Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 9 Meitheamh 2021 - Strasbourg
Deimhniú Digiteach COVID AE - saoránaigh den Aontas ***I
 Deimhniú Digiteach COVID AE - náisiúnaigh tríú tír ***I
 An beartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2020
 Gné na hinscne sa Bheartas Comhtháthaithe
 Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol
 75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
 Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta 2021-2027 – An Eoraip Dhomhanda ***II

Deimhniú Digiteach COVID AE - saoránaigh den Aontas ***I
PDF 131kWORD 53k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach) (COM(2021)0130 – C9-0104/2021 – 2021/0068(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0130),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0104/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2021(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Bealtaine 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19

P9_TC1-COD(2021)0068


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/953.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Aontaíonn an Coimisiún go bhfuil vacsaíní agus tástálacha COVID-19 d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 atá inacmhainne agus inrochtana ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19. Ag cur san áireamh nach mbeidh an daonra ar fad vacsaínithe nuair a thiocfaidh Rialacháin (AE) 2021/953 agus Rialacháin (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm, tá rochtain ar dheiseanna tástála inacmhainne tábhachtach chun saorghluaiseacht agus soghluaisteacht san Eoraip a éascú.

Chun tacú le hacmhainneachtaí tástála na mBallstát, tá cistí curtha ar fáil ag an gCoimisiún cheana féin faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun mearthástálacha antaiginí a cheannach agus tá soláthar comhpháirteach seolta aige i gcomhair leathbhilliún mearthástáil antaiginí. Tá Cónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge ag tacú freisin leis na Ballstáit an inacmhainneacht tástála a mhéadú, agus leas á bhaint as cistiú ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’infhaighteacht tástálacha inacmhainne, go háirithe do dhaoine a thrasnaíonn teorainneacha go laethúil nó go minic chun dul ar obair nó ar scoil, cuairt a thabhairt ar gharghaolta, cúram leighis a lorg, nó aire a thabhairt do dhaoine muinteartha, geallann an Coimisiún cistí breise EUR 100 milliún a shlógadh faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tástálacha a cheannach d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 atá cáilithe maidir le heisiúint deimhniú tástála de bhun Rialachán (AE) 2021/953. Más gá, d’fhéadfaí leas a bhaint as cistiú breise os cionn EUR 100 milliún, faoi réir fhormheas an údaráis bhuiséadaigh.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 29 Aibreán 2021 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0145).


Deimhniú Digiteach COVID AE - náisiúnaigh tríú tír ***I
PDF 130kWORD 47k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID 19 agus le haghaidh fhíorú agus ghlacadh na ndeimhnithe sin (an Deimhniú Glas Digiteach) (COM(2021)0140 – C9 0100/2021 – 2021/0071(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0140),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0100/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Bealtaine 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(1);

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

P9_TC1-COD(2021)0071


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/954.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Aontaíonn an Coimisiún go bhfuil vacsaíní agus tástálacha COVID-19 d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 atá inacmhainne agus inrochtana ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19. Ag cur san áireamh nach mbeidh an daonra ar fad vacsaínithe nuair a thiocfaidh Rialacháin (AE) 2021/953 agus Rialacháin (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm, tá rochtain ar dheiseanna tástála inacmhainne tábhachtach chun saorghluaiseacht agus soghluaisteacht san Eoraip a éascú.

Chun tacú le hacmhainneachtaí tástála na mBallstát, tá cistí curtha ar fáil ag an gCoimisiún cheana féin faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun mearthástálacha antaiginí a cheannach agus tá soláthar comhpháirteach seolta aige i gcomhair leathbhilliún mearthástáil antaiginí. Tá Cónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge ag tacú freisin leis na Ballstáit an inacmhainneacht tástála a mhéadú, agus leas á bhaint as cistiú ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’infhaighteacht tástálacha inacmhainne, go háirithe do dhaoine a thrasnaíonn teorainneacha go laethúil nó go minic chun dul ar obair nó ar scoil, cuairt a thabhairt ar gharghaolta, cúram leighis a lorg, nó aire a thabhairt do dhaoine muinteartha, geallann an Coimisiún cistí breise EUR 100 milliún a shlógadh faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tástálacha a cheannach d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 atá cáilithe maidir le heisiúint deimhniú tástála de bhun Rialachán (AE) 2021/953. Más gá, d’fhéadfaí leas a bhaint as cistiú breise os cionn EUR 100 milliún, faoi réir fhormheas an údaráis bhuiséadaigh.

(1)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 29 Aibreán 2021 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0146).


An beartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2020
PDF 212kWORD 74k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2020 (2020/2223(INI))
P9_TA(2021)0275A9-0168/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 101 go 109 de,

–  ag féachaint do rialacha, treoirlínte, rúin, comhairliúcháin phoiblí, teachtaireachtaí agus doiciméid ábhartha ón gCoimisiún maidir leis an iomaíocht,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le Beartas Iomaíochta 2019 (COM(2020)0302) agus do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ón dáta céanna atá ag gabháil leis,

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Bheartas Iomaíochta AE(1),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe (COM(2020)0102) [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip],

–  ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Márta 2020, an 4 Aibreán 2020, an 13 Bealtaine 2020 agus an 2 Iúil 2020 maidir le Creat Sealadach um Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19, agus ag féachaint do na leasuithe orthu ina dhiaidh sin(2),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 dar teideal Guidelines on certain State aid measures in the context of the system for greenhouse gas emission allowance trading post 2021 (C(2020)6400) [Treoirlínte i ndáil le bearta áirithe Státchabhrach i gcomhthéacs an chórais maidir le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021],

–  ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 on levelling the playing field as regards foreign subsidies [maidir le machaire comhréidh a bhaint amach i ndáil le fóirdheontais eachtracha] (COM(2020)0253),

–  ag féachaint do chinneadh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 i leith imréiteach a dhéanamh ar éadáil Fitbit ag Google, faoi réir coinníollacha,

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 24/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal The Commission’s EU merger control and antitrust proceedings: a need to scale up market oversight [Imeachtaí an Choimisiúin um rialú cumasc agus in aghaidh trustaí in AE: an gá atá le huas-scálú ar mhaoirseacht margaidh](3),

–  ag féachaint don aitheasc ar Staid an Aontais a thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an 16 Meán Fómhair 2020,

–  ag féachaint do na freagraí i scríbhinn agus ó bhéal a thug Margrethe Vestager, ar Choimisinéir ainmnithe ag an am í, ag an éisteacht a thug Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ón nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) an 23 Márta 2020 maidir le dlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm le linn ghéarchéim an Choróinvíris(4),

–  ag féachaint do thuarascáil an 4 Aibreán 2019 ó shaineolaithe ardleibhéil an Choimisiúin dar teideal Competition policy for the digital era [Beartas iomaíochta don ré dhigiteach](5),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Márta 2019 maidir le poist, fás agus iomaíochas,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gcruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint don fhógra a thug an Coimisiún do gheallsealbhóirí an 2 Nollaig 2020 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus rialacha AE i réimse na hiomaíochta, agus fógra an 18 Eanáir 2021 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus rialacha AE i réimse na Státchabhrach,

–  ag féachaint don staidéar a rinne an Roinn Beartais um Beartais Eacnamaíochta, Eolaíochta agus Cháilíochta Saoil i bParlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2020 dar teideal Impact of state aid on competition and competitiveness during the COVID-19 pandemic: an early assessment [Tionchar státchabhrach ar iomaíocht agus ar iomaíochas le linn phaindéim COVID-19: luathmheasúnú],

–  ag féachaint do thuarascáil ón bhFochoiste in Aghaidh Trustaí i gCoiste Breithiúna Theach Stát Aontaithe Mheiriceá an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Investigation of Competition in the Digital Marketplace: Majority Staff Report and Recommendations [Imscrúdú ar Iomaíocht sa Mhargadh Digiteach: Tuarascáil agus Moltaí Foirne an Tromlaigh](6),

–  ag féachaint do pháipéar taighde ó Údarás Iomaíochta agus Margaí na Ríochta Aontaithe an 19 Eanáir 2021 dar teideal Algorithms: How they can reduce competition and harm consumers [Algartaim: Mar a dhéanann siad an iomaíocht a laghdú agus dochar do thomhaltóirí],

–  ag féachaint do sprioc 2030 AE maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ar sprioc í a d’fhormhuinigh ceannairí AE i mí na Nollag 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives (COM(2020)0380) [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol],

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020)0098),

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0168/2021),

A.  de bhrí go dtairbhíonn tomhaltóirí de mhargaí iomaíocha, go háirithe nuair a bhíonn praghsanna cothroma agus roghanna níos leithne de tháirgí ardcháilíochta mar thoradh orthu; de bhrí go bhfuil beartas iomaíochta AE ceaptha chun cothabháil a dhéanamh ar gheilleagar margaidh oscailte le hiomaíocht shaor, chothrom agus éifeachtach atá i bhfabhar leithdháileadh éifeachtúil ar acmhainní agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt, dá bhrí sin, ar riachtanais FBManna agus ar mhachaire comhréidh a chruthú, chun tairbhe shaoránaigh uile AE; de bhrí go leanann an cuspóir bunúsach sin de bheith ábhartha fiú i ndálaí géarchéime;

B.  de bhrí gur fhreagair an Coimisiún do ráig ghéarchéim COVID-19 go mear trí rialacha speisialta iomaíochta a ghlacadh chun suaitheadh tromchúiseach do gheilleagar na hEorpa a leigheas;

C.  de bhrí nár cheart bearta eisceachtúla agus sealadacha i bhfoirm iompraíocht fhrithiomaíoch a chur i bhfeidhm chun freagairt don phaindéim, agus nár cheart do chuideachtaí a bhfuil drochbhail orthu ó thaobh airgeadais de iad a shaothrú chun cabhair bhreise a fháil d’uireasa pleananna riachtanacha éifeachtacha um athstruchtúrú;

D.  de bhrí gur cheart go mbeadh Státchabhair uile ceaptha agus deonaithe ar bhealach atá freagrach ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil de; de bhrí, san fhadtéarma, gur cheart go dtabharfaí aghaidh go héifeachtúil ar na dúshláin shóisialta, dhigiteacha agus chomhshaoil leis an mbeartas iomaíochta, agus go mba cheart go mbeadh sé go hiomlán i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras;

E.  de bhrí go bhfuil ríthábhacht le réiteach cliste a dhéanamh ar rialacha iomaíochta an Aontais lena bheartais thionsclaíocha, dhigiteacha, chomhshaoil, shóisialta agus trádála idirnáisiúnta ar mhaithe le machaire comhréidh a áirithiú sna hearnálacha uile, lena neartófar slabhraí luacha athléimneacha agus lean dtreiseofar cruthú post agus iomaíochas domhanda, lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le timpeallacht trádála a bheidh fabhrach do FBManna;

F.  de bhrí go gcuireann iomaíocht éagórach idir na Ballstáit bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

G.  de bhrí go bhfuil an Coimisiún i mbun athbhreithniú ginearálta a dhéanamh faoi láthair ar éifeachtacht fhorfheidhmiú an bheartais iomaíochta, lena n-áirítear rialacháin in aghaidh trustaí, roinnt rialacha agus treoir maidir le Státchabhair, meastóireacht ar rialacha maidir le rialú cumasc agus athbhreithniú ar an bhFógra um Shainmhíniú ar an Margadh;

H.  de bhrí gur sárú tromchúiseach ar rialacha iomaíochta iad na baghcait eacnamaíocha in aghaidh táirgí ó limistéir gheografacha shonracha in AE agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach;

I.  de bhrí go bhfuil gá le bearta a chur i gcrích chun cuideachtaí AE a neartú in aghaidh iomaitheoirí nach bhfuil in AE de bharr na ndúshlán atá ag dul i méid maidir le dul in iomaíocht le mórgheilleagar atá fóirdheonaithe go domhain, amhail an tSín;

J.  de bhrí gur den ríthábhacht é struchtúr an mhargaidh oscailte sa trádáil agus san imréiteach lena lamhálfar d’fhíoriomaíocht idir bonneagair an mhargaidh ar mhaithe le hathléimneacht mhargaí caipitil AE a chaomhnú agus a neartú, lena ndreasófar nuálaíochtaí atá faoi stiúir an mhargaidh agus lena ndéanfar, dá bhrí sin, torthaí níos fearr a chur ar fáil do phinsinéirí, do ghnólachtaí agus d’infheisteoirí; de bhrí gur gá struchtúr margaidh oscailte a chothromú i gcoinne breithnithe cobhsaíochta airgeadais;

K.  de bhrí go bhfuil formhór na ngeataí a bhíonn ag tomhaltóirí ar an Idirlíon teoranta do líon an-bheag éiceachóras digiteach agus ardán mór; de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis dlús a chur leis an digitiú, lena gcruthaítear dúshláin nua i leith éifeachtacht an bheartais iomaíochta, go háirithe i réimse na rialacha in aghaidh trustaí i gcás nach lamháiltear, go dtí seo, d’idirghabhálacha ex ante;

L.  de bhrí gur léirigh scannail, imscrúduithe agus fianaise sonraí conas a dhéantar sonraí pearsanta a bhailiú agus a stóráil, ar bhealach iomarcach go minic, chomh maith lena n-úsáid agus lena ndíol le tríú páirtithe ag ardáin, agus an chaoi a bhfuil rianú córasach á dhéanamh ag gníomhaithe agus ardáin teicneolaíochta cheannasacha ar thomhaltóirí ar líne;

M.  de bhrí go mbaineann roinnt gnóthas, a thairbhíonn de stádas déach mar ardáin agus mar sholáthraithe araon, mí-úsáid as a seasamh chun téarmaí agus coinníollacha éagóracha a fhorchur ar iomaitheoirí;

N.  de bhrí go bhfuil sé á thuar ag anailísithe(7) go mbeidh gabháil go comhpháirteach ag Amazon, Facebook agus Alphabet Inc. (Google) ar 61 % den fhógraíocht dhigiteach uile in 2021, arb ionann é agus dúbailt ar a sciar den mhargadh ó 2015 i leith; de bhrí go dtuilleann Facebook agus Alphabet Inc. (Google) 98.53 % agus 83.3 % dá n-ioncam faoi seach ó fhógraíocht dhigiteach(8);

O.  de bhrí gur minic nár éirigh le fíneálacha arna n-eisiúint ag údaráis iomaíochta éifeacht dhíspreagthach a bheith acu ar chuideachtaí móra teicneolaíochta toisc nach meastar iad ach mar chostais a bhaineann le gnó a dhéanamh;

P.  de bhrí gur cheart uirlisí in aghaidh trustaí a bheith leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar réaltacht nua na margaí digiteacha agus teicneolaíochta atá ag athrú go mear;

Q.  de bhrí go bhfuil gá le machaire comhréidh a bheith ann idir gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus gnólachtaí teicneolaíochta chun iomaíocht ar bhonn cothrom a áirithiú, de réir phrionsabal an ‘riosca chéanna, na gníomhaíochta céanna, na rialála céanna’;

R.  de bhrí gur féidir le halgartaim feabhas mór a chur ar éifeachtúlacht agus lamháil do ghnólachtaí táirgí agus seirbhísí níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí; de bhrí, áfach, gur féidir le mí-úsáid algartaim, d’aon ghnó nó go neamhthoiliúil, díobháil a dhéanamh do thomhaltóirí agus don iomaíocht;

S.  de bhrí gur cheart go mbeadh rialacha iomaíochta agus Státchabhrach AE i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus go bhféadfadh siad rannchuidiú go mór leis, le straitéis dhigiteach AE, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur ar éigean a thagraíonn cásanna Státchabhrach AE do chuspóirí beartais foriomlána AE den sórt sin;

Barúlacha ginearálta

1.  á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá beartas iomaíochta arb é is aidhm dó machaire comhréidh a áirithiú i ngach earnáil, nuálaíocht a spreagadh agus níos mó roghanna ar cháilíocht níos airde a thabhairt do thomhaltóirí, ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a ráthú;

2.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú ar chomhchruinniú tionscail san Eoraip; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, idir 2001 agus 2002, gur tháinig ardú 2-3 % ar mheán an tionscail ar fud na 10 ngeilleagar Eorpach i dtaca le sciar na ndíolachán a bhí ag 10 % de na cuideachtaí ba mhó; ag tabhairt rabhaidh go mbreathnaítear ar an méadú sin i gcás seirbhísí monaraíochta agus seirbhísí neamhairgeadais araon agus nach bhfuil sé á thiomáint ag earnálacha diana digiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil na méaduithe ar chomhchruinnithe tionscail ina siocair le huasmharcálacha níos airde a bheith ann agus ar rud é a bhaineann le brabúis níos airde ar chostas thomhaltóirí na hEorpa;

3.  á chreidiúint gur den ríthábhacht é do chuideachtaí Eorpacha atá gníomhach sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe do FBManna, go ndéanfaidh údaráis iomaíochta neamhspleácha forfheidhmiú dian agus neamhchlaonta ar rialacha iomaíochta AE, agus gur féidir leis rannchuidiú go suntasach le príomhthosaíochtaí polaitiúla amhail margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, margadh aonair digiteach nasctha, iomaíochas domhanda an Aontais, an comhrac in aghaidh éagothromaíochtaí sóisialta agus na géarchéime aeráide, mar aon le luachanna Eorpacha maidir le caighdeáin chomhshaoil, gnóthaí sóisialta, beartas aeráide agus cosaint tomhaltóirí; ag cur béim, áfach, ar a thábhachtaí atá solúbthacht dea-thomhaiste i ndálaí géarchéime;

4.  á chur in iúl gur geal léi an comhairliúchán faoi dhlí na hiomaíochta agus faoin gChomhaontú Glas don Eoraip mar chéim ionsar chomhtháthú beartais níos fearr a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta cuimsitheach, réamhbhreathnaitheach a thíolacadh maidir leis an gcaoi ar cheart rialacha iomaíochta agus Státchabhair a athbhreithniú;

5.  á mheas, chun a áirithiú go mbeidh machaire comhréidh ann do ghnóthais sa mhargadh aonair agus i margaí domhanda, atá ríthábhachtach do FBManna go háirithe agus chun poist chuibhiúla agus inbhuanaithe a chruthú laistigh agus lasmuigh de AE, go mbraitheann sé freisin ar dhumpáil shóisialta, chomhshaoil agus fhioscach a chomhrac go deimhnitheach agus go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, dlús a chur lena iarrachtaí i leith creat dlíthiúil a bhunú d’ionstraim éigeantach maidir le cearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil;

6.  á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh cleachtais ionsaitheacha chánach ag cuideachtaí ilnáisiúnta, cleachtais chánach dhíobhálacha agus buntáistí cánach atá dírithe ar chuideachtaí móra laghdú a dhéanamh ar an nuálaíocht agus iniomaíocht na margaí a chur i mbaol, go háirithe i gcás FBManna, arb iad cnámh droma gheilleagar na hEorpa iad;

7.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an ECN i dtaobh tacaíocht a thabhairt don chomhar idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta (ÚINanna) agus an Coimisiún d’fhonn iomaíocht chothrom a chur chun cinn laistigh den mhargadh aonair trí fhorfheidhmiú neartaithe agus trí chomhroinnt na ndea-chleachtas;

8.  ag moladh na n-idirphléití struchtúrtha le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Iomaíocht an Choimisiúin agus iarrachtaí an Choimisiúin dlúthchomhar a choinneáil le comhaltaí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa; á mheas gur cleachtadh fíor-riachtanach ó thaobh grinnscrúdú daonlathach de í an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an mbeartas iomaíochta; á mheabhrú, le blianta anuas, go raibh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach i múnlú an chreata le haghaidh rialacha iomaíochta tríd an ngnáthnós imeachta reachtach; á áitiú ar chumhachtaí comhchinnteoireachta Pharlaimint na hEorpa an creat do rialacha iomaíochta a mhúnlú;

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as a chumhachtaí abhcóideachta chun na rioscaí a bhaineann le bearta rialaithe praghsanna arna gcur chun feidhme ag rialtais a thabhairt chun suntais, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le comharthaí praghais a shaobhadh lena bhféadfaí táirgeadh a spreagadh agus lena mbainfí an bonn ó dhreasachtaí d’iontrálaithe nua chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais;

10.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur ann do roinnt Ballstát nár chuir chun feidhme go héifeachtach an Treoir maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí(9), bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin, rud a rinne dochar ollmhór do thomhaltóirí agus don iomaíocht chóir; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú a dhéanamh ar na clásail éagóracha agus ar na cleachtais éagóracha a bhfuil úsáid á mbaint astu, go háirithe ag earnáil na baincéireachta, i gconarthaí tomhaltóirí agus a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach agus go mear trí úsáid a bhaint as gach modh atá ar fáil;

11.  á aithint gur cheart d’acmhainní d’Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin (AS COMP) a bheith leormhaith chun teacht lena hualach oibre agus lena raon cúraimí; á mheas go bhfuil gá le saineolas sonrach a áirithiú maidir le saincheisteanna digiteacha agus cleachtais na n-ardán ar líne lena n-áireofar eacnamaithe iompraíochta, speisialtóirí algartaim, innealtóirí agus eolaí sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas maidir le leithdháileadh acmhainní idir rialú ar Státchabhair, rialú cumaisc, agus in aghaidh trustaí;

Freagairtí beartais ar COVID-19

12.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Creat Sealadach maidir le Bearta Státchabhrach, agus leasuithe chun é a fhadú agus a mhéadú, a cuireadh ar bun mar fhreagairt ar fhorbairtí gan choinne a bhaineann le géarchéim COVID-19 gan fasach chun a chur ar chumas na mBallstát tacú le cuideachtaí le linn na paindéime; ag tacú le bearta eisceachtúla a choinneáil chomh fada agus atá bonn cirt leo mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch, ach á chur i bhfios go láidir gur uirlis shealadach gurb ea an Creat; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach iomaíochas éifeachtach a athbhunú sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun a áirithiú go mbeidh an téarnamh sin mear agus comhsheasmhach; á chur i bhfáth gur cheart go n-éireodh bearta tacaíochta níos spriocdhírithe de réir mar a théann an téarnamh chun cinn; ag tabhairt dá haire difríochtaí substaintiúla idir na Ballstáit maidir leis an spás fioscach atá ar fáil dóibh chun Státchabhair a sholáthar;

13.  á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat Sealadach chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna in aghaidh trustaí a bhaineann le comhar gnó mar fhreagairt ar chásanna práinne a eascraíonn as ráig COVID-19 atá ann faoi láthair; á mheas, le treoir agus tacaíocht maidir le rialacha in aghaidh trustaí go ndéanfar éascú ar an gcomhar a bhfuil gá leis chun géarchéim COVID-19 a shárú, rud a théann chun tairbhe na dtomhaltóirí;

14.  ag tabhairt dá haire go n-áirítear coinníollacha áirithe le haghaidh cineálacha áirithe beart Státchabhrach leis an gCreat Sealadach amhail athchaipitliú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, coinníollacha amhail toirmeasc ar dháileadh díbhinní, ar íocaíochtaí bónais agus ar athcheannach scaireanna; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár forchuireadh coinníollacha den sórt sin ar bhearta eile Státchabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacha den sórt sin a fhorchur ar na bearta uile maidir le Státchabhair atá sa Chreat Sealadach, lena n-áirítear, go háirithe, bearta athchaipitlithe, nár cheart a mheas ach amháin mar réiteach na rogha deiridh ag na Ballstáit, i ngeall ar an tionchar mór ar féidir a bheith acu ar an margadh inmheánach;

15.  ag tacú le bearta éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas vacsaíní i gcoinne COVID-19, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus, dá bhrí sin, ag tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit ina n-iarrachtaí chun brí a chur ar thríú tíortha deireadh a chur leis na toirmisc onnmhairiúcháin atá ann cheana agus dlús a chur le deonú vacsaíní, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú tuilleadh chun tacú le haistriú teicneolaíochta agus ceadúnú deonach maidir le cearta maoine intleachtúla chun galair ionfhabhtaíocha eindéimeacha nó phaindéimeacha a chóireáil ar fud an domhain;

16.  á chur i bhfios go láidir, le gníomhaíochtaí an Choimisiúin atá dírithe ar dheireadh a chur leis na dálaí as a n-eascraíonn monaplachtaí agus seasaimh cheannasacha agus ar chistiú poiblí a theorannú do chuideachtaí, ar cistiú é a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair leis na dálaí sin, nach dtugtar leo aon réiteach ar shaincheist na míbhuntáistí córasacha agus struchtúracha a dhéanann difear d’iomaíochas gnólachtaí atá bunaithe agus ag oibriú ó chríocha oileánacha agus ó réigiúin is forimeallaí na hEorpa;

17.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhtháthú beartais agus aon chabhair a dheonaítear do chuideachtaí atá ag fulaingt le hiarmhairtí díreacha airgeadais na paindéime; á thathant, thairis sin, go gcuirfear toirmeasc ar chuideachtaí a bhaineann úsáid as tearmainn chánach lasmuigh de AE chun cáin a sheachaint, ó rochtain a fháil ar Státchabhair nó ar thacaíocht airgeadais mura ngeallann siad go n-athróidh siad a n-iompar;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treochlár iar-COVID-19 a sheoladh le haghaidh Státchabhair a bheidh spriocdhírithe ar bhonn níos fearr ar mhaithe le hiomaíochas a chur chun cinn agus poist a choimirciú; ag moladh go bhféadfaí bearta a áireamh i dtreochlár den sórt sin chun dul i ngleic le hilroinnt agus le saobhadh an mhargaidh i ngeall ar éagothrom iomaíochta, anailís ar thionchar na Státchabhrach ar an margadh inmheánach, agus treoir shoiléir maidir leis an mbealach is fearr chun úsáid a bhaint as uirlisí beartais iomaíochta ar mhaithe leis an téarnamh a chothú; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, príomhshruthú a dhéanamh ar straitéisí tionsclaíocha, digiteacha agus glasa agus na dálaí a bheidh ann sa todhchaí don Státchabhair á leagan síos aige;

19.  ag athdhearbhú na tosaíochta lena n-áiritheofar go ndéanfar rialacha Státchabhrach agus rialáil baincéireachta na hEorpa a fhorfheidhmiú go docht agus go neamhchlaonta, lena n-áirítear nuair atáthar ag déileáil le géarchéimeanna baincéireachta a bheidh ann sa todhchaí; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh go mear ar na neamhréireachtaí atá ann idir na rialacha maidir le Státchabhair i réimse an chúnaimh leachtachta agus an chórais réitigh faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc(10) (Treoir BRR), agus athbhreithniú a dhéanamh ar Theachtaireacht Baincéireachta uaidh an 30 Iúil 2013(11) i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcreat bainistithe géarchéime, lena n-áirítear i bhfianaise na gcásanna a bhí ann le déanaí, agus an gá atá ann cáiníocóirí agus coigilteoirí a chosaint ar ualach tarrthála na mbanc á chur san áireamh;

20.  ag tabhairt dá haire nár cheart rialacha iomaíochta agus Státchabhrach AE a mheas gan beartais airgeadaíochta, trádála agus fhioscacha a chur san áireamh; á iarraidh go ndéanfar machnamh ar shaobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó cheannacháin bannaí corparáide an Bhainc Ceannais Eorpaigh; ag cur béim, ina leith sin, ar choincheap na roghnaíochta sa Státchabhair agus in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina bhfuil prionsabal an dílseachta mar a thugtar air;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar úsáid agus dáileadh cuí bhearta cistiúcháin éagsúla AE mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear trí Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRPanna) na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de chuid na mBallstát, ar cheart dóibh a bheith i gcomhréir le rialacha iomaíochta agus Státchabhrach AE, nár cheart go mbeadh aon saobhadh iomaíochta mar thoradh leo, agus nach foláir iad a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le gach cuideachta, go háirithe in earnálacha criticiúla amhail earnáil na teileachumarsáide, an fhuinnimh agus an iompair; ag tathant ar an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfáth nár cheart Státchabhair a dheonú do chuideachtaí a bhí neamhéifeachtúil agus a raibh caillteanas struchtúrach acu roimh ghéarchéim COVID-19, ná go ndéanfaí foirmiú struchtúr monaplach a spreagadh;

An ghné dhomhanda

22.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le hidirphlé domhanda agus comhar domhanda atá ag éirí níos struchtúrtha i gcónaí maidir le forfheidhmiú an bheartais iomaíochta agus le hathchóiriú ar mhaithe le cur chuige comhchoiteann ionsar iomaíocht chóir;

23.  ag tacú le rannpháirtíocht ghníomhach an Choimisiúin agus ÚINanna sa Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht (LII) agus ag tathant go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach ar bhonn níos dlúithe i ngníomhaíocht na meithleacha agus na ngrúpaí saineolaithe ábhartha de chuid LII agus ECFE;

24.  ag tacú le straitéis an Choimisiúin deireadh a chur leis na héifeachtaí diúltacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm neamhdhleathach seach-chríochach na smachtbhannaí aontaobhacha i gcoinne oibreoirí AE ag tríú tír; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, teachtaireacht an 19 Eanáir 2021 ón gCoimisiún dar teideal European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience (COM(2021)0032) [Córas eacnamaíoch agus airgeadais Eorpach: lena gcothaítear oscailteacht, neart agus athléimneacht];

25.  á chur i bhfáth gur féidir le comhaontuithe comhair tiomnaithe le tríú tíortha i réimse an bheartais iomaíochta rannchuidiú go fóinteach le héifeachtacht an bheartais iomaíochta agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh de na comhaontuithe tiomnaithe iomaíochta sin a shaothrú chun go lamhálfar d’fhaisnéis a mhalartú ar bhealach níos éifeachtaí idir na húdaráis iomaíochta; á mheabhrú, thairis sin, nach foláir do AE machaire comhréidh agus cómhalartacht lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú ó thaobh Státchabhrach, soláthar poiblí agus beartas infheistíochta de; á iarraidh ar an gCoimisiún na caibidlí maidir le Státchabhair a atreisiú i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta sa todhchaí;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar an ról atá ag fiontair faoi úinéireacht stáit atá lonnaithe ar an gcoigríoch agus a fhaigheann tacaíocht agus fóirdheontais óna rialtais ar bhealaí ina gcuirtear toirmeasc ar eintitis AE déanamh amhlaidh le rialacha mhargadh aonair AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an iomaíocht státmhaoinithe shaobhach de thoradh éadáil a bheith á déanamh ag gnóthais eachtracha ar ghnóthais Eorpacha, go háirithe na gnóthais sin atá gníomhach in earnálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha nó straitéiseacha, iad siúd atá i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus iad siúd atá lagaithe ag paindéim COVID-19;

27.  á chur in iúl gur geal léi, mar réamhchéim, teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/452 lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas(12) a scagadh mar aon leis an bPáipéar Bán ón gCoimisiún maidir le cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích i ndáil le fóirdheontais eachtracha; ag tabhairt faoi deara an brú leanúnach atá ar chuideachtaí AE ó tháthcheangal ón gcoigríoch agus ag tabhairt rabhaidh go bhfuil gá le gníomh práinneach; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag dréim leis an togra reachtach ón gCoimisiún atá beartaithe a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí saofa a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha ar an margadh inmheánach;

28.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh gnóthais AE in ann dul san iomaíocht ar bhonn cothrom sna margaí domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a bheartas iomaíochta agus Státchabhrach a oiriúnú chun forbairt thionsclaíoch i ndáiríre a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais gur féidir le beartas tionsclaíoch cliste cabhrú le hacmhainní a ath-leithdháileadh ar phríomhearnálacha áirithe gan an iomaíocht a shaobhadh, agus an bealach a réiteach, dá bhrí sin, do gheilleagar athléimneach agus inbhuanaithe san fhadtéarma; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar shineirgí idir beartais, infheistíochtaí agus beartas iomaíochta spriocdhírithe AE chun poist agus slabhraí luacha athléimneacha a chothú ar mhaithe le neamhspleáchas AE a bhaint amach i dtionscail straitéiseacha áirithe agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna;

29.  á iarraidh go ndéanfaidh tionscal na hEorpa infheistíocht láidir i dtaighde agus i bhforbairt, d’fhonn machaire comhréidh idir táirgeoirí lasmuigh agus laistigh de AE a áirithiú, lena ndéanfar cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, lena n-áirítear an t-aistriú chuig modhanna táirgthe ísealcharbóin, agus lena dtacófar le hiomaíochas ghnóthais AE vis-à-vis iomaitheoirí tríú tír nach bhfuil a bpróisis táirgthe faoi réir na gcritéar céanna leis na critéir a chinntear ar leibhéal AE; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún, ina leith sin, a mharana a dhéanamh ar chabhair don taighde agus don nuálaíocht a mhéadú mar is amhlaidh i gcás na teicneolaíochta lena nginfear seachtrachtaí dearfacha don chomhshaol nó don chóras fuinnimh foriomlán;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún spleáchais straitéiseacha a shainaithint, go háirithe in éiceachórais thionsclaíocha íogaire, agus bearta a mholadh chun iad sin a laghdú, lena n-áirítear trí shlabhraí táirgthe agus soláthair a éagsúlú, lena gcothófar táirgeadh agus infheistíocht san Eoraip, agus lena n-áiritheofar stoc-charnadh straitéiseach; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, a thábhachtaí atá Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí suaiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar theachtaireacht ó IPCEI, chun IPCEInna a chur chun cinn tuilleadh, rialacha roghnúcháin le haghaidh IPCEInna a shoiléiriú, roinnt critéir agus ceanglais chur chun feidhme a athbhreithniú agus a shimpliú, agus machnamh a dhéanamh ar lamháil do chómhaoiniú níos éasca ó AE, ar mhaithe le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ó na Ballstáit bheaga a éascú agus chun a áirithiú gur fusa a bheidh sé do thionscadail bheaga taighde thionsclaíocha tairbhiú de thacaíocht;

31.  ag tacú le seiceáil chríochnúil Státchabhrach ar ghnóthais ó thríú tíortha a áireamh i rialacha iomaíochta AE, agus á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur cheart don Aontas leanúint de bheith oscailte d’infheistíochtaí díreacha coigríche atá i gcomhréir lena chreat dlíthiúil, lena n-urramófar na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil Eorpacha agus nach ndéanfar leis iomaíocht a shaobhadh; ag athdhearbhú, ina leith sin, a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ar feitheamh breithniú ar an togra maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM), ionstraimí cosanta trádála athneartaithe a ghlacadh chun cleachtais éagóracha trádála a chomhrac agus chun iomaíochas na n-earnálacha tionsclaíocha go háirithe a chosaint; á chur i bhfáth ag an am céanna nár cheart úsáid a bhaint as cinntí maidir le beartas iomaíochta mar bheart cosantach agus á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfar anailís iarmhartach ar rialacha Státchabhrach AE maidir le hiomaíochas tíortha ísealioncaim agus meánioncaim;

32.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, i gcomparáid le comhaontuithe trádála eile, amhail an comhaontú leis an Eilvéis, go bhfuil an Comhaontú Trádála agus Comhair (TCA) idir AE agus an Ríocht Aontaithe níos laige; á chur in iúl gur oth léi go háirithe nach bhforáiltear le TCA idir AE agus an Ríocht Aontaithe do mhachaire comhréidh iomlán maidir le Státchabhair agus iomaíocht; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú chun comhoibriú go leanúnach agus iarracht a dhéanamh iomaíocht chóir agus machaire comhréidh a bhaint amach;

Beartas iomaíochta sa ré dhigiteach

33.  á chur in iúl gur geal léi díograis an Choimisiúin i leith aghaidh a thabhairt ar théarmaí agus cleachtais éagóracha, gníomhú go cinntitheach, agus fáil réidh le bacainní neamhdhlisteanacha ar iomaíocht ar líne i margadh aonair digiteach na hEorpa; á chur in iúl gur oth léi a mhoille atá imscrúduithe in aghaidh trustaí i gcomparáid le margaí digiteacha mearghluaiseachta; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, 10 mbliana tar éis imscrúdú a thionscnamh maidir le cleachtais chuardaigh laofachta Google, nach bhfuil a imscrúdú tugtha chun críche ag an gCoimisiún go fóill; á mheas, sa gheilleagar digiteach, go leanann cliseadh sa mhargadh, tógáil cíosa iomarcaigh agus blocáil ar iontrálaithe nua as comhchruinniú sonraí a bheith i seilbh líon beag cuideachtaí;

34.  á mheas, cé go n-aithníonn sí na hiarrachtaí atá déanta, nár tugadh aghaidh ar bhealach leordhóthanach go dtí seo ar fhadhbanna atá nasctha leis an gceannas iomarcach atá ag gnóthais teicneolaíochta mhóra sa mhargadh agus gur gá na fadhbanna sin a réiteach mar ábhar práinne;

35.  ag aithint na ndúshlán atá romhainn maidir le ceapadh beartais agus forfheidhmiú na hiomaíochta a bhaineann, inter alia, le héifeachtaí líonra, le comhchruinniú, le comhiomlánú agus le húsáid sonraí i margaí nach mbeidh aon phraghsáil i gceist leo, algartaim phraghsála, struchtúrú ardán mór agus idirghabháil an mhargaidh;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt agus breithniú cúramach a dhéanamh ar fhadhbanna iomaíochta struchtúracha a bhaineann le seasaimh na líonraí íocaíochta reatha i leith rialú rochtana, ar fadhbanna iad nár tháinig fás orthu ach amháin le linn phaindéim COVID-19;

37.  á chur in iúl gur geal léi achomharc an Choimisiúin i gcoinne rialú Apple(13); á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go léirítear arís le cás Apple go bhfuil gá le rialacha fónta maidir le Státchabhair, agus córais chánach thairbhiúla á gcur san áireamh;

38.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tréimhse thar a bheith fada i gceist leis na hionstraimí traidisiúnta a mbaineann na húdaráis iomaíochta úsáid astu, amhail imscrúduithe ar mhí-úsáid cheannasachta sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann, ar léir go bhfuil fadhb leis sna margaí digiteacha mearghluaisteachta; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, measúnú ón gCoimisiún maidir leis an ngá atá le huirlisí nua iomaíochta a bhféadfadh gá a bheith leo chun dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta struchtúracha ar fud na margaí éagsúla, ar fadhbanna iad nach féidir leis na rialacha reatha aghaidh a thabhairt orthu ar an mbealach is éifeachtaí agus á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún faireachas cúramach ar na margaí sin chun go mbeifear in ann saincheisteanna móra agus bearnaí dlíthiúla a bhrath agus idirghabháil a dhéanamh ina leith go mear agus go héifeachtúil; ag tabhairt dá haire gur minic nár éirigh le fíneálacha arna n-eisiúint ag na húdaráis iomaíochta éifeacht dhíspreagthach a bheith acu ar chuideachtaí móra teicneolaíochta toisc nach meastar iad ach mar chostais a bhaineann le gnó a dhéanamh;

39.  á chur in iúl gur geal léi togra ón gCoimisiún maidir le hIonstraim um Margaí Digiteacha (DMA) chun toirmeasc a chur ar ardáin ó bheith rannpháirteach i gcleachtais ghnó féintosaíochta (lena n-áirítear cuachadh/réamhshuiteáil éigeantach), nó ó bheith ag oibriú i réimeanna gnó atá spleách ar an ardán nó a idiroibríonn leis, mar aon le hiallach a chur ar ardáin a seirbhísí a chomhoiriúnú le líonraí atá in iomaíocht leo chun lamháil d’idir-inoibritheacht, lena n-áirítear croísheirbhísí, iniomparthacht sonraí agus comhtháthú ildíoltóra; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar chásanna inar léir go soiléir go raibh na leigheasanna a cuireadh ar fáil neamhéifeachtach chun an iomaíocht a athbhunú i margadh na siopadóireachta ar bhonn comparáide;

40.  á mheabhrú, maidir le buntáistí sonraí-bhunaithe atá nasctha le comhroinnt sonraí agus le díol sonraí, ach seirbhísí freisin a leagtar síos mar réamhshocruithe, go bhfuil baol ann go dtabharfar stádas ‘geatóra’ sna margaí digiteacha do roinnt cuideachtaí, agus gur gá do DMA aghaidh a thabhairt go héifeachtach air sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin iallach a chur ar ardán rialaithe rochtana struchtúr rogha tomhaltóra a bheidh éifeachtach agus oibiachtúil a chur in ionad réamhshocraithe áirithe;

41.  á mheas go bhféadfadh díchuachadh na monaplachtaí Mórtheicneolaíochta a bheith inmhianaithe chun iomaíocht a athbhunú sna margaí digiteacha i bhfianaise theorainneacha na bhfíneálacha agus mainneachtain na leigheasanna iompraíochta san am a chuaigh thart i gcásanna áirithe in aghaidh trustaí; á chur i bhfáth go dtugann leigheasanna iompraíochta spriocdhírithe agus éifeachtacha réiteach atá éifeachtúil ó thaobh ama de; ag moladh go ndéanfar creat rannpháirteach in aghaidh trustaí a chur chun feidhme chun idirphlé leanúnach a chothú le gach gnóthas, deimhneacht dhlíthiúil, trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí a mhéadú, agus réitigh éifeachtacha a áirithiú;

42.  ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis na nósanna imeachta, go háirithe maidir le rialacha in aghaidh trustaí agus i margaí digiteacha atá ag fás go mear; á iarraidh go mbeidh ann do chomhar freisin, ina leith sin, ó chuideachtaí atá faoi imscrúdú; ag cáineadh an chleachtais a bhíonn ag roinnt cuideachtaí atá faoi imscrúdú maidir le síneadh saorga a chur le himscrúduithe trí shíneadh ama a iarraidh go córasach agus trí fhreagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis le moilleanna substaintiúla amháin nó trí thograí neamhéifeachtacha a thíolacadh i gcomhair gealltanais a ghlacfaidís;

43.  ag tabhairt dá haire, thairis sin, cé go bhfuil sé tábhachtach próis chuí agus ceart cosanta na ngnóthas atá faoi imscrúdú a áirithiú, gur gá nósanna imeachta riaracháin a dhéanamh níos mire agus níos éifeachtúla; á chur i bhfáth an gá atá le féachaint an bhféadfaí úsáid níos córasaí a bhaint as bearta sonracha amhail bearta eatramhacha, mar aon le leigheasanna struchtúracha agus iompraíochta eile, ar mhaithe le saobhadh iomaíochta do-athraithe a chosc; á mheabhrú, ina leith sin, go ndearna an Coimisiún ‘bearta idirlinne’ a shainaithint san iarscríbhinn a ghabhann le Treoir ECN+(14), mar ‘uirlis lárnach do na húdaráis iomaíochta chun a áirithiú nach ndéanfar díobháil don iomaíocht fad a bhíonn imscrúdú ar siúl’; á chur in iúl gur oth léi agus gur cúis bhuartha di nár baineadh úsáid as bearta eatramhacha ach uair amháin in imeacht 20 bliain; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFógra um Leigheasanna(15) trí na forbairtí agus an éabhlóid san earnáil dhigiteach le blianta beaga anuas a chur san áireamh;

44.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil cur chuige ar leith ag tograí ón gCoimisiún maidir le hIonstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus le hIonstraim um Margaí Digiteacha i leith na seirbhísí digiteacha uile, na seirbhísí digiteacha an-mhóra, agus i leith geatóirí; ag tabhairt dá haire go háirithe gurb é is aidhm do thogra DMA ná feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí iomaíocht éifeachtach agus machaire comhréidh a chur chun cinn sna margaí digiteacha agus timpeallacht chothrom agus inchomórtais d’ardáin ar líne a chur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi nach ann do bhearta leormhaithe i gcoinne idirghabhálaithe fógraíochta sna dréacht-tograí; ag tabhairt dá haire nach mbeifear in ann an chéad ghníomhaíocht forfheidhmithe faoin rialachán nua maidir le DMA a dhéanamh ach i gceann cúig bliana; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a fhorfheidhmiú in aghaidh trustaí a shaothrú i gcásanna nua agus atá ar feitheamh a bhaineann le geatóirí sa timpeallacht dhigiteach;

45.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá creat forfheidhmithe leormhaith i dtaca le DMA a bheidh ann amach anseo; á mheas gur cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d’fheidhm mhaoirseachta an Choimisiúin agus gur cheart go lamhálfaí do rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile leis an bpróiseas maoirseachta, lena n-áirítear ÚINanna, rialtóirí earnála náisiúnta, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus eagraíochtaí tomhaltóirí; á chur i bhfáth nár cheart dearadh na leigheasanna a fhágáil faoi bhreithiúnas aonair na cuideachta inchoirithe, ach gur cheart, ina ionad sin, é a bheith faoi réir sásra dian comhlíonta;

46.  á mheas gur uirlis chomhlántach é togra DMA do na rialacha iomaíochta a bhfuil sé mar aidhm leo margaí ar líne atá cothrom agus inchoimhlinte a áirithiú; á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfaí leis forfheidhmiú cuí dhlí na hiomaíochta atá i bhfeidhm cheana féin a chur i mbaol, lena n-áirítear dlíthe náisiúnta atá cheana ann, ná cosc a chur ar an gCoimisiún ó leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá aige cheana i bhforfheidhmiú iomaíochta; ag tagairt, ina leith sin, d’ábhair imní atá ar feitheamh a bhaineann le cinneadh Android(16) agus le hiomaíocht neamhleor sa chuardach ar líne;

47.  ag tabhairt dá haire gur dhiúltaigh gníomhairí an mhargaidh agus eagraíochtaí tomhaltóirí ar fud na hEorpa do na leigheasanna a mhol Google mar leigheasanna neamhleora; á iarraidh ar an gCoimisiún cúisimh in aghaidh trustaí a dhéanamh i gcoinne Google as mí-úsáid cheannasachta i seirbhísí cuardaigh speisialaithe eile, lena n-áirítear cuardach áitiúil;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún lánúsáid a bhaint as a ionstraimí beartais iomaíochta chun machaire comhréidh cothrom a ráthú agus chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí geatóra a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le rochtain ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin le haghaidh na hintleachta saorga agus sonraí;

49.  á mheas gur cheart go mbeadh ról gníomhach ag Parlaimint na hEorpa sa díospóireacht pholaitiúil ar bheartas iomaíochta, lena n-áirítear trí éisteacht phoiblí a eagrú le POFanna GAFA (Google, Amazon, Facebook, Apple) maidir lena straitéisí corparáide i réimse na hiomaíochta agus na gcleachtas cánachais; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh gach duine den cheathrar POFanna cuirí chuig éisteacht den sórt sin; á chur in iúl gur oth léi thairis sin nach bhfuil sásraí cuí i bhfeidhm ag an bParlaimint chun sainordú dlíthiúil a thabhairt i leith láithreachtaí den sórt sin agus ag súil go bhféadfar é sin a réiteach go luath;

50.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an clár trédhearcachta chun grinnscrúdú poiblí ar iarrachtaí brústocaireachta a áirithiú arb é is aidhm dó saobhadh iomaíochta a chosc; á iarraidh go mbeidh ann do chlár trédhearcachta AE ina mbeidh faisnéis a bhaineann le cistiú cuideachtaí nó comhlachas chun geallsealbhóirí a chosc ó ghníomhú thar ceann cuideachtaí eile gan sonrú go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cuidiú le tomhaltóirí agus le húsáideoirí níos mó smacht a fháil ar a gcuid sonraí féin agus ar a gcéannacht féin, agus freagracht a ghlacadh as an méid sin, agus á iarraidh go dtabharfar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta agus leibhéil trédhearcachta agus chuntasachta na seirbhísí digiteacha á méadú ag an am céanna; á mheabhrú nach bhfuil rogha eile ag tomhaltóirí ach a dtoiliú a thabhairt mura bhfuil siad ag iarraidh rochtain ar chuid de na seirbhísí arna soláthar ag ardáin ar líne a chailliúint; á iarraidh ina leith sin creat éigeantach comhroinnte sonraí lena gcuirfí na huirlisí ar fáil do thomhaltóirí chun úinéireacht a ghlacadh mar is ceart ar a sonraí féin agus na sonraí sin a bhainistiú ar bhealach níos simplí agus níos éifeachtaí;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha maidir le cumaisc agus éadáil sa mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a mheasúnú; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú agus measúnú iomlán a dhéanamh ar shócmhainní sonraí pearsanta ar an gcaoi chéanna leis na sócmhainní fisiciúla go léir eile nuair a chinntear cumaisc agus éadálacha digiteacha; ag tathant ar an gCoimisiún dearcadh níos leithne a ghlacadh nuair a dhéanann sé meastóireacht ar chumaisc dhigiteacha agus measúnú a dhéanamh freisin ar iarmhairt comhdhlúthaithe sonraí, lena n-áirítear iarmhairt na teicneolaíochta fógraíochta atá ag croílár shamhail ghnó na mórchuideachtaí teicneolaíochta;

53.  ag tabhairt dá haire go bhféadfaí rialú níos fearr a dhéanamh ar acmhainní luachmhara sonraí nach féidir a mhacasamhlú trí spriocanna le hacmhainní sonraí sonracha a éadáil agus go bhféadfaí rochtain níos fearr ar shonraí a bheith mar thoradh air sin do na páirtithe cumaisc ná dá n-iomaitheoirí; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhdhlúthú sonraí trí chumaisc ceannasacht a neartú nó ligean don eintiteas éadála cumhacht mhargaidh a ghiaráil, agus imní foriaimh a ardú in amanna; á chur in iúl gurb oth léi, dá bhrí sin, an cinneadh ón gCoimisiún táthcheangal Google ar Fitbit, an chuideachta gléasanna corpacmhainne inchaite; á chur in iúl gur cúis bhuartha di próiseáil sonraí pearsanta ó úsáideoirí Fitbit amach anseo, lena n-áirítear sonraí pearsanta sláinte, a fhéadfar a úsáid chun críocha fógraíocht dhigiteach; á shonrú gur cheart go bhféachfar ar shonraí pearsanta sláinte mar chatagóir speisialta sonraí sláinte, de réir mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)(17); ag tabhairt dá haire go bhfuil na leighseanna a mhol Google agus a d’fhormhuinigh an Coimisiún neamhleor chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú maidir le gléasanna inchaite agus an tsláinte dhigiteach, ar réimsí iad a bhfuil dtábhacht ag méadú i saol tomhaltóirí;

54.  ag tabhairt dá haire, i roinnt margaí sonracha le haghaidh sonraí airgeadais, go bhfuil iliomad díoltóirí agus, cé nach bhfuil sciar ceannasach den mhargadh acu, nach bhfuil mórán iomaíochta ann; ag tabhairt dá haire chomh maith go bhfuil seasamh mar chomhiomlánóirí sonraí ag roinnt díoltóirí sonraí margaidh airgeadais a d’fhéadfadh gníomhú mar gheatóirí agus ar an gcaoi sin rochtain ar shonraí a rialú agus an úsáid a theorannú do chustaiméirí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chásanna den sórt sin ina mbaineann cuideachtaí seasamh geatóirí nó olagaplachtaí amach agus bearta a fhorbairt chun iomaíocht a athbhunú, tacú le trédhearcacht praghsanna agus cleachtais tráchtála éagóracha agus mhíréasúnacha a sheachaint;

55.  á chur in iúl gurb oth léi agus gur chúis bhuartha di éadáil Whatsapp ag Facebook in 2014; á mheabhrú gur inis Facebook bréaga don Choimisiún le linn dó an táthcheangal a mheasúnú faoin gcumas teicniúil a bhí ag Facebook sonraí Whatsapp a úsáid chun críocha fógraíocht dhigiteach; á shonrú gur thosaigh Facebook ag úsáid meiteashonraí ó chomhráite Whatsapp chun críocha fógraíochta in 2016; á mheabhrú gur ghearr an Coimisiún fíneáil ar Facebook in 2017 as bréaga a insint le linn phróiseas a mheasúnaithe; á athdhearbhú go gcuireann Airteagal 105 CFAE d’oibleagáid ar an gCoimisiún bearta iomchuí a mholadh chun deireadh a chur le sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a mholadh chun stop a chur le Facebook de bheith ag úsáid sonraí úsáideoirí Whatsapp chun críocha a fhograíochta;

56.  á iarraidh go bhfeabhsófar bonneagar agus acmhainneacht oibríochtúil athléimneachta an Aontais in earnálacha criticiúla digiteacha, lena n-áirítear trí iomaíocht chothrom a spreagadh agus trí phrionsabail maidir le ceadúnú cóir bogearraí a chur chun cinn i margaí néalríomhaireachta Eorpacha; á mheas go bhfuil iomaíocht inbhuanaithe agus an tseachaint i dtaca le struchtúir mhonaplacha i margaí ríthábhachtach d’aistriú digiteach, do théarnamh eacnamaíoch agus d’iomaíochas na hEorpa;

57.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus oiriúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáid ceannasachta agus a áirithiú go mbeidh an coincheap ‘saoráidí riachtanacha’ oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar choincheap na ‘ceannasachta’ a chomhlánú le coincheapa amhail ‘spleáchas’ agus ‘cumhacht margaidh choibhneasta’;

58.  ag tabhairt dá haire gur fhorbair roinnt struchtúr olagaplach i réimse na seirbhísí airgeadais agus go bhfuil roinnt gnóthais teicneolaíochta mhóra ina ngníomhaithe tábhachtacha anois i margadh na seirbhísí airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na buntáistí iomaíocha a bhaineann go dlúth leis na hoibreoirí sin iomaíocht sa mhargadh a shaobhadh agus díobháil a dhéanamh do leasanna na dtomhaltóirí agus don nuálaíocht;

59.  á mheas nach mór cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoráil faisnéise a chur i gcroílár beartais rathúil mharthanaigh de chuid AE maidir le seirbhísí digiteacha;

Rialú Státchabhrach

60.  ag tabhairt dá haire gur cuid lárnach den bheartas iomaíochta é an beartas Státchabhrach agus gur léiriú é rialú Státchabhrach ar an ngá atá le machaire comhréidh a choinneáil do gach gnóthas a dhéanann gníomhaíochtaí sa mhargadh aonair;

61.  á athdhearbhú go bhfuil Seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI) bunriachtanach i gcónaí ionas go mairfidh roinnt pobal ar fud na hEorpa, go háirithe i réigiúin leithlisithe, i réigiúin iargúlta nó i réigiúin fhorimeallacha san Aontas; á chur in iúl gur geal léi comhairliúchán oscailte an Choimisiún ar fhóirdheontais rialtais do sheirbhísí bunriachtanacha; á chur in iúl gur geal léi na Treoirlínte nua maidir le státchabhair réigiúnach a glacadh le déanaí; á mheabhrú go bhfuil gá le treochlár chun Státchabhair atá spriocdhírithe ar bhealach níos fearr a bhaint amach, go háirithe chun SGEI a sholáthar;

62.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú críochach a sheoladh ar thionchar socheacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair agus an phróisis ábhartha athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair; ag tabhairt dá haire gur cheart, i ndáil leis an méid sin, aird ar leith a thabhairt ar anailís a dhéanamh ar na tionchair ar fhiontair atá bunaithe ar oileáin AE agus ar na réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le forálacha Airteagal 174 agus Airteagal 349 CFAE;

63.  á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú cúramach a dhéanamh ar earnálacha atá ina mbunús le go leor tionscal eile, agus freisin ar shlabhra luacha inbhuanaithe sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais; á athdhearbhú gur gá teicneolaíochtaí agus cleachtais táirgthe a chur chun cinn as a dtagann laghdú suntasach ar thionchair ar an gcomhshaol;

64.  á iarraidh go ndéanfaí rialacha uile an Aontais maidir le hiomaíocht agus Státchabhair a ailíniú le cuspóirí fadtéarmacha na sochaí, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip, agus gealltanais aeráide an Aontais á gcur san áireamh; ag cur in iúl gurb oth léi cé go bhfuil an sainmhíniú ar an meascán fuinnimh fós ina inniúlacht náisiúnta, nach ndéanann formhór na mBallstát an státchabhair coinníollach ar na cuspóirí sin;

65.  á chur in iúl gur geal léi an comhairliúchán a seoladh maidir leis an mbealach ina bhféadfar tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip tríd an mbeartas iomaíochta agus éifeachtúlachtaí glasa agus inbhuanaithe a chur san áireamh ar bhealach níos fearr nuair atáthar ag déileáil le Státchabhair, le rialú cumaisc agus le rialacha in aghaidh trustaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den athbhreithniú atá ar na bacáin ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair um chaomhnú comhshaoil agus um fuinneamh agus maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair, dreasachtaí agus coinníollacha nithiúla a chur i bhfeidhm chun leanúint ar aghaidh ar chonair an dícharbónaithe; á iarraidh go háirithe go dtabharfaí treoir maidir le hathchumhachtú, tionscadail hibrideacha agus stóráil leictreachais agus maidir le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus in athchóiriú foirgneamh; á athdhearbhú, thairis sin, chun aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach go bhfuil gá le bearta chun dul i ngleic le hathrú struchtúrach, lena n-áirítear réigiúin ghuail a shainaithint mar limistéir chúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 107(3) CFAE;

66.  á chur in iúl gur cúis imní di gur próiseas fada, anásta fós é státchabhair neamhdhleathach a aisghabháil; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart trédhearcacht agus inrianaitheacht phróiseas meastóireachta na gcásanna Státchabhrach a fheabhsú, agus riosca idirnascthachta nach bhfuil diomaibhseach idir cásanna á gcur san áireamh;

Rialú cumaisc, imeachtaí in aghaidh trustaí agus cairtéil

67.  ag tathant ar an gCoimisiún fanacht airdeallach agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú go docht lena dtoirmisctear mí-úsáid ceannasachta chomh maith lena nósanna imeachta um rialú cumasc, a chumhdaítear sa Rialachán um Chumaisc CE(18);

68.  á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a Fhógra ó 1997(19) maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh ábhartha i bhforfheidhmiú an Choimisiúin ar chumaisc agus in aghaidh trustaí; ag moladh do Choimisiún aird a thabhairt ina chuid measúnuithe iomaíochais, ar bhonn gach cáis ar leith, ar fhís níos fadtéarmaí ina gcuimsítear an ghné dhomhanda agus an iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á thabhairt chun suntais roimhe seo, gurbh fhéidir go raibh sainmhíniú an Choimisiúin ar an margadh ábhartha róchúng chun iomaíocht dhinimiciúil sna margaí domhanda a chur san áireamh go leordhóthanach; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige níos dinimiciúla a ghlacadh maidir le sainmhíniú an mhargaidh, agus critéir na nuálaíochta a bheith ina ngné lárnach den anailís mhargaidh ábhartha a mhéid a bhaineann le rialú cumaisc Eorpach;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte na gcumasc a athbhreithniú chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaineann le cumaisc a chur san áireamh, lena n-áirítear an dúshlán a bhaineann le hiomaíochas tionsclaíoch AE; á chur in iúl gur geal léi i ndáil leis sin go bhfuil an tAonad um Tosaíochtaí agus um Chomhordú Straitéiseach de chuid AS COMP in ann leas a bhaint as an saineolas atá ag Ard-Stiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin maidir le himscrúduithe AS COMP; á chreidiúint go bhféadfaí an saineolas atá taobh thiar de straitéis thionsclaíoch agus earnála an Choimisiúin a neartú chun tacú le foirne imscrúdaithe AS COMP chun indéantacht agus iarmhairtí na leigheasanna maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin a aithint;

70.  á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le Damáiste(20), a luaithe a bheidh dóthain taithí faighte ó chur i bhfeidhm na rialacha nua i ngach Ballstát chun measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le roinnt athruithe a dhéanamh chun caingne i leith damáistí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhchuibhithe ar fud an Aontais;

71.  á chur in iúl gur geal léi tabhairt isteach ‘uirlís eLeniency’ ag an gCoimisiún; á mheabhrú le forbairt phras margaí digiteacha, go dtagann dúshláin nua chun cinn maidir leis an mbeartas iomaíochta a chur chun feidhme; ag moladh i ndáil leis sin go bhféachann an Coimisiún ar fheidearthachtaí idirghabhála ex ante, go háirithe i margaí digiteacha, agus ar na modhanna riachtanacha a sholáthar do na húdaráis iomaíochta agus rialála náisúnta agus AE chun sonraí a bhailiú go hanaithnid ionas go mbeidh siad in ann teipeanna margaidh a bhrath ar bhonn níos fearr in am trátha;

72.  á chur i bhfios go bhféadfadh mí-úsáid cumhachta margaidh agus iompar éagórach lena mbaineann, amhail díghrádú cáilíochta nó cleachtais sracaireachta, tarlú fiú nuair a chuirtear táirgí nó seirbhísí ar fáil saor in aisce; á chur i bhfáth go dtéann leasanna thomhaltóirí AE níos faide ná praghsanna ísle agus, i gcomhréir le prionsabail CFAE, go n-áirítear cáilíocht, nuálaíocht, táirgiúlacht, inbhuanaitheacht, cosaint an chomhshaoil agus leathadh caidreamh cóirthrádála leo; á mheas gur cheart go ndéanfaí luach earraí poiblí agus seachtrachtaí a bhaineann le cineálacha áirithe táirgeachta a chomhtháthú ar bhonn níos fearr i mbeartas iomaíochta;

73.  á mheabhrú go gcuirtear san áireamh i léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar Airteagal 101 CFAE cuspóirí éagsúla na gConarthaí; á chur in iúl go háirithe breithiúnas Wouters(21) ina raibh an leas coiteann i réim agus dá bhrí sin gur measadh go raibh údar le teorainneacha iomaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún ‘teoiric na díobhála’ a cheapadh, lenar cheart an ceann is fearr a fháil ar chur chuige praghas-lárnach agus cúinsí níos leithne a chur san áireamh, agus béim á leagan aige ar thábhacht phrionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach féidir le teorainneacha iomaíochta dul thar a bhfuil riachtanach don leas coiteann; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, treoir a eisiúint i ndáil leis sin maidir leis an léirmhíniú ar ‘bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach’ faoin Rialachán um Chumaisc;

74.  ag aontú le CIE go mbaineann an Coimisiún dea-úsáid, ar an iomlán, as a chumhachtaí forfheidhmithe i rialú cumaisc agus in imeachtaí in aghaidh trustaí, cé go bhfuil gá le feabhsuithe i roinnt réimsí; ag tabhairt dá haire go háirithe go bhféadfadh sé nach mbeadh na tairseacha láimhdeachais oiriúnach chun gach cás a bhrath ar cheart d’údaráis iomaíochta athbhreithniú a dhéanamh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, smaoineamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha chun tosca amhail an líon tomhaltóirí ar a bhfuil tionchar agus luach na n-idirbhearta gaolmhara a chur san áireamh mar chuid den mheastóireacht leanúnach ar an Rialachán um Chumaisc CE; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, measúnú a dhéanamh ar na leibhéil is airde de chomhchruinniú atá ag tarlú mar gheall ar úinéireacht chothrománach ag cuideachtaí móra bainistithe sócmhainní mar chuid dá mheastóireacht leanúnach ar an Rialachán um Chumaisc CE agus smaoineamh ar threoirlínte a eisiúint maidir le hAirteagail 101 agus 102 CFAE a úsáid ina leith sin;

75.  ag tabhairt dá haire, cé go dtugann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le fios, mar is ceart, nach féidir conclúidí a bhaint as méid na bhfíneálacha i dtaobh an bhfuil siad ina ndíspreagadh éifeachtach, go gcuireann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i bhfios go láidir freisin go bhféadfaidh uasteorainn na bhfíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, ann féin, teorainn a chur leis an éifeacht dhíspreagthach i ‘gcásanna tromchúiseacha’; á chur i bhfios, ina leith sin, cé go bhfuil leibhéal na bhfineálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún i measc na gcinn is airde ar domhan, d’fhan beagnach dhá thrian de na fíneálacha a d’fhorchuir an Coimisiún i gcásanna cairtéil ó 2006 faoi 0.99 % den láimhdeachas bliantúil domhanda, agus mar sin, go maith faoi bhun uasteorann 10 % de láimhdeachas bliantúil domhanda cuideachta atá ceadaithe(22); á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí díspreagthacha a bhfíneálacha agus breithniú a dhéanamh ar fhíneálacha suas le 40 % de láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh i gcásanna tromchúiseacha cairtéil;

76.  á mheabhrú go bhfuil cairtéil ina gcuid de na sáruithe is tromchúisí ar dhlí na hiomaíochta agus gurb iad monaplachtaí an cineál comhcruinnithe margaidh is mó imní; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iompraíocht neamhdhleathach cairtéil a rianú, ós rud é go dtéann sáruithe ar dhlí na hiomaíochta mar sin i gcoinne leasanna shaoránaigh an Aontais, rud a fhágann go mbíonn costais i bhfad níos airde ar thomhaltóirí agus go bhfuil baol ann go maolófar an nuálaíocht agus an cháilíocht;

77.  á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé, i bhfianaise géarchéime, go mbeadh roinnt gnólachtaí ag iarraidh struchtúr tionscail a atheagrú trí ‘chairéil ghéarchéime’, mar a thugtar orthu, a dhéanamh, i.e. comhaontuithe idir an chuid is mó de na hiomaitheoirí nó na hiomaitheoirí uile chun aschur a theorannú agus/nó an toilleadh a laghdú chun an bhrabúsacht a mhéadú agus chun cosc a chur le himeacht ón margadh le linn géarchéime;

78.  ag moladh go mbreathnófaí ar chleachtais ‘díoth-éadálacha’ a d’fhéadfadh an nuálaíocht agus an borradh faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga Eorpacha a chur i mbaol; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an tionscnamh ón gCoimisiún chun úsáid níos fearr a bhaint as ‘clásal na hÍsiltíre’ d’Airteagal 22 den Rialachán um Chumaisc agus tús a chur le glacadh le tarchuir ó údaráis iomaíochta náisiúnta maidir le cumaisc ar fiú athbhreithniú a dhéanamh orthu ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chleachtas tarchuir bunaithe ar an Airteagal thuasluaite agus treoirlínte a eisiúint ina leith, i gcomhthráth leis an oibleagáid faisnéis a thabhairt faoi chomhchruinnithe dá bhforáiltear san Ionstraim um Margaí Digiteacha;

Forbairtí earnálacha

79.  á athdhearbhú gur cúis mhór bhuartha di an comhchruinniú forleathan i slabhra an tsoláthair bia agus sa slabhra talmhaíocht Eorpach chun dochair do thomhaltóirí, d’fheirmeoirí beaga, don chomhshaoil agus don bhithéagsúlacht araon; á thabhairt chun suntais gurb é an toradh atá ar chumhacht iomarcach na bpróiseálaithe iartheachtacha nó na gceannaitheoirí iartheachtacha sa slabhra soláthair ná brú anuas ar phraghsanna feirme;

80.  á chur in iúl gur geal léi ina leith sin an Treoir  maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia(23), mar chéim thosaigh thábhachtach chun cothroime idir oibreoirí a áirithiú, chun déchaighdeáin i gcleachtais agraibhia a chomhrac agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime na cumhachta margála; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán géar a dhéanamh ar dhul chun cinn a trasuímh agus comhroinnt dea-chleachtas idir Ballstáit a chur chun cinn;

81.  á iarraidh freisin ar an gCoimisiún leanúint de mhionanailís a dhéanamh ar fairsinge agus éifeacht comhaontais cheannacháin, agus ar an gcaoi sin aird ar leith a dhíriú ar iomaíocht chóir agus níos mó trédhearcachta i gcleachtais tráchtála na slabhraí ollmhargaidh agus hipearmhargaidh, go háirithe i gcás ina ndéanann cleachtais den sórt sin difear do luach an bhranda agus rogha na dtáirgí nó ina gcuireann sé teorainn leis an nuálaíocht nó le hinchomparáideacht praghsanna, chun a áirithiú go bhfaigheann feirmeoirí coinníollacha córa agus praghsanna córa dá gcuid táirgí; ag cur in iúl gur oth léi nach bhfuil cosc ar dhíol ar chaillteanas ar leibhéal an AE;

82.  ag tarraingt aird ar líon méadaitheach agóidí na bhfeirmeoirí agus á thabhairt dá haire go bhfuil an tionchar carnach atá ag comhaontuithe saorthrádála ar earnáil agraibhia AE ar cheann de na hábhair imní atá ag a rannpháirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar aon chleachtais fhrithiomaíochta arna ndéanamh ag tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, ar cleachtais iad ar baol dóibh pionós a ghearradh ar earnáil talmhaíochta agus ar fheirmeoirí an Aontais, mar gheall ar na difríochtaí i gcaighdeáin shóisialta, sláinte, saothair, chomhshaoil agus leasa ainmhithe lasmuigh den Aontas; á iarraidh go gcuirfí prionsabail na cómhalartachta agus an chomhlíonta i bhfeidhm do tháirgí talmhaíochta sa chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;

83.  ag tabhairt dá haire gur inniúlacht náisiúnta den chuid is mó é an cánachas, atá ag brath ar thuairimí polaitiúla agus ar ghníomhaíochtaí a dhéanann rialtas agus parlaimintí, agus go bhfuil sé bunaithe ar bheartais fhioscacha agus ar ardmhianta polaitiúla maidir le hairgeadas poiblí; á chur in iúl gur geal léi forairdeall an Choimisiúin i dtaobh rialacha maidir le Státchabhair a fhorfheidhmiú i réimse an chánachais; á athdhearbhú gur féidir le Státchabhair fhioscach roghnaíoch machaire míchothrom a chruthú sa mhargadh inmheánach agus nach amháin go ndéanann pleanáil ionsaitheach chánach dochar d’iomaíocht chothrom ach go mbaintear an bonn léi freisin ó fheidhmiú ceart na gcóras sóisialta i gcoitinne; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an córas cánachais atá ann faoi láthair a athchóiriú chun a áirithiú go n-íocfar cánacha i gcás ina gcruthófar luach; á iarraidh ar an gCoimisiún i ndáil leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar a threoirlínte maidir le Státchabhair d’fhonn a mheas cé na bearta Státchabhrach fioscacha a shaobhann an iomaíocht;

84.  ag tabhairt dá haire agus is cúis bhuartha di an ilroinnt agus éagsúlacht i dteileachumarsáid agus i naisc fíor-ardluais Idirlín araon ar fud na mBallstát agus idir ceantair uirbeacha agus thuaithe ar fud na hEorpa; á mheabhrú go bhfuil gá le hiomaíocht shláintiúil chun an bearna a dhúnadh;

85.  ag leagan béim ar an tráth criticiúil do thionscal fáilteachais an Aontais, ar tionscal é a bhí, ó thaobh na heacnamaíochta agus an airgeadais de, ar an gceann is measa a buaileadh le linn na géarchéime leanúnaí; á chur in iúl gur geal léi Státchabhair atá dírithe ar an earnáil sa chomhthéacs sin;

86.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ina athbhreithniú ar an Treoir maidir le Creidmheas Tomhaltóirí(24), cosaint iomchuí do thomhaltóirí a áirithiú i réimse an chreidmheas tomhaltais, lena n-áirítear trí choinníollacha éifeachtacha iomaíochta a chur chun cinn idir oibreoirí, chomh maith le rochtain a éascú; á iarraidh i ndáil leis sin go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí comparáid níos fearr a dhéanamh idir tairiscintí trí thrédhearcacht mhéadaithe, lena n-áirítear trí idirdhealú a dhéanamh idir na costais dhíreacha a bhaineann le haisíoc creidmheasa ó chostais indíreacha amhail muirir le haghaidh seirbhísí agus cánacha tríú páirtí, nach bhfuil inaisíoctha;

87.  á chur in iúl gur chúis bhuartha di gur cheannaigh cuideachta stát-eagraithe ola príomhghrúpa preasa ar leo 20 nuachtán réigiúnacha, 120 iris sheachtainiúla agus 500 ardán ar líne(25) sa Bhallstáit lena mbaineann; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh i dtaobh chomhchruinniú úinéireacht na meán san Eoraip, agus go háirithe i gcomhthéacs corparáidí ilnáisiúnta a bhíonn ag ceannach amach soláthraithe meán san Eoraip;

o
o   o

88.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí náisiúnta na mBallstát agus i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis iomaíochta réigiúnacha na mBallstát.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0158.
(2) https://ec.europa.eu/competition/state_aid/what_is_new/covid_19.html
(3) https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR20_24/SR_Competition_policy_EN.pdf
(4) https://ec.europa.eu/competition/ecn/202003_joint-statement_ecn_corona-crisis.pdf
(5) https://ec.europa.eu/competition/publications/reports/kd0419345enn.pdfl
(6) https://int.nyt.com/data/documenttools/house-antitrust-report-on-big-tech/b2ec22cf340e1af1/full.pdf
(7) GroupMWorldwide, Inc., This Year Next Year: The End-Of-Year Forecasts December 2020. https://www.groupm.com/this-year-next-year-global-end-of-year-forecast-2020/
(8) Statista dossier on Google, Amazon, Facebook, Apple, and Microsoft (GAFAM), Article (2020), https://www.statista.com/study/47704/google-apple-facebook-amazon-microsoft-gafam/
(9) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra IO L 95, 21.4.1993, lch. 29.
(10) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 190).
(11) Teachtaireacht ón gCoimisiún ón 1 Lúnasa 2013 maidir le rialacha Státchabhrach a chur i bhfeidhm, chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais, IO C 216, 30.7.2013, lch. 1.
(12) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).
(13) Breithiúnas an 15 Iúil 2020, Ireland and Others v Commission, T-778/16 agus T-892/16, EU:T:2020:338.
(14) Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (IO L 11, 14.1.2019, lch. 3).
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le leigheasanna atá inghlactha faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún (IO C 267, 22.10.2008, lch. 1).
(16) Breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2019, Ireland and Others v Commission, T‑604/18, EU:T:2019:743.
(17) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE. IO L 119, 4.5.2016, lch. 1
(18) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(19) IO C 372, 9.12.1997, lch. 5.
(20) Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh. (IO L 349, 5.12.2014, lch. 1).
(21) Breithiúnas an 19 Feabhra 2002, J. C. J. Wouters, J. W. Savelbergh agus Price Waterhouse Belastingadviseurs BV v Algemene Raad van de Nederlandse Orde van Advocaten, C-309/99, EU:C:2002:98.
(22) https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR20_24/SR_Competition_policy_EN.pdf
(23) Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59).
(24) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle. IO L 133, 22.5.2008, lch. 66.
(25) https://www.dw.com/en/poland-state-run-oil-company-buys-leading-media-group/a-55859592


Gné na hinscne sa Bheartas Comhtháthaithe
PDF 191kWORD 60k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le gné na hinscne sa Bheartas Comhtháthaithe (2020/2040(INI))
P9_TA(2021)0276A9-0154/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagail 6 agus 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’),

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, prionsabail 2, 3 agus 9 de,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) an 18 Nollaig 1979(1),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do Sprioc 5 de, go háirithe, a fhéachann le comhionannas inscne a bhaint amach agus na dálaí maireachtála do mhná a fheabhsú faoi 2030(2),

–  ag féachaint don Chairt Eorpach um Chomhionannas idir Mná agus Fir sa Saol Áitiúil(3),

–  ag féachaint do threoracha AE ó 1975 ar aghaidh maidir le gnéithe éagsúla de chóir chomhionann idir mná agus fir (Treoir 79/7/CEE(4), Treoir 86/613/CEE(5), Treoir 92/85/CEE(6), Treoir 2004/113/CE(7), Treoir 2006/54/CE(8), Treoir 2010/18/AE(9) agus Treoir 2010/41/AE(10)),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Bealtaine 2012 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn d’oibrithe fir agus mná as obair chomhionann nó as obair den luach céanna(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2013 maidir le steiréitíopaí inscne a dhíothú in AE(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2015 maidir le gairmeacha ban san eolaíocht agus sna hollscoileanna, agus na síleálacha gloine a tháinig chun cinn(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2016 maidir le tosca seachtracha arb é atá iontu constaicí ar fhiontraíocht na mban san Eoraip(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2016 maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban sa ré dhigiteach(15),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal Gender in regional cohesion policy [Gné na hInscne sa Bheartas Comhtháthaithe Réigiúnach] ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), a foilsíodh an 25 Eanáir 2017(16),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Feabhra 2017 maidir le comhionannas inscne sa mheabhairshláinte agus sa taighde cliniciúil a chur chun cinn(17),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2017 maidir le comhionannas idir mná agus fir san Aontas Eorpach in 2014-2015(18),

–  ag féachaint do rún uaithi an 4 Aibreán 2017 maidir le mná agus a róil i gceantair thuaithe(19),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2017 maidir le Straitéis AE a bheith riachtanach chun deireadh a chur leis an mbearna phinsin idir na hinscní agus í a chosc(20),

–  ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cumhachtú eacnamaíoch na mban sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí in AE(21),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2018 maidir le mná, comhionannas inscne agus ceartas aeráide(22),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála AE(23),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le mná agus cailíní a chumhachtú tríd an earnáil dhigiteach(24),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Samhain 2018 maidir le seirbhísí cúraim in AE le haghaidh comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach(25),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal Gender budgeting – Mainstreaming gender into the EU budget and macroeconomic policy framework [Buiséadú inscne - Inscne a phríomhshruthú sa chreat beartais buiséid agus mhaicreacnamaíoch] ó EIGE, a foilsíodh an 10 Aibreán 2019(26)

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d’Fhir an 19 Nollaig 2018 dar teideal The future of gender equality strategy after 2019: the battles that we win never stay won [Todhchaí na straitéise maidir le comhionannas inscne i ndiaidh 2019: ní bua go brách gach cath a mbeirtear bua ann](27),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le comhionannas inscne agus beartais chánach in AE(28),

–  ag féachaint dá rún an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(29),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 6 Márta 2019 dar teideal 2019 Report on equality between women and men in the EU [Tuarascáil 2019 maidir le comhionannas idir mná agus fir in AE] (SWD(2019)0101)(30),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(31),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 dar teideal Gender-Equal Economies in the EU: The Way Forward [Comhionannas Inscne i nGeilleagair an Aontais: An Bealach Romhainn](32),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal Fiontraithe atá ar Iarraidh 2019: Beartais maidir le fiontraíocht chuimsitheach, a d’fhoilsigh ECFE an 10 Nollaig 2019(33)

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear saorlimistéir LADTI(34),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal Gender Dimension of the EU Cohesion Policy [Gné na hInscne de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais] arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 19 Feabhra 2019(35),

–  ag féachaint do rún uaithi an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní(36),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2020 maidir le tosaíochtaí AE don 64ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan(37),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do bhileog eolais an 17 Meitheamh 2020 ón gCoimisiún dar teideal Coronavirus Pandemic – Impact on Gender Equality [Paindéim an Choróinvíris – a tionchar ar an gComhionannas Inscne](38),

–  ag féachaint do theachtaireacht an 29 Bealtaine 2020 ó Chomhairle na hEorpa dar teideal National minorities and COVID-19: inequality deepened, vulnerability exacerbated [Mionlaigh náisiúnta agus COVID-19: neamhionannas níos measa, géarú ar an míbhuntáiste],

–  ag féachaint do Phlépháipéar 129 an 24 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal Gender Smart Financing – Investing In & With Women: Opportunities for Europe [Maoiniú Inscne-Chliste – Infheistíocht a Dhéanamh i agus le Mná: Deiseanna don Eoraip](39),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Union equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),

–  ag féachaint don Innéacs Comhionannais Inscne 2020 ó EIGE, a foilsíodh an 16 Deireadh Fómhair 2020(40),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] (COM(2020)0698),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0154/2021),

A.  de bhrí go bhfuil an comhionannas idir mná agus fir ina bhunluach de chuid an Aontais agus go gcumhdaítear é sna Conarthaí agus sa Chairt; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a chomhtháthú mar phrionsabal cothrománach i ngníomhaíochtaí, bearta, gníomhartha agus cláir uile AE agus i dtionscadail agus beartais uile arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear an Beartas Comhtháthaithe; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí níos mó chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus neamhionannais a bhfuil ar mhná aghaidh a thabhairt orthu; de bhrí go suitear le hAirteagal 7 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna(41) do 2014-2020 nach mór comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne a chur san áireamh agus a chur chun cinn i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht; de bhrí go bhfuil tiomantas, misneach agus ceannaireacht léirithe ag mná agus ag fir atá ar thús cadhnaíochta sa chomhrac ar son an chomhionannais maidir le comhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud an domhain, go háirithe in áiteanna a bhfuil neamhionannais den sórt sin fós ann, ina ndéantar géarleanúint ar mhná agus ina sáraítear a gcearta díreach toisc gur mná iad; de bhrí gur cheart dúinn, mar shaoránaigh Eorpacha, a bheith bródúil as cearta agus oibleagáidí, saoirsí agus deiseanna idir fir agus mná a bheith bainte amach againn, agus de bhrí go bhfuil mná ag stiúradh cuid de na hinstitiúidí is tábhachtaí agus go bhfuil cuid de na poist pholaitiúla is suntasaí acu san Eoraip; de bhrí go gcabhraíonn na samplaí dearfacha sin le tús a chur le haghaidh a thabhairt ar na steiréitíopaí atá ann faoi láthair agus chun eiseamláirí a chur chun cinn;

B.  de bhrí go dtugtar aghaidh sa bheartas comhtháthaithe ar éagothromaíochtaí idir réigiúin éagsúla agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla chun a fhorbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn d’fhonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, a bhfuil baint amach an chomhionannais inscne mar chuid riachtanach de, de bhrí go bhfuil a ábharthacht léirithe ag an mbeartas comhtháthaithe trí dhul chun cinn suntasach chuig comhionannas idir saoránaigh agus cothromaíocht idir an baile agus tuath a bhaint amach;

C.  de bhrí gur uirlis thábhachtach é an beartas comhtháthaithe ní hamháin chun tacú go gníomhach agus go héifeachtach le comhionannas idir na saoránaigh a bhaint amach, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, ach chun na héagothromaíochtaí a dhéanann difear do ghrúpaí atá fós thíos leis an idirdhealú a laghdú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena dtreoshuíomh gnéasach; de bhrí gur cuspóir cothrománach do chistí uile an bheartais chomhtháthaithe é an comhionannas inscne a chur chun cinn; de bhrí gur acmhainn an-tábhachtach iad na Cistí Struchtúracha chun tacú leis na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh i réimse an chomhionannais inscne;

D.  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach an comhionannas inscne, an comhionannas idir fir agus mná, réigiúin nó glúnta, i measc nithe eile, a bhaint amach chun éagothromaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, agus eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú, chomh maith le hiomaíochas fadtéarmach agus forbairt chothrom, chuimsitheach agus inbhuanaithe AE, a Bhallstát agus a réigiún a áirithiú; de bhrí go ndearnadh dul chun cinn le blianta beaga anuas i réimse an chomhionannais idir fir agus mná, agus go bhfuil feabhas tagtha ar an gcomhionannas inscne in AE go cothrománach in go leor bealaí; de bhrí go léirítear le tearcionadaíocht na mban sa mhargadh saothair agus leis na táscairí atá ar fáil go bhfuil deighilt ingearach agus chothrománach sa mhargadh saothair, agus sna réimsí socheacnamaíocha agus polaitiúla; de bhrí gur áiríodh cheana i gConradh na Róimhe prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann, agus de bhrí gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe rannchuidiú leis na dálaí atá mar bhonn ag an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chruthú, a bhfuil tairbhe ag baint leo freisin maidir leis an mbearna sin a laghdú tuilleadh agus maidir le cuimsiú na mban sa mhargadh saothair; de bhrí, de réir EIGE, go mbeadh tionchar láidir dearfach sóisialta agus eacnamaíoch ag cur chun cinn éifeachtach an chomhionannais inscne, lena n-áirítear méadú ar OTI per capita AE, na milliúin post breise agus méadú ar OTI na mBallstát;

E.  de bhrí go bhfuil príomhshruthú inscne sa bhuiséad Eorpach á mheasúnú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoi láthair; de bhrí go dtabharfar léargas úsáideach sa tuarascáil iniúchóireachta sin, atá le foilsiú sa chéad ráithe de 2021, ar an mbealach ina bhféadfaí gné na hinscne a chur chun feidhme i ngníomhaíochtaí an bheartais chomhtháthaithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027;

F.  de bhrí, le linn thréimhse chlársceidealaithe 2014-2020, gurb iad na príomheilimintí criticiúla chun an comhionannas inscne a chur chun cinn tríd an mbeartas comhtháthaithe ná, i measc nithe eile, an bhearna idir ráitis fhoirmiúla i gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus i gCláir Oibríochtúla (lena ndearbhaítear cur chun cinn phrionsabail an chomhionannais deiseanna agus an neamh-idirdhealaithe) agus a gcur chun feidhme iarbhír, chomh maith leis an tiomantas polaitiúil atá sách lag sa réimse seo; de bhrí go ndearbhaíonn na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na Cláir Oibríochtúla go n-urramaíonn siad agus go gcuireann siad chun cinn prionsabail an chomhionannais deiseanna agus an neamh-idirdhealaithe; de bhrí go bhfuil gá fós le hiarrachtaí níos mó maidir le rannpháirtíocht na mban i ngach céim de thimthriall an bheartais chomhtháthaithe, go háirithe i bhforbairt clár agus i bpróisis chinnteoireachta, chomh maith le cur chun feidhme na dtionscadal roghnaithe; de bhrí, le linn thréimhse chlársceidealaithe 2014-2020, go ndeachthas i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le hinscne go príomha trí Chláir Oibríochtúla Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE); de bhrí, le linn na tréimhse céanna, gur rannchuidigh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn ar bhealach an-teoranta;

G.  de bhrí go bhfuil sonraí imdhealaithe ó thaobh inscne de atá bunaithe ar fhoinsí iontaofa agus fíoraithe agus ar tháscairí a bhaineann le hinscne bunriachtanach chun lamháil d’earnálacha nó do réigiúin áirithe tacaíocht AE a úsáid go héifeachtach, bunaithe ar réaltacht áitiúil na neamhionannas, chun feabhas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta agus chun measúnú a dhéanamh ar thoradh ghníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha an bheartais chomhtháthaithe lena ndírítear ar shainaithint na neamhionannas nó na n-éagóracha féideartha a ndéanfaidh siad gníomhaíocht ina leith a chur chun cinn agus beartais éifeachtacha a fhorbairt chun cearta agus saoirsí comhionanna a chosaint i measc saoránach;

H.  de bhrí go bhfuil an comhtháthú beartais i réimse an chomhionannais inscne easnamhach, agus de bhrí nach ann fós do chóras aontaithe lena n-éascófaí tuiscint chomhionann agus cur chun feidhme comhionann maidir le príomhshruthú inscne in institiúidí AE;

I.  de bhrí nach eol fós iarmhairtí iomlána eacnamaíocha, fostaíochta ná sóisialta na paindéime; de bhrí go dtugtar le tuiscint le réamhstaidéir go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis géarú ar na neamhionannais atá ann cheana idir fir agus mná, go háirithe ó thaobh méadú ar obair chúraim neamhíoctha agus ar mhíchothromaíocht oibre is saoil, mar aon le foréigean teaghlaigh, agus go bhfuil tionchar díréireach aige sin ar chailíní agus ar mhná, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí imeallaithe; de bhrí gur minic is mná iad formhór na ndaoine sna hearnálacha atá nochta don phaindéim, amhail an t-oideachas agus an tsláinte; de bhrí gur cheart an méid sin a chur san áireamh sa bheartas comhtháthaithe agus, go sonrach, in CSE+ atá ar na bacáin;

J.  de bhrí go dtacaíonn Ciste Téarnaimh AE le hearnálacha a ndéanann an géarchéim difear mór dóibh; de bhrí go mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha ag an tionchar ar shochaí na hEorpa ina hiomláine, dá bhrí sin, ar oideachas, ar infhostaitheacht agus ar thodhchaí na saoránach go léir, agus gur cheart an mhearfhreagairt ó na hinstitiúidí Eorpacha agus a dtoilteanas chun tacú le sochaí na hEorpa a mholadh; de bhrí go ndíríonn tosaíochtaí uileghabhálacha Chiste Téarnaimh AE ar earnálacha ina bhfuil cion ard d’fhostaíocht na bhfear agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh baol a bheith ann go méadófaí neamhionannais idir fir agus mná san fhostaíocht;

K.  de bhrí nach bhfuil na hacmhainní, na riachtanais agus na roghanna céanna ag mná agus ag fir; de bhrí gur minic a chuirtear dearcadh na bhfear san áireamh den chuid is mó in go leor beartas; de bhrí, mar sin de, go mbíonn taithí éagsúil ag mná agus ag fir ar sheirbhísí agus ar bhonneagair agus nach minic gurb ionann tosaíochtaí na mban agus na bhfear ó thaobh seirbhísí bunúsacha de;

L.  de bhrí gurb iad fiontair bheaga agus mheánmhéide cnámh droma na ngeilleagar réigiúnach; de bhrí, le comhionannas, cothromaíocht oibre is saoil, fostaíocht chuimsitheach agus pá comhionann, go gcumasófar an comhionannas inscne in FBManna;

M.  de bhrí go ndéanann go leor infheistíochtaí difear do mhná agus d’fhir ar bhealaí éagsula, rud a fhágann gur gá gné an chomhionannais inscne a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí;

Ról an bheartais chomhtháthaithe i gcur chun cinn an chomhionannais inscne chun tairbhe an fhoráis shocheacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe

1.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an beartas comhtháthaithe i ndáil leis an gcomhionannas idir daoine agus idir réigiúin a chur chun cinn, lena n-áirítear an comhionannas inscne, agus i ndáil le Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne a chur chun feidhme, lena n-áirítear a tosaíochtaí sláinte a bhaineann le hinscne amhail sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo (SRHR); á mheabhrú go bhfuil acmhainní iomchuí, leordhóthanacha agus inbhuanaithe de dhíth ar chuspóirí beartais uile, agus atá tiomnaithe dá gcur chun feidhme; á mholadh go gcuirfeadh na Ballstáit bearta an chomhionannais inscne san áireamh agus cláir á bhforbairt agus á bhformheas acu;

2.  á chreidiúint go láidir go dtugtar aghaidh, den chuid is mó, ar an gcomhionannas inscne ar bhealach ginearálta agus atá teoranta do réimsí beartais CSE, chomh maith maidir leis an gcéim anailíse comhthéacs agus clársceidealaithe, agus gur gá níos mó airde a thabhairt ar bhonn rialta ar chéimeanna cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta ag an am céanna; á mheabhrú gur gá, i gcás gach céime clársceidealaithe, na réimsí tosaíochta a rannchuidíonn leis an gcomhionannas inscne agus le forbairt inbhuanaithe a shainaithint;

3.  á chreidiúint go láidir gur cheart rialacha AE a scríobh ar bhealach soiléir agus sainráite lena n-éascófaí a gcur chun feidhme ar mhaithe le saoránaigh, lena n-áirítear maidir leis an gcomhionannas inscne agus an comhionannas idir fir agus mná; á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór idirdhealaithe í an easpa acmhainní iomchuí;

4.  ag cur béim ar an ngá atá le tiomantas láidir polaitiúil chun an comhionannas inscne a chosaint ó thaobh an dlí de ar mhaithe leis an daonra iomlán agus ar mhaithe le fás eacnamaíoch agus forbairt chríochach atá cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe; á chur i bhfios go bhfuil sé riachtanach, chun an comhionannas inscne a bhaint amach, dea-chothromaíocht oibre is saoil a áirithiú a laghdóidh an brú ar mhná le linn saoire a bhaineann leis an teaghlach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le straitéis níos láidre maidir le cothromaíocht oibre is saoil don Aontas mar bhealach chun an comhionannas inscne a chur chun cinn;

5.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá creat rialachais comhordaithe maidir leis an gcomhionannas inscne, treoirlínte náisiúnta agus tacaíocht theicniúil d’fhaireachán tionchair inscne, a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla AE, chomh maith le grinnscrúdú níos láidre ar leibhéal an Aontais tar éis ghlacadh na gclár; á iarraidh, ina theannta sin, go gcuirfí an nasc leis na pleananna náisiúnta a eascraíonn as an bplean téarnaimh san áireamh agus cuspóirí forbartha eacnamaíche agus sóisialta de na cláir sin á bhforbairt;

6.  ag cur béim ar an ngá atá le straitéis maidir leis an gcomhionannas inscne ina mbeidh cuspóirí agus spriocanna soiléire ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus an gá le cláir múscailte feasachta maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an gcomhionannas inscne agus le comhionannas deiseanna do mhná agus d’fhir a shaothrú ar mhaithe le fás socheacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach;

7.  á mheas gur gá borradh a chur faoi scileanna, agus oiliúint agus forbairt acmhainne na nÚdarás Bainistíochta agus na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a fhorbairt tuilleadh maidir le gné inscne na gCistí Struchtúracha, mar aon leis an ngá atá le straitéisí faireacháin comhordaithe, modheolaíocht aontaithe agus córais mheastóireachta aontaithe a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le sonraí úsáideacha a bhainistiú agus a imdhealú, ar sonraí iad atá dírithe ar neamhionannais a d’fhéadfadh a bheith ann idir saoránaigh a shainaithint; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé meastóireacht a dhéanamh ar an aschur oiliúna chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtacht ó thaobh feabhas a chur ar chur chun feidhme an phríomhshruthaithe inscne;

8.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhpháirtíochta a urramú sa chlársceidealú náisiúnta faoin mbeartas comhtháthaithe; á iarraidh ar na Ballstáit comhordú go dlúth le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, leis an tsochaí shibhialta agus leis an saol acadúil faoi chuimsiú phrionsabal na comhpháirtíochta ar bhealach cothrománach agus nuair a bheidh an comhaontú comhpháirtíochta á dhréachtú chun dúshláin a bhaineann le beartais éifeachtacha chomhionannais a chur san áireamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus ag spreagadh na mBallstát chun feachtais a chur i gcrích maidir le beartais chomhionannais a chur chun cinn, go háirithe sna réimsí a bhaineann le réiteach na hoibre agus an tsaoil phríobháidigh, deireadh a chur le steiréitíopaí inscne i roghanna gairme agus neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a fheabhsú;

9.  á mheas gur cheart go mbeadh táscairí níos soiléire ag geallsealbhóirí clár agus ag coistí faireacháin maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht clár i dtaca le gné na hinscne i dtionscadail nithiúla a chur chun feidhme, go háirithe in idirghabhálacha CFRE; á mheas go bhfuil na treoirlínte, na cláir oiliúna agus na samplaí nithiúla den dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin teoranta i gcónaí; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, an acmhainneacht atá ag CFRE/an Ciste Comhtháthaithe chun an bhearna atá os comhair na mban a dhúnadh, agus aird ar leith á tabhairt ar fhiontraíocht na mban agus ar an earnáil dhigiteach, ós rud é nach ionann mná ach 34.4 % de dhaoine féinfhostaithe agus 30 % d’fhiontraithe nuathionscanta san Aontas Eorpach; ag tathant ar an gComhairle teacht ar chomhaontú ar thogra le haghaidh treorach maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin de chuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin agus i dtaca le bearta gaolmhara (an Treoir maidir le Mná ar Bhoird), ós rud é gur uirlis an-tábhachtach í chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach sa chinnteoireacht eacnamaíoch ar an leibhéal is airde; á iarraidh go ndéanfaí cuid de na cistí beartais chomhtháthaithe a thiomnú do thacaíocht a thabhairt do mhná atá ag maireachtáil i mbochtaineacht, do mhná atá i mbaol na bochtaineachta, do mháithreacha aonair, do mhná faoi mhíchumas agus do mhná ar íospartaigh foréigin iad; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis faoi seach cláir den sórt sin a chur i gcrích;

10.  á chur i bhfáth gur cheart go n-áiritheodh na cláir uile a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe an comhionannas inscne i rith a n-ullmhaithe, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin agus a meastóireachta, chomh maith le deiseanna comhionanna do chách, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht dhearfach i gcás inar gá agus inarb infheidhme, gan idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach; á chur i bhfios go láidir gur cheart freisin cur chuige trasnach a ghlacadh leis na gníomhaíochtaí atá dírithe ar an mbearna idir na hinscní a dhúnadh faoin mbeartas comhtháthaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh cothromaíocht inscne ann i gcomhdhéanamh na ngrúpaí saineolaithe sna céimeanna éagsúla den timthriall beartais;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis faoi seach prionsabail an smachta reachta a leanúint, lena n-áirítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus urraim a thabhairt do chearta bunúsacha a mhéid a bhaineann le cinntí maidir le cláir nó réigiúin chistiúcháin, agus faireachán, imscrúdú agus gníomhaíochtaí iomchuí i gcás sáruithe ar na prionsabail sin á leanúint, agus cosaint na dtairbhithe deiridh á háirithiú i gcónaí; ag creidiúint nár cheart do thairbhithe an bheartais chomhtháthaithe aon bheartas idirdhealaitheach a ghlacadh, go háirithe i gcoinne na ngrúpaí sin atá fós thíos le hidirdhealú, amhail an pobal LGBTI; ag moladh go ndiúltófaí iarratais ó thairbhithe féideartha, lena n-áirítear iarratais ó údaráis réigiúnacha nó áitiúla, a ghlac beartais idirdhealaitheacha i gcoinne daoine de phobal LGBTI amhail an dearbhú maidir le limistéir ‘saor ó LGBTI’;

12.  á chur i bhfios gur gá feabhas a chur ar shineirgí idir comhtháthú, cistí téarnaimh agus cláir eile atá ann cheana, amhail cláir a bhfuil sé mar aidhm leo dálaí oibre do mhná a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an mbearna phá idir na hinscní agus an fhostaíocht fhorbhásach a chomhrac, infheistiú a dhéanamh i saoráidí cúraim, foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus a chosc, agus rochtain ar sheirbhísí SRHR a áirithiú i measc nithe eile;

13.  ag aithint an ualaigh a chuirtear ar mhná mar phríomhchúramóirí i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, chomh maith lena luach sóisialta, go háirithe le linn ghéarchéim COVID-19; ag aithint gurb iad cúramóirí neamhfhoirmiúla neamhíoctha go minic, ar mná iad 75 % díobh sin, a chuireann 80 % den chúram ar fáil ar fud an Aontais; ag léiriú, dá bhrí sin, ról ríthábhachtach an bheartais chomhtháthaithe maidir le hinfheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i seirbhísí cúraim; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na cistí atá ar fáil laistigh den bheartas comhtháthaithe chun cúram a sholáthar ní hamháin chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar bhonneagar cúraim, ach freisin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhearnaí inscne san fhostaíocht, ar bhearnaí pá agus pinsin mar thoradh air sin, ar dheighilt sa mhargadh saothair agus, mar thoradh air sin, chun dálaí oibre a fheabhsú agus chun an pá céanna a áirithiú don obair chéanna, chun fostaíocht neamhfhoirmiúil agus fhorbhásach a chomhrac agus chun poist nua ardcháilíochta a chruthú san earnáil sin, chomh maith le tacú le haistriú chuig geilleagar cúraim níos fearr atá inrochtana do chách; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, Margadh Cúraim don Eoraip a mholadh a bheadh dírithe ar thacaíocht a thabhairt don aistriú sin; á chur i bhfáth ina theannta sin go bhfuil gá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcosaint shocheacnamaíoch na mban, ós rud é go nglacann siad an fhreagracht orthu féin maidir le hobair chúraim neamhíoctha an chuid is mó den am agus nach mbíonn mórán cosanta sóisialta acu go minic;

14.  á chur i bhfios nach mór dul i ngleic fós le bearna thromchúiseach dhigiteach agus gur gá infheistíocht níos mó a dhéanamh sa digitiú, sa nuálaíocht dhigiteach agus sa nascacht dhigiteach; á chur i bhfáth gur gá don bheartas comhtháthaithe tacú le rochtain chothrom ar oiliúint agus ar fhostaíocht do mhná agus d’fhir, gníomhaíocht dhearfach a chur chun feidhme chun an bhearna dhigiteach idir na hinscní a dhúnadh agus chun tacú leis an aistriú cóir, an t-aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cosaint á tabhairt do na hoibrithe sin a ndéanfaidh na haistrithe sin difear dóibh, mar shampla trí chion na gcéimithe mná in ábhair ETIM a mhéadú, chomh maith lena rannpháirtíocht in earnálacha atá ríthábhachtach don aistriú comhshaoil, amhail an earnáil fuinnimh; ag aithint gur príomhghné den fhorbairt inbhuanaithe agus de phoist ghlasa í an nuálaíocht agus gur féidir le straitéisí saincheaptha cur ar chumas gach réigiúin a bhuntáistí iomaíocha féin a shainaithint agus a fhorbairt;

15.  á chur i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán, lena n-áirítear cúram sláinte, agus bonneagar sóisialta, chun neamhionannais éagsúla a chomhrac, go háirithe neamhionannas inscne, agus chun athléimneacht shóisialta a fhothú agus chun déileáil le géarchéimeanna eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte; á mheabhrú go bhfuil an beartas comhtháthaithe dírithe ar fhorbairt chomhchuí na réigiún trí chuspóir an chóineasaithe shóisialta agus eacnamaíoch, agus, ar an gcaoi sin, ag rannchuidiú le folláine na saoránach; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt sa bheartas comhtháthaithe ar mhná a bhfuil cónaí orthu i limistéir a ndéanann an t-aistriú tionsclaíoch difear dóibh agus i réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, amhail na réigiúin is forimeallaí nó réigiúin a bhfuil daonra an-íseal acu agus inar tearc an daonra agus réigiúin oileánacha, trasteorann agus shléibhteacha; á chur in iúl go gcuidíonn cur chun feidhme éifeachtach na mbeartas um chomhionannas inscne le treochtaí dídhaonraithe a aisiompú i réigiúin a thagann le chéile atá soghabhálach i leith an fheiniméin sin;

16.  á chur i bhfios an deis atá ag na straitéisí forbartha comhtháite inbhuanaithe uirbeacha agus críochacha arna ndéanamh ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha i gcomhréir le Clár Oibre 2030, lena n-áirithítear go dtabharfar aghaidh ar gach gné den fhorbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 5, nuair a bheidh beartais á gceapadh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfáth an ról atá ag na cathracha agus ag na réigiúin a bhí ar thús cadhnaíochta le fada i dtreo an chomhionannais inscne a chur chun cinn, chomh maith le tionscnaimh Eorpacha um fhorbairt uirbeach, amhail Cairt Leipzig; á chreidiúint gur cheart, leis an mbeartas comhtháthaithe, rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar neamhionannais uirbeacha fhorleathana trí mhná a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr sa phleanáil beartais don fhorbairt réigiúnach agus uirbeach chun cathracha agus pobail a oibríonn do chách a dhearadh a bheadh cuimsitheach ó thaobh inscne de; á chur i bhfios go láidir gur féidir le pleanáil uirbeach atá íogair ó thaobh inscne de rochtain níos córa agus níos cothroime ar earraí uirbeacha a áirithiú; á chur i bhfáth thairis sin go bhfuil ról lárnach ag réigiúin agus ag rialtais áitiúla i gcur chun cinn an chuimsithe shóisialta, agus go bhféadfaí, le pleanáil chríochach atá íogair ó thaobh inscne de, rannchuidiú le dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas sin;

Comhionannas inscne sa bheartas comhtháthaithe i ndiaidh 2020

17.  á iarraidh go mbeidh tiomantas láidir polaitiúil ann don chomhionannas inscne ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun feabhas a chur ar an aird a thugann na geallsealbhóirí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar an gcomhionannas inscne agus ar ghnéithe an chomhionannais, ó thaobh chearta an duine de agus mar thoisc ríthábhachtach d’fhorbairt shocheacnamaíoch, agus chun tiomantas breise a chur chun cinn sa réimse sin;

18.  á iarraidh go dtabharfaí isteach spriocanna agus ceanglais shoiléire agus nithiúla maidir le cuspóirí an chomhionannais inscne agus go dtabharfaí isteach deiseanna agus comhionannas níos fearr idir fir agus mná i ngach clár i ndiaidh 2020, le bearta sonracha agus idirdhisciplíneacha le haistriú isteach sna hoibríochtaí go léir;

19.  ag tacú go láidir leis an gceanglas ex ante straitéis náisiúnta um chomhionannas inscne a fhorbairt ina mbeadh cuspóirí agus spriocanna soiléire chun taca a chur faoi idirghabhálacha beartais chomhtháthaithe d’fhonn feabhas a chur ar a éifeachtacht agus ar a breisluach i ndáil leis an gcomhionannas inscne; á iarraidh ar na Ballstáit straitéis den chineál sin a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta spriocdhírithe, oibleagáidí agus treoirlínte ceangailteacha;

20.  á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as cistiú an bheartais chomhtháthaithe chun na héagothromaíochtaí réigiúnacha eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú tuilleadh agus béim ar leith á leagan ar bhaineannú na bochtaineachta, ar dhífhostaíocht i measc na mban agus a n-eisiamh ó go leor deiseanna eacnamaíocha a chomhrac, ar gach cineál foréigin agus idirdhealaithe inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, ar chumhachtú na mban a chur chun cinn agus a shaothrú trí fheabhas a chur ar rochtain ar an margadh saothair agus ar ath-imeascadh sa mhargadh saothair agus ar aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhaineann le sláinte mar a shainítear iad sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, go háirithe sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo (SRHR) mar ghné bhunriachtanach d’fholláine daoine, agus chun an comhionannas inscne a chur chun cinn; á iarraidh, ina theannta sin, go bhfeabhsófaí sineirgí idir na Cistí Comhtháthaithe agus na Cistí Téarnaimh agus na cláir eile atá ann cheana agus é mar aidhm leo dálaí oibre a fheabhsú do mhná, lena n-áirítear tríd an mbearna phá idir na hinscní, an fhostaíocht fhorbhásach agus obair neamhfhoirmiúil a chomhrac, trí infheistiú a dhéanamh i saoráidí cúraim, foréigean bunaithe ar inscne a chomhrac agus a chosc agus rochtain ar sheirbhísí SRHR a áirithiú, i measc nithe eile;

21.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí le comhlachtaí comhionannais inscne agus ag tacú go láidir le rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sin i ngach céim den chlár chun ailíniú níos fearr a ráthú idir na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus riachtanais na mban agus na bhfear trí chreataí institiúideacha a chomhdhlúthú agus trí chomhlachtaí comhordaithe agus tacaíochta maidir leis an gcomhionannas inscne a neartú i ngach réimse beartais;

22.  á iarraidh go dtabharfaí isteach measúnú tionchair inscne ex ante agus ex post mar chuid de mheastóireachtaí na mBallstát, i ndáil leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn i dtaobh an chaoi a gcaitear na cistí agus i dtaobh an ndéantar spriocanna comhionannais inscne a urramú go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, le linn an athbhreithnithe mheántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe i ndiaidh 2020, go ndéanfar meastóireacht ar úsáid a bhfoinsí chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, ar a n-éifeachtúlacht, ar a dtionchar agus, i gcás inarb infheidhme, a gcuimsitheacht agus a neamh-idirdhealú, lena n-áirítear ó thaobh ghné na hinscne de;

23.  á mheabhrú gur gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha; á chur i bhfáth gur cheart, le táscairí intomhaiste, i gcás inarb iomchuí, go mbeifí in ann freisin faireachán a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar don chomhionannas inscne;

24.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh isteach an comhionannas inscne agus an príomhshruthú mar cheann de thosaíochtaí cothrománacha CAI nua agus mar phrionsabal cothrománach i Rialachán nua na bhForálacha Coiteanna; á mheabhrú gurb é atá i mbuiséadú inscne ná cur i bhfeidhm an phríomhshruthaithe inscne ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an bhfaireachán ar na cláir ní hamháin an caiteachas ábhartha a thomhas sna línte buiséid go léir, ach, níos tábhachtaí fós, measúnú a dhéanamh ar thoradh bhuiséad an Aontais maidir leis an gcomhionannas inscne a fheabhsú; á thabhairt chun suntais gur cheart aon mheasúnú tionchair inscne a bheith ar fáil i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh; á mholadh go n-úsáidfí critéir lena ndéanfar measúnú ní hamháin ar an bpá airmheánach náisiúnta agus ar an ollioncam airmheánach bliantúil i bpaireacht cumhachta ceannaigh, ach freisin ar tháscairí neamheacnamaíocha, amhail na táscairí sin lena dtomhaisfear an fholláine shuibiachtúil, díothú an fhoréigin inscnebhunaithe, rannpháirtíocht shibhialta, cothromaíocht oibre is saoil agus naisc shóisialta; á chur i bhfios go láidir nach féidir measúnú a dhéanamh ar an toradh ach amháin má tá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de ar fáil;

25.  á thabhairt chun suntais go bhfuil bearna sonraí maidir le hinscne i réimse an bheartais chomhtháthaithe agus na pleanála uirbí, atá ann i roinnt Ballstát, agus á iarraidh ar na Ballstáit modhanna bailithe sonraí a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn do shonraí atá imdhealaithe de réir inscne ionas go bhféadfar anailís cheart a dhéanamh ar éagsúlachtaí idir na hinscní; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún, chun príomhshruthú inscne a áirithiú, measúnú tionchair inscne a chur chun feidhme do gach beartas agus do gach togra reachtach i réimse an bheartais chomhtháthaithe, táscairí inscne-fhreagrúla a shainiú, sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus meastóireachtaí inscne-fhreagrúla a dhéanamh;

26.  á iarraidh ar gach institiúid treoirdhoiciméid agus, ar bhonn rialta, oiliúint phraiticiúil ar gach leibhéal riaracháin a chur ar fáil, ionas go scaipfear agus leabófar samplaí praiticiúla den dea-chleachtas maidir leis an bpríomhshruthú inscne, comhtháthú agus bainistíocht fónta; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart na critéir maidir le príomhshruthú inscne a neartú ag céim roghnúcháin an tionscadail trí scóráil níos airde agus trí cheanglais le haghaidh gníomhaíochtaí níos praiticiúla; á chur in iúl gur díol sásaimh di ról EIGE i gcur chun cinn an chomhionannais inscne agus sa chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe atá bunaithe ar inscne; á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn sé le príomhshruthú inscne ar bhonn dearfach, lena n-áirítear i réimse an bheartais chomhtháthaithe; á iarraidh go gcuirfí maoiniú leormhaith ar fáil do EIGE agus á mholadh go mbainfí leas as na huirlisí atá ann cheana, uirlisí a d’fhorbair EIGE amhail a shraith straitéisí maidir le buiséadú inscne i ngach céim de mheastóireacht, de chur chun feidhme agus d’fhaireachán sna Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa;

27.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an iliomad ban ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19, as ar eascair méadú i dtuairisciú an fhoréigin teaghlaigh; á iarraidh ar an gComhairle go tabharfaí i gcrích ar bhonn práinne Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh agus cláir a chur ar fáil atá dírithe ar an bhforéigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac agus ar chabhair a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin; á thabhairt chun suntais na héagothromaíochtaí atá ann maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil do mhná agus do leanaí atá thíos le foréigean inscnebhunaithe agus an ról atá ag an mbeartas comhtháthaithe maidir leis na neamhionannais sin a dhíchóimeáil; á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé go dtabharfadh údaráis áitiúla páirt d’fostóirí réigiúnacha agus do ENRanna ina gcuid oibre;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí riachtanacha maidir le gné na hinscne agus saincheisteanna a bhaineann le hinscne a áireamh ina theachtaireacht maidir le seoladh bheartas comhtháthaithe nua 2021–2027;

o
o   o

29.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) https://www.ohchr.org/documents/professionalinterest/cedaw.pdf
(2) https://sdgs.un.org/goals/goal5
(3) https://www.ccre.org/docs/charte_egalite_en.pdf
(4) Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).
(5) Treoir 86/613/CEE an 11 Nollaig 1986 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir a ghabhann do ghníomhaíocht, lena n-áirítear an talmhaíocht, i gcáil fhéinfhostaithe, agus maidir le cosaint do mhná féinfhostaithe le linn toirchis agus máithreachais (IO L 359, 19.12.1986, lch. 56).
(6) Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
(7) Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
(8) Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(9) Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).
(10) Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
(11) IO C 264 E, 13.9.2013, lch. 75.
(12) IO C 36, 29.1.2016, lch. 18.
(13) IO C 316, 22.9.2017, lch. 173.
(14) IO C 11, 12.1.2018, lch. 35.
(15) IO C 66, 21.2.2018, lch. 44.
(16) https://eige.europa.eu/publications/gender-regional-cohesion-policy
(17) IO C 252, 18.7.2018, lch. 99.
(18) IO C 263, 25.7.2018, lch. 49.
(19) IO C 298, 23.8.2018, lch. 14.
(20) IO C 331, 18.9.2018, lch. 60.
(21) IO C 346, 27.9.2018, lch. 6.
(22) IO C 458, 19.12.2018, lch. 34.
(23) IO C 162, 10.5.2019, lch. 9.
(24) IO C 390, 18.11.2019, lch. 28.
(25) IO C 363, 28.10.2020, lch. 80.
(26) https://eige.europa.eu/publications/gender-budgeting-mainstreaming-gender-eu-budget-and-macroeconomic-policy-framework
(27) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/aid_development_cooperation_fundamental_rights/opinion_on_gender_equality_policy_post_2019_2018_en.pdf
(28) IO C 411, 27.11.2020, lch. 38.
(29) IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.
(30) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7263-2019-INIT/en/pdf
(31) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0080.
(32) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14254-2019-INIT/ga/pdf.
(33) https://www.oecd.org/industry/the-missing-entrepreneurs-43c2f41c-en.htm
(34) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0101.
(35) Staidéar/ Grinnanailís - ‘Gné na hInscne de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 19 Feabhra 2019, le fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2019/629185/IPOL_STU(2019)629185_EN.pdf
(36) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0025.
(37) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0039.
(38) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/research_and_innovation/research_by_area/documents/ec_rtd_covid19-gender-equality_factsheet.pdf
(39) https://ec.europa.eu/info/publications/gender-smart-financing-investing-and-women-opportunities-europe_en
(40) https://eige.europa.eu/publications/gender-equality-index-2020-digitalisation-and-future-work
(41) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol
PDF 287kWORD 98k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI))
P9_TA(2021)0277A9-0179/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020)0380);

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an ábhar céanna(1),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2016 maidir le Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra (COM(2016)0087),

–  ag féachaint don Tuarascáil ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an Athbhreithniú Meántéarmach ar Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2020 (COM(2015)0478),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Iúil 2019 maidir le Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú (COM(2019)0352) agus don rún ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le ról AE i dtaca le foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú(2);

–  ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Aontais go dtí 2020 dar teideal ‘Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid(3)’ agus don togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil nua de chuid an Aontais go dtí 2030 (COM(2020)0652),

–  ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(4),

–  ag féachaint don Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda ón gClár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), an 31 Bealtaine 2019, ar sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus don 15ú cruinniú atá le bheith ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin (COP15),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–  ag féachaint d’Ionchas Domhanda Bithéagsúlachta 5 an 15 Meán Fómhair 2020 ó Rúnaíocht CBD,

–  ag féachaint do na tuarascálacha ón bPainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), go háirithe Tuarascáil Speisialta an 24 Meán Fómhair 2019 maidir leis an Aigéan agus an Criosféar in Aeráid atá ag Athrú, Tuarascáil Speisialta an 8 Lúnasa 2019 ar Athrú Aeráide agus Talamh, agus Tuarascáil Speisialta an 8 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Téamh Domhanda an 1,5 °C,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir leis an Meánmhuir a Chosaint ar Thruailliú, don Choinbhinsiún maidir leis an Muir Dhubh a Chosaint ar Thruailliú, do Choinbhisiún Heilsincí um Chosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, agus don Choinbhinsiún um Chosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh,

–  ag féachaint do na tuarascálacha ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe an 24 Eanáir 2018 agus an 15 Iúil 2020 maidir le hoibleagáidí chearta an duine a bhaineann le tairbhiú de thimpeallacht shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe,

–  ag féachaint do Ghealltanas Cheannairí na Náisiún Aontaithe don Dúlra an 28 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontaithe chun Caillteanas Bithéagsúlachta a Aisiompú faoi 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’,

–  ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) an 4 Nollaig 2019 dar teideal ‘Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe’,

–  ag féachaint don tuarascáil ó EEA an 19 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Staid an Dúlra san AE – Torthaí ó thuairisciú faoi na treoracha dúlra 2013-2018’,

–  ag féachaint do thuarascáil Ionchas Acmhainní Domhanda 2019 ón bPainéal Acmhainní Idirnáisiúnta de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint do Thuarascáil Cheardlainne IPBES an 29 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí,

–  ag féachaint do thuarascáil 2020 ó Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) maidir le Stát an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe Dhomhanda,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin maidir leis an Eolaíocht don Bheartas an 13 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Mapáil agus Measúnú ar Éiceachórais agus a Seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE’,

–  ag féachaint do Thuarascálacha Speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘Úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí: dul chun cinn teoranta maidir le rioscaí a thomhas agus a laghdú’, an 5 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Bithéagsúlacht ar thalamh feirme: Níor chuir ranníocaíocht CBT stop leis an meath‘, an 9 Iúil 2020 dar teideal’Cosaint pailneoirí fiáine in AE – Tá thionscnaimh an Choimisiúin gan toradh’, agus an 26 Samhain 2020 dar teideal ‘An Mhuirthimpeallacht: Tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain’,

–  ag féachaint don fhaisnéisiú ó LEE an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Éifeachtacht bainistíochta i líonra Natura 2000 AE de limistéir faoi chosaint’,

–  ag féachaint don fhaisnéisiú ó EEA an 11 Eanáir 2021 dar teideal ‘Fás gan fás eacnamaíoch’,

–  ag féachaint don toradh a bhí ar Shainghrúpa Teicniúil Ad Hoc CBD maidir le measúnú riosca an 15 Aibreán 2020,

–  ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP15) sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(5),

–  ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(6),

–  ag féachaint don rún uaithi an 14 Márta 2019 ar an tuarascáil bhliantúil straitéiseach maidir le cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna)(7),

–  ag féachaint don rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maille le moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá á thiomáint ag AE agus chun é a aisiompú(8),

–  ag féachaint dá rún an 15 Samhain 2017 maidir le Plean Gníomhaíochta don dúlra, do dhaoine agus don gheilleagar(9),

–  ag féachaint do na rúin uaithi an 6 Iúil 2016 maidir le cinneadh na Seapáine tús a chur arís le seilg míolta móra i séasúr 2015-2016(10) an 12 Meán Fómhair 2017 maidir le seilg míolta móra san Iorua(11),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2020 maidir le Bliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise 2022(13),

–  ag féachaint d’Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Iascach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0179/2021),

A.  de bhrí go bhfuil éigeandáil aeráide agus comhshaoil fógartha ag Parlaimint na hEorpa agus go bhfuil gealltanas tugtha aici an ghníomhaíocht nithiúil is gá a dhéanamh go práinneach chun an bhagairt sin a chomhrac agus a shrianadh sula mbeidh sé ródhéanach(14); de bhrí go bhfuil cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide idirnasctha agus go mbíonn siad ag géarú ar a chéile(15), agus gur bagairtí comhionanna iad ar an saol ar ár bpláinéad, agus, dá bharr sin, gur cheart dul i ngleic go práinneach leo i dteannta a chéile;

B.  de bhrí go bhfuil an dúlra ag meath ar ráta agus ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo i stair an duine; de bhrí go meastar go bhfuil aon mhilliún speiceas ar fud an domhain atá i mbaol a ndíothaithe(16); de bhrí nach bhfuil stádas fabhrach ach ag 23 % de speicis agus ag 16 % de ghnáthóga faoi threoracha AE maidir le nádúr(17);

C.  de bhrí gurb é is aidhm le Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030 agus leis an gcomhaontú idirnáisiúnta atá le teacht faoi CBD creat AE agus creat domhanda maidir leis an mbithéagsúlacht a bhunú suas go 2030;

D.  de bhrí gur bliain chinntitheach a bheidh in 2021 don bhithéagsúlacht agus de bhrí gur cheart gur uain don bhithéagsúlacht a bheadh in COP15, de chineál Chomhaontú Pháras; de bhrí go dtugann COP15 agus COP26 de UNFCCC deis uathúil chun athrú ó shamhail fhrithghníomhach go samhail réamhghníomhach, réamhchúraim agus chun na hathruithe is gá a thabhairt i gcrích;

E.  de bhrí go bhfuil Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030 ar cheann de na príomhthionscnaimh den Chomhaontú Glas don Eoraip; de bhrí, le Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030 agus leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, mar aon le beartais eile, go múnlófar an t-athrú chun an dúlra a chosaint agus chun gnáthóga agus speicis a chaomhnú;

F.  de bhrí go dtugtar le tuiscint leis an bhfianaise atá ar fáil nach bhfuil sé ródhéanach stop a chur leis na treochtaí reatha i meath na bithéagsúlachta agus na treochtaí sin a aisiompú(18); de bhrí go n-éileofar athruithe suntasacha chun é sin a dhéanamh;

G.  de bhrí go bhfuil daoine ina gcuid den dúlra agus go bhfuil luach intreach ag an dúlra; de bhrí gur dlúthchuid d’oidhreacht an domhain í an bhithéagsúlacht;

H.  de bhrí go bhfuil díothú speiceas buan, gur bagairt é ar éiceachórais agus ar sholáthar seirbhísí éiceachórais, agus gur bagairt é ar dhea-bhail agus ar mharthanas an duine; de bhrí gur dhearbhaigh an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) go bhfuil 160 speiceas díothaithe fiú le deich mbliana anuas;

I.  de bhrí go bhfuiltear á thuar, de réir IPBES, go mbeidh 90 % den talamh athraithe go suntasach faoi 2050 agus go bhfuil 75 % den talamh athraithe go suntasach cheana féin; de bhrí go bhfuil 85 % de limistéir bhogaigh caillte cheana féin;

J.  de bhrí go bhfuil an bhithéagsúlacht ríthábhachtach don tslándáil bia, d’fholláine an duine agus don fhorbairt ar fud an domhain;

K.  de bhrí nach mór do AE na deiseanna a thapú chun na ceachtanna ó phaindéim COVID-19 a ionchorprú ina chuid beartas agus cuspóirí;

L.  de bhrí go bhfuil 70 % de na galair agus na paindéimí atá ag teacht chun cinn de thionscnamh ainmhíoch(19); de bhrí go bhfuil sé léirithe le paindéim COVID-19 gur féidir rioscaí méadaithe ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe a bheith mar thoradh ar chleachtais a chuireann an mbithéagsúlacht faoi bhrú;

M.  de bhrí, má scriostar gnáthóga nádúrtha agus má dhéantar trádáil i bhfiadhúlra, go méadaítear teagmhála idir daoine agus an fiadhúlra agus go mbeidh sé sin ina fhachtóir tábhachtach maidir le galair víreasacha a bheith ag teacht chun cinn agus ag leathadh sa todhchaí(20);

N.  de bhrí go rannchuidíonn an bhithéagsúlacht go dearfach le sláinte an duine; de bhrí gur de thionscnamh nádúrtha suas le 80 % de na cógais a úsáideann daoine(21);

O.  de bhrí go bhfuil níos mó limistéar faoi chosaint ag AE ná atá ag aon réigiún eile ar domhan(22); de bhrí nach leor an líonra reatha de limistéir faoi chosaint dlí, lena n-áirítear na limistéir sin atá faoi dhianchosaint, chun an bhithéagsúlacht a choimirciú(23);

P.  de bhrí go bhfuil AE fós le dul i ngleic le bearnaí móra cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le líonra Natura 2000 a bhainistiú go héifeachtach;

Q.  de bhrí go rannchuidíonn Natura 2000 le caomhnú speiceas, ach nach bhfuil go leor speiceas atá faoi bhagairt cosanta ag an líonra sin(24);

R.  de bhrí go meastar go dtacaíonn Natura 2000 le 52 000 post díreach agus indíreach i mbainistiú caomhnaithe, agus de bhrí go bhfuil naisc idir 3.1 milliún (an ceathrú cuid) post turasóireachta agus limistéir faoi chosaint(25); de bhrí go bhfuil sé beartaithe le leathnú limistéar faoi chosaint an bhithéagsúlacht a choimirciú, ach go gcuireann sé freisin leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide agus go ngintear torthaí suntasacha tríd an infheistíocht agus trí phoist a chruthú;

S.  de bhrí go bhfuil easnaimh thromchúiseacha i mbeartais AE maidir le cosaint nó athbhunú na bithéagsúlachta tugtha chun suntais ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, easnaimh lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, bearta neamhleora chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú, easpa cur chun feidhme agus cistiúcháin, agus táscairí míchuí chun dul chun cinn a thomhas(26); de bhrí gur cheart do bheartais AE a bheidh ann amach anseo na heasnaimh sin a réiteach agus aghaidh a thabhairt orthu;

T.  de bhrí go bhfuil thart ar 75 % de bharra bia an domhain ag brath ar phailneoirí feithidí(27) agus de bhrí go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na bpailneoirí le blianta beaga anuas; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir caomhnú na bithéagsúlachta agus caomhnú feithidí;

U.  de bhrí nach bhfuil an doiciméad treorach maidir le beacha ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) glactha go foirmiúil agus nach bhfuil a athbhreithniú tugtha chun críche go rathúil;

V.  de bhrí go ndearna Parlaimint na hEorpa rún maidir le Tionscnamh Pailneoirí AE a ghlacadh an 18 Nollaig 2019(28), rud ar dearbhú é ar a seasamh láidir maidir leis an tábhacht a bhaineann le pailneoirí a chosaint;

W.  de bhrí go n-éilítear le creat agus gníomhaíochtaí Thionscnamh reatha Pholaiteoirí AE go ndéanfar treisiú agus comhtháthú i mbeartais earnálacha uile AE;

X.  de bhrí go bhfuil faireachán, taighde agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le cosaint feithidí ilroinnte, gur minic neamhleor iad agus go mbíonn siad tearcmhaoinithe nó nach ann dóibh ar an leibhéal náisiúnta;

Y.  de bhrí go bhfuil nasc idir cailliúint na bithéagsúlachta agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha; de bhrí gur cheart do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha teorainneacha pláinéadacha a urramú;

Z.  de bhrí go bhfuil tairbhí eacnamaíocha díreacha agus indíreacha d’fhormhór na n-earnálacha sa gheilleagar ag baint le caomhnú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras agus go gcuireann sé taca faoi fheidhmiú ár ngeilleagar agus ár sochaithe; de bhrí go mbraitheann gach gnólacht ar sheirbhísí éiceachórais, bíodh sin go díreach nó go hindíreach; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainneacht ag beartas bithéagsúlachta feabhsaithe lena ngabhann bearta éifeachtacha an geilleagar a neartú agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil;

AA.  de bhrí gurb iad príomhspreagthóirí díreacha chailliúint na bithéagsúlachta athruithe in úsáid talún agus mara, eastóscadh acmhainní nádúrtha, athrú aeráide, truailliú agus ionradh speiceas coimhthíoch(29); de bhrí, chomh maith le caomhnú agus athbhunú an dúlra, go bhfuil gníomhaíocht ar spreagthóirí chailliúint na bithéagsúlachta, go háirithe in earnálacha claochlaithe córas úsáide talún agus bia, bunriachtanach le haghaidh straitéis bithéagsúlachta iar-2020(30);

AB.  de bhrí gur comhacmhainn í an ithir(31) agus go bhfuil bithéagsúlacht na hithreach faoi bhrú méadaitheach; de bhrí gur cheart go mbeadh faireachán ar fud AE ar bhithéagsúlacht na hithreach, lena n-áirítear treochtaí maidir lena raon agus a méid, mar chomhlánú ar Shuirbhéanna Fráma rialta ar Úsáid Talún agus ar Chumhdach Limistéir maidir le paraiméadair fhisiceimiceacha san fhadtéarma;

AC.  de bhrí go gcumhdaíonn bithéagsúlacht talmhaíochta gach comhpháirt den éagsúlacht bhitheolaíoch atá ábhartha do bhia agus don talmhaíocht agus gach comhpháirt den éagsúlacht bhitheolaíoch arb ionann í agus éiceachórais talmhaíochta, dá dtagraítear freisin mar agrai-éiceachórais, lena n-áirítear éagsúlacht agus inathraitheacht ainmhithe, plandaí agus miocrorgánach ar na leibhéil ghéiniteacha, speicis agus éiceachórais, atá riachtanach chun feidhmeanna lárnacha an agra-éiceachórais, a struchtúr agus a phróisis a chothú;

AD.  de bhrí go léiríonn na treochtaí fadtéarmacha i bpobail éan coiteann de thalamh feirme agus d’fhoraois agus i bpobail féileacán féarthalún go bhfuil meath mór tagtha ar bhithéagsúlacht na talún feirme in AE(32); de bhrí gur caillteanas, ilroinnt agus díghrádú na n-éiceachóras nádúrtha is cúis leis sin go príomha, de bharr diansaothrú talmhaíochta, dianbhainistiú ar fhoraoisí, tréigean talún agus sraoilleáil uirbeach den chuid is mó(33);

AE.  de bhrí gur féidir le bainistiú inbhuanaithe ar thailte talmhaíochta rannchuidiú le feidhmeanna éiceachórais níos leithne, amhail an bhithéagsúlacht a chosaint, carbón a cheapadh, cáilíocht an uisce agus an aeir a chothabháil, taise na hithreach a choinneáil trí laghdú a dhéanamh ar rith chun srutha, rud a ligfidh d’uisce an ithir a insíothlú agus smacht a choinneáil ar chreimeadh;

AF.  de bhrí go meastar, ar bhonn bithmhaise, gur beostoc atá sa chuid is mó de na mamaigh ar domhan agus gurb ionann mamaigh fiáine agus céatadán íseal díobh; de bhrí go bhfuil leibhéal íseal d’éagsúlacht ghéiniteach i measc na n-éan freisin, rud ar ábhar imní é(34);

AG.  de bhrí gur féidir leis na hearnálacha iascaireachta, dobharshaothraithe agus próiseála rannchuidiú le SFIanna na Náisiún Aontaithe;

AH.  de bhrí go bhfuil cúiseanna imní curtha in iúl i staidéir eolaíocha faoi na tionchair dhíobhálacha fhadtéarmacha shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid teicnící iascaireachta áirithe ar bhithéagsúlacht na n-aigéan agus ar an muirthimpeallacht;

AI.  de bhrí gur féidir le hiascairí rannchuidiú le díghrádú comhshaoil a chosc agus leis an muirthimpeallacht a chaomhnú trí mhodhanna agus teicnící inbhuanaithe a úsáid;

AJ.  de bhrí, de dheasca díghrádú gnáthóg agus cur isteach ar chonairí imirce, agus róshaothrú de bharr iascaireachta, i measc tosca eile, go bhfuil roinnt speiceas éisc amhail an bradán fearna tugtha i mbéal a ndíothaithe;

AK.  de bhrí, in ainneoin roinnt feabhsuithe fíoraithe ar inbhuanaitheacht maidir le saothrú acmhainní muirí i roinnt imchuacha farraige, go bhfuil limistéir ann fós arb ábhar imní iad, go háirithe sa Mheánmhuir;

AL.  de bhrí go bhfuil spriocanna leagtha síos ag AE faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; de bhrí go bhfuil gá fós le bearta chun an cuspóir maidir le dea-stádas comhshaoil do dhobharlaigh a bhaint amach;

AM.  de bhrí go bhfuil sé ráite ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa(35), cé go bhfuil creat i bhfeidhm chun an mhuirthimpeallacht a chosaint, nár fhág gníomhaíochtaí AE gur tugadh cosaint leordhóthanach d’éiceachórais agus gnáthóga, agus nach dtugann na limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) atá ann faoi láthair ach cosaint theoranta;

AN.  de bhrí go bhfuil foraoisí agus an luachshlabhra foraoisbhunaithe ar fad riachtanach chun an bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt tuilleadh ós rud é go soláthraítear poist leo, go n-áirithítear leas eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus uirbeacha leo, go gcuirtear seirbhísí um maolú agus oiriúnú ar an athrú aeráide ar fáil leo, go dtáirgtear tairbhí a bhaineann leis an tsláinte leo, go gcosnaítear an bhithéagsúlacht agus ionchais i limistéir shléibhtiúla, oileánacha agus thuaithe leo agus go ndéantar an gaineamhlú a chomhrac leo;

AO.  de bhrí gur foraoisí iad 43 % de limistéar talún AE agus go bhfuil 80 % dá bhithéagsúlacht talún iontu(36); de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí foraoiseachta ar an dara catagóir is mó a bhfuil sé tuairiscithe go gcuireann siad brú ar speicis(37), agus tionchar acu go háirithe ar arirteapóid, ar mhamaigh agus ar phlandaí neamhshoithíocha; de bhrí go mbíonn drochthionchar ar a lán speiceas atá spleách ar fhoraoisí mar gheall ar baint crann marbh, baint crann atá ag fáil báis agus baint seanchrann(38), mar gheall ar laghdú ar fhoraoisí cianaosta agus mar gheall ar mhodhanna bainistithe foraoise áirithe amhail glanleagan;

AP.  de bhrí gur i bhforaoisí atá os cionn 75 % de bhithéagsúlacht talún an domhain(39); de bhrí go bhfuil moltaí tugtha ag an bParlaimint don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun dífhoraoisiú domhanda agus díghrádú foraoise agus éiceachórais faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú(40);

AQ.  de bhrí go bhfuil dea-stádas an chomhshaoil agus éiceachórais fholláine ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a chomhrac, agus go bhfuil ról bunúsach ag éiceachórais i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin; de bhrí go ndéanann an t-athrú aeráide difear don bhithéagsúlacht toisc gurb iad na hathróga aeráide, den chuid is mó, is cúis le raonta dáileacháin geografacha speiceas; de bhrí, i limistéir nach bhfuil an aeráid oiriúnach a thuilleadh, go n-aistríonn roinnt speiceas a raonta geografacha agus go dtéann speicis eile in éag go háitiúil;

AR.  de bhrí go bhféadfadh réitigh dhúlra-bhunaithe agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais nasc láidir beartais a sholáthar idir trí choinbhinsiún Rio, ar réitigh iad lena dtugtar aghaidh, ar bhealach comhtháite, ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta;

AS.  de bhrí, de réir IPBES, go bhfuil an truailliú ar cheann de na cúig spreagthóir de chailliúint na bithéagsúlachta; de bhrí go meastar go bhfuil faisnéis stóinsithe ann faoi thart ar 500 ceimiceán agus de bhrí, faoi Aibreán 2019, gur mheas an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán 450 substaint mar a bheith á rialáil go leordhóthanach; de bhrí go meastar i leith 10 000 substaint eile go bhfuil na rioscaí a bhaineann leo sainaitheanta go measartha maith, ach go bhfuil thart ar 20 000 substaint ann nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil faoi riosca ina leith; de bhrí, maidir le formhór na substaintí, thart ar 70 000 acu, gur ar éigean atá aon fhaisnéis ann faoi na guaiseacha nó na rioscaí a bhaineann le neamhchosaint orthu; de bhrí gur gá bearnaí suntasacha eolais maidir le tionchair uile na gceimiceán ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcomhshaol a dhúnadh go práinneach;

AT.  de bhrí go n-athraíonn truailliú solais leibhéil nádúrtha sholas na oíche do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí agus, ar an gcaoi sin, go ndéanann sé difear diúltach don bhithéagsúlacht trí, mar shampla, gníomhaíocht imirce, oíche agus atáirgthe ainmhithe a chur ó chothrom, rud a fhágann freisin go gcailltear feithidí agus pailneoirí a tharraingítear go marfach go dtí an solas saorga;

AU.  de bhrí, de réir thuarascáil 2020 ón Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde(41), go bhfuil speicis choimhthíocha ionracha (IAS) ann anois i ngach éiceachóras agus go bhfuil siad ina mbagairt ar éiceachórais uirbeacha agus féarthailte go háirithe;

AV.  de bhrí, leis na treochtaí diúltacha atá sa bhithéagsúlacht agus in éiceachórais faoi láthair, go mbainfear an bonn ón dul chun cinn i dtreo spriocanna comhshaoil SFI, ach freisin ón dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaineann le bochtaineacht, ocras, sláinte, uisce, cathracha agus leis an aeráid; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, cailliúint agus díghrádú na bithéagsúlachta a mheas ní hamháin mar shaincheist chomhshaoil ach mar shaincheist forbraíochta, eacnamaíoch, shóisialta agus mhorálta freisin;

AW.  de bhrí go bhfuil beagnach 80 % de bhithéagsúlacht AE le fáil faoi láthair ina réigiúin is forimeallaí agus ina thíortha agus críocha thar lear(42);

AX.  de bhrí nach mór do AE agus a Bhallstáit a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir leis an mbithéagsúlacht agus cearta an duine a chomhlíonadh, de bhreis ar n-oibleagáidí maidir le comhtháthú beartas i ngníomhaíocht sheachtrach, i gcomhréir lena n-oibleagáid faoin gCairt chun ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais AE, agus i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe;

AY.  de bhrí gur féidir le hobair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus an comhshaol an bealach a réiteach chun creat dlíthiúil d’oibleagáidí chearta an duine a mhúnlú i ndáil le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcosantóirí comhshaoil agus talún a ndearnadh ionsaí orthu ar fud an domhain le blianta beaga anuas;

AZ.  de bhrí go meastar go bhfuil an ceathrú cuid ar a laghad den limistéar talún domhanda faoi úinéireacht, faoi bhainistiú, á úsáid nó mar áit chónaithe ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla; de bhrí go n-aithnítear cearta comhchoiteanna agus cearta aonair na bpobal dúchasach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasacha; de bhrí go bhfuil ról buntábhachtach ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla maidir le bithéagsúlacht an domhain a chaomhnú agus de bhrí nach féidir spriocanna bithéagsúlachta domhanda a bhaint amach gan aitheantas a thabhairt do chearta na bpobal sin;

BA.  de bhrí go gcuireann trádáil neamhdhleathach agus trádáil dhleathach amháin san fhiadhúlra, agus úsáid an fhiadhúlra, go mór le meath na bithéagsúlachta, agus de bhrí go gcuireann scrios gnáthóg nádúrtha agus saothrú an fhiadhúlra le teacht chun cinn agus leathadh galar tógálach(43);

BB.  de bhrí, de réir IPBES agus IPCC, go bhfuil bithéagsúlacht mhuirí i mbaol tromchúiseach(44); de bhrí go bhfuil rabhaidh eisithe ag EEA faoi staid reatha dhíghrádaithe na muirthimpeallachta Eorpaí agus faoin ngá atá lenár n-éiceachórais mhuirí a athbhunú go tapa trí aghaidh a thabhairt ar thionchar ghníomhaíochtaí daonna ar an muirthimpeallacht(45); de bhrí go bhfuil teophointí muirí amhail sceireacha coiréil, mangróibh agus ceapacha d’fhéar mara díghrádaithe go láidir agus go bhfuil siad faoi bhagairt ón athrú aeráide agus ón truailliú;

BC.  de bhrí go bhfuil an t-aigéan ar cheann acu, agus go bhfuil a dhea-stádas comhshaoil ríthábhachtach chun a athléimneacht a áirithiú agus chun go leanfaidh sé de sheirbhísí éiceachórais a sholáthar, amhail ionsú CO2 agus táirgeadh ocsaigine; de bhrí go mbraitheann sásraí aeráide ar shláinte éiceachórais na n-aigéan agus na mara a bhfuil tionchar ag téamh domhanda, truailliú, róshaothrú bithéagsúlachta muirí, aigéadú, dí-ocsaídiú agus creimeadh cósta orthu faoi láthair; de bhrí go meabhraíonn IPCC gur cuid den réiteach é an t-aigéan chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dóibh(46);

BD.  de bhrí gur ar thalamh atá 80 % den bhruscar muirí agus go bhfuil 150 tonna de phlaistigh carntha sna haigéin(47); de bhrí go scaoiltear 80 % de shéarachas uirbeach isteach san fharraige; de bhrí, ag an dromchla, nach ionann mais charnach na dramhaíola atá ar snámh agus ach 1 % de na plaistigh a dhumpáiltear san fharraige(48);

BE.  de bhrí gurb ionann an geilleagar gorm agus deis d’fhorbairt inbhuanaithe gníomhaíochtaí muirí agus cósta;

BF.  de bhrí gur cheart tionscnaimh chomhpháirteacha idir daoine, bardais, comhlachais, gnólachtaí, institiúidí oideachais agus aon gheallsealbhóirí sochaíocha eile maidir le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta a spreagadh;

BG.  de bhrí, chun an straitéis a chur chun feidhme go rathúil, go n-éilítear comhar éifeachtach ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát lena n-áirítear gach geallsealbhóir;

Stádas reatha na bithéagsúlachta

1.  á chur in iúl gur geal léi straitéis nua bhithéagsúlachta AE do 2030 agus an leibhéal uaillmhéine a ghabhann léi;

2.  á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, an phríomhuaillmhian chun a áirithiú go mbeidh éiceachórais uile an domhain athbhunaithe, athléimneach agus cosanta go leordhóthanach faoi 2050; á chur i bhfáth gur cheart gach iarracht a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach a luaithe is féidir;

3.  á mheas gur cheart, agus an straitéis á cur chun feidhme, comhsheasmhacht a áirithiú le straitéisí eile de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, amhail an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’; á aithint a thábhachtaí atá na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe: an comhshaol, an geilleagar agus an tsochaí. á mheabhrú go gcuireann gné an chomhshaoil, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus caomhnú éiceachóras, taca faoin dá ghné eile agus gurb í sin an bonn bunúsach don fhorbairt inbhuanaithe agus do bhaint amach na SFInna;

4.  á mheabhrú go bhfuil géarghá leis an bhfís mhuirí i straitéisí nua an Aontais Eorpaigh a neartú, go háirithe san obair leantach ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar an Straitéis Bithéagsúlachta agus ar an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún gach togra reachtach a bhunú ar mheasúnú tionchair cuimsitheach ina ndéanfaí breithniú ar éifeachtaí aonair agus carnacha an tionchar ar inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha ábhartha, ar an tslándáil bhia agus ar phraghsanna bia, agus ar an mbaol a d’fhéadfadh teacht as caillteanais na bithéagsúlachta a easáitiú go tíortha neamh-AE tríd an táirgeacht áitiúil a ionadú le hallmhairí, agus ar chostais na gníomhaíocht agus na neamhghníomhaíochta amháin ó thaobh iarmhairtí díreacha agus fadtéarmacha de;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún, chun measúnuithe tionchair a dhéanamh, an t-aon uirlis atá in úsáid faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil a chomhlánú le huirlisí lena scrúdaítear tionchair a bhaineann le bithéagsúlacht, le húsáid acmhainní agus le truailliú;

7.  ag tabhairt dá haire, ina leith sin, trí dhíriú ag an am céanna ar thairbhí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha na foraoiseachta, gur féidir cuidiú le hathléimneacht agus acmhainneacht oiriúnaitheach a áirithiú, chomh maith leis an aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach a bhaint amach agus cosaint na bithéagsúlachta a fheabhsú; á mheas gur gá go gcuirfear san áireamh leis na spriocanna agus leis an gcur chun feidhme na dálaí beachta agus na deiseanna atá ag gach tír agus go mbeidh tionchar dearfach ar fhoraoisí, ar dhálaí foraoiseachta, ar shlite beatha i limistéir thuaithe agus ar bhithéagsúlacht na bhforaoisí in AE mar thoradh air sin;

8.  ag meabhrú na gconclúidí i dtuarascáil IPBES 2019, conclúidí ar dá réir atá laghdú ag teacht ar fud an domhain ar an dúlra ar ráta nach bhfacthas a leithéid riamh i stair an duine, agus thart ar mhilliún speiceas ann atá i mbaol a ndíothaithe, as líon iomlán measta os cionn ocht milliún;

9.  ag tabhairt dá haire gurb é sin an tríú straitéis maidir leis an mbithéagsúlacht lena bhfuiltear á iarraidh stop a chur le caillteanas bhithéagsúlachta an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, go bhfuil bithéagsúlacht in AE fós ag dul i laghad; á chur in iúl gurb oth léi go mór nach bhfuil cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta go dtí 2020 ná Spriocanna Bithéagsúlachta domhanda Aichi bainte amach ag AE;

10.  á chur i bhfáth nach mór don Straitéis Bithéagsúlachta do 2030 a spriocanna a bhaint amach go hiomlán; á áitiú ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad bearta suntasacha agus bearta breise maidir leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú chun na cuspóirí nua a bhaint amach go hiomlán, bearta ba cheart a bheith sainithe go soiléir agus a bheith intomhaiste;

11.  á chur i bhfáth go bhfuil sé léirithe arís ag paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé prionsabal na ‘hAon Sláinte Amháin’ a chur i bhfeidhm go iomlánaíoch i gceapadh beartas, rud a léiríonn go bhfuil sláinte an duine, ainmhithe agus an comhshaol idirnasctha agus go bhfuil géarghá le hathruithe claochlaitheacha ar fud na sochaí; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag an gCoimisiún maidir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chomhordú in AE agus maidir le tacú leis agus é a mholadh ag na fóraim idirnáisiúnta uile; á iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar bheartais reatha AE agus go ndéanfaí iad a ailíniú go práinneach agus go hiomlán leis na hathruithe is gá;

12.  ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar bhunchúiseanna paindéimeanna na hathruithe comhshaoil domhanda céanna lena spreagtar cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide(49), amhail athrú ar úsáid talún agus trádáil agus tomhaltas dleathach agus neamhdhleathach i bhfiadhúlra; á thabhairt le fios gur féidir an riosca a bhaineann le paindéimí a laghdú go suntasach trí ghníomhaíochtaí daonna a spreagann caillteanas na bithéagsúlachta agus go bhfuil an costas measta a bhaineann le riosca paindéime a laghdú 100 uair níos ísle ná an costas a bhaineann le freagairt orthu(50);

13.  á áitiú ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an fhianaise eolaíoch, na tuarascálacha agus na moltaí maidir le zónóis agus paindéimí a chur san áireamh go hiomlán, lena n-áirítear tuarascáil cheardlanne IPBES maidir le cailliúint na bithéagsúlachta agus maidir le paindéimí(51), an tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 6 Iúil 2020 dar teideal ‘Preventing the next pandemic – Zoonotic diseases and how to break the chain of transmission’(52) [Cosc a chur ar an gcéad phaindéim eile – Galair zónóiseacha agus conas an slabhra tarchuir a bhriseadh], agus an nóta coincheapa trípháirteach ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), ó FAO agus ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) ó Aibreán 2010 maidir le freagrachtaí a chomhroinnt agus gníomhaíochtaí domhanda a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sláinte ag comhéadain éiceachórais idir ainmhithe agus daoine, chun dul i ngleic le rioscaí sláinte a bhaineann le daoine, ainmhithe agus an comhshaol(53);

14.  á chur in iúl gur geal léi an t-atreisiú atá beartaithe ar ghníomhaíocht AE i gcoinne paindéimí agus bagairtí sláinte eile mar chuid d’Aontas Sláinte na hEorpa(54), lena n-áirítear plean AE a bhunú maidir le géarchéimeanna sláinte agus paindéimí mar a fhoráiltear sa togra nua ón gCoimisiún maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte(55), ar plean é ar cheart paindéimí de thionscnaimh zónóiseacha a áireamh ann;

Cosaint agus athbhunú

15.  á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le spriocanna AE maidir le 30 % ar a laghad de limistéir mhuirí agus talún AE a chosaint, lena gcumhdaítear réimse éagsúil éiceachóras amhail foraoisí, bogaigh, tailte portaigh, féarthailte agus éiceachórais chósta, agus lena gcosnaítear go docht 10 % ar a laghad de limistéir mhuirí agus talún AE, lena n-áirítear na foraoisí príomhúla agus cianaosta uile atá fós ann agus éiceachórais eile atá ar mhórán carbóin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na spriocanna sin ceangailteach agus gur cheart do na Ballstáit iad a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus i gcomhréir le critéir eolaíocht-bhunaithe agus le riachtanais bhithéagsúlachta, agus difríochtaí i méid agus i sciar na limistéar nádúrtha i ngach Ballstát agus i gcúinsí réigiúnacha agus áitiúla á gcur san áireamh;

16.  á chur i bhfáth gur cheart do na limistéir faoi chosaint sin líonra atá comhleanúnach agus ionadaíoch ó thaobh na héiceolaíochta de a chruthú, ag cur leis na limistéir chosanta atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir nach mór cáilíocht na limistéar faoi chosaint a áirithiú, chomh maith leis na limistéir atá faoi chosaint a mhéadú, lena n-áirítear trí chistiú leordhóthanach a chur ar fáil agus pleananna caomhnaithe soiléire agus éifeachtacha a chur chun feidhme, bainistiú cuí, faireachán agus meastóireacht leordhóthanach, agus forfheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta ábhartha;

17.  á mheabhrú gur cheart, de réir moltaí idirnáisiúnta ó IUCN, gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus forbairt bonneagair a dhéanann damáiste don chomhshaol a thoirmeasc i ngach catagóir de limistéir faoi chosaint(56);

18.  á chur i bhfáth gur gá sainmhíniú soiléir a thabhairt ar chosaint dhocht; ag tabhairt dá haire conclúidí ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbithéagsúlacht ina luaitear go bhféadfadh leibhéal níos déine cosanta a fhágáil go bhféadfaí gníomhaíochtaí daonna áirithe a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe an limistéir faoi chosaint; á mheas gur cheart gníomhaíochtaí daonna atá comhoiriúnach le spriocanna cosanta, nó fiú a rannchuidíonn leis an mbithéagsúlacht ar bhealach dearfach, a bheith inghlactha i limistéir atá faoi dhianchosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, soiléiriú a thabhairt ar cé na cineálacha gníomhaíochtaí daonna a d’fhéadfaí a mheas mar ghníomhaíochtaí a cheadaítear faoi stádas dianchosanta nuair a fhágann siad próisis nádúrtha gan cur isteach dáiríre agus atá siad comhoiriúnach do riachtanais éiceolaíocha na limistéar, ar bhonn measúnú cás ar chás bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil;

19.  á chur i bhfios go láidir, chun cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 a bhaint amach, go mbeidh gá le cosc a chur freisin ar dhíghrádú na limistéar mhuirí agus talún atá fós ann in AE; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta lasmuigh de na limistéir faoi chosaint; ag tabhairt dá haire nach leor an dúlra agus éiceachórais a athbhunú i limistéir faoi chosaint chun cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras i limistéir eile a chúiteamh;

20.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tíortha agus críocha thar lear a áireamh in iarrachtaí caomhnaithe agus athbhunaithe;

21.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach réigiúin bhithgheografacha a chur san áireamh agus cur chuige uilerialtais a ghlacadh maidir le limistéir faoi chosaint, ar cur chuige é lena ndéanfaidh na Ballstáit meastóireacht ar an ngá atá le bearta tacaíochta airgeadais agus cúitimh i gcomhthéacs ainmniú limistéar faoi chosaint; ag leagan béim ar an ngá atá le ról a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear úinéirí talún;

22.  ag leagan béim ar thábhacht shuíomhanna foraoise Natura 2000 maidir leis an mbithéagsúlacht foraoise a chaomhnú; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais chun limistéir den sórt sin a bhainistiú agus chun forfheidhmiú a áirithiú;

23.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a neartú ar bhealach cothrom ar mhaithe le sláinte, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus fadsaolaí éiceachóras foraoise agus chun ról ilfheidhmeach na bhforaoisí a chaomhnú, lena n-áirítear chun bithéagsúlacht foraoise a chothabháil, agus chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme; ag leagan béim ar an luach a bhaineann le héagsúlacht ghéiniteach a ionchorprú i mbreithnithe plandála, toisc go gcuireann sé seo teorainn leis an mbaol ionsaithe lotnaidí agus leathadh galair, mar aon le speicis áitiúla / dhúchasacha;

24.  á mheabhrú gur san AE atá an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint;

25.  ag tabhairt dá haire gur tugadh gealltanas chun a áirithiú nach dtiocfaidh meath ar threochtaí caomhnaithe agus ar stádas fabhrach na ngnáthóg agus na speiceas uile atá faoi chosaint faoi 2030 agus chun a áirithiú, ar leibhéal na mBallstát, go mbeidh 30 % ar a laghad de speicis agus gnáthóga nach bhfuil stádas fabhrach acu faoi láthair sa chatagóir sin nó go mbeidh treocht láidir dhearfach á léiriú acu; á chreidiúint, áfach, gur cheart stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach a luaithe is féidir do gach speiceas agus gnáthóg atá faoi chosaint faoi na Treoracha um Éin(57) agus um Ghnáthóga(58); á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáidí ann cheana chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon mheath ar speicis; á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht le LEE, bonnlíne shoiléir a leagan síos, tuairisciú comhchuibhithe agus rialta a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh atá ann faoi láthair sa mhodheolaíocht le haghaidh meastacháin treochtaí;

26.  á iarraidh ar na Ballstáit cáilíocht agus iomláine a gcóras faireacháin a fheabhsú do líonra Natura 2000, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhlachtaí speisialaithe bainistíochta agus pleananna bainistithe láithreán; á mheabhrú, de réir faisnéisiú ó LEE(59), nach bhfuil eolas ná tuiscint leordhóthanach ag cleachtóirí ar na caighdeáin éifeachtachta bainistíochta atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fothú acmhainní níos spriocdhírithe a dhéanamh agus treoir níos fearr a chur ar fáil maidir le héifeachtacht bainistíochta do mheasúnú agus d’fheabhsú bhainistíocht Natura 2000, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as caighdeáin dhomhanda le haghaidh meastóireachtaí ar éifeachtacht bainistithe limistéar faoi chosaint (PAME), amhail Liosta Glas IUCN de Limistéir faoi Chosaint agus Limistéir faoi Chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin an treoir maidir le bainistíocht oiriúnaitheach ar Natura 2000 a thabhairt cothrom le dáta, rud lena mbaineann breithniú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar speicis agus ar éiceachórais;

27.  á iarraidh ar na Ballstáit éagsúlacht ghéiniteach speiceas fiáin a choimirciú trí bhearta caomhnaithe leordhóthanacha;

28.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cuspóir 2020 bainte amach ag na Ballstáit maidir le dea-stádas comhshaoil d’uiscí mara a shonraítear sa Chreat-Treoir Straitéiseach Muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún líonra na MPAnna a neartú trí nascacht fheabhsaithe, bainistíocht fheabhsaithe, pleanáil spásúlachta níos láidre, agus meastóireachtaí agus forfheidhmiú córasach;

29.  á chur in iúl gur cúis imní di staid na n-éiceachóras agus na speiceas fionnuisce; ag tabhairt dá haire, idir 1970 agus 2016, go raibh an titim san Eoraip, arbh ionann é agus 93 %(60), ar an titim ba thromchúisí ar domhan.

30.  á chur i bhfios go láidir gur i limistéir foraoise atá formhór na bithéagsúlachta talún; ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhsuithe beaga tagtha ar stádas caomhnaithe i gcás roinnt cineálacha foraoise(61), ach nach bhfuil aon chomharthaí suntasacha feabhais ann maidir le stádas caomhnaithe na ngnáthóg foraoise agus na speiceas a chumhdaítear le reachtaíocht an AE maidir leis an dúlra(62); á chur i bhfáth gur measadh, idir 2011 agus 2020, go raibh drochstádas caomhnaithe ag beagnach aon trian d’fhoraoisí AE (31 %) agus gur measadh go raibh drochstádas caomhnaithe ag níos mó ná leath acu (54 %)(63);

31.  ag leagan béim ar dhrochstádas Foraoisí Eorpacha; á chur i bhfáth, i roinnt réigiún bithgheografacha, go bhfuil stádas caomhantais fabhrach ag céatadán chomh beag le 5 % de ghnáthóga foraoise d’Iarscríbhinn I(64); á chur i bhfios go láidir go gceanglaítear ar na Ballstáit leis an Straitéis Bithéagsúlachta a áirithiú nach dtiocfaidh meath ar threochtaí caomhnaithe agus ar stádas na ngnáthóg agus na speiceas uile atá faoi chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil shuntasacha meatha bhreise tagtha ar éiceachórais foraoise atá i stádas caomhnaithe neamhfhabhrach ar fud an chuid is mó de na réigiúin bhithgheografacha(65);

32.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh caillteanais shuntasacha speiceas agus gnáthóg foraoise; á mheabhrú go bhfuil cúig speiceas de chrainn foraoise imithe in éag san fhiadhúlra, go bhfuil 42 speiceas de chrainn foraoise i mbaol criticiúil agus go bhfuil 107 speiceas de chrainn foraoise i mbaol san Eoraip;

33.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach agus práinneach dianchosaint a áirithiú do na foraoisí príomhúla agus cianaosta uile atá fós ann; á chur i bhfáth go bhfuil prófhoraoisiú a ligeann d’fhoraoisí nádúrtha a bheith ag dul in aois bunriachtanach i ndáil le hachar dromchla na foraoise cianaosta a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi na próisis rannpháirtíochta leanúnacha maidir le foraoisí príomhúla agus cianaosta a shainiú, a mhapáil agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu;

34.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le foraoisí príomhúla maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus á iarraidh go ndéanfar iad a chosaint; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú ar fhoraoisí cianaosta a thabhairt isteach a bheadh le hullmhú ag an mBuanchoiste Foraoiseachta mar chuid de Straitéis Foraoise AE a bheidh ann amach anseo;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an reachtaíocht náisiúnta chun an chosaint ar an lománaíocht neamhdhleathach a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí atá ann cheana a chomhchuibhiú, na bearnaí maidir le suíomh na bhforaoisí príomhúla agus cianaosta a líonadh, bunachar sonraí a chruthú de na suíomhanna féideartha uile a chomhlíonann na critéir d’fhoraoisí príomhúla agus cianaosta go haisghníomhach don bhliain 2020, agus moratóir sealadach a thabhairt isteach maidir le lománaíocht na suíomhanna uile faoi seach chun a ndíothú d’aon turas a chosc agus chun stádas neamh-idirghabhála suíomhanna deimhnithe a áirithiú gan mhoill;

36.  á chur in iúl gur geal léi go mór an gealltanas a tugadh togra reachtach a dhréachtú maidir le plean athbhunaithe dúlra AE, lena n-áirítear maidir le spriocanna ceangailteacha don athbhunú, agus á iarraidh athuair go mbeadh sprioc athbhunaithe ann arbh ionann í agus 30 % ar a laghad de thalamh agus d’fharraigí AE(66), sprioc ba cheart do gach Ballstát a chur chun feidhme go hiomlán ar fud a gcríche, laistigh de limistéir atá faoi chosaint agus lasmuigh díobh, ar bhonn riachtanais bithéagsúlachta agus éiceachórais, agus ag léiriú saintréithe sonracha na tíre; á chur i bhfáth gur cheart go dtógfadh spriocanna athbhunaithe ar reachtaíocht AE atá ann cheana agus gur cheart go dtacódh iarrachtaí athbhunaithe, a mhéid is féidir, le hathghiniúint nádúrtha;

37.  á mheas, chomh maith le sprioc fhoriomlán don athbhunú, gur cheart go n-áireofaí sa togra reachtach maidir le plean AE athbhunaithe dúlra spriocanna a bhaineann go sonrach le héiceachórais, gnáthóga agus speicis, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát ar bhonn a n-éiceachóras, agus béim ar leith á leagan ar éiceachórais chun críocha déchuspóirí a bhaineann le hathbhunú na bithéagsúlachta agus le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin; á chur i bhfios go láidirgur cheart go n-áireofaí san ionstraim foraoisí, féarthailte, bogaigh, tailte portaigh, pailneoirí, aibhneacha saorshreabhaidh, limistéir chósta agus éiceachórais mhuirí; á chur i bhfáth nár cheart aon díghrádú éiceachórais a cheadú tar éis an t-athbhunú a bheith déanta; á chreidiúint nach mór measúnú a dhéanamh go rialta ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna athbhunaithe ag leibhéal na mBallstát agus ag leibhéal AE araon, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as spriocanna idirmheánacha i dtreo spriocanna 2030;

38.  á chur i bhfios go láidir gur cheart dreasachtaí dearfacha agus próisis rannpháirtíochta a fhorbairt an tiomantas d’athbhunú na bithéagsúlachta a mhéadú;

39.  ag leagan béim láidir ar a thábhachtaí atá sé cuspóirí AE athchóirithe dúlra a chomhtháthú go hiomlán i mbeartais agus straitéisí gaolmhara eile; á iarraidh athuair go mbeadh spriocanna ceangailteacha ann maidir le hathbhunú foraoisí(67), lena n-áirítear i dtaca le nascacht idir foraoisí a mhéadú agus a athbhunú; á iarraidh go n-áireofaí sa phlean athbhunaithe dúlra athbhunú 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha saorshreabhaidh in AE trí bhacainní a bhaint agus trí thuilte a athbhunú;

40.  á chur in iúl gur ábhar mór díomá di an laghdú ar líon na bpailneoirí, atá ina bpríomhtháscaire ar shláinte an chomhshaoil; á chur i bhfáth go bhfágann an meath sin nach amháin go gcaillfear bithéagsúlacht ach go gcuirfear slándáil bia i mbaol freisin; ag athdhearbhú an tseasaimh a cuireadh in iúl sa rún uaithi maidir le Tionscnamh AE um Pailneoirí agus á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú práinneach ar an tionscnamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa tionscnamh athbhreithnithe creat nua chun pailneoirí a fhaireachán ar fud an Aontais, creat lena ngabhfadh bearta stóinsithe, cuspóirí agus táscairí soiléire faoi cheangal ama, lena n-áirítear táscairí tionchair, agus an fothú acmhainní is gá;

41.  ag meabhrú a agóide an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an measúnú ar an tionchar a bhíonn ag táirgí cosanta plandaí ar bheacha meala (68) agus á chur in iúl gur cúis áifeála di nach bhfuil an treoirdhoiciméad ó EFSA maidir le beacha glactha go foirmiúil ag na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, leis an athbhreithniú ar an treoirdhoiciméad ó EFSA maidir le beacha agus maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh ann amach anseo, go n-áiritheofar leibhéal cosanta a bheidh comhionann a laghad leis an leibhéal sin a leagadh síos in 2013, rud lena dtabharfar aghaidh ar ghéarthocsaineacht agus ar thocsaineacht ainsealach araon, agus ar thocsaineacht larbhaí, agus lena gcumhdófar pailneoirí fiáine freisin; ag leagan béim ar an ngá atá le trédhearcacht mhéadaithe sa phróiseas athbhreithnithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil a chóras samhaltaithe féin, ApisRAM, á dhearadh ag EFSA, córas a meastar go mbeidh sé níos mó i gcomhréir le bitheolaíocht na mbeach meala ná atá BeeHAVE agus nach mbeidh sé chomh hoscailte céanna ar choinbhleachtaí leasa;

42.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta i limistéir talmhaíochta chun rannchuidiú le bithéagsúlacht agus pailneoirí a chosaint agus a athbhunú, chomh maith le ról na mbeachairí; á chur i bhfáth go bhféadfar rannchuidiú leis na spriocanna sin trí spásanna glasa a mhéadú i limistéir uirbeacha; á iarraidh ar na Ballstáit bearta lena ndírítear ar ghrúpaí éagsúla pailneoirí a áireamh ina ndréachtphleananna straitéiseacha;

Spreagthóirí chailliúint na bithéagsúlachta

43.  á chur i bhfios go láidir nach mór do bhearta na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 dul i ngleic go leormhaith le gach ceann de na cúig phríomhrud a spreagann athrú sa dúlra: athruithe ar úsáid na talún agus na farraige, saothrú díreach orgánach, an t-athrú aeráide, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha; á chur i bhfáth gur cheart dul i ngleic freisin le bunchúiseanna an athraithe, nó le spreagthóirí indíreacha, amhail patrúin neamh-inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais, dinimic an daonra, trádáil, nuálaíochtaí teicneolaíochta agus samhlacha rialachais;

Athruithe ar úsáid talún agus farraige;

44.  á thabhairt chun suntais go soláthraíonn bithéagsúlacht ithreach seirbhísí éiceachórais ríthábhachtacha agus go maolaíonn sí an athrú aeráide, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de linnte carbóin talún; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil méadú tagtha ar an díghrádú ithreach agus go bhfuil easpa reachtaíochta sonraí AE ann i leith an ábhair sin; á aithint go bhfuil roinnt forálacha i ndlíthe éagsúla lena rannchuidítear go hindíreach le cosaint ithreach, ach á mheas go bhfuil cosaint pháirteach agus rialachas an-ilroinnte san AE mar thoradh air sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh chun comhchreat a bhunú, agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, do chosaint agus d’úsáid inbhuanaithe na hithreach agus do chomhtháthú éifeachtach na cosanta sin i mbeartais ábhartha uile an Aontais;

45.  á chur i bhfáth gur cheart don chomhchreat seo maidir leis an ithir aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí uile ar an ithir, lena n-áirítear cailliúint bithéagsúlachta ithreach, cailliúint ábhair orgánaigh san ithir, éilliú, salannú, aigéadú, fairsingiú fásaigh, creimeadh agus séalú ithreach; ag leagan béim ar an ngá atá le sainmhínithe coiteanna, spriocanna soiléire agus creat faireacháin a áireamh ann; ag tacú freisin le bunú sprice sonraí dí-éillithe;

46.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ithir shláintiúil, lena n-áirítear ó thaobh torthúlachta agus struchtúir de, ríthábhachtach d’earnáil na talmhaíochta; á thabhairt le fios go mbíonn tionchar diúltach ag cleachtais feirmeoireachta agus foraoiseachta neamh-inbhuanaithe, ag athrú ar úsáid talún, ag gníomhaíochtaí tógála, ag séalú agus ag astaíochtaí tionsclaíocha, i measc nithe eile, ar ithreacha; á chur i bhfáth gur cheart modhanna buainte foraoise agus modhanna talmhaíochta a chur chun feidhme nach ndéanann dochar d’ithreacha;

47.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha(69) agus ar Threoir 2006/21/CE maidir le bainistiú ar dhramhaíl ó thionscail eastóscacha(70) chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar dhíghrádú ithreach a tharlaíonn de bharr gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus mianadóireachta; á mheabhrú gur iarr sí go mbeadh sprioc athghabhála ábhair ann d’ithreacha tochailte(71);

48.  ag tathant ar na Ballstáit – ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim agus an phrionsabail gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar na rioscaí agus ar na tionchair dhiúltacha ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht a bhaineann le scoilteadh hiodrálach chun hidreacarbóin neamhghnácha a eastóscadh – gan aon oibríochtaí scoilte hiodrálacha nua in AE a údarú agus chun stop a chur le gach oibríocht atá ann cheana;

49.  á mheabhrú go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas neodracht díghrádaithe talún(72) a bhaint amach faoi 2030 faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun Fairsingiú Fásaigh a Chomhrac (UNCCD), ach nach dócha go mbainfear an sprioc sin amach, amhail mar atá sa chonclúid sa tuarascáil speisialta ó CIE(73); á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin na bagartha a chuireann fairsingiú fásaigh ar an mbithéagsúlacht, ar thorthúlacht na hithreach, ar athléimneacht nádúrtha na talún, ar tháirgeadh bia agus ar cháilíocht uisce, agus in ainneoin go bhfuil sé dearbhaithe ag 13 Bhallstát faoi UNCCD go mbíonn tionchar ag fairsingiú fásaigh orthu, nach bhfuil an Coimisiún ag tabhairt aghaidh air sin ar bhealach éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a bheith níos uaillmhianaí agus straitéis ar leibhéal AE maidir le fairsingiú fásaigh agus díghrádú talún a thíolacadh gan mhoill;

50.  ag tabhairt dá haire gurb ionann gníomhaíochtaí uirbithe agus fóillíochta in AE agus 13 % de na brúnna uile a tuairiscíodh maidir leis an dúlra, agus 48 % de na brúnna muirí uile a tuairiscíodh(74); á thabhairt chun suntais gur féidir le limistéir uirbeacha ghlasa agus bonneagar glas seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil chun tacú leis an mbithéagsúlacht agus chun rannchuidiú le dea-bhail fisiceach agus meabhrach an phobail;

51.  ag tacú leis an méid atá ar intinn ag an gCoimisiún chun ardán AE le haghaidh glasú uirbeach a bhunú; á iarraidh an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha uaillmhianacha sonracha a leagan síos maidir le bithéagsúlacht uirbeach, réitigh atá bunaithe ar an dúlra agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais, agus maidir le bonneagar glas, rudaí a rachaidh chun tairbhe don duine agus don fhiadhúlra araon agus a rannchuidfidh leis na spriocanna foriomlána bithéagsúlachta; a chur i bhfáth gur gá bearta a chur san áireamh, amhail sciar íosta de dhíonta glasa ar fhoirgnimh nua, rud lena dtacófaí le feirmeoireacht uirbeach, lena n-áirítear úsáid crann torthaí, i gcás inarb iomchuí, lena áiritheofaí nach n-úsáidfí aon lotnaidicídí ceimiceacha agus go ndéanfaí úsáid leasachán a laghdú i limistéir ghlasa uirbeacha san Aontas, agus lena méadófaí líon na spásanna glasa de réir líon na n-áitritheoirí, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar neamhionannais maidir le rochtain ar spásanna glasa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ina theannta sin, conairí éiceolaíocha talún agus muirí a leathnú i limistéir uirbeacha, lena n-áirítear trí Ghréasán Tras-Eorpach do Bhonneagar Glas (TEN-G) a fhorbairt a mbeadh nasc aige le Gréasán Tras-Eorpach Dúlra (TEN-N);

Saothrú díreach ar orgánaigh

52.  á chur in iúl go dtacaíonn sí le spriocanna 2030 maidir le 25 % ar a laghad de thalamh talmhaíochta a thabhairt faoi bhainistiú feirme orgánaí, rud ba cheart a mhéadú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma; á chur in iúl, ina theannta sin, gur geal léi go mór an sprioc maidir lena áirithiú gur gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta a bheadh in 10 % ar a laghad den talamh talmhaíochta, ar sprioc í ba cheart a chur chun feidhme ar leibhéal iomchuí chun nascacht éiceolaíoch a sholáthar do ghnáthóga ar fud na tírdhreacha saothraithe agus eatarthu; á chur i bhfáth gur cheart an dá sprioc a ionchorprú i reachtaíocht AE agus gur cheart do gach Ballstát iad a chur chun feidhme, faoi chuimsiú phleananna straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) freisin;

53.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir thuarascáil CIE maidir leis an mbithéagsúlacht ar thalamh feirme in AE, go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar líon agus ar éagsúlacht na speiceas atá ar thalamh feirme; á chur in iúl gur oth léi nár leagadh síos spriocanna agus gníomhaíochtaí intomhaiste le haghaidh talmhaíochta i Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2020, rud a fhágann go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar; á mheabhrú nach rabhthas in ann brath ar an rianú ar chaiteachas CBT ar an mbithéagsúlacht agus go raibh easpa comhordaithe idir beartais agus straitéisí AE, easpa arbh é toradh amháin a bhí uirthi nach dtugann na beartais agus straitéisí sin aghaidh ar an meath ar an éagsúlacht ghéiniteach(75); á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí ó CIE maidir le bithéagsúlacht ar thalamh feirme a leanúint agus tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh sa Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030(76);

54.  á chur i bhfáth go bhfuil an bhithéagsúlacht bunriachtanach chun an tslándáil bia a choimirciú in AE; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag earnáil talmhaíochta AE i dtáirgeadh bianna folláine, sábháilte agus inacmhainne; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról lárnach ag feirmeoirí i ndáil le rath na straitéise sin agus gur cheart an straitéis sin a ailíniú le bearta, cuspóirí agus spriocanna na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’;

55.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí talmhaíocht AE a athrú ó bhonn chun go mbeidh sí inbhuanaithe agus chun ardchaighdeáin leasa ainmhithe a áirithiú, i gcomhréir leis na haistrithe éiceolaíocha agus aeráide, agus úsáid íoslaghdaithe á baint as ionchur iontaise agus ceimiceach agus as cóireálacha antaibheathach; á chur i bhfáth gur cheart go ranncuideodh an talmhaíocht leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú;

56.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, i bhfianaise na dtionchar socheacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann, go bhfaighidh feirmeoirí tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht eacnamaíoch, agus oiliúint i ndáil leis an aistriú chuig córais talmhaíochta inbhuanaithe chun cleachtais agra-éiceolaíocha agus cleachtais inbhuanaithe nuálacha eile a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais atá sainithe go maith agus leordhóthanach a áirithiú, lena n-áirítear faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, chun cuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach, agus á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, pleananna straitéiseacha CBT agus a chomhpháirteanna glasa a úsáid chun na gcríoch sin, agus réitigh a bheidh chun tairbhe do chosaint na bithéagsúlachta á bhforbairt ag an am céanna;

57.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt chun tacú le slabhraí luacha áitiúla maidir leis na spriocanna atá beartaithe a bhaint amach agus á chur i bhfáth go dteastaíonn tacaíocht shonrach ó ghnólachtaí talmhaíochta ar mhionscála chun rannchuidiú leis an straitéis;

58.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go n-aithnítear an fheirmeoireacht orgánach mar cheann de na comhpháirteanna láidre ar chonair AE i dtreo córas bia níos inbhuanaithe, eadhon i ndáil le hábhair imní maidir leis an mbithéagsúlacht, agus i mbaint amach na gcuspóirí beartais phoiblí maidir le forbairt eacnamaíoch, fostaíocht tuaithe, cosaint an chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an plean gníomhaíochta Eorpach d’fheirmeoireacht orgánach ó thaobh glacadh na feirmeoireachta orgánaí;

59.  á chur i bhfios go láidir nach mór forbairtí margadhthiomáinte agus an tslabhra soláthair agus bearta lena spreagtar an t-éileamh ar bhia orgánach a bheith ag gabháil le forbairt an táirgthe bia orgánaigh, lena n-áirítear trí sholáthar poiblí agus raon leathan beart um chur chun cinn, taighde, nuálaíocht, oiliúint agus aistriú eolais eolaíoch, lena n-dírítear ar thacú le cobhsaíocht mhargadh na dtáirgí orgánacha agus le híocaíocht cothrom d’fheirmeoirí agus lena gcuirtear bearta chun cinn a thacaíonn le feirmeoirí orgánacha óga; á thabhairt chun suntais gur gá an slabhra bia orgánach ina iomláine a fhorbairt chun lamháil do phróiseáil agus do dháileadh tháirgí orgánacha AE ar an leibhéal áitiúil;

60.  ag tabhairt dá haire go rannchuideoidh na Ballstáit ar bhealach éagsúil leis na spriocanna uile-Aontais sin ag brath ar leibhéal forbartha a n-earnálacha orgánacha agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfaí spriocanna náisiúnta a shainiú; ag tabhairt chun suntais nach mbainfear na spriocanna sin amach gan tacaíocht láidir airgeadais, cláir láidre oiliúna agus seirbhísí comhairleacha; á iarraidh ar na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT a mhúnlú dá réir sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na Pleananna Straitéiseacha sin in ann don chúram;

61.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cur chuige comhchoiteann a spreagadh agus leas a bhaint as a éifeacht iolraitheora chun gníomhaíochtaí na Straitéise Bithéagsúlachta a chur chun cinn, agus á iarraidh ar an gCoimisiún fiontair ghaolmhara, amhail comharchumainn agraibhia, a chur chun cinn agus tacú leo i gcur chun feidhme beart chun an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhealach comhchoiteann;

62.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ról lárnach ag CBT maidir le bithéagsúlacht talún feirme a chosaint agus a chur chun cinn, mar aon le beartais eile den Chomhaontú Glas don Eoraip; á chur in iúl gur oth léi nach raibh CBT éifeachtach chun an meath atá ag teacht ar an mbithéagsúlacht leis na deicheanna de bhlianta a aisiompú; á mheabhrú go mbraitheann táirgiúlacht agus athléimneacht talmhaíochta ar an mbithéagsúlacht, atá bunriachtanach chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach ár gcóras bia agus ár slándála bia a ráthú; á mheas nárbh ionann na hathruithe beaga a tugadh isteach leis na hathchóirithe éagsúla ar CBT agus comhartha láidir d’fheirmeoirí chun a gcleachtais a athrú agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le hathrú suntasach bunaithe ar thaithí agus ar an méid atá á thuar i ndáil le géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta;

63.  ag athdhearbhú gur cheart do CBT a bheith go hiomlán comhsheasmhach le spriocanna méadaithe aeráide agus bithéagsúlachta AE; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna straitéiseacha faoi CBT a úsáid chun cuspóirí Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 agus Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cur chuige atá fabhrach don bhithéagsúlacht agus agrai-éiceolaíoch a phríomhshruthú, agus ag tathant ar na Ballstáit bonnlínte uaillmhianacha a shocrú maidir le hinbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht agus caighdeáin choinníollachta á mbunú agus chun forbairt uaillmhianach agus glacadh bearta gan mhoill a áirithiú, go háirithe éiciscéimeanna agus bearta agra-chomhshaoil-aeráide; á chur i bhfáth gur cheart acmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar leataobh le haghaidh athchóirithe; á iarraidh ar na Ballstáit cur leis na moltaí ón gCoimisiún chun na críche sin;

64.  á iarraidh ar na Ballstáit na bearta riachtanacha a fhorbairt maidir le gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta, go háirithe faoina bpleananna straitéiseacha CBT, agus úsáid á baint, mar shampla, as fálta nó stiallacha maoláin, ar cheart é a bheith d’aidhm acu freisin idirnascacht éiceolaíoch idir gnáthóga agus cruthú conairí glasa a chur chun cinn;

65.  á chur i bhfáth an gá leis an gcreat faireacháin laistigh de CBT a neartú, lena n-áirítear trí tháscairí níos iontaofa a fhorbairt chun a thionchar a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an tionchar comhiomlán a mheastar a bheidh acu nuair a bheidh na pleananna náisiúnta straitéiseacha formheasta; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcás ina mheastar leis an anailís sin nach leor na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh amhail iarraidh ar na Ballstáit a bpleananna straitéiseacha a leasú nó an Rialachán maidir le Plean Straitéiseach CBT a athbhreithniú mar chuid den athbhreithniú meántéarma;

66.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aistí bia cothroma; á mheas gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit glacadh aistí bia folláine agus cothroma a éascú, agus fós bearta iomchuí a thabhairt isteach chun cúnamh a thabhairt d’fheoirmeoirí san aistriú seo, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá ann inbhuanaitheacht eacnamíoch fheirmeacha AE a choimirciú;

67.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil táirgeadh agus tomhaltas talmhaíochta á ndíriú níos mó agus níos mó ar raon teoranta barr talmhaíochta, agus laistigh díobh sin, ar chineálacha agus géinitíopaí teoranta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil feabhsú agus caomhnú na hathraitheachta géinití trí mheáin nádúrtha fíorthábhachtach do chur chun cinn éagsúlacht na n-éiceachóras talmhaíochta agus do chaomhnú acmhainní géiniteacha áitiúla, go háirithe mar stóras réiteach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus aeráide; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na pórtha áitiúla agus na cineálacha is oiriúnaí do na héiceachórais áitiúla a úsáid;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh an féidir le forbairt chuntasaíocht an chaipitil nádúrtha an saothrú agus an tionchar ar éiceachórais a theorannú agus a réasúnú agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le cailliúint bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú; á chur in iúl gur cúis amhrais di, áfach, a indéanta atá sé luach an dúlra a thomhas go cruinn i dtéarmaí cainníochtúla agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil luach intreach ag an dúlra; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis an tionscnamh idirnáisiúnta cuntasaíochta caipitil nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann;

69.  á iarraidh ar na Ballstáit na bearta riachtanacha a fhorbairt faoina bPleananna Straitéiseacha CBT chun limistéir atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de a chur chun cinn, lena n-áirítear gnéithe tírdhreacha, chun achar 10 % ar a laghad de limistéir ardéagsúlachta a bhaint amach a rachadh chun tairbhe don bhithéagsúlacht, mar shampla fálta sceach, stiallacha maoláin, limistéir nach n-úsáidtear aon cheimiceáin iontu agus talamh branair shealadach, chomh maith le talamh feirme fairsing atá tiomnaithe don bhithéagsúlacht ar bhonn fadtéarmach, agus idirnascacht idir gnáthóga agus cruthú conairí glasa a chur chun cinn a mhéid is féidir chun an acmhainneacht don bhithéagsúlacht a uasmhéadú;

70.  ag tabhairt dá haire gur féidir le táirgeadh fionnaidh, lena mbaineann coimeád na mílte ainmhithe neamhcheansaithe de ghéinitíopa comhchosúil i ndlúthghaireacht dá chéile faoi dhálaí strusmhara ar bhonn ainsealach, leas ainmhithe a chur i mbaol go suntasacha agus go ndéantar a soghabhálacht i leith galair tógálacha lena n-áirítear zónóisí a mhéadú, mar a tharla le COVID-19 i ndáil le minceanna;

71.  á chur in iúl gurb oth léi nár baineadh amach tiomantas an Aontais an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a urramú go hiomlán faoi 2020, ar príomhchuspóir de chuid an chomhbheartais iascaigh (CBI) é; á chur i bhfáth gur cheart gach líon éisc a thabhairt ar ais chuig leibhéil atá os cionn na leibhéal sin atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh agus prionsabal an réamhchúraim á urramú ag an am céanna, á áirithiú go léiríonn siad dáileadh aoise agus méide a léiríonn stoc sláintiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt maidir le hathshlánú iomlán na ngnáthóg muirí agus na stoc éisc i ndáil le huastáirgeacht inbhuanaithe agus úsáid á baint as cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh gan mhoill, feabhas a chur ar roghnaíocht agus ar mharthanas speiceas nach spriocspeicis iad, agus tionchar na n-iascach ar éiceachórais mhuirí a laghdú agus an cur chuige sin á chur chun feidhme, lena n-áirítear trí shrian a chur ar chleachtais nó ar úsáidí a bhfuil tionchair dhíobhálacha acu;

72.  á mheabhrú, de réir an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla nua(77), nach mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2020, agus, i gcásanna ina bhfuil fianaise ann nár comhlíonadh na cuspóirí agus na spriocanna, go bhféadfaidh an Coimisiún bearta a mholadh;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú aigéin, ar eotrófú agus ar aigéadú trí phlean gníomhaíochta uaillmhianach a thíolacadh chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus acmhainní iascaigh a chaomhnú; á mheas gur cheart gach beart, lena n-áirítear reachtaíocht, a ghlacadh chun an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gníomhaíochtaí eile ar ghnáthóga muirí a laghdú;

74.  á chur i bhfáth go bhfuil sé fíorphráinneach go mbunófaí limistéir téarnaimh stoc éisc nó limistéir chosanta ar aon asbhaint chun gur féidir téarnamh teacht ar líon na n-iasc, lena n-áirítear limistéir iasclainne agus láithreacha sceite; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí eastóscacha eile i limistéir chosanta ar aon asbhaint;

75.  ag tacú go láidir leis an gcuspóir maidir le neamhfhulaingt ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN); á chur i bhfios go bhfuil tionchar an-diúltach ag iascaireacht NNN ar staid na stoc, éiceachórais mhuirí, an bhithéagsúlacht agus iomaíochas iascairí AE; á iarraidh go mbeidh níos mó comhsheasmhachta idir beartais trádála agus iascaigh AE chun a áirithiú go ndéanfar iascaireacht NNN a chomhrac go héifeachtach;

76.  á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige éiceachórais a bhunú i leith na nithe go léir a spreagann cailliúint na bithéagsúlachta muirí, cur chuige lena gcuirfear san áireamh an brú a chuireann an iascaireacht ar stoic, ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais mhuirí, ach tosca eile freisin, amhail truailliú agus an t-athrú aeráide, loingseoireacht, úsáidí cósta agus úsaidí gar don chladach, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair ar an éiceachóras ar ghníomhaíochtaí mara eile, agus cumas na n-éiceachóras rannchuidiú le maolú agus oiriúnú athraithe aeráide agus idirghníomhaíochtaí creiche-creachadóra á chur san áireamh;

77.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a ghlacadh d’fhonn forbairt agus cur chun feidhme modhanna leasa níos airde a chur chun cinn maidir le hiasc a ghabháil, a thabhairt i dtír agus a mharú ar bhonn na heolaíochta is fearr atá ar fáil;

78.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh cleachtais feirmeoireachta éisc inbhuanaithe agus bunaithe ar leas éisc ard; á chreidiúint gur cheart an táirgeadh dobharshaothraithe a bheith bunaithe ar mhodhanna inbhuanaithe táirgthe, amhail modhanna fairsinge agus úsáid algaí, débhlaoscaí, córas feirmeoireachta linne agus dobharshaothrú murlaigh, lenar féidir feidhmeanna agus seirbhísí tábhachtacha éiceachórais a chur ar fáil, lena n-áirítear gnáthóga bogaigh a chothabháil, agus an brú ar acmhainní agus ar bhithéagsúlacht a laghdú, chomh maith le hastaíochtaí carbóin níos ísle a bheith ann agus cothú a chur ar fáil; á chur in iúl gur cúis imní di gabháil éisc arb é an t-aon chuspóir atá leis ná éisc feirme feoiliteach a bheathú agus á mheas gur cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an gcleachtas gabhála éisc sin agus roghanna eile inbhuanaithe a chur ina ionad; á thabhairt chun suntais an gá atá lena áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le dobharshaothrú soiléir agus gur féidir iad a chur chun feidhme ina n-iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún a threoir maidir leis an dobharshaothrú agus láithreáin Natura 2000 a thabhairt cothrom le dáta más gá;

79.  ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di, go bhfuil suaitheadh fisiciúil forleathan ar ghrinneall na farraige fós in uiscí chósta AE, go háirithe mar thoradh ar thrálaeireacht ghrinnill(78), atá sainaitheanta ag EBT mar an cineál trealaimh a chuireann an chuid is mó le leibhéil bhliantúla aischuir agus a bhfuil tionchar an-dochrach aige ar ghrinneall na farraige ag brath ar an iascach agus ar shaintréithe na limistéar iascaigh(79); á mheabhrú go bhfuil an trálaeireacht ghrinnill ar cheann de na cineálacha trealaimh iascaireachta is coitianta san Aontas(80); ag meabhrú an ceanglas atá ann faoi láthair gur gá scor den iascaireacht le gléas grinnill faoi bhun 400 m i limistéir arb eol, nó inar dócha, go bhfuil éiceachórais mhuirí leochaileacha iontu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2016/2336(81) chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, lena n-áirítear i ndáil le tuláin ghrinnill; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún, de réir teorainneacha sa Mheánmhuir(82), teorainn a chur, i gcás inar gá sin chun éiceachórais chósta a chosaint, ar úsáid trálaeireachta grinnill i limistéir eile chósta, lena n-áirítear ina phlean gníomhaíochta atá le teacht chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint, chun na cleachtais is inbhuanaithe agus a dhéanann an damáiste is lú a áirithiú;

80.  á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí san áireamh i bpleananna bainistithe iascaigh torthaí na staidéar eolaíoch maidir le tionchar cleachtas iascaireachta ar speicis, gnáthóga, bithéagsúlacht na n-aigéan agus timpeallachtaí muirí, agus go rannchuideoidís le réitigh chun na tionchair dhiúltacha a shainaithnítear a chur i gceart, lena n-áirítear teorainn a chur lena n-úsáid nó réitigh teicneolaíochta nua maolaithe a thabhairt isteach; á chur i bhfáth thairis sin gur cheart foghabhálacha de speicis íogaire a dhíothú nó a laghdú go leibhéal a cheadaíonn téarnamh iomlán agus gur cheart damáiste do ghnáthóga ghrinneall na farraige a íoslaghdú;

81.  á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú ar olltrálaeir a dhéanamh agus breithniú a dhéanamh ar bhearta lena sriantar a ngníomhaíochtaí in uiscí an AE, go háirithe lena dtoirmeasctar a ngníomhaíochtaí i limistéir faoi chosaint;

82.  á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbunófaí dea-chomhar le tríú tíortha, go háirithe le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear faireachán ar acmhainní iascaigh in uiscí lasmuigh den Aontas a chur chun cinn ar bhealach coibhéiseach chun éiceachóras sláintiúil a áirithiú i ngnáthóga muirí thar theorainneacha;

83.  á mheabhrú go gcuireann CBI agus an Rialachán um Rialú ar Iascach(83) creat rialála ar fáil don Aontas Eorpach le huirlisí sonracha le haghaidh iascaigh; á chur in iúl gur gá inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch a áirithiú d’iascairí a bhfuil tionchar ag an aistriú chuig cleachtais éiceolaíocha laistigh den gheilleagar gorm orthu, lena n-áirítear maidir le riachtanais oiliúna a bhaineann leo; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé maoiniú leordhóthanach a áirithiú chun na gcríoch sin ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus ó Fhís Eorpach;

84.  á iarraidh ar an gComhairle gach doiciméad a bhaineann leis na rialacháin a glacadh maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe a chur ar fáil don phobal go réamhghníomhach, i gcomhréir le moladh an Ombudsman Eorpaigh i gcás 640/2019/FP;

85.  á mholadh go mbailítear sonraí ar bhonn leanúnach d’fhonn meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar na critéir inbhuanaitheachta agus d’fhonn cosc a chur ar limistéir iascaireachta a bhunú inar aimsíodh go bhfuil éiceachórais mhuirí leochaileacha ann;

86.  á áitiú nach mór caomhnú agus athchóiriú comhshaoil a bheith mar thosaíocht do limistéir chosanta agus nár cheart go mbainfí an bonn den sprioc sin le haon ghníomhaíocht sna réimsí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit toirmisc a chur ar ghníomhaíocht díobhálach an duine laistigh de limistéir mhuirí faoi chosaint; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh i bpleananna spáis náisiúnta muirí ar íogaireacht speiceas agus gnáthóg i leith brú daonna i ngach limistéar farraige;

87.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le limistéir mhuirí faoi chosaint atá ann cheana a neartú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe i gcás na dteophointí bithéagsúlachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna bainistíochta sonracha a tharraingt suas, mar ábhar tosaíochta, do na réimsí sin, ar pleananna iad lena mbunaítear cuspóirí soiléire caomhnaithe agus bearta éifeachtacha faireacháin, faireachais agus rialaithe; ag tathant, go háirithe, ar na Ballstáit forbairt agus tíolacadh moltaí comhpháirteacha a bhrostú maidir le bainistiú iascaigh ina limistéir mhuirí faoi chosaint faoi Airteagal 11 CBI; á mheas gur cheart éifeachtaí an athraithe aeráide ar speicis mhuirí a chur san áireamh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, i gcomhar leis na Ballstáit, critéir agus treoir a chur chun cinn chun pleanáil iomchuí a dhéanamh maidir le bainistiú na limistéir mhuirí faoi chosaint ainmnithe, lena n-áirítear i gconairí éiceolaíocha, bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, agus comhar idir na Ballstáit a éascú;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún gan limistéir mhuirí faoi chosaint a áireamh i spriocanna idirnáisiúnta go dtí go mbainistítear go hiomchuí iad;

89.  á mheas gur cheart na limistéir mhuirí nua faoi chosaint a áireamh i gcreat Natura 2000 agus nascacht éiceolaíoch a chur chun cinn;

90.  á thabhairt chun suntais, nuair a éiríonn le MPAnna, go mbaineann tairbhí suntasacha socheacnamaíocha leo, go háirithe do phobail chósta agus d’earnáil an iascaigh agus na turasóireachta, agus gur féidir le limistéir mhuirí faoi chosaint príomhfheidhmeanna éiceolaíocha a dhéanamh chun stoic éisc a atáirgeadh agus chun a n-athléimneacht a fheabhsú;

91.  á chur i bhfios go láidir nach mór Straitéis Foraoise nua AE a ailíniú leis an Dlí Aeráide Eorpach agus an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, agus a bheith comhsheasmhach leo; ag cur béim ar an ngá atá le Straitéis Foraoise iomlánaíoch agus comhsheasmhach de chuid an Aontais lena bhfeabhsófaí ról ilfheidhmeannach na bhforaoisí agus na hearnála foraoisbhunaithe in AE agus lena gcuirfí chun cinn sochair chomhshaoil, shochaíocha, eacnamaíocha fhadiarmhartacha na bhforaoisí agus fós cuspóirí aeráide agus comhshaoil AE a urramú go hiomlán; ag cur béim ar an ngá atá le tosaíochtaí soiléire a leagan síos agus cosaint na haeráide agus na bithéagsúlachta mar chuspóirí lárnacha agus idirnasctha i Straitéis Foraoise nua AE; á iarraidh go n-áireofar sa phlean maidir le hathchóiriú an dúlra spriocanna sonracha ceangailteacha chun éiceachórais foraoise a athchóiriú agus a chosaint ina dhiaidh sin, ar spriocanna iad ba cheart a ionchorprú i Straitéis Foraoise AE; á mheas gur cheart na himthosca éagsúla ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát a chur san áireamh;

92.  ag athdhearbhú a seasaimh, dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2020, maidir le Straitéis Foraoise AE, i.e. gur cheart an straitéis a bheith ina nasc idir beartais foraoiseachta agus agrafhoraoiseachta náisiúnta agus cuspóirí AE a bhaineann le foraoisí agus agrafhoraoisí, agus fós a aithint gur gá an inniúlacht náisiúnta a urramú agus gur gá rannchuidiú le mórspriocanna AE; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá, i Straitéis Foraoise AE, prionsabal na comhréireachta a urramú agus aitheantas a thabhairt d’inniúlacht an Aontais i réimse chosaint an chomhshaoil, agus á mheabhrú gurb amhlaidh, faoi Airteagal 191 CFAE, a chaithfidh beartas AE maidir leis an gcomhshaol rannchuidiú, i measc cuspóirí eile, le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha; á mheabhrú go bhfuil tionchar ag roinnt píosaí reachtaíochta AE ar fhoraoisí agus ar bhainistiú foraoisí;

93.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit na caighdeáin is airde cosanta comhshaoil a áirithiú d’fhoraoisí ina mbeartais inmheánacha agus sheachtracha;

94.  á chur i bhfáth gur cheart Straitéis Foraoise nua an Aontais bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a neartú ar bhealach cothrom ar mhaithe le sláinte, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus fadsaolaí éiceachóras foraoise agus ar mhaithe le ról ilfheidhmeach na bhforaoisí a chaomhnú; ag tabhairt dá haire go bhfuil foraoisí a choimirciú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe bunriachtanach dár bhfolláine, óir is iontu a dhéantar gníomhaíochtaí chun leasa an phobail i réimse na fóillíochta agus na sláinte agus freisin i réimse an oideachais, agus ag aithint go ndéanann bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí cosaint na bithéagsúlachta foraoise in AE a chur chun cinn; ag meabhrú gur gheall an tAontas agus a Bhallstáit sainmhíniú agus prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur i bhfeidhm;

95.  á chur i bhfios go láidir an ról atá ag foraoisí maidir le cur le spriocanna aeráide AE; á mheas gur cheart tosaíocht a thabhairt d’úsáid chiorclach agus chascáideach d’acmhainní foraoise agus acmhainní eile bithmhaise nach gcuireann isteach ar chosaint agus ar ghníomhaíocht athbhunaithe a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus ar ghníomhaíocht ar son na haeráide; á mheas gur sampla maith amháin é adhmad a úsáid mar ábhar tógála;

96.  ag cur béim ar an ríthábhacht a bhaineann le bearta agrafhoraoiseachta agus foraoisithe CBT agus ag spreagadh leanúnachas na mbeart foraoiseachta, i gcomhréir le Straitéis Foraoise AE;

97.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá éiceachórais foraoise shláintiúla agus athléimneacha, lena n-áirítear fauna agus flora, i gcothabháil agus feabhas a chur ar sheachadadh na n-ilsheirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn foraoisí, amhail an bhithéagsúlacht, aer glan, uisce, ithir shláintiúil, agus amhábhair adhmaid agus neamhadhmaid; á chur i bhfios nach bhféadfar spriocanna AE maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus an bhithéagsúlacht a bhaint amach choíche gan foraoisí ná foraoiseacht atá ilfheidhmeach, sláintiúil agus bainistithe go hinbhuanaithe le dearcadh fadtéarmach;

98.  á chur i bhfios gur gá cur chuige comhleanúnach a fhorbairt chun cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint aeráide a thabhairt le chéile le hearnáil rathúil fhoraoisbhunaithe agus le bithgheilleagar inbhuanaithe;

99.  ag aithint go bhfuil ról ag baint le hadhmad ó fhoraoisí atá bainistithe go inbhuanaithe agus táirgí adhmaid a úsáid chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh CO2 de agus le forbairt an bhithgheilleagair chiorclaigh;

100.  á chur i bhfios go láidir gur gá rialacha AE maidir le húsáid na bithmhaise i gcomhair táirgeadh fuinnimh a athbhreithniú agus a ailíniú le cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 agus leis an Dlí Aeráide Eorpach, go háirithe mar chuid den Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite agus na gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht;

101.  á chur in iúl gur geal léi an gealltanas trí bhilliún crann breise ar a laghad a chur san Aontas Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tionscnaimh an Aontais maidir le crainn a phlandú bunaithe ar phrionsabail shoiléire éiceolaíocha, ar phrófhoraoisiú, athfhoraoisiú inbhuanaithe, glasú limistéar uirbeach agus fo-uirbeach, athchóiriú, feabhsú nascachta agus agrafhoraoiseachta, i gcomhréir leis an eolas eolaíoch is déanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfear na tionscnaimh sin i gcrích ach ar bhealach a bheidh i gcomhréir agus fabhrach leis na cuspóirí bithéagsúlachta, lena n-áiritheofar nach gcuirfear an phlandáil sin in ionad na bhforaoisí seanfháis agus bithéagsúla atá ann cheana, agus lena gcuirfear lena chinntiú go mbeidh foraoisí athléimneach, measctha agus sláintiúil;

102.  á mheabhrú a seasaimh a shonraítear ina rún maidir le creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar an AE agus chun é a aisiompú; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh mar ábhar práinne le haghaidh creat dlíthiúil AE a bheidh bunaithe ar dhícheall cuí éigeantach lena n-áiritheofar go mbeidh slabhraí luacha inbhuanaithe agus nach mbeidh dífhoraoisiú, díghrádú foraoise, tiontú éiceachórais nó díghrádú ná sáruithe ar chearta an duine mar thoradh ar tháirgí nó ar thráchtearraí a chuirtear ar mhargadh AE, nó nach dtiocfaidh na táirgí ná na tráchtearraí astu sin; á thabhairt dá haire gur cheart creat dlíthiúil AE den sórt sin a leathnú freisin chun stoc ardcharbóin agus éiceachórais atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de nach foraoisí iad a chumhdach, amhail éiceachórais mhuirí agus chósta, bogaigh, tailte portaigh agus sabhánaí, ionas nach n-aistreofar brú chuig na tírdhreacha sin;

103.  á iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh i dtaobh creat dlíthiúil a chruthú, laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) go príomha, lena lamhálfaí do thoirmeasc a chur ar thrádáil amhábhar, táirgí agus seirbhísí áirithe a chuireann an bhithéagsúlacht i mbaol;

104.  á chur i bhfáth gur cheart lorg comhshaoil tháirgeadh agus thomhaltas an Aontais a laghdú go práinneach chun fanacht laistigh de theorainneacha pláinéadacha; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha AE a mholadh do 2030 chun laghdú suntasach a dhéanamh ar lorg ábhair agus tomhaltais an Aontais agus iad a thabhairt laistigh de theorainneacha pláinéadacha faoi 2050(84); ag tacú leis an gCoimisiún cur chuige saolré a ghlacadh chun lorg comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí a thomhas; á mheas gur cheart táirgeadh agus úsáid phlaistigh a laghdú; á mheas gur cheart gach cosaint a d’fhéadfadh a bheith ann a ionchorprú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann difear d’éiceachórais agus dá mbithéagsúlacht chun an tionchar diúltach a bhíonn acu ar na héiceachórais sin a mhaolú;

Athrú aeráide

105.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtiocfaidh laghdú suntasach ar fhormhór na raonta speiceas talún i gcás téamh domhanda idir 1,5 agus 2 °C agus go mbeidh na speicis mhuirí faoi bhagairt chomh mór céanna, go háirithe ós rud é gur dócha go sárófar na méaduithe teochta sin leis na conairí reatha; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur gá uaillmhianta an Aontais Eorpaigh a mhéadú go suntasach, tús áite a thabhairt do réitigh dhúlra-bhunaithe agus do chineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachóras chun spriocanna maidir le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach agus i straitéisí oiriúnaithe agus chun cur leis an gcosaint a thugtar do linnte nádúrtha carbóin talún agus mara san Aontas mar bheart comhlántach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar an athraithe aeráide ar fhlúirse agus ar dháileadh geografach speiceas a mheas, an measúnú sin a chur san áireamh agus an Straitéis Bithéagsúlachta do 2030 á cur chun feidhme acu, agus cuidiú leis na Ballstáit na torthaí a ionchorprú ina mbeartais náisiúnta agus i dtuairisciú amach anseo faoi na treoracha dúlra;

107.  á thabhairt chun suntais an ról riachtanach atá ag éiceachórais shláintiúla aigéin ó thaobh cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú agus ó thaobh athrú aeráide a mhaolú; á iarraidh go ndéanfaí gnáthóga aigéin atá ar mhórán carbóin a chaomhnú agus a athbhunú chun feabhas a chur ar stóráil carbóin, ar chosaint chósta agus ar athléimneacht speiceas muirí agus iascaigh i gcoinne an athraithe aeráide; á iarraidh tuilleadh go gcuirfí san áireamh iad i limistéir mhuirí faoi chosaint a ndéantar bainistiú éifeachtach orthu;

108.  á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis an Dlí Aeráide Eorpach(85) a ghlacadh agus tar éis ról tábhachtach na linnte carbóin nádúrtha a mheas maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, sprioc uaillmhianach AE 2030 atá bunaithe ar eolaíocht a mholadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint trí linnte carbóin nádúrtha, sprioc ar cheart dó a bheith comhsheasmhach leis an Straitéis Bithéagsúlachta do 2030 agus atá leagtha síos sa reachtaíocht; á mheabhrú, thairis sin, nach mór go mbeadh laghdú tapa na n-astaíochtaí mar thosaíocht i gcónaí;

109.  á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta fadtéarmach AE maidir leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht a thíolacadh a luaithe is féidir, lena n-áirítear maidir leis na spriocanna faoi seach, lena bhfeabhsaítear comhordú agus lena n-áirithítear comhleanúnachas, inbhuanaitheacht agus idirnaisc le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo, agus lena n-áirítear gealltanais faoin gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020, faoi Chomhaontú Pháras, faoina rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta agus faoi SDGanna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faireachán, tuairisciú agus athbhreithniú ar phleananna aeráide agus bithéagsúlachta a chomhordú go foirmiúil a luaithe is féidir; á thabhairt chun suntais go bhfuil éiceachórais athléimneacha shláintiúla ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun dul in oiriúint dó agus gur cheart sineirgí idir beartais bhithéagsúlachta agus beartais aeráide a áirithiú sna gníomhaíochtaí faoin gComhshocrú Aeráide Eorpach;

110.  á chur in iúl gur geal léi straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide; á mheas gur cheart na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin straitéis oiriúnaithe a ailíniú go hiomlán leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 agus leis na bearta maidir le cosc agus ullmhacht do thubaistí nádúrtha faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

111.  ag formhuiniú, thairis sin, cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais mar a shainmhínítear faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, lena gcuirtear straitéis iomlánaíoch ar fáil maidir le bainistiú comhtháite talún, uisce agus acmhainní beo, lena ndéantar caomhnú agus úsáid inbhuanaithe a chur chun cinn ar bhealach cothrom;

112.  á chur i bhfáth gur cheart an téarma ‘réitigh atá bunaithe ar nádúr’ a shainmhíniú níos fearr agus gur cheart go n-áiritheofaí leis an sainmhíniú sin nach ndéanfar an bhithéagsúlacht ná sláine éiceachórais a chur i mbaol; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhforbrófaí sainmhíniú níos soiléire ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chomh maith le treoirlínte agus uirlisí maidir le réitigh dhúlra-bhunaithe a úsáid chun nascacht dúlra-bhunaithe a uasmhéadú chomh maith le sochair agus sineirgí idir caomhnú na bithéagsúlachta agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

113.  ag tabhairt dá haire nach ann fós do réitigh dhúlra-bhunaithe in a lán straitéisí náisiúnta maidir leis an aeráid; á chreidiúint go bhféadfadh ardán ilgheallsealbhóra maidir le réitigh dhúlra-bhunaithe cuidiú le sineirgí a neartú idir coinbhinsiúin idirnáisiúnta iltaobhacha maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide agus go bhféadfaí tacú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;

Truailliú

114.  á chur in iúl gur geal léi spriocanna an Choimisiúin i dtaobh úsáid lotnaidicídí is guaisí agus lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú de 50 % agus caillteanais cothaitheach ó leasacháin a laghdú de 50 %, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh laghdú 20 % ar a laghad ar úsáid leasachán faoi 2030, ar spriocanna iad ar cheart díobh uile a leagan síos i reachtaíocht agus ar cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu don tréimhse i ndiaidh 2030 d’fhonn leanúint de na laghduithe agus gealltanais fhadtéarmacha a dhéanamh; á iarraidh go ndéanfar measúnú éifeachtach ar na spriocanna sin ar bhonn garspriocanna sonracha;

115.  á iarraidh ar an gCoimisiún bonnlínte soiléire, uaillmhianacha a leagan síos do na spriocanna sin agus, i gcomhar leis na Ballstáit, rannchuidiú cothrom do gach Ballstát i leith na spriocanna uile-AE lena léirítear a bpointí tosaigh éagsúla agus a gcúinsí difriúla; á áitiú gur cheart do gach Ballstát bearta láidre a chur chun feidhme chun a spriocanna a bhaint amach;

116.  á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne aon ath-údarú a dhéanamh ar ghliofosáit i ndiaidh an 31 Nollaig 2022; á iarraidh ar na Ballstáit go léir an obair ullmhúcháin ábhartha a dhéanamh chun réitigh mhalartacha inmharthana a chur ar fáil do gach feirmeoir tar éis toirmeasc a chur ar ghliofosáit;

117.  á mheabhrú a rún an 16 Eanáir 2019 maidir le nós imeachta údaraithe an Aontais maidir le lotnaidicídí(86), agus ag dréim leis go dtabharfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh ar a iarrataí uile gan mhoill; á iarraidh ar an gCoimisiún a áireamh ina athbhreithniú ar bhearta cur chun feidhme na bhforálacha maidir le creat Táirgí Cosanta Plandaí chun tacú leis an gcuspóir uile-AE maidir le lotnaidicídí a laghdú, amhail trí na critéir chomhshaoil maidir le rochtain ar an margadh a dheonú ar lotnaidicídí a neartú agus a shoiléiriú; á chur i bhfáth nár cheart cinneadh formheasa a thabhairt nuair a chinneann EFSA go bhfuil tionchair dho-ghlactha ar an gcomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí maidir le riosca rialála a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inrochtana;

118.  á mheas gur cheart an maolú atá beartaithe in Airteagal 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009(87) a shoiléiriú agus nach ceart é a chur i bhfeidhm ach ar chúiseanna sláinte agus comhshaoil; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil úsáid á baint as an maolú sin chun an bonn a bhaint ón gcosc ar gach úsáid amuigh faoin aer a bhaintear as trí cinn de neoinicitínóidigh;

119.  á iarraidh ar an gCoimisiún bailchríoch a chur go pras ar an athbhreithniú ar Threoir 2009/128/CE maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí(88), lena n-áirítear na spriocanna maidir le laghdú lotnaidicídí, agus gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go ngeallfaidh na Ballstáit an Treoir sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear ina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta;

120.  ag tabhairt dá haire go dtagann frithsheasmhacht in aghaidh lotnaidicídí as úsáid fhorleathan lotnaidicídí, ar fadhb shuntasach í sin a fhágann nach mbíonn lotnaidicídí chomh héifeachtach céanna; á chur i bhfios go mbaineann costas ard d’fheirmeoirí le méadú ar úsáid lotnaidicídí agus ar spleáchas ar lotnaidicídí; ag tabhairt dá haire gur cheart ordlathas gníomhaíochta a leanúint d’fhonn cailliúint bithéagsúlachta agus frithsheasmacht in aghaidh lotnaidicídí a sheachaint, i gcomhréir leis na hocht bprionsabal a bhaineann le bainistiú comhtháite lotnaidí atá le fáil in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2009/128/CE, agus dá réir sin nár cheart lotnaidicídí ceimiceacha a úsáid ach amháin mar rogha dheireanach;

121.  á chur in iúl gurb oth léi go ndéantar an measúnú ar thionchair ceimiceán ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht a mheas faoina luach agus a ghannluacháil go minic san anailís shocheacnamaíoch le linn phróiseas an údaraithe faoi REACH; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid leanúnach agus údarú leanúnach ceimiceán guaiseach ag a bhfuil tionchar diúltach ar an gcomhshaol nó i gcás ina bhfuil sonraí sábháilteachta in easnamh maidir le críochphointí comhshaoil; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina ról mar bhainisteoir riosca, aird níos mó a thabhairt ar thionchair ceimiceán, lena n-áirítear a n-éifeachtaí ainsealacha agus fadtéarmacha, ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht;

122.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin chomhionanna agus seiceálacha éifeachtacha a áirithiú ar tháirgí talmhaíochta arna n-allmhairiú ó thríú tíortha;

123.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí(89) d’fhonn rioscaí sláinte ainmhithe agus comhshaoil a ionchorprú mar chritéir na reachtaíochta;

124.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara lena chinntiú, ón tús, go léiríonn na pleananna straitéiseacha náisiúnta don talmhaíocht uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, lena n-áirítear leibhéal méadaithe uaillmhéine chun úsáid agus riosca lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú go suntasach, chomh maith le húsáid leasachán agus antaibheathach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé na spriocanna sin a shaothrú ar bhealaí iomlánaíocha agus ciorclacha, amhail cur chuige agrai-éiceolaíoch a ghlactar amhail táirgeadh comhtháite agus feirmeoireacht orgánach, lena n-áirítear uainíocht na mbarr; á chur i bhfáth freisin an méid a chuirtear le talmhaíocht bheacht, le digitiú agus le huirlisí eile chun lotnaidicídí, leasacháin agus cothaithigh a laghdú agus iad a úsáid go héifeachtúil;

125.  á chur i bhfáth, chun an gá le lotnaidicídí a laghdú agus chun laghdú breise ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus ar na rioscaí a bhaineann leo a bhaint amach, go bhfuil bosca uirlisí níos mó de réitigh agus de mhodhanna cosanta barr atá malartach, éifeachtach, inacmhainne agus sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de de dhíth ar fheirmeoirí; ag moladh go bhféadfaí a áireamh leis sin glacadh feabhsaithe de theicnící rialaithe cultúrtha, fisiceacha agus bitheolaíocha, lotnaidicídí nua ísealriosca agus bith-lotnaidicídí, teicnící leata níos éifeachtaí a éascaítear le huirlisí amhail feirmeoireacht dhigiteach agus bheacht, samhlacha eipidéimeolaíocha, raon níos leithne agus feabhsaithe de roghanna le haghaidh cineálacha frithsheasmhacha a éilíonn níos lú ionchuir, agus oiliúint agus córais chomhairleacha taighde agus nuálaíochta neartaithe, lena n-áirítear i gcleachtais feirmeoireachta agrai-éiceolaíocha;

126.  á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach atá ag earnálacha talmhaíochta, iascaireachta agus foraoiseachta an Aontais maidir leis an dúlra a chosaint agus a athbhunú agus nach mór dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán i gcur chun feidhme na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030; á chur i bhfáth gur cheart tacaíocht dhea-shainithe, cláir oiliúna agus bosca uirlisí de réitigh agus roghanna malartacha atá inbhuanaithe, sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a bheith ag gabháil leis na bearta cur chun feidhme, chomh maith le rochtain ar an eolas, an teicneolaíocht agus na seirbhísí comhairleacha is déanaí; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, an méid a d’fhéadfadh dreasachtaí dearfacha agus malartú dea-chleachtas a dhéanamh chun an straitéis a chur chun feidhme;

127.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go léireofar cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 go hiomlán i gcur chun feidhme na Straitéise ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus sa phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach atá ar na bacáin, lenar cheart aghaidh a thabhairt ar thruailliú solais agus truailliú torainn, lena n-áirítear torann faoi uisce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an truailliú ag an bhfoinse mar thosaíocht agus úsáid na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil á háirithiú ag an am céanna;

128.  á iarraidh ar an gCoimisiún sprioc uaillmhianach laghdaithe a leagan síos do 2030 maidir le húsáid solais shaorga faoin aer agus treoirlínte a mholadh faoi conas is féidir leis na Ballstáit an solas saorga san oíche a laghdú;

129.  á chur i bhfáth an gá atá leis an Straitéis Bithéagsúlachta do 2030 chun bearta tiomnaithe a áireamh maidir le truailliú a laghdú a mbíonn tionchar díreach acu ar an mbithéagsúlacht agus ar an tsláinte, amhail truailliú plaisteach, micreaphlaisteach agus ceimiceach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear chun feidhme gan mhoill gach gníomhaíocht a bhaineann leis an bplean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach agus reachtaíocht ghaolmhar;

Speicis choimhthíocha ionracha (IAS)

130.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur bagairt thromchúiseach iad speicis choimhthíocha ionracha don chomhshaol, do shlite beatha agus do shlándáil an tsoláthair bia, a dhéanann damáiste do-athraithe agus dá mbithéagsúlacht, agus go bhfuil sé sin á dhéanamh níos measa mar gheall ar an athrú aeráide;

131.  á chur in iúl gurb oth léi gur lú ná 6% de na speicis choimhthíocha ionracha atá san Aontas iad na speicis is ábhar imní don Aontas iad ar an liosta IAS; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le gníomhaíocht agus a áirithiú go n-áireofar speicis faoi bhagairt ar an liosta; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh coisc a fheabhsú trí mheasúnuithe riosca éigeantacha a thabhairt isteach sula ndéanfar speicis neamhdhúchasacha a allmhairiú den chéad uair agus trí liostaí bána a mholadh ar fud an Aontais de speicis atá ceadaithe a allmhairiú, a choinneáil, a phórú agus a thrádáil mar pheataí ar bhonn measúnú riosca eolaíoch agus saintréithe éiceolaíocha san Aontas a luaithe is féidir;

132.  á thabhairt chun suntais go bhfuil trádáil peataí peataí andúchasacha ar cheann de na príomhbhealaí chun speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach agus, seachas sin, baineann speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach le strusairí eile amhail iompar trastíre agus muirí agus bruscar muirí; á iarraidh go bhforbrófaí bearta breise ar leibhéal an Aontais maidir le speicis choimhthíocha ionracha a chosc, a rialú agus a dhíothú, lena n-áirítear pleananna sonracha a tharraingt suas dóibh siúd a bhfuil tionchar acu ar speicis atá i mbaol criticiúil; á chur i bhfáth an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais chun tacú le cosc agus chun cabhrú le réimsí atá buailte chun dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha atá ann cheana agus a tugadh isteach le déanaí;

133.  á chur in iúl gurb oth léi nár áiríodh ach speiceas amháin muirí i Liosta na Speiceas Choimhthíocha Ionracha is ábhar imní don Aontas(90); á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an líon na Speiceas Choimhthíocha Ionracha muirí sin atá íseal go díréireach chun ailíniú cuí le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a áirithiú(91);

Cistiú, príomhshruthú agus creat rialachais

134.  á thabhairt chun suntais gur mó na tairbhí sochaíocha agus comhshaoil a bhaineann le cosc agus le hathbhunú ná na costais infheistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún príomhshruthú éifeachtach bithéagsúlachta agus díonadh éifeachtach a áirithiú ar fud chaiteachas agus chláir AE ar bhonn Tacsanomaíocht AE; á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud chaiteachas agus chláir AE; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a sholáthar maidir leis an mbealach ina bhféadfaí leas a bhaint as an EUR 20 billiún in aghaidh na bliana ar a laghad atá ag teastáil don dúlra, chun tograí comhfhreagracha a dhéanamh le haghaidh bhuiséad bliantúil an Aontais agus chun scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le hionstraim chistiúcháin thiomnaithe le haghaidh TEN-N; ag tabhairt dá haire an comhaontú go ndéanfar caiteachas 7.5 % ar an mbithéagsúlacht a phríomhshruthú ó 2024 agus 10 % ó 2026 ar aghaidh; á mheas gur cheart iarrachtaí a dhéanamh caiteachas bliantúil 10 % ar a laghad ar an mbithéagsúlacht faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a bhaint amach a luaithe is féidir ó 2021 ar aghaidh; á chur i bhfáth an gá le comhsheasmhacht a áirithiú idir maoiniú aeráide agus maoiniú bithéagsúlachta; ag tathant ar na Ballstáit gníomhaíochtaí bithéagsúlachta a áireamh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta; á áitiú gur cheart caiteachas AE a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a rianú i gcomhréir le modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach a leagfaidh an Coimisiún amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle;

135.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh faoi 2022 ar na fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol, d’fhonn iad a chéimniú amach gan a thuilleadh moille; á iarraidh go ndéanfaí dreasachtaí airgeadais a atreorú i dtreo infheistíochtaí a bheadh dearfach ó thaobh na bithéagsúlachta de agus córais chánachais i dtreo úsáid mhéadaithe a bhaint as cánachas comhshaoil agus ioncam comhshaoil;

136.  á mheabhrú gealltanas an Aontais cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le gach fóirdheontas indíreach agus díreach do bhreoslaí iontaise a luaithe is féidir agus faoi 2025 ar a dhéanaí;

137.  á mheas gur cheart tacú ar fud an domhain le deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise agus fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol trí bheartas trádála an Aontais agus tríd an taidhleoireacht ghlas, lena náirítear trí chomhaontú maidir le treochlár ina mbeidh garspriocanna do gach comhpháirtí trádála;

138.  á mheabhrú go bhfuil sé measta ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go gcaitheann rialtais thart ar USD 500 billiún in aghaidh na bliana ar thacaíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don bhithéagsúlacht, i.e. idir cúig agus sé huaire níos mó ná an caiteachas iomlán ar an mbithéagsúlacht(92);

139.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte agus dreasachtaí soiléire a sholáthar chun maoiniú príobháideach a shlógadh don bhithéagsúlacht agus chun infheistíochtaí a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún creat uaillmhianach réamhbhreathnaitheach a chur ar fáil lena gcomhtháthófar bearta reachtacha agus dreasachtaí airgeadais don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach araon chun tacú le baint amach na spriocanna agus na spriocanna faoin Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 mar chuid den straitéis athnuaite airgeadais inbhuanaithe atá ar na bacáin; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh maidir le soláthar corparáideach inbhuanaithe;

140.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhleanúnachas beartais a áirithiú agus beartais AE agus beartais náisiúnta a ailíniú leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030; á iarraidh freisin go gcloífí le prionsabail uile na gconarthaí sa bheartais ar fad de chuid an Aontais, go háirithe prionsabal an réamhchúraim agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

141.  á thabhairt chun suntais an gá atá le creat rialachais bithéagsúlachta atá ceangailteach ó thaobh dlí – dlí bithéagsúlachta – ag leanúint measúnaithe tionchair chuimsithigh lena stiúrtar conair go dtí 2050 trí shraith cuspóirí, lena n-áirítear spriocanna do 2030 agus gealltanais COP15, agus lena mbunaítear sásra faireacháin le táscairí SMART, laistigh de limistéir atá faoi chosaint agus lasmuigh díobh; á iarraidh ar an gCoimisiún togra dlíthiúil a thíolacadh chuige sin in 2022; á chur i bhfáth go mbeidh a áirithiú go mbeidh dóthain acmhainní daonna agus airgeadais ríthábhachtach le haghaidh rialachais éifeachtaigh;

142.  á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar phainéal neamhspleách eolaíoch Eorpach maidir leis an mbithéagsúlacht nó comhlacht comhchosúil a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht bhearta an AE le huaillmhian na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 agus moltaí beartais a dhéanamh dá réir, agus aon fhorluí a d’fhéadfadh a bheith ann le beartais EEA nó le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus comhlachtaí idirnáisiúnta a sheachaint;

143.  á mheabhrú go léirítear in Airteagal 37 den Chairt an prionsabal maidir le cosaint an chomhshaoil a áirithiú i reachtaíocht AE; á mheas gur cheart an ceart chun comhshaoil sláintiúil a aithint sa Chairt agus gur cheart don Aontas Eorpach an tionscnamh a threorú chun aitheantas a thabhairt do cheart den chineál céanna go hidirnáisiúnta;

Taighde, nuálaíocht agus oideachas

144.  á iarraidh ar an gCoimisiún an bhithéagsúlacht a threisiú laistigh de chláir óige AE amhail an tSeirbhís Dheonach Eorpach, agus clár Erasmus Glas a sheoladh mar chuid de chlár Erasmus ina iomláine, lena ndírítear ar eolas, mic léinn agus gairmithe i réimse an athchóirithe agus an chaomhnaithe a mhalartú;

145.  á thabhairt chun suntais an gá le tuiscint níos doimhne ar chomhdhéanamh na bithéagsúlachta, ar an tionchar atá aici ar fheidhmiú na n-éiceachóras, agus ar athléimneacht na n-éiceachóras; á mheas gur cheart taighde bunúsach agus taighde feidhmeach araon maidir leis an mbithéagsúlacht a mhéadú agus á chur sí i bhfios go láidir gur cheart maoiniú leordhóthanach a fháil chuige sin; á iarraidh go gcuirfí taighde ar an mbithéagsúlacht san áireamh i gcláir cistiúcháin náisiúnta agus AE éagsúla; á iarraidh an athuair go mbeidh misean sonrach a bheidh dírithe ar an mbithéagsúlacht laistigh de chlár taighde an AE don bhithéagsúlacht; á chur i bhfios go láidir an gá le méadú suntasach ar mhaoiniú don taighde poiblí;

146.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tuilleadh taighde a dhéanamh ar réigiúin bhithgheografacha agus ar tacsanomaíocht orgánach, agus ar thionchar an dífhoraoisithe agus chailliúint na bithéagsúlachta ar sheirbhísí bunriachtanacha, amhail soláthar bia; á chur i bhfios go láidir an gá le feabhas a chur ar an eolas faoi na naisc idir teacht chun cinn galar ar thaobh amháin agus trádáil dhlíthiúil agus neamhdhleathach fiadhúlra, caomhnú agus díghrádú éiceachórais ar an taobh eile;

147.  á chreidiúint go láidir gur chóir tuilleadh taighde a dhéanamh ar na haigéin, ós rud é go nach ndearnadh iad a fhiosrú go fóill den chuid is mó; á iarraidh ar an gCoimisiún ról tábhachtach a imirt i nDeich mBliana Eolaíochta Aigéin na Náisiún Aontaithe agus na moltaí a rinne ‘Misean Crosóige Mara 2030: Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú’ a leanúint; á mheas gur cheart maoiniú a chur ar fáil freisin d’éiceachórais dhomhainfharraige agus don bhithéagsúlacht;

148.  ag spreagadh taighde ar nuálaíocht inbhuanaithe talmhaíochta, ar theicneolaíochtaí agus ar mhodhanna agus cleachtais táirgthe d’fheirmeoirí a chuireann feabhas ar bhithéagsúlacht agus ar shláinte éiceachórais, lena n-áirítear digitiú, agrafhoraoiseacht inbhuanaithe, roghanna bitheolaíocha ísealriosca ar lotnaidicídí ceimiceacha agus talmhaíocht atá saor ó lotnaidicídí;

149.  á mheas gur cheart tionchair agus deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha na mbeartas caomhnaithe, na bithéagsúlachta ithreach agus leá oighearshruthanna agus síorshioctha a chuimsiú freisin leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh le taighde breise;

150.  á chur in iúl gur díol sásaimh di cruthú an Lárionaid Eolais um Bithéagsúlacht agus Fhaireachlann nua Ithreach an Aontais;

151.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh maidir le bailiú sonraí agus forbairt táscairí le haghaidh tacaíochta le fothú acmhainní agus le comhar maidir leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú i measc geallsealbhóirí; ag aithint an acmhainneacht a bhaineann leis an digitiú, le mórshonraí agus leis an intleacht shaorga chun feabhas a chur ar an tuiscint atá againn ar an mbithéagsúlacht agus ar an eolas atá againn faoi;

152.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide in iarrachtaí taighde agus nuálaíochta chun cur le spriocanna Straitéis Bithéagsúlachta an AE do 2030;

153.  á chreidiúint gur cheart go mbeadh eolas maidir leis an gcomhshaol mar chuid lárnach den oideachas; ag tacú le bunú limistéar cosanta chun críocha oideachais freisin; á chur i bhfáth gur cheart tacú le heolaíochtaí rannpháirteacha agus le múscailt feasachta, inter alia, chun a léiriú gur gá an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú;

Creat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020, gníomhaíocht idirnáisiúnta, trádáil agus rialachas na n-aigéan

154.  á mheabhrú an seasamh a cuireadh in iúl ina rún maidir le COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht agus an gá atá le comhaontú ceangailteach iltaobhach, ar comhaontú é a bheadh comhchosúil le Comhaontú Pháras, chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú faoi 2030, le spriocanna agus táscairí SMART, le creat láidir cur chun feidhme agus le sásra athbhreithnithe a bheidh bunaithe ar an eolaíocht, atá neamhspleách agus trédhearcach; á chreidiúint gurb ionann 2021 agus cor cinniúna don bhithéagsúlacht ar fud an domhain agus gur cheart don AE gníomhú mar cheannaire domhanda agus leibhéal ard uaillmhéine a mheaitseáil nó níos mó ná a chuid féin a chur chun cinn, le linn na caibidlíochta, lena n-áirítear spriocanna domhanda um athchóiriú agus cosaint atá ceangailteach ó thaobh dlí de 30 % ar a laghad faoi 2030; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an gealltanas ón gComhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine ar son an Dúlra agus na nDaoine chun 30 % den talamh agus den fharraige a chosaint ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le tíortha ísealioncaim agus an creat nua sin á chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gealltanais bhreise ón earnáil phríobháideach chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú;

155.  á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna fadtéarmacha domhanda atá uaillmhianach agus soiléir a éileamh; ag athdhearbhú a seasamh gur cheart go n-éileodh AE, sa chaibidlíocht, go ndéanfaí leath an phláinéid a chosaint faoi 2050(93);

156.  ag tacú le forbairt conartha idirnáisiúnta maidir le paindéimí faoin Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun athléimneacht i gcoinne paindéimí amach anseo a neartú; ag tabhairt dá haire go bhfuil bunú comhairle idir-rialtasaigh ardleibhéil maidir le cosc paindéime ar cheann de na moltaí ón gceardlann IPBES maidir leis an mbithéagsúlacht agus le paindéim a d’éascódh comhar idir rialtais, lena n-áirítear trí fhaisnéis eolaíoch atá ábhartha ó thaobh beartais de a chur ar fáil agus trí dhearadh creata faireacháin a chomhordú, agus an réamhobair a leagan síos do spriocanna a d’fhéadfadh a bheith ag obair ag crosbhóthar na dtrí choinbhinsiún Rio; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit bunú comhairle den sórt sin a chur chun cinn i COP15, ar cheart di oibriú i sineirgíocht le comhlachtaí atá ann cheana amhail EDS;

157.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuarascáil speisialta IPCC a iarraidh maidir leis an mbithéagsúlacht agus athrú aeráide;

158.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dúshláin nua dhlíthiúla, chomhshaoil, bhithshábháilteachta agus rialachais a d’fhéadfadh teacht as scaoileadh orgánach ghéinfhuadair géin-innealtóireachta sa chomhshaol, lena n-áirítear chun críocha chaomhnú an dúlra; ag aithint an toradh a bhí ar sainghrúpa teicniúil ad hoc an Choinbhinsiúin um Éagsúlacht Bhitheolaíoch maidir le géinfhuadair agus éisc mhionathraithe bheo(94), ar cúis imní é maidir leis na deacrachtaí a bhaineann lena n-iompar a thuar, na rioscaí a bhaineann leo a mheas agus iad a rialú tar éis a scaoilte; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh orgánaigh ghéinfhuadair a bheith ina speiceas ionrach iontu féin; á mheas gur cheart ábhair treorach, uirlisí agus creat faireacháin comhshaoil ar leibhéal domhanda agus ar leibhéal an AE, chomh maith le rialachas domhanda soiléir agus sásraí éifeachtacha chun éifeachtaí orgánach géinfhuadair a rialú agus a aisiompú, a fhorbairt go hiomlán, agus go bhfuil gá le taighde breise ar impleachtaí sláinte, comhshaoil, éiceolaíochta, eiticiúla agus eile na n-orgánach géinfhuadar chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu; á mheas, dá bhrí sin, nár cheart aon scaoileadh orgánach a ndéantar innealtóireacht ghéiniteach orthu a cheadú, lena n-áirítear chun críocha caomhnú an dúlra, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim(95);

159.  ag cur béim ar an acmhainneacht a bhaineann le taidhleoireacht ghlas, beartas trádála agus gníomhaíocht iltaobhach a úsáid chun cosaint na bithéagsúlachta a chur chun cinn lasmuigh den Eoraip; á chur in iúl a tacaíocht do ‘Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachóras’ (2021-2031) agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta a chomhtháthú go héifeachtach i ngach gníomhaíocht sheachtrach;

160.  á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarrachtaí a stiúradh ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir le hacmhainní nádúrtha a bhainistiú chun fanacht laistigh de ‘theorainneacha pláinéadacha’ d’úsáid acmhainní nádúrtha;

161.  á chur in iúl go láidir freisin go bhfuil díghrádú éiceachóras agus strus orthu ag déanamh dochar do na hiarrachtaí foriomlána i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus ag baint an bhoinn den dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo an chuid is mó de SDGanna 2030 a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí maidir le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ocras, rochtain ar uisce agus sláintíocht a áirithiú, slándáil bia a bhaint amach, saol sláintiúil a áirithiú agus neamhionannais shocheacnamaíocha a laghdú laistigh de thíortha agus ina measc;

162.  á chur i bhfáth go mbíonn an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil ag idirghníomhú níos mó agus níos mó le cúiseanna easáitithe dhaonna, ós rud é go bhfuil pobail á n-easáitiú go héigeantach óna dtithe de dheasca éifeachtaí an athraithe aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus tubaistí; á chur i bhfios go dtiocfaidh méadú ar na géarchéimeanna sin sna blianta atá le teacht mar gheall ar an athrú aeráide agus mar gheall ar chailliúint na bithéagsúlachta mura ndéantar gníomh gasta agus éifeachtach anois; á chur i bhfáth go gcaithfidh an tAontas a bheith ullamh don díláithriú de dheasca iarmhairtí an athraithe aeráide agus díláithriú de dheasca díghrádaithe agus tubaistí comhshaoil agus ag aithint nár mhiste bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun cearta an duine a chosaint i gcás pobal faoi bhagairt ó iarmhairtí an athraithe aeráide;

163.  á iarraidh ar an gCoimisiún fothú acmhainneachta a éascú, go háirithe fothú acmhainní, lena n-áirítear aistrithe eolais, comhroinnt teicneolaíochta agus oiliúint scileanna do thíortha is tairbhí chun CBD, an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus coinbhinsiúin agus comhaontuithe eile a chur chun feidhme atá riachtanach chun an bhithéagsúlacht a chosaint faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus Cúnamh don Trádáil; ag áitiú gur gá cláir chomhair le tríú tíortha a neartú chun a mbithéagsúlacht dhúchasach a chaomhnú, lena n-áirítear idirphlé idirpharlaiminteach, agus chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha iad a chur chun feidhme; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí bainistiú comhpháirteach ar éiceachórais trasteorann agus ar bhealaí imirce agus ar speicis a fheabhsú agus go laghdófaí na rioscaí a bhaineann le cailliúint bithéagsúlachta a aistriú chuig codanna eile den domhan;

164.  á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail an ‘Balla Mór Glas’ Afracach agus ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh chomhchosúla a fhorbairt do réigiúin eile agus tacú le tionscnaimh idirnáisiúnta chun bithéagsúlacht a athbhunú ar fud an domhain, agus Príomhréigiúin Bhithéagsúlachta a leathnú ag an am céanna arb é is aidhm dóibh athléimneacht na dtíortha atá i mbéal forbartha a chothú i gcoinne an athraithe aeráide; á mheas go bhféadfadh NDICI nua gníomhú mar spreagadh tábhachtach don athrú ar mhaithe le hathbhunú agus caomhnú na bithéagsúlachta ar fud an domhain; á mheas gur cheart, i NDICI nua, ranníocaíocht shuntasach ón mbuiséad a úsáid le haghaidh athshlánú agus caomhnú bithéagsúlachta, lena gcuirfear leis an sprioc fhoriomlán maidir le príomhshruthú bithéagsúlachta;

165.  á chreidiúint go bhfuil eolas dúchasach agus áitiúil ríthábhachtach chun bithéagsúlacht a chosaint go héifeachtach agus á mheabhrú sé go n-aithníonn Tuarascáil Speisialta IPCC ar an Athrú Aeráide agus ar an Talamh an ról ríthábhachtach atá ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla i gcaomhnú an chomhshaoil; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de bheith ag obair leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann siad i gcosaint na bithéagsúlachta, chun a gcearta a ráthú, agus chun tacú lena rannpháirtíocht sna próisis chinnteoireachta; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit uile Coinbhinsiún 1989 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha i dTíortha Neamhspleácha a dhaingniú gan mhoill (Coinbhinsiún EIS Uimh. 169);

166.   ag tacú leis na hiarrachtaí a dhéanann Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol chun treoir maidir le hoibleagáidí i leith chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol, le héiceachórais agus leis an mbithéagsúlacht a fhorbairt; á iarraidh ar Bhallstáit agus ar institiúidí AE tacú le cur chun feidhme domhanda phrionsabail chreata 2018 i dtaca le cearta an duine agus an comhshaol a thíolaic Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus an comhshaol; á iarraidh ar AE freisin tacú le tionscnamh ceart comhshaoil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe;

167.  ag spreagadh an Aontais agus na Ballstát cur chun cinn a dhéanamh ar éiceadhíothú a aithint mar choir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC);

168.  á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin cur chun feidhme iomlán agus forfheidhmiú na bhforálacha bithéagsúlachta i ngach comhaontú trádála AE a áirithiú agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar a dtionchar ar an mbithéagsúlacht; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi go n-iarrtar leis an straitéis nua trádála ‘comhtháthú beartais níos dlúithe a bheith ann idir beartais trádála agus beartais inmheánacha AE’, agus á aithint gur ‘dúshlán domhanda é caomhnú na bithéagsúlachta a bhfuil iarrachtaí ar bhonn domhanda ag teastáil lena aghaidh’(96); ag cur béim ar an bhfíoras nár tugadh aghaidh go leormhaith ar rannchuidiú na trádála le caillteanas as cuimse na bithéagsúlachta le struchtúr na gcomhaontuithe saorthrádála (CSTanna) atá ann faoi láthair agus le rialacha reatha EDT; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, bearta sonracha nithiúla a mheas gan mhoill chun a áirithiú nach mbeidh comhaontuithe trádála AE ina siocair le cailliúint na bithéagsúlachta nó ina mbagairt ar bheith ina gcúis le cailliúint na bithéagsúlachta, agus go ndéanfar beartas trádála AE a ailíniú go héifeachtach lena Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030;

169.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh gach comhaontú trádála agus infheistíochta nua agus a bheidh ann amach anseo ag teacht go hiomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Comhaontú Pháras, le gealltanais bhithéagsúlachta an Aontais agus le SDGanna, ina bhfuil caibidlí ceangailteacha agus in-fhorfheidhmithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear coimircí agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i ndáil le neamh-chomhlíonadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht taraifí a thabhairt isteach an athuair; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta comhchosúla a chur chun cinn i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta atá ann cheana;

170.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gné na bithéagsúlachta, lena n-áirítear i gcomhair leis an ngné eacnamaíoch agus shóisialta, a áireamh go córasach sna measúnuithe tionchair inbhuanaithe (SIAnna) uile, nach foláir dóibh modheolaíocht níos láidre a leanúint ná mar a rinne siad cheana, amhail atá molta sna staidéir ón gCoimisiún a bhfuil fáil orthu, agus saincheisteanna bithéagsúlachta a chur san áireamh go comhsheasmhach; á iarraidh go ndéanfaí SIAanna mar chuid den chéim cleachtaidh scóipe ar chomhaontuithe saorthrádála agus infheistíochta a bheidh ann sa todhchaí; á iarraidh go ndéanfaí SIAnna a thabhairt cothrom le dáta go rialta de réir mar a fhorbraítear an chaibidlíocht chun na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don bhithéagsúlacht sa réigiún lena mbaineann agus in AE a shainaithint, a mheasúnú agus chun aghaidh a thabhairt orthu chomh luath agus is féidir, agus á iarraidh go ndéanfar leo na gealltanais dhéthaobhacha ábhartha a leagtar amach sa chaibidlíocht a mhúnlú;

171.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar i gcaibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe treochlár ina mbeidh gealltanais nithiúla infhíoraithe a ndéanfar dul chun cinn ina leith i gcaibidlí eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnuithe tionchair inbhuanaithe rialta ex post a dhéanamh go córasach ar chomhaontuithe trádála chun comhsheasmhacht a áirithiú le gealltanais idirnáisiúnta AE maidir leis an mbithéagsúlacht; á iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí na gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta atá cheana ann a thabhairt cothrom le dáta trí úsáid a bhaint as clásail athbhreithnithe ghníomhacha agus thráthúla chun a áirithiú go ndéanfar na comhaontuithe saorthrádála atá cheana ann a ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip a luaithe is féidir, agus na torthaí agus na coigeartuithe pleanáilte a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;

172.  á iarraidh ar an gComhairle, ina dréacht-sainordú i gcás comhaontuithe sa todhchaí agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar na comhaontuithe atá ann faoi láthair, go mbeidh CBD ina ghné bhunriachtanach de CSTanna ar choinníoll go mbeidh comhaontú déanta i leith sásraí éigeantacha chun na spriocanna náisiúnta a athbhreithniú; á iarraidh ar an gComhairle go mbeidh CITES agus Comhaontú Pháras ina ngnéithe bunriachtanacha de CSTanna, agus béim a leagan ar a gcur chun feidhme éifeachtach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an t-athchóiriú atá beartaithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe chun foráil a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach na gcoinbhinsiún iltaobhach maidir le gnéithe athraithe aeráide agus comhshaoil a chumhdaítear leis an Rialachán, lena n-áirítear CBD;

173.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe na caighdeáin chéanna is gá do tháirgeoirí Eorpacha, chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint, agus chun a áirithiú go n-urramófar cearta an duine agus cearta saothair; á chur i bhfáth an gá atá ann le cothrom na Féinne a chur chun cinn ar fud an domhain agus bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar dhíláithriú féideartha na bithéagsúlachta thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar mionsonraithe a chur ar fáil ar an tionchar a bhíonn ag onnmhairí AE agus ag a modhanna táirgthe ar an mbithéagsúlacht;

174.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú chun toirmeasc a chur ar shubstaintí guaiseacha a bhfuil cosc orthu in AE a onnmhairiú amach as AE, i gcomhréir le ‘prionsabal na neamhdhíobhála’, le Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a Chur In Iúl Roimh Ré le haghaidh Ceimiceáin Ghuaiseacha agus Lotnaidicídí Áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

175.  ag tacú leis an gCoimisiún ina mhian feasacht a ardú agus a leathnú, i bplé idirnáisiúnta maidir le trádáil agus leis an gcomhshaol, faoi léirmhíniú ar fhorálacha ábhartha EDT agus iad a chur chun cinn, lena n-aithnítear an ceart atá ag comhaltaí i leith freagairtí éifeachtacha ar dhúshláin dhomhanda chomhshaoil a chur ar fáil, go háirithe an t-athrú aeráide agus cosaint na bithéagsúlachta, tríd an úsáid a bhaintear go háirithe as próiseas agus modhanna táirgthe nach mbaineann le táirgí; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart do AE obair a dhéanamh chun leibhéil cheangailteacha cosanta bithéagsúlachta a chur san áireamh san obair atá ar na bacáin maidir le hathchóiriú EDT; ag spreagadh an Choimisiúin breithniú a dhéanamh i leith saineolas ar thrádáil agus ar an gcomhshaol a áireamh i ndíospóidí a eascraíonn as coinbhleachtaí idir gealltanais trádála agus eisceachtaí maidir le cosaint an chomhshaoil; ag tathant ar an gCoimisiún an togra seo a chur chun cinn i gcomhthéacs a thionscnaimh aeráide agus trádála EDT; á iarraidh go ndéanfar grinnanailís neamhspleách ar éifeachtaí na bhforálacha eile maidir le réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus stáit agus maidir leis an gcóras cúirte infheistíochta i gcomhaontuithe trádála;

176.  á chur in iúl gur oth léi na bearnaí i gcur chun feidhme Rialacháin AE maidir le Trádáil Fiadhúlra ós rud é nach gcumhdaítear leo gach speiceas criticiúil agus nach dtugann siad an chosaint chéanna d’ainmhithe a tógadh i mbraighdeanas; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar thrádáil dhlíthiúil tráchtála agus ar thrádáil neamhdhleathach san athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra, ar cheart dó a bheith go hiomlán i gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 agus cistiú leormhaith a fháil, lena n-áirítear cúnamh do thríú tiortha agus d’ionaid tarrthála fiadhúlra agus tearmainn; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh chun a áirithiú go mbeidh toirmeasc ar allmhairiú, ar thrasloingsiú, ar cheannach agus ar dhíol fiadhúlra a thógtar, a phróiseáiltear, a iompraítear nó a dhíoltar de shárú ar dhlíthe sa tír thionscnaimh;

177.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí a stiúradh chun deireadh a chur le trádáil tráchtála speiceas agus a gcodanna atá i mbaol; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé spriocanna SMART a fhorbairt chun na críche sin; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfear toirmeasc iomlán agus láithreach ar leibhéal na hEorpa ar thrádáil tráchtála, ar onnmhairiú nó ar athonnmhairiú eabhair(97)laistigh de AE agus chuig chinn scríbe lasmuigh de AE, lena n-áirítear eabhar ‘réamhchoinbhinsiúin’ , agus é á chur i bhfios aici gur cheart go bhféadfadh eisceachtaí teoranta a bheith ann i gcónaí i gcás allmhairí agus onnmhairí eolaíocha, i gcás uirlisí ceoil a fuarthas go dleathach roimh 1975 agus i gcás trádáil déantán agus seandachtaí a táirgeadh roimh 1947, ar choinníoll go bhfuil deimhniú bailí ag gabháil leo, agus a iarraidh go gcuirfear srianta comhchosúla ar speicis eile atá i mbaol, amhail tíogair agus srónbheannaigh; á iarraidh go gcuirfear an toirmeasc sin chun feidhme gan a thuilleadh moille in 2021;

178.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cabhrú leis an gcomhphobal domhanda aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le trádáil tráchtála agus díolacháin ainmhithe fiáine; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as an idirphlé rialála dá bhforáiltear in CSTanna chun dianchaighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta de chuid AE agus leas ainmhithe a chur chun cinn chun na rioscaí a bhaineann le heipidéimí agus paindéimí a bheidh ann sa todhchaí a íoslaghdú; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh, más gá, ar mhoratóir a ghlacadh maidir le hallmhairí ainmhithe fiáine nó aon speicis eile ó teophointí galar ionfhabhtaíoch atá ag teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhair imní maidir le sábháilteacht;

179.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú faoi dheich tagtha ar thruailliú plaisteach muirí ó 1980 i leith, lena ndéantar difear díreach do 267 speiceas ar a laghad agus do shláinte an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an truailliú ó mhicreaphlaistigh agus ó nanaphlaistigh agus an tionchar atá acu ar an mbithéagsúlacht mhuirí; á chur i bhfios go láidir an gá atá le sineirgí idir an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030;

180.  á iarraidh ar AE a bheith i gceannas ar an gcaibidlíocht faoi chomhaontú domhanda maidir le plaistigh, lena n-áirítear maidir leis na haigéin a bheith saor ó phlaisteach faoi 2030, ag a mbeidh spriocanna ceangailteacha;

181.  ag tabhairt dá haire mainneachtain chomhaltaí EDT an chaibidlíocht maidir le fóirdheontais iascaigh a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2020; á chur in iúl gur oth go mór léi mainneachtain an ghealltanais faoi SFInna (SFI 14.6) a bhaint amach maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais iascaigh dhíobhálacha faoi 2020; ag tacú leis an iarraidh ar chomhaontú domhanda chun fóirdheontais iascaigh dhíobhálacha a thoirmeasc; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh ról níos lárnaí ag AE sa chaibidlíocht agus ar an gCoimisiún a ráthú go mbeidh forálacha iascaigh i gcomhaontuithe trádála comhsheasmhach le cosaint na bithéagsúlachta muirí;

182.  á chur i bhfáth gur cheart na haigéin a aithint ar an leibhéal idirnáisiúnta mar chomhacmhainn dhomhanda d’fhonn a gcosaint a áirithiú; á iarraidh freisin ar AE a éileamh go nglacfaí conradh uaillmhianach domhanda maidir leis an haigéin chun bithéagsúlacht mhuirí a chosaint i limistéir atá lasmuigh den dlínse náisiúnta ar fud an domhain sa chéad seisiún eile den Chomhdháil Idir-Rialtasach maidir leis an mBithéagsúlacht atá Lasmuigh den Dlínse Náisiúnta agus go ndéanfaí painéal idir-rialtasach ar na haigéin a chur ar bun;

183.  á chur i bhfáth an gá atá le creat comhtháite beartais mhuirí de chuid AE a bhaint amach lena n-áiritheofar comhsheasmhacht idir bithéagsúlacht mhuirí, beartas aeráide agus CBI;

184.  á thabhairt chun suntais go gcreidtear gur san fharraige dhomhain atá an leibhéal is airde bithéagsúlachta ar Domhan agus go gcuireann sí seirbhísí ríthábhachtacha comhshaoil ar fáil, lena n-áirítear ceapadh carbóin ar bhonn fadtéarmach; á chur i bhfios gur rídhócha go bhfuil mianadóireacht domhainfharraige ina siocair le cailliúint dhosheachanta agus bhuan na bithéagsúlachta; á chur i bhfáth nach foláir go mbeadh feidhm ag prionsabal an réamhchúraim i leith earnáil na mianadóireachta domhainfharraige atá ag teacht chun cinn; ag meabhrú rún uaithi an 16 Eanáir 2018 maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan(98) agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit moratóir a chur chun cinn, lena n-áirítear ag an Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige, ar mhianadóireacht domhainfharraige go dtí go ndéanfar staidéar agus taighde leordhóthanach ar éifeachtaí na mianadóireachta domhainfharraige ar an muirthimpeallacht, ar an mbithéagsúlacht agus ar ghníomhaíochtaí an duine ar muir agus gur féidir mianadóireachta domhainfharraige a bhainistiú chun a áirithiú nach mbeidh ann do chailliúint na bithéagsúlachta muirí ná do dhíghrádú ar éiceachórais mhuirí; ag cur béim ar an ngá atá ann go gcuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcistiú chun teicneolaíocht mhianadóireachta ar ghrinneall na farraige a fhorbairt i gcomhréir le geilleagar ciorclach atá bunaithe ar mhianraí agus miotail a íoslaghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil;

185.  ag athdhearbhú a hiarrata(99) ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún oibriú tríd an Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige ar mhaithe le trédhearcacht ina chuid modhanna oibre mar aon le cosaint éifeachtach na timpeallachta muirí ar éifeachtaí díobhálacha agus an chosaint agus caomhnú na muirthimpeallachta a áirithiú, de réir mar a cheanglaítear faoi Chuid XI agus faoi Chuid XII de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, agus a iarraidh ar na Ballstáit ról réamhghníomhach agus forásach a ghlacadh chucu féin laistigh de chomhlachtaí idirnáisiúnta chun athchóirithe trédhearcachta a chur chun cinn agus chun uaillmhian fhoriomlán chomhshaoil na ngníomhaíochtaí a dhéanfar a mhéadú;

186.  ag tabhairt dá haire a ríthábhachtaí atá daonra na míolta móra ó thaobh éiceachórais mhuirí agus ceapadh carbóin de; ag meabhrú a tacaíochta láidir do leanúint den mhoratóir domhanda ar sheilg thráchtála míolta móra agus den toirmeasc ar thrádáil idirnáisiúnta tráchtála i dtáirgí míolta móra(100); á chur in iúl gur oth léi tarraingt siar na Seapáine ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Sheilg Míolta Móra (IWC); ag tathant ar an Iorua agus ar an tSeapáin scor dá n-oibríochtaí seilge ar mhíolta móra; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a thathant ar IWC aghaidh a thabhairt go foirmiúil ar ghníomhaíochtaí seilge tráchtála míolta móra na hIorua;

187.  á iarraidh ar Oileáin Fharó stop a chur lena seilg chonspóideach bhliantúil ar mhíolta móra píolótacha, ar a dtugtar Grindadràp freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit dul i dteagmháil go leanúnach le hOileáin Fharó maidir leis an tsaincheist sin d’fhonn deireadh a chur leis an gcleachtas;

Reachtaíocht maidir leis an dúlra a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú

188.  ag tathant ar na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar amach i reachtaíocht chomhshaoil AE atá cheana ann a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh ina n-iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a shaothrú ar bhealach níos mire, níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí, lena n-áirítear trí bhearta leantacha rialta a dhéanamh ar chásanna, chun gach cás de neamhchomhlíonadh a leigheas, agus feabhas a chur ar a bhunachar sonraí poiblí faoi 2022 chun go ndéanfar na céimeanna a ghlac na Ballstáit agus an Coimisiún mar fhreagairt ar sháruithe comhshaoil a rianú ar bhealach a bheidh intuigthe agus inrochtana go soiléir; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún dóthain acmhainní a leithdháileadh ar mhaithe leis na moilleanna atá ann faoi láthair a shárú; á chreidiúint go bhfuil leibhéal leordhóthanach foirne cáilithe ríthábhachtach chun beartais AE a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go rathúil;

189.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn níos sonraithe, nósanna imeachta um shárú a shaothrú go mear i dtaca le cásanna lománaíochta neamhdhleathaí, dul i mbun comhar le heagraíochtaí Eorpacha eile amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus maidir le neamhchomhlíonadh na Treorach Réime maidir le hUisce(101) agus na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí(102) chun na ceanglais a chomhlíonadh i leith Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach d’fharraigí agus d’uiscí na hEorpa;

190.  á iarraidh ar na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus leis an bhforfheidhmiú, agus á iarraidh ar rialtais na mBallstát a straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta a nuashonrú agus tuarascálacha cur chun feidhme débhliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht mheántéarmach a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis más gá;

191.  á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht freisin le reachtaíocht AE a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud na mBallstát chun creat rialála a bheidh cobhsaí agus trédhearcach a chur ar fáil do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtaí, agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo á seachaint ag an am céanna;

192.  á chreidiúint go bhfuil gá le neartú a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta comhshaoil sna Ballstáit agus thar a dteorainneacha; á mheas gur ann do mhór-éagothromaíochtaí i mBallstáit AE a chuireann cosc ar dhlí coiriúil comhshaoil ó bheith éifeachtach; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhri sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Choireacht Chomhshaoil(103) chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin; á iarraidh go n-aithneofaí coireanna agus cionta comhshaoil, amhail iascaireacht NNN, agus coireacht fiadhúlra mar choireanna tromchúiseacha ar cheart iad a phionósú go leormhaith lena ngabhfadh díspreagthaí láidre, go háirithe i gcomhthéacs na coireachta eagraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, féachaint an bhféadfaí prótacal i dtaca le coireacht fiadhúlra a chur le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireacht Eagraithe Thrasnáisiúnta;

193.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le dliteanas i gcás sáruithe reachtaíochta nó damáiste don chomhshaol; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil(104) a luaithe is féidir agus go ndéanfar rialachán lán-chomhchuibhithe de;

194.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid na gcosantóirí agus na ngníomhaithe comhshaoil, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leo ar fud an domhain;

195.  ag tathant ar an gCoimisiún straitéis shonrach chosanta agus tacaíochta a shainiú do phobail áitiúla agus do chosantóirí chearta an duine agus do chosantóirí ceart talún, ar straitéis í ba cheart a chomhordú thar gach clár cúnaimh sheachtraigh; á iarraidh freisin go dtabharfar tacaíocht fheabhsaithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí a bhunú agus trí acmhainneacht a fhorbairt chun cearta pobal dúchasach agus pobal áitiúil a chosaint;

196.  á athdhearbhú nach foláir do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar limistéir Natura 2000 agus go gcothabhálfar nó go n-athbhunófar stádas fabhrach caomhnaithe speiceas agus gnáthóg faoi chosaint; á iarraidh go ndéanfar an Treoir maidir le Gnáthóga a chur chun feidhme go hiomlán agus gníomhaíochtaí caomhnaithe á n-ailíniú leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi na saincheisteanna a eascraíonn as cómhaireachtáil feirmeoireachta beostoic le carnabhóirí móra i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta leormhaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí socheacnamaíocha a bhfuil baint acu le cómhaireachtáil le creachadóirí móra, amhail bearta coisctheacha agus cúitimh, chun a gcosaint a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil treoirlínte soiléire ann chun na bearta sin a chur chun feidhme, i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE, lena n-áirítear treoirlínte maidir le hibridiú na mac tíre;

197.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil cur chun feidhme rathúil na straitéise ag brath ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe agus na n-earnálacha uile; á chur i bhfios go láidir an gá atá leis na gníomhaithe agus na hearnálacha sin a rannpháirtiú agus a dhreasú chun spriocanna na Straitéise Bithéagsúlachta do 2030 a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún ardán a chruthú do gheallsealbhóirí chun plé a dhéanamh leis na geallsealbhóirí agus pobail éagsúla a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu agus a áirithiú go mbeidh aistriú cuimsitheach, cothrom agus cóir ann; á chreidiúint gur cheart go n-éascófar leis an ardán sin rannpháirtíocht ghníomhach agus ionadaíoch na bpobal agus na ngeallsealbhóirí sa phróiseas cinnteoireachta;

198.  á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé don athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar an Treoir maidir le Faisnéis Neamhairgeadais ceanglais a chomhtháthú lena gcumhdaítear ceanglais aeráide agus bithéagsúlachta araon;

o
o   o

199.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0212.
(3) IO L 354, 28.12.2013, lch. 171.
(4) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(7) IO C 23, 21.1.2021, lch. 130.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0285.
(9) IO C 356, 4.10.2018, lch. 38.
(10) IO C 101, 16.3.2018, lch. 123.
(11) IO C 337, 20.9.2018, lch. 30.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0201.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0241.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(15) Karlsruher Institut für Technologie, ‘Climate change exacerbates biodiversity loss: Post-2020 biodiversity targets will have to consider global warming’ [Géaraíonn an t-athrú aeráide cailliúint na bithéagsúlachta: Ní mór an téamh domhanda a chur san áireamh i spriocanna bithéagsúlachta tar éis 2020], ScienceDaily, Rockville, 2020.
(16) Achoimre do lucht ceaptha beartas ar Thuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda IBPES maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais .
(17) Staid an Dúlra san Aontas Eorpach – Torthaí ó thuairisciú de réir threoracha dúlra 2013-2018.
(18) Ionchas Domhanda Bithéagsúlachta 5.
(19) Daszak, P. et al., Workshop Report on Bioderversity agus Pandemics [Tuarascáil Cheardlainne maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí], an tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, Bonn, 2020.
(20) Ibid.
(21) Durant, O., Natural Medicine: Past to Present [Leigheas Nádúrtha:Roimhe Seo agus Anois], Coláiste na hOllscoile, Londain, 2018.
(22) Tuarascáil EEA an 23 Samhain 2020 dar teideal ‘An introduction to Europe’s Protected Areas’ [Buntreoir do Limistéir Chosanta na hEorpa].
(23) Management effectiveness in the EU’s Natura 2020 network of protected areas [Éifeachtacht bainistíochta i líonra Natura 2000 AE de limistéir faoi chosaint].
(24) ten Brink, P. et al., Natura 2000 – Jobs Scoping Study (Executive summary) [Staidreamh Scóipe maidir le Poist (Achoimre Fheidhmeach)], (an Institiúid um Beartas Comhshaoil Eorpach, an Bhruiséil, 2017.
(25) Ibid.
(26) Tuarascáil speisialta CIE an 21 Feabhra 2017 dar teideal ‘More efforts needed to implement the Natura 2000 network to its full potential’ [Iarracht bhreise de dhíth chun líonra Natura 2000 a chur chun feidhme ionas go mbainfidh sé barr a chumais amach].
(27) Tuarascáil EBT an 20 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Why Bees Matter’[Tábhacht na mBeach].
(28) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0104.
(29) IPBES Tuarascáil Measúnaithe Dhomhanda an 31 Bealtaine 2019 maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
(30) Leclère, D. et al., ‘Bending the curve of terrestrial biodiversity needs an integrated strategy’ [Teastaíonn straitéis chomhtháite chun cuar na bitheagsúlachta talún a lúbadh’, Nature, Iml. 585, Nature Research, Londain, 2020, lgh. 551-556.
(31) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0143).
(32) Tuarascáil Speisialta ó CIE dar teideal ‘Biodiversity on farmland: CAP contribution has not halted the decline’ [Bithéagsúlacht ar thalamh talmhaíochta: Níor chuir rannchuidiú CBT stop leis an meath], 2020;
(33) Tuarascáil ó EEA dar teidéal ‘The European environment – state and outlook 2020: knowledge for transition to a sustainable Europe’ [Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020, eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe].
(34) Bar-On, Y.M., Phillips, R. and Milo, R., ‘The biomass distribution on Earth’ [Dáileadh na bithmhaise ar Domhan], Proceedings of the National Academy of Sciences of the United States of America, Iml. 115, Uimh. 25, Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí, Washington, D.C., 2018.
(35) Tuarascáil speisialta ó CIE dar teidéal ‘Marine environment: EU protection is wide but not deep’ [An Comhshaol muirí: Tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain].
(36) Airteagal ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Nollaig 2020 dar teideal ‘Sustainable forestry: Parliament’s work to fight deforestation’ [Foraoiseacht inbhuanaithe: obair na Parlaiminte chun dífhoraoisiú a chomhrac].
(37) Tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘The state of nature in the European Union – Report on the status and trends in 2013 - 2018 of species and habitat types protected by the Birds and Habitats Directives’ [Staid an dúlra san Aontas Eorpach – Tuarascáil ar stádas agus treochtaí ó 2013 go 2018 maidir le speiceas agus cineálacha gnáthóg atá cosanta ag na Treoracha um Éin agus um Ghnáthóga] COM(2020)0635).
(38) Ibid.
(39) Tuarascáil ó EBT agus ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 22 Bealtaine 2020 dar teideal ‘The State of the World’s Forests – Forests, biodiversity and people’[Staid Fhoraoisí an Domhain – Foraoisí, bithéagsúlacht agus daoine].
(40) Rún lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú.
(41) Tuarascáil ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin maidir leis an Eolaíocht don Bheartas an 13 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Mapping and Assessment of Ecosystem and their Services: An EU ecosystem assessment’ [Mapáil agus Measúnú ar Éiceachórais agus a Seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE] (forlíonadh) agus tionscnamh Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún ‘BEST’ (scéim dheonach do Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas Eorpach agus i dTíortha agus Críocha Thar Lear).
(42) tionscadal BEST.
(43) Achoimre do lucht ceaptha beartas ar Thuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda IBPES maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
(44) Tuarascáil Mheasúnaithe Dhomhanda IPBES ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais agus Ionchas Domhanda Bithéagsúlachta 5.
(45) Tuarascáil EEA an 25 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Marine messages II: Navigating the course towards clean, healthy and productive seas through implementation of an ecosystem-based approach’ [Teachtaireachtaí muirí II: An cúrsa a stiúradh i dtreo farraigí glana sláintiúla agus táirgiúla trí chur chuige bunaithe ar éiceachóras a chur chun feidhme].
(46) Tuarascáil Speisialta IPCC an 24 Meán Fómhair 2019 maidir leis an Aigéan agus an Cróisféar in Aeráid atá ag Athrú.
(47) Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin, Descriptor 10: Marine Litter [Tuairisceoir 10: Bruscar Muirí].
(48) Ibid.
(49) Tuarascáil EEA dar teideal ‘State of Nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018’ [Staid an Dúlra san Aontas Eorpach – Torthaí ó thuairisciú de réir threoracha dúlra 2013-2018].
(50) Thuarascáil Cheardlainne IPBES an 29 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí.
(51) Ibid.
(52) Tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 6 Iúil 2020 dar teideal ‘Preventing the next pandemic – Zoonotic diseases and how to break the chain of transmission’. [Cosc a chur ar an gcéad phaindéim eile – Galair zónóiseacha agus conas an slabhra tarchuir a bhriseadh]
(53) an nóta coincheapa trípháirteach ó FAO-OIE-WHO ó Aibreán 2010 maidir le freagrachtaí a chomhroinnt agus gníomhaíochtaí domhanda a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sláinte ag comhéadain éiceachórais idir ainmhithe agus daoine’.
(54) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal ‘Building a European Health Union: Reinforcing the EU’s resilience for cross-border health threats’ [Aontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann] (COM(2020)0724).
(55) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Samhain 2020 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (COM(2020)0727).
(56) Moladh ó IUCN an 10 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘Protected areas and other areas important for biodiversity in relation to environmentally damaging industrial activities and infrastructure development’ Limistéir chosanta agus réimsí eile atá tábhachtach don bhithéagsúlacht i ndáil le gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus forbairt bonneagair a dhéanann damáiste don chomhshaol].
(57) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.
(58) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(59) Faisnéisiú ó LEE dar teideal ‘Management effectiveness in the EU’s Natura 2020 network of protected areas’ [Éifeachtacht bainistíochta i líonra Natura 2000 AE de limistéir faoi chosaint].
(60) Preaseisiúint ón World Fish Migration Foundation an 28 Iúil 2020 dar teideal ‘Massive decline in migratory freshwater fish populations could threaten livelihoods of millions, warns new report’ [D’fhéadfadh meath ollmhór ar dhaonraí imirceacha éisc fionnuisce slí bheatha na milliún duine a chur i mbaol, de réir rabhadh i dtuarascáil nua].
(61) State of Nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018 [Staid an Dúlra san Aontas Eorpach – Torthaí ó thuairisciú de réir threoracha dúlra 2013-2018].
(62) Tuarascáil ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 ar an Athbhreithniú Meántéarma ar Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2020 (COM(2015)0478).
(63) State of Nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018 [Staid an Dúlra san Aontas Eorpach – Torthaí ó thuairisciú de réir threoracha dúlra 2013-2018].
(64) Réigiún bithgheografach bodharach le 4,84 % agus an tAtlantach le 4,94 % i stádas fabhrach, de réir sonraí (2019) arna dtuairisciú de bhun Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga don tréimhse 2013-2018
(65) sonraí(2019) arna dtuairisciú de bhun Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga don tréimhse 2013-2018
(66) Rún maidir leis an COP15 sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.
(67) Rún maidir le ról AE i ndáil le foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú.
(68) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an dréachtrialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 maidir leis an measúnú ar thionchar táirgí cosanta plandaí ar bheacha meala (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0041).
(69) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(70) Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15).
(71) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (téacsanna a glacadh, P9_TA(2021)0040).
(72) Tá neodracht díghrádaithe talún sainithe ag na Páirtithe i UNCCD mar seo a leanas: Staid a bhfágann, maidir le méid agus cáilíocht na n-acmhainní talún, atá riachtanach chun tacú le feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais agus chun slándáil bia a fheabhsú, go bhfanann siad cobhsaí nó go n-ardaíonn siad laistigh de scálaí agus éiceachórais ama agus spásúla sonraithe.
(73) Tuarascáil speisialta ó CIE an 18 Nollaig 2018 dar teideal ‘Combating desertification in the EU: a growing threat in need of more action’ [Ag comhrac i gcoinne fairsingiú fásaigh san Aontas: bagairt atá ag dul i méid agus a dteastaíonn tuilleadh gníomhaíochta ina leith].
(74) State of Nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018 [Staid an Dúlra san Aontas Eorpach – Torthaí ó thuairisciú de réir threoracha dúlra 2013-2018].
(75) Tuarascáil Speisialta ó CIE am 5 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Biodiversity on farmland: CAP contribution has not halted the decline’ [Bithéagsúlacht ar thalamh talmhaíochta: Níor chuir rannchuidiú CBT stop leis an meath], 2020;
(76) Idem.
(77) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(78) Tuarascáil EEA dar teideal ‘Marine Messages II’ [‘Teachtaireachtaí Muirí II’], leathanach 34.
(79) Páipéar Teicniúil EBT maidir le hIascaigh agus Dobharshaothrú an 19 Feabhra 2019 dar teideal ‘A third assessment of global marine fisheries discards’ [‘An tríú measúnú ar ábhar iascaigh aischurtha domhanda’].
(80) Tuarascáil Speisialta ó CIE dar teideal ‘Biodiversity on farmland: CAP contribution has not halted the decline’ [‘Bithéagsúlacht ar thalamh talmhaíochta: Níor chuir rannchuidiú CBT stop leis an meathlú’].
(81) Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO L 354, 23.12.2016, lgh. 1).
(82) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94.
(83) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(84) Rún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach.
(85) Comhaontú sealadach maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (COM(2020)0080 – C9-0077/2020 – 2020/0036(COD)).
(86) IO C 411, 27.11.2020, lch. 48.
(87) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(88) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
(89) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1)
(90) Tsiamis, K. et al., ‘Prioritizing marine invasive alien species in the European Union through horizon scanning [Tús áite a thabhairt do speicis choimhthíocha ionracha muirí san Aontas Eorpach trí scanadh ionchais]’, Aquatic Conservation – Marine and Freshwater Ecosystems [Caomhnú Uisceach – Éiceachórais Mara agus Fionnuisce], Iml. 30, Uimh. 4, John Wiley & Sons Ltd, Chichester, 2020.
(91) Treoir (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
(92) Tuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ó Aibreán 2020 dar teideal ‘A Comprehensive Overview of Global Biodiversity Finance’ [‘Forléargas Cuimsitheach ar Airgeadas Domhanda Bithéagsúlachta’].
(93) Rún maidir le COP15 don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.
(94) Tuarascáil Shainghrúpa Teicniúil Ad Hoc CBD an 15 Aibreán 2020 maidir le measúnú riosca.
(95) Ibid.
(96) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 dar teideal ‘Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach’ (COM(2021)0066).
(97) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2016 maidir le plean gníomhaíochta AE i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (IO C 224, 27.6.2018, lch. 117).
(98) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2018 dar teideal ‘rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí ár n-aigéan i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030’ (IO C 458, 19.12.2018, lch. 9).
(99) Rún maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan.
(100) Rún maidir le seilg míolta móra san Iorua.
(101) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(102) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(103) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(104) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).


75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
PDF 191kWORD 70k
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 chuig an gComhairle maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2020/2128(INI))
P9_TA(2021)0278A9-0173/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 21, 34 agus 36 de,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go háirithe dá bhrollach agus d’Airteagal 18, agus do choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus do na prótacail roghnacha a ghabhann leo,

–  ag féachaint dá moladh chuig an gComhairle an 5 Iúil 2018 maidir leis an 73ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe(1),

–  ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Bealtaine 2011 maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh in obair na Náisiún Aontaithe, lena ndéantar an ceart idirghabháil a dhéanamh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, tograí agus leasuithe a chur i láthair ó bhéal, ar tograí agus leasuithe iad ar féidir vótáil a dhéanamh orthu arna iarraidh sin ag Ballstát, agus an ceart freagartha a fheidhmiú, a dheonú do AE,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2019 maidir le Gníomhaíocht an Aontais chun an t-iltaobhachas riailbhunaithe a neartú,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 75ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe (Meán Fómhair 2020-Meán Fómhair 2021),

–  ag féachaint don óráid a thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel an 25 Meán Fómhair 2020 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le ‘hAontas Eorpach níos láidre agus níos neamhspleáiche a chuireann domhan níos cothroime chun cinn’,

–  ag féachaint don alt tuairimíochta a d’fhoilsigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 22 Meán Fómhair 2020, dar teideal ‘Seasann an tAontas leis na Náisiúin Aontaithe’,

–  ag féachaint don Dearbhú maidir le comóradh 75 bliana na Náisiún Aontaithe, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Meán Fómhair 2020,

–  ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2016,

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 ar an Tuarascáil Bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála(2),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–  ag féachaint don Cheathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná, a tionóladh i mBéising i mí Mheán Fómhair 1995, don Dearbhú agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta maidir le cumhachtú na mban a glacadh i mBéising, agus do na doiciméid toraidh i ndiaidh sheisiúin speisialta Bhéising na Náisiún Aontaithe + 5, + 10, + 15 agus +20 maidir le gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nua chun Dearbhú Bhéising agus an Clár Oibre Gníomhaíochta, a glacadh an 9 Meitheamh 2000, an 11 Márta 2005, an 2 Márta 2010 agus an 9 Márta 2015 faoi seach, a chur chun feidhme,

–  ag féachaint don rún ar an gComhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Nollaig 2018,

–  ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,

–  ag féachaint do chomóradh 20 bliain Rún 1325 (2000) ó na Náisiúin Aontaithe a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le ról tábhachtach na mban i gcosc agus i réiteach coinbhleachtaí, i gcaibidlíocht síochána, i gcothú na síochána, sa tsíochánaíocht, i bhfreagairt dhaonnúil agus in atógáil iarchoinbhleachta,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chun feidhme iomlán an chláir oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil mar shaincheist thrasearnálach i ngach ábhar a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil,

–  ag féachaint do thuarascálacha ó Shaineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint i gcoinne foréigin agus idirdhealú atá bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach agus ar fhéiniúlacht inscne,

–  ag féachaint do Rún 2532 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sos comhraic le linn phaindéim an choróinvíris (COVID-19) agus ag tacú leis an iarraidh a rinne Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, go mbeadh sos cogaidh domhanda ann,

–  ag féachaint do Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe a ghlac an Comhthionól Ginearálta i mí Mheán Fómhair 2006, agus a nuashonrófar go luath don seachtú uair,

–  ag féachaint don Chonradh Trádála Arm (CTA),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le Córais Arm Uathrialaitheach(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2016 maidir le hOibríochtaí Tacaíochta Síochána – rannpháirtíocht AE leis na Náisiúin Aontaithe agus le hAontas na hAfraice(4),

–  ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0173/2021),

A.  de bhrí go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe a comóradh 75 bliana a cheiliúradh i mbliana; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe ag na Náisiúin Aontaithe gur fóram uilechoiteann bunriachtanach é chun comhdhearcadh a fhorbairt maidir le síocháin agus slándáil, forbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta; de bhrí go dtugann sé tacaíocht bhunriachtanach freisin do stáit leochaileacha agus do phobail shogonta i gcothú stáit agus i réiteach coinbhleachta; de bhrí go bhfuil teannas polaitiúil atá ag dul i méid ag cur isteach ar chlár oibre na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur minic a dhéantar dearmad ar a bhfuil bainte amach ag na Náisiún Aontaithe agus ar an ról fíor-riachtanach atá aige agus iarracht á déanamh ag roinnt tíortha cinntí aontaobhacha a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit a áirithiú go mbeidh na Náisiúin Aontaithe fós ina fhóram éifeachtúil éifeachtach atá chun tairbhe an chomhphobail idirnáisiúnta, agus gur féidir leis leanúint d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar rud é nach féidir a bhaint amach ach amháin trí chur chun feidhme Rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus réiteach iltaobhach; de bhrí gurb iad trí cholún na Náisiún Aontaithe ná (i) síocháin agus slándáil, (ii) forbairt, cearta an duine, agus (iii) an smacht reachta, agus go bhfuil na nithe sin doscartha agus go dtreisíonn siad a chéile; de bhrí go bhfuil an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta i mbaol níos minice i réigiúin éagsúla ar fud an domhain agus go bhfuil laghdú ag teacht ar spás na sochaí sibhialta in go leor Ballstát na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil cosantóirí chearta an duine faoi bhagairtí ar bhonn níos minice mar gheall ar a n-obair dhlisteanach ar an leibhéal domhanda i gcomhthéacs ina bhfuil laghdú tagtha ar thuairisciú agus faireachán maidir le sáruithe ar chearta an duine de bharr shrianta agus dhianghlasálacha COVID-19; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar stáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a ráthú go mbeidh sé de cheart ag gach duine, ag gach pobal áitiúil agus ag gach grúpa sa daonra tairbhe iomlán a bhaint as a gcearta daonna i gcomhréir le cuspóirí bunúsacha agus prionsabail threoracha na Náisiún Aontaithe mar a chumhdaítear ina chairt bhunaidh ó 1945 agus i nDearbhú Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; de bhrí go bhfuil coimirciú agus cur chun cinn na síochána agus na slándála, an fhorbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine i measc phríomhphrionsabail na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur tugadh le fios i dtuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe a seoladh le déanaí go bhfuil sárú córasach á dhéanamh ag go leor de Bhallstáit na Náisiún Aontaithe ar chearta an duine agus go bhfuil siad ag déanamh dochar dóibh; de bhrí go bhfuil dúshláin ag baint le cuspóir bunaidh na Náisiún Aontaithe maidir leis an tsíocháin a chothabháil mar gheall ar ghéarchéimeanna leanúnacha casta;

B.  de bhrí gur léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil géarghá le fothú acmhainneachta athléimneach ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta agus go bhfuil gá le hidirphlé agus comhar dlúth agus iltaobhach, go háirithe maidir le rochtain ar earraí poiblí; de bhrí go bhfuil ról, saineolas agus sláine na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ríthábhachtach, go háirithe anois, le haghaidh comhar domhanda agus iarrachtaí chun paindéim COVID-19 a chomhrac; de bhrí nach mór do EDS a acmhainneacht a chur chun cinn tuilleadh chun an phaindéim reatha agus rioscaí paindéimí amach anseo a bhainistiú; de bhrí go soláthraítear le Clár Oibre 2030 agus leis na SDGanna treochlár lárnach le haghaidh téarnaimh agus gníomhaíochta, ar treochlár é atá bailíochtaithe cheana féin ag an gcomhphobal idirnáisiúnta; de bhrí gur dócha go gcuirfidh COVID-19 dlús le treochtaí diúltacha - lena n-áirítear bagairtí ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, go háirithe cearta na mban agus na leanaí agus an comhionannas inscne, mura ndéanfar gníomhaíocht beartais mear, suntasach agus substaintiúil ar an leibhéal domhanda; de bhrí go bhfuil grinnscrúdú parlaiminteach ar chinntí rialtais tábhachtach freisin d’fhonn mór-urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach a áirithiú; de bhrí go bhfuil comhar AE agus na Náisiún Aontaithe ríthábhachtach chun na treochtaí sin a chomhrac; de bhrí gur léirigh an phaindéim nach amháin gur dualgas morálta é cur chun cinn na sláinte uilíche ach gur réamhriachtanas é freisin le haghaidh dea-bhaile agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta agus chun gach duine a chumhachtú, go háirithe iad siúd is leochailí; de bhrí gur chuir an phaindéim béim freisin ar a thábhachtaí atá sé níos mó a infheistiú agus infheistíocht a dhéanamh ar bhealach níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte chriticiúla ar an leibhéal domhanda;

C.  de bhrí go bhfuil ról ceannaireachta ag EDS, mar údarás feidhmiúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann comhordú ar ghníomhaíocht sláinte laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, i gcúrsaí sláinte ar an leibhéal domhanda; de bhrí, sna sé phointe fhócasacha de chlár oibre EDS um shláinte agus um fhorbairt don 21ú haois, go n-áirítear leas a bhaint as taighde, faisnéis agus fianaise, agus comhghuaillíochtaí a neartú trí thacaíocht agus comhar i measc comhpháirtithe, lena n-áirítear comhlachtaí laistigh de na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, deontóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an earnáil phríobháideach;

D.  de bhrí go gcuireann na Náisiúin Aontaithe fóram tábhachtach ar fáil le haghaidh idirphlé cuimsitheach i measc féichiúnaithe ceannasacha, creidiúnaithe agus geallsealbhóirí eile;

E.  de bhrí go bhfuil ceannaireacht shármhaith léirithe ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an athchóiriú ar na Náisiúin Aontaithe a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil bearta breise misniúla agus rún polaitiúil ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna atá fós gan réiteach, go háirithe an t-athchóiriú ar struchtúr Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil tiomantas tábhachtach léirithe ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, mar na ranníocóirí airgeadais is mó atá ag na Náisiún Aontaithe, d’iltaobhachas éifeachtach trína dtacaíocht pholaitiúil, shiombalach agus airgeadais do na Náisiúin Aontaithe, a bhfuil sé mar phríomhaidhm leo an bhochtaineacht a dhíothú, síocháin agus cobhsaíocht fhadtéarmach a bhaint amach, cearta an duine a chosaint, an gháinneáil a chomhrac agus cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do phobail, do thíortha agus do réigiúin atá thíos le géarchéimeanna de gach cineál, bídís nádúrtha nó de dhéanamh an duine; de bhrí gur dúshlán fós é an fhadhb maidir le maoiniú leormhaith a thabhairt do chóras na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur cheart do AE a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe níos mó a dhéanamh agus é ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar bhealach lena n-áireofar níos mó ban, daoine óga agus daoine faoi mhíchumas i measc a bhall foirne agus a cheannairí, agus feasacht a ardú maidir le trasnachas i struchtúir na Náisiún Aontaithe;

1.  ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle:

   (a) leanúint leis an gcuntas teiste tábhachtach atá aici i dtaca le tacaíocht d’iltaobhachas éifeachtach, d’eagraíochtaí iltaobhacha éifeachtúla agus trédhearcacha, agus do na Náisiúin Aontaithe go háirithe mar fhóram fíor-riachtanach um réitigh iltaobhacha ar dhúshláin dhomhanda agus um bheartais polaitiúla, idirphlé beartais agus forbairt comhdhearcaidh ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta; cuireann an Pharlaimint in iúl gur geal léi conclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí AE ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 75ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe, a mheastar gur fóraim éifeachtacha iad chun luachanna uilechoiteanna a chur chun cinn, ar bunluachanna AE iad freisin; á athdhearbhú go gcomhroinneann an tAontas agus a Bhallstáit luachanna agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis na prionsabail sin agus cuspóirí na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil comhpháirtithe domhanda agus réigiúnacha ag teastáil ón Aontas chun a chuspóirí beartais eachtraigh a bhaint amach go rathúil, eadhon i réimsí na síochána agus na slándála, sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, i gcoinbhleachtaí réigiúnacha agus sa chomhrac i gcoinne Stáit loicthe agus leathadh arm ollscriosta, á chreidiúint gur cheart don Aontas a ghníomhaíochtaí for-rochtana a neartú chun comhpháirtíochtaí níos leithne a fhorbairt chun tacú le hiltaobhachas éifeachtach agus gur cheart dó machnamh a dhéanamh ar phléití spriocdhírithe maidir le hiltaobhachas éifeachtach a chur san áireamh sna pléití struchtúrtha uile lena chomhpháirtithe; á thabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus na hurraime do chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE agus gur cheart cur chun cinn seachtrach na luachanna sin agus dul chun cinn maidir le daonlathas, an smacht reachta, uilíocht agus doroinnteacht chearta an duine a bheith i gcroílár bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE agus le leasanna straitéiseacha an Aontais, agus gur cheart é sin a léiriú freisin, ar bhealach éifeachtach agus comhleanúnach, i ngach réimse de chaidreamh an Aontais le tíortha agus institiúidí neamh-AE agus sna cuspóirí arna saothrú ag AE i gCóras na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Dlí Idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart don Chomhairle tacú leis na gníomhaíochtaí uile chun go mbeidh saincheisteanna maidir le cearta an duine ar bharr chlár oibre na Náisiún Aontaithe i bhfianaise na n-iarrachtaí chun an bonn a bhaint de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus d’fhorálacha eile ábhartha na Náisiún Aontaithe trí chearta aonair an duine a chur faoi réir leas líomhnaithe sochaithe ina n-iomláine; ag tacú le gníomhaíochtaí nithiúla i ndáil leis sin chun struchtúr na Náisiún Aontaithe a neartú;
   (b) á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcomhthéacs ilpholach ina ndéanann roinnt tíortha iltaobhachas roghnaíoch a chur chun cinn seachas iltaobhachas éifeachtach atá fothaithe ar luachanna uilechoiteanna, nach mór do AE féachaint le tiomantas neamhchoinníollach ó Chomhaltaí na Náisiún Aontaithe do luachanna uilechoiteanna, do chóras riailbhunaithe agus do thosaíocht chearta an duine a chur chun cinn tuilleadh i ngach réimse beartais; iarrann an Pharlaimint go ndéanfar príomhshruthú na luachanna agus na gcearta sin a chur chun cinn ar fud gach réimse beartais agus clársceidealaithe na Náisiún Aontaithe, i ndlúthchomhar le tíortha atá ar aon intinn leo, d’fhonn idirphlé beartais agus réitigh bheartais a chur chun cinn mar aon le hacmhainneacht cur chun feidhme agus príomhshruthaithe, agus é á chur san áireamh gur eagraíocht idir-rialtasach é na Náisiúin Aontaithe, a éilíonn comhairliúchán agus rannpháirtíocht a Bhallstát; á iarraidh ar an gComhairle an deis atá ann le Rialtas nua na Stát Aontaithe a thapú agus leanúint de theagmháil a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe maidir le saincheisteanna polaitiúla agus beartais arb ábhair leasa choitinn iad agus cumas i ndáil le hidirphlé agus comhpháirtíocht a chothabháil chun acmhainneacht na comhpháirtíochta agus an chomhair thrasatlantaigh a atógáil agus a chaomhnú i gcóras na Náisiún Aontaithe don todhchaí; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, an ‘Cruinniú Mullaigh domhanda um an Daonlathas chun meon agus comhchuspóir náisiúin an domhain shaoir a athnuachan’ a mhol Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus á iarraidh ar an gComhairle a bheith rannpháirteach in eagrúchán an Chruinnithe Mhullaigh sin, arb é is aidhm dó daonlathais an domhain a thabhairt le chéile chun institiúidí daonlathacha a neartú agus chun an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn; á iarraidh ar an gComhairle leanúint freisin leis an dea-theist i dtaca le hidirphlé agus comhar dlúth leis an Ríocht Aontaithe mar chomhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;
   (c) leanúint dá hiarrachtaí chun cur ar chumas an Aontais agus a chuid Ballstát labhairt d’aon ghuth sna Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile agus beartas eachtrach agus slándála an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos réamhghníomhaí trí leas a bhaint as riail na vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle chun comhar a neartú maidir le nithe a bhfuil príomhleas straitéiseach ag AE iontu nó lena léirítear a bhunluachanna, ós rud é gurb é sin an t-aon bhealach inar féidir leis an Aontas ról ceannasach a imirt ar an ardán idirnáisiúnta agus leas a bhaint as a thionchar chun athruithe dearfacha agus freagairtí níos fearr ar dhúshláin dhomhanda a spreagadh agus tagairt ar leith á déanamh do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) agus don dea-theist maidir le comhar le comhaltaí buana agus rothlacha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar Ballstáit de chuid AE iad, le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) agus leis an gComhairle um Chearta an Duine (HCR); Molann an Pharlaimint an ról sármhaith atá ag SEGS agus ag a thoscaireachtaí, chomh maith le toscaireachtaí Bhallstáit AE, maidir le hidirphlé agus comhar den sórt sin a éascú; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE, chun a chuspóirí agus a leasanna a chosaint, féachaint le teacht ar chomhsheasaimh maidir leis na saincheisteanna atá os comhair na Comhairle Slándála trí chomhordú laistigh den Chomhairle agus i measc institiúidí AE; i gcomhréir le hAirteagal 34 CAE, ionas go gcuirfear feabhas ar chomhleanúnachas agus ar chreidiúnacht AE ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; a mheabhrú go ndéanann iliomad gníomhaithe ionadaíocht thar ceann an Aontais sna Náisiúin Aontaithe;
   (d) comhar AE-NA a neartú tuilleadh maidir le hionstraimí a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb athfhillteach an fhoréigin a bhaineann le toghcháin, lena n-áirítear trí chur leis an taithí atá ag Misin Bhreathnóireachta Toghcháin Pharlaimint na hEorpa;
   (e) a mheabhrú go bhfuil tionchar an-diúltach ag moilleanna ar íocaíocht ranníocaíochtaí measúnaithe ag roinnt Ballstát ar obair na Náisiún Aontaithe agus nach bhfuil siad inghlactha dá réir sin;
   (f) tacú leis na hiarrachtaí uile chun an clár oibre maidir le rialú arm agus dí-armáil a chur ar ais ar an gclár oibre idirnáisiúnta agus spreagadh a thabhairt chun go gcomhlíonfaidh aistrithe gnáth-arm idir Ballstáit na Náisiún Aontaithe critéir an Chonartha Trádála Arm (ATI) ina n-iomláine; a áitiú ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe creat dlíthiúil ceangailteach a ghlacadh, mar a shonraítear i gCód Iompair AE maidir le honnmhairiú arm, chun cosc a chur ar onnmhairiú agus díol arm agus teicneolaíochtaí cibearfhaireachais arb é is cuspóir dóibh coireanna cogaidh a dhéanamh agus/nó cosc a chur ar easaontas inmheánach; a chur in iúl an athuair gur réamhchoinníoll iad an t-iltaobhachas éifeachtach agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe chun dí-armáil a chur chun cinn agus chun cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta; a athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go hiomlán leis na conarthaí idirnáisiúnta atá ann cheana, inter alia, an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT), an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha (CWC), an Coinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Tocsaine (BTWC), ATT, na Coinbhinsiúin maidir le Cnuasmhuinisin agus Mianaigh Frithphearsanra agus iarrachtaí a chur chun cinn chun dearbhú polaitiúil a fhorbairt maidir le hAirm Phléascacha i Limistéir a bhfuil Daonra Mór iontu (EWIPA); molann an Pharlaimint don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, do na Ballstáit agus don Chomhairle oibriú i dtreo tús a chur le caibidlíocht idirnáisiúnta maidir le hionstraim a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí lena dtoirmeascfaí córais arm uathrialaitheach marfach nach bhfuil aon rialú fónta ag an duine orthu; á mholadh don Chomhairle tathant ar na cumhachtaí móra núicléacha chun stop a chur lena dtarraingt siar ón gcóras rialaithe arm agus chun dul chun cinn a dhéanamh sna cainteanna maidir le rialú arm núicléach; á mholadh go n-áiteodh an Chomhairle ar na Stáit Aontaithe agus ar an Rúis tosú ar iontaoibh agus muinín fhrithpháirteach a chothú chun idirphlé a thosú arís maidir le bealaí ina bhféadfaí caidreamh nua rialaithe arm a bhunú; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacú le hobair na Meithle um an gCianspás de chuid Choimisiún Dí-Armála na Náisiún Aontaithe i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil na mbeart trédhearcachta agus cothaithe muiníne i ngníomhaíochtaí cianspáis; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go ndéanfadh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe deis luachmhar a chur ar fáil chun chaighdeáin agus foláirimh choiteanna a shainiú le haghaidh teicneolaíochtaí míleata nua, amhail an intleacht shaorga, armra cianspáis, biteicneolaíocht agus hipirshonach; a chreidiúint gur cheart do AE tacú le héileamh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos cogaidh domhanda agus cur go gníomhach leis an éileamh sin, lena n-áirítear trí bhearta éifeachtacha i gcoinne trádáil aindleathach arm agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht maidir le honnmhairithe arm na mBallstát;
   (g) an acmhainneacht a bhaineann le rannpháirtíocht dhíreach réigiúnach sna Náisiúin Aontaithe a aithint trí thacú leis an bhféidearthacht go bhféadfadh eagraíochtaí eile, amhail an tAontas Afracach (AA), stádas sonrach mar bhreathnóir feabhsaithe a iarraidh; acmhainneacht an Aontais, mar an eagraíocht réigiúnach is sofaisticiúla, a aithint agus a chur in úsáid, chun ról tiomána a ghlacadh chun córas na Náisiún Aontaithe a athbheochan agus a neartú trí iltaobhachas il-leibhéil;
   (h) leanúint de thacaíocht luachmhar a chur ar fáil d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus é ag iarraidh clár na n-athchóirithe a chur chun cinn sna Náisiúin Aontaithe chun cur le cumas na Náisiún Aontaithe an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, chun a chóras inmheánach bainistíochta a shruthlíniú chun go mbeidh NA ann a bheidh éifeachtach, trédhearcach, inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, cuntasach agus a bheidh in ann athcheangal lena saoránaigh, lena n-áirítear pobail áitiúla agus gníomhaithe eile an phobail agus an tsochaí shibhialta, agus a bheidh i gcomhréir leis an gclár oibre domhanda dúshlánach ar bhealach níos fearr; ceannaireacht a ghlacadh maidir leis an tsaincheist a bhaineann le hiarratais ar stádas comhairleach na Náisiún Aontaithe ó roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a bheith curtha siar go treallach; cuireann an Pharlaimint i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn mór déanta i bpróiseas athchóirithe na Náisiún Aontaithe sa réimse riaracháin agus maorlathach, cé nach ann go fóill do mhór-athchóirithe polaitiúla, agus gur cheart athbheochan Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh mar aon le céimeanna nithiúla chun dlús a chur le hailíniú an chórais forbartha le Clár Oibre 2030; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE agus dá Bhallstát teacht ar chomhthoil leathan chun athchóiriú a dhéanamh ar CSNA inter alia le suíomh buan don Aontas Eorpach, sa bhreis ar na suíocháin atá i seilbh Ballstát cheana féin, agus trí theorainn a chur le húsáid an chirt chun crosta, go háirithe i gcás coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, agus comhdhéanamh a bhallraíochta a athrú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhomhan an lae inniu; a chreidiúint gur cheart do AE tacú leis an Ardrúnaí agus a iarraidh air dlús a chur lena iarrachtaí i dtaca le cur chun feidhme Straitéis na Náisiún Aontaithe maidir le Cothromaíocht Inscne chun ionadaíocht chothrom na mban i gcóras na Náisiún Aontaithe a áirithiú ar gach leibhéal ordlathach; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE a mheabhrú do na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon bhean ceaptha ina hArd-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ó bunaíodh na Náisiúin Aontaithe in 1945;
   (i) leanúint de shineirgí níos mó a lorg idir obair Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (HRC), obair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus obair CSNA; molann an Pharlaimint an obair atá déanta ag an Aontas chun tacú le hobair HRC, agus a Nósanna Imeachta Speisialta de chuid NA, lena n-áirítear Rapóirtéirí Speisialta, go háirithe maidir le sáruithe ar chearta an duine a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu, agus sásraí téamacha eile maidir le cearta an duine a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, i gcomhthéacs an ghá atá le cearta an duine a phríomhshruthú mar chearta doroinnte, idirspleácha agus idirghaolmhara i réimsí beartais agus cinnteoireachta uile na Náisiún Aontaithe; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE leanúint d’iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe páirt iomlán a ghlacadh i gcosaint agus i gcur chun cinn na hurraime do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta agus gur cheart dó féachaint le sásraí de chuid na Náisiún Aontaithe atá ar fáil a chur i ngníomh chun daoine atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine a thabhairt chun ceartais, go háirithe nuair nach bhfuil na tíortha lena mbaineann in ann coireanna den sórt sin a imscrúdú nó nuair a dhiúltaíonn siad imscrúdú a dhéanamh orthu agus nuair nach ndéanann siad cosaint na gceart bunúsach a ráthú do gach saoránach; béim a leagan ar obair an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus obair a hoifige maidir le sáruithe ar chearta an duine a cháineadh; a thathant go ndéanfaí neamhchlaontacht na gcomhlachtaí uile a bhaineann le cosaint agus ráthaíocht chearta an duine a ráthú agus, go háirithe, go ndéanfaí iad a chosaint ar chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ag na stáit sin a bhfuil amhras fúthu maidir le sáruithe nó easpa measa ar chearta an duine; mí-úsáid HRC ag réimis údarásaíocha a cháineadh, ar réimis iad a leanann de mhí-úsáid a bhaint as dá gcríoch féin, go háirithe, chun an bonn a bhaint dá fheidhmiú, agus córas na norm maidir le cearta an duine a lagú; a iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le hathchóiriú cuimsitheach ar HRC; a chur i bhfios, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé athchóiriú ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (UNHRC) a chur chun cinn lena bhféadfar a áirithiú go bhfuil fíorthiomantas ann do chearta an duine a chur chun cinn ar bhealach éifeachtach agus neamhchlaonta ag na Ballstáit go léir toisc go bhfuil an baol ann, murach sin, go mbainfear an bonn d’inchreidteacht HRC; a athdhearbhú gur gá próiseas toghcháin Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a athbhreithniú, amhail liostaí dúnta a thoirmeasc agus sásra poiblí maidir le hathbhreithniú ar ghealltanais a bhunú chun feabhas a chur ar chuntasacht chomhaltaí na Comhairle agus chun a ráthú go bhfuil gach stát atá ina shuí sa chomhairle ag déanamh a dhícheall chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, i gcomhréir leis an rún lenar bunaíodh an chomhairle; a iarraidh ar Bhallstáit AE seasamh comhordaithe a ghlacadh maidir le ballraíocht HRC agus vótáil i gcoinne gach iarrthóir UNHRC nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i rún 60/251 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 15 Márta 2006; a iarraidh ar Bhallstáit AE tuarascáil bhliantúil a iarraidh ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ina ndíreofaí ar chomhar idir comhaltaí na Comhairle le sásraí NA agus brú a chur ar chomhaltaí roghnaithe chuig an gComhairle cuirí buana a eisiúint chuig gach ceann de na Nósanna Imeachta Speisialta um Chearta an Duine; a chur in iúl gurb oth léi rannpháirtíocht Veiniséala mar chomhalta iomlán de UNHRC idir 2020 agus 2022, in ainneoin gur dheimhnigh na Náisiúin Aontaithe féin, ina thuarascáil in 2020, na líomhaintí maidir le coireanna i gcoinne an chine dhaonna a rinne Rialtas Veiniséala, agus a chur in iúl gur léir go bhfuil easpa comhsheasmhachta ann sa chás sin;
   (j) a chreidiúint gur cheart do AE tacú le coimisiún neamhspleách idirnáisiúnta fiosrúcháin a bhunú laistigh de UNHRC chun imscrúdú a dhéanamh ar fhíricí agus ar chúinsí a bhaineann le líomhaintí maidir le ciníochas sistéamach, sáruithe agus mí-úsáidí; a iarraidh go ndéanfar an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú a dhaingniú go huilíoch agus a chur chun feidhme go héifeachtach; aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag an oideachas agus ag an gcultúr maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus an ciníochas, an t-idirdhealú ciníoch, an tseineafóibe agus éadulaingt ghaolmhar a chomhrac ar bhealach trasnach;
   (k) leanúint de ról na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) agus an chórais idirnáisiúnta ceartais choiriúil a neartú chun cuntasacht a chur chun cinn chun deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós agus chun tacaíocht láidir taidhleoireachta agus pholaitiúil agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil do ICC chun cur ar a chumas na cúraimí atá aige laistigh dá sainordú a chomhlíonadh; a iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe a bheith páirteach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta trí Reacht na Róimhe a dhaingniú agus a chur chun feidhme agus trí dhaingniú leasuithe Kampala a spreagadh; a iarraidh orthu siúd atá ag tarraingt siar ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a gcinntí a aisiompú; tacú le ICC mar phríomhinstitiúid chun déantóirí coireanna a choinneáil cuntasach agus chun cabhrú le híospartaigh ceartas a bhaint amach, agus idirphlé agus comhar láidir a spreagadh idir ICC, na Náisiúin Aontaithe agus a gníomhaireachtaí agus Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; is oth leis an bParlaimint na hionsaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus cáineann sí iad agus leanann sí de bheith ag seasamh go daingean i gcoinne aon ghníomhaíochtaí ionsaitheacha agus aon éileamh nó ráiteas nach bhfuil bunús leo lena mbaintear an bonn de ICC agus de chóras reacht na Róimhe i gcoitinne; a chur in iúl gur geal léi go ndearnadh gníomhaíochtaí nithiúla chun deireadh a chur le smachtbhannaí i gcoinne phearsanra ICC, lena n-áirítear Príomh-Ionchúisitheoir ICC; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE dul i mbun idirphlé feabhsaithe le rialtas reatha na Stát Aontaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus gur cheart don Aontas rannchuidiú leis an gcomhrac domhanda i gcoinne coireanna idirnáisiúnta trí thacú le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh prionsabal na dlínse uilíche a chur chun cinn agus cur le cumas Bhallstáit na Náisiún Aontaithe é a chur i bhfeidhm ina gcórais dlí náisiúnta féin; béim a leagan ar an ról ceannasach atá ag an Aontas sa chomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, lena n-áirítear an tacaíocht a thugann sé don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar gné bhunúsach í de ghuth an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus a chur i bhfios go láidir gurb í an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an t-aon institiúid idirnáisiúnta a bhfuil sé ar a cumas ionchúiseamh a dhéanamh ar roinnt de na coireanna is uafásaí ar domhan agus íospartaigh nach bhfuil aon rogha eile acu a chosaint;
   (l) athdhearbhú a dhéanamh ar an ngá atá leis an smacht reachta a urramú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a tacaíocht don mhéid sin a athdhearbhú, chomh maith lena thiomanta atá sí d’ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar an smacht reachta agus ar an dlí idirnáisiúnta; a chur in iúl gur geal léi an idirphlé a thionscain an Grúpa Comhordaithe agus Tacaíochta um an Smachta Reachta agus an tAonad um an Smacht Reachta in Oifig Feidhmiúcháin an Ardrúnaí leis na Ballstáit maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a iarraidh go leanfar leis an idirphlé sin d’fhonn an smacht reachta a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta; iarrann an Pharlaimint ar an Ardrúnaí agus ar chóras na Náisiún Aontaithe aghaidh a thabhairt go córasach, de réir mar is iomchuí, ar ghnéithe den smacht reachta i ngníomhaíochtaí ábhartha, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an smacht reachta;
   (m) cur i gcoinne iarrachtaí tíortha aonair nó comhghuaillíochtaí tíortha áirithe an bonn a bhaint den chomhdhearcadh idirnáisiúnta maidir le sláinte agus cearta atáirgthe; ‘Dearbhú Chomhdhearcadh na Ginéive’ a cháineadh go háirithe, a bhí faoi stiúir rialtas Trump agus a chomhshínigh 32 rialtas le déanaí, ar rialtais neamhliobrálacha nó údarásaíocha iad den chuid is mó; cuireann an Pharlaimint a fíormhíshuaimhneas in iúl gur shínigh dhá Bhallstát AE, an Ungáir agus an Pholainn, an dearbhú cúlaitheach seo a bhfuil sé mar aidhm leis an bonn a bhaint de shaoirsí atáirgthe na mban agus cearta daoine LADT;
   (n) tacú le hobair na Meithle Oscailte Idir-rialtasaí (OEIGWG) a bunaíodh le déanaí chun conradh a fhorbairt a bheadh ceangailteach ó thaobh an dlí ar chorparáidí trasnáisiúnta agus ar fhiontair ghnó eile d’fhonn ionstraim a bhunú a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí lena n-áiritheofaí go mbeadh cuideachtaí freagrach go hiomlán as sáruithe ar chearta an duine agus as coireanna comhshaoil;
   (o) dlús breise a chur le tiomantas AE dul i ngleic le saoirse ó phionós maidir le coireanna i gcoinne iriseoirí, oibrithe sna meáin agus pearsanra gaolmhar, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus tionscnaimh nithiúla a sheoladh i ndáil leis an méid sin; tacaíocht a thabhairt d’iarraidh ó Rapóirtéirí Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh agus maidir le Básuithe Seachbhreithiúnacha, Achomair agus Treallacha chun buansásra imscrúdaithe na Náisiún Aontaithe i ndáil le coireanna i gcoinne iriseoirí a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do cheapadh Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe um Chosaint Iriseoirí ar fud an domhain; beartas a ghlacadh chun marú chosantóirí chearta an duine a cháineadh, go córasach agus go soiléir, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine i taca leis an gcomhshaol agus leis an talamh agus aon iarracht chun iad a chur faoi aon chineál foréigin, géarleanúna, bagartha, ciaptha, dul ar iarraidh, príosúnachta nó gabháil threallach; iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe beartais a ghlacadh chun cosaint agus tacaíocht a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol; leanúint den mholadh, trí gach modh taidhleoireachta agus i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe, deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain agus moratóir a iarraidh maidir le pionós an bháis a úsáid;
   (p) leanúint dá taidhleoireacht agus dá bosca uirlisí for-rochtana a leathnú, agus aird ar leith á tabhairt ar shíocháin, ar shlándáil idirnáisiúnta agus cobhsaíocht fhadtéarmach, ar thaidhleoireacht aeráide, ar thaidhleoireacht chultúrtha, ar chearta an duine, ar an gcomhionannas inscne, ar dhomhandú cothrom agus ar an gcumas idirphlé beartais agus comhdhearcadh beartais a shaothrú, ní hamháin le comhaltaí na Náisiún Aontaithe, ach freisin le hidirghabhálaithe ábhartha amhail cathracha, réigiúin, an lucht acadúil, eintitis agus pobail reiligiúnacha, an tsochaí shibhialta, pobail áitiúla agus dhúchasacha agus an earnáil phríobháideach; leas a bhaint as iarrachtaí chun teacht ar réitigh ar fhadhbanna domhanda, amhail an t-athrú aeráide, mar phointe iontrála do chaidreamh taidhleoireachta le comhpháirtithe a bhfuil ábhair eile ar an gclár oibre ag cur ina gcoinne go mór, agus ar an gcaoi sin deis a thabhairt chun cobhsaíocht agus síocháin a fheabhsú; is díol sásaimh é do Pharlaimint na hEorpa go rannchuidíonn AE agus a Bhallstáit go gníomhach le hobair chóras na Náisiún Aontaithe ar bhealaí éagsúla agus i bhfoirmeacha éagsúla;
   (q) an cáineadh láidir a rinne sí maidir le sceimhlitheoireacht a athdhearbhú mar aon lena tacaíocht iomlán do ghníomhaíochtaí lena ndírítear ar an lámh uachtar a fháil ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus deireadh a chur leo, go háirithe Daesh/ISIS, ar bagairt shoiléir iad ar an tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta; oibriú le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus chun sásraí a fhorbairt chun sceimhlitheoirí agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a ainmniú agus chun sásraí um reo sócmhainní a neartú ar fud an domhain; gealltanas a thabhairt go neartófar iarrachtaí comhpháirteacha AE-NA maidir le bunchúiseanna na sceimhlitheoireachta a chomhrac, go háirithe maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus maidir le taighde cibearchosanta agus fothú acmhainneachta a fhorbairt; tacú le tionscnaimh reatha na gcomhpháirtithe áitiúla chun cuir chuige a cheapadh, a chur chun feidhme agus a fhorbairt chun cur i gcoinne an radacaithe agus na hearcaíochta d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta; leanúint leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici an earcaíocht a laghdú, comhrac i gcoinne trodaithe eachtracha, antoisceachas foréigneach agus bolscaireacht sceimhlitheoireachta; tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena neartófar athléimneacht na bpobal atá leochaileach ó thaobh an radacaithe de, lena n-áirítear trí chuimsiú sóisialta a áirithiú agus trí fhéachaint ar thionscnaimh a rachaidh i mbun rannpháirtíochta le ceannairí agus ministrí reiligiúnacha measartha; oibriú chun éifeachtúlacht na póilíneachta idirnáisiúnta a neartú, mar aon le comhar dlíthiúil agus breithiúnach sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta trasnáisiúnta chun tacú le beartais maidir leis an bhfrithradacú agus leis an díradacú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i dtaca le hAntoisceachas Foréigneach a Chosc; an obair sna Náisiúin Aontaithe, maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a chur chun cinn trí cheithre cholún de Straitéis Dhomhanda na Náisiún Aontaithe i gcoinne na Sceimhlitheoireachta a d’fhormheas an Comhthionól Ginearálta i mí Mheán Fómhair 2006 a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta; ceannaireacht an athbhreithnithe atá ar na bacáin ar Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe a ghlacadh trí chearta an duine agus cuir chuige um chosc a threisiú;
   (r) an comhar tríthaobhach idir AE, an tAontas Afracach (AA) agus na Náisiúin Aontaithe a leathnú tuilleadh; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh AE, na Náisiúin Aontaithe agus AA iarracht chomhbheartaithe i dtreo fothú acmhainneachta chun leanúint de bheith ag comhoibriú le AA maidir le cumais AA a fhorbairt chun géarchéimeanna a chosc, géarchéimeanna a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach ar mhór-roinn na hAfraice, agus freisin trí leanúint de thacaíocht fhadtéarmach AE agus na Náisiún Aontaithe a thabhairt d’oibríochtú iomlán an Struchtúir Afracaigh um Shíocháin agus um Shlándáil (APSA), mar aon le cumais i réimsí beartais eile atá ábhartha do shlándáil agus do chobhsaíocht na hAfraice, mar shampla ar bhonn innéacs shlándáil an duine, lena n-áirítear i dtéarmaí eacnamaíocha agus comhshaoil, agus a mhéid a bhaineann le rochtain ar earraí poiblí; á chur i bhfáth gur gá, i ndáil leis an méid sin, aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiún na Saiheile i bhfianaise na héagobhsaíochta atá ag dul i méid; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaidh AE a bheith tarraingteach go mór maidir lena inniúlacht mianta comhpháirtíochta mhór-roinn na hAfraice agus a chuid institiúidí a bhaint amach trí chomhpháirtíochtaí comhionanna i gcomhréir le straitéis nua AE-na hAfraice; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá idirphlé polaitiúil agus beartais níos dlúithe le comhpháirtithe AE san Afraic, lena n-áirítear tacaíocht agus idirphlé le heagraíochtaí réigiúnacha agus laistigh de ghnéithe parlaiminteacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe, idirphlé agus an comhar le tíortha na hAfraice de chomharsanacht na Meánmhara Theas de chuid an Aontais a ghéarú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna slándála agus cobhsaíochta;
   (s) an dul chun cinn suntasach atá déanta ag AE agus ag na Náisiúin Aontaithe maidir le tacaíocht agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil i réigiúin na Saiheile, na hAfraice Thiar agus Chorn na hAfraice a aithint agus a fhorbairt; molann Parlaimint na hEorpa an ról agus an comhar idir misin shibhialta agus mhíleata an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) de chuid an Aontais agus misin na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Straitéis Chomhtháite na Náisiún Aontaithe don tSaiheil agus an Plean Tacaíochta a ghabhann léi, Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA) agus Oifig na Náisiún Aontaithe don Afraic Thiar; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur síníodh an socrú teicniúil idir G5 na Saiheile, AE agus na Náisiúin Aontaithe chun tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochtúil a chur ar fáil don Fhórsa Comhpháirteach i gcúig thír G5 na Saiheile, ar comhartha é den chomhar den scoth idir na trí eagraíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacú leis an achainí chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go ndéanfaí Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile a chur faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cistiú buan; á mheabhrú go bhfuil tionchar díreach ag forbairt, slándáil agus cobhsaíocht mhór-roinn na hAfraice, go háirithe réigiúin na Magraibe agus na Saiheile, ar AE agus ar a theorainneacha seachtracha; á iarraidh ar AE a chomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le AA a thacú agus a threisiú i dtacú leis an bhforbairt, aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus acmhainneacht a fhothú leis na comhpháirtithe áitiúla chun antoisceachas agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;
   (t) comhar níos dlúithe a chruthú le tíortha Mheiriceá Laidinigh – réigiún a bhfuil go leor nasc agus luachanna againn leis, agus atá buailte go dona ag paindéim COVID-19 – chun dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna ar bhealach comhordaithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe;
   (u) tuilleadh idirphlé a shaothrú maidir le cumas chóras na Náisiún Aontaithe a n-ábaltacht maidir le cosc coinbhleachtaí agus freagracht as cosaint (R2P) a bhaint amach agus a leathnú, lena n-athdhearbhaítear an tiomantas comhroinnte d’ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha, an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear iomláine chríochach, neamhspleáchas agus ceannasacht, mar a luaitear freisin i bprionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus i bprionsabail Chairt Pháras ESCE (Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip), agus lena n-áirithítear go bhfuil cearta daonna agus saoirsí bunúsacha na ndaoine go léir i gcroílár bheartais coisc agus idirghabhála coinbhleachtaí; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá an t-idirphlé agus an comhar leis na Náisiúin Aontaithe maidir le misin síochánaíochta éifeachtacha agus inchreidte a bhfuil cuspóirí soiléire acu, a bhfuil acmhainneacht shoiléir acu agus atá in ann torthaí inláimhsithe agus inchreidte a bhaint amach; á iarraidh go mbeidh sásraí éifeachtacha ann, lena n-áirítear: (i) cur chun feidhme Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus gach rún ina dhiaidh sin maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil i gcomhréir le cuspóir rannpháirtíocht agus ceannaireacht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i misin síochánaíochta agus i struchtúir na Náisiún Aontaithe atá dírithe air sin, (ii) dearcadh leanaí agus daoine óga, mar a luaitear sa Chlár Oibre don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil agus sa Choinbhinsiún maidir le Cearta an Linbh, lena n-áirítear maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta a thacú agus a neartú trí na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le húsáid leanaí i gcoinbhleachtaí armtha, (iii) dearcadh na ndaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear, go háirithe, iad siúd a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar idirdhealú trasnach agus iad siúd atá i mbaol i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, mar aon leis (iv) an ngá urraim a áirithiú do chearta an duine agus do chosaint sibhialtach, atá ag croílár sainorduithe síochánaíochta; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná san idirghabháil choinbhleachta agus sna misin síochánaíochta; á mheabhrú an tearcionadaíocht a dhéantar orthu ar gach leibhéal laistigh de mhisin na Náisiún Aontaithe agus an Aontais, agus a ríthábhachtaí atá sé mná agus cailíní a chosaint i gcásanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; á iarraidh ar Bhallstáit AE cuidiú le níos mó fórsaí armtha Eorpacha a chur le síochánaíocht na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht AE do thíortha atá ag teacht as coinbhleacht fhoréigneach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh comhar treisithe ann agus aghaidh á tabhairt ar leochaileacht na suíomhanna aistrithe, lena n-áirítear trí úinéireacht náisiúnta a neartú, trí ghnóthachain chothú na síochána a chomhdhlúthú agus trí idirghníomhaíocht le pobail áitiúla a fheabhsú, lena n-áiritheofar cosaint agus fóirithint dóibh; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar na struchtúir ábhartha chun deireadh a chur le saoirse ó phionós phearsanra na Náisiún Aontaithe atá ag fónamh in oibríochtaí míleata agus misin shibhialta agus chun sásraí feidhmiúla, formhaoirseachta trédhearcaí agus cuntasachta daingne a bhunú i gcásanna ina dtarlaíonn mí-úsáid go háirithe gníomhartha foréigin ghnéasaigh; ag moladh na hoibre atá á déanamh ag Agnes Callamard, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le bású seachbhreithiúnach, achomair nó treallach, agus a rannchuidiú sa comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós, trí imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna amhrasta dúnmharuithe seachbhreithiúnacha fad agus í a bheith faoi réir imeaglaithe agus bagairtí;
   (v) tuilleadh idirphlé comhsheasmhaigh a shaothrú ar fud fhóraim na Náisiún Aontaithe, go háirithe Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ar an ngá atá le cearta an duine ag daoine LADTI a chosaint, i gcomhréir le treoirlínte AE chun teachtadh chearta uile an duine ag daoine LADTI a chur chun cinn agus a chosaint i bhfóraim iltaobhacha(5), le treoirlínte AE maidir le pionós an bháis(6), agus i ndáil le Prionsabail Yogyakarta a aithnítear go hidirnáisiúnta(7); comhlachtaí agus Comhaltaí na Náisiún Aontaithe a spreagadh chun ‘féiniúlacht agus léiriú inscne’ agus ‘saintréithe gnéis’ a áireamh ina raon feidhme breithnithe maidir le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear, ar an gcaoi sin, daoine trasinscneacha agus idirghnéasacha, chomh maith le sáruithe ar chearta an duine a ndéantar an sárú sin orthu; na huirlisí taidhleoireachta uile atá ar fáil a úsáid chun tacú ar an leibhéal domhanda le gníomhartha comhghnéis comhthoiliúla a dhíchoiriúlú, pionós an bháis a dhíothú mar smachtbhanna le haghaidh gníomhartha comhghnéis comhthoiliúla, reachtaíocht a ghlacadh lena gceadófar aitheantas dlíthiúil inscne, agus ciorrú ball giniúna de dhaoine idirghnéasacha agus cleachtais ar a dtugtar ‘teiripe thiontaithe’ ar fud an domhain a thoirmeasc;
   (w) comhleanúnachas dhéileálacha na Náisiún Aontaithe i leith cásanna forghabhála nó ionghabhála críche a chur chun cinn; á mheabhrú gur cheart an dlí daonnúil idirnáisiúnta rannpháirtíocht idirnáisiúnta a threorú i ngach cás den sórt sin, lena n-áirítear i gcásanna forghabhála fadtréimhsí agus na n-ilchoinbhleachtaí calctha i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; tacaíonn Parlaimint na hEorpa leis an aird mhéadaitheach atá á tabhairt ag na Náisiúin Aontaithe ar ghníomhaíochtaí gnó a bhaineann le cásanna ar údar imní idirnáisiúnta iad agus á iarraidh ar an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chuideachtaí atá bunaithe in AE agus a liostaítear i dtuarascálacha nó i mbunachair sonraí den sórt sin de chuid na Náisiún Aontaithe;
   (x) tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumais idirghabhála agus taidhleoireachta AE maidir le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach, lena n-áirítear ar mhaithe le coinbhleachtaí calctha nó nua, nó ar a laghad iad a laghdú, i sineirgí le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe, agus próiseas Bheirlín maidir leis an Libia a bheith ina shampla maith de thacaíocht AE agus sineirgí le hiarrachtaí idirghabhála faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, lena n-áirithítear rannpháirtíocht iomlán agus fhiúntach na mban in iarrachtaí idirghabhála, mar aon le leanúint de thacaíocht láidir AE a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach laistigh de theorainneacha a chuid comhpháirtithe atá thíos le coinbhleachtaí, amhail an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin; iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe tús áite a thabhairt do chosc, d’idirghabháil, d’athmhuintearas agus do réitigh pholaitiúla ar choinbhleachtaí agus, ag an am céanna, aghaidh á tabhairt ar bhunchúiseanna agus spreagthaí atá mar bhonn na ngéarchéimeanna; gealltanais iltaobhacha níos láidre a spreagadh chun teacht ar réitigh pholaitiúla inbhuanaithe ar choinbhleachtaí reatha, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair, do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh thoscairí speisialta na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm leo na coinbhleachtaí sin a réiteach; molann Parlaimint na hEorpa an dea-chuntas teiste ar an gcomhar idir AE agus na Náisiúin Aontaithe maidir le spriocanna forbartha comhchoiteanna a bhaint amach agus maidir le tuilleadh méadaithe coinbhleachtaí leanúnacha a chosc; ag creidiúint, i ndáil leis an méid sin, gur cheart do AE leanúint den chomhphobal idirnáisiúnta a ghríosú chun an beartas maidir le neamhaithint ionghabháil neamhdhleathach na Crimé a chur chun feidhme go hiomlán;
   (y) tathant ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe coinbhinsiúin lárnacha uile na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine a dhaingniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus an Prótacal Roghnach a ghabhann leis, na Prótacail Roghnacha a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Cheart Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus na hoibleagáidí tuairiscithe faoi na hionstraimí sin agus an gealltanas chun comhoibriú de mheon macánta le sásraí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine a chomhlíonadh;
   (z) coinneáil tiomanta mar cheannródaí i slógadh modhanna uile de chur chun feidhme agus obair leantach éifeachtach chuspóirí Chlár Oibre 2030 thar bheartais inmheánacha agus sheachtracha uile an Aontais agus i straitéisí agus tosaíochtaí náisiúnta na mBallstát; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a phráinní atá sé tacaíocht agus aitheantas leormhaith a thabhairt don obair thábhachtach agus riachtanach atá á déanamh ag gníomhaireachtaí daonnúla amhail an Clár Domhanda Bia; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh Duais Nobel 2020 a bhronnadh ar an gClár Domhanda Bia as a iarrachtaí dul i ngleic leis an ocras, as a rannchuidiú chun feabhas a chur ar dhálaí le haghaidh síochána i limistéir atá thíos le coinbhleacht agus as gníomhú mar cheann feadhna sna hiarrachtaí chun cosc a chur ar ocras a úsáid mar armán cogaidh agus coinbhleachta;
   (aa) athdhearbhú a dhéanamh gur cúis bhuartha di na drochthionchair a imrítear ar an muirthimpeallacht ó longa, lena n-áirítear truailliú, go háirithe tríd an scaoileadh neamhdhleathach a dhéantar ar ola agus ar shubstaintí díobhálacha eile agus trí dhramhaíl ghuaiseach a dhumpáil, lena n-áirítear ábhair radaighníomhacha, dramhaíl núicléach agus ceimiceáin chontúirteacha, mar aon leis na tionchair fhisiceacha a imrítear ar an gcoiréal; iarann Parlaimint na hEorpa ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe leanúint de thosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht maidir le truailliú muirí ó fhoinsí ar thalamh mar chuid dá straitéisí agus dá gcláir náisiúnta um fhorbairt inbhuanaithe, agus cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta Domhanda um Chosaint na Muirthimpeallachta ar Ghníomhaíochtaí ar Thalamh agus Dhearbhú Montréal um Chosaint na Muirthimpeallachta ar Ghníomhaíochtaí ar Thalamh a chur chun cinn; á iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe feabhas a chur ar an tuiscint eolaíoch agus ar an measúnú eolaíoch ar éiceachórais mhuirí agus chósta mar bhonn bunúsach don chinnteoireacht stuama trí na gníomhaíochtaí a shainaithnítear i bPlean Cur Chun Feidhme Johannesburg; á iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe cláir náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus a chaomhnú agus chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta muirí, go háirithe éiceachórais leochaileacha;
   (ab) tacaíocht a thabhairt d’iarraidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar vacsaín COVID-19 inacmhainne agus inrochtana a bheith ann, agus go ndéanfar í a mheas mar leas poiblí domhanda; na forálacha a áirítear sna Conclúidí ón gComhairle le déanaí maidir le ról AE i leith neartú a dhéanamh ar an Eagraíocht Domhanda Sláinte a chur chun feidhme, go háirithe maidir le hacmhainneacht chun ullmhachta agus chun freagartha i gcásanna éigeandála sláinte; á chur in iúl gur geal léi obair EDS i dtaobh comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí rialtais i leith phaindéim COVID-19 a chomhrac; iarann Parlaimint na hEorpa go ndéanfar imscrúdú neamhchlaonta, trédhearcach agus neamhspleách ar leathadh an víris agus ar láimhseáil phaindéim COVID-19, lena n-áirítear ag EDS; ag tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ionas go bhféadfadh sí freagairt ar bhealach níos éifeachtúla amach anseo d’éigeandálaí agus cuibhreannas idirnáisiúnta frithvíris a chruthú chun rochtain agus leithdháileadh cothromasach ar vacsaíní COVID-19, mar aon le vacsaíní a bheidh ann amach anseo, a ráthú do gach tír; ag athdhearbhú a tacaíochta don Téaváin a áireamh sa Chomhthionól Domhanda Sláinte; ag cáineadh na mí-úsáide ag a lán réimeas forlámhach ar na bearta a tugadh isteach chun COVID-19 a chomhrac ar mhaithe le cumhacht a chomhdhlúthú, an bonn a bhaint tuilleadh ó chearta an duine, cniogbheartaíocht a dhéanamh ar an bhfreasúra agus ar an tsochaí shibhialta, feachtais fuatha i gcoinne grúpaí mionlaigh a spreagadh, bearta breise a thabhairt isteach chun srian a chur le cearta agus saoirsí a saoránach agus chun buntáiste geopholaitiúil a lorg thar lear; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an gealltanas i leith SFInna a bhaint amach faoi 2030 mar chlocha coirnéil na bhfreagraí uile ar an bpaindéim; á iarraidh ar AE rannchuidiú leis an ngealltanas polaitiúil ar leibhéal na Náisiún Aontaithe i leith deireadh a chur le heipidéim SEIF faoi 2030, ós rud é gur bagairt ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain fós í; ag moladh gur cheart don Chomhairle leanúint de shineirgí níos mó a lorg idir Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun deireadh a chur le dlíthe, beartais agus cleachtais a chruthaíonn bacainní ó thaobh rochtain de ar sheirbhísí VEID agus a mhéadaíonn an riosca maidir le VEID a fháil, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí imeallaithe nó leochaileacha; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le hiarraidh AE ar chreataí neartaithe reachtacha agus rialála a bheith ann agus ar comhleanúnachas beartais a chur chun cinn chun cumhdach uilíoch sláinte a bhaint amach, lena n-áirítear trí reachtaíocht a achtú agus trí bheartais a chur chun feidhme lena gcuirfear rochtain níos fearr ar sheirbhísí sláinte, ar tháirgí agus ar vacsaíní ar fáil, go háirithe do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste;
   (ac) tabhairt dá haire tuarascáil ón Ardrúnaí dar teideal Shared responsibility, global solidarity: responding to the socioeconomic impacts of COVID-19 [Freagairt chomhroinnte, dlúthpháirtíocht dhomhanda: ag freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha COVID-19], agus á áitiú, dá bhri sin, gur cheart go mbeadh freagairtí na rialtas ar phaindéim COVID-19 éifeachtach, cuimsitheach agus i lánchomhlíonadh lena n-oibleagáidí agus lena ngealltanas maidir le cearta an duine; iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe bearta sonracha a dhéanamh chun leanaí a chosaint a bhféadfadh a leochaileacht dul in olcas go mór i ngeall ar phaindéim COVID-19; tacaíocht a thabhairt don Lárchiste Freagartha Éigeandála, don Clár Domhanda Bia, d’Eagraíocht um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe agus d’institiúidí agus cláir eile na Náisiún Aontaithe, a bhfuil ról lárnach acu sa fhreagairt dhaonnúil ar ghéarchéim COVID-19; tacú leis na hiarrataí go dtionólfar Cruinniú Mullaigh Iar-COVID-19 um Atógáil Eacnamaíoch Idirnáisiúnta agus um Athchóiriú Sistéamach na Náisiún Aontaithe in 2021 mar fhóram tábhachtach le haghaidh spás rialachais a bheidh níos cuimsithí agus níos bunaithe ar chearta;
   (ad) infheictheacht ghníomhaíocht agus chúnamh AE i ngach fóram iltaobhach agus ar bráid a neartú, go háirithe clár ‘Foireann na hEorpa’, clár ag a bhfuil EUR 36 billiún chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí millteacha ghéarchéim COVID-19 i dtíortha agus i réigiúin chomhpháirtíochta, go háirithe san Afraic;
   (ae) ról ceannaireachta gníomhach, láidir agus uaillmhianach a bheith aici sna hullmhúcháin don 26ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), lena n-áirítear ó thaobh chearta an duine de, go háirithe trí aitheantas domhanda don cheart chun comhshaoil shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus trí thacú le sainordú Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus an Comhshaol; tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta i measc na mórdhúshlán atá ann faoi láthair; ag tacú le Tionscnamh Chearta Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, lena n-aithnítear go bhfuil tionchar ollmhór ag sáruithe ar chearta comhshaoil ar réimse leathan de chearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil an bhithéagsúlacht agus cearta an duine idirnasctha agus idirspleách; meabhrú a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le cearta an duine atá ar Stáit i leith an bhithéagsúlacht a chosaint, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar leigheasanna éifeachtacha i gcás chailliúint agus dhíghrádú na bithéagsúlachta; spreagann Parlaimint na hEorpa, ina leith sin, AE agus na Ballstáit, cur chun cinn a dhéanamh ar éiceadhíothú a aithint mar choir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE bearta sonracha a chur chun feidhme chun an athléimneacht a chur i gcroílár na n-iarrachtaí téarnaimh agus chun laghdú rioscaí tubaiste a phríomhshruthú i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE an chomhpháirtíocht le Rialtas reatha na Stát Aontaithe a athbheochan lena dtacófar le ‘comhghuaillíocht neodrachta dhomhanda’ a chruthú leis na tíortha a bhfuil gealltanas tugtha acu cheana féin i leith na sprice maidir le hastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, lena rachfar i mbun comhair le tíortha eile san fhorbairt ar phleananna agus teicneolaíochtaí maidir le hastaíocht charbóin a bhaint, agus lena ndéanfar straitéis nua idirnáisiúnta a chur chun cinn ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht a chosaint;
   (af) athdhearbhú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint chomhionann ar an dlí agus ar an gcomhionannas os comhair na cúirteanna, cumhachtú agus rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sna próisis chinnteoireachta agus rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus éifeachtach sa saol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a áirithiú do dhaoine dúchasacha, lena n-áirítear mná agus cailíní; fáiltiú roimh obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach, EMRIP agus UNPFII; Stáit agus eintitis chóras na Náisiún Aontaithe a spreagadh chun an comhar idirnáisiúnta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí a bhíonn ag pobail dhúchasacha, agus comhar teicniúil agus cúnamh airgeadais a mhéadú ina leith sin;
   (ag) leanúint de bheith ag saothrú agus ag leathnú an chomhair acmhainneachta laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe maidir le comhchaighdeáin éifeachtacha agus eiticiúla a chur chun cinn i réimsí beartais nua amhail dí-chomhiomlánú agus cosaint sonraí, dícheall cuí, an comhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, an intleacht shaorga nó an cibearspás, agus tacaíocht leormhaith á cur chun cinn ag an am céanna do na tíortha sin ar mian leo a n-acmhainneacht rialála agus cur chun feidhme a gcaighdeán a leathnú; comhordú níos dlúithe a iarraidh maidir leis an gcibearchosaint a mhéid a bhaineann le rialacha, noirm, comhthuiscintí agus bearta forfheidhmiúcháin sa chibearspás; moladh gur féidir le clocha coirnéil na cibearshlándála Eorpaí, amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (NIS) a bheith ina mbonn sármhaith lenar féidir le tíortha toilteanacha a úsáid chun cur lena gcreataí rialála maidir le cosaint sonraí agus cibearshlándáil trí chur chuige ‘slándáil trí dhearadh’; a léiriú gur féidir na dea-chleachtais agus an chiall a ceannaíodh ar leibhéal AE a chomhroinnt laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe atá tiomanta do na cúraimí sin, agus freisin mar fhreagairt ar iarrataí ó thíortha aonair;
   (ah) aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sreabha aindleathacha airgeadais a chosc agus a chomhrac agus an comhar idirnáisiúnta agus dea-chleachtais maidir le fáltas ar shócmhainní agus aisghabháil sócmhainní a neartú, lena n-áirítear trí bhearta níos éifeachtaí chun na hoibleagáidí atá cheana ann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus faoi na Prótacail a ghabhann leo a chur chun feidhme; bearta éifeachtacha, cuimsitheacha agus inbhuanaithe a chur chun feidhme chun éilliú a chosc agus a chomhrac faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030; tionscnaimh a ghabháil de láimh agus tacú leo chun dul i ngleic le himghabháil chánach, le sciúradh airgid agus leis an éilliú;
   (ai) breithniú a dhéanamh i leith bearta breise um fhaoiseamh fiachais do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil fiacha móra orthu chun mainneachtain a sheachaint agus chun spás a chruthú d’infheistíochtaí SFI, agus sa chiall sin, chun tacú le hiarraidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go mbunófaí sásra um athstruchtúrú fiachais cheannasaigh mar chuid den fhreagairt fhadtéarmach ar ghéarchéim COVID-19 agus ar na tionchair eacnamaíocha a ghabhann léi;
   (aj) aghaidh a thabhairt ar an imirce agus ar an easáitiú éigeantach, lena n-áirítear na bunchúiseanna atá léi, agus comhoibriú chun an Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce agus an Comhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe a chur chun feidhme; á mheabhrú gur cheart cearta an duine a bheith i gcroílár an Chomhshocraithe Dhomhanda i gcónaí agus aird ar leith á tabhairt ar imircigh atá leochaileach, amhail leanaí, mionaoisigh agus na mná; leanúint de thiomantas comhroinnte a fhorbairt ionsar an spás daonnúil a chaomhnú agus lena bhfeabhsófar an córas freagartha daonnúla agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé seasamh leis an gceart chun tearmainn ar fud an domhain; tacú le hobair chomhlachtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe amhail UNHCR agus Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (UNRWA) agus an obair sin a threisiú; athdhearbhú a dhéanamh ar ról lárnach UNRWA maidir le cúnamh daonnúil agus cúnamh forbartha a chur ar fáil do dhídeanaithe Palaistíneacha; tathant a dhéanamh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe na ranníocaíochtaí le UNRWA a chothabháil agus a mhéadú, agus tacaíocht a thabhairt don mholadh ó Choimisinéir Ginearálta UNRWA le haghaidh comhdháil as a dtiocfaidh córas caiteachais agus sreafa maoinithe a bheidh níos intuartha, níos inbhuanaithe agus níos cuntasaí do UNRWA don todhchaí agus tiomantas ina leith sin ó líon níos mó de Bhallstáit na Náisiún Aontaithe agus de dheontóirí idirnáisiúnta;
   (ak) leanúint de bheith ag tacú le saoirse reiligiúin nó creidimh; tathant go mbeidh ann d’iarrachtaí méadaitheacha chun cearta mionlach reiligiúnach agus cearta mionlach eile a chosaint; iarraidh go ndéanfar mionlaigh reiligiúnacha a chosaint ar ghéarleanúint agus ar fhoréigean; iarraidh go n-aisghairfear dlíthe lena ndéantar blaisféime nó séanadh creidimh a choiriúlú, ar dlíthe iad a fhónann mar leithscéal chun géarleanúint a dhéanamh ar mhionlaigh reiligiúnacha agus ar neamhchreidmhigh; tacú le hobair an Rapóirtéara Speisialta maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh;
   (al) tuilleadh feabhais a chur ar thacaíocht chomhtháite don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban, i gcomhréir le Dearbhú Bhéising agus lena Chlár Oibre Gníomhaíochta; iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gClár Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus leanúint dá gcur chun feidhme, ina gcuirtear san áireamh an tionchar díréireach atá ag coinbhleachtaí ar mhná agus ar chailíní agus ina ndéantar obair agus gníomhaíochtaí a threorú chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na mban, cosaint na mban agus cearta na mban a neartú le linn thimthriall na coinbhleachta, ón gcosc ar choinbhleachtaí go dtí an atógáil iarchoinbhleachta; ina leith sin, aird ar leith a thabhairt ar dheireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an idirdhealú in aghaidh na mban agus cailíní, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, cleachtais dhíobhálacha agus foréigean baile agus teaghlaigh, agus tacú le rannpháirtíocht fhóinteach agus chomhionann na mban i ngach réimse den saol poiblí agus den chinnteoireacht, agus le cearta na mban a chur chun cinn; tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta agus iad a neartú trí na Náisiúin Aontaithe chun anailís inscne, mar aon le príomhshruthú inscne agus cearta an duine a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Náisiún Aontaithe; meabhraíonn Parlaimint na hEorpa go n-úsáidtear foréigean gnéasach amhail éigniú mar oirbheart cogaidh agus gur coir chogaidh atá ann, agus á iarraidh go dtabharfar níos mó cosanta do mhná agus do chailíní i gcásanna coinbhleachta, go háirithe maidir le foréigean gnéasach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacaíocht níos leithne a spreagadh, lena n-áirítear trí chistiú leormhaith, d’obair Mhná na Náisiún Aontaithe, ag a bhfuil ról tábhachtach i gCóras na Náisiún Aontaithe chun cearta na mban a chur chun cinn agus na geallsealbhóirí ábhartha uile a thabhairt le chéile chun athrú beartais a ghiniúint agus chun gníomhaíochtaí beartais a chomhordú;
   (am) ról uaillmhianach agus cuiditheach a ghlacadh laistigh den sásra le haghaidh Athbhreithniú a dhéanamh ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireacht Eagraithe Thrasnáisiúnta agus an Prótacal a ghabhann leis chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc, a Dhíchur agus a Phionósú chun iarrachtaí idirnáisiúnta a atreisiú tuilleadh chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear peirspictíochtaí na mban, na leanaí agus na n-imirceach, atá i mbaol méadaithe ó dhúshaothrú;
   (an) dul i ndlúthchomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le próiseas cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle, agus Parlaimint na hEorpa a rannpháirtiú i ngach réimse beartais inar féidir leis an taidhleoireacht pharlaiminteach sineirgí luachmhara a chruthú agus acmhainneacht for-rochtana agus tionchar dearfach agus ceannaireacht AE ina iomláine a threisiú;
   (ao) iarraidh go ndéanfar bearta láithreach bonn chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim mhéadaitheach i leith chearta an duine in Xinjiang, ar a laghad chun imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarleanúint eitneach agus reiligiúnach a tuairiscíodh ar fud an réigiúin; iarann Parlaimint na hEorpa, ina leith sin, go mbunófar sásra faireacháin neamhspleách de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine sa tSín, lena bhféadfaí Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe, Painéal Saineolaithe de chuid HRC nó Toscaire Speisialta a áireamh; ag tacú leis na hiarrataí ar UNHRC seisiún speisialta a thionól maidir leis an ngéarchéim;

2.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún agus, i gcomhair faisnéise, chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

(1) IO C 118, 8.4.2020, lch. 165.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0008.
(3) IO C 433, 23.12.2019, lch. 86.
(4) IO C 86, 6.3.2018, lch. 33.
(5) https://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_Data/docs/pressdata/EN/foraff/137584.pdf
(6) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8416-2013-INIT/en/pdf
(7) http://yogyakartaprinciples.org/wp-content/uploads/2016/08/principles_en.pdf; http://yogyakartaprinciples.org/wp-content/uploads/2017/11/A5_yogyakartaWEB-2.pdf


Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta 2021-2027 – An Eoraip Dhomhanda ***II
PDF 129kWORD 50k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (06879/1/2021 – C9-0191/2021 – 2018/0243(COD))
P9_TA(2021)0279A9-0198/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06879/1/2021 – C9‑0191/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle (COM(2018)0460),

–  ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiúin (COM(2020)0459),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Gnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Fhorbairt (A9‑0198/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag formheas a ráiteas atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  ag tabhairt dá haire na dearbhuithe ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

5.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú, in éineacht leis na ráitis uile atá i gceangal leis an rún seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúnamh a deonaíodh faoi na hionstraimí maoinithe seachtracha a chur ar fionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil tagairt ghinearálta i Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, maidir leis an bhféidearthacht cúnamh a chur ar fionraí gan an bonn nithiúil a shonrú do chinneadh den sórt sin. Ba cheart fionraí cúnaimh den sórt sin a chur chun feidhme i gcás nach n-urramaíonn tír chomhpháirtíochta prionsabail an daonlathais, an smachta reachta nó an dea-rialachais, nó urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha nó do chaighdeáin sábháilteachta núicléiche a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Mar sin féin, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire, murab ionann agus in limistéir gheografacha eile comhair, go bhforáiltear le forálacha sonracha don limistéar Comharsanachta, go háirithe Airteagal 20(2), do thacaíocht mhéadaithe don tsochaí shibhialta, do chosc coinbhleachtaí agus do chothú na síochána, do theagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir údaráis áitiúla, do thacaíocht d’fheabhsú chearta an duine nó do bhearta tacaíochta a bhaineann le géarchéimeanna, i gcás díghrádú tromchúiseach nó seasmhach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, nó i gcás baol coinbhleachta méadaithe. Measann Parlaimint na hEorpa gur cheart tacaíocht mhéadaithe den sórt sin do na limistéir thuasluaite a chur ar fáil má tharlaíonn an díghrádú sin i dtíortha lasmuigh den limistéar Comharsanachta chomh maith, agus meabhraíonn sí go bhforáiltear le hAirteagal 4(5) go háirithe go bhféadfar gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme trí chláir théamacha a dhéanamh freisin i gcás inar cuireadh an clár geografach ar fionraí.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim fhoriomlán airgeadais a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá gcuirfí cúnamh ar fionraí faoi na hionstraimí sin. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus maidir le comhordú straitéiseach

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil na tagairtí d’ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle imithe i léig, agus measann sí dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, gur cheart an tAirteagal seo a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, d’fhonn ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais is infheidhme i dtréimhse CAI 2021-2027, eadhon an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) struchtúr comhordaithe straitéiseach a bhunú a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus de SEGS chun comhleanúnachas, sineirgíocht, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda

Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna rialaithe polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta d’idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda. Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá acu maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuímh ghinearálta maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar na doiciméid chlársceidealaithe, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail úsáid a bhaint as an maolán um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó giaráil a chur i bhfeidhm as a dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar leithdháileadh cistiúcháin atá tiomnaithe don imirce nó ar an gcúnamh a thugtar do thír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí nuair nach n-urramaíonn sí go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:

(i)  Idirphlé ardleibhéil idir an tArdionadaí/Leas-Uachtarán agus na Coimisinéirí i gceannas ar Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta agus ar an gComharsanacht gus ar an Méadú agus Parlaimint na hEorpa.

(ii)  Idirphlé buan ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach le meithleacha AFET agus DEVE chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil.

Beidh an t-idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún.

An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAithrisí 50, 51 agus Airteagal 8.10:

Na cláir réigiúnacha tacaíochta don imirce, tacóidh siad le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha cothroma saincheaptha le tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais agus tíortha óstacha ábhartha, ag leanúint cur chuige solúbtha spreagúil, agus le tacaíocht ón sásra comhordúcháin laistigh den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda. Déanfar iad a chomhlánú le gníomhaíochtaí faoi na cláir tíre, i gcás inarb iomchuí.

D’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir as na cistí sin, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na tosaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach trí úsáid a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile de chuid an Aontais agus glacfaidh sé páirt i gcomhordú leis na Ballstáit ar bhealach sioncronaithe agus éifeachtúil. Áiritheoidh sé go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go dlúth agus go rialta, rud a fhágfaidh go bhféadfar tuairimí a mhalartú.

(1) IO C 45, 4.2.2019, lch. 1.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 295.
(3) IO C 108, 26.3.2021, lch. 312.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais