An Chúirt Iniúchóirí
Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i gceannas ar an iniúchóireacht ar chúrsaí airgid AE. Ag gníomhú di mar iniúchóir seachtrach AE, rannchuidíonn sí le bainistíocht airgeadais AE a fheabhsú agus feidhmíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách maidir le leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais.
Bunús dlí
- Airteagail 285 go 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
- Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (féach ach go háirithe Teideal XIV ar iniúchóireacht sheachtrach agus an t-urscaoileadh).
Struchtúr
A. Comhaltaí
1. Líon
Comhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit (le Conradh Nice, rinneadh staid nach raibh ann cheana ach an nós imeachta aitheanta a chur ar bhonn foirmiúil), dá bhrí sin, 27 gcomhalta i bprionsabal.
2. Ceanglais
Ní mór do Chomhaltaí:
- A bheith mar chomhalta nó mar iarchomhalta ina dtír féin de chomhlachtaí seachtracha iniúchóireachta, nó cáilíocht speisialta a bheith acu le haghaidh na hoifige sin;
- A léiriú nach bhfuil a neamhspleáchas in amhras.
3. Nós imeachta ceapacháin
Déantar Comhaltaí a cheapadh ar na bealaí seo a leanas:
- Ag an gComhairle, trí thromlach cáilithe;
- Ar mholadh ó gach Ballstát maidir lena shuíomh féin;
- Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
B. Téarma oifige
1. Fad an téarma
Téarma sé bliana, is féidir a athnuachan.
2. Stádas
Tá na pribhléidí agus na díolúintí céanna ag Comhaltaí agus atá ag Breithiúna na Cúirte Breithiúnais.
3. Dualgais
Ní mór do Chomhaltaí a bheith ‘neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a gcuid dualgas’. Ciallaíonn sé sin an méid seo a leanas:
- Ní ceadmhach dóibh treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon fhoinse sheachtrach;
- Ní mór dóibh staonadh ó aon ghníomh atá ar neamhréir lena gcuid dualgas;
- Ní ceadmhach dóibh tabhairt faoi aon ghníomhaíocht ghairmiúil eile, bíodh íocaíocht as nó ná bíodh;
- Má sháraíonn siad na coinníollacha sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais iad a chur as oifig.
C. Eagraíocht
Déanann an Coláiste a Uachtarán a thoghadh as measc a chuid Comhaltaí le haghaidh téarma in-athnuaite trí bliana.
Déanann an Chúirt í féin a eagrú ina cúig dhlísheomra a bhfuil freagracht ar gach ceann acu as réimsí sonracha caiteachais agus ioncaim:
- Dlísheomra I: Úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha;
- Dlísheomra II: Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhás agus sa chuimsiú;
- Dlísheomra III: An gníomh seachtrach, an tslándáil agus an ceartas;
- Dlísheomra IV: Rialáil margaí agus an geilleagar iomaíoch;
- Dlísheomra V: Maoiniú agus riar an Aontais Eorpaigh;
Tá dhá réimse freagrachta ar gach Dlísheomra: ar an gcéad dul síos, tuarascálacha speisialta, tuarascálacha bliantúla sonracha agus tuairimí a ghlacadh; ar an dara dul síos, dréachtbharúlacha a ullmhú le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar bhuiséad ginearálta AE agus ar an gCiste Eorpach Forbraíochta, agus dréacht-tuairimí a ullmhú lena nglacadh ina n-iomláine ag an gCúirt.
Tá tuairim is 980 duine ar fhoireann na Cúirte agus tá sí lonnaithe i Lucsamburg.
Cumhachtaí
A. Iniúchtaí na Cúirte
1. Réimse freagrachta
Cuimsíonn cúraimí na cúirte scrúdú a dhéanamh ar aon chuntas ioncaim nó caiteachais de chuid an Aontais Eorpaigh nó de chuid aon chomhlachta de chuid AE. Déanann sí a cuid iniúchtaí chun dearbhú réasúnta a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
- Iontaofacht chuntais bhliantúla an Aontais Eorpaigh (iniúchadh airgeadais);
- Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach (iniúchadh comhlíonta); agus
- Fóntacht na bainistíochta airgeadais (iniúchadh feidhmíochta).
2. Modhanna iniúchóireachta
Tá iniúchadh na Cúirte leanúnach; is féidir é a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i dtrácht. Tá sé bunaithe ar thaifid agus is féidir é a dhéanamh freisin in áitreabh:
- Institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais;
- Aon chomhlachta a dhéanann ioncam nó caiteachas a bhainistiú thar ceann AE;
- Aon duine nádúrtha nó dhlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ó bhuiséad AE.
Sna Ballstáit, déantar an t-iniúchadh in idirchaidreamh leis na hUasfhorais Iniúchóireachta náisiúnta. Tá sé de cheangal ar iniúchaithe a chur ar aghaidh chuig an gCúirt aon doiciméad nó faisnéis a mheasann siad is gá chun a cúram a chomhlíonadh.
Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha ag an gCúirt. Dá bhrí sin, tuairiscíonn sí cásanna calaoise agus éillithe a d’fhéadfadh a bheith ann don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus/nó d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a láimhseálann na cásanna ina dhiaidh sin de réir a n-inniúlachtaí faoi seach.
3. Tuarascálacha iniúchóireachta
Tar éis a cuid iniúchtaí, foilsíonn an Chúirt na nithe seo a leanas:
- Tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme bhuiséad AE agus an Chiste Eorpaigh Forbraíochta, lena n-áirítear an Ráiteas Urrúis, le haird ar leith ar chomhlíonadh agus rialtacht (faoin 15 Samhain, nó níos luaithe); ón mbliain 2022, tá gnéithe feidhmíochta á láimhseáil faoi chuimsiú na dtuarascálacha bliantúla agus faoi thuarascálacha speisialta (i gcodarsnacht leis na blianta 2019-2021 ina raibh tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht bhuiséad AE);
- Tuarascálacha sonracha bliantúla ar ghníomhaireachtaí an Aontais, ar chomhlachtaí díláraithe agus ar chomhghnóthais;
- Tuarascálacha speisialta ar thopaicí a meastar gur díol spéise iad, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais agus réimsí sonracha caiteachais nó beartais;
- Athbhreithnithe lena gcumhdaítear beartais agus ábhair bhainistíochta ó dhearcadh leathan, lena gcuirtear anailís ar fáil maidir le réimsí nó saincheisteanna nach ndearnadh iniúchóireacht orthu go fóill nó lena mbunaítear bunús fíriciúil maidir le hábhair áirithe.
B. Cumhachtaí comhairleacha
I gcomhréir le hAirteagal 287(4) CFAE, féadfaidh institiúidí eile a iarraidh ar an gCúirt a tuairim a thabhairt cibé uair is cuí leo. Tá tuairim na Cúirte éigeantach nuair a dhéanann an Chomhairle:
- Rialacha airgeadais a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;
- Na modhanna agus an nós imeachta a chinneadh lena ndéantar acmhainní an Aontais Eorpaigh féin a chur ar fáil don Choimisiún;
- Rialacha a leagan síos i dtaobh na freagrachta atá ar rialtóirí airgeadais, oifigigh údaráis agus oifigigh chuntais; nó
- Bearta frithchalaoise a ghlacadh.
Tuarascálacha bliantúla na Cúirte do 2022
A. Tuarascáil bhliantúil CIE do 2022
Tháinig méadú ar an ráta foriomlán earráide maidir le caiteachas ó 3.0 % in 2021 go 4.2 % in 2022. As an gcaiteachas ar a ndearnadh iniúchadh, ba chaiteachas ardriosca é 66 %, rud a chiallaíonn gurbh íocaíochtaí bunaithe ar chúiteamh iad den chuid is mó, lena mbaineann rialacha agus critéir incháilitheachta chasta. Déantar an cineál íocaíochta sin go minic faoi bheartas comhtháthaithe agus faoi chláir forbartha tuaithe, a bhíonn á riar faoi bhainistíocht chomhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit.
Meastar gurb ionann an ráta earráide don chineál íocaíochta sin agus 6 % (i gcomparáid le 4.7 % in 2021 agus 4.0 % in 2020), ar ráta é atá os cionn na tairsí ábharthachta agus a aicmíodh mar ‘fhorleatach’. Dá bhrí sin, don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile, d’eisigh an Chúirt tuairim neamhfhabhrach i leith rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais (seachas tuairim choinníollach, mar ab amhlaidh idir 2016 agus 2018), rud a thug chun suntais na fadhbanna leantacha ar gá aghaidh a thabhairt orthu.
I dteannta an iniúchta a rinne sí ar chaiteachas faoi ghnáthbhuiséad AE, thug an Chúirt tuairim ar leithligh maidir le caiteachas faoin gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Leanfaidh sí dá leithéid a dhéanamh le linn shaolré an chiste. Déantar cistiú ón gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta a eisíoc nuair atá garspriocanna agus spriocanna áirithe bainte amach. Rinne an Chúirt iniúchadh ar na 13 íocaíocht deontais uile a rinneadh in 2022, arbh ionann iad agus EUR 46.9 billiún agus lena n-áirítear imréiteach réamh-mhaoiniú gaolmhar EUR 6.8 billiún, agus dheimhnigh sí ar comhlíonadh an 281 gharsprioc agus sprioc maidir leis na híocaíochtaí deontais, lena n-áirítear measúnuithe tosaigh an Choimisiúin. Chinn sí go ndearna saincheisteanna rialtachta difear do 15 as na 281 gharsprioc agus sprioc agus nár comhlíonadh iad go sásúil nó níor chloígh siad leis na coinníollacha incháilitheachta; Cé go meastar go bhfuil an tionchar airgeadais atá acu gar dár dtairseach ábharthachta, ní sholáthraítear aon ráta earráide, toisc go bhfuil modheolaíocht an Choimisiúin chun íocaíochtaí a chur ar fionraí bunaithe ar bhreithiúnais agus go bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint aisti dá bhrí sin. Molann an Chúirt go gcuirfidh an Coimisiún feabhas ar na measúnuithe tosaigh agus ar na hiniúchtaí ex post chun a áirithiú (a) go ndéanfar na híocaíochtaí le linn na dtréimhsí incháilitheachta agus nach n-úsáidfear na deontais chun ionad an chaiteachais buiséid náisiúnta athfhilltigh a ghlacadh; agus (b) nach n-aisiompaítear garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach roimhe sin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a fhíorú go ndéanann na pleananna athbhreithnithe náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta sainiú soiléir a thabhairt ar na garspriocanna agus spriocanna go léir agus go gclúdaítear leo gach ceann de na príomhghnéithe atá i mbeart.
B. Feidhmíocht Bhuiséad an Aontais – Caibidil 3 den Tuarascáil Bhliantúil
Do na blianta 2019, 2020 agus 2021, roinn an Chúirt a Tuarascáil Bhliantúil ina dhá cuid mar chuid de scéim phíolótach – sa chéad chuid, a tuarascáil bhliantúil ina ndírítear ar iontaofacht chuntais AE agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus, sa dara cuid, tuarascáil ar fheidhmíocht chláir chaiteachais bhuiséad AE.
In 2022, scoir an Chúirt den tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht agus rinne sí na gnéithe feidhmíochta a ath-chomhtháthú i gCaibidil 3 den tuarascáil bhliantúil. Sa chaibidil seo tugtar forléargas ar thorthaí 28 dtuarascáil speisialta CIE in 2022 i gcúig réimse straitéiseacha, eadhon (i) freagairt COVID-19, (ii) iomaíochas, (iii) athléimneacht agus luachanna Eorpacha, (iv) an t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, agus (v) beartais fhioscacha agus airgeadais phoiblí. I ndiaidh achoimre na bpríomhtheachtaireachtaí le haghaidh gach réimse, tugtar leis an tuarascáil bhliantúil samplaí de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin san obair leantach a ghabhann leis na tuarascálacha speisialta agus déantar achoimre ar fhreagairtí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Bunaíodh an Chúirt Iniúchóirí in 1977, ar thionscnamh na Parlaiminte. Rinneadh institiúid AE di in 1993. Ó shin i leith, tá sí ag tabhairt cúnaimh don Pharlaimint agus don Chomhairle le linn dóibh a ról a fheidhmiú chun cur chun feidhme an bhuiséid a rialú. Tá na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha speisialta mar bhonn d’fheidhmiú bliantúil urscaoilte na Parlaiminte.
Tugtar cuireadh do Chomhaltaí na Cúirte a dtuarascálacha a thíolacadh i gcruinnithe coiste agus freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a chuireann na Feisirí – i gcruinnithe Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte (CONT) go príomha, ach freisin i gcruinnithe comhpháirteacha Choiste CONT le coiste speisialaithe amháin nó níos mó, nó, in amanna, i gcásanna nach bhfuil ach leas teoranta ag Coiste CONT, i gcruinnithe coiste speisialaithe amháin. Gach bliain bíonn cruinnithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus CONT ina ndéanann comhaltaí CONT plé le Comhaltaí na Cúirte maidir lena dtosaíochtaí polaitiúla, clár oibre bliantúil na Cúirte, socruithe mionsonraithe maidir le comhar, etc. Uair sa bhliain, freastalaíonn Uachtarán CIE ar chruinniú de Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí sa Pharlaimint chun clár oibre bliantúil CIE a thíolacadh agus iarrtar ar na coistí ar fad a gcuid moltaí a chur isteach maidir leis an gcéad chleachtadh clársceidealaithe eile. Tugann an Pharlaimint moltaí freisin maidir leis na saincheisteanna sin ina cuid rún bliantúil maidir le hurscaoileadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Ba cheart go dtabharfaí faoi deara freisin go mbíonn éisteachtaí ar siúl ag CONT maidir le Comhaltaí ainmnithe na Cúirte. Thairis sin, cabhraíonn saineolas na Cúirte leis na Feisirí agus reachtaíocht maidir le cúrsaí airgeadais á dréachtú acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Rialú Buiséadach.
Vera Milicevic