Aitheantas frithpháirteach dioplómaí

Is gnéithe bunúsacha den mhargadh aonair iad an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a chumasaíonn soghluaisteacht gnóthaí agus gairmithe ar fud AE. Chun na saoirsí sin a chur chun feidhme, ní mór aitheantas a thabhairt go forleathan do dhioplómaí agus cáilíochtaí a bhronntar go náisiúnta. Glacadh bearta difriúla le haghaidh comhchuibhiú agus le haghaidh aitheantas frithpháirteach.

Bunús dlí

Airteagail  26 agus 53  26 agus 53 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Ionas gur féidir le daoine féinfhostaithe agus gairmithe iad féin a bhunú i mBallstát eile nó a seirbhísí a thairiscint ansin ar bhonn sealadach, is gá dioplómaí, teastais agus doiciméid eile a fhónann mar chruthúnas ar cháilíocht ghairmiúil a eisíodh i mBallstáit eile a aithint go frithpháirteach. Tá gá leis na forálacha náisiúnta uile lena rialaítear rochtain ar ghairmeacha éagsúla a chomhordú agus a chomhchuibhiú.

A bhfuil bainte amach

Le hAirteagal 53(1) CFAE cumasaítear leis an aitheantas frithpháirteach a thugtar do dhioplómaí agus do cháilíochtaí eile a éilítear i ngach Ballstát le haghaidh rochtain ar na gairmeacha rialaithe éascú a dhéanamh ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an soláthar seirbhísí. Tugtar aghaidh leis freisin ar an ngá atá le rialacha náisiúnta a chomhordú maidir le dul i mbun agus saothrú gníomhaíochtaí mar dhaoine féinfhostaithe. I mír 2 den Airteagal céanna, fo-ordaítear an t-aitheantas frithpháirteach go comhordú na gcoinníollacha lena rialaítear a fheidhmiú sna Ballstáit éagsúla, ‘i gcásanna inar próiseas deacair é comhchuibhiú den sórt sin’. Forbraíodh próiseas an chomhchuibhithe trí roinnt treoracha ó lár na 1970idí i leith. Ar an mbonn sin, déantar reachtaíocht ar aitheantas frithpháirteach a choigeartú chun freastal ar chásanna éagsúla. Athraíonn iomláine na reachtaíochta de réir na gairme atá i gceist, agus i gcásanna a bhí ann le déanaí glacadh í trí chur chuige níos ginearálta a úsáid.

A. An cur chuige earnáilsonrach (de réir gairme)

1. Aitheantas frithpháirteach i ndiaidh comhchuibhiú

Rinneadh dul chun cinn níos tapúla ó thaobh comhchuibhiú de san earnáil cúraim sláinte, ar an gcúis fhollasach nach bhfuil éagsúlacht chomh mór sin ann sna ceanglais ghairmiúla, agus go háirithe cúrsaí oiliúna, ó thír go tír (murab ionann is gairmeacha eile). Ní raibh sé deacair, dá bhrí sin, comhchuibhiú a bhaint amach i líon substaintiúil gairmeacha (e.g. dochtúirí, altraí, tréidlianna, cnáimhseacha agus gníomhairí tráchtála féinfhostaithe). Leis an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (Treoir 2005/36/CE), rinneadh na treoracha a bhí ann cheana a shoiléiriú, a shimpliú agus a nuachóiriú, agus na gairmeacha rialaithe - dochtúirí, fiaclóirí, altraí, tréidlianna, cnáimhseacha, cógaiseoirí agus ailtirí - a thabhairt le chéile i dtéacs reachtach amháin. Sonraítear sa treoir sin, an dóigh ar cheart do Bhallstát ‘óstach’ aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a fuarthas i mBallstát (‘baile’) eile. Áirítear leis an aitheantas do ghairmithe córas ginearálta le haghaidh aitheantais agus córais shonracha le haghaidh gach ceann de na gairmeacha thuasluaite. Dírítear, as measc gnéithe eile, ar leibhéal na cáilíochta, na hoiliúna agus na taithí gairmiúla (de chineál ginearálta agus speisialaithe araon). Tá feidhm ag an treoir sin freisin i leith cáilíochtaí gairmiúla laistigh d’earnáil an iompair, agus i leith idirghabhálaithe árachais agus iniúchóirí reachtúla. Bhíodh na gairmeacha sin á rialáil faoi threoracha ar leith roimhe seo. An 22 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine maidir le Nuachóiriú na Treorach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (COM(2011)0367), inar moladh athchóiriú a dhéanamh ar na córais lena n-aithnítear cáilíochtaí gairmiúla, ina ndírítear ar shoghluaisteacht oibrithe a éascú agus ceanglais oiliúna agus ceanglais reatha mhargadh an tsaothair a oiriúnú. An 19 Nollaig 2011, d’fhoilsigh an Coimisiún togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (COM(2011)0883) bunaithe ar thoradh na bpróiseas comhairliúcháin éagsúil agus mar fhreagairt ar rún ón bParlaimint an 15 Samhain 2011. Áiríodh ar na príomhthograí is tábhachtaí: an cárta Eorpach gairmiúil a thabhairt isteach; na híoscheanglais oiliúna a chomhchuibhiú; uathaitheantas a thabhairt do sheacht ngairm, eadhon ailtirí, fiaclóirí, dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, cógaiseoirí agus tréidlianna; agus Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a thabhairt isteach lena lamháiltear do chomhar feabhsaithe a bheith ann in aitheantas dioplómaí. Ba iad príomhchuspóirí an athbhreithnithe ná soghluaisteacht gairmithe ar fud AE a éascú agus a fheabhsú agus cabhrú le ganntanais phearsanra i roinnt Ballstát a laghdú. Glacadh an treoir leasuithe (Treoir 2013/55/EU) an 20 Samhain 2013.

Ag tús phaindéim COVID-19, thug an Coimisiún treoir i dteachtaireacht maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí oibrithe sláinte a éascú agus leag sé béim ar thábhacht a saorghluaiseachta a mhéid is féidir chun sábháilteacht othar a áirithiú.

2. Aitheantas frithpháirteach gan chomhchuibhiú

I gcás gairmeacha eile, chuir difríochtaí idir rialacha náisiúnta cosc ar chomhchuibhiú. Dá dheasca sin, tá sé níos dúshlánaí aitheantas frithpháirteach a bhaint amach. I ngeall ar éagsúlacht na gcóras dlí, tá bac curtha ar aitheantas frithpháirteach iomlán do dhioplómaí agus cáilíochtaí a mbeadh saoirse bunaíochta láithreach faighte acu ar bhonn dioplóma a fuarthas sa tír thionscnaimh. Le Treoir 77/249/CEE ón gComhairle an 22 Márta 1977, deonaíodh an tsaoirse do dhlíodóirí seirbhísí ócáideacha a sholáthar. Mar sin féin, ina éagmais sin, bhíodh gá le dioplóma ón tír óstach chun saoirse bunaíochta a chur i bhfeidhm. Céim shuntasach chun cinn a bhí i dTeoir 98/5/EC an 16 Feabhra 1998, inar lamháladh do dhlíodóirí a raibh dioplóma acu ó aon Bhallstát iad féin a bhunú i mBallstát eile agus chun gabháil dá ngairm, cé go bhféadfadh an tír óstach a éileamh orthu cúnamh ó dhlíodóir áitiúil a fháil agus iad ag déanamh ionadaíocht dá gcliant nó á gcosaint sa chúirt. I ndiaidh trí bliana a chaitheamh ag oibriú ar an mbonn sin, is féidir le dlíodóirí an ceart a fháil a ngairm a lánfheidhmiú, i ndiaidh pas a fháil i dtriail infheidhmeachta a cheapfaidh an tír óstach agus gan gá scrúdú cáilithe a dhéanamh. Tá an prionsabal céanna curtha i bhfeidhm le treoracha eile i leith gairmeacha eile, amhail oibreoirí iompair de bhóthar, gníomhairí agus bróicéirí árachais, mar aon le gruagairí agus ailtirí.

B. An cur chuige ginearálta

Go stairiúil, is nós imeachta fada faidréiseach é dréachtú reachtaíochta le haghaidh aitheantas frithpháirteach ó earnáil go hearnáil (agus comhchuibhiú níos fairsinge ar rialacha náisiúnta i gceist leis uaireanta). Ba léir, dá bhrí sin, go raibh gá le córas ginearálta maidir le dioplómaí a aithint go frithpháirteach, a bheadh bailí le haghaidh gach gairme rialaithe nach raibh faoi réir reachtaíocht shonrach AE. D’athraigh an cur chuige ginearálta nua sin an dearcadh. Roimhe sin, bhí ‘aitheantas’ faoi réir ag rialacha AE ar ‘chomhchuibhiú’ a bheith ann sa ghairm nó sa ghníomhaíocht shonrach rialaithe. Ina dhiaidh sin, is beag nach raibh ‘aitheantas frithpháirteach’ ann sa ghnáthchúrsa, faoi na rialacha bunaithe, le haghaidh gach gairme rialaithe a bhí i gceist, gan aon ghá le reachtaíocht thánaisteach earnáilsonrach a bheith ann. Ón tráth sin, leanadh leis an modh ‘comhchuibhithe’ agus le modh ‘an aitheantais fhrithpháirtigh’ faoi chóras comhthreomhar, agus, i roinnt cásanna, baineadh úsáid as an dá mhodh faoi chóras comhlántach i bhfoirm rialacháin agus treorach (rúin ón gComhairle an 3 Nollaig 1992 agus an 15 Iúil 1996 maidir le trédhearcacht cáilíochtaí agus teastais ghairmoiliúna). Ní féidir leis an mBallstát óstach rochtain ar an bpost atá i dtrácht a dhiúltú d’iarratasóirí má bhíonn na cáilíochtaí atá ag teastáil ina dtír thionscnaimh acu. Mar sin féin, más rud é gur giorra a mhair an oiliúint a cuireadh orthu ná mar a bhí amhlaidh sa tír óstach, féadfaidh sé tréimhse áirithe de thaithí ghairmiúil a éileamh, agus má bhíonn difríocht shubstaintiúil san oiliúint, féadfaidh sé tréimhse oiriúnaithe nó triail infheidhmeachta, faoi rogha an iarratasóra, a iarraidh, mura rud é go n-éilítear eolas ar dhlí náisiúnta don phost.

Mar sin féin, i mí na Bealtaine 2018, d’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle chun uathaitheantas frithpháirteach a éileamh do thréimhsí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh thar lear. Ghlac an Chomhairle an moladh sin an 26 Samhain 2018 agus is cloch mhíle shuntasach é maidir le huaillmhian an Choimisiúin an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a bhunú faoi 2025, a bhfuil uathaitheantas frithpháirteach gan nósanna imeachta aitheantais ar leithligh ar fud an Aontais i gceist leis.

D’ainneoin an ghealltanais sin i dtaobh LEO a bhunú faoi 2025, agus iarracht á déanamh uathaitheantas frithpháirteach a chur chun feidhme níos tapúla, tháinig roinnt Ballstát ar réitigh idir-réigiúnacha lasmuigh de chreat AE. Shínigh tíortha Benelux (an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg) agus na tíortha Baltacha (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin) comhaontú an 27 Meán Fómhair 2021 maidir le huathaitheantas dioplómaí.

Mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’eisigh an Coimisiún moladh i mí Aibreáin 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin.

Ról Pharlaimint na hEorpa

An 15 Samhain 2011, ghlac an Pharlaimint rún maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla Treoir inar iarradh go ndéanfaí í a nuachóiriú agus a fheabhsú, agus inar moladh úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is éifeachtúla agus is iomchuí. Mhol an Pharlaimint go dtabharfaí isteach cárta gairmiúil Eorpach, doiciméad oifigiúil a bheadh aitheanta ag na húdaráis inniúla uile, mar bhealach chun an próiseas aitheantais a éascú.

Mar fhreagairt ar an rún ón bParlaimint, an 19 Nollaig 2011 thíolaic an Coimisiún togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla. I ndiaidh caibidlíocht rathúil thríthaobhach, dhaingnigh an Pharlaimint na hathruithe a bhí molta aici, lena n-áirítear cárta gairmiúil deonach a thabhairt isteach, sásra foláirimh a chruthú, soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rochtain pháirteach ar ghairm rialaithe, rialacha maidir le scileanna teanga, agus sásra a chruthú chun meastóireacht fhrithpháirteach a dhéanamh ar ghairmeacha rialaithe chun tuilleadh trédhearcachta a áirithiú. Is é a tháinig as sin gur glacadh Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint. I mí Feabhra 2024 ghlac na comhreachtóirí bearta chun an treoir seo a cheartú chun go mbeadh céimithe altranais Rómánacha in ann aitheantas a fháil dá gcáilíochtaí ar fud an Aontais gan gá taithí ghairmiúil a chruthú sa réimse sin.

I mí Eanáir 2018, ghlac an Pharlaimint rún ar chur chun feidhme Threoir 2005/36/CE maidir le rialáil agus maidir leis an ngá le hathchóiriú ar sheirbhísí gairmiúla. Ina dhiaidh sin, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Treoir maidir le Tástáil Comhréireachta (Treoir (AE) 2018/958) lena dtugtar isteach tástáil chomhchuibhithe comhréireachta atá le húsáid ag gach Ballstát roimh rialacháin náisiúnta maidir le gairmeacha a ghlacadh. D’athdhearbhaigh an Pharlaimint an glao chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch dioplómaí a chur chun cinn i rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018.

I mí na Samhna 2020, rinne an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha staidéar[1], a fhoilsiú ar iarratas ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ina ndearnadh anailís ar bhacainní náisiúnta ar shaorghluaiseacht sa mhargadh aonair, lena n-áirítear saorghluaiseacht seirbhísí agus rochtain ar ghairmeacha rialáilte. Fuarthas amach sa staidéar go bhfeidhmíonn difríochtaí i gcáilíochtaí, amhail leibhéil éagsúla nó faid éagsúla oideachais, sna rialacha maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, agus sna nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le rochtain ar chomhlachtaí gairmiúla mar bhac ar shaorghluaiseacht seirbhísí gairmiúla sa mhargadh aonair.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra.

 

[1]Dahlberg, E. et al., Legal obstacles in Member States to Single Market rules, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.

Barbara Martinello