Foinsí agus raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh
Tá pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas Eorpach agus dá réir sin tá a dhlíchóras féin aige atá ar leithligh ón dlí idirnáisiúnta. Anuas air sin, tá éifeacht dhíreach nó indíreach ag dlí an Aontais ar dhlíthe a mBallstát agus déantar cuid de dhlíchóras gach Ballstáit de. Is foinse dlí ann féin é an tAontas Eorpach. Is iondúil go roinntear an dlíchóras ina reachtaíocht phríomha (na Conarthaí agus prionsabail dhlíthiúla ghinearálta), reachtaíocht thánaisteach (bunaithe ar na Conarthaí) agus dlí forlíontach.
Foinsí agus ordlathas dhlí an Aontais
- An Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE), an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon lena bprótacail (tá 37 bprótacal ann, 2 iarscríbhinn agus 65 dhearbhú atá i gceangal leis na conarthaí chun mionsonraí a thabhairt, gan a bheith ionchorpraithe sa téacs dlí iomlán) 1.1.5;
- Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 4.1.2;
- Tá an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) i bhfeidhm i gcónaí mar chonradh ar leith;
- Comhaontuithe idirnáisiúnta 5.2.1;
- Prionsabail ghinearálta de chuid dhlí an Aontais;
- Reachtaíocht thánaisteach.
Aontas atá bunaithe ar an smacht reachta is ea an tAontas Eorpach a bhunaigh córas iomlán de leigheasanna agus nósanna imeachta dlíthiúla atá ceaptha chun cuir ar chumas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha reachtacha institiúidí an Aontais (Airteagal 263 CFAE). Tá na Conarthaí agus na prionsabail ghinearálta ag barr an ordlathais, agus tugtar reachtaíocht phríomha orthu. Tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, tugadh an seasamh céanna freisin don Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag an Aontas Eorpach ar chéim níos ísle ná reachtaíocht phríomha. Tá reachtaíocht thánaisteach ar an gcéad leibhéal eile síos san ordlathas agus níl sí bailí ach amháin má tá sí comhsheasmhach leis na gníomhartha agus na comhaontuithe a bhfuil tosaíocht acu uirthi. Colún bunúsach de dhlíchóras an Aontais is ea dúnghaois na tosaíochta i ndlí an Aontais agus tá sé mar aidhm leis aontacht agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais a chinntiú. Áitíonn CBAE go foirmiúil go bhfuil tosaíocht iomlán ag dlí an Aontais ar dhlí náisiúnta na mBallstát nach mór do na cúirteanna náisiúnta é sin a chur san áireamh ina gcinntí. Mhaígh sí údarás deiridh i gcónaí agus an caidreamh idir dlí an Aontais agus dlí náisiúnta á chinneadh. Sna cásanna suntasacha van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der BelastingenagusCosta v ENEL, d’fhorbair CBAE dúnghaoisí bunúsacha maidir le héifeacht dhíreach agus tosaíocht dhlí an Aontais. D’urramaigh CBAE na dúnghaoisí sin i gcásanna a bhí ann ina dhiaidh sin. Go háirithe, d’áitigh sí in Internationale Handelsgesellschaft go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais fiú amháin maidir le cearta bunúsacha a ráthaítear i mbunreachtanna náisiúnta.
Cuspóirí
Dlíchóras a chruthú don Aontas chun na cuspóirí a shonraítear sna Conarthaí a ghnóthú.
Foinsí dlí de chuid an Aontais
A. Reachtaíocht phríomha an Aontais Eorpaigh 1.1.1, 1.1.2, 1.1.3, 1.1.4, 1.1.5, 4.1.2
B. Reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh
1. Pointí ginearálta
Liostaítear gníomhartha dlí an Aontais in Airteagal 288 CFAE. Is rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí iad. Ní fhéadfaidh institiúidí an Aontais gníomhartha dlí den chineál sin a ghlacadh ach amháin má thugtar de chumhacht dóibh déanamh amhlaidh leis na Conarthaí. Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi réir ag prionsabal na tabhartha, ar prionsabal é a chumhdaítear in Airteagal 5(1) CAE. Sainítear le CFAE raon feidhme inniúlachtaí Aontais, agus déantar iad a roinnt ina dtrí chatagóir: inniúlachtaí eisiacha (Airteagal 3), inniúlachtaí comhroinnte (Airteagal 4) agus inniúlachtaí tacaíochta (Airteagal 6), trína nglacann an tAontas bearta chun tacú le beartais Ballstát nó iad a chomhlánú. Liostaítear in Airteagail 3, 4 agus 6 CFAE na réimsí a thagann faoi gach catagóir d’inniúlacht Aontais. In éagmais na gcumhachtaí atá riachtanach chun ceann amháin de na cuspóirí a leagtar amach sna Conarthaí a ghnóthú, féadfaidh na hinstitiúidí forálacha Airteagal 352 CFAE a chur i bhfeidhm, agus ar an tslí sin na ‘bearta iomchuí’ a ghlacadh.
Is iad na hionstraimí dlí a liostaítear in Airteagal 288 CFAE amháin a ghlacann na hinstitiúidí. Is iad na heisceachtaí amháin atá ann ná na comhbheartais eachtracha, slándála agus cosanta, a bhfuil feidhm fós ag an modh idir-rialtasach maidir leo. Sa réimse sin, tá ‘treoirlínte ginearálta’ agus ‘cinntí lena sainítear’ gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích agus seasaimh atá le glacadh ag an Aontas, mar aon le socruithe maidir leis na cinntí sin a chur chun feidhme, curtha in ionad comhstraitéisí, comhghníomhaíochtaí agus comhsheasamh (Airteagal 25 CAE).
Anuas air sin, tá cineálacha éagsúla gníomhaíochta ann, amhail moltaí, teachtaireachtaí agus gníomhartha a bhaineann le heagrú agus reáchtáil na n-institiúidí (lena n-áirítear comhaontuithe idirinstitiúideacha), a n-eascraíonn a n-ainmniúchán, a struchtúr agus a n-éifeachtaí dlí ó fhorálacha éagsúla sna Conarthaí nó ó na rialacha a glacadh de bhun na gConarthaí.
2. Ordlathas reachtaíocht thánaisteach an Aontais
Le hAirteagail 289, 290 agus 291 CFAE, bunaítear ordlathas na reachtaíochta tánaistí idir gníomhartha reachtacha, gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Is ionann gníomhartha reachtacha agus gníomhartha dlí a ghlactar tríd an ngnáthnós imeachta reachtach nó trí nós imeachta reachtach speisialta. Is ionann gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach. Féadfaidh an reachtóir (an Pharlaimint agus an Chomhairle) an chumhacht chun na gníomhartha sin a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Sainítear cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta sa ghníomh reachtach, chomh maith le haon nósanna imeachta práinneacha, más infheidhme. Anuas air sin, leagann an reachtóir síos na coinníollacha a bhfuil an tarmligean faoina réir. D’fhéadfadh sé gurb iad sin an t-údarás chun tarmligean a chúlghairm nó an ceart chun agóid a chur in iúl.
Is é an Coimisiún a ghlacann gníomhartha cur chun feidhme go hiondúil, a bhfuil an inniúlacht aige déanamh amhlaidh i gcásanna ina bhfuil gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur chun feidhme. Ní ceist don Chomhairle iad na gníomhartha cur chun feidhme ach amháin i gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo agus i réimsí a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. I gcás ina ndéantar bunghníomh a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, in am ar bith, a léiriú don Choimisiún gurb é a dtuairim go dtéann dréachtghníomh cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa bhunghníomh. Sa chás sin, ní mór don Choimisiún an dréachtghníomh atá i gceist a athbhreithniú.
3. Cineálacha éagsúla reachtaíocht thánaisteach an Aontais
a. Rialacháin
Tá feidhm ghinearálta ag rialacháin, agus iad ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach. Ní mór dóibh siúd lena mbaineann na rialacháin (daoine príobháideacha, Ballstáit, institiúidí an Aontais) iad a chomhlíonadh go hiomlán. Tá rialacháin infheidhme go díreach i ngach Ballstát a luaithe a thagann siad i bhfeidhm (ar an dáta a shonraítear nó, ina éagmais sin, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh) agus ní gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Ceaptar iad chun feidhmiú aonfhoirmeach dhlí an Aontais i ngach ceann de na Ballstáit a chinntiú. Gabhann rialacháin in ionad dlíthe náisiúnta sa chás nach bhfuil na dlíthe náisiúnta sin ag luí le forálacha substainteacha na rialachán.
b. Treoracha
Tá treoracha ceangailteach, maidir leis an toradh atá le baint amach, ar aon cheann nó ar gach ceann de na Ballstáit a bhfuil siad dírithe chucu, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta é foirm agus modhanna a roghnú. Ní mór do reachtóirí náisiúnta gníomh trasuímh nó ‘beart náisiúnta cur chun feidhme’ a ghlacadh chun treoracha a thrasuí agus an dlí náisiúnta a thabhairt i gcomhréir lena gcuspóirí. Ní dhéanann an gníomh dlí cearta a thabhairt do shaoránaigh aonair nó ceangal a chur orthu ach amháin nuair a bheidh an gníomh trasuímh glactha. Agus iad ag trasuí treoracha, tugtar méid áirithe rogha do na Ballstáit chun imthosca sonracha náisiúnta a chur san áireamh. Ní mór an trasuí a bheith curtha i gcrích laistigh den tréimhse a leagtar síos sa treoir. Trí threoracha a thrasuí, tugann Ballstáit ráthaíocht i dtaca le héifeachtacht dhlí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis arna bhunú le hAirteagal 4(3) CAE.
I bprionsabal, níl treoracha infheidhme go díreach. Mar sin féin, tá rialú tugtha ag CBAE go bhféadfadh éifeachtaí díreacha i mBallstát a bheith ag forálacha áirithe treorach, ar bhonn eisceachtúil, fiú sa chás nach bhfuil gníomh trasuímh glactha fós ag an mBallstát sin, más rud é: (a) nach bhfuil an treoir trasuite sa dlí náisiúnta nó gur trasuíodh go mícheart í; (b) go bhfuil forálacha na treorach dianriachtanach agus soiléir agus beacht go leor; agus (c) go dtugann forálacha na treorach cearta do dhaoine aonair.
Má chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh daoine aonair an fhoráil atá i gceist a agairt agus iad ag plé leis na húdaráis phoiblí. Fiú nuair nach dtugtar ceart ar bith do dhuine aonair de bharr na forála, agus nach bhfuil comhlíonta ach an chéad agus an dara coinníoll, tá sé de cheangal ar údaráis na mBallstát an treoir nach bhfuil trasuite a chur san áireamh. Tá an rialú sin bunaithe go príomha ar phrionsabal na héifeachtachta, ar sháruithe Conarthaí a chosc agus ar chosaint dhlíthiúil. Ar an taobh eile de, ní cheadaítear do dhuine aonair dul ar iontaoibh éifeacht dhíreach treorach nach bhfuil trasuite agus iad ag plé le daoine aonair eile (an ‘éifeacht chothrománach’; Faccini Dori v Recreb Srl, Cás C-91/92, pointe 25).
De réir chásdlí CBAE (Francovich, cásanna uamtha C-6/90 agus C-9/90), tá saoránach aonair i dteideal cúiteamh a lorg ó Bhallstát nach bhfuil ag comhlíonadh dhlí an Aontais. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás treoir nach bhfuil trasuite nó nach bhfuil trasuite go leormhaith, más rud é: (a) go bhfuil sé beartaithe leis an treoir cearta a thabhairt do dhaoine aonair; (b) gur féidir inneachar na gceart a aithint ar bhonn fhorálacha na treorach; agus (c) go bhfuil nasc cúisíoch idir an sárú ar an oibleagáid maidir leis an treoir a thrasuí agus an caillteanas agus an damáiste a d’fhulaing na páirtithe díobhálaithe. Ní gá a thaispeáint ansin gur ar an mBallstát atá an locht chun dliteanas a chruthú.
c. Cinntí, moltaí agus tuairimí
Tá cinntí ceangailteach ina n-iomláine. Sa chás go sonraítear sna cinntí cé chuige a bhfuil siad dírithe (Ballstáit, daoine nádúrtha nó dlítheanacha), is orthu sin amháin atá siad ceangailteach, agus tugann siad aghaidh ar staideanna atá sonrach do na Ballstáit nó na daoine sin. Ní fhéadfaidh duine aonair na cearta a thugtar le cinneadh atá dírithe chuig Ballstát a agairt ach amháin sa chás go bhfuil gníomh trasuímh glactha ag an mBallstát sin. D’fhéadfadh cinntí a bheith infheidhme go díreach ar an mbunús céanna le treoracha.
Ní thugann moltaí ná tuairimí aon chearta dóibh siúd a bhfuil siad dírithe chucu, ná ní chuireann siad aon oibleagáid orthu, ach d’fhéadfaidís treoir a thabhairt maidir le léirmhíniú agus inneachar dhlí an Aontais.
Ós rud é nach mór go mbainfeadh aon ghníomhaíochtaí a thugtar in aghaidh Ballstát faoi Airteagal 263 CFAE le gníomhartha a ghlac institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, níl aon dlínse ag CBAE ar chinntí ionadaithe na mBallstát, e.g. maidir le suíomhanna ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh. Maidir leis na gníomhartha arna nglacadh ag ionadaithe na mBallstát atá ag gníomhú, ní ina gcáil mar chomhaltaí na Comhairle, ach mar ionadaithe ar a rialtais, agus dá bhrí sin a fheidhmíonn cumhachtaí na mBallstát go comhpháirteach, níl siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna an Aontais, de réir breithiúnas ón gCúirt an 14 Iúil 2022 i gcás athlonnú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA)[1]. Chinn an Chúirt nach bhfuil feidhm ag Airteagal 341 CFAE maidir le suíomh chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais a ainmniú. Níl an fheidhm sin aige ach amháin maidir le hinstitiúidí. Is ag reachtas an Aontais Eorpaigh atá an inniúlacht suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh, agus ní mór dó gníomhú chuige sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha. Is beart neamhcheangailteach de chomhar polaitiúil a bhí sa chinneadh atá i gceist, beart nach bhfuil in ann teorainn a chur le discréid reachtas an Aontais. Sa chiall sin, ní féidir leis an gcinneadh teorainn a chur le discréid reachtas an Aontais ná le discréid Pharlaimint na hEorpa.
4. Forálacha i dtaca le hinniúlachtaí, nósanna imeachta, cur chun feidhme agus forfheidhmiú gníomhartha reachtacha
a. Inniúlacht reachtach, ceart tionscnaimh agus nósanna imeachta reachtacha: 1.3.2, 1.3.6, 1.3.8 agus 1.2.3
Glacann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún páirt i nglacadh reachtaíocht an Aontais ag céimeanna éagsúla, ag brath ar an mbunús dlí ar leith. Is féidir leis an bParlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh di féin agus don Chomhairle.
b. Cur chun feidhme reachtaíocht Aontais
Níl ag an Aontas ach cumhachtaí teoranta forfheidhmithe faoin dlí príomha, mar gurb iondúil gurb iad na Ballstáit a chuireann dlí an Aontais i bhfeidhm. Anuas air sin, foráiltear le hAirteagal 291(1) CFAE go nglacfaidh ‘na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme’. Nuair atá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, feidhmíonn an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme (Airteagal 291(2) CFAE).
c. Rogha an chineáil gnímh reachtaigh
Is iondúil go leagtar síos sna Conarthaí an cineál gnímh reachtaigh atá le glacadh. Is minic, áfach, nach sonraítear aon chineál gnímh reachtaigh. Sna cásanna sin, sonraítear in Airteagal 296(1) CFAE nach mór do na hinstitiúidí é a roghnú de réir an cháis, agus ‘na nósanna imeachta is infheidhme agus prionsabal na comhréireachta á gcomhlíonadh’.
C. Prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus cearta bunúsacha
Is beag tagairt a dhéanann na Conarthaí do na prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais. Forbraíodh na prionsabail sin den chuid is mó i gcásdlí CBAE (deimhneacht dhlíthiúil, cothromaíocht institiúideach, ionchas dlisteanach, etc.), arb é sin an bunús fosta le cearta bunúsacha a aithint mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Tá na prionsabail sin cumhdaithe anois in Airteagal 6(3) CAE, a ndéantar tagairt ann do na cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thagann siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit agus as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (4.1.2).
D. Comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas faoi Airteagail 216 agus 217 CFAE
Féadfaidh an tAontas, laistigh dá réimse inniúlachta, comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta (Airteagal 216(1) CFAE). Tá na comhaontuithe sin ceangailteach ar an Aontas agus ar na Ballstáit, agus is cuid dhílis de dhlí an Aontais iad (Airteagal 216(2) CFAE). De réir Airteagal 217 CFAE, féadfaidh an tAontas comhaontuithe lena mbunaítear comhlachas a thabhairt i gcrích freisin lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíocht agus nós imeachta speisialta. Rinneadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an bhforáil sin. An 28 Aibreán 2021, thug an Pharlaimint a toiliú faoi Airteagal 218, mír 6a, CFAE.
De réir chásdlí CBAE, tá tosaíocht ag an dlí idirnáisiúnta ar dhlí (tánaisteach) an Aontais: ‘Ba cheart a thabhairt le fios, de bhua Airteagal 216(2) CFAE, i gcás ina gcuireann an tAontas Eorpach comhaontuithe idirnáisiúnta i gcrích, is i gceangal ar a institiúidí atá siad agus, mar thoradh air sin, beidh siad i réim ar ghníomhartha an Aontais Eorpaigh’.
E. Saineolas neamhspleách agus reachtóireacht níos fearr
In 2004, chruthaigh an Pharlaimint cúig roinn beartais a chuireann saineolas, anailís agus comhairle beartais ardleibhéil neamhspleách ar fáil arna iarraidh sin do choistí agus do chomhlachtaí parlaiminteacha eile. Ba cheart an taighde neamhspleách sin – lena ceanglaítear na Feisirí, an saol acadúil agus saoránaigh le chéile – a bheith ag gabháil le gach tionscnamh reachtach, ón bpleanáil go dtí an mheastóireacht ar a chur chun feidhme. Ba cheart go gcuirfeadh sé le hardcháilíocht na reachtaíochta agus lena léirmhíniú mar chuid fhíor-riachtanach den obair ullmhúcháin[2].
Is féidir gnóthachain ionchasacha de bhreis is EUR 2 200 bhilliún a bhaint amach go bliantúil de bharr reachtaíocht optamach AE. Léiríonn taighde a ullmhaíodh do Pharlaimint na hEorpa go bhféadfaí gnóthachain EUR 386 bhilliún le haghaidh saorghluaiseacht earraí, EUR 189 mbilliún le haghaidh an aontais custaim, EUR 289 mbilliún le haghaidh saorghluaiseacht seirbhísí, agus EUR 177 mbilliún le haghaidh an mhargaidh aonair dhigitigh a bhaint amach i dtionscnaimh shonracha an mhargaidh inmheánaigh.
Cumhdaíonn an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus gach gné den timthriall beartais. Leagann sé amach freisin gealltanais éagsúla na n-institiúidí chun reachtaíocht an Aontais atá ar ard-chaighdeán a chruthú, reachtaíocht atá éifeachtúil, éifeachtach, simplí agus soiléir, agus a sheachnaíonn rórialáil agus ualaigh nach bhfuil gá leo ar dhaoine aonair, údaráis phoiblí agus gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Mar sin féin, léirítear le staidéir a choimisiúnaigh Parlaimint na hEorpa le déanaí gur gá an méid seo a leanas a dhéanamh maidir le taighde neamhspleách a chur i gcuntas: (1) feabhas a chur air ag an gcéim a bhaineann le straitéisí AE a cheapadh agus a phleanáil[3], lena n-áirítear trí mhoilleanna ar thabhairt isteach athchóirithe reachtacha a laghdú, (2) é a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le gach tionscnamh reachtach (e.g. eisceachtaí i gcás comhaid phráinneacha lena laghdaítear cáilíocht reachtaíocht an Aontais i réimsí tábhachtacha), agus (3) é a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le meastóireachtaí ar éifeachtaí dhlí an Aontais, nach bhfuil measúnuithe ríthábhachtacha ar éifeachtaí cainníochtaithe acu faoi láthair mar gheall ar easpa bailiú sonraí[4].
Ról Pharlaimint na hEorpa
Faoi Airteagal 14(1) CAE: ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha (tríd an ‘ngnáthnós imeachta reachtach’) agus buiséadacha (trí nós imeachta reachtach speisialta faoi Airteagal 314 CFAE) a fheidhmiú’. Táthar ag iarraidh sa Pharlaimint an próiseas reachtach a shimpliú, feabhas a chur ar chaighdeán dréachtaithe téacsanna dlíthiúla, agus a chinntiú go ndéanfar pionóis níos éifeachtaí a ghearradh ar Bhallstáit nach gcomhlíonann dlí an Aontais. I gClár Oibre agus Reachtach Bliantúil an Choimisiúin, leagtar amach mórthosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin agus sainaithnítear gníomhaíochtaí nithiúla reachtacha nó neamhreachtacha a dhéanann bearta oibríochta de na tosaíochtaí sin. Tá ról dílis ag an bParlaimint i dtaca le dlíthe nua a chruthú, os rud é go scrúdaíonn sí Clár Oibre Bliantúil an Choimisiúin agus go gcuireann sí in iúl cé acu de na dlíthe ar mian léi go dtabharfaí isteach iad.
Agus pearsantacht dhlítheanach bainte amach aige, is féidir leis an Aontas comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích (Airteagal 216-217 CFAE). Ní mór toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa do chomhaontú ar bith a chuirtear i gcrích i réimse an chomhbheartais tráchtála agus i ngach réimse a dtagann a mbeartais faoin ngnáthnós imeachta reachtach (Airteagal 218(6)(a) CFAE). Mar shampla, thug an Pharlaimint a toiliú an 28 Aibreán 2021 don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Ag amanna eile, bhí sé léirithe ag an bParlaimint cheana féin nach bhfuil drogall uirthi a cros a úsáid má bhíonn imní thromchúiseach uirthi. Mar shampla, dhiúltaigh sí don Chomhaontú Trádála um Fhrith-Ghóchumadh (ACTA) in 2012.
I mí Iúil 2022, ghlac an Pharlaimint tuarascáil féintionscnaimh mar fhreagairt ar an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh].
Léirítear le staidéir a choimisiúnaigh ranna beartais Pharlaimint na hEorpa go bhfuil gá le hathchóiriú chun reachtóireacht agus rialáil níos fearr a chur chun cinn san Aontas[5]. Léirítear sa taighde freisin go rachadh athchóiriú ar dhréachtú agus ar struchtúr reachtaíocht an Aontais chun tairbhe di chun na tairbhí a bhaineann léi a léiriú ar bhealach níos soiléire agus chun go mbeadh sé níos éasca do shaoránaigh an Aontais rochtain dhigiteach a fháil ar an reachtaíocht[6]. Moltar i staidéar maidir leis an Dlí agus TFC a rinneadh le déanaí go ndéanfaí córas dlí an Aontais, lena n-áirítear a fhoinsí, a dhigitiú de réir a chéile.[7]
Udo Bux / Mariusz Maciejewski