Inniúlachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), an Chúirt Bhreithiúnais féin agus an Chúirt Ghinearálta, agus chuireann sí modhanna sásaimh éagsúla ar fáil, mar a leagtar síos in Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, in Airteagail 251-281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), in Airteagal 136 de Chonradh Euratom, agus i bPrótacal Uimh. 3 atá i gceangal leis na Conarthaí ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
An Chúirt Bhreithiúnais
A. Imeachtaí díreacha in aghaidh Ballstát nó institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta den Aontas Eorpach.
Tugann an Chúirt rialú ar imeachtaí in aghaidh stát nó institiúidí nach bhfuil a n-oibleagáidí faoi dhlí AE comhlíonta acu.
1. Imeachtaí in aghaidh Ballstáit toisc nár chomhlíon sé oibleagáid
Is é a thionscnaíonn na caingne sin ná:
- an Coimisiún, tar éis réamhnós imeachta (Airteagal 258 CFAE): tugtar deis don stát a chuid barúlacha agus a thuairim réasúnaithe a chur isteach (1.3.8);
- nó Ballstát, in aghaidh Ballstát eile tar éis an t-ábhar a thabhairt os comhair an Choimisiúin (Airteagal 259 CFAE).
Ról na Cúirte:
- a dheimhniú nár chomhlíon an stát a chuid oibleagáidí, agus sa chás sin tá ceanglas ar an stát deireadh a chur láithreach leis an sárú;
- má fhaigheann an Chúirt amach, tar éis don Choimisiún caingean bhreise a thionscnamh, nach bhfuil breith na Cúirte comhlíonta ag an mBallstát lena mbaineann, féadfaidh sí pionós airgeadais a ghearradh air (cnapshuim sheasta agus/nó íocaíocht phionósach thráthrialta), agus cinnfidh an Chúirt méid an phionóis bunaithe ar a mbeidh sonraithe ag an gCoimisiún (Airteagal 260 CFAE).
2. Imeachtaí in aghaidh institiúidí AE le haghaidh neamhniú agus toisc nár ghníomhaigh siad
Ábhar: cásanna ina lorgaíonn an t-iarratasóir go ndéanfaí beart a chur ar neamhní nach bhfuil i gcomhréir le dlí AE, dar leis (neamhniú: Airteagal 263 CFAE) nó, má rinneadh sárú ar dhlí AE, i gcásanna nár ghníomhaigh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht (Airteagal 265 CFAE).
Tarchur: féadfaidh na Ballstáit, na hinstitiúidí féin nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach caingne a thionscnamh má bhaineann na caingne le beart (go háirithe rialachán, treoir nó cinneadh) a ghlac institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de AE agus atá dírithe chucu.
Ról na Cúirte: dearbhaíonn an Chúirt go bhfuil an gníomh ar neamhní nó dearbhaíonn sí nár gníomhaíodh, agus sa chás sin ní mór don institiúid ar a bhfuil an locht na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh (Airteagal 266 CFAE).
3. Imeachtaí díreacha eile
Ós rud é go dtagann na caingne céadchéime ar fad dá dtagraítear in Airteagail 263, 265, 268, 270 agus 272 CFAE faoi dhlínse na Cúirte Ginearálta, ní thabharfar os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach caingne in aghaidh cinntí ón gCoimisiún lena bhforchuirtear pionóis ar ghnólachtaí (Airteagal 261 CFAE), mar aon leo siúd dá bhforáiltear i Reacht na Cúirte Breithiúnais (arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2019/629 an 17 Aibreán 2019). Foráiltear in Airteagal 51 de Reacht na Cúirte Breithiúnais, de mhaolú ar an riail a leagtar síos in Airteagal 265(1) CFAE, go bhfágfar na caingne dá dtagraítear in Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:
- i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas:
- i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoin gcéad mhír d’Airteagal 331 CFAE.
Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne gníomh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh, nó neamhghníomh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
B. Imeachtaí indíreacha: ceist na bailíochta arna tabhairt ar aird os comhair cúirt nó binse náisiúnta (Airteagal 267 CFAE - réamhrialuithe)
Is gnách gur faoi na cúirteanna náisiúnta a bhíonn sé dlí AE a chur i bhfeidhm sa chás gur gá sin. Nuair a thugtar saincheist a bhaineann le léirmhíniú an dlí ar aird os comhair cúirt nó binse náisiúnta, áfach, féadfaidh an chúirt nó an binse réamhrialú a lorg ón gCúirt Bhreithiúnais. Más cúirt céime deiridh í, ní mór an t-ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte. Cuireann an chúirt náisiúnta na ceisteanna isteach faoi léirmhíniú nó faoi bhailíocht forála de dhlí AE, i bhfoirm cinneadh breithiúnach de ghnáth, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta. Mar sin féin, i mbreithiúnas uaithi an 11 Nollaig 2018 i gCás C-493/17 (Weiss), rialaigh an Chúirt ‘nach mór di diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta i gcás ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhaint ag léirmhíniú nó cinneadh bailíochta riail de dhlí an Aontais atá á lorg le fíorais iarbhír na príomhghníomhaíochta ná lena cuspóir, nó i gcás gur fadhb de chineál hipitéiseach atá inti, nó i gcás nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear ar an gCúirt os a comhair’. Tugann an Chlárlann fógra faoin iarraidh do na páirtithe sna himeachtaí náisiúnta agus do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais Eorpaigh freisin. Bíonn dhá mhí acu chun aon bharúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
C. Freagracht ag an dara céim
Tá an dlínse ag an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar achomhairc atá teoranta do phointí dlí i rialuithe agus in orduithe na Cúirte Ginearálta. Ní bhíonn éifeacht fionraíochta leis na hachomhairc.
Má mheastar go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh na Cúirte Ginearálta i leataobh agus déanann sí féin cinneadh faoin gcás, é sin nó ní mór di an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta a bheidh faoi cheangal ag cinneadh na Cúirte Breithiúnais ina leith.
A bhfuil bainte amach
Tá léirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais gur gné an-tábhachtach í - de lánpháirtiú na hEorpa nó gur ceann feadhna - í fiú.
A. Go ginearálta
I mbreithiúnas uaithi an 5 Feabhra 1963 i gcás 26-62 (Van Gend & Loos) bunaíodh an prionsabal go bhfuil dlí an Chomhphobail infheidhme go díreach i gcúirteanna na mBallstát. Ar an gcaoi chéanna, bhí breithiúnas uaithi an 15 Iúil 1964 i gCás 6-64 (Costa v E.N.E.L.) ríthábhachtach ó thaobh dlí an Chomhphobail a shainmhíniú mar chóras neamhspleách a bhfuil forlámhas aige ar fhorálacha náisiúnta dlí. Mhaígh an Chúirt údarás deiridh i gcónaí agus an caidreamh idir dlí an Aontais agus dlí náisiúnta á chinneadh. Sna cásanna suntasacha Van Gend & Loos agus Costa v E.N.E.L., d’fhorbair an Chúirt bunphrionsabail thosaíocht dhlí AE. De réir na bprionsabal sin, tá tosaíocht iomlán ag dlí AE ar an dlí náisiúnta, agus ní mór do na cúirteanna náisiúnta an tosaíocht sin a chur san áireamh ina gcinntí. I mbreithiúnas uaithi an 17 Nollaig 1970 i gCás 11-70 (Internationale Handelsgesellschaft), rialaigh an Chúirt go raibh tosaíocht ag dlí an Aontais fiú i leith na gceart bunúsach a ráthaítear sna bunreachtanna náisiúnta. I bpointe 3 dá forais don chinneadh sa chás seo, shonraigh an Chúirt: ‘Ní féidir difear a dhéanamh do bhailíocht birt Chomhphobail ná dá éifeacht laistigh de Bhallstát ag líomhaintí go bhfuil sé contrártha do chearta bunúsacha mar a shainítear le bunreacht an stáit sin nó do phrionsabail struchtúir bhunreachtúil náisiúnta.’ Dheimhnigh an Chúirt na prionsabail sin i gcásanna níos déanaí (féach Cás 106/77, Simmenthal (1978), Cás 149/79, an Coimisiún v An Bheilg (1980), Cás C-46/93 & C-48/93, Brasserie du Pêcheur agus Factortame II (1996), Cás C-473/93, an Coimisiún v Lucsamburg (1996), Cás C-213/07, Michaniki (2008)). Sa chásdlí sin, tá ionstraimí prionsabail forbartha ag an gCúirt chun méid áirithe rogha a thabhairt do chúirteanna na mBallstát agus chun a leasanna a ghlacadh go dáiríre. Chomh maith leis sin, déanann an Chúirt a cásdlí féin a choigeartú go hintuigthe uaireanta chun ábhair imní chúirteanna na mBallstát a chur san áireamh. Is é an sampla is cáiliúla de sin ná gur fhorbair an Chúirt cásdlí i réimse na gceart bunúsach faoi bhrú chúirteanna na mBallstát: tar éis bhunú na gComhphobal Eorpach, chuir an Chúirt Bhreithiúnais i gcoinne cearta bunúsacha a thabhairt isteach i ndlíchóras CE ar dtús (Cás 36/59, Ruhrkohlen-Verkaufsgesellschaft (1960)). Nuair a chuir cúirteanna bunreachtúla na mBallstát ina aghaidh, áfach, ghabh an Chúirt malairt chúrsa. Ag teacht roimh bhreitheanna ó Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme na Gearmáine agus ó Chúirt Bhunreachtúil na hIodáile, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil cearta bunúsacha ina ‘gcuid dhílis de phrionsabail ghinearálta an dlí’ i gcásInternationale Handelsgesellschaft.
B. In ábhair shonracha
- Áitítear le cearta an duine a chosaint breithiúnas an 14 Bealtaine 1974 i gCás 4-73 (Nold Kohlen- und Baustoffgroßhandlung v Coimisiún na gComhphobal Eorpach), inar shonraigh an Chúirt gur cuid lárnach iad cearta bunúsacha an duine de phrionsabail ghinearálta an dlí a seasann sí leo (4.1.1).
- Saorghluaiseacht earraí: breithiúnas an 20 Feabhra 1979 i gcás 120/78 (Cassis de Dijon), inar rialaigh an Chúirt nach mór, i bprionsabal, aon táirge a mhonaraítear agus a mhargaítear go dleathach i mBallstát amháin a ligean isteach ar mhargadh aon Bhallstáit eile.
- Saorghluaiseacht daoine: i mBreithiúnas an 15 Nollaig 1995 i Cás C-415/93 (Bosman) cuireadh in iúl gur gníomhaíocht eacnamaíoch é spórt gairmiúil nach bhféadfar bac a chur ar a fheidhmiú le rialacha na gcónaidhmeanna sacair lena rialaítear aistriú na n-imreoirí nó lena gcuirtear srian le líon na náisiúnach ó Bhallstáit eile.
- Dlínse sheachtrach an Chomhphobail: breithiúnas an 31 Márta 1971, i gCás 22-70 (An Coimisiún v An Chomhairle), inar aithníodh ceart an Chomhphobail comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimsí ina bhfuil comhrialacha glactha ag an gComhphobal.
- I mbreithiúnas uaithi an 19 Samhain 1991 i gCásanna C-6/90 agus C-9/90 (Francovich agus Páirtithe Eile), d’fhorbair an Chúirt coincheap bunúsach eile: dliteanas Ballstáit i leith daoine aonair as damáiste a dhéantar dóibh de dheasca sárú a rinne an Ballstát sin toisc nár thrasuigh sé treoir ina dlí náisiúnta nó nach ndearna sé amhlaidh in am trátha.
- Breithiúnais éagsúla a bhaineann le slándáil shóisialta (Cás 43-75 Defrenne (1976) ar son pá comhionann d’fhir agus do mhná) agus sláinte agus sábháilteacht oibrithe (Cás C-173/99, BECTU (2001)).
Maidir le prionsabal na comhréireachta, i mbreithiúnas uaithi an 16 Meitheamh 2015 (Cás C-62/14, Gauweiler agus Páirtithe Eile), rialaigh an Chúirt, de réir chásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta gur cheart go mbeadh gníomhartha institiúidí AE iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist a bhaint amach agus nár cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann a mheas ar bhealach lena ndéanfaí míbhuntáistí nach bhfuil i gcomhréir go follasach leis na cuspóirí atá á saothrú a chosc (Cás C-493/17 (Weiss), mír 93). Is é ceann de mhórbhuanna na Cúirte a ráiteas i leith an phrionsabail nár cheart na Conarthaí a léirmhíniú go docht, ach gur cheart breathnú orthu i bhfianaise staid lánpháirtithe agus chuspóirí na gConarthaí féin. De bharr an phrionsabail sin bhíothas in ann reachtaíocht a ghlacadh i réimsí nach bhfuil aon fhorálacha sonracha Conartha ann ina leith, amhail an comhrac in aghaidh an truaillithe: i mbreithiúnas uaithi an 13 Meán Fómhair 2005 i gCás C-176/03 (An Coimisiún v An Chomhairle), thug an Chúirt údarás don Aontas Eorpach bearta a dhéanamh a bhaineann leis an dlí coiriúil, nuair atá an méid sin ‘riachtanach’ chun an cuspóir atá á shaothrú maidir le caomhnú an chomhshaoil a bhaint amach.
Cruthaíodh Gréasán Breithiúnach an Aontais Eorpaigh (GBAE) ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtaráin chúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha Bhallstáit AE, tráth chomóradh 60 bliain shíniú Chonarthaí na Róimhe in 2017.
Ceapadh é chun malartú faisnéise maidir le dlí-eolaíocht idir na cúirteanna náisiúnta rannpháirteacha agus CBAE a chur chun cinn. Ar shuíomh le rochtain shrianta, foilsíonn na cúirteanna náisiúnta rannpháirteacha agus CBAE eolas maidir lena ndlí-eolaíocht a bhaineann le dlí AE, maidir le ceisteanna a bhí tharchurtha ag na cúirteanna náisiúnta go dtí CBAE le haghaidh réamhrialaithe, agus maidir le nótaí agus staidéir.
Le hardán comhoibritheach GBAE, atá ar fáil i ngach teanga AE, tugtar le chéile an obair atá déanta ag breithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus breithiúna náisiúnta le linn a ngníomhaíochtaí breithiúnacha. Tá rochtain ag breithiúna ar uirlis chun a gcásdlí agus a n-obair thaighde agus anailíse a chur ar fáil dá gcomhpháirtithe, d’fhonn eolas a roinnt agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht.
Tá níos mó ná 2 000 úsáideoir aige i gcúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha na mBallstát.
An Chúirt Ghinearálta (1.3.9)
A. Dlínse na Cúirte Ginearálta (Airteagal 256 CFAE)
Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; an Chúirt Bhreithiúnais féin agus an Chúirt Ghinearálta. Ós rud é go bhfuil dlínse eisiach ag an gCúirt Bhreithiúnais ar chaingne idir na hinstitiúidí agus ar na caingne sin a thionscnaíonn Ballstát in aghaidh Pharlaimint na hEorpa agus/nó in aghaidh na Comhairle, tá dlínse ag an gCúirt Ghinearálta, ar an gcéad chéim, sna caingne eile ar fad den chineál sin, go háirithe i gcaingne a thionscnaíonn daoine aonair agus na caingne a thionscnaíonn Ballstát in aghaidh an Choimisiúin.
Foráiltear in CFAE go bhfuil dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne dá dtagraítear in Airteagail 263, 265, 268, 270 agus 272 CFAE a éisteacht ar an gcéad chéim, go háirithe sna réimsí a leagtar amach thíos, seachas má thionscnaíonn na Ballstáit, institiúidí AE nó an Banc Ceannais Eorpach na caingne, agus sa chás sin is ag an gCúirt Bhreithiúnais amháin atá dlínse (Airteagal 51 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais AE):
- caingne chun gníomhartha de chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE a chur ar neamhní nó caingne arna dtionscnamh in aghaidh na n-institiúidí ag daoine aonair nó daoine dlítheanacha (Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE);
- caingne arna dtionscnamh ag na Ballstáit in aghaidh an Choimisiúin;
- iarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE i réimsí sonracha (Airteagal 50b den Reacht);
- caingne chun an damáiste arna dhéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE nó a bhfoireann a chúiteamh (Airteagal 268 CFAE);
- díospóidí a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, nó thar a cheann, lena dtugtar dlínse don Chúirt Ghinearálta (Airteagal 272 CFAE);
- caingne maidir le maoin intleachtúil arna dtionscnamh in aghaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus in aghaidh na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí;
- díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, lena n-áirítear díospóidí idir na hinstitiúidí ar fad agus na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí ar fad, ar lámh amháin, agus a gcuid seirbhíseach, ar an lámh eile.
Leis an Reacht, féadfar dlínse na Cúirte Ginearálta a leathadh amach go réimsí eile.
Go ginearálta, féadfaidh na breithiúnais a thugann an Chúirt Ghinearálta a bheith faoi réir ceart achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais, ach tá sé sin teoranta do phointí dlí.
B. Réamhrialuithe
Tá an dlínse ag an gCúirt Ghinearálta réamhrialuithe a thabhairt (Airteagal 267 CFAE) sna réimsí arna leagan síos ag an Reacht (Airteagal 256(3) CFAE). I mí Aibreáin 2024, tugadh forálacha isteach sa Reacht (Airteagal 50b) i ndáil leis sin, tá dlínse ag an gCúirt Ghinearálta anois, i gcásanna sonracha, réamhrialuithe a thabhairt. Le haistriú cuid den dlínse i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt chuig an gCúirt Ghinearálta, ba cheart an Chúirt Bhreithiúnais a bheith in ann níos mó ama agus acmhainní a chaitheamh ar scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí is tábhachtaí ar réamhrialú.
C. Freagracht i leith achomharc
Féadfaidh rialuithe arna ndéanamh ag an gCúirt Ghinearálta, atá teoranta do phointí dlí, a bheith faoi réir achomharc, laistigh de dhá mhí, os comhair na Cúirte Breithiúnais.
An Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh
An 1 Meán Fómhair 2016, aistríodh díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach chuig an gCúirt Ghinearálta (1.3.9), agus lánscoireadh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh, a cruthaíodh in 2004, dá bharr. Dá bhrí sin, rinneadh Cinneadh 2004/752/CE, Euratom, ón gComhairle lena mbunaítear an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh a aisghairm le Rialachán (AE, Euratom) 2016/1192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh. Aistríodh na cásanna a bhí ar feitheamh os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta go dtí an Chúirt Ghinearálta, agus lean an Chúirt Ghinearálta de bheith ag déileáil leis na cásanna sin ón staid ag a raibh siad tráth an aistrithe agus bhí feidhm i gcónaí ag na céimeanna nós imeachta a thóg an t-iar-Bhinse um Sheirbhís Shibhialta sna cásanna sin.
Tugadh córas idirthréimhseach isteach maidir le hachomhairc a bhí faoi scrúdú nuair a aistríodh dlínse an 1 Meán Fómhair 2016, nó a tionscnaíodh tar éis an dáta sin, in aghaidh chinntí an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta. Beidh dlínse fós ag an gCúirt Ghinearálta na hachomhairc sin a éisteacht agus a chinneadh. Dá réir sin, ní mór feidhm a bheith i gcónaí ag Airteagal 9 go hAirteagal 12 d’Iarscríbhinn I de Reacht na Cúirte maidir leis na himeachtaí sin.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Faoi Airteagal 257 CFAE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí sonracha a éisteacht agus a chinneadh ar an gcéad chéim. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomhú trí bhíthin rialachán ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
De réir Airteagal 281 CFAE, leagtar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh síos i bprótacal ar leith, Prótacal 3, agus féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, an Reacht sin a leasú. Rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle athbhreithniú le déanaí ar iarraidh ón gCúirt Prótacal 3 a leasú.
Tá Parlaimint na hEorpa ar cheann de na hinstitiúidí a luaitear in Airteagal 263 CFAE a fhéadfaidh caingean a thionscnamh (mar pháirtí) os comhair na Cúirte.
I gcomhréir le hAirteagal 218(11) CFAE, is féidir leis an bParlaimint tuairim a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais i dtaobh an bhfuil comhaontú idirnáisiúnta atá beartaithe ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairim diúltach ón gCúirt, ní fhéadfaidh an comhaontú atáthar ag brath air teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí.
Alexandru-George Moș / Udo Bux / Mariusz Maciejewski