Comhairle an Aontais Eorpaigh
In éineacht le Parlaimint na hEorpa, is í an Chomhairle an institiúid a ghlacann reachtaíocht AE trí rialacháin agus treoracha agus a ullmhaíonn cinntí agus moltaí neamhcheangailteacha. Maidir leis na réimsí inniúlachta atá aici, glacann sí a cinntí trí thromlach simplí, trí thromlach cáilithe nó ar bhonn aontoilíochta, ag brath ar bhunús dlí an ghnímh a éilíonn formheas ón gComhairle.
Bunús dlí
I gcreat institiúideach aonair an Aontais Eorpaigh, feidhmíonn an Chomhairle na cumhachtaí a thugtar di i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 237 go dtí 243 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Ról
A. Reachtaíocht
Ar bhonn tograí arna gcur faoina bráid ag an gCoimisiún, glacann an Chomhairle reachtaíocht AE i bhfoirm rialachán agus treoracha, i gcomhpháirt leis an bParlaimint i gcomhréir le hAirteagal 294 CFAE (an gnáthnós imeachta reachtach) nó aisti féin, tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint (1.2.3). Glacann an Chomhairle cinntí aonair agus moltaí neamhcheangailteacha chomh maith (Airteagal 288 CFAE) agus eisíonn sí rúin. Bunaíonn an Chomhairle agus an Pharlaimint na rialacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún nó atá forchoimeádta don Chomhairle féin (Airteagal 291(3) CFAE).
B. Buiséad
Tá an Chomhairle ar cheann de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh, arb í an Pharlaimint an ceann eile. Glacann siad le chéile buiséad an Aontais Eorpaigh (1.2.5). Chomh maith leis sin, glacann an Chomhairle, de bhun nós imeachta reachtach speisialta agus í ag feidhmiú d’aon toil, cinntí lena leagtar síos na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse AE agus leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (Airteagail 311 agus 312 CFAE). Sa chás sin, ní mór don Pharlaimint a toiliú a thabhairt trí thromlach dá Feisirí. Ghlac an Pharlaimint an creat airgeadais ilbhliantúil is déanaí (2021–2027) i mí na Samhna 2020. Roinneann an Chomhairle Roinn II de bhuiséad an Aontais Eorpaigh leis an gComhairle Eorpach (Airteagal 46(b) de Rialachán Airgeadais AE), cé gur dhá institiúid ar leith iad.
C. Cumhachtaí eile
1. Comhaontuithe idirnáisiúnta
Tugann an Chomhairle comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh i gcrích, arb é an Coimisiún a chaibidlíonn iad agus a bhfuil gá le toiliú na Parlaiminte ina leith sa chuid is mó de na cásanna (Airteagal 218 CFAE).
2. Ceapacháin
Is í an Chomhairle, agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe (ó Chonradh Nice i leith), a cheapann comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
3. Beartas eacnamaíoch
Déanann an Chomhairle comhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát (Airteagal 121 CFAE) agus, gan dochar do chumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, glacann sí cinntí polaitiúla sa réimse airgeadaíochta.
Tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le comhaltaí an Ghrúpa Euro: Foráiltear le hAirteagal 137 CFAE go ‘leagtar síos leis an bPrótacal maidir leis an nGrúpa Euro socruithe le haghaidh cruinnithe idir airí na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu’. Leagtar amach le hAirteagal 1 den Phrótacal (Uimh. 14) a ghabhann le CFAE go ‘dtiocfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile go neamhfhoirmiúil. Tarlóidh cruinnithe den sórt sin, nuair is gá, chun plé a dhéanamh ar cheisteanna maidir le freagrachtaí sonracha a roinneann siad i dtaobh an airgeadra aonair. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe. Tabharfar cuireadh don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh i gcruinnithe den sórt sin, a ullmhóidh ionadaithe na n-Airí atá freagrach as cúrsaí airgeadais an Choimisiúin agus na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu’. De réir Airteagal 2 den Phrótacal, ‘toghfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu uachtarán go ceann 2 bhliain go leith, trí thromlach na mBallstát sin’. Is iondúil go mbíonn cruinniú ag airí airgeadais an Ghrúpa Euro lá amháin roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.
Comhlíonann an Chomhairle roinnt feidhmeanna rialachais eacnamaíoch i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ag tús an timthrialla, san fhómhar, déanann sí na moltaí sonracha don limistéar euro a mheas ar bhonn an tsuirbhé bhliantúil fáis, agus ansin i mí an Mheithimh agus i mí Iúil, glacann sí na moltaí tírshonracha tar éis don Chomhairle Eorpach iad a fhormhuiniú.
Leasaíodh Airteagal 136 CFAE le Cinneadh 2011/199/AE ón gComhairle Eorpach agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2013, tar éis do gach Ballstát é a dhaingniú. Tugann sé an bunús dlí do shásraí cobhsaíochta amhail an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (2.6.8).
4. Comhbheartas eachtrach agus slándála (5.1.1) agus (5.1.2)
Thug Conradh Liospóin pearsantacht dhlítheanach don Aontas Eorpach, a tháinig in ionad an Chomhphobail Eorpaigh. Chuir an Conradh nua deireadh leis an struchtúr trí cholún. Rinneadh réimse beartais lán-chomhtháite de chuid an Aontais de cheartas agus gnóthaí baile, ina bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach beagnach i gcónaí. Gníomhaíonn an Chomhairle fós faoi rialacha speisialta, áfach, i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála nuair a ghlacann sí comhsheasaimh agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha nó nuair atá coinbhinsiúin á ndréachtú aici.
Cuireadh córas nua in áit sheansocrú an troika: faoi bhuanchathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, comhoibríonn an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha go dlúth anois leis an gCoimisiún. Tugann Ard-Rúnaíocht na Comhairle agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh di.
Eagrú
A. Comhaltas
1. Comhaltaí
Tá an Chomhairle comhdhéanta d’ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta ‘a fhéadfaidh gealltanas a thabhairt thar ceann rialtas an Bhallstáit i dtrácht’ (Airteagal 16(2) CAE).
2. An Uachtaránacht
Ach amháin i gcás na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, is é ionadaí an Bhallstáit a bhfuil uachtaránacht an Aontais Eorpaigh aige a bhíonn ina chathaoirleach ar an gComhairle: tagann athrú air sin gach 6 mhí, san ord a chinneann an Chomhairle agus í ag gníomhú d’aontoil (Airteagal 16(9) CAE). Bíonn uachtaránacht gach foirmíochta den Chomhairle, seachas i réimse na ngnóthaí eachtracha, ag grúpaí réamhbhunaithe a bhfuil trí Bhallstát iontu, ar feadh tréimhsí 18 mí, agus bíonn gach comhalta díobh sin ina chathaoirleach ar an gComhairle ar feadh 6 mhí.
Seo a leanas ord na n-uachtaránachtaí do na 5 bliana amach romhainn: An tSualainn agus an Spáinn in 2023, an Bheilg agus an Ungáir in 2024, an Pholainn agus an Danmhairg in 2025, an Chipir agus Éire in 2026 agus an Liotuáin agus an Ghréig in 2027. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach an t-ord a athrú (Airteagal 236(b) CFAE).
3. Comhlachtaí ullmhúcháin
Ullmhaíonn coiste atá comhdhéanta de bhuanionadaithe na mBallstát obair na Comhairle agus cuireann sé i gcrích na cúraimí a chuireann an Chomhairle air (Airteagal 240 CFAE). Is é ionadaí an Bhallstáit a bhfuil cathaoirleacht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta aige, i.e. an uachtaránacht rothlach, a dhéanann cathaoirleacht ar an gcoiste sin, a dtugtar Coreper air. Ionadaí d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanann cathaoirleacht, áfach, ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, ar coiste é a dhéanann faireachán ar an staid idirnáisiúnta i réimsí atá cumhdaithe ag an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.
Tagann Coreper le chéile gach seachtain chun obair na Comhairle a ullmhú agus chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhchinnteoireacht leis an bParlaimint. Tá sé roinnte ina dhá ghrúpa: ullmhaíonn Coreper I, atá comhdhéanta de na leas-bhuanionadaithe, obair sna réimsí níos teicniúla, lena n-áirítear an talmhaíocht, an fhostaíocht, an t-oideachas agus an comhshaol; tugann Coreper II aghaidh ar nithe a luaitear níos mó le réimse na ‘hardpholaitíochta’, go háirithe gnóthaí eachtracha, eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus gnóthaí ceartais agus baile. Tugann 10 gcoiste agus thart ar 100 meitheal speisialaithe cúnamh do Coreper lena obair ullmhúcháin.
B. Feidhmiú
Glacann an Chomhairle a cinntí trí thromlach simplí, trí thromlach cáilithe nó ar bhonn aontoilíochta, ag brath ar an réimse atá i gceist (1.2.3.) agus (1.2.4). Suíonn an Chomhairle i seisiún poiblí nuair atá sí ag feidhmiú ina cáil reachtach (Airteagal 16(8) CAE). Is í an Chomhairle a cheapann Ardrúnaí na Comhairle de bhun Airteagal 240 CFAE. Reáchtáiltear cruinnithe na Comhairle sa Bhruiséil, agus i Lucsamburg freisin (seisiúin in Aibreán, Meitheamh agus Deireadh Fómhair). Tá 10 bhfoirmíocht de chuid na Comhairle faoi láthair ann, a mbíonn cruinnithe rialta ag trí cinn acu (Gnóthaí Ginearálta, Gnóthaí Eachtracha, agus Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin)).
1. Tromlach simplí
Ciallaíonn sé seo go meastar cinneadh a bheith déanta nuair a chaitear níos mó vótaí ina fhabhar ná ina aghaidh. Tá vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle. Dá bhrí sin, bíonn tromlach simplí ann má chaitheann 14 chomhalta de chuid na Comhairle vóta i bhfabhar an rúin. Tá feidhm ag riail an tromlaigh shimplí nuair nach bhforáiltear a mhalairt leis an gConradh (Airteagal 238(1) CFAE). Mar sin, is é an próiseas cinnteoireachta réamhshocraithe é. Is amhlaidh nach mbíonn feidhm aige sin ach ar líon beag cinntí, áfach: rialacha inmheánacha na Comhairle, eagrú Ardrúnaíocht na Comhairle, agus rialacha lena rialaítear coistí a bhfuil foráil déanta dóibh sa Chonradh.
2. Tromlach cáilithe
a. Meicníocht
Tá riail na Comhairle maidir le tromlach cáilithe le fáil i gConradh Liospóin, in Airteagal 16 (4, an chéad mhír) CAE. Faoin airteagal sin, tá vóta fabhrach de dhíth ó 55% ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a dhéanann ionadaíocht ar 65% ar a laghad de dhaonra AE. I gcleachtadh, ciallaíonn sé sin 15 Bhallstát as 27 ar a laghad. I gcásanna nach dtagann an togra ón gCoimisiún nó ón Ardionadaí, bíonn feidhm ag an riail maidir le ‘tromlach cáilithe treisithe’, faoinarb ionann agus 72% an céatadán is gá de chomhaltaí na Comhairle a vótálann i bhfabhar cinnidh (a dhéanann suas 20 Ballstát as 27 ar a laghad), a dhéanann ionadaíocht, arís, ar 65% ar a laghad de dhaonra AE.
b. Raon feidhme
Le Conradh Liospóin, leathnaíodh raon feidhme na cinnteoireachta arís trí vótáil trí thromlach cáilithe. Thug sé vótáil trí thromlach cáilithe isteach nó leathnaigh sé í do 68 mbunús dlí, ar bhain an chuid is mó acu le tabhairt isteach an ghnáthnós imeachta reachtaigh (lena n-áirítear go leor réimsí ón tríú colún, mar a bhí). Baineann vótáil trí thromlach cáilithe chomh maith le ceapadh Uachtarán agus Chomhaltaí an Choimisiúin agus chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste Eorpach na Réigiún (1.2.3 agus 1.2.4).
3. Aontoilíocht
Ní éilítear aontoilíocht faoin gConradh ach le cinntí i roinnt réimsí, amhail cánachas agus beartas sóisialta. Coinníodh é seo le Conradh Liospóin. Tá clásal ginearálta passerelle in Airteagal 48(7) CAE, áfach, a bhfuil feidhm aige maidir le gach beartas AE lena dtugtar an deis, faoi choinníollacha áirithe, imeacht ó na nósanna imeachta reachtacha ar foráladh dóibh ar dtús leis na Conarthaí. Dá thoradh sin, cuirtear ar chumas na Comhairle cinntí a ghlacadh ar ábhair faoi leith trí thromlach cáilithe seachas trí aontoilíocht: le clásail passerelle, ceadaítear athrú ón nós imeachta reachtach speisialta chuig an ngnáthnós imeachta reachtach agus ó vótáil d’aon toil go vótáil trí thromlach cáilithe. Ní féidir clásal passerelle a ghníomhachtú, áfach, ach amháin má ghlacann an Chomhairle nó an Chomhairle Eorpach cinneadh d’aon toil. Dá bhrí sin, caithfidh na Ballstáit uile teacht ar chomhaontú sula bhféadfar clásal den chineál sin a ghníomhachtú.
Ina óráid ar Staid an Aontais in 2018, d’fhógair an tUachtarán Juncker athbhreithniú cuimsitheach ar chlásail passerelle. Dá thoradh sin, tá ceithre theachtaireacht foilsithe ag an gCoimisiún go dtí seo, maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála (Meán Fómhair 2018), cánachas (Eanáir 2019), fuinneamh agus aeráid (Aibreán 2019) agus beartas sóisialta (2019).
Go ginearálta, bíonn sé de nós ag an gComhairle aontoilíocht a lorg fiú nuair nach gá é sin a dhéanamh. D’eascair an rogha sin as Comhréiteach Lucsamburg in 1966 a chuir clabhsúr le haighneas idir an Fhrainc agus na Ballstáit eile, aighneas ina raibh an Fhrainc ag diúltú bogadh ón aontoilíocht go vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí áirithe. Seo a leanas téacs an chomhréitigh: ‘Más rud é, i gcás cinntí a fhéadfar a dhéanamh trí vóta tromlaigh ar thogra ón gCoimisiún, go bhfuil leasanna an-tábhachtacha comhpháirtí amháin nó níos mó i gceist, déanfaidh Comhaltaí na Comhairle a ndícheall teacht ar réitigh laistigh de thréimhse ama réasúnta a fhéadfaidh gach Comhalta den Chomhairle a ghlacadh, agus urraim á léiriú dá leasanna frithpháirteacha agus do leasanna an Chomhphobail’.
Thángthas ar réiteach den chineál céanna in 1994 nuair a aontaíodh Comhréiteach Ioannina chun cosaint a thabhairt do Bhallstáit a bhí gar do bheith ina mionlach blocála. Faoin socrú seo, dá gcuirfeadh na tíortha a bhí i gceist in iúl go raibh sé ar intinn acu cur in aghaidh cinneadh a dhéanamh sa Chomhairle trí thromlach cáilithe, dhéanfadh an Chomhairle gach rud a bhí ar a cumas chun réiteach a bhaint amach a bheadh inghlactha do thromlach mór de na Ballstáit laistigh de thréimhse réasúnta ama.
De réir Airteagal 48 CAE, tá aontoilíocht ag teastáil chun aon athbhreithniú a dhéanamh ar na conarthaí bunaidh, rud a mheastar a bheith ina shrian mór ó thaobh athchóiriú a dhéanamh ar Aontas na 27 mBallstát. Chun an ceanglas aontoilíochta a shárú, tá comhaontuithe idirnáisiúnta lasmuigh de dhlíchóras an Aontais tugtha i gcrích ag na Ballstáit. Tharla sé sin den chéad uair mar thoradh ar ghéarchéim an euro, nuair a glacadh in 2012 Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (an comhshocrú fioscach) agus an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach(ESM), mar aon leis an gComhaontú Idir-rialtasach maidir le Ranníocaíochtaí leis an gCiste Réitigh Aonair a Aistriú agus a Fhrithpháirtiú (Comhaontú SRF) in 2014. De réir Airteagal 14(3) den chomhshocrú fioscach, bhí feidhm aige amhail ó dháta a theacht i bhfeidhm ach amháin maidir leis na Ballstáit sin a raibh sé daingnithe acu. Ní gá ach do 12 thír de chuid an limistéir euro é a dhaingniú agus socraíodh leis go mbeadh formheas ó mhionlach de na Ballstáit mar choinníoll lena theacht i bhfeidhm.
I gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus phaindéim COVID-19, mhol an Pharlaimint, sa rún uaithi maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac, ‘cumhachtaí níos mó don Aontas chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann’, agus d’iarr sí go ngníomhachtófaí ‘an clásal passerelle ginearálta chun an próiseas cinnteoireachta a éascú i ngach ceist a d’fhéadfadh cabhrú chun déileáil le dúshláin na géarchéime sláinte reatha’. Ina rún an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí, chuir an Pharlaimint tograí le haghaidh leasuithe ar chonarthaí faoi bhráid na Comhairle faoin ngnáthnós imeachta athbhreithnithe a leagtar síos in Airteagal 48 CAE. Leis na leasuithe atá molta, lamhálfaí cinntí a dhéanamh sa Chomhairle trí vótáil trí thromlach cáilithe seachas trí aontoilíocht i réimsí ábhartha, amhail smachtbhannaí a ghlacadh agus i gcás éigeandála.
Ina hóráid ag an imeacht clabhsúir den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022, d’athdhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, toilteanas an Choimisiúin tograí na saoránach arna nglacadh a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an tsáinn a shárú maidir le vótáil aontoilíochta. Dar leis an gCoimisiún, ‘is fúinn atá sé anois an bealach is dírí a ghlacadh, trí leas a bhaint as teorainneacha iomlána an méid is féidir linn a dhéanamh laistigh de na Conarthaí, nó, go deimhin, trí na Conarthaí a athrú más gá’. An 11 Iúil 2023, ghlac an Pharlaimint rún ar chlásail passerelle a chur chun feidhme i gConarthaí AE, ina moltar go ndéanfaí clásail passerelle a ghníomhachtú i roinnt réimsí tosaíochta beartais, go háirithe an comhbheartas eachtrach agus slándála, an beartas fuinnimh agus cúrsaí cánachais a bhfuil gné chomhshaoil ag baint leo.
I mí na Nollag 2023, d’athdhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin gealltanas a Comh-aireachta chun na Conarthaí a athchóiriú. Mar sin féin, i dteachtaireacht uaidh an 20 Márta 2024, rinne an Coimisiún an seasamh sin a mhaolú trína chur in iúl go bhféadfaí rialachas AE ‘a fheabhsú go pras trí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na gConarthaí reatha’, agus é ag tagairt do na constaicí ar athrú conartha a bhaineann le ceanglas aontoilíochta.
Eeva Pavy / Alexandru-George Moș