Tá bainistiú iascaigh faoin gcomhbheartas iascaigh (CBI) bunaithe ar an ngá atá ann a chinntiú go saothrófar acmhainní bitheolaíocha muirí ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála a chinntiú. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, tá reachtaíocht glactha ag an Aontas Eorpach maidir leis an rochtain ar uiscí AE, maidir le leithdháileadh agus úsáid acmhainní, maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe, maidir le teorannú na hiarrachta iascaireachta agus maidir le bearta teicniúla eile.

Bunús dlí

Airteagail 38 go 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuspóirí

Is é an príomhchuspóir ná inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála a chinntiú trí shaothrú inbhuanaithe na n-acmhainní.

A bhfuil bainte amach

A. Na rialacha lena rialaítear rochtain ar uiscí agus ar acmhainní

Mar riail ghinearálta, tá rochtain chothrom ag gach uile shoitheach iascaireachta atá cláraithe san Aontas ar na huiscí agus ar na hacmhainní ar fud AE. Is ann do líon áirithe eisceachtaí sealadacha ar an riail sin, ach rachaidh na heisceachtaí sin in éag faoi dheireadh 2032. Is iad sin:

1. Srianta rochtana laistigh den chrios 12 mhíle

Laistigh de chrios cósta 12 mhíle ar a mhéad, féadfaidh Ballstáit gan rochtain a cheadú ach do na trí ghrúpa soithí agus iascaigh seo a leanas:

  • Soithí ó chalafoirt chóngaracha a bhíonn ag iascaireacht go traidisiúnta sna huiscí sin;
  • Soithí atá sainaitheanta faoi chaidreamh comharsanachta atá cheana ann;
  • Soithí a bhaineann leis na cineálacha iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Bunrialachán CBI.

2. Srianta rochtana laistigh de chrios 100 míle na réigiún is forimeallaí

In uiscí laistigh de 100 míle ó bhunlíne an chósta sna réigiúin is forimeallaí de AE, is féidir gan rochtain a cheadú ach do na grúpaí soithí seo a leanas:

  • Soithí atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin;
  • Soithí a bhíonn ag iascaireacht go traidisiúnta sna huiscí sin.

B. Cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe

Ceann de thosaíochtaí CBI is ea caomhnú na n-acmhainní tríd an acmhainneacht iascaireachta a chur in oiriúint do na deiseanna iascaireachta. Chun saothrú inbhuanaithe a bhaint amach, is gá na stoic éisc a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY). Chun na críche sin, bunaítear cinntí CBI ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus cuirtear an cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm, sa chaoi nach féidir an easpa faisnéise eolaíche leordhóthanaí a úsáid mar chúis chun bearta ar mhaithe le speicis a chaomhnú a chur siar nó a sheachaint. Maidir leis an saothrú inbhuanaithe, is gá cur chuige bunaithe ar éiceachóras i leith bainistiú iascaigh a thabhairt isteach de réir a chéile.

C. Deiseanna iascaireachta

Déanann an tAontas, ar bhonn bliantúil, deiseanna iascaireachta le haghaidh formhór na speiceas tráchtála a leithdháileadh, agus tugtar an ‘ghabháil iomlán incheadaithe’ (TAC) ar na leithdháiltí sin. Ar bhonn measúnuithe eolaíocha ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), déanann an Coimisiún a thograí maidir le TACanna a thíolacadh don Chomhairle ag deireadh gach bliana. Le blianta beaga anuas, faoi na socruithe do na pleananna bainistithe ilbhliantúla, bhí na srianta do na gabhálacha níos cobhsaí, rud a chuir ar chumas na n-iascairí a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil ar bhealach níos fearr.

D. Prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta

Leithdháiltear na deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit ar bhealach lena gcinntítear cobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh gach stoic lena mbaineann. Faoi phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta, atá bunaithe go háirithe ar leibhéil stairiúla na ngabhálacha, ní mór céatadán seasta den iarracht iascaireachta údaraithe a choinneáil do na príomhspeicis tráchtála do gach Ballstát. Ní mór don iarracht iascaireachta a bheith seasmhach i gcoitinne san fhadtéarma, i bhfianaise a thábhachtaí agus atá sé a chinntiú gur féidir leanúint ar aghaidh leis an iascaireacht, go háirithe i réigiúin atá ag brath go mór ar an iascach le fada.

E. Coigeartú níos fearr ar na hacmhainneachtaí iascaireachta

I gcomhréir le cuspóir an tsaothraithe inbhuanaithe atá in CBI, tá feabhas ag teacht ar an meaits idir deiseanna iascaireachta agus acmhainneachtaí iascaireachta. Is ann dó seo go príomha mar thoradh ar an stádas feabhsaithe atá ag stoic iascaigh thábhachtacha a bhfuil an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) ag méadú dóibh, ach is ann dó freisin mar gheall ar laghdú a bheith tagtha ar acmhainneacht an fhlít iascaireachta san Aontas. Dá bhrí sin, tá laghdú tagtha ar fheidhmíocht eacnamaíoch fhormhór chabhlaigh iascaireachta an Aontais le blianta beaga anuas. In 2017 measadh gur EUR 4.5 billiún a bhí san oll-bhreisluach (OBL) lena n-aghaidh, agus laghdaigh sé sin go EUR 3.3 billiún in 2021. Tháinig laghdú ar an ollbhrabús measta ó EUR 2 billiún in 2017 go EUR 1.19 bhilliún in 2021.

F. Rialachán nua maidir le bearta teicniúla

Is éard is bearta teicniúla ann uirlisí lena dtacaítear le cur chun feidhme CBI. Go ginearálta, féachann siad le cosc a chur ar ghabhálacha d’iasc óg, de speicis neamhthráchtála agus d’ainmhithe muirí eile. I bhfianaise an ghá atá le cur chuige nua chun éifeachtacht na mbeart teicniúil a fheabhsú, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar an 20 Meitheamh 2019, Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla. Sa rialachán sin, déantar nuashonrú agus comhdhlúthú ar na sainmhínithe a bhí cheana ann ar threalamh iascaireachta agus ar oibríochtaí iascaireachta, agus féachtar ann le bheith níos soiléire agus níos aonfhoirmí ó thaobh léirthuiscint agus chur chun feidhme na rialacha teicniúla. Leagtar síos leis an rialachán seo bearta teicniúla a dhéileálann le gabháil agus tabhairt i dtír acmhainní bitheolaíocha muirí, le hoibriú trealaimh iascaireachta agus leis an idirghníomhú atá idir gníomhaíochtaí iascaireachta agus éiceachórais mhuirí.

1. Comhbhearta Teicniúla

Leagann an rialachán síos na comhbhearta teicniúla a bhfuil feidhm acu ar fud uiscí uile an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le hiascaigh áineasa:

  • Toirmeasc ar threalamh iascaireachta díobhálach nó modhanna iascaireachta díobhálacha ina mbaintear feidhm as pléascáin, nimheanna, substaintí támhaithe, sruth leictreach, casúir neomatacha nó fearais buailte eile, feistí tarraingthe agus alpairí a úsáidtear chun coiréal dearg a shaothrú nó cineálacha eile coiréil nó speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú agus ga-ghunnaí áirithe;
  • Srianta ginearálta ar threalamh tarraingthe, líonta éighníomhacha agus sruthlíonta a úsáid;
  • Toirmeasc ginearálta ar speicis íogaire a iascach;
  • Toirmeasc ar threalamh iascaireachta ar leith a úsáid laistigh de ghnáthóga íogaire, lena n-áirítear éiceachórais mhuirí atá leochaileach;
  • Íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) a bhunú i.e. íosmhéid do speicis a fhéadfar a choinneáil ar bord agus/nó a thabhairt i dtír;
  • Bearta chun aischur éisc a laghdú, ar nós treoirthionscadail a fhorbairt chun breathnú isteach i modhanna chun laghdú a dhéanamh ar an méid éisc a ghabhtar nach rabhthas ag iarraidh a thógáil ar an gcéad dul síos.

2. Réigiúnú na mbeart teicniúil

Sa rialachán sin, cuirtear creat ar bun chun go bhféadfar na bearta teicniúla a oiriúnú do shonraíochtaí réigiúnacha na n-iascach. Ba cheart go mbeifí in ann an próiseas réigiúnaithe a bhaint amach trí chur chuige ón íochtar aníos trínar féidir le Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an tionscal trí bhíthin comhairlí comhairleacha áitiúla, moltaí comhpháirteacha a chur isteach le haghaidh na mbeart teicniúil seo a leanas:

  • Trealamh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis;
  • Toirmeasc nó srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcriosanna áirithe agus le linn tréimhsí áirithe;
  • Íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) a bhunú i.e. íosmhéid do speicis a fhéadfar a choinneáil ar bord agus/nó a thabhairt i dtír;
  • Iaimh fhíor-ama a chruthú chun a áirithiú go dtabharfar cosaint do speicis íogaire nó do chomhbhailiúcháin d’éisc óga, d’éisc sceite nó de speicis sliogéisc;
  • Trealamh iascaireachta nuálach a úsáid;
  • Bearta caomhantais;
  • Pleananna sealadacha le haghaidh aischuir éisc;
  • Sainmhíniú ar threoirthionscadail trína ndéanfar córas a fhorbairt chun doiciméadú iomlána a dhéanamh ar ghabhálacha agus aischuir bunaithe ar chuspóirí agus spriocanna intomhaiste.

G. Pleananna bainistithe ilbhliantúla

Féachann pleananna bainistithe ilbhliantúla le méid na stoc a choinneáil laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte do na himchuacha farraige éagsúla san Aontas. Leagtar síos sna pleananna sin gabhálacha uasta agus raon beart teicniúil, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe gach stoic agus an iascaigh ina bhfuil sé le fáil (na spriocspeicis, an trealamh atá in úsáid, stádas na spriocstoc) agus ar an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag na bearta ar an iascach lena mbaineann.

H. Pleananna ilbhliantúla maidir le hathbhunú stoc

Cuirtear pleananna ilbhliantúla maidir le hathbhunú stoc i bhfeidhm do stoic éisc atá i mbaol. Tá siad bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus déantar foráil iontu do shrianta ar an iarracht iascaireachta, amhail teorainneacha ar líon na laethanta a bhíonn soithí ar muir. Cinntíonn siad go gcoinneofar tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí ag leibhéil inbhuanaithe.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Bhí ról cinntitheach ag an bParlaimint i bhforbairt na reachtaíochta i réimse an bhainistithe iascaigh ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Seo a leanas cuid de na nithe is déanaí agus is tábhachtaí atá bainte amach:

An 6 Iúil 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le Rialachán (EU) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt. Cuirtear na hidirghníomhaíochtaí bitheolaíocha láidre atá ann san áireamh sa chur chuige réigiúnach nua sin. Bunaítear leis plean iascaigh ilspeiceas ina gcuirtear san áireamh an caidreamh dinimiciúil sna huiscí sin idir na stoic troisc, scadáin agus saláin, chomh maith le foghabhálacha na stoc sin, eadhon na stoic leathóige, leithe, turbaird agus broite i Muir Bhailt.

An 14 Meán Fómhair 2016, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1627 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

An 23 Samhain 2016, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/2094 lena mbunaítear plean fadtéarmach don stoc trosc agus don iascach a shaothraíonn an stoc sin. Bhí sé mar aidhm le hathbhreithniú an phlean a chinntiú go ndéanfaí saothrú ar mhodh a chuideoidh leis na stoic sin a athbhunú agus a choinneáil os cionn na leibhéal lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

An 4 Iúil 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/973 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh. Cumhdaítear sa phlean go bhféadtar liosta de stoic ghrinnill a shaothrú sa Mhuir Thuaidh, agus, má leathnaíonn na stoic atá liostaithe amhlaidh amach níos faide ná sin, ina huiscí máguaird.

An 13 Samhain 2018, ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin. An 29 Meán Fómhair 2020, tharraing an Coimisiún siar a thogra faoi seach.

An 19 Márta 2019, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/472 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin.

An 20 Meitheamh 2019, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.

An 20 Meitheamh 2019, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1154 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí.

Ar an 20 Meitheamh 2019, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla.

An 21 Eanáir 2021, ghlac an Pharlaimint rún dar teideal ‘More fish in the seas? Measures to promote stock recovery above the maximum sustainable yield (MSY), including fish recovery areas and marine protected areas’ [Níos mó éisc sna farraigí? Bearta chun aisghabháil stoc a chur chun cinn os cionn na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI), lena n-áirítear limistéir aisghabhála éisc agus limistéir mhuirí faoi chosaint]. Sa rún seo, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cuimsiú eolaíoch ar shaothrú na stoc éisc a neartú agus cur chun feidhme an chur chuige éiceachórais i leith bainistíocht iascaigh chomh maith le roghnaíocht agus ráta marthanais nach spriocspeicis iad a fheabhsú. Rinne sí tuilleadh moltaí an líonra limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFCanna) a leathnú agus feabhas a chur ar a gcórais bainistithe.

An 25 Márta 2021, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an tionchar atá ag bruscar muirí ar iascaigh. Sa rún seo, d’iarr an Pharlaimint go ndéanfaí tuairisciú feabhsaithe ar trealamh iascaireachta caillte ar muir agus mhol sí uirlisí nua a fhorbairt i gcomhair trealaimh iascaireachta caillte ar muir a shainaithint agus a rianú agus sonraí a thaifeadadh maidir le bruscar muirí ar iascaigh. D’iarr sí freisin go ndéanfaí tuilleadh maoinithe agus taighde ar iarrachtaí chun teacht ar ábhair mhalartacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a d’fhéadfaí a úsáid agus trealamh iascaireachta á dhearadh. Ar deireadh, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún ciste sonrach a chruthú chun tacú leis na Ballstáit agus plean gníomhaíochta an Aontais a tharraingt suas chun caitheamh bruscar muirí a chomhrac.

An 15 Márta 2023, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/675 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta chun tuinnín gorm deisceartach a chaomhnú.

An 9 Bealtaine 2023 ghlac an Pharlaimint rún maidir le chomhbhainistíocht iascaigh san Aontas agus rannchuidiú earnáil an iascaigh le bearta bainistíochta a chur chun feidhme. Sa rún seo, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún creat rialála neamhcheangailteacha deonach ar chomhbhainistíocht iascaigh. Chuir an Pharlaimint béim ar an bhfíoras gur cheart go ndíreodh bearta AE don chomhbhainistíocht ar thionscnaimh chumasúcháin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ar mhalartú dea-chleachtas.

An 13 Meán Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2053 lena mbunaítear plean bainistithe ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Leis an rialachán seo, cuirtear le Rialachán (AE) 2016/1627, lenar bunaíodh plean chun sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta a chur san áireamh, agus chun úsáid trealaimh roghnaithigh ar lú a thionchar ar an gcomhshaol a chur chun cinn, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála do phobail áitiúla.

An 4 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2124 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir).

An 13 Nollaig 2023, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2833 lena mbunaítear clár Doiciméadachta Gabhála don Tuinnín Gorm (Thunnus thynnus).

An 18 Eanáir 2024, ghlac an Pharlaimint rún maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha. Sa rún sin iarradh cur chuige cothrom i leith shainiú agus cur chun feidhme LMFCanna agus rannpháirtíocht éifeachtach na n-iascairí á háirithiú ag an am céanna maidir lena n-ainmniú agus a mbainistiú. D’iarr sí chomh maith go ndéanfar toirmeasc a chur ar gach gníomhaíocht thionsclaíoch eastóscach a dhéanann damáiste don chomhshaol, amhail mianadóireacht agus eastóscadh breoslaí iontaise, in LMFCanna. D’iarr an Pharlaimint chomh maith ar an gCoimisiún agus na Ballstáit go gcuirfí chun feidhme na bearta cosanta nó sriantacha ar gá leo chun na spriocanna caomhnaithe agus athchóirithe a bhaineann go sonrach le gach LMFC a bhaint amach.

An 13 Márta 2024, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/897 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) 2023/2053 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

 

Marcus Ernst Gerhard Breuer / Dana Divera Twisk