Bainistiú na dteorainneacha seachtracha

Bhí gá le beartas AE maidir le bainistiú teorainneacha oiriúnú a dhéanamh d’fhorbairtí suntasacha, amhail teacht isteach dídeanaithe agus imirceach neamhrialta ar scála nach bhfacthas roimhe, agus ó lár 2015 tá sraith easnamh tar éis teacht chun solais i mbeartais AE maidir le teorainneacha seachtracha agus imirce. Leis na dúshláin a bhaineann leis an méadú a tháinig ar shreafaí imirce measctha isteach in AE, paindéim COVID-19, agus an méadú ar chúiseanna imní faoin tslándáil rinneadh tréimhse nua ghníomhaíochta i gcosaint theorainneacha seachtracha AE a spreagadh, rud a bhfuil tionchar aige freisin ar theorainneacha inmheánacha.

Bunús Dlí

Airteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Airteagail 67 agus 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Le limistéar aonair gan seiceálacha teorann inmheánaí – Limistéar Schengen – tá gá le comhbheartas maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chomh maith. Le hAirteagal 3(2) CAE, éilítear ‘bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha’. Tá sé mar aidhm ag AE, dá bhrí sin, comhchaighdeáin a bhunú maidir le rialuithe ag a theorainneacha seachtracha agus córas comhtháite a chur i bhfeidhm de réir a chéile lena mbainistiú.

A bhfuil bainte amach

Rinneadh an chéad bheart i dtreo comhbheartas um bainistiú teorainneacha seachtracha an 14 Meitheamh 1985, nuair a shínigh cúig cinn de na deich mBallstát a bhí i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ag an am sin conradh idirnáisiúnta, Comhaontú Schengen, mar a thugtar air, gar do bhaile teorann Schengen Lucsamburg, a forlíonadh cúig bliana níos déanaí leis an gCoinbhinsiúin lenar cuireadh Comhaontú Schengen chun feidhme[1]. I láthair na huaire, i Limistéar Schengen, an limistéar gan teorainneacha a cruthaíodh le acquis Schengen (mar a thugtar ar na comhaontuithe agus na rialacha le chéile), tá 27 dtír Eorpacha[2].

A. Acquis theorainneacha seachtracha Schengen

Cuireann acquis theorainneacha seachtracha Schengen an lae inniu leis an acquis bunaidh a ionchorpraíodh in ord dlíthiúil AE le Conradh Amstardam (1.1.3). Tá a rialacha le fáil i raon leathan beart agus is féidir iad a roinnt, a bheag nó a mhór, ina gcúig réimse:

1. Cód Teorainneacha Schengen

Is é Cód Teorainneacha Schengen[3] colún lárnach bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Leagtar síos leis rialacha faoi thrasnuithe teorann seachtraí agus coinníollacha lena rialaítear athbhunú sealadach seiceálacha teorann inmheánaí. Leis sin, déantar iallach a chur ar na Ballstáit seiceálacha córasacha a dhéanamh i gcoinne bunachair sonraí ábhartha maidir le gach duine, lena n-áirítear na daoine sin a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí AE (i.e. saoránaigh AE agus baill dá dteaghlach nach saoránaigh de chuid AE iad) agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Ar na bunachair sonraí a úsáidtear le haghaidh seiceálacha, áirítear Córas Faisnéise Schengen (SIS) agus bunachar sonraí Interpol faoi dhoiciméid taistil a ghoidtear agus a chailltear. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin ag gach teorainn sheachtrach (san aer, ar muir agus ar talamh), idir theacht isteach agus imeacht. Tháinig Sásra Meastóireachta Schengen, Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013[4] ón gComhairle, i bhfeidhm i mí na Samhna 2014 lenar bunaíodh clár meastóireachta ilbhliantúil cúig bliana don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2019. Beartaíodh an sásra sin chun comhpháirteanna uile acquis Schengen a scrúdú, lena n-áirítear trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil rialuithe ar theorainneacha seachtracha á gcur i gcrích ag na Ballstáit, chomh maith leis na dlíthe agus oibríochtaí ábhartha ar fad. Tugann an sásra aird ar leith ar urraim do chearta bunúsacha. Is féidir freisin le meastóireachtaí bearta gaolmhara a chumhdach, ar bearta iad a bhaineann le teorainneacha seachtracha, beartas víosaí, comhar póilíneach agus breithiúnach (maidir le saincheisteanna coiriúla), CFS agus cosaint sonraí.

2. Córas Faisnéise Schengen (CFS)

Is córas comhroinnte faisnéise agus bunachar sonraí é CFS lena gcuidítear leis an tslándáil idirnáisiúnta a áirithiú i limistéar Schengen, áit nach ann do sheiceálacha teorann inmheánaí. Is é an córas TF is mó a úsáidtear agus is éifeachtúla atá ag AE ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais (AFSJ) (4.2.1). Baineann údaráis ar fud AE úsáid as CFS le rabhaidh a chur isteach nó a bhreathnú maidir le daoine nó réada a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh. Tá os cionn 80 milliún rabhadh ann agus bhreathnaigh na húdaráis air 5 bhilliún uair in 2017, rud a bhí ina chúis le níos mó ná 240 000 amas ar rabhaidh iasachta (rabhaidh arna n-eisiúint ag tír eile). Neartaíodh CFS le déanaí trí rialacha nuashonraithe lena ndíreofar ar bhearnaí féideartha sa chóras agus lena dtabharfar isteach roinnt athruithe riachtanacha ar na cineálacha rabhaidh a chuirtear isteach ann.

Ó rinneadh an t-athchóiriú is déanaí in 2018, sainítear anois raon feidhme CFS i dtrí ionstraim dlí, i bhfoirm trí rialachán ar leithligh (a chuirtear in ionad CFS II):

  • Comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla[5];
  • Seiceálacha teorann[6];
  • Filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach[7].

Leis na trí rialachán sin, cruthaítear catagóirí rabhaidh sa chóras, amhail i dtaobh amhrastaigh anaithnide nó daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, rabhaidh choisctheacha maidir le leanaí atá i mbaol fuadaigh leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir chun críche fillte, agus rabhadh maidir le cinntí fillte arna n-eisiúint do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach.

3. An Ciste Slándála Inmheánaí: Teorainneacha agus Víosa

Níl teorainneacha seachtracha ag Ballstáit AE go léir, agus ní dhéanann sreafaí tráchta teorann an difear céanna do gach Ballstát AE. Déanann AE, dá bhrí sin, cistí a leithdháileadh chun cúiteamh a dhéanamh ar chuid de na costais atá ar na Ballstáit arb ionann a dteorainneacha agus teorainneacha seachtracha AE. Cuireadh an sásra comhroinnte ualaigh sin ar bun le cistiú arbh ionann é agus EUR 3.8 billiún san iomlán do thréimhse chlársceidealaithe seacht-mbliana 2014-2020. Is é príomhchuspóir an chiste rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas agus taisteal dlisteanach a éascú ag an am céanna. Is féidir a áireamh ar thairbhithe na gclár arna gcur chun feidhme ag an gciste sin údaráis stáit agus chónaidhme, comhlachtaí poiblí áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí daonnúla, cuideachtaí dlí príobháideacha nó poiblí, agus eagraíochtaí oideachais agus taighde.

4. An Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)

Córas faisnéise is ea an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)[8] lena neartaítear agus lena gcuirtear dlús le seiceálacha teorann do náisiúnaigh tríú tír a thaistealaíonn go dtí AE. Le EES tagann clárú leictreonach i mbunachar sonraí in ionad stampáil na bpasanna de láimh ag an teorainn.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí EES:

  • Laghdú a dhéanamh ar an méid ama a thógann seiceálacha teorann agus feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann trí thréimhse fanachta údaraithe gach taistealaí a ríomh go huathoibríoch;
  • Sainaithint chórasach agus iontaofa na rófhantóirí a áirithiú;
  • An tslándáil inmheánach a neartú agus cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta trí chead a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar thaifid stair taistil.

Deonaítear rochtain ar EES d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus do Europol, ach ní d’údaráis tearmainn. Déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sonraí a aistriú chuig tríú tíortha nó Ballstáit AE nach bhfuil rannpháirteach in EES chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó chun críoch fillte, ach faoi choinníollacha ar leith. Le EES, clárófar sonraí taistealaithe (ainm, cineál doiciméid taistil, méarloirg, amharcíomhá, dáta agus áit an dul isteach agus imeachta) agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Schengen. Úsáidfear é i gcás gach náisiúnach tríú tír, na daoine sin a bhfuil víosa ag teastáil uathu agus na daoine atá díolmhaithe ó cheanglas víosa araon. Bainfidh údaráis chonsalachta agus teorann leas as freisin.

5. An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

Is éard atá sa Gharda Teorann agus Cósta Eorpach (EBCG) ná an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus na húdaráis náisiúnta le chéile[9].

Tháinig EBCG i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2016. Tá an ghníomhaireacht dhíláraithe seo i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha AE agus, in éineacht leis na Ballstáit, ar aon bhagairt slándála a d’fhéadfadh a bheith ann ar theorainneacha seachtracha AE a shainaithint agus dul i ngleic leo. Le roinnt blianta roimh 2015, d’iarr an Pharlaimint go bhfeabhsófaí ról Frontex chun cur lena hacmhainneacht freagairt níos éifeachtaí do shreafaí imirce atá ag athrú. Mar shampla, i rún uaithi an 2 Aibreán 2014 maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar Chlár Stócólm[10], d’iarr an Pharlaimint go ndéanfadh gardaí teorann Eorpacha teorainneacha Schengen a chosaint. Ina conclúidí i mí Dheireadh Fómhair 2015, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin go dtacaíonn sí le ‘córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile’. D’áitigh an Pharlaimint go ndéanfar cumhachtaí nua idirghabhála na gníomhaireachta a ghníomhachtú le cinneadh ó na Ballstáit sa Chomhairle, agus ní le cinneadh ón gCoimisiún, mar a moladh ar dtús. Leis an rialachán, leathnaítear raon feidhme ghníomhaíochtaí EBCGA/Frontex ionas go gcuimsítear breis tacaíochta do na Ballstáit i réimse an bhainistithe imirce, sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, agus in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. Déantar foráil leis maidir le ról níos mó a bheith ag Frontex in imircigh a fhilleadh ar a dtíortha tionscnaimh, ag gníomhú di i gcomhréir le cinntí arna nglacadh ag údaráis náisiúnta. Ar bhonn togra ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an ngníomhaireacht idirghabháil a dhéanamh agus cuidiú le Ballstáit i gcúinsí eisceachtúla. Is é seo an cás más rud é:

  • Nach gcomhlíonann Ballstát (laistigh de theorainn ama shocraithe) cinneadh ceangailteach ó bhord bainistíochta na gníomhaireachta chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí ina bhainistiú teorainneacha; agus
  • gurb ann do bhrú ar leith, ar brú díréireach é ar an teorainn sheachtrach lena gcuirtear feidhmiú limistéar Schengen i mbaol. Má chuireann Ballstát in aghaidh cinneadh ón gComhairle chun cúnamh a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit eile seiceálacha teorann inmheánaí a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach.

I mí na Samhna 2019, neartaíodh an ghníomhaireacht le sainordú nua agus lena cuid acmhainní agus cumhachtaí dílse chun teorainneacha seachtracha a chosaint, fillteacha a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtaí agus oibriú i gcomhar le tríú tíortha. Is cuid lárnach den ghníomhaireacht neartaithe sin a bheidh i mbuanchór 10 000 garda teorann a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin acu chun tacú leis na Ballstáit ag aon am ar bith. Beidh sainordú níos láidre aici freisin maidir le himircigh a fhilleadh agus comhoibreoidh sí ar bhonn níos dlúithe le tíortha nach tíortha de chuid AE iad, lena n-áirítear tíortha nach iad na tíortha comharsanachta is gaire do AE. Bhí buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh lánoibríochtúil in 2021, agus sroichfidh sé a acmhainneacht iomlán de 10 000 garda teorann faoi 2024.

B. Forbairtí i mbainistiú AE ar a theorainneacha seachtracha

Tá méadú tagtha ar ráta an athraithe leis an mbás ar mhórscála a tharla sa Mheánmhuir le blianta beaga anuas, i dteannta insreabhadh ollmhór na ndídeanaithe agus na n-imirceach ó mhí Mheán Fómhair 2015.

Roimh ghéarchéim na ndídeanaithe, ní dheachaigh ach trí thír i mbun claíocha a thógáil ag na teorainneacha seachtracha chun cosc a chur ar imircigh agus ar dhídeanaithe a gcríocha a shroicheadh: an Spáinn (tugadh an obair thógála chun críche in 2005, cuireadh síneadh léi in 2009), an Ghréig (tugtha chun críche in 2012) agus an Bhulgáir (mar fhreagairt ar an nGréig, tugtha chun críche in 2014). Contrártha d’Airteagal 14(2) de Chód Teorainneacha Schengen, lena sonraítear ‘nach bhfhéadfar cead isteach a dhiúltú ach de thoradh cinneadh cruthaithe ina luaitear cúiseanna beachta an diúltaithe’, de réir a chéile, tá líon na mBallstát atá ag dul i mbun ballaí nó claíocha teorann a thógáil ag dul i méid, agus an aidhm acu imircigh agus iarrthóirí tearmainn a chosc as éadan a chéile ar rochtain a fháil ar a gcríocha náisiúnta. Thairis sin, gan rialacha follasacha AE maidir le claíocha a thógáil ag teorainneacha seachtracha Schengen, agus de shárú ar na rialacha maidir le tearmann, tá bacainní curtha suas freisin ag na Ballstáit le tríú tíortha (go háirithe an Bhealarúis, Maracó agus an Rúis), lena n-áirítear iarrthóirí réamhaontachais (Poblacht na Macadóine Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc). Tá claíocha tógtha freisin laistigh de limistéar Schengen, mar shampla an claí idir an Ostair agus an tSlóivéin, agus tá cleachtais na Spáinne in Melilla tar éis teacht faoi ghrinnscrúdú ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg. Déanann eagraíochtaí um chearta an duine doiciméadú ar na hainghníomhartha a dhéantar in áiteanna ina bhfuil claíocha tógtha[11].

Chláraigh Tionscadal na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce maidir le hImircigh ar Iarraidh níos mó ná 29 000 bás agus duine ar iarraidh le linn aistir imirce chun na hEorpa ó 2014 i leith.

1. Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

I mí Mheán Fómhair 2018, bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS).

Is é is cúis leis an gcóras faisnéise láraithe sin ná faisnéis a bhailiú faoi náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil víosa ag teastáil uathu chun dul isteach i limistéar Schengen, agus aon rioscaí féideartha slándála nó imirce neamhrialta a shainaithint. Leis an mbunachar sonraí, déanfar seiceálacha roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus údarú taistil a dhiúltú dóibh má mheastar go bhfuil riosca ag gabháil leo. Beidh an bunachar sonraí cosúil le córais atá i bhfeidhm cheana, mar shampla in SAM (ESTA), i gCeanada agus san Astráil, i measc córais eile nach iad.

Ar na buntáistí a bhaineann le ETIAS, tá moilleanna laghdaithe ag teorainneacha, slándáil inmheánach níos fearr, cosc níos fearr ar inimirce neamhdhleathach, agus laghdú ar rioscaí don tsláinte phoiblí. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le rialacha Chód Teorainneacha Schengen, in ainneoin go ndéanfar réamh-sheiceáil leis an gcóras, is iad na gardaí teorann náisiúnta atá i mbun an rialaithe teorann a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach cé acu a dheonófar nó a dhiúltófar cead isteach, fiú amháin i gcásanna a bhfuil údarú taistil bailí ag an duine. Tá trí phríomhfheidhm ag ETIAS:

  • fíorú a dhéanamh ar fhaisnéis arna cur isteach ar líne ag náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sula dtaistealaíonn siad go dtí AE;
  • iarratais a phróiseáil trína seiceáil i gcoinne córais faisnéise eile (amhail CFS, VIS, bunachar sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol, EES agus Eurodac, an Bunachar Sonraí Dachtalascópachta Eorpach le haghaidh sonraí méarlorg a stóráil agus a chur i gcomparáid);
  • údaruithe taistil a eisiúint i gcásanna nach sainaithnítear aon amas nó gné ar a bhfuil tuilleadh anailíse de dhíth.

Ba cheart údaruithe taistil a fháil laistigh de chúpla nóiméad. I mí an Mheithimh 2017, chinn an Chomhairle an togra a roinnt ina dhá ghníomh dlí ar leith[12], ós rud é nach bhféadfaí leasuithe ar Rialachán Europol a chumhdach le bunús dlí an togra (Schengen). Is í gníomhaireacht eu-LISA atá ag forbairt ETIAS, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm in 2025.

2. eu-LISA

Bunaíodh eu-LISA in 2011 agus tá sé freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar thrí chóras faisnéise láraithe AE: SIS, VIS agus Eurodac[13]. Is é an ról atá aici ná struchtúr nua TF a chur chun feidhme i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. I mí na Samhna 2019, rinneadh athbhreithniú ar shainordú eu-LISA agus rinneadh forbairt bhreise ar acmhainneacht na gníomhaireachta rannchuidiú le bainistiú teorainneacha, leis an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí agus le bainistiú imirce in AE.

3. Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha

Tá córais láraithe mhórscála TF á bhforbairt ag AE (SIS, VIS, Eurodac, EES agus ETIAS) chun faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a chomhroinnt ar faisnéis í atá riachtanach le haghaidh comhar slándála, agus chun teorainneacha seachtracha agus imirce a bhainistiú. Ó 2019, rinneadh na córais faisnéise a bheith idir-inoibritheach ar leibhéal AE, i.e. a bheith in ann sonraí a mhalartú agus a chomhroinnt chun go mbeadh an fhaisnéis go léir atá ag teastáil ag na húdaráis, san áit agus ag an am a bhfuil sé ag teastáil uathu. Is éard is brí le hidir-inoibritheacht ná cumas na gcóras teicneolaíochta faisnéise sonraí agus faisnéis a chomhroinnt, chun bearnaí faisnéise a sheachaint arb í castacht agus ilroinnt na gcóras sin is cúis leo[14].

Leis an dá rialachán atá i bhfeidhm, comhlánóidh na córais sin a chéile, cuideofar le ceart-sainaithint daoine a éascú, agus cabhrófar le calaois céannachta a chomhrac. Ní mhodhnaíonn siad na cearta rochtana mar atá leagtha amach sa bhunús dlí do gach córas faisnéise Eorpach, ach bunaíonn siad;

  • tairseach cuardaigh Eorpach, lena mbeadh na húdaráis inniúla ábalta an iliomad córas faisnéise a chuardach ag an am céanna, agus sonraí beathaisnéiseacha agus bithmhéadracha araon in úsáid acu;
  • seirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, lena bhféadfaí sonraí bithmhéadracha (méarloirg nó íomhánna den aghaidh) ó roinnt córas a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile;
  • stóras coiteann sonraí céannachta, ina mbeadh sonraí beathaisnéiseacha agus sonraí bithmhéadracha céannachta a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír ar fáil i gcórais éagsúla faisnéise de chuid AE;
  • brathadóir ilchéannachtaí, lena seiceálfaí an bhfuil na sonraí bithmhéadracha céannachta atá sa chuardach le fáil i gcórais eile freisin, ionas gur féidir ilchéannachtaí atá nasctha leis an tacar céanna sonraí bithmhéadracha a bhrath.

4. Paindéim COVID-19 2020

Ba iad na srianta ar ghluaiseacht daoine go hidirnáisiúnta agus laistigh de AE a bhí ar an bhfreagairt beartais is infheicthe ar phaindéim COVID-19 ó thús mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh. Dhún roinnt Ballstáit AE síos an t-iompar idirnáisiúnta paisinéirí, agus cuireadh srianta breise ar iompar idirnáisiúnta AE ina dhiaidh sin, lenar bhain dúnadh páirteach theorainneacha seachtracha AE agus srian ar theacht isteach in AE ó tríú tíortha[15] agus srianta ar ghluaiseacht de dhaoine laistigh de AE[16]. In go leor cásanna bhí sé sin treallach, neamhéifeachtach agus idirdhealaitheach agus bhí ina shárú ar dhlíthe príobháideachais agus tearmainn, mar a léiríodh i staidéir arna gcoimisiúnú ag Parlaimint na hEorpa[17].

5. Géarchéim na hÚcráine

I ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, bhí ar 6 milliún duine tearmainn a lorg cheana féin, i dtíortha comharsanachta den chuid is mó[18]. Chinn an tAontas Eorpach cosaint shealadach uile-Aontais a dheonú do dhaoine atá ag teacht isteach ón Úcráin[19]. Cuireann Treoir AE um Chosaint Shealadach[20] ar chumas Bhallstáit AE gníomhú go tapa chun cosaint agus cearta a thairiscint do dhaoine a bhfuil cosaint láithreach de dhíth orthu.

Ról Pharlaimint na hEorpa

San am atá thart, bhí tuairimí measctha ag Parlaimint na hEorpa faoi fhorbairt an bheartais um bainistiú na dteorainneacha seachtracha. Tríd is tríd, thacaigh sí le ról eagraíochtúil uasghrádaithe EBCGA/Frontex agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, á iarraidh go minic go ndéanfaí a ról a fheabhsú tuilleadh de réir mar a théann AE i ngleic leis an ngéarchéim imirce sa Mheánmhuir. Cé gur dearfach den chuid is mó dearcadh na Parlaiminte faoi fhorbairt EBCGA, tá a seasamh faoi theorainneacha cliste i bhfad níos faichillí. Tar éis an togra ón gCoimisiún in 2013, tharraing sí amhras ar an méadú ollmhór teicneolaíoch agus ar an ollphróiseáil ar shonraí pearsanta a moladh le haghaidh na dteorainneacha seachtracha. Thairis sin, le costais thuartha theicneolaíocht na dTeorainneacha Cliste, mar aon le hamhras i dtaobh na dtairbhí a bhainfeadh léi, fágadh an Pharlaimint le roinnt ábhair imní. I rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2013 maidir leis an dara tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí AE, dhearbhaigh an Pharlaimint ‘gur cheart anailís chúramach a dhéanamh ar chórais nua TF i réimse na himirce agus an bhainistithe teorainneacha, amhail na tionscnaimh Teorainneacha Cliste, go háirithe i bhfianaise phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta’. Ina dhiaidh sin, chuir sí ceist ó bhéal chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle i mí Mheán Fómhair 2015, inar iarr sí an seasamh a bhí acu maidir le rochtain ar an gcóras ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de, agus maidir lena dtuairimí faoi ábharthacht an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mí Aibreáin 2014 maidir leis an Treoir maidir le Sonraí a Choimeád (féach 4.2.8). Sa rún uaithi maidir leis an tuarascáil bhliantúil i leith fheidhmiú limistéar Schengen[21], d’iarr an Pharlaimint ar na Ballstáit, lena n-áirítear na Ballstáit sin gan teorainneacha talún seachtracha, chun ardleibhéal rialaithe ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú trí achmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh trí fhoireann, trealamh, agus saineolas, lena mbunófaí an ceannas agus rialú is gá do thrasnuithe teorann a bheadh sábháilte, ordúil agus éasca.

D’áitigh an Pharlaimint freisin gur gá do gach beart sa réimse sin aird chuí a thabhairt ar theorainneacha agus acquis tearmainn AE, chomh maith le Cairt AE um Chearta Bunúsacha AE. Dá bhrí sin, le tamall anois, tá nósanna imeachta iontaofa agus córa agus cur chuige iomlánaíoch maidir leis an imirce ar leibhéal AE á n-éileamh ag an bParlaimint[22]. Tá ról gníomhach aici i bhfaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh acquis Schengen. Déanann an Mheitheal um Ghrinnscrúdú Schengen de chuid Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile na Parlaiminte, idirchaidreamh leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an gComhairle ag céimeanna ábhartha an nós imeachta meastóireachta agus faireacháin, amhail an tuarascáil mheastóireachta deiridh, na moltaí arna nglacadh agus an plean gníomhaíochta.

Maidir le paindéim COVID-19, ghlac an Pharlaimint rún i mí an Mheithimh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19, inar chuir sí in iúl gur saoth léi nár cuireadh an Pharlaimint ar an eolas ina leith. Mheabhraigh sí nach mór d’aon srian sealadach taistil is infheidhme maidir leis an taisteal neamhriachtanach uile ó thríú tíortha chuig Limistéar Schengen nó cinntí ar theacht isteach a dhiúltú ag teorainneacha seachtracha a bheith i gcomhréir leis na forálacha ó Chód Teorainneacha Schengen[23]. I staidéar a choimisiúnaigh an Pharlaimint, cuireadh in iúl go raibh na srianta a tugadh isteach mar fhreagairt ar an bpaindéim faoi réir athruithe gasta agus an-athraitheach, as a d’eascair éiginnteacht dhlíthiúil mhór do dhaoine aonair agus iarmhairtí diúltacha do chearta agus do shaoirsí AE[24]. Léirítear i staidéar eile a rinneadh le déanaí gur bhain na Ballstáit úsáid fhairsing as teicneolaíochtaí bithmhéadracha IS chun faireachas mórscála a dhéanamh ar imircigh[25].

I rún an 1 Márta 2022, chuir an Pharlaimint in iúl gur geal léi ghníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach den chéad uair ó tháinig sé i bhfeidhm in 2001[26]. An 9 Márta 2022, d'iarr Feisirí ar AE córas imirce ceart a thabhairt isteach lena gcomhroinntear an fhreagracht as dídeanaithe. An 4 Aibreán 2023, ghlac Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna i réimse na himirce agus an tearmainn, agus an 14 Aibreán 2023 ghlac sé tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha, chomh maith le tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce.

An 10 Aibreán 2024, phléigh agus ghlac an Pharlaimint deich dtéacs reachtacha chun beartas imirce agus tearmainn na hEorpa a athchóiriú. An 24 Aibreán 2024, ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir le Cód Teorainneacha Schengen a leasú chun borradh a chur faoi athléimneacht limistéar Schengen i leith bagairtí tromchúiseacha agus chun rialacha Schengen a oiriúnú do dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

Tabhair cuairt ar leathanach baile Pharlaimint na hEorpa maidir le limistéar Schengen.

 

[1]Acquis Schengen: Coinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.
[2]Ní áirítear Ballstáit AE an Chipir, Éire an Bhulgáir ná an Rómáin ar na tíortha sin. Tá ceithre thír, áfach, nach- Ballstáit de chuid AE iad san áireamh i Limistéar Schengen: an Íoslainn, an Eilvéis, an Iorua agus Lichtinstéin. Tá rogha an diúltaithe ag an Danmhairg maidir le Teideal V CFAE (Prótacal 22), ach glacann sí páirt ar bhonn idir-rialtasach.
[3]Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha, IO L 74, 18.3.2017, lch. 1.
[4]Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‐aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
[5]Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún, IO L 312, 7.12.2018, lch. 56.
[6]Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, IO L 312, 7.12.2018, lch. 14.
[7]Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, IO L 312, 7.12.2018, lch 1.
[8]Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
[9]Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624, IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.
[12]Rialachán (AE) 2018/1240ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, IO L 236, 19.9.2018, lch. 1 agus Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú, IO L 236 19.9.2018, lch. 72.
[13]Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, IO L 295, 21.11.2018, lch. 99.
[14]Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, agus Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
[15]Féach ar ‘Ráiteas comhpháirteach ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí’, An Bhruiséil, 26 Márta 2020.
[16]Tell Cremades, M., Studies with a ‘Covid 19 angle’ [Staidéir lena mbaineann ‘dearcadh COVID-19’], Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Parlaimint na hEorpa, Meitheamh 2021.
[17]Carrera S. et al., In ainm COVID: An Assessment of the Schengen Internal Border Controls and Travel Restrictions in the EU [In ainm COVID: Measúnú ar Rialuithe Teorann Inmheánaí Limistéar Schengen agus Srianta Taistil in AE], Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Parlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2020.
[19]Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.
[20]Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint, IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.
[21]Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Bealtaine 2018 maidir leis an tuarascáil bhliaintúil ar fheidhmiú limistéar Schengen, IO C 76, 9.3.2020, lch. 106.
[22]Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Aibreán 2016 maidir leis an staid mar atá sa Mheánmhuir agus an gá atá le cur chuige iomlánaíoch AE i leith na himirce, IO C 58, 15.2.2018, lch. 9.
[23]Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 ar an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19, IO C 362, 8.9.2021, lch. 77.
[24]Carrera S., Chun Luk, N., In the Name of COVID: An Assessment of the Schengen Internal Border Controls and Travel Restrictions in the EU [In ainm COVID: Measúnú ar Rialuithe Teorann Inmheánaí Limistéar Schengen agus Srianta Taistil in AE], Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Meán Fómhair 2020.
[25]Wendehorst, C., Duller, Y., Biometric Recognition and Behavioural Detection [Aitheantas Bithmhéadrach agus Brath Iompraíochta], Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Lúnasa 2021.
[26]Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta 2022 maidir le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, IO C 125, 18.3.2022, lch. 2.

Pablo Abril Marti / Mariusz Maciejewski