Cánachas díreach: Cánachas pearsanta agus cuideachta

Ní rialaítear réimse an chánachais dhírigh go díreach le rialacha an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, bunaítear caighdeáin chomhchuibhithe do chánachas cuideachtaí agus daoine aonair príobháideacha le roinnt treoracha agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE). Thairis sin, rinneadh bearta chun cosc a chur le himghabháil cánach agus cánachas dúbailte.

An bunús dlí

Ní dhéantar aon fhoráil shainráite i gConradh AE d’inniúlachtaí reachtacha i réimse an chánachais dhírigh. De ghnáth, bunaíodh reachtaíocht maidir le cánachas cuideachtaí ar Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-údaraítear an tAontas chun treoracha a ghlacadh maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán nó forálacha riaracháin na mBallstát a dhéanann difear díreach don mhargadh inmheánach; bíonn gá le haontoilíocht agus le nós imeachta comhairliúcháin dóibh sin.

Lamháiltear le hAirteagal 65 CFAE (saorghluaiseacht chaipitil) do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir cáiníocóirí nach bhfuil sa staid chéanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe. Mar sin féin, in 1995, rialaigh CBAE (i gCás C-279/93) go bhfuil Airteagal 45 CFAE infheidhme go díreach i réimse an chánachais agus na slándála sóisialta: sonraítear san Airteagal sin go mbéarfaidh an tsaoirse gluaiseachta d’oibrithe ‘go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta [...] maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre agus fostaíochta’. Le hAirteagail 110-113 CFAE cuirtear de cheangal ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta maidir le deireadh a chur le cánachas dúbailte laistigh den Aontas. Le hAirteagal 55 CFAE toirmeasctar idirdhealú idir náisiúnaigh na mBallstát maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí. Mar sin féin, ní thagann formhór na socruithe i réimse an chánachais dhírigh faoi chuimsiú dhlí an Aontais. Cumhdaítear cánachas sreafaí ioncaim trasteorann le líonra fairsing de chonarthaí cánach déthaobhacha a bhfuil baint ag na Ballstáit agus tríú tíortha araon leo.

Cuspóirí

Is dhá chuspóir shonracha iad cosc ar imghabháil cánach agus díothú an chánachais dhúbailte. Go ginearálta, bíonn údar cuí le comhchuibhiú áirithe a dhéanamh ar chánachas cuideachta chun saobhadh iomaíochta a chosc (go háirithe i dtaca le cinntí infheistíochta), chun ‘iomaíocht cánach’ a chosc agus chun an raon feidhme do chuntasaíocht ionramhálach a laghdú.

Torthaí

A. Cánachas cuideachtaí – bearta chun deireadh a chur le bacainní cánach sa mhargadh aonair

Tá tograí maidir le cáin chorparáide a chomhchuibhiú á bplé leis na blianta (1962: Tuarascáil Neumark; 1970: Tuarascáil Van den Tempel; 1975: togra le haghaidh treoir maidir le rátaí cánach a ailíniú idir 45% agus 55%). In 1980, chuir an Coimisiún in iúl gur dhócha nach n-éireodh leis an iarracht um chomhchuibhiú (COM(80) 0139), agus dhírigh sé ar bhearta chun an margadh inmheánach a chur i gcrích: sna ‘Treoirlínte maidir le cáin chorparáide’ ó 1990 (SEC(90) 0601), glacadh trí thogra, eadhon an Treoir maidir le Cumaisc (90/434/CEE — 2009/133/CE anois), an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí (90/435/CEE – 2011/96/AE anois), agus an Coinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Eadrána (90/436/CEE). Léirítear a fhadtréimhsí atá caibidlíochtaí leis na Ballstáit go minic le scéal thogra 1991 le haghaidh treoir maidir le córas coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí i mBallstáit éagsúla: cé go ndearnadh athbhreithniú air agus go bhfuair sé tuairim fhabhrach ón bParlaimint, tharraing an Coimisiún siar é mar thoradh ar mhainneachtain comhaontú a shroicheadh leis an gComhairle. Tháinig leagan nua chun cinn in 1998 mar chuid de ‘phacáiste Monti’ agus glacadh é ina dhiaidh sin mar Threoir 2003/49/CE.

In 1996, sheol an Coimisiún cur chuige nua maidir le cánachas. I réimse an chánachais cuideachta, is é an príomhthoradh a bhí ann ná Cód Iompair do Chánachas Gnó, arna ghlacadh mar rún ón gComhairle in 1998. Chuir an Chomhairle Meitheal um an gCód Iompair ar bun freisin (ar a dtugtar ‘Grúpa Primarolo’) chun cásanna de chánachas gnó éagórach a fhiosrú. In 2001, d’ullmhaigh an Coimisiún ‘staidéar anailíseach ar chánachas cuideachta sa Chomhphobal Eorpach’ (SEC(2001) 1681). Tugadh ar aird sa teachtaireacht ón gCoimisiún a bhí ag gabháil leis (COM(2001) 0582) gurbh í an phríomhfhadhb a bhí roimh chuideachtaí ná go raibh orthu iad féin a oiriúnú do rialacháin náisiúnta éagsúla sa mhargadh inmheánach. In 2011, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh ‘comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide’ (CCCTB). Chiallódh an ‘comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide’ (CCCTB) go mbainfeadh cuideachtaí tairbhe as córas le pointe teagmhála lárnach a bhféadfaidís a n-éilimh ar aisíocaíocht chánach a thíolacadh dó. Bheidís in ann comhdhlúthú a dhéanamh ar a mbrabúis agus ar a gcaillteanais uile a ndearnadh in AE freisin. Choinneodh na Ballstáit lánfhreagracht as a rátaí cánach corparáide féin a leagan síos. I mí Aibreáin 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir leis an togra seo, ach níor thángthas ar aon chomhaontú sa Chomhairle. I mí an Mheithimh 2015, chun spreagadh breise a thabhairt do na caibidlíochtaí sa Chomhairle, tháinig an Coimisiún ar straitéis chun togra CCCTB a athsheoladh in 2016. Roghnaigh an Coimisiún próiseas le dhá chéim, inar scaradh gnéithe an chomhbhoinn agus an chomhdhlúthaithe, le dhá thogra reachtacha idirnasctha: maidir le comhbhonn cánach corparáide (CCTB) agus maidir le comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide (CCCTB). Cé go n-éileodh sé go mbeadh tabhairt isteach CCCTB éigeantach, bheadh forálacha ann maidir lena chéimniú isteach. D’fhéadfadh an togra athchóirithe, a coigeartaíodh chun obair a rinne ECFE a chur san áireamh, aghaidh a thabhairt ar sheachaint cánach freisin trí bhearnaí rialála idir na córais náisiúnta a dhúnadh agus stop a chur, dá bhrí sin, le socruithe seachanta cánach coitianta. Ghlac an Pharlaimint a tuairimí maidir leis an dá thogra i mí an Mhárta 2018, ach bhí na caibidlíochtaí sa Chomhairle neamhchonclúideach arís.

I mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún togra dar teideal ‘Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)’, lena gcuirfear leabhar rialacha aonair maidir le cáin chorparáide ar fáil don Aontas, bunaithe ar chionroinnt agus ar chomhbhonn cánach. Laghdóidh sé na costais chomhlíonta do ghnólachtaí a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin agus mar sin beidh sé níos éasca do na húdaráis chánach náisiúnta a chinneadh cé na cánacha atá dlite. Tagann an togra in ionad na dtograí atá ar feitheamh le haghaidh CCTB agus CCCTB Tar éis don Chomhairle é a ghlacadh, ba cheart don togra teacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2028. I mí Mheán Fómhair 2023 freisin, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá thogra eile le haghaidh treoracha ón gComhairle: ceann amháin maidir le praghsáil aistrithe agus ceann amháin le haghaidh córas cánach ceannoifige d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ghlac an Pharlaimint a tuairimí maidir leis an dá thogra i mí Aibreáin 2024. Tar éis don Chomhairle iad a ghlacadh, ba cheart don dá thogra teacht i bhfeidhm i mí Iúil 2026.

B. Cánachas cothrom, trédhearcacht cánach agus bearta chun comhrac in aghaidh seachaint cánach agus iomaíocht dhíobhálach cánach

Agus géarchéim airgeadais 2008 ag tarlú, casadh ar sheachaint cánach a chomhrac agus ar chánachas cothromasach cuideachtaí. Meastar trédhearcacht a bheith ar cheann de na bealaí chun é sin a bhaint amach, mar a léirítear sa Phacáiste Trédhearcachta Cánach ó mhí Márta 2015, inar áiríodh an Treoir ón gComhairle maidir le malartú uathoibríoch faisnéise faoi rialuithe cánach idir na Ballstáit (Treoir (AE) 2015/2376) agus an teachtaireacht maidir le trédhearcacht cánach chun comhrac in aghaidh imghabháil agus seachaint cánach. In 2015, ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta maidir le córas cánach corparáide cothrom agus éifeachtúil san Aontas Eorpach, ina raibh forálacha maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcreat cánach corparáide chun mí-úsáid cánach a chomhrac, ioncam inbhuanaithe a áirithiú agus tacú le timpeallacht fheabhsaithe don ghnó sa mhargadh inmheánach. I mí Eanáir 2016, mhol an Coimisiún pacáiste beart chun seachaint cánach a chomhrac, a raibh moladh san áireamh ann le haghaidh Treoir ón gComhairle chun cleachtais maidir le seachaint cánach a chomhrac le tionchar díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; ar a dtugtar an treoir i gcoinne seachaint cánach (ATAD), glacadh í i mí Iúil 2016. Ina dhiaidh sin, i mí Dheireadh Fómhair 2016, glacadh togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2016/1164/AE maidir le neamhréireanna hibrideacha le tríú tíortha (ATAD 2), i mí na Bealtaine 2017. I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (ATAD 3 nó ‘Unshell’). Tá an dara ceann fós faoi chaibidil sa Chomhairle, d’ainneoin gur ghlac an Pharlaimint tuairim dhearfach i mí Eanáir 2023.

Mar sin féin, maidir le saincheist na trédhearcachta, mhol an Coimisiún leasú ar Threoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (‘tuairisciú poiblí de réir tíre’). Glacadh an togra i mí na Samhna 2021, tar éis comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle. Éilítear leis an togra go ndéanfadh fiontair idirnáisiúnta codanna áirithe den fhaisnéis arna tíolacadh chuig údaráis chánach a nochtadh go poiblí.

Chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise, tugadh isteach an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC) in 2011 agus leasaíodh í roinnt uaireanta le blianta beaga anuas, an ceann is déanaí i mí Dheireadh Fómhair 2023 le DAC 8, chun aghaidh a thabhairt ar mhalartú faisnéise maidir le criptea-shócmhainní agus ríomh-airgead. Leasaigh DAC 7 é roimhe seo i mí an Mhárta 2021. Bhí sé d’aidhm ag an leasú sin a áirithiú go malartóidh na Ballstáit faisnéis go huathoibríoch maidir leis an ioncam a ghineann díoltóirí ar ardáin dhigiteacha, bíodh an t-ardán lonnaithe san Aontas nó ná bíodh. Roimhe sin, rinneadh na hathruithe is déanaí trí DAC 6, a glacadh i mí na Bealtaine 2018, tar éis iarraidh ar thogra reachtach i rún ón bParlaimint (TAXE 2). Cuimsítear leis an Treoir ceanglas d’idirghabhálaithe, mar shainchomhairleoirí, dlíodóirí, agus comhairleoirí cánach le socruithe cánach áirithe a thuairisciú d'údaráis chánach áitiúla, agus ba cheart dóibh ansin an t-eolas a bailíodh ar fud AE a mhalartú go huathoibríoch.

Chomh maith leis an trédhearcacht, tá an tAontas ag obair chun a chinntiú go mbeidh na rialacha cánachais atá ann faoi láthair oiriúnach don ré dhigiteach. Tá méadú tagtha ar an mbearna idir na háiteanna ina gcruthaítear luach agus na háiteanna ina n-íoctar cáin de dheasca an aistrithe i dtreo geilleagar digiteach. Cuireadh tús le plé ar nuachóiriú ar chánachas corparáide idirnáisiúnta 10 mbliana ó shin sa G20, agus thacaigh an ECFE leis an bplé seo.

I mí an Mhárta 2018, mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua chun cánachas cothrom ar ghníomhaíochtaí digiteacha san Aontas a chinntiú. Is éard a bhí sa phacáiste dhá thogra reachtacha chun (1) rialacha maidir le cáin chorparáide a athchóiriú ionas go ngearrfar cáin ar bhrabúis i gcás ina bhfuil láithreacht dhigiteach shuntasach ag cuideachtaí agus (2) cáin eatramhach a fhorbairt d’ioncam ó sheirbhísí digiteacha (cáin seirbhísí digiteacha), rud ar thacaigh an Pharlaimint leis.

Leanadh den phlé ar leibhéal ECFE i gcomhthráth agus an 8 Deireadh Fómhair 2021, tháinig comhaltaí Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS ar chomhaontú maidir leis an Réiteach Dhá Cholún (creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis), ar cur chuige é a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ar an leibhéal domhanda, tá tograí 2018 ón gCoimisiún ar feitheamh anois. Dá dtiocfaí ar réiteach agus ar chomhaontú domhanda sa chaibidlíocht sin agus dá gcuirfí chun feidhme go héifeachtach iad, bheadh na tograí doiléir.

Cinnteofar leis an Réiteach Dhá Cholún go mbeidh na fiontair ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí faoi réir ag íosráta éifeachtach cánach 15% agus go n-athdháilfear brabúis do thíortha ar fud an domhain ar an mbealach seo a leanas:

Le Colún a hAon, cruthaítear nasc nua inchánach chun brabúis chorparáideacha a ath-leithdháileadh agus cáin a ghearradh orthu i gcás ina gcruthaítear luach agus i gcás ina bhfuil custaiméirí lonnaithe, gan beann ar láithreacht fhisiciúil sa tír. Chuige sin, mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021 ‘an chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse an Aontais’, lena n-áirítear acmhainn dhílis is comhionann le 15% den sciar de bhrabúis iarmharacha cuideachtaí a d’fhéadfadh a bheith san áireamh, sciar a athdháilfear ar Bhallstáit AE. Ní áirítear sna tograí mionsonraí fairsinge, go háirithe toisc go bhfuil ECFE fós ag obair ar ghnéithe praiticiúla cur chun feidhme a bhaineann le dearadh an cholúin. Le fíordhéanaí, áfach, i mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhoilsigh ECFE an Coinbhinsiún Iltaobhach (MLC) chun Méid A de Cholún 1 a Chur Chun Feidhme. Is léiriú é sin ar an gcomhdhearcadh atá ann faoi láthair i measc chomhaltaí Chreat Cuimsitheach (IF) ECFE/G20 maidir le BEPS. Le déanaí, i mí Feabhra 2024, d’eisigh an Ciste don Nuálaíocht an tuarascáil maidir le Méid B de Cholún a hAon chun rialacha praghsála aistrithe a shimpliú agus chun athruithe a chomhlíonadh ar Thráchtaireacht Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE. Ní mór Colún a hAon a shíniú agus ní thiocfaidh sé i bhfeidhm go dtí go ndaingneoidh 30 dlínse ar a laghad mais chriticiúil cuideachtaí ilnáisiúnta laistigh den raon feidhme.

Is íoscháin chorparáideach dhomhanda de 15% é Colún a Dó, agus chuige sin d’fhoilsigh an Coimisiún togra i gcomhair Treoir ón gComhairle le haghaidh íosleibhéal domhanda cánachais do ghrúpaí ilnáisiúnta an 22 Nollaig 2021.

Ghlac an tAontas a Threoir maidir le Colún a Dó ag deireadh 2022 agus bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na rialacha a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023 (tá sé roghnaithe ag roinnt Ballstát, áfach, an maolú dá bhforáiltear i dTreoir Cholún a Dó a chur i bhfeidhm, ar maolú é lena gceadaítear moill a chur ar an gcur chun feidhme). Ciallaíonn glacadh na treorach gur cuid de dhlí an Aontais anois iad na rialacha maidir le cáin íosta.

Ar deireadh, déanann an Chomhairle nuashonrú rialta ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

C. Cánachas pearsanta

1. Cáin ioncaim

Is cnámh spairne i gcónaí é cánachas daoine aonair a oibríonn i mBallstát amháin, nó a tharraingíonn pinsean ann, ach a chónaíonn i mBallstát eile, nó a bhfuil gaolta cleithiúnacha acu i mBallstát eile. Le comhaontuithe déthaobhacha, féadtar cánachas dúbailte a sheachaint de ghnáth, ach níl réiteach tugtha aige sin ar shaincheisteanna amhail cineálacha éagsúla d’fhaoiseamh cánach atá ar fáil sa tír chónaithe a chur i bhfeidhm ar ioncam sa tír fostaíochta. Chun cóir chomhionann a áirithiú idir cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí, chuir an Coimisiún togra chun cinn le haghaidh treoir maidir le comhchuibhiú forálacha i dtaca le cáin ioncaim i ndáil leis an tsaoirse gluaiseachta (COM(1979) 0737), ar ar a bonn a dhéanfaí riail de chánachas sa tír chónaithe. I ndiaidh don Chomhairle diúltú dó, tarraingíodh an togra siar, agus níor eisigh an Coimisiún ach moladh maidir leis na prionsabail ar cheart feidhm a bheith acu maidir le cóireáil cánach i gcás ioncam neamhchónaitheoirí. Sa bhreis air sin, tugadh imeachtaí i gcoinne Ballstáit áirithe mar gheall ar idirdhealú in aghaidh fostaithe neamhnáisiúnacha. In 1993, rialaigh CBAE (i gCás C-112/91) nach féidir le Ballstát caitheamh le neamhnáisiúnaigh ó Bhallstát eile le níos lú fabhair i dtaobh bailiú cánacha díreacha ná mar a chaitheann sé lena náisiúnaigh féin (féach Cás C-279/93). Go ginearálta, féadtar a rá gur chuir rialuithe CBAE comhdhlúthú i réimse an chánachais dhírigh phearsanta chun cinn níos mó ná mar a chuir tograí reachtacha. I mí Dheireadh Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle treoir (Treoir (AE) 2017/1852) a raibh sé mar aidhm léi feabhas a chur ar shásraí i dtaca le réiteach díospóidí maidir le cánachas dúbailte san Aontas.

2. Cánachas ar ús bainc agus ar ús eile a íoctar le neamhnáisiúnaigh

I bprionsabal, cuirtear de cheangal ar cháiníocóirí ioncam ó ús a dhearbhú. I gcleachtas, le saorghluaiseacht caipitil agus rúndacht baincéireachta, tugadh deis i ndáil le cáin a sheachaint. Forchuireann Ballstáit áirithe cáin shiarchoinneálach ar ioncam úis. In 1989, mhol an Coimisiún go dtabharfaí isteach comhchóras chun cáin ar ioncam úis a shiarchoinneáil, a thoibheofaí ag ráta 15%. Tarraingíodh an togra sin siar ansin agus cuireadh ceann nua ina ionad chun íoschánachas éifeachtach ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochtaí úis a chinntiú (le ráta cánach 20%). Tar éis caibidlíochtaí fada, sroicheadh comhréiteach agus glacadh Treoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam úis. Cuireadh Treoir 2014/107/AE atá níos leithne ina hionad ó shin, lena ndéantar foráil, in éineacht le Treoir 2011/16/AE, do mhalartuithe cuimsitheacha faisnéise idir údaráis chánach. I mí an Mheithimh 2023, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha (‘FASTER’) chun nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach san Aontas a dhéanamh níos éifeachtúla d’infheisteoirí trasteorann agus do riaracháin náisiúnta.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Maidir le tograí cánach, de ghnáth ní bhíonn ról ag an bParlaimint ach sa nós imeachta comhairliúcháin. Ina theannta sin, áfach, is é ról na Parlaiminte an Coimisiún a spreagadh chun tograí reachtacha nua a thíolacadh le haghaidh cánachas níos cothroime, níos glaise agus níos éifeachtúla. Gníomhaíonn Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre an Aontais Eorpaigh maidir le beartas cánach agus soláthraíonn sí ardán chun plé a dhéanamh ar chánachas idirnáisiúnta.

Go sonrach, ba chéim shuntasach é an Fochoiste um Chúrsaí Cánach a chruthú (FISC) i mí Mheán Fómhair 2020 chun ról Pharlaimint na hEorpa maidir le díospóireachtaí idirnáisiúnta cánach a neartú tuilleadh. Bunaíodh FISC chun leanúint den chomhrac i gcoinne seachaint cánach, trédhearcacht airgeadais a neartú agus feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a éascú. Bíonn an Fochoiste i dteagmháil go rialta leis na parlaimintí náisiúnta, le hacadóirí, le riaracháin chánach agus leis an tsochaí shibhialta trí éisteachtaí poiblí, trí mhalartú tuairimí, trí mhisin chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha, agus trí Shiompóisiam Cánach an Aontais.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Fhochoiste um Chúrsaí Cánach (FISC).

 

Jost Angerer