Tugann an Chomhairle Eorpach, atá comhdhéanta de chinn stáit nó rialtais na mBallstát, an spreagadh atá riachtanach d’fhorbairt an Aontais Eorpaigh agus leagann sí amach treoirlínte polaitiúla ginearálta. Is comhalta gan ceart vótála é Uachtarán an Choimisiúin chomh maith. Tugann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa aitheasc don Chomhairle Eorpach ag tús a cuid cruinnithe. Bunaíodh an Chomhairle Eorpach mar institiúid de chuid an Aontais agus tugadh uachtaránacht fhadtéarmach di le Conradh Liospóin.

Bunús dlí

Airteagail 13, 15, 26, 27 agus 42(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Stair

Is í an Chomhairle Eorpach anois comhdháil mhullaigh chinn stáit nó rialtais Bhallstáit AE. Reáchtáladh an chéad cheann de na ‘cruinnithe mullaigh Eorpacha’ seo i bPáras in 1961 agus d’éirigh siad níos minice ó 1969 i leith.

Rinneadh an cinneadh ag an gcruinniú mullaigh Eorpach i bPáras i mí Feabhra 1974 gur cheart cruinnithe sin na gceann stáit nó rialtais a reáchtáil as sin amach ar bhonn rialta faoin ainm ‘An Chomhairle Eorpach’, a mbeadh sé de chumas aici cur chuige ginearálta a ghlacadh d’fhadhbanna na lánpháirtíochta Eorpaí agus a chinntiú go gcomhordófaí gníomhaíochtaí AE go cuí.

Áiríodh an Chomhairle Eorpach den chéad uair i gcorp Chonarthaí an Chomhphobail leis an Ionstraim Eorpach Aonair (1986), faoinar sainmhíníodh a comhdhéanamh agus foráladh do chruinnithe leathbhliantúla.

Cuireadh a ról ar bhonn foirmiúil i bpróiseas institiúideach an Aontais Eorpaigh le Conradh Maastricht (1992).

Le Conradh Liospóin (ar ar tugadh Conradh ar an Aontas Eorpach, 2009 roimhe seo), rinneadh institiúid iomlán san Aontas Eorpach den Chomhairle Eorpach (Aireagal 13) agus rinneadh sainmhíniú ar a cúraimí, arb iad sin ‘an spreagadh is gá [a thabhairt] dá fhorbairt agus […] na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta [a shainiú]’ (Airteagal 15). Tá an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’ ina dhiaidh seo) tagtha ar chomhaontú roinn II de bhuiséad AE (Airteagal 43(b) den Rialachán Airgeadais) a roinnt, arb é sin an chúis nach bhfuil ach 10 roinn ag an mbuiséad ginearálta in áit aon cheann déag, cé gur institiúidí ar leith iad an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle.

Eagrú

Á tionól ag a hUachtarán, tugann an Chomhairle Eorpach le chéile cinn stáit nó rialtais na 27 mBallstát agus Uachtarán an Choimisiúin (Airteagal 15(2) CAE). Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre. Is iondúil go dtugtar cuireadh d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa labhairt ag tús an chruinnithe (Airteagal 235(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh CFAE).

Déanann an Chomhairle Eorpach í féin an t-uachtarán a thoghadh ar feadh téarma dhá bhliain go leith, ar féidir é a athnuachan uair amháin, agus déanann an tUachtarán ionadaíocht ar AE sa domhan mór. Leagtar amach ról an Uachtaráin in Airteagal 15 CAE. Chuir an tUachtarán reatha Charles Michel tús lena chéad téarma an 1 Nollaig 2019 agus atoghadh é i Márta 2022 don dara téarma ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 30 Samhain 2024.

Is iondúil gur de chomhthoil a dhéanann an Chomhairle Eorpach cinntí, ach déantar líon ceapachán tábhachtach, áfach, le tromlach cáilithe (go háirithe a hUachtarán féin, roghnú an iarrthóra don phost mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, agus ceapachán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh).

Is gnách go dtagann an Chomhairle Eorpach le chéile ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Tá sí tagtha le chéile ar bhonn níos minice ó 1998 i leith, go háirithe le linn na géarchéime airgeadais agus le linn na géarchéime fiachais sa limistéar euro a lean í. Bhí go leor le déanamh ag an gComhairle Eorpach le déanaí freisin mar gheall ar an sreabhadh imirce go dtí AE agus saincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil inmheánach.

In 2016, thosaigh na cinn stáit agus rialtais teacht le chéile mar chuid de ‘AE-27’, gan an Ríocht Aontaithe (RA). Ba chruinnithe neamhfhoirmiúla na cruinnithe sin ar dtús sular thug an Ríocht Aontaithe fógra oifigiúil faoina tarraingt siar ó AE faoi Airteagal 50 CAE i mí an Mhárta 2017. Tar éis an fhógra, tionóladh roinnt cruinnithe foirmiúla den ‘Chomhairle Eorpach (Airteagal 50)’ idir AE-27 ag an am céanna leis na gnáthchruinnithe.

Thairis sin, tagann comhaltaí na Comhairle Eorpaí le chéile freisin i bhformáid ‘comhdhálacha idir-rialtasacha’ (CIRanna): tionóltar comhdhálacha ionadaithe rialtais na mBallstát seo chun athruithe ar chonarthaí AE a phlé agus a chomhaontú. Sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009, ba é sin an t-aon nós imeachta faoina bhféadfaí na Conarthaí a athbhreithniú. Tugtar an ‘gnáthnós imeachta um athbhreithniú’ air anois. Cinneann CIR, a thionólann Uachtarán na Comhairle Eorpaí, athruithe ar na conarthaí d’aontoil.

Ról

A. Ionad i gcóras institiúideach AE

De réir Airteagal 13 CAE, is cuid de ‘chreat institiúideach aonair’ an Aontais í an Chomhairle Eorpach. Is é an ról atá aici, áfach, ná spreagadh polaitiúil ginearálta a thabhairt seachas feidhmiú mar chomhlacht cinnteoireachta sa chiall reachtach. Ní dhéanann sí cinntí a mbeadh iarmhairtí reachtacha acu do AE ach amháin i gcásanna eisceachtúla (féach pointe C(2) thíos), ach tá líon cumhachtaí cinnteoireachta institiúidí faighte aici. Tá údarás ag an gComhairle Eorpach anois gníomhartha ceangailteacha a ghlacadh is féidir a agóid os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh, a n-áirítear leo mainneachtain gníomhú (Airteagal 265 CFAE).

Le hAirteagal 7(2) CAE, tugtar de chumhacht don Chomhairle Eorpach an nós imeachta a thionscnamh chun cearta Ballstáit a fhionraí mar thoradh ar shárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais, faoi réir toiliú a fháil ón bParlaimint.

B. Caidreamh leis na hinstitiúidí eile

Déanann an Chomhairle Eorpach cinntí le neamhspleáchas iomlán agus, i bhformhór na gcásanna, ní theastaíonn tionscnamh ón gCoimisiún nó rannpháirtíocht na Parlaiminte.

Coinníonn Conradh Liospóin nasc eagrúcháin leis an gCoimisiún, áfach, mar gur comhalta den Chomhairle Eorpach gan ceart vótála a uachtarán, agus freastalaíonn Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar na díospóireachtaí. Anuas air sin, iarrann an Chomhairle Eorpach go minic ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoina bráid mar ullmhúchán dá cruinnithe. Le hAirteagal 15(6)(d) CAE, bíonn ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí tuarascáil a thíolacadh don Pharlaimint tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí. Bíonn cruinniú ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí le hUachtarán na Parlaiminte chomh maith le ceannairí na ngrúpaí polaitiúla ar bhonn míosúil. I bhFeabhra 2011, d’aontaigh an t-uachtarán ag an am ceisteanna i scríbhinn ó na Feisirí a fhreagairt maidir lena ghníomhaíochtaí polaitiúla. Tá an Pharlaimint ábalta tionchar áirithe neamhfhoirmiúil a imirt, áfach freisin, trí láithreacht a hUachtaráin ag cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus ag cruinnithe na gceannairí páirtí ag teacht le chéile dóibh ina bhfiní polaitiúla Eorpacha faoi seach sna réamhchruinnithe a bhíonn acu sula dtagann an Chomhairle Eorpach le chéile, chomh maith leis na rúin a ghlacann sí maidir le míreanna atá ar an gclár oibre do chruinnithe, maidir le torthaí na gcruinnithe agus maidir leis na tuarascálacha foirmiúla a thíolacann an Chomhairle Eorpach.

Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, tugadh ról d’oifig nua Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le beartas eachtrach a mholadh agus a chur chun feidhme thar ceann na Comhairle Eorpaí. Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí freagrach as ionadaíocht sheachtrach AE maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

C. Cumhachtaí

1. Institiúideach

Tugann an Chomhairle Eorpach ‘an spreagadh is gá dá fhorbairt’ do AE agus sainíonn sí ‘na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta’ (Airteagal 15(1) CAE). Déanann sí cinneadh freisin trí thromlach cáilithe ar chomhdhéanamh na Comhairle agus ar fhéilire na n-uachtaránachtaí rothlacha.

2. Ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (5.1.1) agus (5.1.2)

Sainíonn an Chomhairle Eorpach prionsabail agus treoirlínte ginearálta don comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus déanann sí cinneadh faoi chomhstraitéisí dá chur chun feidhme (Airteagal 26 CAE). Déanann sí cinneadh d’aon toil an molfaidh sí do na Ballstáit bogadh i dtreo comhbheartas cosanta AE a chumadh go comhleanúnach, faoi Airteagal 42(2) CAE.

Má tá Ballstát ag beartú cur i gcoinne cinneadh a ghlacadh ar chúiseanna tábhachtacha beartais náisiúnta, d’fhéadfadh an Chomhairle cinneadh trí thromlach cáilithe a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach chun cinneadh a ghlacadh d’aon toil (Airteagal 31(2) CAE). D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an nós imeachta céanna má dhéanann Ballstáit an cinneadh comhar feabhsaithe a bhunú sa réimse seo (Airteagal 20 CAE).

Ghlac an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa le moladh Uimh. 21 ó na saoránaigh go gcuirfeadh AE feabhas ar a chumas chun cinntí gasta éifeachtacha a dhéanamh, go háirithe trí athrú ó vótáil aontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe i réimse CBES, agus trí ról Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a neartú. I rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí, chuir an Pharlaimint tograí le haghaidh leasuithe ar chonarthaí faoi bhráid na Comhairle faoin ngnáthnós imeachta athbhreithnithe a leagtar síos in Airteagal 48 CAE. Ba phríomh-mholadh amháin cinntí a lamháil sa Chomhairle trí vótáil trí thromlach cáilithe seachas trí aontoilíocht i réimsí ábhartha, amhail smachtbhannaí a ghlacadh agus i gcás éigeandála. Tá tuarascáil á hullmhú ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla sa Pharlaimint freisin maidir le clásail passerelle a chur chun feidhme i gConarthaí AE (i.e. clásail a lamhálann nós imeachta reachtach a athrú gan leasú foirmiúil ar na conarthaí), ina moltar go ndéanfaí clásail passerelle a ghníomhachtú i roinnt réimsí tosaíochta beartais, amhail an comhbheartas eachtrach agus slándála.

3. Rialachas eacnamaíoch agus creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) (1.4.3.)

Ó 2009 i leith, d’fhág géarchéim an fhiachais cheannasaigh gurb í an Chomhairle Eorpach agus na cruinnithe mullaigh euro na príomhghníomhairí a thug aghaidh ar ar thit amach de thoradh na géarchéime baincéireachta domhanda. Tá pacáistí cabhrach airgeadais faighte ag roinnt Ballstát trí chomhaontuithe ad hoc nó sealadacha ar chinn na cinn stáit nó rialtais orthu agus ar dhaingnigh na Ballstáit ina dhiaidh sin iad. Ó 2012, bronntar cabhair airgeadais tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) buan. Tá conradh idirnáisiúnta leagtha amach ag rialtais na mBallstát, le rannpháirtíocht ghníomhach an Choimisiúin, na Parlaiminte agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh – an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (a dtugtar an ‘Comhshocrú Fioscach’ air chomh maith) – faoina gceadaítear rialú níos déine ar bheartais bhuiséadacha agus shoch-eacnamaíocha na mBallstát. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoi ról an Choimisiúin agus na Parlaiminte maidir le rialachas eacnamaíoch an limistéir euro.

Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Eorpach chomh maith sa Seimeastar Eorpach. Eisíonn sí treoshuíomhanna beartais maidir le hathchóiriú maicreacnamaíoch, fioscach agus struchtúrtha ag a cruinnithe earraigh, chomh maith le beartais chun dlús a chur le fás. Tacaíonn sí ag a cruinnithe i mí an Mheithimh le moltaí a eascraíonn as an measúnú atá déanta ar na Cláir Náisiúnta Athchóirithe atá leagtha amach ag an gCoimisiún agus atá pléite sa Chomhairle.

Bhí baint aici chomh maith leis an gcaibidlíocht don chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), áit a bhfuil ról lárnach aici i gcomhaontú polaitiúil ar na príomh-shaincheisteanna polaitiúla i rialachán CAI a thabhairt i gcrích, amhail teorainneacha caiteachais, cláir caiteachais agus maoiniú (acmhainní).

4. Comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla (4.2.6 agus 4.2.7)

Ar iarraidh ó chomhalta den Chomhairle, déanann an Chomhairle Eorpach cinneadh an mbunófar comhar feabhsaithe i réimse atá gaolmhar leis an réimse seo (Airteagal 20 CAE). Tugadh isteach roinnt clásal idirlinne nua le Conradh Liospóin a chuir ar chumas na Comhairle Eorpaí an fhoirmle chinnteoireachta sa Chomhairle a athrú ó aontoilíocht go vótáil trí thromlach (1.2.4).

A bhfuil bainte amach

Tá clár oibre straitéiseach 5 bliana (2019-2024) socraithe ag an gComhairle Eorpach ina sainaithnítear réimsí tosaíochta le haghaidh ghníomhaíocht agus fócas níos fadtéarmaí an Aontais. Sa bhreis ar an gclár oibre straitéiseach, leagtar amach ina chláir oibre ghearrthéarmacha, dá ngairtear Cláir Oibre na gCeannairí, topaicí do na cruinnithe den Chomhairle Eorpach agus do na cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo. Mar shampla, i gClár Oibre táscach na gCeannairí a foilsíodh i bhFeabhra 2023 leagtar amach na tosaíochtaí táscacha don tréimhse ó Eanáir go hIúil 2023, lena n-áirítear, go háirithe, tacaíocht leanúnach AE don Úcráin mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, ar an ngeilleagar agus borradh a chur faoin iomaíochas fadtéarmach in AE agus faoi neamhspleáchas straitéiseach AE, lena n-áirítear don tslándáil agus don fhuinneamh.

Tá sé beartaithe go nglacfar Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029 i Meitheamh 2024. Chun an plé a lainseáil roimh ré, sheol an tUachtarán Michel litir roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí i Meitheamh 2023. Mhol sé ceithre mhór-réimse don chlár oibre atá le teacht: bonn eacnamaíoch agus sóisialta AE a chomhdhlúthú (an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an t-iomaíochas, an nuálaíocht, an tsláinte); dul i ngleic le dúshlán an fhuinnimh; cumais slándála agus cosanta AE a threisiú agus rannpháirtíocht leis an gcuid eile den domhan a dhoimhniú. Ina theannta sin, mhol sé cur chuige foriomlán AE maidir leis an imirce a neartú.

A. An creat airgeadais ilbhliantúil

Chun cabhrú le AE atógáil tar éis na paindéime agus chun tacú leis an infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach, tháinig ceannairí na Comhairle Eorpaí ar chomhaontú, ina gcruinniú speisialta 17-21 Iúil 2020, maidir le pacáiste cuimsitheach EUR 1 824.3 billiún ina gcomhcheanglaítear an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus iarracht urghnách téarnaimh faoin ionstraim Next Generation EU (NGEU).

Ag an gcruinniú a bhí aici an 1 Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir leis an athbhreithniú ar CAI 2021-2027. Dá bhrí sin, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh trí ghníomh reachtacha arb é is aidhm dóibh an buiséad fadtéarmach a neartú agus dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht chun cinn. Is éard atá sa phacáiste a glacadh leasuithe ar an gcreat airgeadais agus bunú Shaoráid na hÚcráine agus an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP).

B. An comhbheartas eachtrach agus slándála

Is gné thábhachtach de chruinnithe mullaigh na Comhairle Eorpaí é an beartas eachtrach agus slándála ó thus na 1990idí. I measc na gcinntí ar glacadh leo sa réimse seo, áirítear na cinn seo a leanas:

  • An tslándáil idirnáisiúnta agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
  • Beartas comharsanachta na hEorpa agus an caidreamh leis an Rúis;
  • An caidreamh le tíortha na Meánmhara agus an Mheánoirthir.

Chinn an Chomhairle Eorpach ag cruinniú i Heilsincí an 10 agus 11 Nollaig 1999, an beartas eachtrach agus slándála a threisiú trí chumas bainistíochta géarchéime míleata agus neamh-mhíleata a fhorbairt.

Sa chruinniú a bhí aici sa Bhruiséil an 22 agus  23 Meitheamh 2017, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach gur ghá buanchomhar struchtúrtha (PESCO) a lainseáil chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú. Bunaíodh PESCO le cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2017. Tá Ballstáit uile an Aontais rannpháirteach in PESCO, seachas an Danmhairg agus Málta. Ar an iomlán, tá 46 thionscadal i bhfeidhm faoi láthair faoi PESCO.

Sa chruinniú speisialta thuasluaite a bhí aici, an 17 go 21 Iúil 2020, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go mbunófaí Saoráid Síochána Eorpach mar ionstraim sheachbhuiséid chun gníomhaíochtaí i réimse na slándála agus na cosanta a mhaoiniú. Socraíodh an uasteorainn airgeadais don tSaoráid don tréimhse 2021–2027 ag EUR 5 bhilliún, a bheidh le maoiniú mar ítim sheachbhuiséid lasmuigh de CAI trí ranníocaíochtaí ó na Ballstáit bunaithe ar eochair dáilte ollioncaim náisiúnta (OIN).

Ag an gcruinniú speisialta a bhí aici an 30 agus 31 Bealtaine 2022, cháin an Chomhairle Eorpach cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tháinig sí ar chomhaontú maidir leis an séú pacáiste smachtbhannaí, lena gcumhdaítear amhola agus táirgí peitriliam arna seachadadh ón Rúis chuig na Ballstáit. Tugadh isteach eisceacht shealadach don amhola a sheachadtar trí phíblíne. Thathantaigh na ceannairí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh bailchríoch a chur ar na smachtbhannaí nua agus iad a ghlacadh gan mhoill.

De réir na gconclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 23 Márta 2023, ‘seasann an tAontas Eorpach go daingean agus go hiomlán leis an Úcráin agus leanfaidh sé de thacaíocht láidir pholaitiúil, eacnamaíoch, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir fad is atá sí ag teastáil.’

C. Méadú (5.5.1)

Is í an Chomhairle Eorpach a shocraigh na téarmaí do gach babhta méadaithe AE. Rinne sí an réamhobair i gCóbanhávan in 1993 le haghaidh sraith eile aontachais (critéir Chóbanhávan). Sonraíodh tuilleadh na critéir iontrála agus na hathchóirithe institiúideacha is gá roimh ré ag cruinnithe i mblianta ina dhiaidh sin.

Chinn Comhairle Eorpach Chóbanhávan (12 agus 13 Nollaig 2002) go dtarlódh aontachas na Cipire, na Seicia, na hEastóine, na hUngáire, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Slóvaice agus na Slóivéine an 1 Bealtaine 2004. Tháinig an Rómáin agus an Bhulgáir isteach san Aontas an 1 Eanáir 2007.

Ag cruinniú an 3 Deireadh Fómhair 2005, d’fhormheas an Chomhairle creat caibidlíochta leis an gCróit agus an Tuirc maidir lena n-aontachas le AE. Síníodh an Conradh Aontachais leis an gCróit an 9 Nollaig 2011, agus tháinig an Chróit isteach an 1 Iúil 2013.

An 14 Nollaig 2021, ghlac Comhairle Gnóthaí Ginearálta a conclúidí maidir leis na próisis méadaithe, cobhsaithe agus comhlachais do Mhontainéagró, don tSeirbia, don Tuirc, do Phoblacht na Macadóine Thuaidh, don Albáin, don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin agus don Chosaiv, lenar breathnaíodh an dul chun cinn a rinneadh i ngach ceann de na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha.

An 23 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin, tar éis di iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht an 28 Feabhra 2022, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tuairisciú don Chomhairle maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar bhallraíocht. Chinnfeadh an Chomhairle tuilleadh céimeanna a luaithe a bheadh na coinníollacha sin go léir comhlíonta ina n-iomláine.

Sna conclúidí ón gcruinniú speisialta a bhí aici an 9 Feabhra 2023, d’aithin an Chomhairle Eorpach ‘na hiarrachtaí suntasacha atá léirithe ag an Úcráin le roinnt míonna anuas chun na cuspóirí a bhaint amach atá mar bhonn thaca ag a stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas. Ba gheal léi iarrachtaí athchóirithe na hÚcráine le linn na tréimhse deacra sin agus spreag sí an Úcráin leanúint ar aghaidh ar an mbealach sin agus na coinníollacha a chomhlíonadh a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir lena hiarratas ar bhallraíocht chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ballraíocht san Aontas amach anseo.’

Chinn Comhairle Eorpach an 14 agus an 15 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive agus stádas tír is iarrthóir a dheonú don tSeoirsia ‘ar an tuiscint go ndéanfar na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023’.

D. Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach

An 23 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50), agus í tagtha le chéile i bhformáid AE-27, na treoirlínte maidir leis an gcreat don chaidreamh amach anseo leis an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit. De réir na dtreoirlínte, bhí an tAontas ag iarraidh go mbeadh an chomhpháirtíocht is dlúithe agus is féidir ann leis an Ríocht Aontaithe, lena gcumhdófaí an trádáil agus an comhar eacnamaíoch, agus an tslándáil agus an chosaint, agus réimsí eile nach iad.

D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, agus í tagtha le chéile i bhformáid AE-27, an comhaontú athbhreithnithe um tharraingt siar agus d’fhormheas sí an dearbhú polaitiúil athbhreithnithe a chomhaontaigh idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe an 17 Deireadh Fómhair 2019. Bhí sé beartaithe leis an gcomhaontú sin imeacht ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach a cheadú.

An 29 Deireadh Fómhair 2019, ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe, ghlac an Chomhairle Eorpach cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimse dá dtagraítear in Airteagal 50(3) CAE go dtí an 31 Eanáir 2020, chun níos mó ama a cheadú chun gur féidir an comhaontú um tharraingt siar a dhaingniú. Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 31 Eanáir 2020. Ba é a bhí ann deireadh na tréimhse faoi Airteagal 50 CAE agus tús idirthréimhse a mhair go dtí an 31 Nollaig 2020. Ní Ballstát de AE a thuilleadh í an Ríocht Aontaithe, ach tríú tír.

E. Athchóirithe institiúideacha

Chinn an Chomhairle Eorpach ag cruinniú in Tampere (an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999) maidir leis na socruithe chun Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais a dhréachtú (4.1.2). Thionóil Comhairle Eorpach Heilsincí (Nollaig 1999) an chomhdháil idir-rialtasach lenár ullmhaíodh do Chonradh Nice.

Rinne Comhairle Eorpach Laeken (an 14 agus an 15 Nollaig 2001) an cinneadh Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thionól, agus is ag an gComhdháil sin a leagadh amach an Conradh Bunreachta míchinniúnach (1.1.4). Rinne Comhairle Eorpach an 21 agus 22 Meitheamh 2007, tar éis dhá bhliain go leith i sáinn institiúideach, sainordú mionsonraithe le haghaidh comhdháil idir-rialtasach a ghlacadh, as ar lean síniú Chonradh Liospóin an 13 Nollaig 2007, agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009 (1.1.5). An 25 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Eorpach an cinneadh lenar leasaíodh Airteagal 136 agus a rinne éascaíocht do SCE a chruthú in 2012.

An 28 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Eorpach cinneadh maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, lenar cumasaíodh na Ballstáit na bearta náisiúnta is gá a achtú chun na toghcháin do théarma 2019–2024 a eagrú[1].

Cuireadh chun suntais leis na géarchéimeanna a tharla le déanaí, go háirithe le linn phaindéim COVID-19 agus an cogadh san Úcráin, go bhfuil gá d’athchóirithe institiúideacha chun cur le cumas an Aontais frithghníomhú i gcás éigeandála ar bhealach tráthúil agus éifeachtach.

Sa rún uaithi maidir le toradh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a glacadh an 4 Bealtaine 2022, chuir an Pharlaimint fáilte roimh chonclúidí agus roimh mholtaí na Comhdhála, d’aithin sí gur ghá athruithe Conartha and dá réir agus d’iarr sí ar a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla tograí a ullmhú chun Conarthaí AE a athchóiriú trí choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 48 CAE. Ghlac an Pharlaimint, an 9 Meitheamh 2022, rún maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú. Is príomh-mholadh amháin nósanna imeachta vótála a leasú agus cinntí a lamháil sa Chomhairle trí vótáil trí thromlach cáilithe seachas trí aontoilíocht i réimsí ábhartha, amhail smachtbhannaí agus clásail passerelle mar a thugtar orthu a ghlacadh, agus i gcás éigeandála. An 11 Iúil 2023, ghlac an Pharlaimint rún maidir le clásail passerelle i gconarthaí an Aontais a chur chun feidhme. An 22 Samhain 2023, ghlac sí rún maidir le tograí chun na Conarthaí a leasú, inar áitíodh ar an gComhairle Eorpach Coinbhinsiún a thionól chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí chun nósanna imeachta reachtacha a nuachóiriú.

 

Eeva Pavy / Pablo Abril Marti