Truailliú aeir agus torainn
Tá an truailliú aeir ar cheann de na rioscaí sláinte ón timpeallacht is mó san Eoraip. Tá sé mar aidhm ag plean gníomhaíochta an Aontais maidir le truailliú nialasach, a glacadh in 2021, truailliú aeir agus torainn a laghdú go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte ná d’éiceachórais nádúrtha. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht agus ag líonra faireacháin ar fud an Aontais a chinntiú go mbeidh truailliú faoi bhun luachanna criticiúla, agus go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun truailliú aeir a laghdú go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach faoi 2050.
An bunús dlí
Airteagail 191 go 193 (Timpeallacht) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Cúlra ginearálta
Is féidir le truailliú aeir a bheith ina chúis le galair chardashoithíocha agus riospráide, chomh maith le hailse, agus tá sé ina phríomhchúis chomhshaoil le bás anabaí in AE. Is carcanaigin ghéineatocsaineacha dhaonna iad truailleáin ar leith amhail arsanaic, caidmiam, nicil agus hidreacarbóin tríd an ábhar géiniteach orgánach de sprioc-chealla a athrú go díreach. Bíonn drochthionchar ag an truailliú aeir ar cháilíocht an uisce agus na hithreach freisin agus déanann sé dochar d’éiceachórais, mar shampla trí eotrófú (truailliú ón iomarca nítrigine) agus trí bháisteach aigéadach. Imrítear tionchar, dá bhrí sin, ar an talmhaíocht agus ar fhoraoisí, mar aon le hábhar agus foirgnimh. Tá go leor foinsí aerthruaillithe ann, ach eascraíonn sé go príomha ó thionscail, ó iompar, ó tháirgeadh fuinnimh agus ón talmhaíocht. Is minic nach gcloítear le caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir, go háirithe i gceantair uirbeacha (‘teophointí’ aerthruaillithe) – áit ina bhfuil formhór na nEorpach ina gcónaí. Is iad cáithníní míne, ocsaídí nítrigine agus ózón ar leibhéal na talún na truailleáin is mó a chruthaíonn fadhbanna sa lá atá inniu ann. Léirítear i bhfaisnéisiú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ‘Stádas Cáilíochta Aeir na hEorpa 2023’ go bhfuil an iomarca truaillithe aeir, a sháraíonn caighdeáin AE, forleathan in AE, agus go sáraíonn sé treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) go minic. Tá sé mar aidhm ag plean gníomhaíochta an Aontais maidir le truailliú nialasach le haghaidh 2050 truailliú aeir, ithreach agus uisce, chomh maith le truailliú torainn agus plaistigh, a laghdú go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha. Rinneadh an sprioc fhadtéarmach sin a mhiondealú ina bpríomhspriocanna le haghaidh 2030 agus déantar faireachán go leanúnach ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin. Is cosúil go mbainfear amach an sprioc chun básanna anabaí de bharr truailliú aeir a laghdú go 55 %, agus go mbeadh laghdú níos mó ná sin, agus 66 % a bhaint amach faoi 2030, de réir treochtaí reatha.
Tá ardú ag teacht ar na leibhéil torainn timpeallachta i gceantair uirbeacha, mar thoradh go príomha ar an méadú atá ag teacht ar an trácht agus ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus áineasa. Meastar go bhfulaingíonn thart ar 20 % de dhaonra AE le leibhéil torainn a mheastar a bheith do-ghlactha. Is féidir leis sin tionchar a imirt ar an gcáilíocht saoil agus a bheith ina shiocair le leibhéil shuntasacha struis, le suaitheadh codlata agus le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte amhail fadhbanna cardashoithíocha. Bíonn tionchar diúltach ag torann ar an bhfiadhúlra. Tá sé mar aidhm ag plean gníomhaíochta an Aontais maidir le truailliú nialasach laghdú 30 % a dhéanamh ar líon na ndaoine a bhíonn ag fulaingt ar bhonn ainsealach de bharr torainn mar gheall ar iompar, ach ní mheastar go mbainfear an sprioc sin amach faoi 2030.
A bhfuil bainte amach agus truailliú aeir á chomhrac
Tá cáilíocht an aeir san Eoraip feabhsaithe go mór ó thosaigh AE ag dul i ngleic leis an tsaincheist ar dtús sna 1970idí. Tá tiúcháin substaintí amhail dé-ocsaíd sulfair (SO2), aonocsaíd charbóin (CO), beinséin (C6H6) agus luaidhe (Pb) laghdaithe go mór ó shin. Tá trí shásra dlí dhifriúla ag AE chun truailliú aeir a bhainistiú: caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a shainiú go ginearálta i gcás tiúcháin chomhthimpeallacha truailleán aeir; teorainneacha náisiúnta a shocrú maidir le hiomlán na n-astaíochtaí truailleán; agus reachtaíocht atá sonrach ó thaobh foinsí de a dhearadh, mar shampla chun astaíochtaí tionsclaíocha a rialú nó chun caighdeáin a leagan amach d’astaíochtaí feithicle, d’éifeachtúlacht fuinnimh nó do cháilíocht bhreosla. Ina theannta sin, téitear i ngleic le truailliú aeir trasteorann trí chomhoibriú idirnáisiúnta le comhpháirtithe straitéiseacha. Déantar an reachtaíocht a chomhlánú le straitéisí agus bearta chun cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn agus é a chomhtháthú sna hearnálacha eile, atá go léir mar phríomhsprioc insoláthartha den Chomhaontú Glas don Eoraip.
A. Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh
Tá dhá phríomhthreoir sa reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir. Tháinig Treoir 2004/107/EC maidir le cáilíocht an aeir i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2008 agus baineann sí leis na substaintí – arsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha il-timthriallacha – ar féidir tiúchan tairsí ar cháilíocht an aeir a bhfuil baol ag baint leo ar shláinte an duine faoi bhun na tairsí sin a shainaithint. Leagtar síos leTreoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht aeir chomhthimpeallaigh bearta chun cuspóirí don cháilíocht aeir chomhthimpeallaigh a shainmhíniú agus a bhunú (i.e. teorainneacha nár cheart a shárú in áit ar bith san Aontas) maidir leis na príomhthruailleáin aeir: dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine / ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach, ózón, beinséin, luaidhe, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil agus beinsi[a]piréin. Ceanglaítear ar Bhallstáit limistéir agus ceirtleáin uirbeacha a shainmhíniú chun caighdeán cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a mheas agus a bhainistiú, faireachán a dhéanamh ar threochtaí fadtéarmacha agus an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal. Bailítear na sonraí trí líonra faireacháin ar fud an Aontais. Áit a bhfuil cáilíocht an aeir go maith, ní mór í a choinneáil mar sin; má sháraítear na luachanna tairseacha in áit éigin, caithfear gníomh a dhéanamh ina leith. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, bheartaigh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dá threoir maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, agus caighdeáin AE maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú níos dlúithe leis na moltaí nua ó EDS. I mí Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach, a bheidh le glacadh go foirmiúil.
Leagtar amach le Treoir (AE) 2016/2284 (an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta) uasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta níos déine do na cúig phríomhthruailleán – dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin, amóinia agus ábhar cáithníneach mín. Cuireann an treoir ceangal ar Bhallstáit clár náisiúnta a tharraingt suas maidir le truailliú aeir a rialú.
B. Iompar ar bóthar
Glacadh roinnt treoracha chun teorann a chur ar thruailliú ó iompar de bhóthar trí chaighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí a shocrú do chatagóirí éagsúla feithiclí, amhail gluaisteáin, feithiclí tráchtála éadroma, leoraithe, busanna agus gluaisrothair, agus trí rialú a dhéanamh ar cháilíocht an bhreosla. Leis an gcaighdeán astaíochta reatha Euro 6 do ghluaisteáin agus veaineanna éadroma, leagtar amach teorainneacha astaíochta maidir le roinnt truailleáin aeir, go háirithe ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach. I gcomhréir le straitéis an Choimisiúin 2020 um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, tabharfar caighdeáin aerthruaillithe níos déine isteach le rialachán Euro 7. D’fhormheas an Pharlaimint an comhaontú sealadach i mí an Mhárta 2023, ar tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle air. Ó mhí Mheán Fómhair 2017 i leith, tá timthriall tástála níos réadúla in úsáid: Cinntear anois ‘Astaíochtaí faoi Dhálaí Tiomána’ do chineálacha nua gluaisteán chun léiriú níos fearr a thabhairt ar fhíordhálaí tiomána. Thairis sin, tá rialacha ann maidir le comhréireacht inseirbhíse (lena gceanglaítear ar fheithiclí leanúint de chaighdeáin a chomhlíonadh fad is atá siad i gcúrsaíocht), marthanacht feistí rialaithe truaillithe, córais dhiagnóiseacha ar bord, ídiú breosla a thomhas, agus maidir leis an rochtain atá ag oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil. Tá rialacha comhchosúla i bhfeidhm maidir le feithiclí tromshaothair amhail busanna agus leoraithe. Tháinig rialachán 2018 maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2020, agus é mar aidhm leis cáilíocht agus neamhspleáchas na seirbhísí teicniúla a mhéadú agus lena bhfíoraítear cibé an gcomhlíonann na feithiclí atá ar na bóithre cheana na ceanglais.
C. Astaíochtaí iompair eile
Chun laghdú a dhéanamh ar an truailliú aeir ó longa – a mheastar a bheith freagrach as 50 000 bás anabaí gach bliain – rinne AE teorainn a shocrú maidir leis an gcion sulfair i mbreoslaí umair muiría úsáidtear sna longa a oibríonn i bhfarraigí na hEorpa. Thit an teorainn ghinearálta sulfair ó 3.5% go 0.5% in 2020 i gcomhréir le teorainneacha a d’aontaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta. Ó 2015 i leith, tá caighdeán níos géire fós de 0.1 % i bhfeidhm i limistéir ar leith ainmnithe mar ‘Limistéir Rialaithe Astaíochtaí Sulfair’, amhail Muir Bhailt, Muir nIocht agus an Mhuir Thuaidh. Socraíodh caighdeáin feidhmíochta bhreise in 2016 maidir le hastaíochtaí d’innealra soghluaiste neamhbhóthair, amhail tochaltóirí, ollscartairí agus sábha slabhracha, agus freisin do tharracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus árthaí áineasa amhail báid spóirt.
I mí na Nollag 2022, d’fhormheas an Chomhairle an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta, scéim dhomhanda chun astaíochtaí CO2 ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú ina bhfuil Ballstáit AE páirteach freisin. Tá sé mar aidhm ag Rialachán Eitlíochta ReFuelEU, a thiocfaidh i bhfeidhm ó Eanáir 2024, tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú trí bhearta amhail breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Tháinig Rialachán comhfhreagrach Muirí FuelEUi bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus tá sé mar aidhm ag an rialachán laghdú 80 % a dhéanamh ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bord na long faoi 2050, rud a spreagann glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin.
D. Astaíochtaí ón tionsclaíocht
Cumhdaítear sa Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (IED) 2010 gníomhaíochtaí tionsclaíocha an-truaillitheach lena gcuirtear sciar suntasach den truailliú san Eoraip san áireamh Déanann sé na treoracha ábhartha uile (maidir le dramhaíl a loscadh, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, mórghléasraí dócháin, cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú, srl.) a chomhdhlúthú agus a chumasc in aon ionstraim reachtach chomhleanúnach amháin, agus é mar aidhm léi cur chun feidhme na reachtaíochta a éascú agus truailliú ó fhoinsí tionsclaíocha éagsúla a íoslaghdú. Leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha leagtar síos na hoibleagáidí uile atá le comhlíonadh ag gach suiteáil tionsclaíoch, tá liosta sa treoir de na bearta chun truailliú uisce, aeir agus ithreach a chosc, agus soláthraítear bunús inti chun ceadúnais nó ceadanna oibríochta do shuiteálacha tionsclaíocha a tharraingt suas. Cuirtear feidhmíocht chomhshaoil iomlán an ghléasra san áireamh inti, lena n-áirítear úsáid amhábhar, truailliú torainn nó éifeachtúlacht fuinnimh, trí chur chuige comhtháite a úsáid. Tá ról lárnach ag coincheap ‘na dteicníochtaí is fearr atá ar fáil’ mar atá ag solúbthacht, iniúchtaí ar an gcomhshaol agus rannpháirtíocht an phobail. Comhlánaíodh IED in 2015 le treoir maidir le hastaíochtaí ó ghléasra dócháin mheánmhéide.
I mí na Samhna 2023, tháinig reachtóirí ar chomhaontú sealadach maidir le hathbhreithniú ar IED, arb é is aidhm dóibh, mar shampla, cur chun feidhme iomlán agus comhsheasmhach IED ar fud na mBallstát a chinntiú, agus rialuithe níos déine ar cheadanna maidir le hastaíochtaí aeir agus uisce. D’fhormheas an Pharlaimint an comhaontú sin i mí an Mhárta 2024.
Gnóthaithe maidir le truailliú torainn
Tá dhá réimse i gceist le cur chuige AE maidir le truailliú torainn: creat ginearálta chun leibhéil truaillithe torainn a shainaithint a bhfuil gá le gníomh ar leibhéal an Bhallstáit agus AE araon ina leith; agus sraith reachtaíochta maidir leis na príomhfhoinsí torainn, amhail torann ó thrácht ar bhóithre, ón aer agus ón iarnróid, chomh maith le torann ó threalamh d’úsáid lasmuigh.
Tá sé mar aidhm leis an treoir réime maidir le torann timpeallachta 2002 nochtadh ar thorann timpeallachta a laghdú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar tháscairí torainn agus modhanna measúnaithe, agus faisnéis maidir le nochtadh ar thorann a bhailiú i bhfoirm ‘léarscáileanna torainn’, agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal. Ar an mbonn sin, tá ceangal ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna torainn. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar léarscáileanna torainn agus pleananna gníomhaíochtaí gach cúig bliana ar a laghad. Deimhníodh sa tuarascáil cur chun feidhme is déanaí, a foilsíodh i mí an Mhárta 2023, an dul chun cinn maith atá déanta ar an iomlán ag formhór na mBallstát agus an treoir á cur chun feidhme acu, in ainneoin roinnt moilleanna i dtosach.
Leis an rialachán ó 2014 maidir leis an leibhéal fuaime ó mhótarfheithiclí tugtar isteach modh tástála nua chun astaíochtaí torainn a thomhas, déantar na luachanna teorainneacha torainn a ísliú agus áirítear forálacha breise maidir le hastaíochtaí fuaime sa nós imeachta cineálcheadaithe. Tugtar aghaidh ar theorainneacha torainn i gcás móipéidí, gluaisrothair agus rolladh bonn i rialacháin eile.
Ó mhí an Mheithimh 2016 i leith, tá feidhm ag rialacha maidir le torann eitlíochta an Aontais, i gcomhréir leis an ‘gcur chuige cothrom’ a chruthaigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith aerfoirt a mbíonn níos mó ná 50 000 gluaiseacht aerárthaí sibhialta in aghaidh na bliana iontu. Tá ceithre phríomhghné i gceist leis an gcur chuige sin atá deartha chun sainaithint a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtaí ó thaobh costais de chun dul i ngleic le torann aerárthaigh ag gach aerfort aonair: leibhéil torainn a laghdú ag an bhfoinse trí aerárthach nua-aimseartha a imscaradh; an talamh timpeall aerfoirt a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe; nósanna imeachta oibríochta a ghlacadh chun tionchar an torainn ar an talamh a laghdú; agus, más gá, srianta oibríochta a thabhairt isteach amhail cosc ar eitiltí san oíche.
I gcomhthéacs threoir 2016 maidir le hidir-inoibritheacht iarnróid, socraítear le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht maidir le torann, arna leasú in 2019, na huasleibhéil torainn ar féidir le feithiclí iarnróid (comhaimseartha) nua a tháirgeadh.
Ní féidir suiteálacha móra tionsclaíocha agus talmhaíochta a chumhdaítear le IED a oibriú ach amháin má bhíonn cead ina seilbh acu, atá nasctha le coinníollacha i dtaca le teorainneacha astaíochta, lena n-áirítear teorann, agus úsáid na dteicnící is fearr ar fáil. Déantar torann ó threalamh tógála, chomh maith le torann ó árthaí áineasa nó ó threalamh d’úsáid lasmuigh a rialáil.
Ról Pharlaimint na hEorpa
D’imir an Pharlaimint ról cinntitheach maidir le beartas comhshaoil forásach a cheapadh chun truailliú aeir agus torainn a chomhrac. Mar shampla, d’éirigh le Feisirí Pharlaimint na hEorpa cur i gcoinne iarrachtaí an sprioc chun ábhar díobhálach sulfair i mbreoslaí muirí a laghdú go 0.5 %, a chur siad ó 2020 go 2025. Nuair a tháinig sé chun solais sna Stáit Aontaithe gur úsáid grúpa Volkswagen bogearra a rinne cúbláil ar thástálacha chun astaíochtaí NOx a ísliú, chuir an Pharlaimint coiste fiosrúcháin sealadach maidir le tomhas astaíochtaí in earnáil na ngluaisteán ar bun iniúchadh a dhéanamh ar an scéal. I dtuarascáil chríochnaitheach uaithi ó 2017, d’iarr sí go dtabharfaí chun cuntasachta Ballstáit agus monaróirí gluaisteán agus d'áitigh sí orthu gluaisteáin mhórthruailliúcháin a iarfheistiú nó iad a tharraingt siar ón margadh.
An 25 Márta 2021, ghlac an Pharlaimint rún ar chur chun feidhme an dhá Threoir Réime maidir le Cáilíocht an Aeir. Thug sí dá haire nár éirigh go hiomlán le caighdeáin Eorpacha maidir le cáilíocht an aeir agus ba dhíol sásaimh di gealltanas an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i dtaobh cáilíocht an aeir a athbhreithniú i gcomhréir le leibhéil tagartha reatha EDS.
Iarradh sa rún freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na reachtaíochta astaíochtaí atá ann faoi láthair agus iarradh go mbunófaí a luaithe agus is féidir sraith ceanglas íosta agus dea-chleachtas i ndáil le pleananna maidir le cáilíocht an aeir a bheith á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme araon ag na Ballstáit. I mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir le reachtaíocht athbhreithnithe a ceapadh chun cáilíocht an aeir a fheabhsú ar fud an Aontais. D’fhonn sláinte an duine, éiceachórais nadúrtha agus bithéagsúlacht a chosaint ó thruailliú aeir, mhol an Pharlaimint cuspóirí níos déine maidir le truailleáin éagsúla i gcomparáid le moltaí tosaigh an Choimisiúin.
Maidir le torann timpeallachta, chuir an Pharlaimint béim go mion agus go minic ar an ngá atá ann le tuilleadh ciorruithe a dhéanamh ar theorainnluachanna agus ar an ngá atá le nósanna imeachta tomhais níos fearr a bheith ann. D’iarr sí go mbunófaí luachanna AE don torann timpeall ar aerfoirt agus go gcuirfí le bearta laghdaithe torainn chun scairdeitleáin fhoshonacha mhíleata a chumhdach. Thairis sin, d’fhormheas sí teorainneacha torainn nua, níos ísle do ghluaisteáin a chéimniú isteach agus rinne sí feachtasaíocht rathúil maidir le lipéid a thabhairt isteach chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi leibhéil torainn.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar sin, féach suíomh gréasáin an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI).
Christian Kurrer / Zuzanna Wala