Córais trádála is infheidhme do thíortha i mbéal forbartha

Leagtar béim i mbeartas forbartha AE ar a thábhachtaí atá an trádáil, agus dírítear ar na tíortha is mó atá i ngátar ann. Tugann Scéim na bhFabhar Ginearálaithe rochtain fhabhrach ar mhargadh AE do roinnt earraí ó thíortha i mbéal forbartha. Déanann Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche cóir fhabhrach do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéin Chiúin a áirithiú, agus tá feidhm ag an scéim Gach Ní seachas Airm maidir leis na tíortha is lú forbairt. Tá na scéimeanna sin i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

An Bunús dlí

Is é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don chomhbheartas tráchtála (CCP). Sonraítear in Airteagal 207 CFAE go bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach, a éilíonn formheas na Parlaiminte, maidir le CCP a chur chun feidhme.

Faoi Airteagal 218 CFAE, tá gá le toiliú na Parlaiminte chun comhaontuithe trádála idirnáisiúnta amhail na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna) a thabhairt chun críche.

Trádáil agus forbairt AE

Le teachtaireacht 2012 ón gCoimisiún dar teideal ‘Trádáil, fás agus forbairt: Beartas infheistíochta agus trádála a chur in oiriúint do na tíortha sin is mó atá i ngátar’[1] rinneadh athrú suntasach i múnla ‘trádála agus forbartha’ AE. Cé go raibh trádáil fós i gcroílár na straitéisí forbartha sa teachtaireacht, cuireadh i bhfáth go raibh gá méadaitheach le hidirdhealú a dhéanamh idir tíortha i mbéal forbartha chun díriú ar na tíortha sin is mó atá i ngátar. D’fhéach an Coimisiún le sineirgí idir beartais trádála agus forbartha a fheabhsú, amhail prionsabal chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt AE agus teachtaireacht Chlár Oibre don Athrú 2011[2], chomh maith le hathdhearbhú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le bunluachanna AE, amhail cearta an duine, a urramú.

Ar leibhéal iltaobhach, tacaíonn AE le Clár Oibre Forbartha na hEagraíochta Domhanda Trádala (EDT) a seoladh in Doha in 2001. I mí Dheireadh Fómhair 2015, dhaingnigh sé an Comhaontú um Éascú Trádála a tugadh chun críche ag an Naoú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in Bali, a bhfuil tábhacht ar leith leis do thíortha i mbéal forbartha agus do thíortha talamhiata. Ag an 10ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in Nairobi, bhí AE – in éineacht le roinnt balltíortha eile de chuid EDT – gníomhach agus saincheisteanna eile ar díol spéise iad do thíortha i mbéal forbartha á gcur chun cinn acu. Ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT in Abú Daibí (2024), rinneadh cinneadh maidir le próiseas an athaicmithe as an stádas mar ‘thír is lú forbairt’ a éascú agus idirthréimhse rianúil a áirithiú. Thairis sin, glacadh dearbhú maidir le hionramháil speisialta dhifreálach do thíortha is lú forbairt i ndáil le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur chun feidhme[3].

In 2007, ghlac an tAontas straitéis thiomnaithe maidir le cúnamh don trádáil. Tugadh an straitéis cothrom le dáta ina dhiaidh sin chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt agus Straitéis Dhomhanda AE a chomhlíonadh. In 2022, deimhnítear sa tuarascáil dul chun cinn is déanaí ón Aontas um chúnamh don trádáil gurb é an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit na soláthraithe Cúnamh don Trádáil is mó ar domhan, tar éis dóibh ranníocaíocht EUR 23 bhilliún a dhéanamh in 2020, ar méadú é ar EUR 17.9 billiún a tugadh in 2019. Tá 140 tír agus críoch incháilithe do chúnamh forbartha oifigiúil. Is ionann sciar an Aontais agus thart ar 38% de na cistí domhanda um Chúnamh don Trádáil.

Scéim na bhFabhar Ginearálaithe

Is é is cuspóir do Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (GSP) rochtain ar mhargadh AE do thíortha agus do chríocha i mbéal forbartha a éascú trí tharaifí ar a n-earraí a laghdú. Ar dtús, thug AE fabhair trádála aontaobhacha do thíortha i mbéal forbartha chun ioncam onnmhaire breise a ghiniúint chun go bhféadfaí é a ath-infheistiú ina bhforbairt inbhuanaithe féin. Faoi athchóiriú 2012[4], is ar na tíortha sin is mó atá i ngátar ba mhó a bhí scéim GSP dírithe – na tíortha is lú forbairt – ach coinníodh trí chomhchuid na scéime fós. Is é an GSP caighdeánach an chéad cheann díobh sin: socrú trádála uathrialaitheach ina dtugann AE rochtain fhabhrach neamh-chómhalartach ar mhargadh AE d’earraí eachtracha áirithe i bhfoirm taraifí laghdaithe nó gan aon taraif. Socrú dreasachta sonrach is ea an dara comhchuid, GSP+, a thugann laghduithe taraife do thíortha leochaileacha a bhfuil coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair, an comhshaol agus dea-rialachas daingnithe agus curtha chun feidhme acu. Tá an tionscnamh Gach Ní seachas Airm (EBA) ar an tríú comhchuid, ina ráthaítear rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ar AE do na táirgí uile seachas airm agus armlón do na 48 dTír is Lú Forbairt.

Maidir leis na critéir incháilitheachta don GSP caighdeánach – ina dtugtar laghdú ar dhleachtanna do thuairim is 66% de na línte taraife ina n-iomláine – rinneadh níos doichte iad chun nach ndéanfaí ach na tíortha ísealioncaim agus na tíortha íseal-mheánioncaim is leochailí a áireamh ann. Mar thoradh air sin, laghdaíodh go mór an grúpa tairbhithe ó 176 go 23 le linn thréimhse 2016-2017, agus ní raibh ach 15 thairbhí ann in 2020, agus rinneadh na tíortha sin a bhí aicmithe ag an mBanc Domhanda mar thíortha ardioncaim nó ard-mheánioncaim a bhaint ón scéim de réir a chéile.

Faoi GSP+, an socrú speisialta le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachais, gearrtar dleachtanna nialais fós ar thuairim is 66% de na línte taraife uile atá ainmnithe faoin GSP caighdeánach do thíortha i mbéal forbartha a mheastar a bheith leochaileach. Tá an socrú sin, áfach, faoi choinníoll go ndéantar daingniú agus cur chun feidhme ar na 27 gcoinbhinsiún idirnáisiúnta atá ábhartha d’fhorbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear coinbhinsiúin maidir le cearta an duine, coinbhinsiúin maidir le cearta saothair, coinbhinsiúin áirithe a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus coinbhinsiúin a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne táirgeadh agus gáinneáil drugaí neamhdhleathacha. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sin cuirtear an lamháltas taraife ar fionraí. Áirítear ocht dtír sa liosta tairbhithe. Bhí an dá scéim GSP sin le dul in éag ar dtús i mí na Nollag 2023, ach cuireadh síneadh leo go dtí mí na Nollag 2027, ós rud é go bhfuil rialachán GSP nua á phlé faoi láthair idir an Pharlaimint agus an Chomhairle. Ba cheart don rialachán nua leanúint den bheartas céanna a shaothrú chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha tairbhíocha a chothú, lena n-áirítear dea-rialachas agus cearta an duine a urramú, agus é mar phríomhaidhm leis deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

Tugann tionscnamh EBA rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ar feadh tréimhse gan teorainn do na táirgí uile a allmhairítear ó na 48 dTír is Lú Forbairt, seachas airm agus armlón. Díobh sin, is tíortha Afracacha iad 34 díobh, is tíortha Áiseacha iad ocht díobh, is tíortha as réigiún an Aigéin Chiúin iad cúig díobh agus tá tír amháin sa Mhuir Chairib (Háítí). Maidir leis na tíortha sin uile a shínigh agus a dhaingnigh comhaontaithe saorthrádála (FTAnna) le AE, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch leis an gcóir fhabhrach a mbaineann na tíortha sin tairbhe as, gan beann ar a leibhéal forbartha.

Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche

Ba iad na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna) na príomhionstraimí chun trádáil idir AE agus réigiúin san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéin Chiúin (ACC) a chur chun cinn faoi Chomhaontú Cotonou 2000. Athdhearbhaíodh tábhacht na n-ionstraimí sin i gComhaontú Shamó 2023. Mar bhunchlocha an chaidrimh trádála idir an tAontas agus tíortha ACC, tá CCEnna ceaptha le bheith comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus tá siad ag teacht in ionad chóras trádála fabhrach aontaobhach an Aontais de réir a chéile.

Bhíothas ag dréim leis, go dtiocfadh an chaibidlíocht maidir le CCEnna, ar cuireadh tús leo in 2002, chun críche faoi 2008. Mar gheall gur thóg an próiseas caibidlíochta i bhfad níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis, ghlac AE rialachán maidir le rochtain ar an margadh chun socruithe sealadacha maidir le rochtain ar an margadh suas go dtí 2014 a áirithiú. Cuireadh síneadh dhá bhliain eile leis an spriocdháta sin. An 28 Iúil 2016, rinneadh an rialachán maidir le rochtain ar an margadh a aisghairm agus tháinig Rialachán (AE) 2016/1076 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 ina ionad[5].

Staid na himeartha

Ba é an chéad CCE réigiúnach ná CCE Fhóram Mhuir Chairib (Cariforum), a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2008, agus a d’fhormheas an Pharlaimint an 25 Márta 2009. Tá sé i bhfeidhm go sealadach faoi láthair, leis na comhinstitiúidí CCE ag teacht le chéile go rialta ó 2010, agus rinneadh athbhreithniú air den chéad uair in 2015. Tá comhchóras faireacháin á chur ar bun ag an dá thaobh chun cur chun feidhme agus tionchar CCE a thomhas. Tá caibidlíocht maidir leis an gcomhaontú chun tásca geografacha ar leith a chosaint ar siúl faoi láthair, chomh maith le staidéar meastóireachta ex post maidir leis na chéad 10 mbliana dá chur chun feidhme.

An Afraic Thiar: rinneadh an chaibidlíocht maidir le CCE réigiúnach idir AE agus 16 thír de chuid na hAfraice Thiar a thabhairt i gcrích i mí Feabhra 2014. Tá CCE sínithe ag Ballstáit uile AE agus 15 thír de chuid na hAfraice Thiar, seachas an Nigéir. Shínigh an Mháratáin agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) Comhaontú Comhlachais an 9 Lúnasa 2017, chun rannpháirtíocht na tíre i mbeartas trádála ECOWAS a shainiú, lena n-áirítear CCE. Idir an dá linn, shínigh an Cósta Eabhair agus Gána CCEnna ‘eatramhacha’ an 26 Samhain 2008 agus an 28 Iúil 2016 faoi seach. Thug an Pharlaimint a toiliú ina leith an 1 Nollaig 2016, agus tá an dá chomhaontú eatramhacha á gcur i bhfeidhm go sealadach ó shin. Thacaigh Gána agus AE leis an tairiscint agus an sceideal maidir le rochtain iomlán ar an margadh a mhol Gána. Chuir Gána tús lena mhargadh do tháirgí AE a léirscaoileadh in 2020, próiseas atá le bheith tugtha chun críche faoi 2029. Tháinig na páirtithe ar chomhaontú freisin maidir leis an leagan críochnaitheach den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh.

An Afraic Láir: Ba é Camarún an t-aon tír san Afraic Láir a shínigh CCE le AE agus rinne sé amhlaidh an 15 Eanáir 2009. Thug an Pharlaimint a toiliú ina leith i mí an Mheithimh 2013. I mí Iúil 2014, rinne Parlaimint Chamarún an comhaontú a dhaingniú, a tháinig i bhfeidhm go sealadach an 4 Lúnasa 2014. Idir an dá linn, tá an réigiún agus AE go leanúnach i dteagmháil lena chéile maidir le haontachas thíortha eile na hAfraice Láir, ach níl aon CCE réigiúnach sínithe go fóill.

An Afraic Thoir agus Theas: in 2009, shínigh ceithre thír sa réigiún CCE (Oileán Mhuirís, na Séiséil, an tSiombáib agus Madagascar) atá i bhfeidhm go sealadach ón 14 Bealtaine 2012. Thug an Pharlaimint a toiliú ina leith an 17 Eanáir 2013. Tá an comhaontú ar oscailt do thíortha eile agus shínigh Oileáin Chomóra é i mí Iúil 2017. Cuireadh tús lena chur i bhfeidhm sealadach an 7 Feabhra 2019. Tá caibidlíocht ar bun chun raon feidhme CCE a leathnú, lena n-áirítear gach saincheist a bhaineann le trádáil, amhail an nasc idir an trádáil agus an fhorbairt inbhuanaithe, agus chun comhlachtaí comhairliúcháin don tsochaí shibhialta agus do pharlaimintí a bhunú, agus tharla an 12ú babhta idirbheartaíochta sa Bhruiséil ón 26 go 30 Meitheamh 2023.

Comhphobal na hAfraice Thoir: tugadh an chaibidlíocht i gcomhair CCE réigiúnach chun críche go rathúil an 16 Deireadh Fómhair 2014. An 1 Meán Fómhair 2016, shínigh an Chéinia agus Ruanda CCE i dteannta le Ballstáit AE agus AE. Níor cuireadh CCE réigiúnach i bhfeidhm go sealadach, áfach. Is amhlaidh atá toisc nár shínigh agus nár dhaingnigh comhaltaí uile EAC an comhaontú, rud a bhí ina cheanglas maidir lena chur i bhfeidhm. I mí Feabhra 2021, rinneadh cinneadh i nGnáthchruinniú Mullaigh EAC na gCeann Stáit cead a thabhairt do thíortha aonair EAC an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche AE-EAC a chur chun feidhme go déthaobhach faoi phrionsabal na ‘geoiméadrachta athraithí’. Tugadh an chaibidlíocht idir an tAontas agus an Chéinia chun críche an 19 Meitheamh 2023 ar an leibhéal polaitiúil, arbh é ab aidhm di na coigeartuithe is gá a dhéanamh chun forálacha CCE AE-EAC a chur chun feidhme go déthaobhach. An 29 Feabhra 2024, thug an Pharlaimint a toiliú chun CCE a thabhairt i gcrích. Beidh sé fós ar oscailt d’aontachas Stát Comhpháirtíochta eile de chuid EAC.

Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC): tar éis 10 mbliana i mbun caibidlíochta, tugadh caibidlíocht CCE chun críche go rathúil i mí Iúil 2014. Rinne AE agus grúpa CCE SADC, lena gcuimsítear 6 chomhalta as na 15 chomhalta de SADC (an Bhotsuáin, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Eswatini agus an Afraic Theas), an comhaontú a shíniú i mí an Mheithimh 2016, agus tháinig sé i bhfeidhm go sealadach i mí Dheireadh Fómhair 2016 tar éis don Pharlaimint a toiliú a thabhairt ina leith i mí Mheán Fómhair 2016. Rinne Mósaimbíc an comhaontú a dhaingniú i mí Aibreán 2017, agus tá sé curtha i bhfeidhm anois go sealadach ón 4 Feabhra 2018. Tharraing an Afraic Theas siar go hoifigiúil as Prótacal SADC in 2019. Tá stádas breathnóra ag Angóla. An 22 Meitheamh 2021, sheol an tAontas agus Angóla caibidlíocht maidir le Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú. Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích an 18 Samhain 2022, tar éis ceithre bhabhta. An 7 Feabhra 2024, thug an Pharlaimint a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích.

An tAigéan Ciúin: Shínigh AE agus Nua-Ghuine Phapua (PNG) CCE i mí Iúil 2009, agus shínigh Fidsí é i mí na Nollag 2009. Thug an Pharlaimint a toiliú ina leith i mí Eanáir 2011. Dhaingnigh Parlaimint PNG CCE i mí Bealtaine 2011, agus chinn Fidsí tús a chur le CCE a chur i bhfeidhm go sealadach i mí Iúil 2014. Níos déanaí ná sin, thug Samó an próiseas aontachais le CCE i gcrích i mí na Nollag 2018, agus rinne Oileáin Sholamón amhlaidh i mí Bealtaine 2020. Tugadh comhaontuithe aontachais le Túvalú, Niue agus Tonga i gcrích go déanach in 2023 agus go luath in 2024. Tá siad curtha faoi bhráid na Parlaiminte le toiliú a fháil.

 

[2]‘Tionchar Bheartas Forbartha AE a mhéadú: Clár Oibre don Athrú’ (COM(2011)0637).
[3]Dearbhú maidir le cur chun feidhme beacht, éifeachtach agus oibríochtúil forálacha ionramhála speisialta agus difreálaí an Chomhaontaithe maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm agus an Chomhaontaithe maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil - dearbhú aireachta, a glacadh an 2 Márta 2024 (WT/L/1191; WT/MIN(24)/36).
[4]Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle, IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.
[5]Rialachán (AE) 2016/1076 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe ar cuid iad de Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch, nó as a dtagann bunú na gcomhaontuithe sin, IO L 185, 8.7.2016 lch.1.

Wolfgang Igler