Beartas eachtrach: aidhmeanna, ionstraimí agus éachtaí
Bunaíodh Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) AE in 1993 agus neartaíodh ó shin i leith é le conarthaí iardain. Ar na saolta seo, rannchuidíonn an Pharlaimint go rialta le forbairt CBES, go háirithe trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a gníomhaithe agus a comhlachtaí institiúideacha: Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a fhónann freisin mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh; an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS); Ionadaithe Speisialta an Aontais (ISAEnna) agus toscaireachtaí an Aontais. Is féidir le cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte scála agus raon feidhme CBES a mhúnlú freisin.
CBES: forbairt trí na Conarthaí
Rinneadh Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh a bhunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) in 1993 agus é mar aidhm leis an tsíocháin a chaomhnú, an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn agus an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine agus do chearta bunúsacha a fhorbairt agus a dhaingniú.
Le CAE, tugadh isteach an ‘córas trí cholún’, agus CBES ina dhara colún díobh sin. Le Conradh Amstardam, 1997, bunaíodh próiseas cinnteoireachta a bhí ní b’éifeachtúla, lena n-áirítear staonadh inchiallaithe agus vótáil trí thromlach cáilithe. I mí na Nollag 1999, bhunaigh an Chomhairle Eorpach ról an Ardionadaí do CBES. Le Conradh Nice 2003, tugadh isteach tuilleadh athruithe chun an próiseas cinnteoireachta a chuíchóiriú agus cuireadh de shainordú ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, a bhí bunaithe faoi chinneadh ón gComhairle i mí Eanáir 2001, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach oibríochtaí bainistithe géarchéime a fheidhmiú.
Le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, tugadh pearsantacht dhlítheanach don Aontas agus struchtúr institiúideach dá sheirbhís sheachtrach. Ina theannta sin, chuir sé deireadh le struchtúr na gcolún a tugadh isteach le CAE in 1993. Leis an gConradh, cruthaíodh réimse de ghníomhaithe nua faoi CBES, lena n-áirítear Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a fhónann freisin mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Uachtarán nua buan na Comhairle Eorpaí. Thairis sin, cruthaíodh leis an gConradh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), agus rinneadh an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), atá ina chuid dhílis de CBES, a uasghrádú (Tuilleadh sonraí 5.1.2).
Rinneadh an bunús dlí do CBES a leagan amach in CAE agus rinneadh athbhreithniú air i gConradh Liospóin. Faoi Airteagail 21-46, Theideal V, de CAE, bunaítear na ‘Forálacha Ginearálta maidir le Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais agus Forálacha Sonracha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES)’. Clúdaítear gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais faoi Airteagail 205-222, Cuid 5, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá feidhm freisin ag Airteagail 346 agus 347, Cuid 7.
Ag féachaint don todhchaí, sa tuarascáil chríochnaitheach ó Chomhdháil an Aontais Eorpaigh ar Thodhchaí na hEorpa, a cuireadh faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin an 9 Bealtaine 2022 ‘moladh don Aontas a inniúlacht a fheabhsú chun cinntí meara agus éifeachtacha a dhéanamh, go háirithe i dtaca le CBES, labhairt d’aon ghuth agus gníomhú mar fhíorghníomhaí domhanda, ról dearfach ar domhan a chur chun cinn agus difríocht a dhéanamh i bhfreagairt d’aon ghéarchéim’.
Cumhachtaí agus ionstraimí bheartas eachtrach na Parlaiminte
D’ainneoin ról foirmiúil teoranta a bheith aici i gcinnteoireacht beartais eachtraigh, bhí an Pharlaimint i bhfách le coincheap an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála ón gcéad lá riamh, agus rinne sí iarracht a raon feidhme a leathnú.
Le hAirteagal 36 de CAE, cuirtear de cheangal ar an Ardionadaí dul i gcomhairle leis an bParlaimint go rialta faoi phríomhghnéithe CBES, agus faoi na cinntí a dhéantar faoi, agus an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi fhorás an bheartais. Dhá uair in aghaidh na bliana, bíonn díospóireachtaí ag an bParlaimint faoi thuarascálacha ar dhul chun cinn CBES agus cuireann sí ceisteanna ar an gComhairle agus ar an Ardionadaí, agus cuireann sí moltaí faoina mbráid.
Rinneadh an ceart atá ag an bParlaimint go gcuirfí ar an eolas í agus go rachfaí i gcomhairle léi faoi CBES/CBSC a neartú tuilleadh leis an dearbhú um fhreagracht pholaitiúil ón Ardionadaí in 2010, atá i gceangal le rún na Parlaiminte maidir le cruthú SEGS. Rinneadh foráil don mhéid seo a leanas, inter alia, sa dearbhú:
- feabhas a chur ar stádas na ‘gComhchruinnithe Comhairliúcháin’, trínar féidir le grúpa ainmnithe Feisirí de Pharlaimint na hEorpa bualadh lena gcontrapháirtithe ó Choiste Polaitiúil agus Slándála na Comhairle, ó SEGS agus ón gCoimisiún chun misin shibhialtacha CBSC atá beartaithe agus atá ar siúl a phlé;
- an ceart atá ag ‘coiste speisialta’ na Parlaiminte rochtain a bheith aige ar fhaisnéis rúnda a bhaineann le CBES agus le CBSC, a dhaingniú, ar ceart é atá bunaithe ar chomhaontú idirinstitiúideach ó 2002;
- malartuithe tuairimí a bheith ann le cinn mhisin, le cinn toscaireachta agus le hoifigigh shinsearacha eile an Aontais le linn cruinnithe coiste agus le linn éisteachtaí choistí na Parlaiminte, lena n-áirítear malartú tuairimí sa Choiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) le cinn roghnaithe nuacheaptha thoscaireachtaí an Aontais nó le hIonadaithe Speisialta an Aontais (ISAEnna) a mheasann an Pharlaimint a bheith tábhachtach ó thaobh straitéise de, sula nglacann siad lena bpoist;
- sainordú a thabhairt don Ardionadaí teacht os comhair na Parlaiminte dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad chun tuairisciú ar an staid mar atá i láthair na huaire a mhéid a bhaineann le CBES/CBSC agus chun ceisteanna a fhreagairt.
Sa bhreis ar an idirphlé polaitiúil sin, déanann an Pharlaimint a húdarás a fheidhmiú tríd an nós imeachta buiséadach. Mar chraobh amháin d’údarás buiséadach an Aontais, ní mór don Pharlaimint buiséad bliantúil CBES a fhormheas. Leagtar síos i gcomhaontú idirinstitiúideach ó mhí na Nollag 2020 maidir leis an smacht buiséadach an creat don fhormheas bliantúil agus do struchtúr bunúsach bhuiséad CBES, chomh maith le sásraí tuairiscithe. Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle reachtaíocht a ghlacadh lena leagtar síos an creat chun comhar agus cabhair idirnáisiúnta AE a mhaoiniú, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.
Déanann an Pharlaimint grinnscrúdú go rialta ar oibríochtaí SEGS agus cuireann sí moltaí faoina bráid maidir le saincheisteanna struchtúrtha, óna cothromaíocht gheografach agus inscne go dtí a hidirghníomhaíocht le hinstitiúidí eile an Aontais agus le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát. Ina theannta sin, bíonn plé rialta ag an bParlaimint leis an Ardionadaí agus le ISAEnna a cheaptar le haghaidh réigiúin nó saincheisteanna áirithe.
Tá ról ag an bParlaimint freisin i ndáil le faireachán a dhéanamh ar chaibidlíocht agus cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta. Bíonn toiliú na Parlaiminte ag teastáil sular féidir leis an gComhairle na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích (Tuilleadh sonraí 5.2.1, 5.2.3).
Struchtúir inmheánacha na Parlaiminte atá bainteach le CBES
Is i gcoistí speisialaithe, go háirithe ina dhá fochoiste (um Shlándáil agus Cosaint (SEDE) agus um Chearta an Duine (DROI)) a dhéantar mórán den obair a dhéanann an Pharlaimint i dtaobh CBES. Déanann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) agus an Coiste um Fhorbairt (DEVE) comhlánú ar a gcuid oibre. Múnlaíonn na coistí sin CBES trí na tuarascálacha agus na tuairimí a eisíonn siad, trí mholtaí a dhéanamh, trí thuairimí a mhalartú le contrapháirtithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas le linn misean, agus trí bhíthin daonlathas parlaiminteach. Ina theannta sin, déanann siad tuairimí a mhalartú go rialta le hionadaithe ó eagraíochtaí iltaobhacha domhanda agus réigiúnacha (lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe), le hinstitiúidí eile an Aontais, le huachtaránachtaí na Comhairle agus le parlaimintí náisiúnta na mBallstát.
Déanann toscaireachtaí parlaiminteacha obair a bhaineann le CBES freisin, agus is é an ról atá acu teagmhálacha idirnáisiúnta na Parlaiminte a chothú agus a fhorbairt (go mór mór trí chomhar idirpharlaiminteach), agus luachanna bunaidh an Aontais á gcur chun cinn acu, lena n-áirítear an tsaoirse, an daonlathas, cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta. Faoi láthair, tá 45 bhuantoscaireacht idirpharlaiminteacha ann, lena n-áirítear comhchoistí parlaiminteacha, coistí um chomhar parlaiminteach, toscaireachtaí parlaiminteacha eile, comhthionóil pharlaiminteacha agus toscaireachtaí chuig tionóil iltaobhacha.
Tionchar na Parlaiminte ar CBES
Cabhraíonn rannpháirtíocht na Parlaiminte in CBES le cuntasacht dhaonlathach an bheartais a fheabhsú. Tá tacaíocht láidir tugtha ag an bParlaimint do réimse institiúideach iar-Liospóin, agus ról feabhsaithe á mholadh aici don Ardionadaí do SEGA, do thoscaireachtaí an Aontais agus do ISAEnna, mar aon le beartas níos comhleanúnaí agus CBES níos éifeachtaí a bheith ann, lena n-áirítear smachtbhannaí. Tá tuilleadh comhleanúnachais i measc ionstraimí polaitiúla agus airgeadais an Aontais curtha chun cinn aici i gcomhair beartais sheachtracha, chun an dúbláil agus an neamhéifeachtúlacht a sheachaint.
Téitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le CBES, déanann sí grinnscrúdú air agus déanann sí aschur straitéiseach beartais a chur ar fáil. Tá a rannpháirtíocht dírithe ar dhíospóireachtaí rialta leis an Ardionadaí sna seisiúin iomlánacha nó sa choiste AFET, maidir le priomhábhair a bhaineann le beartas eachtrach, go háirithe an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme CBES.
Sa rún bliantúil uaithi ar chur chun feidhme CBES, a glacadh an 28 Feabhra 2024 maidir leis an mbliain 2023, thug an Pharlaimint treoir do chéad fheidhmeannas eile an Aontais maidir le tosaíochtaí beartais eachtraigh a leagan síos don chéad téarma eile, agus béim á leagan aici ar an ‘timpeallacht shíorluaineach idirnáisiúnta’. D’aithin sí roinnt dúshlán a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, amhail fogha leanúnach na Rúise san Úcráin; an géarú ar an iomaíocht i measc na gcumhachtaí móra, lena bhféadfaí tuiscint as an nua a chruthú ar chothromaíocht na cumhachta domhanda; na hiarrachtaí leanúnacha ar an ord riailbhunaithe iltaobhach atá seanbhunaithe a chur de dhroim seoil; agus na géarchéimeanna seachtracha agus inmheánacha atá ag tarlú níos minice ag an tráth céanna. Mar fhreagairt air sin, leag an Pharlaimint béim ar an ngá atá ann don Aontas leas a bhaint as toil pholaitiúil chomhchoiteann, comhoibriú le comhghuaillithe agus tairbhí nithiúla a thairiscint don Domhan Theas, agus béim á leagan aici ar an ngá atá le cur chuige réamhghníomhach agus misniúil. Chun CBES a threorú ar bhealach níos fearr, moladh ceithre chuspóir:
- aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
- struchtúir, ionstraimí, inniúlachtaí, cistí agus nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais a oiriúnú de réir a chéile;
- iltaobhachas riailbhunaithe a threisiú agus a chosaint; agus
- leasanna an Aontais a dhearbhú trí chomhghuaillíochtaí láidre straitéiseacha agus comhpháirtíochtaí atá ar aon intinn leo a fhorbairt.
Thairis sin, sa rún bliantúil is déanaí ón bParlaimint maidir le cur chun feidhme CBSC (Tuilleadh sonraí 5.1.2) agus sa rún bliantúil maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan (Tuilleadh sonraí 5.4.1), déantar seasaimh bhreise sna réimsí sin a leagan amach.
Ina léiriú is déanaí ar threoir pholaitiúil maidir le creat institiúideach AE do ghníomhaíocht sheachtrach, mhol an Pharlaimint, i moladh uaithi an 15 Márta 2023 maidir le feidhmiú SEGS agus AE níos láidre ar domhan a bheith ann, go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí ‘feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhtháthú bheartas eachtrach an Aontais agus ar an ngné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais Eorpaigh’. D’iarr sí freisin go ndéanfaí ‘an struchtúr comhordaithe straitéisigh atá comhdhéanta de na coimisinéirí ábhartha uile, den Ardionadaí agus de sheirbhísí an Choimisiúin agus SEGS a threisiú chun comhleanúnachas, sineirge, trédhearcacht agus cuntasacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú.’ Mhol an Pharlaimint freisin athbhreithnithe fóinteacha a dhéanamh ar Chinneadh 2010 ón gComhairle lena mbunaítear SEGS agus ar Dhearbhú 2010 ón Ardionadaí maidir le cuntasacht pholaitiúil araon. Mhol an Pharlaimint go mion minic go mbainfí leas iomlán as vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí áirithe beartais eachtraigh, amhail Córas Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine, cé is moite de chruthú misean nó oibríochtaí míleata a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu, agus thacaigh sí le húsáid a bhaint as staonadh inchiallaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(1) CAE idir an dá linn.
Ina theannta sin, d’iarr sí go gcuirfí cúnamh eachtrach ar fáil go héifeachtach faoin mbranda ‘Foireann na hEorpa’. Bunaíodh Foireann na hEorpa mar fhreagairt ar iarmhairtí domhanda COVID-19, atá comhdhéanta d’institiúidí an Aontais agus de na Ballstáit agus de ghníomhaireachtaí agus bainc maoinithe sheachtraigh Eorpacha.
Creat straitéiseach bheartas eachtrach AE agus Parlaimint na hEorpa
An 28 Meitheamh 2016, chuir an tArdionadaí an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Mar gheall ar an mbéim atá inti ar an tslándáil, ar an uaillmhian a léirítear inti don uathriail straitéiseach agus ar an gcur chuige prionsabálta, ach pragmatach ina dhiaidh sin féin, atá inti i leith chomhshaol na hEorpa, is ionann Straitéis Dhomhanda AE agus athrú thábhachtach meoin i gcomórtas le Straitéis Slándála na hEorpa ó 2003. In éineacht leis na Ballstáit, leis na parlaimintí náisiúnta, le saineolaithe agus leis an bpobal i gcoitinne, bhí Parlaimint na hEorpa rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin i dtaobh na Straitéise Domhanda.
Chuir Compás Straitéiseach an Aontais go mór le gnéithe cosanta agus slándála Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh, a rinne an Chomhairle Eorpach a fhormhuiniú an 24 agus an 25 Márta 2022. Mar thoradh ar an dúshlán straitéiseach atá roimh shlándáil na hEorpa agus roimh an gcobhsaíocht dhomhanda de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá athrú ó bhonn tagtha ar an Aontas agus tá sé tar éis tionscnaimh nua a bhaineann le CBES agus leis an tionscal cosanta a sheoladh (Tuilleadh sonraí 5.1.2).
Thairis sin, chun go ndéanfar foráil maidir le rogha inbhuanaithe le haghaidh infheistíocht sa bhonneagar domhanda agus chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán geopholaitiúil a bhaineann le samhail infheistíochta agus rialachais na Síne, tháinig an tAontas ar an straitéis Global Gateway in 2021. Is é is aidhm don tionscnamh sin suas le EUR 300 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a thiomsú in earnálacha éagsúla nascachta ar fud an domhain, agus luachanna an Aontais agus leabhar rialacha domhanda á gcur chun cinn ag an am céanna. Leag an Pharlaimint béim freisin ar an straitéis Global Gateway mar ionstraim chun láithreacht agus infheictheacht an Aontais a mhéadú ar fud an domhain sa rún uaithi le déanaí maidir le cur chun feidhme CBES in 2023. Tá an tionscnamh sin ag brath go páirteach ar airgead ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda’(ICFCI – an Eoraip Dhomhanda), a thagann ó bhuiséad an Aontais, ar fiú thart ar EUR 80 billiún í in 2021-2027. I rún uaithi an 12 Nollaig 2023 maidir le cur chun feidhme ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, ba gheal leis an bParlaimint go ndearnadh formhór de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhdhlúthú in aon ionstraim amháin. Mar sin féin, fiú más rud é go bhfuil an ghníomhaíocht sheachtrach níos simplí agus níos solúbtha agus níos éifeachtúla dá dheasca sin, chuir an Pharlaimint in iúl gur oth léi nach raibh dóthain cuntasachta agus trédhearcachta ag gabháil leis an bpróiseas.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET).
Michal Malovec