Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib
Tá caidreamh ilghnéitheach a dhéantar ar leibhéil éagsúla ag an Aontas Eorpach le Meiriceá Laidineach agus le tíortha Mhuir Chairib. Agus an Clár Oibre Nua don Chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib mar threoir aige, féachann an tAontas leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach dhé-réigiúnach a neartú agus a nuachóiriú. Idirghníomhaíonn AE leis an réigiún ina iomláine trí chruinnithe mullaigh le Cinn Stáit agus Rialtais agus tríd an taidhleoireacht pharlaiminteach, agus déanann comhaontuithe agus idirphlé polaitiúil an tAontas Eorpach agus Muir Chairib, Meiriceá Láir, Comhphobal na nAindéas, Mercosur agus tíortha aonair a nascadh le chéile.
An bunús dlí
- Teideal V (gníomhaíocht sheachtrach AE) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
- Teidil I-III agus V (comhbheartas tráchtála; comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil; comhaontuithe idirnáisiúnta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Caidreamh ó réigiún go réigiún
Is comhpháirtithe nádúrtha iad AE agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib (MLC) atá nasctha trí naisc pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha. Tá líonra fairsing comhaontuithe ag AE le 27 dtír as 33 thír sa réigiún. Tá na naisc eacnamaíocha láidir freisin: is é AE an t-infheisteoir is mó atá sa réigiún, an tríú comhpháirtí trádála is mó atá aige agus an príomh-rannchuiditheoir le comhar forbartha. I dteannta a chéile, cuimsíonn an tAontas, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib níos mó ná aon trian de bhallstáit na Náisiún Aontaithe agus is fórsa iad ar mhaithe le córas láidir iltaobhach riailbhunaithe.
An 7 Meitheamh 2023, ghlac Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún teachtaireacht chomhpháirteach ina leagtar amach ‘Clár Oibre Nua don Chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib’agus é mar aidhm leis an caidreamh a neartú agus athnuachan a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib. Is ar shé réimse tosaíochta atá sé dírithe:
- comhpháirtíocht athnuaite pholaitiúil;
- clár oibre tráchtála coiteann a neartú;
- an straitéis infheistíochta Global Gateway chun dlús a chur le haistriú cóir glas agus digiteach chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí;
- dul i gcomhar le chéile ar mhaithe leis an gceartas, slándáil na saoránach, agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe trasnáisiúnta;
- ag obair le chéile chun an tsíocháin agus an tslándáil, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus cabhair dhaonnúil a chur chun cinn;
- agus comhpháirtíocht bhríomhar idir daoine a fhorbairt.
Leis an teachtaireacht, aithnítear an taidhleoireacht pharlaiminteach mar ghné fhíorthábhachtach den chaidreamh dé-réigiúnach, agus luaitear inti go háirithe an ról atá ag an Tionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh (Eurolat).
A. Na cruinnithe mullaigh
Tionóladh an chéad chruinniú mullaigh idir AE, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib in Rio de Janeiro i mí an Mheithimh 1999 agus bunaíodh comhpháirtíocht straitéiseach dhé-réigiúnach lena linn. Reáchtáladh an séú Cruinniú Mullaigh de chuid an Aontais Eorpaigh-MLC, arbh é an cruinniú deiridh chomh maith é, i Maidrid in 2010, inar bunaíodh an Fhondúireacht Eorpach do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib agus é mar mhisean leis an chomhpháirtíocht straitéiseach dhé-réigiúnach a neartú agus a chur chun cinn.
Is éard atá i gComhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) bloc réigiúnach de 33 de thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a seoladh in 2010. Anois, is iad na cruinnithe mullaigh réigiúnacha idir an tAontas agus CELAC an príomhfhóram maidir le hidirphlé agus comhar chun dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda. Reáchtáladh an tríú Cruinniú Mullaigh de Cheannairí Stáit nó Rialtais AE–CELAC sa Bhruiséil an 17 agus 18 Iúil 2023, 8 mbliana tar éis an chruinnithe mullaigh dheireanaigh. Gheall ceannairí an Aontais agus ceannairí CELAC go ndéanfaidh siad athnuachan ar an gcomhpháirtíocht sheanbhunaithe eatarthu agus go ndéanfaidh siad í a bhuanú. Reáchtáladh an cruinniú mullaigh faoi chuimsiú an téama ‘Athnuachan a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht dhé-réigiúnach chun an tsíocháin agus an fhorbairt inbhuanaithe a neartú’ agus pléadh réimse leathan saincheisteanna, lena n-áirítear comhar feabhsaithe i bhfóraim iltaobhacha, an tsíocháin agus an tslándáil dhomhanda, an trádáil agus an infheistíocht, an t-athrú aeráide a chomhrac, an ceartas agus an tslándáil. Ghlac Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, páirt sa Chruinniú Mullaigh. Dhírigh a haitheasc ar a thábhachtaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhaontuithe trádála agus comhlachais atá ar feitheamh. Glacadh Dearbhú Chruinniú Mullaigh AE–CELAC 2023 ag deireadh an chruinnithe mullaigh agus d’fhormhuinigh tíortha uile AE–CELAC é cé is moite de thír amháin. Foilsíodh Treochlár AE–CELAC 2023-2025 le linn an imeachta freisin agus chomhaontaigh na ceannairí cruinnithe mullaigh amach anseo a reáchtáil gach 2 bhliain, agus táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile sa Cholóim in 2025.
B. An ghné pharlaiminteach
I gcás AE agus MLC, is bealach tábhachtach í an taidhleoireacht pharlaiminteach don idirphlé, chun smaointe a mhalartú agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt. Cuireadh tús le teagmháil rialta idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí Pharlaimint Mheiriceá Laidinigh in 1974 leis an gcéad cheann de 17 gcomhdháil idirpharlaiminteacha.
In 2006, bunaíodh Comhthionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh, nó EuroLat, mar institiúid pharlaiminteach na comhpháirtíochta straitéisí dé-réigiúnaí. Feidhmíonn sé mar fhóram chun na ceisteanna uile a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht a chaibidliú, a fhaire agus a athbhreithniú.
Tá 150 comhalta in EuroLat: 75 ó Pharlaimint na hEorpa agus 75 ó pharlaimintí foréigiúnacha Mheiriceá Laidinigh, lena n-áirítear Parlaimint Mheiriceá Laidinigh, Parlaimint na nAindéas, Parlaimint Mheiriceá Láir, Parlaimint Mercosur agus Comhthionóil na Sile agus Mheicsiceo.
Bhí plé ag EuroLat ar ábhair lena n-áirítear an digitiú agus an geilleagar digiteach, an chibearshlándáil agus IS, an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, slándáil bia agus an t-athrú aeráide, as measc nithe eile, agus tá 15 sheisiún iomlánacha tionólta aige ó 2006 i leith. Tionóladh an seisiún iomlánach is déanaí de chuid EuroLat i mí Iúil 2023 i Maidrid na Spáinne.
Sa Dearbhú Comhpháirteach ón tríú Cruinniú Mullaigh de chuid AE–CELAC, aithníodh gur gné thábhachtach den chaidreamh dé-réigiúnach í an taidhleoireacht pharlaiminteach agus moladh an ról cuiditheach atá ag EuroLat ina leith sin. Ina theannta sin, sa ráiteas a thug comhchathaoirligh EuroLat ag an gCruinniú Mullaigh, díríodh ar a thábhachtaí atá sé comhaontuithe déthaobhacha trádála agus comhlachais atá ar feitheamh maidir leis an athrú aeráide agus maidir le hathbheochan an iltaobhachais, a thabhairt i gcrích.
Tagann caidreamh parlaiminteach an Aontais le tíortha Mhuir Chairib faoi shainchúram Chomhthionól Parlaiminteach ESACC[1]–AE. Tá feidhm ag Comhaontú Shamó ó 2024 i leith, agus tá riachtanais shonracha na réigiún tugtha chun solais dá bharr; dá thoradh sin, cruthaíodh Tionól Parlaiminteach AE-an Chairib. Thionóil an comhlacht nua sin a chruinniú bunaitheach i mí Feabhra 2024, in Angóla, agus tá sé comhdhéanta de 15 Fheisire agus comhalta Parlaiminte amháin ó gach ceann de thíortha Mhuir Chairib. Ag a chéad chruinniú, ghlac an Tionól a rialacha nós imeachta, lena bhforáiltear do thionól bliantúil a thionóltar ar bhonn uainíochta idir réigiún Mhuir Chairib agus an tAontas Eorpach. Tionólfar an chéad tionól eile sa Mhuir Chairib in 2025.
An caidreamh le foréigiúin
A. Comhphobal na nAindéas (an Bholaiv, an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú)
I mí na Nollag 2003, thug an tAontas agus réigiún na nAindéas comhaontú maidir le hidirphlé polaitiúil agus comhar chun críche (PDCA), lenar leathnaíodh tuilleadh raon a gcomhair ach, níl sé tagtha i bhfeidhm fós. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú comhlachais i mí an Mheithimh 2007 agus is é a bhí mar thoradh uirthi ar deireadh ná Comhaontú Trádála le Peiriú agus leis an gColóim i mí an Mhárta 2010. Tháinig an comhaontú, a síníodh i mí an Mheithimh 2012 agus a dhaingnigh Parlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2012, i bhfeidhm le Peiriú an 1 Márta 2013 agus leis an gColóim an 1 Lúnasa 2013. Foráiltear ann don trádáil i dtáirgí tionsclaíocha agus in iascaigh a léirscaoileadh go hiomlán thar thréimhse 10 mbliana (agus deireadh curtha le formhór na dtaraifí ar a theacht i bhfeidhm) agus méadaíonn sé an rochtain ar mhargaí do tháirgí talmhaíochta. Cumhdaíonn an comhaontú soláthar poiblí, infheistíocht, cearta an duine, agus caighdeáin saothair agus chomhshaoil. Tháinig Eacuadór isteach sa chomhaontú trádála an 1 Eanáir 2017; is féidir leis an mBolaiv aontachas a lorg freisin, ach níl sé sin déanta aici go fóill. Tá cur chun feidhme iomlán an chomhaontuithe faoi réir daingniú ag aon Bhallstát deiridh amháin: An Bheilg
B. Muir Chairib
Déantar an caidreamh idir an tAontas agus Muir Chairib a mhúnlú le creataí institiúideacha forluiteacha éagsúla, lena n-áirítear Comhaontú Shamó, lena phrótacal Mhuir Chairib, lena n-áirítear 15 stát i Muir Chairib[2].
Leis an straitéis chomhpháirteach chomhpháirtíochta idir an tAontas agus Muir Chairib cuirtear creat struchtúrtha ar fáil le haghaidh idirphlé agus comhar níos leithne agus níos doimhne. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag réigiún Mhuir Chairib. Is é Fóram Mhuir Chairib (Cariforum) an comhpháirtí lárnach réigiúnach don idirphlé eacnamaíoch le AE. Áirítear leis comhaltaí ó Chomhphobal Mhuir Chairib, chomh maith leis an bPoblacht Dhoiminiceach. In 2008, shínigh siad Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche AE–Cariforum, ar comhaontú cuimsitheach saorthrádála agus eacnamaíoch é.
Cuireadh tús le caibidlíochtaí maidir le PDCA le Cúba i mí Aibreáin 2014 agus cuireadh i gcrích go rathúil i mí an Mhárta 2016 iad. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Samhain 2017 i leith. Is féidir leis teacht i bhfeidhm go hiomlán a luaithe a bheidh sé daingnithe ag Ballstáit uile AE. Áirítear trí phríomhchaibidil sa PDCA, an t-idirphlé polaitiúil, an comhar agus an t-idirphlé beartais earnála, agus an trádáil.
C. Meiriceá Láir (Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Panama)
Rinneadh comhaontú comhlachais le Meiriceá Láir, an chéad chomhaontú réigiún go réigiún den chineál sin a thug AE i gcrích, a shíniú i mí an Mheithimh 2012 agus dhaingnigh Parlaimint na hEorpa é i mí na Nollag 2012. Tá trí cholún ann – idirphlé polaitiúil, comhar agus trádáil – agus leagtar síos ann an sprioc i dtaobh comhpháirtíocht pholaitiúil phribhléideach atá bunaithe ar luachanna, prionsabail agus comhchuspóirí a fhorbairt. Tá sé mar aidhm leis freisin cearta an duine a fheabhsú, an bhochtaineacht a laghdú, éagothromaíochtaí a chomhrac, coinbhleacht a chosc, agus dea-rialachas, slándáil, lánpháirtiú réigiúnach agus forbairt inbhuanaithe a spreagadh. Chomh maith leis sin, déanann an comhaontú comhlachais trádáil i dtáirgí tionsclaíocha agus iascaigh a léirscaoileadh agus cuireann sé deireadh le formhór na dtaraifí ar thrádáil talmhaíochta. Ó 2013, níor cuireadh ach amháin caibidil trádála an chomhaontaithe i bhfeidhm go sealadach. Tá an comhaontú daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais anois agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in 2024. Déanfaidh Coiste Parlaiminteach Comhlachais faireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe, lena leathnófar na féidearthachtaí maidir le gníomhaíocht ar leibhéal parlaiminteach.
D. Mercosur (an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua)
In 1999, cuireadh tús le caibidlíochtaí ar chomhaontú comhlachais le Mercosur, lenar áiríodh idirphlé polaitiúil, comhar agus saorthrádáil. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil in 2009; cuireadh daingniú an chomhaontaithe comhlachais ar feitheamh, áfach, mar gheall ar ábhair imní maidir le caighdeáin chomhshaoil agus chearta an duine sa Bhrasaíl faoi rialtas an Uachtaráin Bolsonaro. Cuireadh tús arís leis an gcaibidlíocht le toghadh an Uachtaráin, Lula da Silva, in 2022, ach tá sáinn sa phróiseas glactha faoi láthair. Má thagann an comhaontú i bhfeidhm, bheadh díchur na gcustam atá ar 91 % d’earraí agus na dleachtanna níos ísle ar tháirgí éagsúla chun leasa onnmhairí AE chuig Mercosur. Chuirfeadh AE deireadh le taraifí ar 92 % de na hearraí a allmhairítear ó Mercosur, ach choinneodh sé cuótaí rátaí taraife ar tháirgí talmhaíochta íogaire.
Caidreamh le tíortha aonair
A. An Bhrasaíl
In 2007, bhunaigh AE agus an Bhrasaíl comhpháirtíocht straitéiseach. Laistigh den chomhaontú sin, saothraíonn an tAontas agus an Bhrasaíl comhar agus idirphlé beartais i mbreis agus 30 réimse leasa choitinn, lena n-áirítear síocháin agus slándáil idirnáisiúnta, cearta an duine, rialachas na hearnála poiblí, saincheisteanna eacnamaíocha agus airgeadais, nuálaíocht, beartais shóisialta, an t-oideachas, an comhshaol agus lánpháirtiú réigiúnach. Le Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-na Brasaíle, áirítear freisin idirphlé rialta idir Comhdháil Náisiúnta an Brasaíle agus Parlaimint na hEorpa. Le toghadh, Lula da Silva, mar Uachtarán na Brasaíle in 2022, rinneadh an caidreamh idir AE agus an Bhrasaíl a athbheochan go láidir tar éis dó dul i mbun oifige i mí Eanáir 2023, lena n-áirítear sraith cuairteanna ardleibhéil ón dá thaobh. In 2023, thug méid nach lú ná ceithre thoscaireacht ó Pharlaimint na hEorpa[3] cuairt ar an mBrasaíl. Tá cruinniú mullaigh idir AE agus an Bhrasaíl beartaithe do 2024.
B. An tSile
Rinne AE comhaontú comhlachais leis an tSile a thabhairt i gcrích in 2002. Cuireadh tús le caibidlíochtaí chun an comhaontú comhlachais a nuashonrú agus creat-chomhaontú ardleibhéil (AFA) a chur ina ionad i mí na Samhna 2017 agus tugadh i gcrích iad i mí na Nollag 2022. Rinne Parlaimint na hEorpa é a ghlacadh i mí Feabhra 2024. Tá an comhaontú eatramhach trádála (ITA) glactha ag an bParlaimint agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil ann ach gnéithe trádála agus infheistíochta an AFA, nach bhfuil gá lena dhaingniú ach amháin ar leibhéal an Aontais. A luaithe a bheidh a próiseas daingniúcháin inmheánach curtha i gcrích ag an tSile, tiocfaidh an ITA i bhfeidhm. Rachaidh an ITA in éag ansin nuair a thiocfaidh an AFA i bhfeidhm, a luaithe a bheidh sé daingnithe ag na Ballstáit uile.
Is éard atá sa chomhaontú nuachóirithe colún idirphlé pholaitiúil agus comhair, agus colún trádála agus infheistíochta. Feabhsaíonn sé an caidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus an tSile, tá gealltanais cheangailteacha chomhshaoil agus saothair ann, éascaíonn sé an rochtain ar amhábhair chriticiúla, agus den chéad uair i gcomhaontú de chuid an Aontais, tá caibidil ar leith aige maidir le trádáil agus comhionannas inscne. Tá faireachán déanta ag Comhchoiste Parlaiminteach AE–na Sile ar chur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais ó 2003 i leith agus leanfaidh sé d’fhaireachán a dhéanamh ar an AFA le dhá chruinniú bhliantúla.
C. Meicsiceo
Is é Meicsiceo an t-aon tír lena bhfuil comhaontú comhlachais agus comhpháirtíocht straitéiseach araon ag an Aontas. Tháinig an comhaontú maidir le comhpháirtíocht eacnamaíoch, comhordú polaitiúil agus comhar idir Meicsiceo agus an tAontas, ar a dtugtar freisin Comhaontú AE–Mheicsiceo, i bhfeidhm in 2000. Rinneadh leis idirphlé polaitiúil a bhuanú, réimsí comhair a leathnú, lena n-áirítear an daonlathas agus cearta an duine, agus limistéar saorthrádála idir AE agus Meicsiceo a chruthú. I mí na Bealtaine 2016, cuireadh tús leis na caibidlíochtaí le Meicsiceo chun Comhaontú AE–Mheicsiceo a nuachóiriú. I mí Aibreáin 2018, tháinig na comhpháirtithe ar ‘chomhaontú i bprionsabal’ maidir leis na caibidlí trádála agus bhain siad comhdhearcach amach maidir leis na gnéithe deiridh a bhí fós gan réiteach i mí Aibreáin 2020. Tá sé ar feitheamh daingniúcháin faoi láthair.
Bunaíodh an chomhpháirtíocht straitéiseach in 2009 agus dhá sprioc aici: feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú idir AE agus Meicsiceo ar an leibhéal iltaobhach maidir le saincheisteanna domhanda, agus ugach polaitiúil breise a thabhairt don chaidreamh déthaobhach agus do thionscnaimh. Tá trí chruinniú mullaigh idir AE agus Meicsiceo tionólta faoin gcomhpháirtíocht straitéiseach, an ceann is déanaí i mí an Mheithimh 2015. Bíonn idirphléití ardleibhéil rialta idir AE agus Meicsiceo ar go leor saincheisteanna, lena n-áirítear cearta an duine, slándáil agus forfheidhmiú an dlí, saincheisteanna eacnamaíocha, agus an comhshaol agus an t-athrú aeráide. Ó 2005, tá faireachán á dhéanamh ag Comhchoiste Parlaiminteach AE-Mheicsiceo ar chur chun feidhme Chomhaontú AE–Mheicsiceo. Tagann an Comhchoiste Parlaiminteach le chéile faoi dhó sa bhliain de ghnáth agus is fóram bunúsach é le haghaidh malartuithe.
Jonas Kraft / Clotilde Chantal Claudie Sebag