionscnamh tuinníní gorma a gabhadh in uiscí an Aontais agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.
Airteagal 3
Cuspóir
Is éard is cuspóir don Rialachán seo plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm, faoi mar a ghlac ICCAT leis, a chur chun feidhme, ar plean é a bhfuil sé mar aidhm leis bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil os cionn na leibhéal a theastaíonn le go mbeadh uastáirgeacht inbhuanaithe ann.
Airteagal 4
Gaol le dlithe eile de chuid an Aontais
Mura ndeirtear a mhalairt sa Rialachán seo go sonrach, na forálacha atá sa Rialachán, is forálacha iad a bheidh i bhfeidhm gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais a rialaíonn earnáil na hiascaireachta, go háirithe:
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú;
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
(3) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha;
(4) Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).
(5) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla
Airteagal 5
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘ICCAT’ an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;
(2) ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;
(3) ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear chun acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí gabhála, soithí próiseála éisc, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;
(4) ciallaíonn ‘tuinnín gorm beo' an tuinnín gorm a choinnítear beo seal i ngaiste, nó an tuinnín a aistrítear agus é ina bheo chuig ionad feirmeoireachta ▌;
(5) ciallaíonn ‘SCRS’ an Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh atá ag ICCAT;
(6) ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí in iascach neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha muirí ▌;
(7) ciallaíonn ‘iascach spóirt’ iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a bhaill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;
(8) ciallaíonn ‘soitheach tarraingthe’ soitheach ar bith a úsáidtear le caighin a tharraingt;
(9) ciallaíonn ‘soitheach próiseála’ soitheach ar a mbíonn táirgí iascaireachta faoi réir ag ceann de na hoibríochtaí seo a leanas nó ag cuid de na hoibríochtaí seo a leanas sula ndéantar pacáistiú orthu: filléadú nó slisíniú, reo agus/nó próiseáil;
(10) ciallaíonn ‘soitheach cúnta’ soitheach a úsáidtear chun tuinníní gorma marbha (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, ó eangach peas-saighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;
(11) ciallaíonn ‘gaiste’ trealamh feistithe ar ancaire ar an ngrinneall, a mbíonn eangach treorach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach i bhfál nó sraith d’fhálta, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú;
(12) ciallaíonn ‘peaslíonta saighne’ líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun na heangaí, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill i dtreo is gur féidir an eangach a fháscadh agus a dhúnadh;
(13) Ciallaíonn ‘cur i gcaighean’ tuinníní gorma beo a athlonnú ón gcaighean nó ón ngaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta nó ramhraithe;
(14) ciallaíonn ‘soitheach gabhála’ soitheach a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a ghabháil ar bhonn tráchtála;
(15) ciallaíonn ‘feirm’ limistéar muirí a bhfuil sainmhíniú soiléir air sna comhordanáidí geografacha, limistéar a úsáidtear le tuinníní gorma a ramhrú nó lena dtógáil ar fheirm, tuinníní a gabhadh i ngaistí agus/nó ar shoithí peas-saighne. Tharlódh suíomhanna éagsúla ag feirm, sainmhíniú orthu ar fad sna comhordanáidí geografacha, agus sainmhíniú soiléir ar an domhanfhad agus ar an domhanleithead i gcás gach pointe de phointí an pholagáin;
(16) ciallaíonn ‘feirmeoireacht’ nó ‘ramhrú’ tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;
(17) ciallaíonn ‘saothrú’ tuinníní gorma a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;
(18) ciallaíonn ‘ceamara steiréascópach’ ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil chun fad an éisc a thomhas agus chun cuidiú le líon agus meáchan tuinníní gorma a bheachtú;
(19) is éard is ‘soitheach cósta mionscála’ ann soitheach gabhála a bhfuil rud nach lú ná trí cinn de na cúig thréith seo a leanas ag roinnt leis:
(a) an fad ó shoc go cúl <12 m;
(b) ní dhéanann an soitheach a chuid iascaireachta ach amháin laistigh de na huiscí atá i ndlínse an Bhallstáit brataí;
(c) ní mhaireann na sciuirdeanna iascaireachta ach achar níos lú ná 24 uair an chloig;
(d) ní théann líon na foirne thar cheathrar; nó
(e) bíonn modhanna iascaireachta atá in úsáid ag an soitheach, ar modhanna iad atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol;
(20) ciallaíonn ‘comhoibríocht iascaireachta’ oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála leithdháilte na gcion;
(21) ciallaíonn ‘iascaireacht go gníomhach’, i gcás soithigh dá mbíonn i mbun gabhála, an ghabháil a fhéachann siad le déanamh ar an tuinnín gorm i rith séasúr iascaireachta ar leith;
(22) ciallaíonn ‘DGTG’ doiciméad gabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm;
(23) ciallaíonn ‘r-DGTG’ doiciméad gabhála leictreonach i gcomhair an tuinnín ghoirm;
(24) ciallaíonn ‘Limistéar an Choinbhinsiúin’ an ceantar geografach a shainmhínítear in Airteagal 1den Choinbhinsiún;
(25) ciallaíonn ‘trasloingsiú’ gach a bhfuil nó cuid dá bhfuil de tháirgí iascaireachta ar bord soithigh iascaireachta a athluchtú go soitheach iascaireachta eile. Bíodh sin mar atá, an t-athluchtú a dhéantar ar an tuinnín gorm marbh ó eangach na peas-saighne, ón ngaiste, nó ón soitheach tarraingthe ar shoitheach coimhdeachta, is éard a mheastar nach trasloingsiú atá san athluchtú sin;
(26) ciallaíonn ‘aistriú rialaithe’ aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun fíorú a dhéanamh ar líon na n-iasc atá á n-aistriú;
(27) ciallaíonn ‘ceamara rialaithe’ ceamara steiréascópach agus/nó gnáth-fhíscheamara chun críoch na rialuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;
(28) ciallaíonn ‘CPC’ Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún agus páirtí comhoibritheach neamhchonarthach, eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach, nó eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach iascaireachta;
(29) ciallaíonn ‘soitheach spiléir peiligeach mórscála’ soitheach spiléir peiligeach is faide ná 24 mhéadar ó shoc go cúl;
(30) ciallaíonn ‘aistriú’ aistriú a dhéanamh ar ní ar bith de na nithe seo a leanas:
(a) tuinnín gorm beo ó eangach an tsoithigh gabhála chuig an gcaighean iompair;
(c) an caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó shoitheach tarraingthe amháin chuig soitheach tarraingthe eile;
(d) an caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó fheirm go chéile, agus an tuinnín gorm beo ó chaighean go chéile ar aon fheirm amháin;
(e) tuinnín gorm beo ón ngaiste go dtí an caighean iompair bíodh soitheach tarraingthe i láthair nó ná bíodh;
(31) ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
(32) ciallaíonn ‘grúpa trealaimh’ grúpa de shoithí iascaireachta arb é an trealamh céanna atá in úsáid acu agus ar leithdháileadh cuóta grúpa orthu;
(33) ciallaíonn ‘iarracht iascaireachta’ an toradh ar acmhainneacht agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta, ciallaíonn sé suim na n-iarrachtaí iascaireachta a dhéanann gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist;
(34) ciallaíonn ‘an Ballstát freagrach’ an Ballstát ar leis an bhratach nó an Ballstát ar cuid dá dhlínse an áit a bhfuil an fheirm nó an gaiste lonnaithe.
CAIBIDIL II
Bearta Bainistíochta
Airteagal 6
Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta iascaigh
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar sna bearta a ghlacfaidh na Ballstáit cuótaí aonair a bhunú le haghaidh na soithí gabhála dá gcuid is faide ná 24 mheadar agus a áirítear ar an liosta soithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 26.
2. Ceanglóidh na Ballstáit ar na soithí gabhála dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh na Ballstáit nuair a mheasfar go bhfuil cuóta aonair an tsoithigh ídithe, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009.
3. Ní cheadófar oibríochtaí cairtfhostaithe san iascach ar thuinníní gorma.
Airteagal 7
Tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn
▌
1. ▌Ní fhéadfar a cheadú tuinníní gorma beo ó ghabháil ó bhlianta roimhe sin laistigh d’fheirm nár saothraíodh a thabhairt anonn, ach amháin má dhéanann an Ballstát córas rialaithe athneartaithe a fhorbairt agus a thuairisciú don Choimisiún. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 1,3 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear in Airteagail ▌53 agus 61 ar a laghad.
2. Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollshaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chuige sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála nach ndearnadh ollshaothrú i bhfeirmeacha lena linn, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha a úsáid, ar choinníoll go ráthaítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 51. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh ollsaothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm maidir le samplaí iomchuí bunaithe ar mheasúnú riosca.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun córas rialaithe athneartaithe a cheapadh le haghaidh tuinníní gorma beo a thabhairt anonn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.
Airteagal 8
Cuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn
Ní cheadófar tabhairt anonn cuótaí nár úsáideadh.
Airteagal 9
Aistrithe cuótaí
1. Ní dhéanfar cuótaí a aistriú idir an tAontas agus na páirtithe conarthacha eile sa Choinbhinsiún (CPCanna) go dtí go mbeidh údarú tugtha roimh ré ag na Ballstáit agus/nó ag na CPCanna lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT 48 n-uair an chloig roimh aistriú na gcuótaí.
2. Ceadófar aistriú cuótaí laistigh de ghrúpaí trealaimh, cuótaí seachghabhála agus cuótaí iascaireachta aonair do gach Ballstát, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas roimh ré faoi na haistrithe sin, ionas gur féidir leis an gCoimisiún Rúnaíocht ICCAT a chur ar an eolas faoi sula dtiocfaidh an t-aistriú i bhfeidhm.
Airteagal 10
Asbhaintí as cuótaí i gcás ró-iascaireachta
Más rud é go sáróidh na Ballstáit na cuótaí a leithdháileadh orthu agus nach féidir an cás sin a leigheas le malartú cuótaí de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag Airteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 11
Pleananna iascaireachta bliantúla
1. Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean iascaireachta bliantúil a bhunú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad maidir leis na soithí gabhála agus na gaistí sa phlean sin:
(a) na cuótaí arna leithdháileadh ar gach grúpa trealaimh, cuótaí seachghabhála san áireamh;
(b) i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáidtear chun cuótaí a leithdháileadh agus a bhainistiú;
(c) na bearta chun a áirithiú go n-urramófaí cuótaí aonair;
(d) na séasúir oscailte iascaireachta i gcomhair gach aicme trealaimh;
(e) faisnéis faoi na calafoirt ainmnithe;
(f) na rialacha maidir le seachghabháil; agus
(g) an líon soithí gabhála, seachas trálaeir ghrinnill, is mó ná 24 m agus soithí peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
2. Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí mionscála cósta atá údaraithe chun iascach a dhéanamh ar thuinníní gorma iarracht cuóta earnálach sonrach a leithdháileadh ar na soithí sin agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta na bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1á n-úsáid acu.
3. Féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn cuótaí earnálacha a leithdháileadh le haghaidh báid bhaoite a oibríonn sna huiscí sin de chuid an Aontais atá timpeall ar oileánraigh na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach. Áireofar an cuóta earnálach ina bpleananna iascaireachta bliantúla agus leagfar amach go soiléir ina bpleananna bliantúla faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun faireachán a dhéanamh ar ídiú an chuóta sin.
4. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh i gcomhréir le mír 2 nó 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas íoschuóta 5 thona a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta.
5. Má dhéantar aon leasú ar an bplean iascaireachta bliantúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann é sin a chur in iúl don Choimisiún trí lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú. Cuirfidh an Coimisiún an leasú ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú.
Airteagal 12
Deiseanna iascaireachta a dháileadh
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus déanfaidh siad freisin ▌ cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, agus ▌dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.
Airteagal 13
Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta
Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe maidir le hacmhainneacht iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh na Ballstáit an líon soithí gabhála agus gaistí a choigeartú sa tslí go n-áiritheofar go mbeidh an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí gabhála agus gaistí don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh na Ballstáit an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainítear sa ghníomh de chuid an Aontais a bheidh i bhfeidhm le haghaidh na leithdháiltí deiseanna iascaireachta. Beidh coigeartú acmhainneacht iascaireachta an Aontais i gcás soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainneacht bunlíne iascaireachta do bhliain 2018.
Airteagal 14
Pleananna cigireachta bliantúla
Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean cigireachta bliantúil a cheapadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit a bplean faoi seach faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfar na pleananna sin amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta atá leagtha amach sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta le haghaidh tuinníní gorma a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(b) an clár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 15
Pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta
1. Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a cheapadh.
2. Sa phlean bliantúil bainistithe feirmeoireachta, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil an acmhainneacht ionchuir iomlán agus an acmhainneacht feirmeoireachta iomlán i gcomhréir leis an méid measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht.
3. Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainneacht feirmeoireachta tuinníní a theorannú don acmhainneacht feirmeoireachta iomlán a cláraíodh sa ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ de chuid ICCAT nó a údaraíodh agus a dearbhaíodh do ICCAT in 2018.
4. Beidh uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sa ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.
5. Más gá do Bhallstát uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar a mhéadú i bhfeirm amháin nó i roinnt feirmeacha tuinníní dá chuid, beidh an méadú sin i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh don Ballstát sin, agus le haon tuinníní gorma beo a allmhairiú ó Bhallstát eile nó Pháirtí Conarthach.
6. Na Ballstáit atá freagrach as na feirmeacha maidir le heolaithe ar chuir SCRS cúram orthu triallacha a dhéanamh chun rátaí fáis a shainaithint le linn na tréimhse ramhraithe, áiritheoidh na Ballstáit sin go mbeidh rochtain acu ar na feirmeacha agus go dtabharfar cúnamh dóibh i ndéanamh a gcuid dualgas.
7. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit pleananna feirmeoireachta athbhreithnithe a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Bealtaine gach bliain.
Airteagal 16
Pleananna bliantúla a chur ar aghaidh
1. Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma na pleananna seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún:
(a) an plean iascaireachta bliantúil, le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun tuinníní gorma a ghabháil san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 11;
(b) an plean bliantúil bainistithe acmhainneachta iascaireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 13;
(c) an plean cigireachta bliantúil a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 14; agus
(d) an plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 15.
2. Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile, agus úsáidfidh sé iad chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú. Cuirfidh an Coimisiún plean an Aontais ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfaidh ICCAT é a phlé agus a fhormheas.
3. I gcás ina mainneoidh Ballstát aon cheann de na pleananna dá dtagraítear i mír 1a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann.Ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, féachfaidh an Coimisiún le ceann amháin de na pleananna dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh, ar pleananna iad a cuireadh isteach tar éis an sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, ach roimh an sprioc-am dá bhforáiltear i mír 2. Más rud é nach gcomhlíonfaidh plean a cuirfidh Ballstát isteach forálacha an Rialacháin seo sa mhéid a bhaineann le hiascaireacht bhliantúil, acmhainneacht, cigireacht agus pleananna feirmeoireachta, agus más ann do locht tromchúiseach a bhféadfadh a theacht as nach dtabharfadh Coimisiún ICCAT a fhormhuiniú do phlean bliantúil an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean bliantúil an Aontais a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus féachfaidh sé le haon phleananna athbhreithnithe a chuir an Ballstát sin isteach i bplean an Aontais nó sna leasuithe ar phlean an Aontais a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad forálacha an Rialacháin seo sa mhéid a bhaineann le hiascaireacht bhliantúil, acmhainneacht, cigireacht agus pleananna feirmeoireachta.
CAIBIDIL III
Bearta teicniúla
Airteagal 17
Séasúir iascaireachta
1. Ceadófar peas-saighneoireacht ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 1 Iúil.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Chipir agus an Ghréig a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma sa Mheánmhuir Thoir (limistéar iascaireachta FAO 37.3.1 agus 37.3.2) ón 15 Bealtaine go dtí an 1 Iúil.
3. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Chróit a iarraidh ina pleananna iascaireachta bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a bratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) go dtí an 15 Iúil.
4. De mhaolú ar mhír 1, má sholáthraíonn Ballstát fianaise don Choimisiún gurb amhlaidh, mar thoradh ar dhálaí aimsire, nach raibh roinnt dá shoithí peas-saighne a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir in ann a ngnáthlaethanta iascaireachta a úsáid le linn bliana, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh, i gcás soithí peas-saighne aonair a ndearna an cás sin difear dóibh, go ndéanfar líon laethanta atá coibhéiseach le líon na laethanta a cailleadh, suas le 10 lá ▌, a chur leis an séasúr iascaireachta dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar údar cuí le neamhghníomhaíocht na soithí lena mbaineann agus, i gcás comhoibríocht iascaireachta, na soithí go léir a bhí páirteach trí thuairiscí aimsire agus suíomhanna CFS.
5. Ceadófar do shoithí spiléir peiligeacha mórscála iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine.
6. Bunóidh na Ballstáit séasúir iascaireachta dá gcabhlaigh, seachas soithí peas-saighne agus soithí spiléir peiligeacha mórscála, ina bpleananna iascaireachta bliantúla.
Airteagal 18
Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear aon mhaoluithe is infheidhme maidir leis.
Airteagal 19
Íosmhéid tagartha caomhnaithe
1. Maidir le tuinníní gorma is éadroime ná 30 kg nó is lú ná 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, beidh toirmeasc ar thuinníní gorma den sórt sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena n-áirítear tuinníní gorma a ghabhfar mar fhoghabhálacha nó in iascaigh áineasa.
2. De mhaolú ar mhír 1, beidh íosmhéid tagartha caomhnaithe 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) i bhfeidhm le haghaidh tuinníní gorma i gcás na n-iascach seo a leanas:
(a) tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach Thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;
(b) tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag báid bhaoite, báid spiléireachta agus báid lámhdhorú laistigh den iascach cabhlaigh cósta mionscála; agus
(c) tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad ag soithí a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu chun críocha feirmeoireachta.
3. Leagtar amach in Iarscríbhinn I coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2.
4. Eiseoidh na Ballstáit údarú iascaireachta do shoithí a bheidh ag iascaireacht faoi na maoluithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 26.
5. Aon éisc a bheidh faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach san Airteagal seo agus a aischuirfear agus iad marbh, is i gcoinne chuóta an Bhallstáit a ríomhfar iad.
Airteagal 20
Gabhálacha de thaisme faoi bhun an íosmhéid tagartha
1. De mhaolú ar Airteagal 19(1), maidir le tuinníní gorma ina bhfuil meáchan idir 8 kg agus 30 kg nó, de rogha air sin, atá idir 75 cm agus 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, ceadófar líon uasta 5% de réir líon na ngabhálacha de thaisme do gach soitheach gabhála agus gaiste ina mbítear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma.
2. Déanfar an céatadán 5% dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn iomlán na ngabhálacha tuinníní gorma arna gcoinneáil ar bord soithigh nó laistigh den ghaiste tráth ar bith tar éis gach oibríochta iascaireachta.
3. Gabhálacha a rinneadh de thaisme, déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste.
4. Maidir le tuinníní gorma atá faoi bhun an íosmhéid tagartha, beidh gabhálacha de thaisme de thuinníní gorma faoi réir Airteagail 31, 33, 34 agus 35.
Airteagal 21
Foghabhálacha
1. Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh.
2. Ní mó ná 20% de na gabhálacha go léir a bheidh ar bord i ndeireadh gach turais iascaireachta líon na bhfoghabhálacha údaraithe, agus saineofar go soiléir sa phlean iascaireachta bliantúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 11 an líon sin agus an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na foghabhálacha sin a ríomh i ndáil leis an ngabháil iomlán a bheidh ar bord. Féadfar céatadán na bhfoghabhálacha a ríomh de réir meáchain nó de réir líon na n-eiseamal. Ní dhéanfar ríomh de réir líon na n-eiseamal ach i gcás tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní arna mbainistiú ag ICCAT. Féadfar líon na bhfoghabhálacha údaraithe don chabhlach soithí mionscála cósta a ríomh ar bhonn bliantúil.
3. Déanfar gach foghabháil tuinníní gorma marbha a coinníodh ar bord nó a aischuireadh a bhaint de chuóta an Bhallstáit brataí, agus a thaifeadadh agus a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32.
4. I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta tuinníní gorma acu, déanfar na foghabhálacha lena mbaineann a bhaint den chuóta sonrach foghabhálacha de chuid an Aontais do thuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
5. I gcás ina mbeidh an cuóta iomlán a leithdháileadh ar Bhallstát ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus déanfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. I gcás ina mbeidh an cuóta foghabhála sonrach tuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain acu agus nach bhfuil cuóta don tuinnín gorm acu agus déanfaidh na Ballstáit sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. Sna cásanna sin, beidh toirmeasc ar phróiseáil agus ar thráchtálú tuinníní gorma marbha agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníochtaí na bhfoghabhálacha tuinníní gorma marbha sin a thuairisciú ar bhonn bliantúil don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
6. I soithí nach mbeifear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma uathu, déanfar aon chainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord a scaradh go soiléir ó speicis eile ionas gur féidir le húdaráis rialaithe faireachán a dhéanamh ar urramú an Airteagail seo. Féadfar na foghabhálacha sin a mhargú má bhíonn r-DGTG ag gabháil leo.
Airteagal 22
Aermhodhanna a úsáid
Beidh toirmeasc ar aon aermhodh a úsáid chun tuinníní gorma a chuardach, lena n-áirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerfheithiclí gan foireann.
CAIBIDIL IV
Iascaigh áineasa
Airteagal 23
Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa
1. Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma iascaigh áineasa a rialáil trí chuóta sonrach a leithdháileadh chun críoch na n-iascach sin. Déanfar tuinníní gorma a dtarlódh dóibh a bheith marbh a chur san áireamh sa leithdháileadh sin, lena n-áirítear maidir le hiascaireacht gabháil agus scaoileadh. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcuóta a leithdháiltear ar iascaigh áineasa nuair a chuirfidh siad a bpleananna iascaigh ar aghaidh.
2. Déanfar gabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú agus a ríomh i gcoinne chuóta an Bhallstáit.
Airteagal 24
Coinníollacha sonrach le haghaidh iascaigh áineasa
1. Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma arna leithdháileadh ar iascaigh áineasa rialú ar iascaigh áineasa trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa. Má iarrann ICCAT é, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún liosta na soithí áineasa ar deonaíodh údarú iascaireachta dóibh tuinníní gorma a ghabháil. Beidh an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach soithigh ar áireamh sa liosta atá le cur go leictreonach faoi bhráid ICCAT ag an gCoimisiún:
(a) ainm an tsoithigh;
(b) an uimhir ar an gclár;
(c) an uimhir thaifid ICCAT (más ann di);
(d) aon ainm a bhí air roimhe; agus
(e) ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí).
2. In iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar níos mó ná tuinnín gorm amháin in aghaidh an tsoithigh sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
3. Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a gabhadh in iascaigh áineasa a chur ar an margadh.
4. Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena n-áirítear an meáchan agus, i gcás inar féidir, fad gach tuinnín ghoirm a gabhadh in iascaigh áineasa agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
5. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe cinn óga, a gabhadh beo in iascaigh áineasa. Aon tuinnín gorm a thabharfar i dtír, beidh sé iomlán, beidh na geolbhaigh bainte de agus/nó beidh sé glanta.
Airteagal 25
Gabháil, clibeáil agus scaoileadh
1. De mhaolú ar Airteagal 23(1), na Ballstáit a bheidh ag údarú iascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’ san Atlantach thoir thuaidh a bheidh á déanamh go heisiach in iascaigh spóirt, féadfaidh siad a cheadú do líon teoranta soithí iascaigh spóirt díriú go heisiach ar thuinníní gorma agus é de chuspóir acu iascaireacht ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’ a dhéanamh gan gá a bheith ann le cuóta sonrach a leithdháileadh orthu. Is mar chuid de thionscadal eolaíochta de chuid institiúid taighde atá comhtháite le clár taighde eolaíochta a oibreoidh soithí den sórt sin. Déanfar torthaí an tionscadail a chur in iúl d’údaráis ábhartha an Bhallstáit brataí.
2. Na soithí óna mbeidh taighde eolaíochta á dhéanamh faoi Chlár Taighde ICCAT le haghaidh tuinníní gorma, ní mheasfar gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’ dá dtagraítear i mír 1 bheith á ndéanamh acu.
3. Na Ballstáit a bheidh ag údarú gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
(a) tuairisc ar na gníomhaíochtaí sin agus ar na bearta is infheidhme maidir leo a chur mar chuid lárnach dá bpleananna iascaireachta agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 15;
(b) dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí na soithí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin seo;
(c) a áirithiú gur pearsanra oilte a dhéanfaidh na hoibríochtaí clibeála agus scaoilte chun a áirithiú go mairfidh líon mór eiseamal; agus
(d) tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí eolaíochta a rinneadh agus sin a dhéanamh 50 lá ar a laghad roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 60 lá roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn.
4. Aon tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’, bainfear de chuóta an Bhallstáit brataí é, agus tabharfar tuairisc air.
CAIBIDIL V
Bearta rialaithe
ROINN 1
Liostaí agus Taifid ar shoithí agus ar ghaistí
Airteagal 26
Liostaí agus Taifid ar shoithí
1. Gach bliain, mí amháin roimh thús na tréimhse údarúcháin, cuirfidh na Ballstáit na liostaí soithí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach san fhormáid a leagtar amach sa leagan deireanach de Threoirlínte ICCAT(26) maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:
(a) liosta de gach soitheach gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma; agus
(b) liosta de gach soitheach iascaireachta eile a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a shaothrú ar bhonn tráchtála.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT 15 lá roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta ionas gur féidir na soithí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí údaraithe agus, más ábhartha, i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar ar fad nó is faide ná sin ina n-iomláine agus atá údaraithe chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin.
2. Le linn bliain féilire, féadfar soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta san am céanna.
3. Áireofar san fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ▌ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218(27).
4. Ní ghlacfaidh an Coimisiún le haon iarratas cúlghabhálach.
5. Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta dár tugadh fógra páirt a ghlacadh san iascach mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó force majeure. Sna himthosca sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:
(a) mionsonraí iomlána an tsoithigh/na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad an tsoithigh iascaireachta sin; agus
(b) cuntas cuimsitheach ar an gcúis atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí ábhartha.
6. Le linn na bliana, modhnóidh an Coimisiún, más gá, an fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i mír 1 trí fhaisnéis cothrom le dáta a sholáthar do Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403.
Airteagal 27
Údaruithe iascaireachta do shoithí
1. Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta do shoithí a bheidh san áireamh ar cheann de na liostaí a luaitear in Airteagal 26(1) agus (5). Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus is san fhormáid a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a eiseofar na húdaruithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Gan dochar d’Airteagal 21(6), na soithí iascaireachta de chuid an Aontais nár cuireadh isteach sna taifid de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 26(1), ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ná tuinníní gorma a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir.
3. Nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta aonair a sannadh do shoitheach ídithe, déanfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh don soitheach a tharraingt siar agus féadfaidh sé a cheangal ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh sé.
Airteagal 28
Liostaí agus taifid ar ghaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma
1. Déanfaidh gach Ballstát liosta de na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a chur go leictreonach chuig an gCoimisiún mar chuid dá bplean iascaireachta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma.
2. Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta le haghaidh gaistí a áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 1. Beidh an fhaisnéis agus an fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
3. Na gaistí de chuid an Aontais nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir. Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a ghabhfar sna gaistí sin a choinneáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean agus a thabhairt i dtír.
4. Tarraingeoidh an Ballstát brataí siar an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do ghaistí nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a sannadh dóibh ídithe.
Airteagal 29
Faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta
1. Faoin 15 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le haon ghabhálacha tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rinneadh sa bhliain iascaireachta roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
(a) ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;
(b) tréimhse údaraithe gach soithigh gabhála;
(c) líon iomlán gabhálacha gach soithigh gabhála lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe;
(d) líon iomlán na laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe; agus
(e) an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (foghabháil).
2. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas chuig an gCoimisiún le haghaidh soithí gabhála a raibh a mbratach ar foluain orthu agus nach raibh údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir ach a ghabh tuinníní gorma mar fhoghabháil:
(a) ainm agus uimhir ICCAT nó, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT, cláruimhir náisiúnta an tsoithigh; agus
(b) an líon iomlán gabhálacha tuinníní gorma.
3. Cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis maidir le haon soithí nach n-áirítear i míreanna 1 agus 2 ach is eol nó a thoimhdítear a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil.
Airteagal 30
Comhoibríochtaí Iascaireachta
1. Ní cheadófar aon chomhoibríocht iascaireachta ar thuinníní gorma ach amháin má údaraíonn an Ballstát brataí/na Ballstáit bhrataí na soithí rannpháirteacha. Chun údarú a fháil ní mór do gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe chun iascach ar thuinníní gorma, ní mór cuóta aonair a bheith aige agus ní mór dó na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 32 a chomhlíonadh.
2. Beidh an cuóta a leithdháilfear ar chomhoibríocht iascaireachta comhionann le hiomlán na gcuótaí a leithdháilfear ar na soithí peas-saighne rannpháirteacha.
3. Ní ghlacfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peas-saighne as CPCanna eile.
4. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an fhoirm iarratais ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil ón soitheach peas-saighne/ó na soithí peas-saighne dá chuid a bheidh ag glacadh páirt i gcomhoibríocht iascaireachta:
(a) an tréimhse údaraithe atá iarrtha don chomhoibríocht iascaireachta;
(b) aitheantas na n-oibreoirí a bheidh páirteach;
(c) an cuóta atá ag gach soitheach;
(d) an scála leithdháilte idir na soithí maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus
(e) faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.
5. Deich lá ar a laghad roimh thús na comhoibríochta iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 chuig an gCoimisiún san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Ballstát brataí na soithí iascaireachta eile a bheidh ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta cúig lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta iascaireachta.
6. I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 5 maidir leis an bhfaisnéis faoi na feirmeacha cinn scríbe. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis le force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
ROINN 2
Gabhálacha a Thaifeadadh
Airteagal 31
Ceanglais taifeadta
1. Coinneoidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais logleabhar ar a gcuid oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna B, C agus D d’Iarscríbhinn II.
Airteagal 32
Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí
1. Déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais atá ag iascach go gníomhach tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha a chur in iúl go leictreonach dá mBallstát brataí le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Ní oibleagáid ar na soithí a bheidh i gcalafort iad na tuarascálacha sin ach amháin má tá siad páirteach i gcomhoibríocht iascaireachta. Maidir leis na sonraí a bheidh sna tuarascálacha, is ó logleabhair a thógfar iad agus áireofar orthu dáta, am, suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó i bhformáid a éilíonn an Ballstát a chuirfidh na máistrí na tuarascálacha.
2. Cuirfidh máistrí soithí peas-saighne na tuarascálacha laethúla dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríochta iascaireachta, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil. Déanfaidh máistir an tsoithigh nó a ionadaithe údaraithe na tuarascálacha a chur ar aghaidh chuig Ballstát brataí an tsoithigh faoi 9.00 GMT don lá roimhe.
3. Déanfaidh oibreoirí gaistí a bheidh ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, nó déanfaidh a n-ionadaithe údaraithe, tuarascálacha laethúla a chur le chéile agus ní mór na tuarascálacha sin a chur in iúl go leictreonach dá mBallstát brataí laistigh de gach 48 n-uair an chloig le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Áireofar sna tuarascálacha sin uimhir an ghaiste ar chlár ICCAT, dáta agus am na gabhála, agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh, fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil agus lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chuirfidh siad an fhaisnéis sin.
4. Déanfaidh máistrí soithí gabhála seachas soithí peas-saighne na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí Dé Máirt ar 12.00 GMT ar a dhéanaí don tseachtain roimhe dar chríoch an Domhnach.
ROINN 3
Tabhairt i dtír agus Trasloingsiú
Airteagal 33
Calafoirt ainmnithe
1. Déanfaidh gach Ballstát ar leithdháileadh cuóta tuinníní gorma air calafoirt a ainmniú ina gceadófar tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú. Déanfar an fhaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe a áireamh sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon leasú ar an bhfaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl gan mhoill do Rúnaíocht ICCAT.
2. Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) amanna bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú;
(b) láithreacha bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú; agus
(c) nósanna imeachta bunaithe cigireachta agus faireachais lena n-áirithítear cigireacht le linn gach ama agus ar gach láthair chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú i gcomhréir le hAirteagal 35.
3. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht tuinníní gorma a n-iascfar orthu san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí gabhála, agus ó shoithí próiseála agus ó shoithí coimhdeachta, aon áit seachas sna calafoirt a ainmneoidh na CPCanna agus na Ballstáit. Mar eisceacht, féadfar tuinníní gorma marbha a saothraíodh ó ghaiste/ó chaighean a iompar chuig soitheach próiseála le soitheach coimhdeachta má dhéantar i láthair an údaráis rialaithe é.
Airteagal 34
Réamhfhógra maidir le tabhairt i dtír
1. Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26. Cuirfear an réamhfhógra faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.
2. Sula rachaidh siad isteach sa chalafort, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú ná 12 mhéadar ar fad iad agus soithí a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26, nó déanfaidh a n-ionadaithe údaraithe, ceithre uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír faoin méid seo a leanas ar a laghad:
(a) an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b) meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord;
(c) faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha;
(d) uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm na soithí iascaireachta.
3. Má údaraítear do na Ballstáit faoi reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais tréimhse fógra a chur i bhfeidhm is giorra ná an tréimhse ceithre uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a chur in iúl ag an am is infheidhme maidir le fógra a thabhairt roimh theacht chun calafoirt. Más giorra ná turas ceithre uair an chloig é an turas idir an t-iascach agus an calafort, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.
4. Coinneoidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thabharfar le haghaidh na bliana reatha.
5. Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuótaí, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Leagfar amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14 na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe a bheidh glactha ag gach Ballstát.
6. Déanfaidh máistrí soithigh gabhála de chuid an Aontais, beag beann ar fhad iomlán an tsoithigh, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích, dearbhú tabhairt i dtír a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ina ndearnadh an tabhairt i dtír agus faoi bhráid Bhallstát brataí an tsoithigh. Beidh máistir soithigh gabhála freagrach as iomláine agus cruinneas an dearbhaithe agus deimhneoidh sé an céanna. Léireofar sa dearbhú tabhairt i dtír, mar íoscheanglas, na cainníochtaí tuinníní gorma a tugadh i dtír agus an limistéar inar gabhadh iad. Déanfar na gabhálacha go léir a thabharfar i dtír a mheá. Cuirfidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an tabhairt i dtír chuig údaráis an Bhallstáit brataí nó an CPC laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích.
Airteagal 35
Trasloingsiú
1. Beidh toirmeasc i ngach imthoisc ar thrasloingsiú ar muir a bheith á dhéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh tuinníní gorma á n-iompar, nó ag soithí tríú tír in uiscí an Aontais.
2. Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 52(2) agus (3), Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, is i gcalafoirt ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo agus sna calafoirt sin amháin a thrasloingseoidh soithí iascaireachta gabhálacha tuinníní gorma.
3. Déanfaidh máistir an tsoithigh glactha nó a ionadaí, 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, an fhaisnéis a liostaítear sa teimpléad don dearbhú trasloingsithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a sholáthar d’údaráis ábhartha Bhallstát an chalafoirt. Beidh sé ina cheangal le haghaidh aon trasloingsiú réamhúdarú a fháil ó Bhallstát brataí nó ó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe lena mbaineann. Thairis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe, tráth an trasloingsithe, na dátaí a iarrtar in Iarscríbhinn V a chur in iúl dá Bhallstát brataí nó dá CPC brataí.
4. Déanfaidh Ballstát an chalafoirt cigireacht ar an soitheach glactha nuair a bhainfidh sé an calafort amach agus seiceálfaidh sé na cainníochtaí agus an doiciméadacht a bhaineann leis an oibríocht trasloingsithe.
5. Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig a mBallstát brataí laistigh de 15 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Áireofar ar an dearbhú trasloingsithe uimhir thagartha an r-DGTG chun cros-seiceáil na sonraí atá ann a éascú.
6. Cuirfidh Ballstát an chalafoirt taifead ar an trasloingsiú chuig údarás Bhallstát brataí nó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe laistigh de 5 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích.
7. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstáit na gcalafort ainmnithe cigireacht ar gach trasloingsiú.
ROINN 4
Oibleagáidí Tuairiscithe
Airteagal 36
Tuarascálacha seachtainiúla ar chainníochtaí.
Déanfaidh gach Ballstát tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha a sheoladh chuig an gCoimisiún ▌. Áireofar sna tuarascálacha sin na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 32 maidir le gaistí, soithí peas-saighne agus soithí gabhála eile. Déanfar an fhaisnéis ▌a leagan amach de réir an chineáil trealaimh ▌. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 37
Faisnéis maidir le hídiú cuótaí
1. De bhreis ar Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar gur baineadh amach 80% den chuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh.
2. De bhreis ar Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar shoitheach peas-saighne ídithe. Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis sin, doiciméadacht lena gcruthaítear an cosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d’eisigh an Ballstát don chabhlach, don ghrúpa trealaimh, don chomhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta aonair agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir.
3. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi na dátaí a ídíodh cuóta an Aontais le haghaidh tuinníní gorma.
ROINN 5
Cláir Breathnóirí
Airteagal 38
Clár Breathnóirí Náisiúnta
1. Áiritheoidh gach Ballstát gurb amhlaidh, nuair a dhéanfar breathnóirí náisiúnta a mbeidh doiciméad aitheantais oifigiúil eisithe dóibh a chur amach ar shoithí agus ar ghaistí a bheidh gníomhach san iascach tuinníní gorma, a chumhdóidh sé sin an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) 20% dá thrálaeir pheiligeacha ghníomhacha (is faide ná 15 m);
(b) 20% dá shoithí spiléir gníomhacha (is faide ná 15 m);
(c) 20% dá bháid bhaoite ghníomhacha (is faide ná 15 m);
(d) 100% dá shoithí tarraingthe;
(e) 100% dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.
Na Ballstáit ag a bhfuil níos lú ná cúig shoitheach gabhála as na catagóirí atá liostaithe i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír agus atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, áiritheoidh siad, má chuirtear breathnóirí náisiúnta chun úsáide, go gcumhdóidh sé sin ar a laghad 20% den am bheidh na soithí gníomhach san iascach tuinníní gorma.
2. Déanfaidh na breathnóirí náisiúnta na tascanna seo a leanas go háirithe:
(a) faireachán ar an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soithí iascaireachta agus ag gaistí;
(b) taifeadadh agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireachta, lena n-áireofar an méid seo a leanas:
(a) an méid a gabhadh (foghabháil san áireamh), agus staid na gabhála (coinníodh ar bord iad nó aischuireadh iad agus iad marbh nó beo);
(b) limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;
(c) tomhas na hiarrachta (amhail an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;
(d) dáta na gabhála.
(c) iontrálacha a cuireadh sa logleabhar a fhíorú;
(d) soithí a d’fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe ICCAT a aimsiú agus a thaifeadadh.
3. De bhreis ar na tascanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta, lena n-áirítear na sonraí is gá a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.
4. Na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileofar faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit soláthrófar don Choimisiún iad agus cuirfidh an Coimisiún chuig SCRS nó chuig Rúnaíocht ICCAT iad, de réir mar is iomchuí.
5. Chun críocha mhíreanna 1 go 3, áiritheoidh gach Ballstát:
(a) go ndéanfar ionadaíocht ama agus spásúil d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht agus gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis na cabhlaigh agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;
(b) go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;
(c) go mbeidh na breathnóirí oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;
(d) a mhéid is féidir, go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 39
Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT
1. Áiritheoidh na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VIII é.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:
(a) ar gach soitheach peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma;
(b) gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó shoitheach peas-saighne;
(c) gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;
(d) le linn gach aistrithe ó fheirm amháin go feirm eile;
(e) gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha;
(f) gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar fheirmeacha; agus
(g) nuair a scaoilfear tuinníní gorma ó chaighin feirmeoireachta isteach san fharraige.
3. Ní údarófar do shoithí peas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu iascach ar thuinníní gorma.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean. I gcásanna force majeure, agus tar éis don Bhallstát feirmeoireachta na himthosca sin is cúis le force majeure a dheimhniú, féadfar breathnóir réigiúnach ICCAT a chomhroinnt idir níos mó ná aon fheirm amháin chun a ráthú go leanfar d’oibríochtaí feirmeoireachta gan bhriseadh, más rud é go n-áiritheofar go gcuirfear cúraimí an bhreathnóra i gcrích go cuí. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as na feirmeacha a iarraidh láithreach, áfach, go gcuirfear breathnóir réigiúnach breise i mbun oibre.
5. Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:
(a) breathnóireacht agus faireachán ar oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT, lena n-áirítear trí rochtain ar phíosaí scannánaíochta ó cheamara steiréascópach tráth a chuirfear na héisc i gcaighean trínar féidir an fad a thomhas agus meastachán a dhéanamh ar an meáchan comhfhreagrach;
(b) na dearbhuithe aistrithe ICCAT agus na DGTGanna a shíniú nuair a bheidh an fhaisnéis a bheidh iontu ag teacht lena chuid barúlacha féin. Seachas sin, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na dearbhuithe aistrithe agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nó an nós imeachta/na nósanna imeachta nár urramaíodh;
(c) obair eolaíochta, lena n-áirítear samplaí a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.
6. Ní chuirfidh máistrí, criúnna ná úinéirí feirmeacha, gaistí nó soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha a bheidh i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh siad isteach orthu ná ní imreoidh siad tionchar orthu ar mhodh ar bith.
ROINN 6
Oibríochtaí aistrithe
Airteagal 40
Údarú aistrithe
1. Roimh aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó a ionadaithe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste san áit a dtionscnaítear an t-aistriú réamhfhógra um aistriú a chur chuig an mBallstát brataí nó chuig an mBallstát atá freagrach as an bhfeirm nó as an ngaiste agus léireofar sa réamhfhógra sin:
(a) ainm an tsoithigh gabhála, na feirme nó an ghaiste agus an uimhir thaifid ICCAT;
(b) an t-am a mheastar a dhéanfar an t-aistriú;
(c) meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma atá le haistriú;
(d) faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an t-aistriú mar aon le huimhreacha aitheantais na gcaighean;
(e) ainm an tsoithigh tarraingthe, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an uimhir thaifid ICCAT i gcás inarb iomchuí; agus
(f) an calafort, an fheirm nó an caighean is ceann scríbe ag na tuinníní gorma.
2. Chun críoch mhír 1, sannfaidh na Ballstáit uimhir uathúil do gach caighean iompair. Más gá níos mó ná caighean iompair amháin a úsáid nuair a bheifear ag aistriú gabháil a bhaineann le hoibríocht iascaireachta amháin, ní bheidh gá ach le dearbhú aistrithe amháin, ach déanfar uimhir gach caighin iompair a thaifeadadh sa dearbhú aistrithe agus léireofar go soiléir ann an chainníocht tuinníní gorma a iompraíodh i ngach caighean.
3. Déanfar uimhreacha a eisiúint de réir córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint an chóid alfa-3 a chomhfhreagraíonn don Bhallstát feirmeoireachta. Beidh uimhreacha caighin uathúla buan agus ní bheidh siad inaistrithe idir caighin.
4. Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 uimhir údaraithe le haghaidh gach oibríochta aistrithe a shannadh agus a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí. San uimhir údaraithe, beidh cód trí litir an Bhallstáit, ceithre uimhir a léireoidh an bhliain, mar aon le trí litir a léireoidh údarú dearfach (AUT) nó diúltach (NEG), agus leanfaidh uimhreacha seicheamhacha an méid sin.
5. Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 an t-aistriú a údarú, nó diúltóidh sé é a údarú, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an réamhfhógra um aistriú a chur faoina bhráid. Ní chuirfear tús leis an oibríocht aistrithe gan údarú dearfach a bheith eisithe roimh ré.
6. Ní réamhbhreith ar dheimhniú na hoibríochta cur i gcaighean é an t-údarú aistrithe.
Airteagal 41
Diúltú an t-aistriú a údarú agus tuinníní gorma a scaoileadh
1. An Ballstát a bheidh freagrach as an soitheach gabhála nó tarraingthe, as an bhfeirm nó as an ngaiste, diúltóidh sé an t-aistriú a údarú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra um aistriú a fháil:
(a) nach raibh a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;
(b) nach bhfuil an chainníocht iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste nó nár údaraíodh an chainníocht sin iasc a chur i gcaighean;
(c) nach raibh údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc, nó;
(d) maidir leis an soitheach tarraingthe ar dearbhaíodh gurbh é a fuair an t-aistriú iasc, nach bhfuil sé cláraithe i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta eile dá dtagraítear in Airteagal 26 nó nach bhfuil córas faireacháin soithí (CFS) nó gaireas rianaithe coibhéiseach lánfheidhmiúil feistithe air.
2. Mura n-údarófar an t-aistriú, déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí, ordú scaoilte a eisiúint láithreach do mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí, chun a chur in iúl dóibh nach bhfuil an t-aistriú údaraithe agus a cheangal orthu na héisc a scaoileadh isteach san fharraige i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.
3. I gcás cliseadh teicniúil ar a CFS le linn iompar chuig an bhfeirm, déanfar soitheach tarraingthe eile ar a mbeidh CFS lánfheidhmiúil a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe, nó suiteálfar nó úsáidfear CFS lánfheidhmiúil nua, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chliste. Mar eisceacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 72 uair an chloig sin i gcás force majeure nó srianta oibríochtúla dlisteanacha. Cuirfear an cliseadh teicniúil in iúl láithreach don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi. Déanfaidh an máistir nó a ionadaí, ón tráth a bhraithfear an cliseadh teicniúil go dtí go leigheasfar é, comhordanáidí nuashonraithe geografacha an tsoithigh iascaireachta a chur in iúl trí mhodh iomchuí teileachumarsáide gach ceathrú huair an chloig d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí.
Airteagal 42
Dearbhú aistrithe
1. Déanfaidh máistrí soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí feirmeacha nó gaistí an dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
2. Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an t-aistriú na foirmeacha maidir le dearbhú aistrithe a uimhriú. Áireofar in uimhir na foirme dearbhaithe cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir ITD ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).
3. Beidh an dearbhú aistrithe bunaidh ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfar cóip den dearbhú ar an soitheach gabhála nó ▌ar an ngaiste agus ar shoithí tarraingthe.
4. Déanfaidh máistrí soithí a bheidh i mbun oibríochtaí aistrithe a ngníomhaíochtaí a thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
5. Déanfar faisnéis maidir le héisc mharbha a thaifeadadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
Airteagal 43
Faireachán le físcheamara
1. Áiritheoidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste go ndéanfar faireachán ar an aistriú le físcheamara san uisce d’fhonn líon na n-iasc a bheidh á n-aistriú a fhíorú. Déanfar an fístaifeadadh i gcomhréir leis na híoscheanglais agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
2. I gcás ina n-iarrfaidh SCRS ar an gCoimisiún cóipeanna de na fístaifid a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit na cóipeanna sin ▌a sholáthar don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig SCRS iad ▌.
Airteagal 44
Fíorú a dhéanfaidh Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT, agus imscrúduithe a dhéanamh
1. Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh gabhála agus an ghaiste agus dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Iarscríbhinn VIII:
(a) taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéanfar;
(b) breathnóireacht agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a aistríodh; agus
(c) iontrálacha a cuireadh sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus sa dearbhú aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 42, a fhíorú.
2. I gcás ina mbeidh difríocht is mó ná 10% den líon idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach, na húdaráis rialaithe ábhartha nó máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir an ghaiste nó na feirme, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Beidh an t-imscrúdú sin curtha i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm agus in aon chás laistigh de 96 uair an chloig tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh, ach amháin i gcásanna force majeure. Ní údarófar cur i gcaighean ná ní bhailíochtófar an chuid ábhartha den DGTG go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe.
3. I gcásanna nach mbeidh caighdeán nó soiléireacht an fhístaifeadta ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, áfach, féadfaidh máistir an tsoithigh nó oibreoir na feirme nó an ghaiste a iarraidh údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a údarú oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar don bhreathnóir réigiúnach. Mura mbeidh toradh sásúil ar an aistriú rialaithe deonach ▌sin, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Más rud é, tar éis imscrúdú, go ndeimhneofar nach féidir meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a bhí i gceist san aistriú mar gheall ar cháilíocht an fhíseáin, ordóidh údaráis rialaithe an Bhallstáit fhreagraigh oibríocht aistrithe rialaithe eile agus soláthróidh sé an fístaifeadadh comhfhreagrach don bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Déanfar aistrithe nua mar aistriú/aistrithe rialaithe go dtí gur féidir meastacháin a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh de bharr cháilíocht an fhístaifeadta.
4. Gan dochar do na fíoruithe a dhéanfaidh cigirí, ní shíneoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an dearbhú aistrithe ach i gcás ina mbeidh a chuid barúlacha ag teacht le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina mbeidh an fhaisnéis ar an dearbhú aistrithe ag teacht lena chuid barúlacha agus ina n-áirítear fístaifeadadh comhlíontach san fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3. Fíoróidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT chomh maith gur cuireadh an dearbhú aistrithe ICCAT ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó ionadaí an ghaiste i gcás inarb infheidhme. Mura n-aontóidh an breathnóir de chuid ICCAT leis an dearbhú aistrithe, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na dearbhuithe aistrithe agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nó an nós imeachta/na nósanna imeachta nár urramaíodh.
5. Déanfaidh máistrí na soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí na bhfeirmeacha nó na ngaistí an dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Cuirfidh na Ballstáit an dearbhú aistrithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún ▌.
Airteagal 45
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.
ROINN 7
Oibríochtaí Cur i gCaighean
Airteagal 46
Údarú cur i gcaighean agus an fhéidearthacht go ndiúltófaí údarú
1. Sula gcuirfear tús le hoibríochtaí cur i gcaighean le haghaidh gach caighin iompair, beidh toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire i ngaireacht 0.5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta. Chuige sin, is gá comhordanáidí geografacha a chomhfhreagraíonn don pholagán ina bhfuil an fheirm suite a bheith ar fáil sna pleananna bainistithe feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 15.
2. Sula mbeidh aon oibríocht cur i gcaighean ann, iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste a ghabh na tuinníní gorma atá le cur i gcaighean an cur i gcaighean a fhormheas.
3. Diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas má mheasann sé:
(a) nach raibh cuóta leordhóthanach le haghaidh tuinníní gorma ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a ghabh na héisc;
(b) nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an chainníocht iasc a thuairisciú go cuí, nó;
(c) nach bhfuil údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh é gurbh é a ghabh na héisc.
4. Má dhiúltaíonn an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas, déanfaidh sé:
(a) údarás inniúil an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a chur ar an eolas faoi; agus
(b) a iarraidh ar an údarás inniúil sin dul ar aghaidh leis na gabhálacha a urghabháil agus leis na héisc a scaoileadh isteach san fharraige.
5. Ní chuirfear tús leis an gcur i gcaighean gan formheas arna eisiúint laistigh de lá oibre tar éis na hiarrata a bheith faighte ón mBallstát nó ón CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste nó ón mBallstát atá freagrach as an bhfeirm má chomhaontaítear sin le húdaráis an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste. Mura bhfaighfear aon fhreagra laistigh de lá oibre ó údaráis an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm an oibríocht cur i gcaighean a údarú.
6. Cuirfear éisc i gcaighean roimh an 22 Lúnasa gach bliain mura rud é go soláthróidh údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm cúiseanna bailí lena n-áirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil cur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. In aon chás, ní chuirfear na héisc i gcaighean tar éis an 7 Meán Fómhair gach bliain.
Airteagal 47
Doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm
Cuirfidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha toirmeasc ar thuinníní gorma a chur i gcaighean mura dtabharfar na doiciméid a éilíonn ICCAT faoi chuimsiú an chláir maidir le doiciméid um ghabháil ó Rialachán (AE) Uimh. 640/2010. Ní mór don doiciméadacht a bheith cruinn críochnaitheach, agus déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó na gaistí í a bhailíochtú.
Airteagal 48
Cigireachtaí
Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.
Airteagal 49
Faireachán le físcheamara
Áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfaidh a n-údaráis rialaithe faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifeadadh le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
Airteagal 50
Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh
I gcás ina mbeidh difríocht is mó ná 10 % de réir uimhreach idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, údaráis rialaithe na mBallstát ábhartha agus/nó oibreoir na feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh. Féadfaidh an Ballstát a bheidh ag gabháil do na himscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile a bheidh faoina réir aige, lena n-áirítear torthaí na gclár cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 51.
Airteagal 51
Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma a bheidh le cur i gcaighean
1. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le clár ina n-úsáidtear córais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha a ráthaíonn an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis, go gcumhdóidh clár den sórt sin 100% de gach oibríocht cur i gcaighean chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na n-iasc.
2. Déanfar an clár sin a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Ní úsáidfear modhanna malartacha ach amháin más rud é go mbeidh siad formhuinithe ag ICCAT le linn an chruinnithe bhliantúil.
3. Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir sin a chur in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as na soithí gabhála agus don eintiteas a oibríonn an clár breathnóirí réigiúnacha thar ceann ICCAT.
4. I gcás ina léireoidh torthaí an chláir nach ionann líon na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus/nó a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an CPC atá freagrach as an bhfeirm, imscrúdú a thionscnamh. I gcás ina bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste faoi bhratach CPC eile, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm an t-imscrúdú a thionscnamh i gcomhar le CPC na brataí sin.
5. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste ordú scaoilte a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII le haghaidh na gcainníochtaí a cuireadh i gcaighean agus is mó ná na cainníochtaí a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh más rud é:
(a) nach mbeidh an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 4 curtha i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón tráth a cuireadh torthaí an chláir in iúl le haghaidh oibríocht cur i gcaighean amháin nó le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean ó chomhoibríocht iascaireachta; nó
(b) go léireoidh toradh an imscrúdaithe gur mó líon agus/nó meánmheáchan na dtuinníní gorma ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh;
Déanfar an bhreis a scaoileadh i láthair údaráis rialaithe.
6. Úsáidfear torthaí an chláir chun a chinneadh an gá éisc a scaoileadh agus déanfar na dearbhuithe cur i gcaighean agus na codanna ábhartha den DGTG a líonadh isteach dá réir sin. Nuair a bheidh ordú scaoilte eisithe, iarrfaidh oibreoir na feirme údarás rialaithe náisiúnta agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair chun faireachán a dhéanamh ar an scaoileadh.
7. Cuirfidh na Ballstáit torthaí an chláir faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair gach bliain. I gcás force majeure le linn an chur i gcaighean, tíolacfaidh na Ballstáit na torthaí sin roimh an 12 Meán Fómhair. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS faoin 15 Meán Fómhair gach bliain lena meas.
8. Ní dhéanfar tuinníní gorma beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta go caighean feirmeoireachta eile gan údarú a bheith tugtha ag údaráis rialaithe an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm agus iad a bheith i láthair. Déanfar gach aistriú a thaifeadadh chun an líon eiseamal a rialú. Déanfaidh na húdaráis rialaithe náisiúnta faireachán ar na haistrithe sin agus áiritheoidh siad go ndéanfar gach aistriú idir feirmeacha a thaifeadadh sa chóras r-DGTG.
9. Má bhíonn difríocht 10% nó níos mó idir na cainníochtaí tuinníní gorma a tuairiscíodh a ghabh an soitheach nó an gaiste agus na cainníochtaí a shuigh an ceamara rialaithe an tráth a chuirfear na héisc i gcaighean, d’fhéadfadh sé gur neamhchomhlíonadh ag an soitheach nó ag an ngaiste lena mbaineann é sin. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí.
Airteagal 52
Dearbhú cur i gcaighean agus tuarascáil cur i gcaighean
1. Laistigh de 72 uair an chloig tar éis dheireadh gach oibríochta cur i gcaighean, déanfaidh oibreoir feirme dearbhú cur i gcaighean a thíolacadh chuig a údarás inniúilmar a fhoráiltear in Iarscríbhinn XIV. ▌
2. Sa bhreis ar an dearbhú cur i gcaighean dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil cur i gcaighean ina mbeidh na heilimintí atá leagtha síos i Roinn B d’Iarscríbhinn XI a thíolacadh chuig an mBallstát nó chuig an CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí na tuinníní gorma, agus chuig an gCoimisiún, seachtain amháin ó thabhairt i gcrích na hoibríochta cur i gcaighean. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT.
3. Chun críoch mhír 2, ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú a bheidh tionscanta agus le haon ordú scaoilte a bheidh ordaithe.
Airteagal 53
Aistrithe laistigh d’fheirmeacha agus rialuithe randamacha
1. Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as na feirmeacha córas inrianaitheachta a chur ar bun, lena n-áirítear fístaifeadadh aistrithe inmheánacha.
2. Déanfaidh údaráis rialaithe na mBallstát atá freagrach as na feirmeacha rialuithe randamacha, ar bhonn anailís riosca, ar thuinníní gorma a choinnítear i gcaighin feirmeoireachta idir an tráth a dhéantar na hoibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích bliain ar leith agus an chéad chur i gcaighean an bhliain dár gcionn.
3. Chun críoch mhír 2, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha céatadán íosta iasc a bheidh le rialú a leagan síos. Leagfar an céatadán sin amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14. Déanfaidh gach Ballstát torthaí na rialuithe randamacha a dhéanfar gach bliain a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT i mí Aibreáin na bliana tar éis thréimhse an chuóta ábhartha.
Airteagal 54
Rochtain ar fhístaifeadtaí agus ceanglais maidir le fístaifeadtaí
1. Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go ndéanfar na fístaifeadtaí dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 51 a chur ar fáil do na cigirí náisiúnta agus do bhreathnóirí réigiúnacha agus náisiúnta de chuid ICCAT.
2. Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá chun nach ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar na fístaifeadtaí bunaidh.
Airteagal 55
Tuarascáil bhliantúil cur i gcaighean
Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dearbhuithe agus tuarascálacha cur i gcaighean a chur isteach faoi Airteagal 52 cuirfidh siad tuarascáil cur i gcaighean chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Iúil don bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT roimhan 31 Lúnasa gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil:
(a) méid iomlán na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean de réir feirme, lena n-áirítear an méid a cailleadh ó thaobh lín agus meáchain de le linn a n-iompartha chuig na caighin de réir feirme ag soithí iascaireachta agus gaistí;
(b) an liosta de na soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma nó ag soláthar nó ag iompar tuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta (ainm an tsoithigh, an bhratach, uimhir an cheadúnais, an cineál trealaimh) agus de na gaistí;
(c) torthaí an chláir samplála le haghaidh an mheastacháin ar líon na dtuinníní gorma a gabhadh de réir méide, mar aon le dáta, am agus limistéar na gabhála agus an modh iascaireachta a úsáideadh, chun feabhas a chur ar na staitisticí chun críoch measúnaithe stoc;
Leis an gclár samplála, maidir le sampláil méide (fad nó meáchan) ag caighin, ní mór sin a dhéanamh ar shampla amháin (= 100 eiseamal) in aghaidh gach 100 t d’éisc bheo, nó ar shampla 10% den líon iomlán iasc a cuireadh i gcaighean. Baileofar samplaí méide le linn saothrú ar an bhfeirm agus ar na héisc mharbha le linn a n-iompartha de réir Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach. I gcás éisc a ndéantar feirmeoireacht orthu níos mó ná bliain, leagfar síos modheolaíochtaí samplála. Déanfar an tsampláil le linn aon saothrú, agus cumhdóidh sí gach caighean;
(d) cainníochtaí na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus meastachán ar na rátaí fáis agus básmhaireachta le linn dóibh a bheith i mbraighdeanas agus ar na méideanna a díoladh de réir tonaí. Is í an fheirm a sholáthróidh an fhaisnéis sin;
(e) na cainníochtaí de thuinníní gorma a cuireadh i gcaighean le linn na bliana roimhe sin; agus
(f) na cainníochtaí, de réir a n-áite bunaidh, a cuireadh ar an margadh le linn na bliana roimhe sin.
Airteagal 56
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.
ROINN 8
Faireachán agus Faireachas
Airteagal 57
Córas um Fhaireachán Soithí
1. De mhaolú ar Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit bhrataí córas faireacháin soithí (CFS) chun feidhme le haghaidh na soithí iascaireachta dá gcuid atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad i gcomhréir le hIarscríbhinn XV.
2. Soithí iascaireachta is faide ná 15 mhéadar ar fad iomlán agus atá ar áireamh ar an liosta de shoithí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 26(1), nó ar an liosta de shoithí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 26(1), tosóidh siad ar shonraí ón CFS a tharchur chuig ICCAT 5 lá ar a laghad roimh a dtréimhse údaraithe agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 5 lá ar a laghad tar éis a dtréimhse údaraithe, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.
3. Chun críocha rialaithe, áiritheoidh an máistir nó a ionadaí nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort murab ann do chóras lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a lárionad faireacháin iascaigh, i bhfíor-am agus an fhormáid ‘https data feed’ á húsáid acu, na teachtaireachtaí ón CFS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh go leictreonach chuig Rúnaíocht ICCAT.
5. Áiritheoidh na Ballstáit:
(a) go ndéanfar teachtaireachtaí ón CFS ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair an chloig ar a laghad;
(b) i gcás mífheidhm theicniúil ar an CFS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a fuarthas de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig tar éis dá lárionad faireacháin iascaigh iad a fháil;
(c) go mbeidh uimhriú seicheamhach (agus aitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;
(d) go mbeidh teachtaireachtaí a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.
6. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d’oibríochtaí cigireachta ar muir.
ROINN 9
Cigireacht agus Forfheidhmiú
Airteagal 58
Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta
1. Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“Scéim ICCAT”) le haghaidh rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma cigirí a cheapadh agus cigireachtaí a dhéanamh ar muir faoi Scéim ICCAT.
3. I gcás go mbeidh níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le tuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn anailís riosca, soitheach cigireachta a chur amach chun críche cigireachta agus rialaithe ar muir i Limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin ann lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i Limistéar an Choinbhinsiúin.
4. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.
5. Chun críoch mhír 3, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascach ar thuinníní gorma na bearta is gá chun cur chun feidhme na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí ar lena linn a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina n-úsáidfear iad.
6. Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta don Choimisiún a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, ar plean é a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.
Airteagal 59
Cigireachtaí i gcás sáruithe
Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain air faoina údarás ina chalafoirt nó go ndéanfaidh cigire a bheidh ainmnithe aige é nuair nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt más rud é, maidir leis an soitheach iascaireachta:
(a) nár chomhlíon sé na ceanglais taifeadta agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 31 agus 32; nó
(b) go ndearna sé sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó sárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 60
Cros-seiceálacha
1. Fíoróidh gach Ballstát faisnéis agus gur cuireadh isteach in am trátha tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha breathnóirí, sonraí ón CFS agus, i gcás inarb iomchuí, r-DGTGanna, logleabhair agus a soithí iascaireachta, doiciméid aistrithe/trasloingsithe agus doiciméid ghabhála i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2. Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, trasloingsiú nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú trasloingsithe agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú tabhairt i dtír nó ar an dearbhú cur i gcaighean, agus aon doiciméad ábhartha eile, amhail sonrasc agus/nó nótaí díolacháin.
ROINN 10
Forfheidhmiú
Airteagal 61
Forfheidhmiú
Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm/as na feirmeacha tuinníní gorma bearta forfheidhmiúcháin iomchuí maidir le feirm i gcás ina mbeidh sé suite, i gcomhréir lena dhlí, nach gcomhlíonann an fheirm sin forálacha Airteagail 46 go 56 den Rialachán seo. Ag brath ar a thromchúisí a bhí an cion agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh sna bearta sin, go háirithe, an t-údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar agus/nó fíneálacha. Aon uair a dhéanfar údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh na Ballstáit é sin a chur in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin méid sin do Rúnaíocht ICCAT d’fhonn ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ a mhodhnú dá réir.
CAIBIDIL 6
Margaíocht
Airteagal 62
Bearta margaíochta
1. Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), cuirfear toirmeasc ar an tuinnín gorm a thrádáil san Aontas, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú nó a thrasloingsiú mura mbeidh na doiciméid bheachta iomlána agus bhailíochtaithe a leagtar amach sa Rialachán seo, ▌ agus i reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme rialacha ICCAT maidir leis an gclár de dhoiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm ag gabháil leis.
2. Maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a ath-onnmhairiú agus a thrasloingsiú más rud é:
(a) gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta,ná teorainn ghabhála aige ▌ le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma, nó;
(b) gur soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta aonair nó a raibh deiseanna iascaireachta a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh na tuinníní gorma.
3. Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, maidir le tuinníní gorma, beidh toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a phróiseáil agus a onnmhairiú más tuinníní gorma iad as feirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.
CAIBIDIL 7
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 63
Meastóireacht
Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe ar chomhlíonadh an Rialacháin seo acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún, faoin dáta a chinnfidh ICCAT, tuarascáil mhionsonraithe ar chur chun feidhme Mholadh 19-04 ó ICCAT a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.
Airteagal 64
Maoiniú
Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 é an Rialachán seo.
Airteagal 65
Rúndacht
Caithfear leis na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 66
An nós imeachta maidir le leasuithe
1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 a bhaineann le leasuithe ar an Rialachán seo chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag ICCAT a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas:
▌
(a) maoluithe ar an toirmeasc faoi Airteagal 8 ar chuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn;
(b) na sprioc-amanna ar fúthu nach mór faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagail 24(4), 26(1), 29(1), 32(2) agus (3), 35(5) agus (6), 36, 41(3), 44(2), 51(7), 52(12), 55, pointe (b) d’Airteagal 57(5) agus 58(6);
(c) na tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí iascaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus (4);
(d) an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Airteagail 19(1) agus (2) agus 20(1);
(e) na céatadáin agus na paraiméadair thagartha a leagtar síos in Airteagail 13, 15(3) agus (4), 20(1), 21(2), 38(1), 44(2), 50 agus 51(9);
(f) an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin agus dá dtagraítear in Airteagail 11(1), 24(1), 25(3), 29(1), 30(4), 34(2), 40(1) agus 55;
(g) na tascanna le haghaidh breathnóirí náisiúnta agus breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá bhforáiltear in Airteagail 38(2) agus 39(5) faoi seach;
(h) na cúiseanna le diúltú an údaraithe aistrithe a leagtar síos in Airteagal 41(1);
(i) na cúiseanna leis na gabhálacha a urghabháil agus lena ordú na héisc a scaoileadh faoi Airteagal 46(4);
(j) an líon soithí in Airteagal 58(3);
(k) Iarscríbhinní I go XV.
2. Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó na bhforlíontaí ar an moladh lena mbaineann ó ICCAT atá ceangailteach ar an Aontais.
Airteagal 67
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 66 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 66 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 66 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 68
Nós imeachta coiste
1. Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 69
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 mar a leanas:
(a) scriostar Pointí (g) go (j) d’Airteagal 3, Airteagail 4a, 4b, agus 4c agus Iarscríbhinn Ia;
(b) in Iarscríbhinní I agus II, scriostar na focail “Tuinnín gorm: Thunnus thynnus”.
Airteagal 70
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2107
I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 43.
Airteagal 71
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833
I Rialachán (AE) 2019/833, scriostar Airteagal 53.
Airteagal 72
Aisghairm
1. Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) 2016/1627.
2. Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI.
Airteagal 73
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBINN I
Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis na Soithí Gabhála a dhéanann iascaireacht faoi Airteagal 19
1. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go n-urramófar na teorainneacha toillte seo a leanas:
— Ní mó an t-uasmhéid bád baoite agus bád trollála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2006.
— Ní mó an t-uasmhéid bád dá chabhlach ar mhionscála atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mheánmhuir ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach ar an tuinnín gorm in 2008.
— Ní mó an t-uasmhéid soithí gabhála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm i Muir Aidriad ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2008. Déanfaidh gach Ballstát cuótaí aonair a leithdháileadh ar na soithí lena mbaineann.
2. Féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a leithdháileadh:
— méid nach mó ná 7% dá chuóta den tuinnín gorm ar na báid bhaoite agus na báid trollála. I gcás na Fraince, is féidir le soithí uasmhéid 100 tona den tuinnín gorm, ina bhfuil meáchan nach lú ná 6.4 kg nó fad go gabhal an eireabaill nach lú ná 70 cm a ghabháil, soithí atá ag oibriú i mBá na Bioscáine agus a bhfuil bratach na Fraince ar foluain orthu agus nach mó ná 17 m ar fad iad.
— méid nach mó ná 2% dá chuóta den tuinnín gorm ar an iascach cósta ar mhionscála dá chuid le haghaidh éisc úra sa Mheánmhuir.
— Sciar nach mó ná 90% dá chuóta le haghaidh tuinníní gorma i measc a shoithí gabhála i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta.
3. Le haghaidh uasmhéid 7% de réir meáchain d’eiseamail tuinnín ghoirm arna ngabháil ag a soithí i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta, féadfaidh an Chróit íosmheáchan 6.4 kg nó 66 cm ar fhad go gabhal an eireabaill a chur i bhfeidhm.
4. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcuid bád baoite, a gcuid bád spiléireachta, a gcuid bád lámhdhorú agus a gcuid bád trollála údaraithe chun iascach ar an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, déanfaidh siad ceanglais maidir le clibeanna eireabaill a thionscnamh mar a leanas:
— Déanfar clib eireabaill a ghreamú de gach tuinnín gorm a luaithe a dhíluchtaítear é.
— Bainfidh uimhir aitheantais uathúil le gach clib eireabaill agus beidh an uimhir sin ar na doiciméid um ghabhail tuinnín ghoirm agus déanfar í a scríobh go soléite agus go doscriosta lasmuigh d’aon phacáiste ina bhfuil tuinnín.
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais logleabhair
A. SOITHÍ GABHÁLA
Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:
1. Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.
2. Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.
3. Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.
4. Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.
5. Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d’oibríochtaí.
An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:
1. Ainm agus seoladh mháistir an tsoithigh.
2. Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.
3. Ainm, cláruimhir, uimhir ICCAT, glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil) an tsoithigh.
4. Trealamh iascaireachta:
(a) cód EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) le cur isteach;
(b) toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).
5. Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lae den turas, lena sonrófar:
(a) an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);
(b) suíomh: déanfar suíomh beacht a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríochta iascaireachta nó um meán lae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;
(c) taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:
– cód EBT;
– meáchan slánaithe i gcileagraim in aghaidh an lae;
– an líon píosaí in aghaidh an lae.
I gcás soithí peas-saighne, ba cheart na sonraí sin a thaifeadadh i gcomhair gach oibríochta iascaireachta lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil.
6. Síniú an Mháistir.
7. An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord.
8. Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luafar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.
An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:
1. Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.
2. Táirgí:
(a) an speiceas agus cur i láthair de réir chód EBT;
(b) líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.
3. Síniú an mháistir nó síniú ghníomhaire an tsoithigh.
4. I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh glactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.
An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás aistriú i gcaighean:
1. Dáta, am agus suíomh (domhanleithead/domhanfhad) aistrithe.
2. Táirgí:
(a) sainaithint speicis de réir chód EBT;
(b) líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim a aistríodh i gcaighean.
3. Ainm an tsoithigh tarraingthe, a bhratach agus a uimhir ICCAT.
4. Ainm na feirme cinn scríbe agus a huimhir ICCAT.
5. I gcás COI (comhoibríocht iascaireachta), de bhreis ar an bhfaisnéis atá leagtha síos i bpointí 1 go dtí 4, déanfaidh na máistrí an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar:
(a) maidir leis an soitheach gabhála atá i mbun na héisc a aistriú i gcaighean:
– an líon gabhálacha a tugadh ar bord,
– an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a chuóta aonair,
– ainmneacha na soithí eile a bhí páirteach sa COI;
(b) maidir leis na soithí gabhála eile a bhí páirteach sa COI céanna ach nach raibh baint acu le haistriú na n-iasc:
– ainmneacha na soithí sin, a nglao-chomharthaí raidió idirnáisiúnta agus a n-uimhreacha ICCAT,
– nár tugadh aon ghabhálacha ar bord nó nár aistríodh iad i gcaighean,
– an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a gcuótaí aonair,
– ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála dá dtagraítear i bpointe (a).
B. SOITHÍ TARRAINGTHE
1. Déanfaidh máistir soithigh tarraingthe an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: an dáta, an t-am agus an suíomh aistrithe, na cainníochtaí a aistríodh (líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim), uimhir an chaighin, chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, ainm agus uimhir ICCAT aon soithigh/aon soithí eile a bhí páirteach, ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe, agus uimhir dearbhaithe aistrithe ICCAT.
2. Déanfar aistrithe eile chuig soithí coimhdeachta nó chuig soitheach tarraingthe eile a thuairisciú agus tabharfar an fhaisnéis chéanna agus atá i bpointe 1 chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh coimhdeachta nó tharraingthe agus uimhir dearbhaithe aistrithe ICCAT.
3. Beidh mionsonraí na n-aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.
C. SOITHÍ COIMHDEACHTA
1. Déanfaidh an máistir ar shoitheach coimhdeachta na gníomhaíochtaí a thaifeadadh go laethúil sa logleabhar lena n-áirítear an dáta, an t-am agus an suíomh, na cainníochtaí de thuinníní gorma a tugadh ar bord, agus ainm an tsoithigh iascaireachta, na feirme nó an ghaiste lena bhfuil sé/sí ag oibriú.
2. Beidh mionsonraí na ngníomhaíochtaí ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.
D. SOITHÍ PRÓISEÁLA
1. Déanfaidh an máistir ar shoitheach próiseála an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: dáta, am agus suíomh na ngníomhaíochtaí agus na cainníochtaí a trasloingsíodh agus líon agus meáchan na dtuinníní gorma a fuarthas ó fheirmeacha, ó ghaistí nó ó shoithí gabhála i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh an máistir ainmneacha agus uimhreacha ICCAT na bhfeirmeacha, na ngaistí nó na soithí gabhála sin a thuairisciú chomh maith.
2. Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála logleabhar próiseála laethúil ina sonrófar meáchan slánaithe agus líon na n-iasc a aistríodh nó a trasloingsíodh, an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh, agus na meáchain agus na cainníochtaí de réir chur i láthair an táirge.
3. Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála plean stuála ina sonrófar ionad agus cainníochtaí gach speicis agus gach cur i láthair.
4. Beidh mionsonraí na dtrasloingsithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil, an logleabhar próiseála, an plean stuála agus leaganacha bunaidh dearbhuithe trasloingsithe ICCAT ar bord agus beidh siad le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.
IARSCRÍBHINN III
Foirm maidir le tuairisciú gabhála
Foirm maidir le tuairisciú gabhála
Bratach
Uimhir ICCAT
Ainm an tsoithigh
Dáta tosaigh na tuarascála
Dáta deiridh na tuarascála
Fad ama na tuarascála (d)
Dáta gabhála
Suíomh na gabhála
Gabháil
Meáchan luaite i gcás comhoibríocht iascaireachta (kg)
Domhanleithead
Domhanfhad
Meáchan (kg)
Líon píosaí
Meánmheáchan (kg)
IARSCRÍBHINN IV
Foirm iarratais maidir le rannpháirtíocht i gComhoibríocht Iascaireachta a údarú
Comhoibríocht iascaireachta
An Stát Brataí
Ainm an tsoithigh
Uimhir ICCAT
Fad ama na hoibríochta
Céannacht na n-oibreoirí
Cuóta aonair an tsoithigh
Scála leithdháilte in aghaidh an tsoithigh
Feirm ramhraithe agus feirmeoireachta is ceann scríbe
Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún (CPC)
Uimhir ICCAT
Dáta …
Bailíochtú an stáit brataí …
IARSCRÍBHINN V
Dearbhú Trasloingsithe ICCAT
IARSCRÍBHINN VI
Dearbhú Aistrithe ICCAT
IARSCRÍBHINN VII
Íosfhaisnéis le haghaidh Údaruithe Iascaireachta(30)
A. SAINAITHINT
1. Cláruimhir ICCAT
2. Ainm an tsoithigh iascaireachta
3. Cláruimhir sheachtrach (litreacha agus uimhreacha)
B. DÁLAÍ IASCAIREACHTA
1. Dáta eisiúna
2. Tréimhse bhailíochta
3. Coinníollacha an údaraithe iascaireachta, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, speiceas, limistéar, trealamh iascaireachta agus aon choinníoll eile is infheidhme agus a thagann ón Rialachán seo agus/nó ó reachtaíocht náisiúnta.
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Ón ../../...
Go dtí an ../../...
Limistéir
Speiceas
Trealamh iascaireachta
Dálaí eile
IARSCRÍBHINN VIII
Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT
BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT A SHANNADH
1. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag gach breathnóir réigiúnach ICCAT ionas go mbeidh sé in ann a thascanna a chur i gcrích:
(a) taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;
(b) eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a mheasúnaítear le teastas arna sholáthar ag na Ballstáit ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;
(c) cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;
(d) eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh nó na feirme ar a bhfuil siad i mbun breathnóireachta.
OIBLEAGÁIDÍ AN BHREATHNÓRA RÉIGIÚNAIGH ICCAT
2. Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:
(a) beidh an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT déanta acu;
(b) beidh náisiúntacht ceann de na Ballstáit acu, agus, a mhéid is féidir, ní náisiúntacht stát na feirme nó an ghaiste nó stát brataí an tsoithigh peas-saighne a bheidh acu. Más as an gcaighean a shaothraítear tuinníní gorma agus má thrádáiltear iad mar tháirgí úra, áfach, féadfaidh náisiúntacht an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a bheith ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ag déanamh breathnóireachta ar an saothrú sin;
(c) ní mór iad a bheith in ann na tascanna atá leagtha amach i bpointe 3 a dhéanamh;
(d) ní mór iad a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann ICCAT;
(e) ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach tuinníní gorma.
TASCANNA BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT
3. Is éard a bheidh i dtascanna bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT, go háirithe:
(a) i gcás breathnóirí ar shoithí peas-saighne, déanfaidh siad faireachán ar a mhéad a chomhlíonann na soithí peas-saighne na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag ICCAT. Go háirithe, déanfaidh an breathnóir réigiúnach na bearta sonracha seo:
1. i gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach ICCAT neamh-chomhlíonadh féideartha moltaí ICCAT, déanfaidh sé/sí an fhaisnéis sin a thíolacadh gan mhoill chuig cuideachta chur chun feidhme bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a chuirfidh an fhaisnéis faoi bhráid údaráis stáit brataí an tsoithigh gabhála gan mhoill;
2. taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;
3. breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;
4. tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne;
5. soithí a aimsiú a d’fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;
6. taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéantar;
7. suíomh an tsoithigh agus é i mbun aistrithe a fhíorú;
8. breathnóireacht agus meastachán ar tháirgí arna n-aistriú, lena n-áirítear trí thaifid físe a athbhreithniú;
9. fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann;
10. obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó Choimisiún ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;
(b) i gcás breathnóirí réigiúnacha ICCAT ar fheirmeacha agus gaistí, faireachán ar a mhéad a chomhlíontar na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta a ghlac ICCAT. Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT na rudaí sonracha seo:
1. na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar an DGTG (Doiciméad um Ghabháil Tuinnín Ghoirm) a fhíorú, lena n-áirítear trí fhístaifid a athbhreithniú;
2. na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar DGTGanna a dheimhniú;
3. tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na bhfeirmeacha agus na ngaistí;
4. gan an dearbhú aistrithe agus an dearbhú cur i gcaighean agus DGTGanna a chomhshíniú ach amháin i gcás ina n-aontaíonn sé/sí go bhfuil an fhaisnéis ar na doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne sé/sí agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43(1);
5. obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;
6. clárú agus fíorú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí;
(c) tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe seo agus deis a thabhairt don mháistir agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis ábhartha a chur sna tuarascálacha sin;
(d) an tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (c) a chur faoi bhráid na Rúnaíochta laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;
(e) déanfaidh siad aon fheidhm eile arna sainiú ag Coimisiún ICCAT a fheidhmiú.
4. Déileálfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe na soithí peas-saighne agus na bhfeirmeacha mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas sin i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach ICCAT.
5. Comhlíonfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an stáit bhrataí nó an stáit feirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach nó ar an bhfeirm a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.
6. Urramóidh breathnóir réigiúnach ICCAT an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar gach pearsanra soithigh agus feirme, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann soithigh agus feirme a leagtar amach i bpointe 7 den Iarscríbhinn seo agus in Airteagal 39.
OIBLEAGÁIDÍ NA mBALLSTÁT BRATAÍ I LEITH BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT
7. Áiritheoidh na Ballstáit a bhfuil an soitheach peas-saighne, an fheirm nó an gaiste faoina gcúram, an méid a leanas maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:
(a) go bhfuil rochtain acu ar fhoireann an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste agus ar threalamh, caighin agus fearas;
(b) go bhfuil rochtain acu, ar iarraidh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, chun comhlíonadh a ndualgais mar atá leagtha amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo a éascú:
1. trealamh loingseoireachta satailíte,
2. scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid,
3. modhanna leictreonacha cumarsáide;
(c) go gcuirtear cóiríocht, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil dóibh, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d’oifigigh;
(d) go gcuirtear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta ar fáil dóibh le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.
COSTAIS A THAGANN AS CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT
8. Seasfaidh gach oibreoir feirme nó úinéir soithigh peas-saighne na costais go léir a thagann as clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN IX
Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta
D’aontaigh ICCAT an méid seo a leanas ag a Cheathrú Gnáthchruinniú (Maidrid, Samhain 1975) agus ag a Chruinniú Bliantúil in 2008 in Marrakech:
De bhun mhír 3 d’Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann Coimisiún ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na bearta i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:
I. SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA
1. Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT:
(a) [iascaireacht] gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag an CPC brataí;
(b) gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe Choimisiún ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;
(c) iascaireacht i limistéar dúnta;
(d) iascaireacht le linn séasúr dúnta;
(e) tógáil nó coinneáil d’aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;
(f) sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;
(g) trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;
(h) marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó;
(i) fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;
(j) iliomad sáruithe ar neamhaird tromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;
(k) cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;
(l) an córas faireacháin soithí (CFS) a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó;
(m) sáruithe eile de réir mar a fhéadfaidh ICCAT a chinneadh, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta sin;
(n) iascaireacht a dhéanamh le cúnamh ó eitleáin bhreathnóireachta;
(o) cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó soitheach a oibriú gan CFS;
(p) gníomhaíocht aistrithe gan dearbhú aistrithe;
(q) trasloingsiú ar muir.
2. I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin.
3. Cláróidh cigire ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus aon sáruithe a thabharfar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.
4. Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh an Ballstát brataí go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.
5. I gcás nach gceanglaítear ar an soitheach dul chuig calafort, soláthróidh an Ballstát brataí údar iomchuí go tráthúil don Choimisiún Eorpach a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, a chuirfidh í ar fáil do Pháirtithe Conarthacha eile ar iarraidh.
II. CIGIREACHTAÍ A SHEOLADH
6. Cigirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus ainm gach cigire arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.
7. Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna heisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar longa atá i mbun dualgais idirnáisiúnta dul ar bord agus cigireachta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na long a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT chomh luath agus is féidir sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear trína cur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail.
8. Beidh doiciméad aitheantais iomchuí arna eisiúint ag údaráis an stáit bhrataí ina sheilbh ag gach cigire, agus beidh an doiciméad aitheantais sin san fhoirm atá léirithe i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo.
9. Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi phointe 16, soitheach atá faoi bhrat Páirtí Chonarthaigh agus é ag iascach ar thuinníní nó éisc atá cosúil le tuinníní i Limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá laistigh dá dhlínse náisiúnta, stopfaidh an soitheach sin má thugann long a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i bpointe 7 ar foluain uirthi agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach i mbun oibríochtaí iascaireachta iarbhír, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar atá sonraithe i bpointe 10 dul ar bord agus cuirfidh sé dréimire bordála ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, gabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigire aon mhínithe a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.
10. Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Beidh an páirtí cigireachta chomh beag agus is féidir chun na dualgais atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.
11. Agus é ag dul ar bord an tsoithigh, taispeánfaidh an cigire an doiciméadacht aitheantais a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 8. Urramóidh an cigire rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air agus a chriú, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord;
Ní dhéanfaidh aon chigire níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil na moltaí sin ó Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus é i mbun cigireachta, féadfaidh cigire aon chúnamh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh an cigire tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna formheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh an cigire an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é/í féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé/sí a bheith oiriúnach agus síneoidh sé/sí na barúlacha sin.
12. Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimsítear aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.
13. Mura nglacfar le cigire nó mura leanfar treoracha an chigire déileálfaidh stát brataí an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin in aghaidh cigire náisiúnta.
14. Déanfaidh an cigire a dhualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh sé faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.
15. Déanfaidh Páirtithe Conarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhaíodh siad dá réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh forálacha an phointe seo aon oibleagáid ar Pháirtí Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Comhoibreoidh Páirtithe Conarthacha chun nósanna imeachta breithiúnacha nó de chineál eile a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo a éascú.
16. (a) Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 15 Feabhra gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir an mholta a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse sin, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí a mbeidh cigirí ar bord orthu.
(b) Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach i Moladh ICCAT 19-04 agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir na Páirtithe Conarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.
17. (a) Déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an chigireacht. Luafaidh an cigire an folimistéar ina ndearnadh an chigireacht, agus déanfar cur síos ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil chigireachta.
(b) Beidh an cigire i dteideal cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.
18. Cuirfidh an cigire marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid Choimisiún ICCAT is infheidhme maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin sa tuarascáil chigireachta.
19. Féadfaidh an cigire grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d’aon ní eile a cheapann sé/sí is gá a thógáil ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán i bhfeidhm, dar leis/léi, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf dóibh a liostú sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an stát brataí.
20. Déanfaidh an cigire cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.
21. Seo a leanas léirshamhail den chárta aitheantais do chigirí:
IARSCRÍBHINN X
Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta.
Oibríochtaí aistrithe
1. Déanfar an gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifead bunaidh a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta aistrithe agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.
2. Coinneofar an taifead bunaidh ar bord an tsoithigh gabhála nó, nuair is iomchuí, coinneoidh oibreoir an ghaiste nó na feirme é feadh na tréimhse iomláine údaraithe.
3. Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne agus cóip eile chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe, agus beidh an dearbhú aistrithe agus na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí ag gabháil leis an dara cóip a luadh. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sin ach maidir le breathnóirí náisiúnta i gcás aistrithe idir soithí tarraingthe.
4. Ní mór uimhir ICCAT maidir le húdarú aistrithe a thaispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.
5. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.
6. Roimh thús an aistrithe, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán chomh maith le píosa scannáin ag taispeáint an bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.
7. Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht aistrithe ar fad cumhdaithe aige.
8. Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.
9. Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, ▌déanfar aistriú rialaithe. Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh ar údaráis bhrataí an tsoithigh nó an ghaiste aistriú rialaithe a dhéanamh. I gcás nach n-iarrfaidh an t-oibreoir an t-aistriú rialaithe sin nó nach mbeidh toradh an aistrithe dheonaigh sin sásúil, iarrfaidh na húdaráis rialaithe a oiread aistrithe rialaithe is gá go dtí go mbeidh fístaifead ar cháilíocht ard go leor ar fáil. Cumhdófar sna haistrithe rialaithe sin aistriú na dtuinníní gorma go léir ón gcaighean glactha go caighean eile agus ní mór an dara caighean sin a bheith folamh. I gcás inar de thionscnamh gaiste na héisc, féadfar na tuinníní gorma atá aistrithe cheana ón ngaiste go dtí an caighean glactha a sheoladh ar ais go dtí an gaiste agus, sa chás sin, déanfar an t-aistriú rialaithe a chur ar ceal faoi mhaoirseacht an bhreathnóra réigiúnaigh de chuid ICCAT.
Oibríochtaí cur i gcaighean
1. Cuirfear an gléas ríomhstórála ina bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe agus is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.
2. Coinneoidh an fheirm an taifead bunaidh, nuair is infheidhme, feadh na tréimhse iomláine údaraithe.
3. Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar an bhfeirm.
4. Beidh uimhir ICCAT maidir le húdarú cur i gcaighean á taispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.
5. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.
6. Roimh thús an chur i gcaighean, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán agus beidh sé soiléir an bhfuil nó nach bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.
7. Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht cur i gcaighean ar fad cumhdaithe aige.
8. Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.
9. Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála oibríocht nua cur i gcaighean a iarraidh. Maidir leis an oibríocht nua cur i gcaighean, déanfar na tuinníní gorma go léir atá i gcaighean na feirme glactha a aistriú go caighean eile agus beidh an dara caighean folamh.
IARSCRÍBHINN XI
Caighdeáin agus nósanna imeachta um chórais ceamaraí steiréascópacha i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean
A. Córais ceamaraí steiréascópacha a úsáid
Déanfar córais ceamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 51, i gcomhréir leis an méid a leanas:
1. Ní lú ná 20 % de líon na n-iasc atá á gcur i gcaighean déine samplála na n-iasc beo. Nuair is féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na n-iasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig eiseamal a thomhas; is éard a bheidh sa sampla sin éisc a thomhaistear idir 2 mhéadar agus 8 méadar ón gceamara.
2. Socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean glactha ar uasleithead 10 méadar agus uasairde 10 méadar.
3. Nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na n-iasc (dhá cheann nó níos mó de chohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don t-aon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí atá bunaithe ag SCRS chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir chatagóir méide na n-iasc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean.
4. Déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 mhéadar agus 8 méadar.
5. Nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais ceamaraí steiréascópacha, lamháil nach mbeidh raon níos mó ná +/- 5 % aici.
6. Beidh sonraí maidir leis na sonraíochtaí teicniúla thuasluaite go léir sa tuarascáil faoi thorthaí an chláir steiréascópaigh, an déine samplála, an mhodheolaíocht samplála a leanadh, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, agus na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) san áireamh. Déanfaidh SCRS athbhreithniú ar na sonraíochtaí sin, agus déanfaidh sé moltaí maidir lena modhnú más gá.
7. I gcásanna nach bhfuil an píosa scannáin ón gceamara steiréascópach ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar mheáchan tuinníní gorma atá á gcur i gcaighean, déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó as an bhfeirm oibríocht nua cur i gcaighean a ordú.
B. Torthaí na gclár a chur i láthair agus a úsáid
1. Déanfar cinntí maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na Comhoibríochta Iascaireachta (COI) nó gabhálacha gaiste iomlána, i gcás COInna agus gabhálacha gaiste dírithe chuig saoráid feirme a bhaineann le CPC amháin agus/nó Ballstát. Déanfar an cinneadh maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na n-oibríochtaí cur i gcaighean i gcás COI a bhfuil níos mó ná CPC amháin agus/nó Ballstát páirteach iontu, mura n-aontóidh údaráis uile CPCanna brataí nó údaráis uile an Bhallstáit brataí go léir ar leo na soithí gabhála atá páirteach i COI a mhalairt.
2. Laistigh de 15 lá ón dáta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil a chur ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:
(a) tuarascáil theicniúil faoin gcóras steiréascópach lena n-áirítear:
– faisnéis staitistiúil faoi mhéid: an meánmheáchan agus an meánfhad, an t-íosmheáchan agus an t-íosfhad, an t-uasmheáchan agus an t-uasfhad, an líon iasc a sampláladh, dáileadh meáchain, dáileadh faid;
(b) torthaí mionsonraithe an chláir, agus méid agus meáchan gach éisc a sampláladh;
(c) tuarascáil maidir le cur i gcaighean lena n-áirítear:
– faisnéis ghinearálta faoin oibríocht: uimhir na hoibríochta cur i gcaighean, ainm na feirme, uimhir an chaighin, uimhir DGTG (Doiciméad um Ghabháil Tuinnín Ghoirm), uimhir ITD (Dearbhú Aistrithe ICCAT), ainm agus bratach an tsoithigh gabhála nó an ghaiste, ainm agus bratach an tsoithigh tarraingthe, dáta oibríocht an chórais steiréascópaigh agus ainm comhaid an phíosa scannáin,
– an t-algartam a úsáideadh chun an fad a choinbhéartú i meáchan,
– comparáid idir na méideanna a dearbhaíodh in DGTG agus na méideanna a fuarthas faoin gcóras steiréascópach, de réir líon an éisc, an mheánmheáchain agus an mheáchain iomláin (seo a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun an difríocht a ríomh: (córas steiréascópach-DGTG) /córas Steiréascópach * 100),
– lamháil earráide an chórais,
– i gcás na dtuarascálacha cur i gcaighean a bhaineann le COInna/gaistí, beidh achoimre chomh maith sa tuarascáil dheireanach maidir le cur i gcaighean ar an bhfaisnéis go léir sna tuarascálacha maidir le cur i gcaighean roimhe sin.
3. Agus an tuarascáil ghabhála á fáil acu, déanfaidh údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste na bearta go léir is gá de réir na gcásanna seo a leanas:
(a) an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG, is meáchan é atá laistigh de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:
– ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,
– déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon an éisc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe nó ó theicnící eile a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;
(b) tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in BCD níos ísle ná raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:
– déanfar scaoileadh a ordú tríd an bhfigiúir is ísle de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh a úsáid,
– déanfar na hoibríochtaí scaoilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus in Iarscríbhinn XII,
– i ndiaidh na n-oibríochtaí scaoilte, déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon na n-iasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe lúide líon na n-iasc a scaoileadh a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;
(c) tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG níos airde ná an figiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:
– ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,
– déanfar DGTG a mhodhnú don mheáchan iomlán (tríd an bhfigiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh), do líon na n-iasc (ag úsáid na dtorthaí ó na ceamaraí rialaithe) agus don mheánmheáchan dá réir.
4. Maidir le haon mhodhnú iomchuí ar DGTG, beidh na luachanna (líon agus meáchan) a chuirtear i Roinn 2 i gcomhréir leo siúd atá i Roinn 6, agus ní bheidh na luachanna i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 níos airde ná iad siúd atá i Roinn 2.
5. I gcás cúiteamh i leith difríochtaí a fuarthas idir tuarascálacha aonair maidir le cur i gcaighean as gach cur i gcaighean ó COI/ó ghaiste, bíodh gá le hoibríocht scaoilte nó na bíodh, déanfar gach DGTG iomchuí a mhodhnú ar bhonn an raoin is ísle de thorthaí an chórais steiréascópaigh. Déanfar DGTG a bhaineann leis na cainníochtaí de thuinníní gorma a scaoileadh saor a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú. DGTGanna a bhaineann le tuinníní gorma nár scaoileadh saor ach a bhfuil na torthaí ó na córais steiréascópacha nó teicnící eile difriúil óna torthaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfar iad a leasú chun na difríochtaí sin a léiriú.
DGTGanna a bhaineann leis na gabhálacha ón suíomh a rinneadh an oibríocht scaoilte, déanfar iad a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh saor a léiriú.
IARSCRÍBHINN XII
Prótacal Scaoilte
1. Déanfar tuinníní gorma a scaoiltear isteach san fharraige ó chaighin feirmeoireachta a thaifeadadh le físcheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis na fístaifid chuig Rúnaíocht ICCAT.
2. I gcás inar eisíodh ordú scaoilte, iarrfaidh an t-oibreoir feirme breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair.
3. Déanfaidh breathnóir náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach tarraingthe nó as an ngaiste scaoileadh tuinníní gorma ó chaighin iompair nó ó ghaistí isteach san fharraige a bhreathnú, agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig údaráis rialaithe an Bhallstát atá freagrach.
4. Sula dtugtar faoi oibríocht scaoilte, d’fhéadfadh údaráis rialaithe na mBallstát aistriú rialaithe a ordú le gnáthcheamaraí agus/nó le ceamaraí steiréascópacha chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan na n-iasc nach mór a scaoileadh.
5. Aon bhearta breise a cheapann údarás na mBallstát gur gá iad a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí scaoilte ag an am agus an suíomh is feiliúnaí d’fhonn an dóchúlacht go rachaidh na héisc ar ais chuig an stoc a mhéadú, sin bearta is féidir le húdarás na mBallstát a chur i bhfeidhm. Beidh an t-oibreoir freagrach as na héisc a choinneáil beo go dtí go mbeidh an oibríocht scaoilte déanta. Déanfar na hoibríochtaí scaoilte sin laistigh de thrí seachtaine ó dheireadh na n-oibríochtaí cur i gcaighean.
6. Tar éis dheireadh na n-oibríochtaí saothraithe, déanfar éisc atá fós ar fheirm agus nach bhfuil cumhdaithe faoi DGTG a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus san Iarscríbhinn seo.
IARSCRÍBHINN XIII
Ag déileáil le héisc mharbha
Le linn oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí peas-saighne, déanfar na cainníochtaí d’éisc mharbha a aimsítear sa saighean a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta agus déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit dá réir.
Ag taifeadadh na n-iasc marbh le linn an chéad aistrithe agus ag déileáil leo:
1. Déanfar DGTG a sholáthar d’oibreoir an tsoithigh tarraingthe agus Roinn 2 (Gabháil iomlán), Roinn 3 (Trádáil in éisc bheo) agus Roinn 4 (Aistriú– éisc “mharbha” san áireamh) comhlánaithe.
Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i Roinn 3 agus i Roinn 4 cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 2. I gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, beidh Dearbhú Aistrithe bunaidh ICCAT (ITD) ag gabháil le DGTG. Beidh na cainníochtaí a thuairisceofar in ITD (beo-aistriú), cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 3 de DGTG lena mbaineann.
2. Déanfar macasamhail de DGTG agus Roinn 8 (Faisnéis trádála) a chomhlánú agus a thabhairt d’oibreoir an tsoithigh coimhdeachta a thugann tuinníní gorma marbha i dtír (nó coinneofar iad ar an soitheach gabhála má tugadh go díreach i dtír iad). Beidh cóip de ITD ICCAT ag gabháil leis an iasc marbh sin agus leis an macasamhail de DGTG.
3. Beidh na cainníochtaí d’éisc mharbha taifeadta in DGTG an tsoithigh gabhála a rinne a ngabháil , nó i gcás COInna, in DGTG na soithí gabhála nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain uirthi atá ag glacadh páirt in COI.
Caighdeáin Íosta i leith Córas Faireacháin Soithí a bhunú laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT(32)
1. D’ainneoin ceanglais níos déine a bhféadfaidh feidhm a bheith acu in iascach sonrach de chuid ICCAT, déanfaidh gach Ballstát Córas Faireacháin Soithí a chur chun feidhme (dá ngairtear CFS anseo feasta) le haghaidh na soithí iascaireachta dá chuid is mó ná 15 mhéadar ar fad agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit brataí agus:
(a) Ceanglóidh gach Ballstát ar a shoithí iascaireachta córas féinrialaitheach is léir má dhéantar crioscaíl leis a bheith acu, córas a chuirfidh teachtaireachtaí ar aghaidh i gcónaí, go huathoibríoch agus go neamhspleách ó aon ionchur ón soitheach, chuig lárionad faireacháin iascaigh (LFI) an Bhallstáit brataí ionas go mbeidh an Ballstát brataí sin in ann suíomh, cúrsa agus luas soithigh iascaireachta a rianú.
(b) Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an gléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord an tsoithigh iascaireachta na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a tharchur i gcónaí chuig LFI an Bhallstáit brataí:
– céannacht an tsoithigh;
– suíomh geografach an tsoithigh (domhanleithead, domhanfhad) le lamháil earráide is lú ná 500 méadar, agus le heatramh muiníne 99 %; agus
– an dáta agus an t-am.
(c) Áiritheoidh gach Ballstát go bhfaighidh LFI an Bhallstáit brataí fógra uathoibríoch má bhristear an líne chumarsáide idir LFI agus an gléas rianaithe satailíte.
(d) Maidir leis na teachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchuirfear ón soitheach agus é ag oibriú in uiscí faoi dhlínse Stáit cósta, áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhar leis an Stát cósta sin, go ndéanfar na teachtaireachtaí sin a tharchur go huathoibríoch agus i bhfíor-am chuig LFI an Stáit cósta sin a thugann údarás don ghníomhaíocht. Agus an fhoráil seo á cur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar na costais oibríochtúla, na deacrachtaí teicniúla agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le tarchur na dteachtaireachtaí sin a íoslaghdú.
(e) Chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a éascú, faoi mar a chuirtear síos air i bpointe 1(d), déanfaidh LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus LFI an Stáit cósta a gcuid faisnéise teagmhála a mhalartú le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin gan mhoill. Tabharfaidh LFI an Stáit cósta fógra don Bhallstát brataí nó do LFI CPC faoi aon bhriseadh i gceapadh na dteachtaireachtaí leantacha faoi shuíomh an tsoithigh. Maidir le tarchur na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh idir LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus an Stát cósta, is go leictreonach trí chóras sábháilte cumarsáide a dhéanfar iad.
2. Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí CFS a éascú, faoi mar a shonraítear i mír 1, agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun suíomh na soithí a rianú go leanúnach.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu go mbeidh na gléasanna rianaithe satailíte ag buanfheidhmiú go ceart agus go leanúnach, agus go mbaileofar an fhaisnéis a luaitear i mír 1(b) ar a laghad uair amháin in aghaidh na huaire i gcás soithí peas-saighne agus gach ré uair an chloig i gcás gach soitheach eile, agus go dtarchuirfear an fhaisnéis sin freisin. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit go n-áiritheoidh oibreoirí na soithí:
(a) nach ndéanfar crioscaíl leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;
(b) nach ndéanfar athrú ar shonraí CFS in aon chor;
(c) nach gcuirfear isteach ar an aeróg atá nasctha leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;
(d) go mbeidh an gléas rianaithe satailíte cruashreangaithe isteach sa soitheach iascaireachta agus nach mbrisfear an soláthar cumhachta d’aon turas in aon chor; agus
(e) nach mbainfear an gléas rianaithe satailíte as an soitheach ach amháin chun é a dheisiú nó ceann úr a chur ar bord.
4. I gcás cliseadh teicniúil ar an ngléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta nó i gcás nach bhfeidhmeoidh sé mar is ceart, déanfar an gléas a dheisiú laistigh de mhí amháin ón am a tharla an teagmhas, nó déanfar gléas eile a chur ina ionad, murar baineadh an soitheach de liosta LSFVanna údaraithe, i gcás inarb infheidhme, nó i gcás na soithí nach bhfuil sé de cheangal orthu a bheith ar an liosta soithí údaraithe de chuid ICCAT, ní bheidh feidhm ag an údarú iascaireacht a dhéanamh i limistéir lasmuigh de dhlínse CPC brataí maidir leo a thuilleadh. Ní bheidh d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta agus gléas rianaithe satailíte ar bord nach bhfuil ag feidhmiú i gceart. Thairis sin, nuair nach bhfuil gléas ag feidhmiú mar is ceart nó nuair a theipeann air go teicniúil i rith turas iascaireachta, déanfar an gléas a dheisiú nó gléas úr a chur ina ionad a thúisce a bhaineann an soitheach an calafort amach; Ní bheidh sé d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta gan an gléas rianaithe satailíte a bheith deisithe nó gan gléas úr a bheith curtha ina ionad.
5. Áiritheoidh gach Ballstát nó CPC go gcuirfidh soitheach iascaireachta a bhfuil gléas rianaithe satailíte nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ar bord aige tuarascálacha ina bhfuil an fhaisnéis a luaitear i mír (1b) chuig LFI, uair sa lá ar a laghad, trí mhodh cumarsáide eile (an raidió, tuairisciú gréasáin, ríomhphost, teileafacs nó teiléacs).
6. Ní fhéadfaidh na Ballstáit nó CPC cead a thabhairt do shoitheach an gléas rianaithe satailíte a mhúchadh ach amháin más rud é nach mbeidh sé i mbun iascaireachta go ceann tréimhse fhada ama (e.g., agus é sa duga tirim i mbun deisithe), agus go dtabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúlachta an Bhallstáit brataí nó CPC roimh ré. Ní mór an gléas rianaithe satailíte a athghníomhachtú sula bhfágann sé an calafort agus ní mór dó tuarascáil amháin ar a laghad a tharchur agus a bhailiú faoin am sin freisin.
IARSCRÍBHINN XVI
Tábla comhghaoilidir Rialachán (AE) 2016/1627 agus an Rialachán seo
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).
Moladh ó ICCAT maidir le Taifead ICCAT a chur ar bun, ar taifead é ar shoithí dar fad 20 méadar ó shoc go cúl, nó rud is faide ná sin, a bhfuil sé d’údarú acu a bheith ag obair i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail, chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).
Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 188 12.7.2019, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).
Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).
Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
Tá an méid sin le fáil i Moladh ICCAT maidir le Caighdeáin Íosta i leith Córais Faireacháin Soithí laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT 18-10.
CoscAghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne ***II
112k
43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (14308/1/2020 – C9-0113/2021 – 2018/0331(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14308/1/2020 – C9‑0113/2021),
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0640),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint d’Airteagal 294 (7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0133/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.