Is réimse beartais náisiúnta í an óige agus, mar sin, ní féidir comhchuibhiú a dhéanamh ina leith ar leibhéal AE. Dá bhrí sin, tá ról tacaíochta ag an Aontas, go háirithe maidir le soghluaisteacht agus deiseanna ar fud an Aontais. Mar shampla, le príomhghníomhaíocht 1 den chlár Erasmus+ maidir le soghluaisteacht do dhaoine aonair, spreagtar malartú daoine óga laistigh de AE agus le tríú tíortha. Le blianta beaga anuas, neartaigh an tAontas a chuid beartas i leith daoine óga, mar is léir as clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus as an tionscadal DiscoverEU.
Bunús dlí
Is iad Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá le gníomhaíocht an Aontais i réimse na hóige.
I gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá airteagal maidir le cearta leanaí (Airteagal 24) agus airteagal lena gcuirtear toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus lena ndéantar foráil maidir le cosaint daoine óga san ionad oibre (Airteagal 32).
Cuspóirí
Déantar foráil in Airteagal 165 CFAE maidir le gníomhaíocht an Aontais chun malartuithe idir daoine óga agus malartuithe idir oibrithe don óige a spreagadh agus chun rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach san Eoraip a spreagadh. Le hAirteagal 166, is féidir leis an Aontas beartas gairmoiliúna a chur chun feidhme chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus chun an ghníomhaíocht sin a fhorlíonadh. Cuirtear de chúram ar an Aontas an rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus soghluaisteacht teagascóirí agus oiliúnaithe, go háirithe daoine óga, a spreagadh.
Sa bhreis ar na forálacha sin, baineann leanaí agus daoine óga tairbhe as beartais an Aontais i réimsí eile, amhail an t-oideachas, an oiliúint agus an tsláinte, nó maidir le cearta agus cosaint leanaí agus daoine óga.
A bhfuil bainte amach
A. Creat Straitéiseach
Straitéis 2019-2027 an Aontais i leith na hÓige: ról, gaol agus cumhacht a thabhairt don Óige
Tá Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 bunaithe ar Rún ón gComhairle an 26 Samhain 2018. Moltar sa téacs go dtabharfaí aird ar leith ar na pointí seo a leanas:
- rannpháirtíocht daoine óga sa saol sibhialta agus daonlathach a chothú;
- daoine óga a nascadh ar fud an Aontais Eorpaigh is i gcéin chun an rannpháirtíocht dheonach, an tsoghluaisteacht foghlama, an dlúthpháirtíocht agus an tuiscint idirchultúrtha a chothú;
- tacú le cumhachtú na hóige trí cháilíocht, nuálaíocht agus aitheantas na hoibre don óige.
I mí an Mheithimh 2021, mar chuid den straitéis sin, cheap an Coimisiún Biliana Sirakova mar Chomhordaitheoir Óige an Aontais Eorpaigh, an chéad uair a rinneadh ceapachán mar sin. Is é an ról atá aici comhar trasearnála a neartú laistigh den Choimisiún.
B. Maoiniú ón Aontas le haghaidh cláir don óige
1. Erasmus+
Is é Erasmus+ clár an Aontais chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt. Don tréimhse 2021-2027, tá 10.3 % de bhuiséad Erasmus+ – níos mó ná EUR 2.5 billiún – curtha i leataobh do ghníomhaíochtaí i réimse na hóige.
Bhí DiscoverEU ina dhlúthchuid de shnáithe óige Erasmus+ in 2021. Tugann an tionscnamh seo deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois taisteal ar fud na hEorpa ar feadh suas le mí amháin. Cuireann sé sin ar a gcumas eolas a chur ar éagsúlacht agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa, agus teagmháil a dhéanamh le daoine ó gach cearn den Eoraip.
2. An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Tionscnamh is ea an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a seoladh i mí na Nollag 2018 arb é is aidhm leis deis a thabhairt do dhaoine óga idir 18 agus 35 bliana d’aois páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, ina dtír féin nó thar lear, trí obair dheonach, tréimhse oiliúna nó obair a dhéanamh, i réimsí éagsúla, amhail an tsláinte nó cosaint an chomhshaoil.
C. Tionscnaimh eile de chuid an Aontais
1. Ráthaíocht threisithe don Aos Óg
Cruthaíodh an Ráthaíocht don Aos Óg in 2013 agus is scéim í chun a chinntiú go bhfaighidh daoine óga tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. I bhfianaise a ratha, neartaíodh an scéim seo in 2020 tríd an Moladh ón gComhairle ‘Nasc leis an bhFostaíocht – ‘An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú’.
2. Beartais cosanta leanaí
Le Conradh Liospóin, tugadh isteach an cuspóir go ndéanfadh an Aontas cearta leanaí a chur chun cinn, agus ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha go gcosnóidh institiúidí AE, mar aon leis na Ballstáit, cearta leanaí.
An 15 Feabhra 2011, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Clár Oibre AE maidir le Cearta an Linbh’. Is é an aidhm atá léi athdhearbhú a dhéanamh leis an tiomantas láidir atá ag gach institiúid de chuid an Aontais, agus ag na Ballstáit go léir, cearta an linbh a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhlíonadh i ngach beartas ábhartha de chuid an Aontais, agus an toilteanas an tiomantas sin a thiontú ina thorthaí nithiúla.
In 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Treoir maidir le coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla. Leis an Treoir seo, ba cheart go mbeadh leanaí a thagann faoin sainmhíniú sin in ann na himeachtaí sin a thuiscint agus a leanúint agus go mbeidís in ann a gceart chun trialach córa a fheidhmiú. Ba cheart go seachnófaí leis an Treoir freisin go ndéanfadh leanaí cion athuair agus go ndéanfaí a lánpháirtiú sóisialta a chothú.
Déantar cearta an linbh agus an cosc ar fhoréigean in aghaidh leanaí, daoine óga, na mban agus grúpaí eile atá i mbaol a chosaint agus a chur chun cinn freisin faoin gClár Cearta agus Luachanna (2021-2027).
An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Clár Oibre AE maidir le Cearta an Linbh’. Is é uaillmhian uileghabhálach na straitéise seo an saol is fearr is féidir a thógáil do leanaí san Aontas agus ar fud an domhain.
3. An óige agus na meáin
Cuireann teicneolaíochtaí ar líne deis phribhléideach ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga rochtain a fháil ar eolas agus trí ligean dóibh tairbhe a bhaint as an bhfoghlaim dhigiteach agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí. Mar sin féin, is féidir le leanaí a bheith an-leochaileach i leith teicneolaíocht an lae inniu. Áirithítear le Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc, go ndéantar mionaoisigh a chosaint ar inneachar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh, cibé acu is craoltóirí traidisiúnta nó seirbhísí ar éileamh a thairgeann an t-ábhar sin (féach bileog eolais 3.6.2 i dtaca leis an mbeartas maidir leis an gclosamharc agus na meáin).
4. Tairseach Eorpach na hÓige
Is suíomh gréasáin é Tairseach Eorpach na hÓige lena gcuidítear le daoine óga ar fud na hEorpa eolas a chur ar an iliomad deiseanna a chuireann an tAontas ar fáil i réimsí éagsúla amhail an obair dheonach, an obair, an fhoghlaim, an cultúr agus an chruthaitheacht, agus araile.
5. Seachtain Eorpach na hÓige
Gach dara bliain, déanann an Coimisiún, i gcomhar leis an bParlaimint, Seachtain Eorpach na hÓige a eagrú, arb é an cuspóir atá léi imeachtaí agus gníomhaíochtaí óige a cheiliúradh ar fud na dtíortha go léir a ghlacann páirt sa chlár Erasmus agus na deiseanna éagsúla soghluaisteachta de chuid an Aontais atá ar fáil do dhaoine óga a chur i láthair.
6. Bliain Eorpach na hÓige 2022
An 22 Nollaig 2021, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/2316 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022). Ba é an cuspóir foriomlán borradh a chur faoi iarrachtaí an Aontais, na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, in éineacht le gníomhaithe na sochaí sibhialta, chun daoine óga, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, a chumhachtú, a urramú, tacú leo agus dul i dteagmháil leo. Tharla an Bhliain i gcomhthéacs iarmhairtí phaindéim COVID-19, d’fhonn tionchar dearfach fadtéarmach a bheith ar dhaoine óga. Gheall an tAontas oidhreacht fhadtéarmach na rannchuidithe agus aidhmeanna Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a áirithiú. Chun an aidhm sin a bhaint amach, d’fhógair an Coimisiún ‘seiceáil na hóige’ i mí Eanáir 2024. Áiritheofar leis an tionscnamh sin go gcuirfear tionchar na mbeartas ar dhaoine óga san áireamh go córasach.
7. Príomhchathair Óige na hEorpa
Is tionscnamh é ‘Príomhchathair Óige na hEorpa’ a cruthaíodh in 2019 ag Fóram Eorpach na nÓg. Gach bliain, roghnaítear cathair Eorpach mar Phríomhchathair Óige na hEorpa agus tugtar an deis di béim a leagan ar thionscnaimh nuálacha arna seoladh ag daoine óga agus do dhaoine óga.
8. An comórtas ‘Youth4Regions’
Tá an comórtas Youth4Regions dírithe ar iriseoirí óga ar spéis leo polaitíocht réigiúnach an Aontais Eorpaigh. Is féidir le buaiteoirí an chomórtais oiliúint a fháil ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Eoraip mar aon le meantóireacht ó iriseoirí sinsearacha, agus bíonn an deis acu chomh maith páirt a ghlacadh i dturais phreasa a thugann an Coimisiún ar na Ballstáit.
9. Plean Gníomhaíochta don Óige
An 4 Deireadh Fómhair 2022, chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí an Plean Gníomhaíochta don Óige (2022-2027) in iúl, arb é is aidhm dó daoine óga ar fud an domhain a rannpháirtiú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. An 28 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle a conclúidí chuntacú le rannpháirtíocht daoine óga ar fud an domhain i gceapadh beartas trí bhorradh a chur faoina rannpháirtíocht i bhfóraim idirnáisiúnta agus trí na hacmhainní is gá a leithdháileadh, agus béim á leagan ar ghníomhaithe, cumhachtú, sláinte agus soghluaisteacht a chosaint.
Ról Pharlaimint na hEorpa
An 18 Bealtaine 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh don tréimhse 2021-2027. Thacaigh an Pharlaimint leis an mbuiséad tiomnaithe de níos mó ná aon bhilliún euro, rud a chuirfeadh ar chumas thart ar 350 000 duine óg a bheith rannpháirteach thar an tréimhse iomlán. D’áitigh an Pharlaimint go mbeadh an clár níos inrochtana agus níos cuimsithído dhaoine óga, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deiseanna teoranta acu. An 21 Samhain 2023, ghlac an Pharlaimint a measúnú meántéarma ar chlár ESC. Iarradh sa rún go ndéanfaí an cistiú don chéad timthriall eile de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (tar éis 2028) a dhúbailt chun freastal ar an éileamh ar rannpháirtíocht sa chlár. Leag na Feisirí béim ar an ngá atá le níos mó feasachta a mhúscailt faoin gclár, ós rud é go raibh a infheictheacht teoranta i gcónaí.
An 5 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an straitéis Eorpach nua i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+). Cinntíonn an straitéis sin go ndéantar leanaí agus daoine óga a chosaint, a urramú agus a chumhachtú ar líne le linn na deacáide nua digití. Leag an Pharlaimint béim ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas digiteach do shábháilteacht ar líne agus d’iarr sí go mbeadh straitéis Eorpach ann i gcoinne na bulaíochta agus na cibearbhulaíochta i scoileanna.
An 10 Feabhra 2021, ghlac an Pharlaimint a rún maidir le tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt. Ina theannta sin, an 13 Meán Fómhair 2022, ghlac an Pharlaimint a rún maidir leis an tionchar a bhí ag dúnadh gníomhaíochtaí óige de dheasca COVID-19, i measc nithe eile, ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE. Tarraingíodh aird sa rún ar mheabhairshláinte agus folláine leanaí agus daoine óga atá ag dul in olcas, agus iarradh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch AE ann chun déileáil le fadhbanna meabhairshláinte. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil gá le hinfheistíochtaí chun feabhas a chur ar fheasacht meabhairshláinte agus ar rochtain ar sheirbhísí cabhrach (síceolaíocha).
Chun saoránacht ghníomhach a spreagadh agus chun daoine óga a rannpháirtiú ina cuid gníomhaíochta, in 2014, chruthaigh an Pharlaimint an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE) a bhíonn ar siúl gach dhá bhliain in Strasbourg. Den mheon céanna, forbraíodh suíomh gréasáin Mol don Óige in éineacht le Smaointe na nÓg, áit a dtugtar cuireadh do dhaoine óga a gcuid smaointe faoin Aontas a chur isteach, agus cuirfear cuid acu ar aghaidh chuig Feisirí agus lucht ceaptha beartas.
Chun daoine óga a spreagadh le tabhairt faoi thionscadail Eorpacha dá gcuid féin, sheol an Pharlaimint in 2008, i gcomhar leis an bhFondúireacht um Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen, Duais Eorpach Charlemagne don Óige , a bhronntar gach bliain ar thionscadail lena ndéantar an chomhthuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn. Ar an gcuma chéanna, reáchtálann Parlaimint na hEorpa na cláir oideachais Scoil an Ambasadóra agus Euroscola chun cabhrú le heolas ar dhaonlathas agus luachanna AE a fheabhsú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Chultúr agus um Oideachas.
Lina Sasse / Kristiina Milt