Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha (COM(2023)0324 – C9-0204/2023 – 2023/0187(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0324),
– ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0204/2023),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0007/2024),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1
(1) Is tosaíochtaí polaitiúla don Aontas Eorpach (AE) iad cánachas cothrom a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil (CMU). Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach constaicí ar infheistíocht trasteorann a bhaint, agus calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chomhrac an tráth céanna. Is ann do bhacainní den sórt sin, mar shampla, trí nósanna imeachta atá mí-éifeachtach agus díréireach ó thaobh ualaigh de a úsáidtear chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha arna siarchoinneáil ag an bhfoinse ar ioncam díbhinne nó úis a íoctar ar scaireanna nó bannaí arna dtrádáil go poiblí le hinfheisteoirí neamhchónaitheacha. Ina theannta sin, tá sé cruthaithe go bhfuil an status quo neamhleor chun rioscaí athfhillteacha calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a chosc, mar atá léirithe ag na scannail Cum/Ex agus Cum/Cum le déanaí. Leis an togra seo féachtar le nósanna imeachta an Aontais um cháin shiarchoinneálach a dhéanamh níos éifeachtaí, agus iad a neartú an tráth céanna in aghaidh an riosca a bhaineann le calaois agus mí-úsáid chánach. Tarraingíonn sé ar ghníomhaíochtaí ábhartha roimhe seo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail Moladh 2009 ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a shimpliú agus tionscnamh ECFE um fhaoiseamh i gcomhréir le conarthaí cánach agus um chomhlíonadh feabhsaithe (TRACE)28 .
(1) Is tosaíochtaí polaitiúla don Aontas Eorpach (AE) iad cánachas cothrom a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil (CMU). Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach constaicí ar infheistíocht trasteorann a bhaint, agus calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chomhrac an tráth céanna. Is ann do bhacainní den sórt sin, mar shampla, trí nósanna imeachta atá mí-éifeachtach agus díréireach ó thaobh ualaigh de a úsáidtear chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha arna siarchoinneáil ag an bhfoinse ar ioncam díbhinne nó úis a íoctar ar scaireanna nó bannaí arna dtrádáil go poiblí le hinfheisteoirí neamhchónaitheacha. Is dúshlán ar leith d’infheisteoirí miondíola iad na constaicí sin. Ina theannta sin, tá sé cruthaithe go bhfuil an status quo neamhleor chun rioscaí athfhillteacha calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a chosc, mar atá léirithe ag na scannail Cum/Ex agus Cum/Cum le déanaí. Leis an togra seo féachtar le nósanna imeachta an Aontais um cháin shiarchoinneálach a dhéanamh níos éifeachtaí, agus iad a neartú an tráth céanna in aghaidh an riosca a bhaineann le calaois agus mí-úsáid chánach. Tarraingíonn sé ar ghníomhaíochtaí ábhartha roimhe seo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail Moladh 2009 ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a shimpliú agus tionscnamh ECFE um fhaoiseamh i gcomhréir le conarthaí cánach agus um chomhlíonadh feabhsaithe (TRACE)28 .
_________________
_________________
28 Moladh ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir le nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí (IO L 279, 24.10.2009, lch. 8–11)
28 Moladh ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir le nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí (IO L 279, 24.10.2009, lch. 8)
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Is é atá sna scéimeanna cum-ex agus cum-cum aiséilimh ar cháin iarchoimeádta díbhinne nach raibh na tairbhithe ina teideal agus go meastar go raibh siad ina siocair le costas iomlán de thuairim is EUR 55 billiún1a a bheith le seasamh ag cáiníocóirí idir 2011 agus 2012 sna 11 Bhallstát lena mbaineann; i bhfianaise an mhéid a tháinig chun solais in 2021 maidir leis na cleachtais sin, meastar go bhfuil caillteanas de EUR 141 bhilliún san iomlán1b do 10 rialtas, lena n-áirítear rialtais roinnt Ballstát; rialaíodh go raibh na scéimeanna cum-ex agus cum-cum neamhdhleathach agus gur cheart iad a ionchúiseamh de réir an dlí náisiúnta.
(2) Chun cur le cumas na mBallstát calaois nó mí-úsáid fhéideartha a chosc agus a chomhrac, rud a bhfuil bac á chur air faoi láthair ag ilroinnt agus easpa ghinearálta faisnéis iontaofa thráthúil maidir le hinfheisteoirí, is gá dá bhrí sin creat coiteann a chur i bhfeidhm um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar infheistíochtaí trasteorann in urrúis atá athléimneach in aghaidh riosca calaoise nó mí-úsáide cánach. Ba cheart, de thoradh an chreata seo, cóineasú a bheith ann idir na nósanna imeachta faoisimh éagsúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas agus ag an am céanna trédhearcacht agus cinnteacht a áirithiú maidir le céannacht infheisteoirí le haghaidh eisitheoirí urrús, gníomhairí cánach siarchoinneálaí, idirghabhálaithe airgeadais agus le haghaidh na mBallstát, de réir mar a bheidh. Chuige sin, ba cheart don chreat a bheith ag brath ar nósanna imeachta uathoibrithe, amhail digitiú an deimhnithe um chónaí cánach (ó thaobh nós imeachta agus foirme de), ar réamhriachtanas é d’infheisteoirí rochtain a bheith acu ar aon nós imeachta faoisimh nó aisíocaíochta. Ba cheart an creat sin a bheith solúbtha go leor freisin chun na córais éagsúla is infheidhme i mBallstáit éagsúla a chur san áireamh go cuí agus cóineasú níos mó a áirithiú agus uirlisí frith-mhí-úsáide iomchuí a sholáthar chun rioscaí calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a mhaolú.
(2) Chun cur le cumas na mBallstát calaois nó mí-úsáid fhéideartha a chosc agus a chomhrac, rud a bhfuil bac á chur air faoi láthair ag ilroinnt agus easpa ghinearálta faisnéis iontaofa thráthúil maidir le hinfheisteoirí, is gá dá bhrí sin creat coiteann um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar infheistíochtaí trasteorann in urrúis atá athléimneach in aghaidh riosca calaoise nó mí-úsáide cánach a chur i bhfeidhm. Ba cheart, de thoradh an chreata seo, cóineasú a bheith ann idir na nósanna imeachta faoisimh éagsúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas agus ag an am céanna trédhearcacht agus cinnteacht a áirithiú maidir le céannacht infheisteoirí le haghaidh eisitheoirí urrús, gníomhairí cánach siarchoinneálaí, idirghabhálaithe airgeadais agus le haghaidh na mBallstát, de réir mar a bheidh. Chuige sin, ba cheart don chreat a bheith ag brath ar nósanna imeachta uathoibrithe, amhail digitiú an deimhnithe um chónaí cánach (ó thaobh nós imeachta agus foirme de), ar réamhriachtanas é d’infheisteoirí chun rochtain a bheith acu ar aon nós imeachta faoisimh nó aisíocaíochta. Ba cheart an creat sin a bheith solúbtha go leor freisin chun na córais éagsúla is infheidhme i mBallstáit éagsúla a chur san áireamh go cuí agus cóineasú níos mó a áirithiú agus uirlisí frith-mhí-úsáide iomchuí a sholáthar chun rioscaí calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a mhaolú. Chun go n-éireoidh leis an Treoir sin, is gá do na Ballstáit uirlisí a thabhairt do na riaracháin chánach chun déileáil le nósanna imeachta aisíocaíochta/faoisimh ag an bhfoinse ar bhealach slán agus tráthúil agus chun a n-iarrachtaí a mhéadú maidir le príomhghnéithe digitithe, uathoibrithe agus níos comhordaithe a chur ar fáil. Chuige sin, is gá freisin oiliúint a chur ar na baill foirne ábhartha a dhéanann maoirseacht ar na huirlisí digiteacha.
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 4
(4) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach cáiníocóir den Aontas ar chruthúnas coiteann iomchuí éifeachtach maidir lena chónaí chun críoch cánach, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta uathoibrithe a úsáid chun deimhnithe um chónaí cánach a eisiúint san fhoirm dhigiteach inaitheanta agus inghlactha chéanna agus a bhfuil an t-inneachar céanna ann. Chun caoi a thabhairt d’éifeachtúlacht níos fearr, ba cheart an deimhniú a bheith bailí ar feadh na bliana iomláine, ar a laghad, a n-eisítear lena linn é agus a bheith aitheanta ag Ballstáit eile le haghaidh na tréimhse sin. Is féidir le Ballstáit ríomh-DCC eisithe a chealú i gcás ina bhfuil cruthúnas contrártha ag an riarachán cánach maidir leis an gcónaí chánach don bhliain sin. Chun go mbeifear in ann cuideachtaí AE a shainaithint go héifeachtúil, ba cheart faisnéis faoin Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) a áireamh sa deimhniú.
(4) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach cáiníocóir den Aontas ar chruthúnas coiteann iomchuí éifeachtach maidir lena chónaí chun críoch cánach, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta uathoibrithe a úsáid chun deimhnithe um chónaí cánach a eisiúint san fhoirm dhigiteach inaitheanta agus inghlactha chéanna agus a bhfuil an t-inneachar céanna ann. Chun caoi a thabhairt d’éifeachtúlacht níos fearr, ba cheart an deimhniú a bheith bailí ar feadh na bliana iomláine, ar a laghad, a n-eisítear lena linn é agus a bheith aitheanta ag Ballstáit eile le haghaidh na tréimhse sin. Ba cheart tagairt do chomhaontuithe cánachais dhúbailte is infheidhme a bheith in ETRC freisin. Is féidir le Ballstáit ríomh-DCC eisithe a chealú i gcás ina bhfuil cruthúnas contrártha ag an riarachán cánach maidir leis an gcónaí chánach don bhliain sin. Chun go mbeifear in ann cuideachtaí AE a shainaithint go héifeachtúil, ba cheart faisnéis faoin Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) a áireamh sa deimhniú.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 a (nua)
(4a) Chun éifeachtúlacht na n-iarmhairtí cánach a bhaineann le heintitis a áirithiú agus iad á gcinneadh mar eintitis chaocha, mar a fhoráiltear ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE1a (Treoir UNSHELL), is gá go bhfuil na nósanna imeachta chun iarmhairtí cánach i dTreoir UNSHELL a fhorchur i gcomhréir leis na nósanna imeachta chun deimhniú leictreonach cónaitheachta chun críoch cánach a eisiúint sa Treoir sin. Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, an idirghníomhaíocht a shoiléiriú idir na hiarmhairtí cánach a shainmhínítear i dTreoir UNSHELL agus eisiúint deimhniú leictreonach cónaitheachta chun críoch cánach mar a shainmhínítear sa Treoir sin.
(6) Ós rud é gur institiúidí móra mar a shainmhínítear iad sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR)29 na hidirghabhálaithe airgeadais is minice a bhíonn páirteach i slabhraí íocaíochta na n-urrús agus na taisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí gníomhairí cánach siarchoinneálaí, ba cheart oibleagáid a bheith ar na heintitis sin a iarraidh go gclárófaí iad ar chláir náisiúnta na mBallstát arna mbunú mar a shonraítear thuas. Ba cheart cead a bheith ag idirghabhálaithe airgeadais eile clárú a iarraidh más rogha leo é. Ba cheart don idirghabhálaí airgeadais féin clárú a iarraidh trí iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát, lena n-áirítear fianaise go gcomhlíonann an t-idirghabhálaí airgeadais ceanglais áirithe. Is é is cuspóir do na ceanglas a fhíorú go gcomhlíonann an t-idirghabhálaí iarrthach ceanglais rialáil ábhartha an Aontais agus go ndéantar maoirsiú orthu maidir le comhlíonadh. I gcás ina bhfuil an t-idirghabhálaí airgeadais bunaithe lasmuigh den Aontas, ceanglaítear air a bheith faoi réir reachtaíochta sa tríú tír ina bhfuil cónaí air atá inchomparáide chun críocha na Treorach seo agus nach bhfuil an tríú tír cónaithe in Iarscríbhinn I de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha ná ar liosta an Aontais de thríú tíortha ardriosca (liosta um an sciúradh airgid a chomhrac). Is chun na gcríoch a leagtar amach sa Treoir seo amháin a bhaineann comhlíontacht idirghabhálaí airgeadais tríú tír le ceanglais ábhartha an Aontais agus níl aon tionchar aige ar fheidhmiú nó ar chur i bhfeidhm aon cheart ná oibleagáid eile faoi reachtaíocht eile an Aontais. Nuair a chláraítear iad, ba cheart idirghabhálaithe airgeadais a mheas a bheith ina ‘n-idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe’ sa Bhallstát faoi leith agus ba cheart iad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha tuairiscithe agus na n-oibleagáidí ábhartha maidir le fógra faoin Treoir seo agus an ceart a bheith acu cur i bhfeidhm na nósanna imeachta faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo a iarraidh. Ba cheart do na Ballstáit a choimeádann clár náisiúnta ar bun gníomhaíocht a dhéanamh freisin chun aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na ceanglais faoi seach a bhaint. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit sin a chinneadh foráil a dhéanamh maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe, a fuarthas gur sháraigh siad a n-oibleagáidí roinnt uaireanta, a bhaint óna gclár náisiúnta. I gcás ina ndéanann Ballstát beart den sórt sin maidir le baint, ba cheart dó na Ballstáit eile a choimeádann clár náisiúnta ar bun a chur ar an eolas dá réir sin chun go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh ar bhaint an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe céanna óna chlár náisiúnta féin. Tá feidhm ag reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena mbaineann maidir le cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí maidir le hachomharc, i ndáil le haon chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát maidir le clárú agus baint óna chlár náisiúnta.
(6) Tagraíonn ‘cum-ex’ agus ‘cum-cum’ - nó scéimeanna trádála arbatráiste díbhinne don chleachtas scaireanna a thrádáil ar bhealach lena ndéantar céannacht an úinéara iarbhír a cheilt agus lena gcuirtear ar chumas an dá pháirtí nó páirtithe iolracha lena mbaineann aisíocaíochtaí cánach siarchoinneálaí a éileamh ar cháin ghnóthachan caipitiúil nár íocadh ach aon uair amháin cé go raibh baint ag na cleachtais choiriúla sin le hidirghabhálaithe airgeadais. Ós rud é gur institiúidí móra mar a shainmhínítear iad sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR)29 na hidirghabhálaithe airgeadais is minice a bhíonn páirteach i slabhraí íocaíochta na n-urrús agus na taisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí gníomhairí cánach siarchoinneálaí, ba cheart oibleagáid a bheith ar na heintitis sin a iarraidh go gclárófaí iad ar chláir náisiúnta na mBallstát arna mbunú mar a shonraítear thuas. Ba cheart cead a bheith ag idirghabhálaithe airgeadais eile clárú a iarraidh más rogha leo é. Ba cheart don idirghabhálaí airgeadais féin clárú a iarraidh trí iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát, lena n-áirítear fianaise go gcomhlíonann an t-idirghabhálaí airgeadais ceanglais áirithe. Is é is cuspóir do na ceanglas a fhíorú go gcomhlíonann an t-idirghabhálaí iarrthach ceanglais rialáil ábhartha an Aontais agus go ndéantar maoirsiú orthu maidir le comhlíonadh. I gcás ina bhfuil an t-idirghabhálaí airgeadais bunaithe lasmuigh den Aontas, ceanglaítear air a bheith faoi réir reachtaíochta sa tríú tír ina bhfuil cónaí air atá inchomparáide chun críocha na Treorach seo agus nach bhfuil an tríú tír cónaithe in Iarscríbhinn I de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha ná ar liosta an Aontais de thríú tíortha ardriosca (liosta um an sciúradh airgid a chomhrac). Ba cheart clárú idirghabhálaí airgeadais tríú tír a chur chun feidhme le híosmhéid d’iarrachtaí riaracháin. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil tuiscint chomhordaithe ann maidir le reachtaíocht inchomparáide i dtríú tíortha. Is chun na gcríoch a leagtar amach sa Treoir seo amháin a bhaineann comhlíontacht idirghabhálaí airgeadais tríú tír le ceanglais ábhartha an Aontais agus níl aon tionchar aige ar fheidhmiú ná ar chur i bhfeidhm aon cheart ná oibleagáid eile faoi reachtaíocht eile an Aontais. Nuair a chláraítear iad, ba cheart idirghabhálaithe airgeadais a mheas a bheith ina ‘n-idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe’ sa Bhallstát faoi seach agus ba cheart iad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha tuairiscithe agus na n-oibleagáidí ábhartha maidir le fógra a thabhairt faoin Treoir seo agus an ceart a bheith acu cur i bhfeidhm na nósanna imeachta faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo a iarraidh. Ba cheart do na Ballstáit a choimeádann clár náisiúnta ar bun gníomhaíocht a dhéanamh freisin chun aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na ceanglais faoi seach a bhaint. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit sin a chinneadh foráil a dhéanamh maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe nó rochtain a dhiúltiú dóibh ar chóras faoisimh má fhaightear gur sháraigh siad a n-oibleagáidí roinnt uaireanta, a bhaint óna gclár náisiúnta. I gcás ina ndéanann Ballstát beart den sórt sin maidir le baint nó diúltiú, ba cheart dó na Ballstáit eile a choimeádann clár náisiúnta ar bun a chur ar an eolas dá réir sin chun go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh ar bhaint an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe céanna óna chlár náisiúnta féin. Tá feidhm ag reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena mbaineann maidir le cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí maidir le hachomharc, i ndáil le haon chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát i dtaca le clárú agus baint óna gclár náisiúnta.
__________________
__________________
29 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1–337)
29 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 8
(8) Chun Aontas na Margaí Caipitil a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche, ba cheart nósanna imeachta um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar ioncam urrús a éascú agus a luathú, i gcás ina mbeidh faisnéis leordhóthanach curtha ar fáil ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht an infheisteora. Is éard atá sna hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha gach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe sa slabhra íocaíochta idir an t-infheisteoir agus eisitheoir na n-urrús, a bhféadfadh sé a bheith de cheangal orthu faisnéis a sholáthar freisin maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe airgeadais neamhdheimhnithe sa slabhra, de réir rogha beartais gach Ballstáit. Agus na cineálacha éagsúla cur chuige sna Ballstáit á gcur san áireamh, beartaítear dhá chineál nós imeachta: (i) faoiseamh ag an bhfoinse tríd an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm go díreach tráth a choinnítear cánacha siar agus (ii) aisíocaíocht thapa laistigh de 50 lá ar a mhéid ón dáta a íocfar an díbhinn nó, de réir mar a bheidh, ón dáta nach mór don eisitheoir bannaí ús a íoc leis an sealbhóir bannaí (an dáta cúpóin). Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit aon cheann den dá nós imeachta nó cumasc den dá nós imeachta a thabhairt isteach, de réir mar a mheasann siad is iomchuí agus a áirithiú an tráth céanna go bhfuil nós imeachta amháin ar a laghad díobh sin ar fáil do gach infheisteoir, i gcás inar comhlíonadh ceanglais na Treorach seo. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme go cuí agus go tráthúil, is iomchuí ús a chur i bhfeidhm ar aisíocaíochtaí déanacha farasbarr cánacha siarchoinneálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo agus lena gcomhlíontar na coinníollacha chun tairbhiú de na nósanna imeachta sin. I gcás nach gcomhlíontar ceanglais ábhartha, nó i gcás inar mian leis an infheisteoir lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta caighdeánacha aisíocaíochta atá acu cheana a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha. In aon chás, ba cheart d’úinéirí cláraithe, go háirithe infheisteoirí miondíola, agus a n-ionadaithe údaraithe, an ceart a chaomhnú farasbarr cánach siarchoinneálaí arna íoc i mBallstát a aiséileamh i gcás ina dtabharfaidh siad cruthúnas go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta.
(8) Chun Aontas na Margaí Caipitil a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche, ba cheart nósanna imeachta um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar ioncam urrús a éascú agus a luathú, i gcás ina mbeidh faisnéis leordhóthanach curtha ar fáil ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht an infheisteora. Is éard atá sna hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha gach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe sa slabhra íocaíochta idir an t-infheisteoir agus eisitheoir na n-urrús, a bhféadfadh sé a bheith de cheangal orthu faisnéis a sholáthar freisin maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe airgeadais neamhdheimhnithe sa slabhra, de réir rogha beartais gach Ballstáit. Agus na cineálacha éagsúla cur chuige sna Ballstáit á gcur san áireamh, beartaítear dhá chineál nós imeachta: (i) faoiseamh ag an bhfoinse tríd an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm go díreach tráth a choinnítear cánacha siar agus (ii) aisíocaíocht thapa laistigh de 50 lá ar a mhéid ón dáta a íocfar an díbhinn nó, de réir mar a bheidh, ón dáta nach mór don eisitheoir bannaí ús a íoc leis an sealbhóir bannaí (an dáta cúpóin). Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit aon cheann den dá nós imeachta nó cumasc den dá nós imeachta a thabhairt isteach, de réir mar a mheasann siad is iomchuí agus a áirithiú an tráth céanna go bhfuil nós imeachta amháin ar a laghad díobh sin ar fáil do gach infheisteoir, i gcás inar comhlíonadh ceanglais na Treorach seo. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme go cuí agus go tráthúil, is iomchuí ús a chur i bhfeidhm ar aisíocaíochtaí déanacha farasbarr cánacha siarchoinneálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo agus lena gcomhlíontar na coinníollacha chun tairbhiú de na nósanna imeachta sin. I gcás nach gcomhlíontar ceanglais ábhartha, nó i gcás inar mian leis an infheisteoir lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta caighdeánacha aisíocaíochta atá acu cheana a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha. In aon chás, ba cheart d’úinéirí cláraithe, go háirithe infheisteoirí miondíola, agus a n-ionadaithe údaraithe, an ceart a chaomhnú farasbarr cánach siarchoinneálaí arna íoc i mBallstát a aiséileamh i gcás ina dtabharfaidh siad cruthúnas go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht a dhiúltú nuair a thionscnaítear aon nós imeachta fíorúcháin nó iniúchadh cánach, bunaithe ar chritéir mheasúnaithe riosca agus de réir an dlí náisiúnta.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 9
(9) Chun na córais le haghaidh faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun é a chur de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe incháilitheacht infheisteoirí ar mian leo faoiseamh a éileamh a fhíorú freisin. Go háirithe, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe deimhniú um chónaí cánach an infheisteora ábhartha a bhailiú, mar aon le dearbhú gurb é an t-infheisteoir sin úinéir tairbhiúil na híocaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit fhoinsigh. Ba cheart dóibh freisin an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme a fhíorú bunaithe ar imthosca sonracha an infheisteora agus a léiriú an bhfuil sé ar an eolas faoi aon socrú airgeadais a bhaineann leis na hurrúis fholuiteacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar an dáta ex-dhíbhinne. Ba cheart idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bheith faoi dhliteanas i leith caillteanais ioncaim chánach a tabhaíodh mar gheall ar chomhlíonadh neamhleor na n-oibleagáidí sin, a mhéid a fhoráiltear amhlaidh le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina dtabhófar an caillteanas. Chun comhréireacht an ualaigh agus an dliteanais a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí laghdaithe maidir le fíorú i dtaca le gach nós imeachta faoisimh, i gcás ina bhfuil an riosca mí-úsáide íseal agus go háirithe i gcás ina bhfuil méid iomlán na díbhinne a íocadh leis an infheisteoir as scairsheilbh i gcuideachta níos ísle ná EUR 1 000. Má chruthaítear an mhí-úsáid sin ar bhealach eile, féadfaidh na Ballstáit, áfach, iarmhairtí a chur i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear na córais faoisimh dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhiúltú, ach ní féidir leo idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas mar gheall ar easpa fíoraithe.
(9) Chun na córais le haghaidh faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun é a chur de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe incháilitheacht infheisteoirí ar mian leo faoiseamh a éileamh a fhíorú freisin. Go háirithe, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe deimhniú um chónaí cánach an infheisteora ábhartha a bhailiú, mar aon le dearbhú gurb é an t-infheisteoir sin úinéir tairbhiúil na híocaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit fhoinsigh. Ba cheart dóibh freisin an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme a fhíorú bunaithe ar imthosca sonracha an infheisteora agus a léiriú an bhfuil sé ar an eolas faoi aon socrú airgeadais a bhaineann leis na hurrúis fholuiteacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar an dáta ex-dhíbhinne. D’fhéadfaí na ceanglais díchill chuí a chur i bhfeidhm ar bhonn bliantúil. Ba cheart idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bheith faoi dhliteanas i leith caillteanais ioncaim chánach a tabhaíodh mar gheall ar chomhlíonadh neamhleor na n-oibleagáidí sin, a mhéid a fhoráiltear amhlaidh le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina dtabhófar an caillteanas. Chun comhréireacht an ualaigh agus an dliteanais a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí laghdaithe maidir le fíorú i dtaca le gach nós imeachta faoisimh, i gcás ina bhfuil an riosca mí-úsáide íseal agus go háirithe i gcás ina bhfuil méid iomlán na díbhinne a íocadh leis an infheisteoir as scairsheilbh i gcuideachta níos ísle ná EUR 1 500. Má chruthaítear an mhí-úsáid sin ar bhealach eile, féadfaidh na Ballstáit, áfach, iarmhairtí a chur i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear na córais faoisimh dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhiúltú, ach ní féidir leo idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas mar gheall ar easpa fíoraithe.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 12
(12) Tá cur chun feidhme agus forghníomhú ceart na rialacha atá beartaithe i ngach Ballstát lena mbaineann ríthábhachtach chun CMU ina iomláine a chur chun cinn agus chun bonn cánach na mBallstát a chosaint agus ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis mar a shonraítear trí bhíthin gnímh cur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta, ar faisnéis í maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ina gcríoch féin a ghlactar de bhun na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus sonraí eile atá ar fáil chun éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe a mheas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá na rialacha a tugadh isteach de bhua na Treorach seo a thabhairt cothrom le dáta.
(12) Tá cur chun feidhme agus forghníomhú ceart na rialacha atá beartaithe i ngach Ballstát lena mbaineann ríthábhachtach chun CMU ina iomláine a chur chun cinn agus chun bonn cánach na mBallstát a chosaint agus ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis staidrimh mar a shonraítear trí bhíthin gnímh cur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta, ar faisnéis í maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ina gcríoch féin a ghlactar de bhun na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus sonraí eile atá ar fáil chun éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe a mheas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá na rialacha a tugadh isteach de bhua na Treorach seo a thabhairt cothrom le dáta.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 14
(14) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31 . Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh idirghabhálaithe airgeadais agus na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo, chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna maidir le cuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Chun go bhféadfar an cuspóir seo a shaothrú go héifeachtach, is gá srian a chur le cearta áirithe daoine aonair dá bhforáiltear leis an Rialachán thuasluaite, go háirithe an ceart go dtabharfar fógra dóibh maidir le próiseáil a gcuid sonraí agus maidir le raon feidhme an chirt sin mar aon leis an gceart toiliú a thabhairt i dtaca le cineálacha áirithe próiseála sonraí.
(14) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh idirghabhálaithe airgeadais agus na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo, chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna maidir le cuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Níor cheart rochtain a bheith ach ag eintitis atá rannpháirteach i nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí faoin Treoir sin ar na sonraí sin. Níor cheart ach an méid íosta faisnéise pearsanta is gá chun tearcthuairisciú, neamhthuairisciú, calaois chánach nó mí-úsáid chánach a shainaithint. Ar deireadh, níor cheart sonraí pearsanta a choinneáil ach chomh fada agus is gá chun na críche sin. Chun go bhféadfar an cuspóir seo a shaothrú go héifeachtach, is gá srian a chur le cearta áirithe daoine aonair dá bhforáiltear leis an Rialachán thuasluaite, a mhéid a d’fhéadfadh feidhmiú na gceart sin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe, go háirithe an ceart go dtabharfar fógra dóibh maidir le próiseáil a gcuid sonraí agus maidir le raon feidhme an chirt sin mar aon leis an gceart toiliú a thabhairt i dtaca le cineálacha áirithe próiseála sonraí. A luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a raibh bonn cirt leo maidir leis an srian sin, ba cheart cearta na n-ábhar sonraí a thabhairt ar ais.
_________________
_________________
31 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
31 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 a (nua)
(16a) Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an Treoir sin agus é mar aidhm leis faoiseamh cánach siarchoinneálaí d’infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh.
(19) ciallaíonn ‘comhaontú um chánachas dúbailte’ comhaontú nó coinbhinsiún lena ndéantar foráil maidir le deireadh a chur le cánachas dúbailte ar ioncam, agus i gcás inarb infheidhme, ar chaipiteal, ar comhaontú nó coinbhinsiún é atá i bhfeidhm idir dhá thír (nó níos mó ná dhá thír).
(19) ciallaíonn ‘comhaontú um chánachas dúbailte’ comhaontú nó coinbhinsiún lena ndéantar foráil maidir le deireadh a chur le cánachas dúbailte ar ioncam, agus i gcás inarb infheidhme, ar chaipiteal, ar comhaontú nó coinbhinsiún é atá i bhfeidhm idir dhá dhlínse (nó níos mó ná dhá dhlínse).
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Eiseoidh na Ballstáit ríomh-DCC laistigh de lá oibre amháin tar éis iarraidh a chur isteach, faoi réir mhír 4. Comhlíonfaidh ríomh-DCC ceanglais theicniúla in Iarscríbhinn I agus áireofar leis an fhaisnéis seo a leanas:
2. Eiseoidh na Ballstáit ríomh-DCC, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, laistigh de 3 lá oibre amháin tar éis iarraidh a chur isteach, faoi réir mhír 4. Comhlíonfaidh ríomh-DCC na ceanglais theicniúla in Iarscríbhinn I agus áireofar leis an fhaisnéis seo a leanas:
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 2 – pointe a
(a) céadainm agus sloinne an cháiníocóra agus an dáta agus an áit bhreithe, más duine aonair an cáiníocóir, nó a ainm agus a uimhir Aitheantóra Uathúil Eorpaigh (EUID), más eintiteas é an cáiníocóir
(a) céadainm agus sloinne an cháiníocóra agus an dáta agus an áit bhreithe, más duine aonair an cáiníocóir, nó a ainm agus a uimhir Aitheantóra Uathúil Eorpaigh (EUID), más eintiteas é an cáiníocóir, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 2 – pointe f a (nua)
(fa) an comhaontú um chánachas dúbailte;
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 2 – pointe g
(g) aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i gcás ina n-eisítear an deimhniú chun críoch seachas críoch faoisimh ó cháin shiarchoinneálach faoin Treoir seo nó faisnéis a cheanglaítear a áireamh i ndeimhniú um chónaí cánach faoi dhlí an Aontais.
4. Más gá níos mó ná lá oibre amháin chun cónaí chun críoch cánach cáiníocóra ar leith a fhíorú, cuirfidh an Ballstát an duine a iarrfaidh an deimhniú ar an eolas faoin am breise is gá agus faoi chúiseanna na moille.
4. Más gá níos mó ná 5 lá oibre amháin chun cónaí chun críoch cánach cáiníocóra ar leith a fhíorú, cuirfidh an Ballstát an duine a iarrfaidh an deimhniú ar an eolas faoin am breise is gá agus faoi chúiseanna na moille, ar moill í nach mbeidh níos faide ná 5 lá oibre.
5. Aithneoidh na Ballstáit ríomh-DCC arna eisiúint ag Ballstát eile mar chruthúnas leordhóthanach ar chónaí cáiníocóra sa Bhallstát eile sin i gcomhréir le mír 3.
5. Aithneoidh na Ballstáit ríomh-DCC arna eisiúint ag Ballstát eile mar chruthúnas leordhóthanach ar chónaí cáiníocóra sa Bhallstát eile sin i gcomhréir le mír 3. In aon chás, féadfaidh na Ballstáit cónaí a chruthú ina ndlínsí féin chun críoch cánach.
Leasú 19 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
5a. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a cheangal ar dhuine aonair nó ar eintiteas a mheastar a bheith ina chónaí ina ndlínse chun críoch cánach na húdaráis chánach a eisíonn ríomh-DCC a chur ar an eolas faoi aon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht nó d’ábhar ríomh-DCC.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n-áirítear na socruithe teanga, agus na prótacail theicniúla, lena n-áirítear caighdeáin slándála, chun ríomh-DCC a eisiúint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha i bhformáid atá inléite ag meaisín, lena n-áirítear na socruithe teanga, agus na prótacail theicniúla, lena n-áirítear caighdeáin slándála, chun ríomh-DCC a eisiúint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.
Leasú 21 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 5 – mír 4 – pointe d a (nua)
(da) faisnéis faoi na táillí a ghearrtar chun seirbhísí a sholáthar faoin Treoir sin.
Leasú 22 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar idirghabhálaí airgeadais ina gclár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe laistigh de 3 mhí ó iarratas arna chur isteach ag idirghabhálaí airgeadais a sholáthraíonn fianaise ar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar idirghabhálaí airgeadais ina gclár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe laistigh de 2 mhí ó iarratas arna chur isteach ag idirghabhálaí airgeadais a sholáthraíonn fianaise ar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – pointe b
(b) más institiúid chreidmheasa atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi phointe (12) nó (14) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír; más gnólacht infheistíochta atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi Roinn B(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír nó; más taisceoir lárnach urrús atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe;
(b) más institiúid creidmheasa atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi phointe (12) nó (14) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír; más gnólacht infheistíochta atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi Roinn B(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír nó; más taisclann lárnach urrús atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe; eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir le caighdeáin íosta do reachtaíocht inchomparáide;
2. Tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais fógra gan mhoill d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi phointí (a) go (c).
2. Tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais fógra gan moill mhíchuí d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi phointí (a) go (c), lena gcuirtear na doiciméid ábhartha ar fáil i gcás inar gá.
Leasú 25 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 7 – mír 2 a (nua)
2a. Cuirfidh na Ballstáit gach Ballstát eile ar an eolas faoi dhiúltú clárúcháin a luaithe is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2011/16/AE1a ón gComhairle.
____________________
1a Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).
3. An Ballstát a bhainfidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe dá chlár náisiúnta, cuirfidh sé gach Ballstát eile a choinníonn clár náisiúnta ar bun ar an eolas gan mhoill de réir Airteagal 5.
3. An Ballstát a bhainfidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe dá chlár náisiúnta, cuirfidh sé gach Ballstát eile a choinníonn clár náisiúnta ar bun, de réir Threoir 2011/16/AE, ar an eolas gan moill mhíchuí de réir Airteagal 5, lena sonraítear na forais lena bhaint de réir mhíreanna 1 agus 2.
Leasú 27 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 8 – mír 3 a (nua)
3a. Déanfaidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar stádas na n-idirghabhálaithe airgeadais nach bhfuil deimhniú ina seilbh acu a thuilleadh. I gcásanna ina n-eascraíonn an bhaint mar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe as cinneadh ó Bhallstát, déanfar na cúiseanna sonracha atá leis an ngníomhaíocht sin a léiriú go soiléir sa chlár.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a ceangal a chur ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta tuairisc a thabhairt don údarás inniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a luaithe is féidir tar éis an dáta taifid, ach amháin má thugtar treoir socraíochta maidir le haon chuid d’idirbheart a bheidh ag feitheamh ar an dáta taifid, agus sa chás sin déanfar an tuairisciú maidir leis an idirbheart sin a luaithe is féidir tar éis na socraíochta. Más rud é, 20 lá tar éis an dáta taifid, go bhfuil socraíocht fós ar feitheamh maidir le haon chuid den idirbheart, tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuairisc laistigh de na 5 lá féilire ina dhiaidh sin agus an chuid a bhfuil an tsocraíocht ar feitheamh ina leith á sonrú.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a ceangal a chur ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta tuairisc a thabhairt don údarás inniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a luaithe is féidir laistigh de thréimhse uasta 30 lá féilire ar a mhéad tar éis an dáta taifid, ach amháin má thugtar treoir socraíochta maidir le haon chuid d’idirbheart a bheidh ag feitheamh ar an dáta taifid, agus sa chás sin déanfar an tuairisciú maidir leis an idirbheart sin a luaithe is féidir tar éis na socraíochta. Más rud é, 20 lá tar éis an dáta taifid, go bhfuil socraíocht fós ar feitheamh maidir le haon chuid den idirbheart, tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuairisc laistigh de na 5 lá féilire ina dhiaidh sin agus an chuid a bhfuil an tsocraíocht ar feitheamh ina leith á sonrú.
2. Forálfaidh na Ballstáit nach gá d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ceannteideal E a thuairisciú, más rud é nach mó ná EUR 1 000 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta.
2. Forálfaidh na Ballstáit nach gá d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ceannteideal E a thuairisciú, más rud é nach mó ná EUR 1 500 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta.
5. Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal orthu an doiciméadacht lena dtacaítear leis an bhfaisnéis arna tuairisciú a choimeád ar feadh 5 bliana agus rochtain a sholáthar ar aon fhaisnéis eile, chomh maith le rochtain ar a n-áitreabh chun críche iniúchta agus cuirfidh siad de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe aon sonraí pearsanta a chuimsítear sa doiciméadacht sin a scriosadh nó a anaithnidiú a luaithe a bheidh an t-iniúchadh críochnaithe agus 5 bliana ar a dhéanaí tar éis an tuairiscithe.
5. Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal orthu an doiciméadacht lena dtacaítear leis an bhfaisnéis arna tuairisciú a choimeád ar feadh 6 bliana agus rochtain a sholáthar ar aon fhaisnéis eile, chomh maith le rochtain ar a n-áitreabh chun críche iniúchta agus cuirfidh siad de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe aon sonraí pearsanta a chuimsítear sa doiciméadacht sin a scriosadh nó a anaithnidiú a luaithe a bheidh an t-iniúchadh críochnaithe agus 5 bliana ar a dhéanaí tar éis an tuairiscithe.
Leasú 31 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 10 – mír 2 – pointe a
(a) gur íocadh an díbhinn ar scair arna trádáil go poiblí a fuair an t-úinéir cláraithe laistigh de thréimhse 2 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne;
(a) gur íocadh an díbhinn ar scair arna trádáil go poiblí a fuair an t-úinéir cláraithe laistigh de thréimhse 5 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne;
Leasú 32 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 10 – mír 3 a (nua)
3a. Ní bheidh teorainn le cumhachtaí rialaithe na mBallstát, de bhun a reachtaíochta náisiúnta, maidir leis an ioncam inchánach ar cuireadh an faoiseamh i bhfeidhm maidir leis.
Leasú 33 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéir cláraithe dearbhú ón úinéir cláraithe sin maidir leis an úinéir cláraithe:
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaighidh an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéir cláraithe dearbhú ón úinéir cláraithe sin maidir leis an úinéir cláraithe:
Leasú 34 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 1 – pointe a
(a) gurb é úinéir tairbhiúil na díbhinne nó an úis é mar a shainmhínítear faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh; agus
(a) gurb é úinéir tairbhiúil na díbhinne nó an úis é mar a shainmhínítear faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó comhaontú um chánachas dúbailte; agus
Leasú 35 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéara cláraithe na nithe seo a leanas a fhíorú:
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéara cláraithe na nithe seo a leanas a fhíorú:
Leasú 36 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 2 – pointe a a (nua)
(aa) na rioscaí a bhaineann le cónaí agus saoránacht trí scéimeanna infheistíochta a d’fhéadfadh riosca ard a bheith ag baint leo, mar a shainaithin an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a bhaineann leis an mí-úsáid a d’fhéadfadh úinéirí cláraithe a bhaint as ríomh-DCC arna eisiúint ag na Ballstáit nó ag tríú tíortha a chuireann na scéimeanna sin ar fáil;
Leasú 37 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 2 – pointe d
(d) i gcás íocaíocht díbhinne agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, go bhféadfadh socrú airgeadais a bheith ann nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne, mura mó ná EUR 1 000 an díbhinn a íocadh leis an úinéir cláraithe as gach grúpa scaireanna.
(d) i gcás íocaíocht díbhinne agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, go bhféadfadh socrú airgeadais a bheith ann nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne, mura mó ná EUR 1 500 an díbhinn a íocadh leis an úinéir cláraithe as gach grúpa scaireanna.
Leasú 38 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 2 a (nua)
2a. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt maidir leis an dearbhú a fháil i gcomhréir le mír 1 agus na fíoruithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 2 ar bhonn bliantúil agus, ar bhonn ad hoc, nuair atá cúiseanna ann chun glacadh leis go bhfuil athrú sna himthosca nó faisnéis mhícheart nó neamhiontaofa.
Leasú 39 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 11 – mír 3 a (nua)
3a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 2.
1. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choinníonn cuntas infheistíochta úinéara chláraithe ar bun aisíoc tapa an fharasbairr cánach siarchoinneálaí a iarraidh, thar ceann an úinéara chláraithe sin i gcomhréir le hAirteagal 10 má sholáthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin a luaithe is féidir tar éis an dáta íocaíochta agus ar a dhéanaí laistigh de 25 lá féilire ón dáta a íoctar an díbhinn nó an t-ús.
1. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choinníonn cuntas infheistíochta úinéara chláraithe ar bun aisíoc tapa an fharasbairr cánach siarchoinneálaí a iarraidh, thar ceann an úinéara chláraithe sin i gcomhréir le hAirteagal 10 má sholáthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin laistigh de 25 lá féilire ón dáta a íoctar an díbhinn nó an t-ús.
2. Próiseálfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht arna déanamh i gcomhréir le mír 1 laistigh de 25 lá féilire ó dháta na hiarrata sin nó ón dáta a mbeidh na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir sin comhlíonta ag na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha uile, cibé acu is déanaí. Cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 ar mhéid na haisíocaíochta sin le haghaidh gach lae moille tar éis an 25ú lá.
2. Próiseálfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht arna déanamh i gcomhréir le mír 1 laistigh de 25 lá féilire ó dháta na hiarrata sin nó ón dáta a mbeidh na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir sin comhlíonta ag na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha uile, cibé acu is déanaí. Cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 ar mhéid na haisíocaíochta sin le haghaidh gach lae moille tar éis an 25ú lá, ach amháin sa chás go bhfuil amhras réasúnta ar an mBallstát faoi dhlisteanacht na hiarrata ar aisíocaíocht.
Leasú 42 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
3a. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht a dhiúltú má thionscnaítear aon nós imeachta fíorúcháin nó iniúchadh cánach, bunaithe ar chritéir mheasúnaithe riosca agus de réir na reachtaíochta náisiúnta.
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir le díbhinní, toisc nach gcomhlíontar coinníollacha na Treorach seo, go soláthróidh úinéir cláraithe nó a ionadaí údaraithe atá ag iarraidh aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní den sórt sin, ar a laghad, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II, mura rud é nach mó ná EUR 1 000 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta, agus murar soláthraíodh an fhaisnéis sin cheana i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 9.
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir le díbhinní, toisc nach gcomhlíontar coinníollacha na Treorach seo, go soláthróidh úinéir cláraithe nó a ionadaí údaraithe atá ag iarraidh aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní den sórt sin, ar a laghad, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II, mura rud é nach mó ná EUR 1 500 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta, agus murar soláthraíodh an fhaisnéis sin cheana i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 9.
Leasú 44 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 18 a (nua)
Airteagal 18a
Faireachán agus malartú faisnéise
1. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) faireachán rialta ar an riosca maidir le cum-cum agus cum-ex san Aontas.
2. Tabharfaidh na Ballstáit comhar comhordaithe agus cúnamh frithpháirteach isteach idir údaráis inniúla náisiúnta, údaráis chánach agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí eile, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun scéimeanna aiséilimh cánach siarchoinneálaí a bhrath agus a ionchúiseamh.
Leasú 45 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – teideal
Meastóireacht:
Meastóireacht, athbhreithniú agus leasúginearálta,
1. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar fheidhmiú na Treorach seo gach 5 bliana tar éis do rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir teacht i bhfeidhm. Cuirfear tuarascáil ar an meastóireacht ar an Treoir, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann forálacha sonracha di a leasú, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi mhí na Nollag 2031 agus gach 5 bliana.
1. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar fheidhmiú na Treorach seo gach 5 bliana tar éis do rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir teacht i bhfeidhm. Cuirfear tuarascáil ar an meastóireacht ar an Treoir agus ar na rialacha is infheidhme maidir le cánacha siarchoinneálacha sna Ballstáit, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann forálacha sonracha den Treoir sin a leasú, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi mhí na Nollag 2031 agus gach 5 bliana. Sa tuarascáil mheastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún:
Leasú 47 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe a (nua)
(a) scrúdú ar bhearta eile a fhéadfar a dhéanamh chun éilimh cánach siarchoinneálaí féinphróiseáilte a éascú d’infheisteoirí beaga a dhéanann teagmháil dhíreach le húdaráis chánach gan idirghabháil ó idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe;
Leasú 48 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe b (nua)
(b) measúnú a dhéanamh ar conas is féidir na nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí a shimpliú tuilleadh d’infheisteoirí miondíola;
Leasú 49 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe c (nua)
(c) anailís chuimsitheach ar fhorbairt na dtáillí seirbhíse a ghearrann idirghabhálaithe airgeadais ar úinéirí cláraithe chun na nósanna imeachta a bhaineann le haisíocaíocht thapa agus faoiseamh ag an bhfoinse a chur chun feidhme;
Leasú 50 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe d (nua)
(d) a scrúdú an bhféadfaí córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse a bheartú mar nós imeachta do na Ballstáit uile. agus bearta breise a thabhairt isteach chun córas den sórt sin a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
Leasú 51 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe e (nua)
(e) scrúdú a dhéanamh ar cibé an bhfuil tionchar fós ag scéimeanna arbatráiste agus scamhadh díbhinne ar na Ballstáit nó an bhfuil siad i mbaol iad amhail na scéimeanna cum-ex agus cum-cum agus an leor na bearta atá ann cheana laistigh de réimse na gcánacha siarchoinneálacha chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac nó an mbeadh gá le cinn bhreise, amhail gnóthachain chaipitiúla ar dhiúscairt scaireanna agus táillí iasachtaithe urrúis a chur faoi réir cánachais atá coibhéiseach le díbhinní, mar bhealach chun arbatráiste díbhinne a dhíspreagadh agus a mhaolú; baileoidh an Coimisiún, i ndáil leis sin, fianaise ó na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ó ÚBE, ó ESMA, ó OIPE, agus ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha;
Leasú 52 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe f (nua)
(f) breithniú a dhéanamh ar bhearta breise, más gá, chun a áirithiú go ngearrfar cáin uair amháin ar a laghad ar ráta éifeachtach ar gach díbhinn, ús, gnóthachan caipitiúil, íocaíochtaí ríchíosa, íocaíochtaí seirbhíse gairmiúla agus íocaíochtaí conartha ábhartha arna nginiúint san Aontas;
Leasú 53 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe g (nua)
(g) scrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht córais mhórleabhar dáilte nó uirlisí teicneolaíochta eile chun an córas a dhéanamh níos éifeachtúla agus slán ó thaobh calaoise de tríd an úinéir tairbhiúil a shainaithint ar bhealach níos fearr;
Leasú 54 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe h (nua)
(h) scrúdú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun próisis faoisimh agus aisíocaíochta, agus éilimh a dhigitiú;
Leasú 55 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 1 – pointe i (nua)
(i) measúnú a dhéanamh ar ghlacadh sínithe leictreonacha nó digiteacha agus ar úsáid ríomh-shainaitheantais chun an próiseas fíorúcháin a éascú d’infheisteoirí aonair.
Leasú 56 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin.
2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí a fheabhsú chun cánachas dúbailte a laghdú chomh maith le mí-úsáid chánach a chomhrac, i gcomhréir le mír 3.
2. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha staidrimh don mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún, i gcomhréir le mír 3.
Leasú 58 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 19 – mír 2 a (nua)
2a. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú gníomhach ar cibé an bhfuil tionchar ag an Treoir seo ar rioscaí a bhaineann le calaois chánach agus mí-úsáid chánach, agus ar an tionchar ar ioncaim chánach.
3. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit chun críocha meastóireachta agus formáid agus coinníollacha cumarsáide na faisnéise sin.
3. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis staidrimh atá le soláthar ag na Ballstáit chun críocha meastóireachta agus formáid agus coinníollacha cumarsáide na faisnéise sin.
5. Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
5. Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
1. Ní chuirfidh na Ballstáit srian le cearta an ábhair sonraí faoi Airteagail 15 go 19 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ach amháin a mhéid agus a fhad is gá dá n-údaráis inniúla chun an riosca calaoise cánach, imghabhála cánach nó seachanta cánach sna Ballstáit a mhaolú, go háirithe trína fhíorú go gcuirtear an ráta cánach siarchoinneálaí ceart i bhfeidhm maidir leis an úinéir cláraithe, nó trína fhíorú go bhfaigheann an t-úinéir cláraithe an faoiseamh má tá sé i dteideal amhlaidh go tráthúil.
1. Ní chuirfidh na Ballstáit srian le cearta an ábhair sonraí faoi Airteagail 15 go 19 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, a mhéid a d’fhéadfadh feidhmiú na gceart sin dochar a dhéanamh d’imscrúduithe agus ach amháin a mhéid agus a fhad is gá go docht dá n-údaráis inniúla chun an riosca calaoise cánach, imghabhála cánach nó seachanta cánach sna Ballstáit a mhaolú, go háirithe trína fhíorú go gcuirtear an ráta cánach siarchoinneálaí ceart i bhfeidhm maidir leis an úinéir cláraithe, nó trína fhíorú go bhfaigheann an t-úinéir cláraithe an faoiseamh má tá sé i dteideal amhlaidh go tráthúil. Tabharfar cearta na n-ábhar sonraí ar ais a luaithe nach ann a thuilleadh do na coinníollacha a thacaigh leis an srian.
__________________
__________________
45 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
45 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
3. Maidir le faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana.
3. Maidir le faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 5 mbliana.