Comhionannas idir fir agus mná

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh. De réir a chéile, cuireadh taca leis an bprionsabal sin, agus lena chur chun feidhme san Aontas, a bhuíochas sin le reachtaíocht, cásdlí agus athruithe ar na Conarthaí. Bhí Parlaimint na hEorpa riamh ina cosantóir díograiseach do phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná.

An bunús dlí

Luach bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an comhionannas, atá cumhdaithe sna Conarthaí Eorpacha, go háirithe in Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in Airteagail 8, 10, 19, 153 agus 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagail 21 agus 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

Tá an prionsabal gur cheart go bhfaigheadh fir agus mná pá comhionann ar obair chomhionann cumhdaithe sna Conarthaí ó 1957 (anois Airteagal 157 CFAE).

Tugann Airteagal 153 CFAE cead do AE gníomhú i réimse níos leithne an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta, agus laistigh den chreat sin, údaraítear le hAirteagal 157 CFAE gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh chun mná a chumhachtú. Sa bhreis air sin, forálann Airteagal 19 CFAE do reachtaíocht a ghlacadh chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, lena n-áirítear idirdhealú bunaithe ar inscne.

Glacadh reachtaíocht maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus maidir le gáinneáil ar dhaoine, go háirithe ar mhná agus ar leanaí, bunaithe ar Airteagail 79, 82 agus 83 CFAE.

Cuspóirí

De réir Airteagal 23 den Chairt, ní mór comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear maidir le fostaíocht, obair agus pá.

Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

Sa bhreis air sin, le hAirteagal 8 CFAE cuirtear de chúram ar an Aontas deireadh a chur le neamhionannais, agus comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná ina ghníomhaíochtaí go léir (tugtar ‘príomhshruthú inscne’ ar an gcoincheap sin freisin).

I nDearbhú Uimh. 19, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na comhdhála idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, thug an tAontas agus na Ballstáit gealltanas go ndéanfaidís ‘gach cineál foréigin teaghlaigh a chomhrac [...], na gníomhartha coiriúla sin a chosc agus a phionósú agus tacaíocht a thabhairt do na híospartaigh agus iad a chosaint’.

A bhfuil bainte amach

A. Príomhreachtaíocht

Áirítear ar reachtaíocht AE, arna glacadh den chuid is mó tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, na Treoracha seo a leanas:

  • Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile;
  • Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche;
  • Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus an ETUC chun críche.
  • Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch), lena dtoirmisctear idirdhealú ar fhorais tionscnaimh chiníoch nó eitnigh i raon leathan réimsí, lena n-áirítear fostaíocht, cosaint shóisialta agus buntáistí sóisialta, oideachas, agus earraí agus seirbhísí atá ar fáil don phobal, amhail tithíocht;
  • Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha;
  • Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí;
  • Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha;
  • Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire tuismitheora agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE;
  • Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle;
  • Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na íospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle;
  • Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena mbunaítear an t-ordú cosanta Eorpach;
  • Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle;
  • Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle;
  • Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara;
  • Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe.

B. An dul chun cinn trí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE)

Tá ról tábhachtach ag CBAE i gcur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná. Bhí roinnt breithiúnais shuntasacha ann ina leith sin.

  • Breithiúnas Defrenne II an 8 Aibreán 1976 (Cás 43/75): d’aithin CBAE go raibh éifeacht dhíreach ag prionsabal an phá chomhionainn d’fhir agus do mhná agus rialaigh sí nach amháin go bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin maidir le gníomhaíocht na n-údarás poiblí ach go bhfuil an prionsabal sin i gceist freisin maidir leis na comhaontuithe uile atá beartaithe chun saothar ar íocaíocht a rialáil go comhpháirteach;
  • Breithiúnas Bilka an 13 Bealtaine 1986 (Cás C-170/84): rialaigh CBAE gur ‘idirdhealú indíreach’ a bhí i mbeart lena ndearnadh fostaithe páirtaimseartha a eisiamh ó scéim pinsin ceirde agus dá bhrí sin go raibh sé contrártha do shean-Airteagal 119 de Chonradh CEE má rinne sé difear do líon i bhfad níos mó ban ná fir a bheith ann, mura rud é go bhféadfaí a léiriú go raibh an t-eisiamh bunaithe ar thosca a raibh bonn cirt oibiachtúil leo nach raibh gaolmhar le haon idirdhealú ar fhorais inscne;
  • Breithiúnas Barber an 17 Bealtaine 1990 (Cás C-262/88): chinn CBAE gurbh ionann gach cineál pinsin ceirde agus pá chun críocha Airteagal 119 agus dá bhrí sin go raibh feidhm ag prionsabal na córa comhionainne maidir leo. Rialaigh CBAE gur cheart go mbeadh fir in ann a gcearta pinsin nó a gcearta pinsin marthanóra a fheidhmiú ag an am céanna lena gcomhghleacaithe ar mná iad;
  • Breithiúnas Marschall an 11 Samhain 1997 (Cás C-409/95): i dtaca le riail náisiúnta lena ceanglaíodh i gcás ina mbeadh níos lú ban ná fir in earnáil go ndéanfaí tosaíocht d’ardú céime a thabhairt d’iarrthóirí baineanna (‘idirdhealú dearfach’), dhearbhaigh CBAE nach bhféadfaí reachtaíocht an Chomhphobail a chur ó chumas leis an riail sin, ar choinníoll nach raibh an buntáiste a bhain leis á fheidhmiú go huathoibríoch agus go raibh ráthaíocht ag iarrthóirí fireanna go ndéanfaí a n-iarratas a bhreithniú agus nach mbeidís eisiata a priori ó iarratas a dhéanamh;
  • Breithiúnas Nadine Paquay an 11 Deireadh Fómhair 2007 (Cás C-460/06): dhearbhaigh CBAE go bhfuil dífhostú ar fhorais toirchis agus/nó breithe linbh contrártha d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 5(1) de Threoir 76/207/CEE ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint agus ardú céime, agus dálaí oibre;
  • Breithiúnas Test-Achats an 1 Márta 2011 (Cás C-236/09): dhearbhaigh CBAE go raibh Airteagal 5(2) de Threoir 2004/113/CE ón gComhairle neamhbhailí mar go raibh sé contrártha do prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí. Dá bhrí sin, ní mór an córas céanna ríomha achtúirigh a chur i bhfeidhm maidir le fir agus mná chun préimheanna agus sochair a chinneadh chun críocha árachais.
  • Breithiúnas Kuso an 12 Meán Fómhair 2013 (Cás C-614/11): rialaigh CBAE nach mór Airteagal 3(1)(c) de Threoir 76/207/CEE ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 maidir le cur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a léirmhíniú sa chaoi gurb ionann reachtaíocht náisiúnta, atá comhdhéanta de chorpas rialacha fostaíochta atá mar chuid lárnach de chonradh fostaíochta, a tugadh i gcrích sular aontaigh an Ballstát lena mbaineann don Aontas Eorpach agus faoina dtiocfaidh deireadh leis an gcaidreamh fostaíochta nuair a bhainfear amach an aois scoir sheasta, atá éagsúil ag brath ar cibé an fear nó bean an fostaí, agus idirdhealú a thoirmisctear leis an Treoir sin i gcás ina mbaineann an fostaí lena mbaineann an aois sin amach.
  • Breithiúnas Korwin-Mikke an 31 Bealtaine 2018 (Cás T-770/16 agus Cás T-352/17): rialaigh CBAE i bhfabhar neamhniú na bpionós arna bhforchur ag an bParlaimint ar Janusz Korwin-Mikke, Feisire as an bPolainn atá i bhfad amach ar an eite dheis.
  • Breithiúnas Violeta Villar Láiz an 8 Bealtaine 2019 (Cás C-161/18): Chinn CJEU, i ndáil le reachtaíocht na Spáinne maidir le ríomh na bpinsean d’oibritheoirí páirtaimsireatha, go mbíonn sí i gcoinne dhlí AE má mheastar go gcuireann sí oibrithe baineanna faoi bhuntáiste ar leith;
  • Breithiúnas Praxair an 8 Bealtaine 2019 (Cás C-486/18): dhearbhaigh CBAE go gcaithfear ríomh na n-íocaíochtaí cúitimh le haghaidh dífhostú agus ath-imlonnú fostaí atá ar saoire tuismitheora pháirtaimseartha a dhéanamh bunaithe ar bhonn an tuarastail lánaimseartha. Is é toradh dlí náisiúnta easaontach ná idirdhealú indíreach ar bhonn inscne;
  • Breithiúnas Safeway an 7 Deireadh Fómhair 2019 (Cás C-171/18): rialaigh CJEU ar chomhionannú sochar pinsean faoi scéim pinsin ceirde;
  • Breithiúnas Ortiz Mesonero an 18 Meán Fómhair 2019 (Cás C-366/18): diúltaíodh cead d’athair sealanna socraithe a oibriú chun aire níos fearr a thabhairt dá chuid leanaí. Rialaigh CJEU nach bhfuil feidhm ag na treoireacha sa chás seo agus nach bhfuil foráil iontu a cheanglódh ar na Ballstáit, i gcomhthéacs iarratas ar shaoire tuismitheora, an ceart a thabhairt d’oibreoirí a bheith ag obair ar feadh seal oibre socraithe nuair is sealobair le huaireanta athraitheacha oibre a ngnáthphatrún oibre.
  • Breithiúnas Hakelbracht an 20 Meitheamh 2019 (Cás C-404/18): rialaigh CJEU, nuair a dhéanann duine gearán, agus an duine sin á rá go ndearnadh idirdhealú air nó uirthi bunaithe ar inscne, gur cheart oibretheoirí eile, seachas an duine ar a ndearnadh an t-idirdhealú bunaithe ar inscne, a chosaint toisc go bhféadfadh a bhfostóir iad a chur faoi mhíbhuntáiste as aon tacaíocht a léirigh siad go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil do’íospártach an idirdhealaithe líomhnaithe.
  • Breithiúnas Tesco Stores an 3 Meitheamh 2021 (Cás C-624/19): sa bhreithiúnas, mheabhraigh CBAE ar dtús an breithiúnas uaithi in Praxair MRC (Cás C-486/18), ina bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar idirdhealú idir oibrithe fireanna agus oibrithe baineanna freisin maidir le comhaontaithe comhchoiteanna agus comhaontaithe aonair arb é is aidhm leo pá a rialú, chomh maith lena cásdlí socair eile lena gceadaítear do chúirteanna measúnú a dhéanamh ar dhifríochtaí eile sa chóir a chuirtear ar fhir agus ar mhná maidir le pá ar bhonn na rialach dlíthíche. Chinn CBAE go gcaithfeadh Airteagal 157 TFEU a léirmhíniú mar Airteagal a bhfuil éifeacht díreach chothrómánach aige in imeachtaí idir daoine aonair maidir le mainneachtain prionsabal an phá chothroim d’oibritheoirí fireanna agus d’oibritheoirí baineanna as ‘obair ar comhionann a luach’ a chomhlíonadh;
  • Tuairim 1/19 ó CBAE an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl). Tugtar soiléiriú sa tuairim ó CBAE ar na modúlachtaí maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus ar a bhunús dlí.
  • Breithiúnas Tesorería General de la Seguridad maidir le cúrsaí sóisialta an 24 Feabhra 2022 (C-389/20): rialaigh CBAE nach mór Airteagal 4(1) de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta lena n-eisiatar sochair dhífhostaíochta ó na sochair slándála sóisialta a dheonaítear d’oibrithe tí le scéim reachtúil slándála sóisialta. Ba cheart rochtain a bheith ag oibrithe baineanna agus fireanna ar na cearta céanna agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh orthu ar fhorais inscne;
  • Breithiúnas BVAEB an 5 Bealtaine 2022 (C-405/20): dhearbhaigh CBAE nach mór Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 5(c) de Threoir 2006/54 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choigeartú bliantúil ar scála laghdaithe ar mhéid phinsin scoir státseirbhíseach náisiúnta ag brath ar an méid sin, gan aon choigeartú ar chor ar bith os cionn méid áirithe pinsin, má tá an reachtaíocht sin faoi mhíbhuntáiste ag cion i bhfad níos mó de thairbhithe fireanna ná tairbhithe baineanna, ar choinníoll go saothraíonn an reachtaíocht ar bhealach comhsheasmhach agus córasach na haidhmeanna maidir le maoiniú fadtéarmach pinsean scoir a áirithiú agus an bhearna idir leibhéil phinsin Státchistithe a laghdú, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

C. Tionscnaimh eile de chuid an Aontais

  • Áirítear comhionannas inscne i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta mar cheann den 20 príomhphrionsabal atá aige lena bhféachtar leis an méid seo a leanas a áirithiú: an ceart chun pá comhionann as obair ar comhionann a luach agus cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir mná agus fir i ngach réimse, lena n-áirítear i margadh an tsaothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn gairme;
  • Is iad seo a leanas príomhchuspóirí straitéis 2020-2025 um chomhionannas inscne, ar doiciméad beartais cuimsitheach de chuid an Choimisiúin í: deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe, steiréitíopaí inscne a cheistiú, bearnaí inscne i margadh an tsaothair a dhúnadh, rannpháirtíocht chomhionann a bhaint amach ar fud earnálacha éagsúla den gheilleagar, aghaidh a thabhairt ar na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, an bhearna chúraim idir na hinscní a dhúnadh agus cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht. Saothraítear cur chuige déach sa Straitéis maidir le príomhshruthú inscne in éineacht le gníomhaíochtaí spriocdhírithe, agus trasnachas mar phrionsabal cothrománach dá cur chun feidhme.
  • Leis an Straitéis Eorpach um Chúram, cuirtear chun cinn seirbhísí cúraim inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán ar fud an Aontais Eorpaigh, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar staid na bhfaighteoirí cúraim agus na ndaoine a thugann aire dóibh, ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn neamhfhoirmiúil. Is ionann freisin infheistíocht a dhéanamh i gcúram ardcháilíochta agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ar chomhionannas inscne, go háirithe maidir le bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní.
  • Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige Ardcháilíochta. Leanann an Moladh togra ón gCoimisiún a eascraíonn as an straitéis chúraim chun athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige chun rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a fheabhsú, ar a dtugtar ‘spriocanna Barcelona’ freisin, a socraíodh in 2002.
  • Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán. Eascraíonn sé freisin as Straitéis Cúraim an Aontais agus is é is aidhm don Mholadh a ligean do dhaoine a saol a chaitheamh faoi dhínit agus borradh a chur faoin gcomhionannas inscne, ós rud gur freagrachtaí cúraim is cúis leis na milliúin ban a bheith taobh amuigh den mhargadh saothair nó ag déanamh obair pháirtaimseartha. D’fhéadfadh freagrachtaí cúraim tionchar diúltach a imirt freisin ar phá agus ar phinsin seanaoise na mban.
  • Cuirtear athléimneacht na mban chun cinn le Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach 2023/C 41/01. D’fhonn comhionannas inscne, slándáil ioncaim agus neamhspleáchas eacnamaíoch ban, daoine fásta óga agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, molann an Chomhairle, thairis sin, go bhféadfaí a iarraidh go soláthrófaí an t-ioncam íosta do dhaoine aonair den teaghlach.
  • Cuireann an Pacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas bearta tacaíochta ar fáil atá deartha go sonrach chun deiseanna fostaíochta do mhná faoi mhíchumas a fheabhsú.

D. Soláthraithe saineolais

E. Na forbairtí is déanaí

Ó thaobh comhionannas idir fir agus mná a bhaint amach san Aontas, is cloch mhíle fhíorthábhachtach i dtéarma reachtach 2019-2024 é glacadh na Treorach maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chomhrac an 24 Aibreán 2024.

Is í an Treoir an chéad ionstraim dlí chuimsitheach ar leibhéal an Aontais lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean in aghaidh na mban agus ar fhoréigean teaghlaigh. De réir an Choimisinéara um Chomhionannas, Helena Dalli, comhlánófar an Treoir le Moladh maidir le cleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna ban, ginmhilleadh éigeantach, steiriliú éigeantach, pósadh leanaí agus pósadh éigeantais etc. Tá Líonra AE maidir le foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc bunaithe ag an gCoimisiún freisin mar fhóram trínar féidir saineolaithe náisiúnta dea-chleachtais a mhalartú. Chun steiréitíopaí inscne a chomhrac, sheol an Coimisiún an feachtas ‘#EndGenderStereotypes’.

I measc na gcomhad reachtach eile a thug an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) i gcrích le linn an 9ú téarma reachtach, tá:

  • Tá sé mar aidhm don Treoir maidir le Mná ar Bhoird láithreacht na mban ar bhoird cuideachtaí a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin, a rannpháirtíocht i gcinnteoireacht eacnamaíoch a fheabhsú chun tionchar dearfach a imirt ar fhostaíocht na mban sna cuideachtaí lena mbaineann agus ar fud an gheilleagair ar fad (féach a Bhfuil bainte amach/reachtaíocht thuas).
  • Leis an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, cuirtear chun cinn pá comhionann as obair ar comhionann a luach agus aithnítear luach rannchuidiú na mban i margadh an tsaothair (féach a bhfuil bainte amach/reachtaíocht thuas).
  • Treoracha na gComhlachtaí Comhionannais – Caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus comhdheiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha. Bunaíodh an reachtaíocht atá beartaithe ar dhá bhunús dlí éagsúla a bhfuil nósanna imeachta éagsúla ag gabháil leo. Dá bhrí sin, foilsíodh dhá thogra ón gCoimisiún (an Treoir agus an Treoir ón gComhairle), cé go raibh a n-ábhar mar an gcéanna go substaintiúil. Ní raibh cumhachtaí comhreachtóra ag an bParlaimint ach amháin maidir leis an gcéad togra tríd an nGnáthnós Imeachta Reachtach, ach d’fhéadadh sí a toiliú a thabhairt don dara ceann tríd an Nós Imeachta um Thoiliú.

Leis an gcomhaontú a d’eascair as caibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an gcéad Treoir, bunaítear caighdeáin nua do chomhlachtaí comhionannais agus áirithítear go ndéantar rialacha nua frith-idirdhealaithe a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach san Aontas. Beidh comhlachtaí comhionannais neamhspleách, saor ó thionchar seachtrach agus ní bhfaighidh siad aon treoracha ó rialtais. Táthar ag súil freisin, i measc nithe eile, go mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais ag comhlachtaí comhionannais chun a gcúraimí a chur i gcrích.

  • An Treoir ón gComhairle maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i réimse na fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE. Ós rud é go raibh an dá thogra comhionann go substaintiúil, a luaithe a thángthas ar chomhaontú maidir leis an gcéad Treoir, rinneadh téacs an chomhaid toilithe a ailíniú agus d’iarr an Chomhairle a toiliú ar an bParlaimint, a tugadh an 10 Aibreán.
  • Aontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl. An 1 Deireadh Fómhair 2023, tháinig Coinbhinsiún Iostanbúl i bhfeidhm maidir leis an Aontas Eorpach, a chuaigh isteach ann agus é ar an 38ú páirtí de. Is é Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac an chéad ionstraim idirnáisiúnta arb é is aidhm di deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban, lena n-áirítear cailíní faoi bhun 18 mbliana d’aois. Tháinig sé i bhfeidhm i mí Aibreáin 2014 agus shínigh AE é an 13 Meitheamh 2017.
  • Daingniú Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Foréigean agus Ciapadh trí chinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit é sin a dhéanamh. Thug an Pharlaimint a toiliú don Chinneadh seo ón gComhairle i ndáil le Coinbhinsiún EIS Uimh. 190 (C190), arb é an chéad chonradh idirnáisiúnta é chun aitheantas a thabhairt do cheart gach duine chun saol oibre atá saor ó fhoréigean agus ciapadh, lena n-áirítear foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe. Leagtar amach ann an oibleagáid an ceart sin a urramú, a chur chun cinn agus a bhaint amach, chomh maith le híoschaighdeáin chun dul i ngleic le ciapadh agus foréigean ionas go ndéanfar timpeallacht oibre shláintiúil, shábháilte agus chomhionann a chur chun cinn do chách.
  • Leasú ar Threoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle Is é is aidhm don Treoir feabhas a chur ar na dálaí agus ar na caighdeáin d’íospartaigh ar fud an Aontais. An 10 Aibreán 2024, fógraíodh i seisiún iomlánach na Parlaiminte an cinneadh dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach leis an gComhairle. Chuirfí bailchríoch ar an bpróiseas reachtach a luaithe a thiocfadh na comhreachtóirí ar chomhaontú.
  • Comhaontú ar an gcéad léamh maidir leis an téacs lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. Leagtar amach leis an Treoir seo creat cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine trí rialacha íosta a bhunú a bhaineann le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú. Áirítear inti forálacha coitianta chomh maith chun cosc agus cosaint na n-íospartach a neartú, agus gné na hinscne á cur san áireamh. Ghlac an Pharlaimint an téacs mar a comhaontaíodh é ag an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024.

Tuarascálacha féintionscnaimh neamhreachtacha:

  • Gnéithe inscne den chostas maireachtála atá ag dul i méid agus tionchar na géarchéime fuinnimh. Fiosraíodh sa tuarascáil conas a rinne paindéim COVID-19, géarchéim an chostais maireachtála atá ag dul i méid agus an cogadh i gcoinne na hÚcráine géarú ar an ngéarchéim a bhí ann cheana agus ar na dálaí oibre agus maireachtála forbhásacha atá roimh go leor ban; D’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún comhionannas inscne a chur chun cinn sa cheapadh beartais ar fad agus chuir sí i bhfios go láidir gur gá níos mó a dhéanamh ós rud é go bhfuil gné na hinscne in easnamh sna príomhthionscnaimh aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil a cuireadh i láthair.

Tuairimí a glacadh:

Rúin lena bhfoirceanntar ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal ón gCoimisiún:

F. Cistiú ó AE

Mar phríomhchúram de chuid an Aontais agus mar spreagadh don fhás eacnamaíoch agus don fhorbairt shóisialta, tá cur chun cinn an chomhionannais inscne agus an phríomhshruthaithe inscne i ngníomhaíochtaí uile an Aontais ina chuspóir a dtacófar leis freisin ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais (CAI 2021-2027) tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV). Bunaíodh an clár trí Rialachán AE 2021/692 a chuirtear in ionad an chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht (REC) agus an chláir um an Eoraip ar son na Saoránach. Díríonn dhá cheann dá cheithre shraith ar chearta, neamh-idirdhealú agus comhionannas a chur chun cinn, lena n-áirítear comhionannas inscne, agus ar phríomhshruthú inscne agus príomhshruthú neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn (sraith an chomhionannais, na gceart agus an chomhionannais inscne) agus ar fhoréigean a chomhrac, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe (sraith Daphne).

Tá tuilleadh cistiúcháin ón Aontas ar fáil freisin chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, go háirithe faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), a mhaoiníonn tionscadail lena gcuirtear cuimsiú sóisialta chun cinn, lena ndéantar an bhochtaineacht a chomhrac agus lena ndéantar infheistíocht i ndaoine, chomh maith le cistí eile an Bheartais Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus InvestEU.

Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) iasachtaí agus deontais is fiú EUR 723.8 billiún ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a mhaolú faoi dheireadh 2026. Liostaítear mná i Rialachán STA mar cheann de na grúpaí a raibh tionchar diúltach ag géarchéim COVID-19 orthu. Baineann ceann dá chuspóirí le tionchair na géarchéime ar mhná a mhaolú.

Leis an gCiste Aeráide Sóisialta, a bunaíodh trí Rialachán (AE) 2023/955, freastalaítear ar riachtanais na mban, agus aithnítear leis an difear díréireach a dhéanann bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair do mhná, go háirithe máithreacha aonair, chomh maith le mná aonair, mná faoi mhíchumas, agus mná scothaosta atá ina gcónaí ina n-aonar agus, ina theannta sin, aithnítear leis go bhfuil patrúin soghluaisteachta éagsúla agus níos casta ag mná.

G. Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Tá sé mair aidhm don Phlean Gníomhaíochta maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan sa Ghníomhaíocht Sheachtrach an bhearna a dhúnadh i dtreo Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 a bhaint amach agus bochtaineacht na mban a mhaolú. Tá cur chuige ag gabháil leis atá claochlaitheach ó thaobh inscne de, trasnach agus bunaithe ar chearta an duine, agus sprioc uaillmhianach aige a áirithiú go mbeidh 85% ar a laghad de ghníomhaíochtaí seachtracha nua uile an Aontais freagrúil ó thaobh inscne de faoi 2025.

 

Andreea Simona Chifan / Tania Da Silva Azevedo