D’fhág iarmhairtí tubaisteacha an Dara Cogadh Domhanda agus an baol leanúnach go mbeadh coimhlint ann idir an tIarthar agus an tOirthear gur tugadh tús áite d’athmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Ba é an chéad chéim i dtreo lánpháirtíocht na hEorpa an cinneadh go ndéanfaí na tionscail ghuail agus chruach i sé thír de chuid na hEorpa a chomhthiomsú, ar cinneadh é ar tugadh feidhm dó le Conradh Pháras in 1951. Láidríodh bunús na lánpháirtíochta sin le Conarthaí na Róimhe in 1957 mar aon leis an gcoincheap go mbeadh todhchaí chomhchoiteann ag na sé thír Eorpacha a bhí páirteach inti.

Bunús dlí

  • Síníodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), nó Conradh Pháras, an 18 Aibreán 1951 agus tháinig sé i bhfeidhm an 23 Iúil 1952. Den chéad uair riamh, tháinig sé Stát de chuid na hEorpa ar chomhaontú go n-oibreoidís i dtreo na lánpháirtíochta. Leagadh bunchloch an Chomhphobail leis an gConradh seo nuair a bunaíodh feidhmeannas ar tugadh an ‘tArd-Údarás’ air, mar aon le Tionól Parlaiminteach, Comhairle Airí, Cúirt Bhreithiúnais agus Coiste Comhairleach. Chuaigh Conradh CEGC in éag an 23 Iúil 2002 ag deireadh na tréimhse bailíochta 50-bliain a leagtar síos in Airteagal 97. I gcomhréir leis an bPrótacal (Uimh. 37) atá i gceangal leis na Conarthaí (an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), sannadh glanluach shócmhainní CEGC ag am a dhíscaoilte don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun taighde ag na Ballstáit in earnálacha atá gaolmhar le tionscal an ghuail agus na cruach a mhaoiniú.
  • Síníodh na Conarthaí ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA nó ‘Euratom’ mar a thugtar air), nó Conarthaí na Róimhe, an 25 Márta 1957 agus tháinig siad i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958. Murab ionann agus Conradh CEGC, cuireadh i gcrích Conarthaí na Róimhe ‘go ceann tréimhse gan teorainn’ (Airteagal 240 de Chonradh CEE agus Airteagal 208 de Conradh CEFA), rud a bhronn stádas gar-bhunreachtúil orthu.
  • Is iad na sé thír bhunaidh ná an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír.

Cuspóirí

  • Bhí lucht bunaithe CEGC soiléir faoina raibh ar intinn acu don Chonradh, is é sin nach raibh ann ach an chéad chéim i dtreo ‘Cónaidhm Eorpach’ a bhaint amach. Bhí an cómhargadh guail agus cruach le bheith ina thionscadal trialach a bhféadfaí é a leathnú de réir a chéile go réimsí eacnamaíocha eile, agus a mbeadh Eoraip pholaitiúil mar thoradh air sa deireadh.
  • Is é an aidhm a bhí ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ná cómhargadh a bhunú a bheadh bunaithe ar na ceithre shaoirse gluaiseachta (earraí, daoine, caipiteal agus seirbhísí).
  • Is é an aidhm a bhí ag Euratom an soláthar d’ábhair eamhnacha a chomhordú mar aon leis na cláir thaighde a bhain le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach a bhí tionscanta nó a bhí á n-ullmhú ag Ballstáit.
  • Nochtar aontacht cuspóra taobh thiar de chruthú na gComhphobal i mbrollaigh na dtrí Chonradh, is é sin an tuairim daingean nach mór do Stáit na hEorpa oibriú as lámha a chéile i dtreo na todhchaí mar gurb é sin amháin a chuirfidh ar a gcumas a gcinniúint a rialú.

Príomhphrionsabail

Bunaíodh na Comhphobail Eorpacha (CEGC, CEE agus Euratom) mar thoradh ar an mian go mbeadh Eoraip aontaithe ann, ar fís í a tháinig chun cinn mar fhreagra díreach ar na himeachtaí a rinne scrios ar an mór-roinn. Bhí gá le hatheagar a chur ar na tionscail straitéiseacha tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tionscal na cruach go háirithe. Agus í faoi bhagairt ag coimhlint idir an tIarthar agus an tOirthear, bhí todhchaí na hEorpa ag brath ar athmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin.

D’fhéadfaí féachaint ar an achainí a rinne Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an 9 Bealtaine 1950, mar thúsphointe do lánpháirtíocht na hEorpa. Bhain siombalachas nach beag an uair sin le gual agus cruach a roghnú: tionscail ríthábhachtacha a bhí i dtionscal an ghuail agus na cruach ag tús na 1950í; is orthu a bhí cumhacht tíre bunaithe. Anuas ar na tairbhí eacnamaíocha soiléire, bhí sé beartaithe go mbeadh comhthiomsú acmhainní na Fraince agus na Gearmáine ina chomhartha go raibh deireadh leis an iomaíocht idir an dá thír. D’fhógair Robert Schuman an méid seo an 9 Bealtaine 1950: ‘Ní láithreach bonn, nó de réir plean aonair, a dhéanfar an Eoraip. Trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í.’ Is ar bhunús an phrionsabail sin a shínigh an Fhrainc, an Iodáil, an Ghearmáin agus tíortha Benelux (an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg) Conradh Pháras, a dhírigh den chuid is mó ar na nithe seo a leanas a áirithiú:

  • saorghluaiseacht earraí agus saor-rochtain ar fhoinsí táirgeachta;
  • faireachán buan a dhéanamh ar an margadh chun go seachnófaí saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ina údar do thabhairt isteach cuótaí táirgeachta;
  • comhlíonadh rialacha na hiomaíochta agus prionsabal na trédhearcachta ó thaobh praghsanna de;
  • tacaíocht do nuachóiriú agus do thiontú na n-earnálacha guail agus cruach.

Tar éis shíniú Chonradh Pháras, agus in ainneoin go raibh an Fhrainc i gcoinne fórsa míleata náisiúnta don Ghearmáin a athbhunú, bhí René Pleven ag déanamh machnamh ar airm Eorpach a thógáil. Bhí an Comhphobal Eorpach Cosanta (CEC), a caibidlíodh in 1952, ceaptha teacht ar an bhfód in éineacht le Comhphobal Polaitiúil (CPE). Caitheadh i dtraipisí an dá phlean tar éis do Thionól Náisiúnta na Fraince diúltú an conradh a dhaingniú an 30 Lúnasa 1954.

Cuireadh moltaí sonracha chun cinn maidir le haontas custaim agus fuinneamh adamhach ag Comhdháil Messina (i mí an Mheithimh 1955) mar iarracht chun dlús a chur le próiseas lánpháirtíochta na hEorpa arís. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, síníodh Conarthaí CEE agus CEFA.

Áirítear an méid seo a leanas sna forálacha den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CCE, Conradh na Róimhe) :

  • dleacht chustaim idir Ballstáit a dhíothú;
  • comhtharaif Chustaim sheachtrach a bhunú;
  • comhbheartais don talmhaíocht agus don iompar a tabhairt isteach;
  • Ciste Sóisialta na hEorpa a chruthú;
  • Banc Eorpach Infheistíochta a bhunú;
  • caidrimh níos dlúithe idir na Ballstáit a fhorbairt.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, leag conradh CEE treoirphrionsabail síos mar aon le creat do ghníomhaíochtaí reachtacha institiúidí an Chomhphobail. Is iad na comhbheartais a bhí i gceist leis sin: an comhbheartas talmhaíochta (Airteagail 38 go 43), an beartas iompair (Airteagail 74 agus 75) agus an comhbheartas tráchtála (Airteagail 110 go 113).

Tá an cómhargadh ceaptha saorghluaiseacht earraí agus soghluaisteacht na dtosca táirgeachta (saorghluaiseacht oibrithe agus fiontar, an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus saorghluaiseacht caipitil) a ráthú.

Bhí cuspóirí an-uaillmhianach ag an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom) ag an tús, ar áiríodh leo ‘tionscail núicléacha a bhunú agus a fhás go mear’. Níor mhór, áfach, gearradh siar ar na cuspóirí sin de bharr nádúr casta agus íogair na hearnála núicléiche a raibh baint aici le leasanna ríthábhachtacha na mBallstát (cosaint agus neamhspleáchas náisiúnta).

Bhí sé ina choinníoll ag an gCoinbhinsiún ar Institiúidí Áirithe is Coiteann do na Comhphobail Eorpacha, a síníodh agus a tháinig i bhfeidhm ag an am céanna le Conarthaí na Róimhe, gur comhinstitiúidí a bheadh sa Tionól Parlaiminteach agus sa Chúirt Bhreithiúnais. Chuaigh an Coinbhinsiún sin in éag an 1 Bealtaine 1999. Ní raibh fágtha ina dhiaidh sin ach go ndéanfaí na ‘Feidhmeannais’ a chumasc, chun go gcuirfeadh an Conradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha an 8 Aibreán 1965, ar tugadh an ‘Conradh Cumaisc’ air, clabhsúr ar an bpróiseas chun na hinstitiúidí a aontú.

Ón uair sin ar aghaidh, bhí tús áite ag CEE ar na comhphobail earnála, CEGC agus CEFA. B’ionann é sin agus bua do chóras ginearálta CEE ar chóras ina raibh eagraíochtaí le hinniúlacht earnála ag feidhmiú in éineacht, maille le bunú a chuid institiúidí féin.

Is í an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i bParlaimint na hEorpa a d’ullmhaigh an bhileog eolais seo.

 

Mariusz Maciejewski / Rudolfs Verdins