Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816 (COM(2019)0003 – C8-0025/2019 – 2019/0001A(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0003),
– ag féachaint do chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 11 Feabhra 2021 á údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an togra thuasluaite ón gCoimisiún a dheighilt agus dhá thuarascáil reachtacha ar leithligh a tharraingt suas bunaithe ar an togra sin,
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 82(1) agus d’Airteagal 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Parlaimint na hEorpa (C8-0025/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Márta 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0254/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1150.)
Leasuithe iarmhartacha ETIAS: teorainneacha agus víosaí ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha a bhaineann le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha ETIAS agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2018/1861 (COM(2019)0004 – C8-0024/2019 – 2019/0002(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0004),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0024/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Márta 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0255/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1152.)
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss - an Ghearmáin
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss (COM(2021)0207 – C9-0156/2021 – 2021/0107(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0207 – C9‑0156/2021),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (“IIA an 16 Nollaig 2020”), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9‑0189/2021),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 585 iomarcaíocht(4) i gceithre fhochuideachta de chuid na cuideachta Guss GmbH atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 24 (Monarú miotal bunúsach) i leibhéal NUTS 2 Düsseldorf (DEA1)(5) agus Arnsberg (DEA5)(6), laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 31 Iúil 2020 go dtí an 30 Samhain 2020;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 585 oibrí ar chuir ceithre fhochuideachta de GMH Guss GmbH sa Ghearmáin ar iomarcaíocht iad.
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát;
E. de bhrí go bhfuil dúshláin mhóra roimh thionscal na teilgcheárta sa Ghearmáin amhail athruithe i dtrádáil idirnáisiúnta in earraí agus seirbhísí agus rótháirgeadh sa tSín, go háirithe sa tionscal mótarfheithiclí, chomh maith le gníomhaíochtaí a athlonnú chuig tríú tíortha, lena n-áirítear chuig tíortha is iarrthóirí AE, áit a bhfuil caighdeáin chomhshaoil níos ísle i bhfeidhm(7) agus ina dtugtar fóirdheontais mhór do thionscail;
F. de bhrí gur thosaigh fadhbanna GMH Guss nuair a rinne príomhchliant na fochuideachta Walter Hundhausen GmbH, a bhí freagrach as 60 % de tháirgeacht na fochuideachta, an cinneadh chun codanna den slabhra soláthair a thabhairt don Tuirc;
G. de bhrí gur oscail an t-iomaitheoir Téavánach MEITA dhá theilgcheárta in Obrenovac na Seirbia, a tháirgeann go príomha do thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus, mar gheall ar fhóirdheontais agus costais saothair níos ísle, bhí MEITA in ann praghsanna i bhfad níos ísle a thairiscint ná mar a bhí ag a iomaitheoir Gearmánach GMH Guss;
H. de bhrí gur tháinig laghdú 8,9 % ar tháirgeadh foriomlán miotail theilgthe sa Ghearmáin idir 2018 agus 2019(8) mar gheall ar na dúshláin seo a bhaineann le domhandú, a raibh tionchar acu go háirithe ar an Réin Thuaidh-Viostfáile ina dtáirgtear 25 % de mhiotail theilgthe na Gearmáine;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghearmáin i dteideal EUR 1 081 706 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 802 845, a chuimsíonn EUR 1 730 731 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 72 114 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine an t-iarratas isteach an 15 Nollaig 2020, agus, tar éis don Ghearmáin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 27 Aibreán 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;
4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 585 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnáil tionsclaíochta na Gearmáine; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Ghearmáin ag dréim leis nach mbeidh ach 476 de na tairbhithe incháilithe iomlána rannpháirteach sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe), 455 ar fir iad agus 21 ar mná iad agus a bhformhór idir 30 agus 54 bliana d’aois;
5. á chur i bhfios go láidir go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar áitiúil, ós rud é gur tharla siad i gcomhthéacs ardleibhéil dífhostaíochta (10,7 % i Meán Fómhair 2020) i gceantar Ruhr mar gheall ar dhúshláin struchtúracha ó na 1960idí agus iarmhairtí phaindéim Covid-19;
6. á chur i bhfios, i gcás fhormhór na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, gur sa dara leath dá mbeatha ghairmiúil atá siad, agus go bhfuil leibhéal íseal cáilíochta foirmiúla acu chomh maith le leibhéal íseal Gearmáinise go minic; á chur i bhfios go láidir thairis sin, mar a mhínítear san iarratas, gur fir iad líon ard de na tairbhithe a mbaineann cúlra imirceach leo agus go bhféadfadh baill eile dá dteaghlaigh a n-ath-imeascadh rathúil sa mhargadh saothair a éascú, ar minic gur fearr i bhfad an t-eolas atá acu ar an nGearmáinis ná na hiarfhostaithe;
7. á thabhairt chun suntais agus á chur in iúl gur geal léi eagrú na bpiarghrúpaí, agus aird á tabhairt ar chásanna pearsanta na n-iarfhostaithe a bhí i gceist; á chur i bhfios go láidir gur gá iarfhostaithe, gan idirdhealú agus go neamhspleách ar a náisiúntacht, a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear sa tionscadal seo CED;
8. á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí riachtanacha a sholáthar do na hoibrithe seo a cuireadh ar iomarcaíocht chun claochlú éiceolaíoch agus cóir thionscal an Aontais a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ós rud é gur oibrigh siad in earnáil a bhí an-dian ó thaobh carbóin de; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na seirbhísí pearsantaithe a sholáthraíonn an CED seo do na hoibrithe, lena n-áirítear bearta uas-scilithe agus cúrsaí Gearmáinise, ceardlanna, treoshuíomh gairme, comhairleoireacht poist, chomh maith le liúntais oiliúna agus seirbhís chomhairleach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, chun an réimse, agus an margadh saothair foriomlán, a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní sa todhchaí;
9. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Lúnasa 2020 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 1 Lúnasa 2020 go dtí an 15 Nollaig 2022;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Samhain 2020 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Samhain 2020 go dtí an 15 Meitheamh 2023;
11. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Ghearmáin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, agus gur cuireadh coiste faireacháin ar bun ar a raibh ionadaithe ón Aireacht Saothair agus Gnóthaí Sóisialta, na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, an chuideachta aistrithe, ionadaithe ó na comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ó cheardchumann IG Metall, leachtaitheoirí an fhiontair dífhostaithe agus a fhochuideachtaí, chomh maith le hionadaithe ó na comhairlí oibreacha, chun idirghabháil chomh-mhaoinithe CED a stiúradh; á thabhairt chun suntais gur chomhoibrigh comhpháirtithe sóisialta na bhfiontar lena mbaineann cheana féin sna míonna agus sna blianta sular slógadh CED chun na dálaí eacnamaíocha deacra agus an staid eacnamaíoch dheacair a fheabhsú, lena n-áirítear lamháltais tuarastail shuntasacha a rinne na hoibrithe;
12. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine in iúl go bhfuil na gníomhartha incháilithe ag comhlánú bearta a thairgeann Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), gan iad a chur ina n-ionad, trí Chlár Oibriúcháin CSE do Réin Thuaidh-Viostfáile;
13. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
14. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
15. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1021.)
Fochuideachtaí Friedrich Wilhelms-Hütte Eisenguss GmbH agus Friedrich Wilhems-Hütte GmbH, agus an dá fhochuideachta sin lonnaithe in Mülheim an der Ruhr.
Fochuideachta Dieckerhoff Guss GmbH in Gevelsberg, agus an fhochuideachta Walter Hundhausen GmbH (chomh maith le ceanncheathrú GMH Guss GmbH) in Schwerte.
Taighde ó Deutsche Bank (2020): Automobilindustrie – Produktion in China überflügelt heimische Fertigung; Eurofound (2016): -Tuarascáil ERM, 2016: Moilliú ar an domhandú? Fianaise a fuarthas le déanaí faoi sheachfhoinsiú agus faoi chur ar bun sa bhaile an athuair san Eoraip; Eurofound (2020): Tuarascáil ERM, 2020: Athstruchtúrú thar theorainneacha. Arna thomhas in olltonnáiste cúitithe (cgt).
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport (COM(2021)0212 – C9-0159/2021 – 2021/0109(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0212 – C9‑0159/2021),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (“IIA an 16 Nollaig 2020”), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0188/2021),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 1 468 n-iomarcaíocht(4) sa chuideachta Swissport Belgium, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 9 Meitheamh 2020 go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2020;
C. de bhrí, an 27 Aibreán 2021, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh i bhfabhar na Beilge chun tacú le hath-imeascadh 1 468 dtairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair;
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 468 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Swissport Belgium.
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
F. de bhrí gur bhain paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda dá héis suaitheadh ollmhór as tionscal an taistil sa Bheilg, go háirithe na haeriompróirí agus na fiontair atá ag feidhmiú ag Aerfort na Bruiséile, áit ar tháinig sa chéad seachtain den dianghlasáil (16-22 Márta 2020) laghdú 58 % ar líon na n-eitiltí i gcomparáid le hEanáir 2020, agus gur stad gluaiseachtaí eitleán paisinéirí ag an aerfort beagnach go hiomlán sna seachtainí ina dhiaidh sin;
G. de bhrí, in 2020, gur tháinig laghdú 60 % ar thrácht idirnáisiúnta paisinéirí i gcomparáid le 2019 (ó 4,5 billiún paisinéir go 1,8 billiún paisinéir) agus go ndearnadh 50 % d’aerárthaí domhanda a stóráil; de bhrí go raibh Swissport Belgium, ceann den dá láimhseálaí ar an talamh de chuid Aerfort na Bruiséile, freagrach as 60 % de na seirbhísí láimhseála agus glantacháin ag an aerfort;
H. de bhrí, an 9 Meitheamh 2020, tar éis seachtainí gur ar éigean seirbhísí ar an talamh a bheith ann ag Aerfort na Bruiséile, gur fógraíodh Swissport Belgium a bheith féimheach mar gheall ar easpa leachtachta, rud as ar eascair na hiomarcaíochtaí lena mbaineann;
I. de bhrí go raibh Swissport Belgium ag cur plean téarnaimh i bhfeidhm go rathúil sular bhuail an phaindéim é, ag tuar go mbeadh laghdú 37 % ar chaillteanais do 2020 i gcomparáid le 2019, agus gur dhearbhaigh Cúirt na Bruiséile é a bheith féimheach an 9 Meitheamh 2020;
J. de bhrí, mar gheall ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, nár léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium a ghlacadh chuige féin;
K. de bhrí gur mór an baol go bhféadfadh tuilleadh féimheachtaí a bheith ann i measc soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh le linn 2021;
L. de bhrí gurb é seo ceann de na chéad slógaí de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(5) a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa, á rá go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;
M. de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála(6);
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 3 719 224 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 6 198 708, a chuimsíonn EUR 5 977 108 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 221 600 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 22 Nollaig 2020, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 27 Aibreán 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;
4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas ar an iomlán le 1 468 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Swissport Belgium, ar fir iad 1 086 díobh agus ar mná iad 382 díobh; á chur in iúl gur geal léi go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha ar fad páirt sna bearta;
5. á mheabhrú gurb é a tháinig de dhúnadh síos tobann earnálacha lárnacha áirithe sa Bheilg (lónadóireacht, turasóireacht, cultúr, etc.) gur shroich dífhostaíocht sa Bhruiséil 15 % i dtríú ráithe 2020(7), agus gur grúpaí faoi mhíbhuntáiste cuid mhór d’iarfhórsa oibre Swissport Belgium, toisc gur oibrithe ar bheagán oiliúna agus leathoilte iad den chuid is mó agus go bhfuil thart ar aon trian díobh (32,5 %) os cionn 50 bliain d’aois;
6. á chur i bhfios go láidir gur gá do na fostaithe go léir, gan idirdhealú agus go neamhspleách ar a náisiúntacht, a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear i slógadh seo CED;
7. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 9 Meitheamh 2020 agus gurb é an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 9 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Nollaig 2022;
8. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: faisnéis, cúnamh cuardaigh poist agus treoir ghairme, oiliúint, tacaíocht agus rannchuidiú le cruthú gnó, agus dreasachtaí agus liúntais; á chur in iúl gur geal léi go bhfaighidh oibrithe a bhfuil a n-inscne faoi ghannionadaíocht agus a roghnaíonn gairmoiliúint do phoist a bhfuil éagothroime shuntasach iontu ó thaobh inscne de(8) bónas breise de EUR 700; ag athdhearbhú go bhfuil comhtháthú ghnéithe na hinscne mar ní tábhachtach de bhuiséad an Aontais, agus á mheas gur cheart é a chur chun cinn ag gach céim de chur i bhfeidhm na ranníocaíochta airgeadais ó CED;
9. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 10 Meitheamh 2020 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 10 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Meitheamh 2023;
10. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe oibrithe agus leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le lárionad fostaíochta atá speisialaithe san earnáil eitlíochta;
11. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
12. á mheabhrú gur cheart tacaíocht airgeadais trí CED a sholáthar chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir; ag cur béim ar an ngá an tréimhse measúnaithe ar iarratais ón gCoimisiún a ghiorrú a mhéid is féidir;
13. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.
14. ag cur béim ar an méadú le déanaí ar líon na n-iarratas ar chúnamh airgeadais trí CED; á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin tionchar leanúnach atá ag an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda de dheasca phaindéim COVID-19 ar fhostaíocht agus faoi chumas CED freagairt do gach riachtanas sa todhchaí;
15. ag tacú go láidir go leanfaidh CED sa tréimhse 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta.
16. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
17. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
18. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1020.)
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2020/004 NL/KLM (COM(2021)0226 – C9-0161/2021 – 2021/0115(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0226 – C9-0161/2021),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3) (‘IIA an 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0187/2021),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Ísiltír iarratas EGF/2020/004 NL/KLM isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF), tar éis 1 851 iomarcaíocht(4) sa chuideachta KLM Royal Dutch Airlines i réigiún NUTS leibhéal 2 Noord-Holland (NL32) san Ísiltír, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 15 Lúnasa 2020 go dtí an 15 Nollaig 2020;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 851 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in KLM Royal Dutch Airlines, ar tharla 650 iomarcaíocht díobh le linn na tréimhse tagartha agus gur tharla 1 201 díobh roimh an tréimhse tagartha nó ina diaidh agus gur féidir nasc cúisíoch soiléir a shuíomh leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha;
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát;
E. de bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur chruthaigh géarchéim shláinte COVID-19 géarchéim eacnamaíoch agus gur chuir sí ar son plean téarnaimh Next Generation EU a leagann béim ar an ról lárnach atá ag CED maidir le cuidiú le hoibrithe iomarcacha;
F. de bhrí gur bhain COVID-19 suaitheadh ollmhór as tionscal na heitlíochta de bharr srianta taistil, rud ba chúis le laghdú 98,9 % ar aerthrácht idirnáisiúnta in Aibreán 2020 i gcomparáid le hAibreán 2019, agus go ndearnadh 64 % den aerárthach domhanda a stóráil;
G. de bhrí gur tháinig laghdú 75,6 % ar éileamh paisinéirí idirnáisiúnta in 2020 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2019, cé, de réir réamhaisnéis dhomhanda na bpaisinéirí ón gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta, go dtógfaidh sé idir 3 agus 4 bliana ar thionscal na heitlíochta teacht ar ais chuig an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.
H. de bhrí gurb é seo ceann de an chéad slógaí de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh Teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(5) a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa, á rá go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;
I. de bhrí go raibh, sular thosaigh an phaindéim, méadú seasta ag teacht ar fheidhmíocht airgeadais KLM idir 2015 agus 2019, agus a ghlanbhrabús á mhéadú ó EUR 54 mhilliún sa bhliain airgeadais 2015 go EUR 449 milliún sa bhliain airgeadais 2019;
J. de bhrí gur tháinig laghdú 68 % ar líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar ag KLM agus gur tháinig laghdú 53,8 % ar ioncam KLM in 2020 i gcomparáid le 2019, rud a d’fhág go ndearna KLM caillteanas oibríochta de EUR 1 154 mhilliún a charnadh in 2020 i gcomparáid le brabús EUR 714 mhilliún in 2019(6), agus go ndearnadh a lucht bainistíochta plean athstruchtúrúcháin a fhógairt lena ndéanfaí laghdú thart ar 5 000 coibhéis lánaimseartha ar an lucht saothair(7);
K. de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála(8);
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ísiltír i dteideal EUR 5 019 218 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 8 365 364, a chuimsíonn EUR 8 030 750 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 334 614 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na hÍsiltíre an t-iarratas isteach an 22 Nollaig 2020, agus, tar éis don Ísiltír faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Bealtaine 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. á chur in iúl gur oth léi an próiseas fada i gcás deacair mar sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas measúnaithe, lena n-áiritheofar gur féidir le hoibrithe a dífhostaíodh tairbhe a bhaint as tacaíocht an Aontais ar bhealach tráthúil;
4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 1 851 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta KLM Royal Dutch Airlines ; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ísiltír ag dréim leis nach nglacfaidh ach 1 201 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (‘tairbhithe spriocdhírithe’);
5. ag tabhairt dá haire gur chinn an Ísiltír gan tacaíocht ioncaim a thabhairt do na hoibrithe a briseadh as a bpost trí CED; ag tabhairt dá haire gur sheol rialtas na hÍsiltíre deontas tacaíochta pá cineálach do na cuideachtaí ar fad a ndearna géarchéim COVID-19 difear breis agus 20 % dá lánioncam agus go ndearna Grúpa KLM iarratas ar dheontas NOW (Noodmaatregel Overbrugging voor Werkgelegenheid); ag tabhairt dá haire go ndearna Grúpa KLM iarratas ar an tréimhse iomlán a chumhdaítear le deontas NOW agus go bhfuil réamhíocaíochtaí de EUR 683 mhilliún faighte aige cheana féin agus gur cheart go bhfaigheadh sé EUR 488 milliún sa bhreis;
6. ag tabhairt dá haire gur faoin mBallstát atá sé cinneadh a dhéanamh cé mhéad de na hoibrithe incháilithe ar cheart díriú orthu chun tairbhe a bhaint as an tacaíocht; á iarraidh ar an Ísiltír a chinntiú go ndéanfar na daoine is leochailí, ar dócha go mbeidh orthu dul i ngleic le formhór na ndeacrachtaí i margadh an tsaothair, a chur san áireamh gan aon chineál idirdhealaithe; á chur i bhfáth go bhfuil tairbhe ag baint le gach oibrí iomarcach a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear sa tionscadal seo CED, i gcás gurb í sin an rogha is fearr dóibh;
7. á chur i bhfios go láidir go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí toisc gurb é KLM an dara fostóir príobháideach is mó san Ísiltír a raibh os cionn 33 000 fostaí aige(9) in 2019; á mheabhrú gur tharla na hiomarcaíochtaí sin i gcomhthéacs rátaí dífhostaíochta a bheith ag dul i méid in Noord-Holland, a mhéadaigh faoi 1,5 pointe céatadáin agus a shroich 4,8 % sa cheathrú ráithe de 2020 i gcomparáid le ráithe chéanna 2019;
8. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ísiltír ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Feabhra 2021 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 1 Feabhra 2021 go dtí an 1 Feabhra 2023;
9. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: treoshuíomh gairmiúil, tacaíocht chun obair a fháil in earnálacha tiomnaithe, oiliúint, cóitseáil agus/nó oideachas agus comhairle airgeadais; á chur in iúl gur díol sásaimh di béim na n-údarás ar athoiliúint oibrithe chun a n-aistriú chuig earnálacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair a éascú, amhail oideachas, cúram sláinte, lóistíocht, teicneolaíochtaí agus bainistiú faisnéise;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ísiltír ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Feabhra 2021 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 1 Lúnasa 2023;
11. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur dhréachtaigh an Ísiltír an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear ocht gceardchumann agus, i ndlúthchomhar leis na Comhairlí Oibreacha ábhartha, gur cuireadh grúpa tacaíochta ar bun chun a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí sin a chomhordú;
12. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hÍsiltíre nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais(10);
13. á iarraidh go leanfar den ualach riaracháin a laghdú le linn an phróisis;
14. á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí cumarsáide maidir leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais trí CED; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faisnéis a scaipeadh maidir le breisluach an Aontais agus maidir leis an tacaíocht a thugtar d’earnálacha agus oibrithe leochaileacha, go háirithe i ndiaidh thitim amach COVID-19;
15. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
16. ag tabhairt dá haire, de réir an Choimisiúin, gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;
17. ag tacú go láidir go leanfaidh CED in 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta.
18. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
19. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
20. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2020/004 NL/KLM
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1022.)
An 13 Iúil 2020, d’fhormheas an Coimisiún Eorpach, faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, beart Státchabhrach de chuid na hÍsiltíre ar fiú EUR 3,4 billiún é arb é atá ann ráthaíocht Stáit maidir le hiasachtaí agus iasacht fo-ordaithe Stáit do KLM chun leachtacht phráinneach a chur ar fáil don chuideachta i gcomhthéacs na ráige den choróinvíreas.https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_20_1333
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/007 FI/Finnair - an Fhionlainn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón bhFionlainn – EGF/2020/007 FI/Finnair (COM(2021)0227 – C9-0162/2021 – 2021/0116(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0227 – C9‑0162/2021),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (‘IIA an 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0186/2021),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Fhionlainn iarratas EGF/2020/007 FI/Finnair isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 508 n-iomarcaíocht(4) sa chuideachta Finnair Oyj agus fochonraitheoir amháinr(5) i réigiún NUTS leibhéal 2 Helsinki-Uusimaa (FI1B) san Fhionlainn, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 25 Lúnasa 2020 go dtí an 25 Nollaig 2020;
C. de bhrí, an 6 Bealtaine 2021, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le CED a slógadh chun tacú le 500 tairbhí spriocdhírithe a ath-imeascadh sa mhargadh saothair, i.e. oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2, eadhon Rannán 51 (Aeriompar);
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 504 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Finnair Oyj agus ceathrar le fochonraitheoir amháin san Fhionlainn;
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát;
F. de bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur chruthaigh géarchéim sláinte COVID-19 géarchéim eacnamaíoch agus gur chuir sí ar son plean téarnaimh Next Generation EU a leagann béim ar an ról lárnach atá ag CED maidir le cuidiú le hoibrithe iomarcacha;
G. de bhrí gur bhain COVID-19 suaitheadh ollmhór as tionscal na heitlíochta de dheasca srianta taistil, rud ba chúis le laghdú 98,9 % ar aerthrácht idirnáisiúnta in Aibreán 2020 i gcomparáid le hAibreán 2019(6), agus gur tháinig laghdú 86,5% ar ioncam ciliméadar paisinéirí ar fud an tionscail i Meitheamh 2020 i gcomparáid le Meitheamh 2019(7);
H. de bhrí gur tháinig laghdú 75,6 % ar éileamh paisinéirí idirnáisiúnta in 2020 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2019; de bhrí, de réir réamhaisnéis dhomhanda na bpaisinéirí ón gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta, go dtógfaidh sé idir 3 agus 4 bliana ar thionscal na heitlíochta teacht ar ais chuig an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.
I. de bhrí gur ceann de na chéad slógaí de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(8) a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa, á rá go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;
J. de bhrí, sular thosaigh an phaindéim, go raibh torthaí fónta airgeadais ag Finnair, ós rud é gur tháinig méadú 10,3% ar líon na bpaisinéirí a iompraíodh in 2019 agus gur fhás a ioncam 9,2% in 2019, agus gur shroich EUR 3 097 milliún, i gcomparáid le EUR 2 836 mhilliún in 2018;
K. de bhrí go ndearna srianta atá i bhfeidhm san Fhionlainn agus i dtíortha eile difear mór d’oibríochtaí Finnair, go háirithe maidir le heitiltí idirnáisiúnta agus eitiltí idir ilchríocha; de bhrí gur modh tábhachtach iompair é aerthrácht a nascann ceantair iargúlta, amhail an Fhionlainn, leis an gcuid eile den domhan;
L. de bhrí gur mol mór aerthaistil é Aerfort Heilsincí agus iompróir mór idir an Eoraip agus an Áise Finnair, agus in Eanáir 2020 gur tháinig méadú 58 % ar líon na bpaisinéirí go dtí an tSín i gcomparáid le hEanáir 2019; de bhrí, i bhFeabhra 2020, gur tháinig laghdú 73 % ar líon na bpaisinéirí de dheasca na heipidéime;
M. de bhrí gur tháinig laghdú 76,2 % ar líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar ag Finnair agus gur thit a ioncam 73,2 % in 2020 i gcomparáid le 2019, rud a d’fhág go raibh caillteanas oibríochta EUR 464,5 milliún ag an gcuideachta in 2020(9); de bhrí, mar fhreagairt air sin, go raibh ar Finnair a chostais a laghdú chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sin agus go ndearnadh coigilteas ar eastát réadach, léasú aerárthaí, teicneolaíocht faisnéise (digitiú agus uathoibriú an phróisis custaiméirí atá aige), costais díolacháin agus dáileacháin, agus ar chostais riaracháin agus struchtúir chúitimh; de bhrí gur tháinig de sin laghdú 700 post(10) ar an lucht saothair agus go ndearnadh beagnach an lucht saothair go léir a chur ar scor sealadach ar feadh cuid den bhliain, agus tréimhsí scoir ag leanúint ar aghaidh in 2021 do sciar mór den lucht saothair;
N. de bhrí gurb é aidhm fhadtéarmach Finnair neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2045, le laghdú 50 % ar ghlanastaíochtaí faoi dheireadh 2025 i gcomparáid le leibhéal 2019(11), agus de réir na cuideachta, go bhfuil Finnair tar éis dul chun cinn a dhéanamh le hiarrachtaí inbhuanaitheachta le linn na paindéime freisin le hinfheistíochtaí i mbithbhreoslaí inbhuanaithe;
O. de bhrí gur suntasach é cion earnáil na heitlíochta do gheilleagar na Fionlainne, arb ionann é agus 3,2 % d’OTI iomlán(12), agus de bhrí go bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí san aerlíne is mó sa tír, Finnair, ar réigiún Heilsincí-Uusimaa agus ar an ngeilleagar náisiúnta;
P. de bhrí gur fostaíodh 42 000 duine (23 000 post díreach agus 19 000 post indíreach) in earnáil na heitlíochta san Fhionlainn in 2020 agus go mbeidh tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar náisiúnta; de bhrí gur tháinig méadú 0,8 pointe céatadáin, ó 6,4 % in 2019 go 7,2 % in 2020 ar líon na gcuardaitheoirí poist dífhostaithe i réigiún Heilsincí-Uusimaa ina bhfuil na hiomarcaíochtaí i gceist;
Q. de bhrí, mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an dífhostaíocht de dheasca na géarchéime, go bhféadfadh sé a bheith deacair iar-oibrithe Finnair a athfhostú;
R. de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála(13);
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Fhionlainn i dteideal EUR 1 752 360 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 2 920 600, a chuimsíonn EUR 2 730 600 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 190 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Fionlainne an t-iarratas isteach an 30 Nollaig 2020, agus gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Bealtaine 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna; á chur in iúl gur oth léi gur ghlac measúnú an Choimisiúin chomh fada sin sna himthosca reatha;
3. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;
4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 508 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Finnair Oyl agus le fochonraitheoir amháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Fhionlainn ag dréim leis nach nglacfaidh ach 500 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe);
5. á mheabhrú go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchair shóisialta na n-iomarcaíochtaí suntasach d’oibrithe i réigiún Heilsincí-Uusimaa, áit a bhfuil a mhol oibríochta ag Finnair, agus áit ar tháinig méadú 22,5 % ar líon na gcuardaitheoirí poist dífhostaithe idir Feabhra agus Aibreán 2020, agus méadú 0,8 pointe céatadáin idir 2019 agus 2020(14), as a dtiocfaidh ionchais dheacra i dtéarmaí athfhostú na n-oibrithe dífhostaithe; ag tabhairt dá haire ar bhonn dearfach, dá bhrí sin, go bhféadfadh oibrithe a briseadh as a bpost tairbhiú de threoir agus tacaíocht shaincheaptha maidir le cuardach poist, chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú saincheaptha chun cur leis na deiseanna atá acu a bheith athfhostaithe;
6. á chur i bhfios go láidir gur gá do na fostaithe go léir, gan idirdhealú agus go neamhspleách ar a náisiúntacht, a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear sa tionscadal seo CED;
7. á chur i bhfios gur mná iad níos mó ná 44 % de na daoine incháilithe leis an aoisghrúpa is mó atá buailte idir 30 agus 54 bliana d’aois; ag tabhairt dá haire gurb í an aoisghrúpa 55-64 bliana an dara grúpa is mó (28,20%) agus go bhféadfadh deacrachtaí breise a bheith leis maidir le hath-imeascadh sa mhargadh saothair;
8. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Fhionlainn ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 21 Deireadh Fómhair 2020 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 21 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Nollaig 2022;
9. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: bearta cóitseála agus bearta ullmhúcháin eile, seirbhísí fostaíochta agus gnó, oiliúint, fóirdheontas pá, deontas nuathionscanta agus liúntais le haghaidh taistil, cóiríochta agus aistriú; á chur in iúl gur geal léi cáilíochtaí gairmoiliúna a sholáthar do na tairbhithe, lena n-áirítear cúrsaí amhail an intleacht shaorga (I.S.), slándáil dhigiteach agus an róbataic; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, úsáid fóirdheontais pá ag an bhFionlainn chun costais phárolla na dtairbhithe a laghdú chomh maith le deontais nuathionscanta chun cruthú gníomhaíochta gnó a chur chun cinn ach á mheabhrú gur cheart an tacaíocht sin a bheith coinníollach ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe seo i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Fhionlainn ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 21 Deireadh Fómhair 2020 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 21 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2023;
11. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Fhionlainn an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le meitheal; á thabhairt chun suntais go n-áirítear ar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cruinnithe le hionadaithe ó na Lárionaid um Fhorbairt Eacnamaíoch, Iompar agus Comhshaol agus Oifigí Fostaíochta agus Forbartha Eacnamaíochta de chuid Uusimaa, Finnair agus Ceardchumann, eadhon Ilmailualan Unioni (IAU), Finnairin insinöörit ja ylemmät toimihenkilöt (FINTO), Auto ja Kuljetusalan Työntekijäliitto ry (AKT) agus Trade Union Pro;
12. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Fionlainne nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;
13. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
14. ag tacú go láidir go leanfaidh CED sa tréimhse 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta;
15. ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
16. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
17. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón bhFionlainn – EGF/2020/007 FI/Finnair
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1023.)
IATA: Anailís ar Mhargadh an Aeir – Meitheamh 2020: https://www.iata.org/en/iata-repository/publications/economic-reports/air-passenger-monthly-analysis---june-20202/
An Grúpa Gníomhaíochta um Aeriompar (ATAG), ‘Tairbhí Trasteorann na hEitlíochta: https://aviationbenefits.org/downloads/aviation-benefits-beyond-borders-2020/
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (COM(2019)0003 – C8-0025/2019 – 2019/0001B(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0003),
– ag féachaint do chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 11 Feabhra 2021 á údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an togra thuasluaite ón gCoimisiún a dheighilt agus dhá thuarascáil reachtacha ar leithligh a tharraingt suas bunaithe ar an togra sin,
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus pointe (d) d’Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0025/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294 (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Márta 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0083/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1151.)
An ionstraim a bhunú le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim ***II
115k
43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (07234/1/2021 – C9-0196/2021 – 2018/0258(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (07234/1/2021 – C9‑0196/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0474),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0196/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (06980/2/2021 – C9-0195/2021 – 2018/0206(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06980/2/2021 – C9‑0195/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0382),
– ag féachaint do thogra leasaithe ón gCoimisiúin (COM(2020)0447),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do mholadh don dara léamh ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0197/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
4. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hinfheistíochtaí CSE+ chun bochtaineacht leanaí a chomhrac
In 2019, bhí 18 milliún leanbh i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta in AE agus líon fíorard i gceist i roinnt Ballstát. Mar thoradh ar ráig COVID-19 agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha a ghabhann léi, cuireadh leis an neamhionannas agus leis an mbochtaineacht, agus is mó fós an tionchar a bhí ag an víreas ar na leanaí sin. Tá bochtaineacht leanaí le feiceáil go seasta i ngach Ballstát agus tá na rátaí ag leanúint de bheith níos airde i measc leanaí ná mar a bhíonn i gcás daoine fásta atá in aois oibre.
Dá bhrí sin, is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú cothrom ar thángthas air agus a fhágann gur uirlis chinntitheach é CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bochtaineachta leanaí. Aithnítear sa chomhaontú an phráinn a bhaineann le hinfheistiú i leanaí i ngach Ballstát.
An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht don Leanbh agus é mar aidhm aige dul i ngleic ó thaobh struchtúir de leis an dúshlán. Agus CSE+ á chlárú aige, déanfaidh an Coimisiún a mhíle dícheall a áirithiú go dtiomnóidh na Ballstáit maoiniú iomchuí ó CSE+ chun rannchuidiú leis an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tathantóidh sé ar na Ballstáit ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus na hacmhainní náisiúnta atá ar fáil a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí leordhóthanacha sa réimse sin.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hinfheistíochtaí CSE+ san fhostaíocht le haghaidh daoine óga
Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur bhuail an ghéarchéim shocheacnamaíoch daoine óga go díréireach ag eascairt as ráig COVID-19. Ó mhí na Nollag 2019 go mí na Nollag 2020, tá méadú 3 phointe céatadáin tagtha ar an dífhostaíocht i measc daoine óga san Aontas, rud a fhágann go bhfuil breis agus 3.1 milliún duine óg dífhostaithe. Meabhraíonn an Coimisiún freisin go raibh an dífhostaíocht i measc daoine óga, go seasta, i bhfad níos airde ná an dífhostaíocht i measc daoine fásta, agus léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil difríocht de níos mó ná 10 bpointe céatadáin eatarthu (17.8 % i gcomparáid le 6.6 % i mí na Nollag 2020).
Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air, comhaontú a aithníonn an dúshlán atá ann ar fud na mBallstát. Is é CSE+ an ionstraim chistiúcháin is tábhachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh chun an Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg a glacadh le déanaí chomh maith le bearta ábhartha eile faoin tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme.
Agus CSE+ á chlárú aige, déanfaidh an Coimisiún a mhíle dícheall chun a áirithiú go dtiomnóidh na Ballstáit maoiniú iomchuí ó CSE+ chun an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tathantóidh sé ar na Ballstáit ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus na hacmhainní náisiúnta atá ar fáil a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí leordhóthanacha sa réimse sin.