An beartas maidir le seirbhísí airgeadais
Is cuid bhunriachtanach iad seirbhísí airgeadais d’iarrachtaí AE ar an margadh inmheánach a chomhlánú, faoi shaorghluaiseacht seirbhísí agus caipitil. Is i gcéimeanna a rinneadh dul chun cinn: (1) deireadh a chur le bacainní iontrála náisiúnta (1957-1973); (2) comhchuibhiú na ndlíthe agus na mbeartas náisiúnta (1973-1983); (3) comhlánú an mhargaidh inmheánaigh (1983-1992); (4) cruthú an limistéir airgeadra aonair (1993-2007); agus (5) an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus athchóiriú i ndiaidh na géarchéime (ó 2007 i leith).
An bunús dlí
Is iad Airteagail 49 (an tsaoirse bunaíochta), 56 (an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar), 63 (saorghluaiseacht caipitil) agus 114 (comhfhogasú dlíthe do bhunú agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí.
Clocha míle ar an mbealach i dtreo margadh airgeadais comhtháite de chuid AE
A. Iarrachtaí luatha ar bhacainní iontrála a bhaint (1957-1973)
Bhí na hiarrachtaí luatha ar chórais airgeadais na mBallstát a chomhtháthú bunaithe ar phrionsabal na saoirse bunaíochta agus ar phrionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus comhordú reachtaíochta agus beartas ann i gcás inar ghá. Le Conradh na Róimhe, a síníodh in 1957, cruthaíodh an Cómhargadh, lenar cuireadh deireadh le constaicí roimh shaorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil idir na Ballstáit. In 1962, ghlac an Chomhairle cláir ghinearálta um dhíothú srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ar an tsaoirse bunaíochta.
B. Comhchuibhiú na ndlíthe agus na mbeartas náisiúnta (1973-1983)
Is le trí threoir ón gComhairle, go háirithe, a cuireadh tús leis an bpróiseas le haghaidh rialacha, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhchuibhiú, eadhon: an Chéad Threoir um Árachas Neamhshaoil (73/239/EEC) in 1973, an Chéad Treoir um Baincéireacht (77/780/EEC) in 1977 agus an Chéad Treoir um Árachas Saoil (79/267/EEC) in 1979.
C. Comhlánú an mhargaidh inmheánaigh (1983-1992)
I mí an Mheithimh 1985, d’fhoilsigh an Coimisiún páipéar bán inar sonraíodh clár agus tráthchlár chun an margadh inmheánach a chomhlánú faoi dheireadh 1992. Áiríodh ann roinn shonrach maidir le seirbhísí airgeadais. Bhí an comhchuibhiú a beartaíodh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: ceadúnas baincéireachta aonair, aitheantas frithpháirteach agus smacht a bheith ag an tír baile. Le hIonstraim Eorpach Aonair, 1987, rinneadh an sprioc a leagadh síos i bPáipéar Bán 1985 a ionchorprú i ndlí príomha AE, agus socraíodh gurbh é spriocdháta beacht an 31 Nollaig 1992 an spriocdháta a bheadh ann le haghaidh an margadh inmheánach a chomhlánú.
D. Cruthú an limistéir airgeadra aonair (1993-2007)
Le Conradh Maastricht, a tháinig i bhfeidhm in 1993, réitíodh an bealach d’airgeadra aonair Eorpach a chruthú: an euro (ar tugadh ECU air ar dtús). D’fhoilsigh an Coimisiún plean gníomhaíochta um sheirbhísí airgeadais i mBealtaine 1999, inar áiríodh 42 bheart reachtacha agus neamhreachtacha a bheadh le cur i gcrích faoi 2004. I mí Iúil 2000, chuir an Chomhairle Coiste na Saoithe maidir le Margaí Urrús Eorpacha a Rialáil ar bun, arna stiúradh ag Alexandre Lamfalussy. Sa tuarascáil chríochnaitheach ón gCoiste, aithníodh go raibh creat institiúideach AE ‘ró-mhall, ró-dholúbtha, casta agus mí-oiriúnach i leith luas an athraithe sna margaí airgeadais domhanda’. D’eascair ‘Próiseas Lamfalussy’ aisti, cur chuige reachtach ceithre leibhéal a úsáideadh ar dtús le haghaidh reachtaíocht urrús, agus lena haghaidh sin amháin, ach a leathnaíodh tráth ba shia anonn chun aghaidh a thabhairt ar réimsí eile de reachtaíocht na seirbhísí airgeadais.
E. An ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus an t-athchóiriú a rinneadh i ndiaidh na géarchéime (ó 2007 i leith).
Sa tréimhse roimh 2007, bhí margaí airgeadais á gcomhtháthú mó sa mhó agus bhí níos mó idirspleáchais eatarthu, ní hamháin laistigh den Aontas, ach ar an leibhéal domhanda freisin. Tháinig deireadh tobann leis sin nuair a bhris an ghéarchéim dhomhanda amach in 2007-2008, rud a d’fhág go raibh géarghá le hathchóiriú a dhéanamh ar earnáil na seirbhísí airgeadais. Mhol an Coimisiún níos mó ná 50 beart reachtacha agus neamhreachtacha. Rinneadh na moltaí is tábhachtaí faoi thionscnaimh shuaitheanta de chuid an Aontais amhail an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil. Mar gheall ar na hathchóirithe a rinneadh i ndiaidh na géarchéime, tá leibhéal áirithe láraithe ann agus aistríodh an fhreagracht as a lán réimsí den rialáil agus den mhaoirseacht ar sheirbhísí airgeadais ón leibhéal náisiúnta chuig leibhéal an Aontais Eorpaigh. Le déanaí, léiríodh i gclár oibre beartais seirbhísí airgeadais an Aontais na hiarrachtaí a rinneadh ar aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chonair eacnamaíoch níos inbhuanaithe a fhorbairt, agus tugtar aghaidh ann ar na dúshláin nua a bhaineann leis an gclaochlú digiteach.
I bhfianaise éifeachtaí tadhlachta a d'fhéadfadh a bheith ann, tháinig méadú suntasach ar ról na bhfóram idirnáisiúnta maidir le rialacha agus caighdeáin a leagan síos. Dá bhrí sin, ó thaobh rialtóirí agus maoirseoirí an Aontais de, bhí tábhacht mó sa mhó le fóraim agus comhlachtaí amhail G20, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB), Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (Coiste Basel), an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais (IAIS) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO).
Príomhreachtaíocht sin an Aontais atá i bhfeidhm um sheirbhísí airgeadais
A. Baincéireacht
Bhí athchóiriú an chreata rialála don bhaincéireacht i gcroílár an ollchóirithe reachtaigh iar-ghéarchéime ar an earnáil airgeadais. Leag sé síos na bunchlocha don Aontas Baincéireachta a bunaíodh de réir a chéile sa limistéar euro. Áiríodh san athchóiriú rialála a rinneadh ar earnáil na baincéireachta bearta fadréimseacha lenar bunaíodh an méid seo a leanas: (1) ceanglais stuamachta níos láidre do bhainc; (2) ollstruchtúr feabhsaithe le haghaidh maoirseacht baincéireachta agus réiteach bainc; (3) rialacha maidir le bainc anásta a bhainistiú; agus (4) cosaint fheabhsaithe do thaisceoirí: Tugtar an ‘leabhar rialacha aonair’ ar na tionscnaimh sin le chéile.
1. Ceanglais stuamachta do bhainc
Leagtar síos leis an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD) (2013/36/AE) rialacha i dtaca le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, i dtaca le faireachán stuamachta agus i dtaca le rialachas baincéireachta. Leis an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) ((AE) Uimh. 575/2013)bunaítear na híoschaighdeáin chun fóntacht airgeadais na mbanc a áirithiú (i.e. ceanglais chaipitil, maoláin leachtachta agus cóimheasa giarála). Déantar creat CRD/CRR a nuashonrú go leanúnach, go príomha chun na torthaí is déanaí ar obair Choiste Basel agus an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais a léiriú.
2. Ollstruchtúr feabhsaithe le haghaidh maoirseacht baincéireachta agus réiteach bainc
Ó bhí 2014 ann, faoin Rialachán maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) ((AE) Uimh. 1024/2013), is é BCE an maoirseoir stuamachta lárnach do bhainc mhóra sa limistéar euro agus i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro a roghnaíonn a bheith páirteach in SAM. Déantar SAM a chomhlánú leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair ((AE) Uimh. 806/2014), a glacadh in 2014 freisin, a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go ndéantar bainistiú éifeachtúil ar theipeanna banc atá mar chuid de SAM.
3. Rialacha maidir le bainc anásta a bhainistiú
Tá sé mar aidhm leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (2014/59/AE), a glacadh in 2014 freisin, cosc a chur ar bhainc atá ag cliseadh a bheith á dtarrtháil trí úsáid a bhaint as airgead cáiníocóirí trí shásra ‘tarrthála inmheánaigh’ a thabhairt isteach, a d’áiritheodh gurbh iad geallsealbhóirí agus creidiúnaithe an bhainc a bheadh ar na chéad daoine a chumhdódh caillteanais an bhainc. Ceanglaítear léi ar na Ballstáit cistí náisiúnta réitigh a bhunú.
4. Cosaint fheabhsaithe do thaisceoirí
I gcaitheamh na géarchéime airgeadais, bhí sé ríthábhachtach cosaint leormhaith a áirithiú do thaiscí bainc na saoránach. Mar fhreagairt tosaigh air sin, rinneadh an t-íosmhéid ar anuas go dtí é a ráthaítear taiscí bainc i gcás cliseadh bainc a mhéadú dhá uair. Ina dhiaidh sin, rinneadh athchóiriú níos cuimsithí ar chóras na scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí, a bhí an uair sin ina chóras an-ilroinnte, tríd an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (2014/49/AE) in 2014. An Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT), a moladh in 2015, tá bacainní polaitiúla uirthi go dtí seo sa Chomhairle agus sa Pharlaimint. I mí Aibreáin 2023, ghlac an Coimisiún pacáiste reachtach (an ‘pacáiste CMDI’) chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar na huirlisí géarchéime a úsáidtear chun cliseadh na mbanc meánmhéide agus níos lú a bhainistiú. Tá trí thogra reachtacha i gcroílár an athchóirithe sin lena leasaítear an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (Treoir 2014/59/AE), an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair (Rialachán (AE) Uimh. 806/2014) agus an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (Treoir 2014/49/AE). Ar bhonn leithleach, áirítear sa phacáiste freisin an ceathrú togra reachtach neamhghaolmhar chun leasú a dhéanamh ar an treoir maidir le téarnamh agus réiteach na mBanc agus ar an rialachán maidir leis an sásra réitigh aonair (an togra ‘slabhra nóiníní’). Tá sé beartaithe go gcuirfear an nós imeachta reachtach sin i gcrích sa chéad téarma reachtach eile. Dhéanfaí athmheasúnú ar SEÁT agus ar thuilleadh dul chun cinn maidir le comhtháthú margaidh ina dhiaidh sin, tar éis athchóiriú CMDI.
B. Margaí airgeadais agus bonneagar margaidh
1. Seirbhísí infheistíochta agus ionaid trádála
In 2004, leis an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID I) (2004/39/CE), leagadh síos caighdeáin aonfhoirmeacha lenar rialaíodh trádáil urrús d’fhonn feabhas a chur ar an iomaíocht agus ar chosaint infheisteoirí. In 2014, glacadh athbhreithniú ar an Treoir (MiFID II) (2014/65/AE) agus ar Rialachán (MiFIR) ((AE) Uimh. 600/2014), lena ndearnadh uasdátú suntasach ar an gcreat dlíthiúil. Leis an gcreat sin, tugtar isteach roinnt forálacha atá dírithe ar chosaint tomhaltóirí agus trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú. Athbhreithníodh an dá cheann acu roinnt uaireanta.
2. Conarthaí díorthaigh agus tithe imréitigh
Tá ról tábhachtach eacnamaíoch ag conarthaí díorthaigh, ach tá rioscaí áirithe ag baint leo freisin, rioscaí a tháinig chun cinn le linn na géarchéime airgeadais. Sa Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (RBME) ((AE) Uimh. 648/2012), a glacadh in 2012, leagtar amach rialacha maidir le conarthaí díorthaigh thar an gcuntar (OTC), maidir le contrapháirtithe lárnacha (CPLanna, nó tithe imréitigh) agus maidir le stórtha trádála. Tá sé d'aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, riosca sistéamach a mhaolú agus trédhearcacht a mhéadú i margadh OTC. Déantar an Rialachán a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta. D’fhéadfadh CPLanna a bheith ina riosca don chobhsaíocht airgeadais dá dteipfeadh orthu. I mí na Nollag 2020, ghlac na comhreachtóirí an Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach CPLanna ((AE) 2021/23) a bhfuil sé d'aidhm aige réiteach ordúil a aimsiú i gcás géarchéime. Fiú tar éis Brexit, tá an chuid is mó de ghnó CPLanna fós á dhéanamh i Londain, in ainneoin na n-iarrachtaí atáthar a dhéanamh ar an ngníomhaíocht sin a dhéanamh san Aontas. Tá síneadh curtha ag an gCoimisiún leis an gcoibhéis le haghaidh chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) na Ríochta Aontaithe go dtí an 30 Meitheamh 2025. Agus é seo á scríobh, tá EMIR á leasú chun na rioscaí sin a laghdú go páirteach ar a laghad trí cheangal a chur ar CPLanna tríú tír cuntas gníomhach a bheith acu ag CPL Eorpach agus líon socraithe trádálacha a imréiteach tríd an gcuntas sin.
3. Rochtain ar chistiú margaidh caipitil
Sa tionscnamh suaitheanta maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) a thógáil, rinneadh foráil d’athbhreithniú substaintiúil ar chreat an Aontais Eorpaigh maidir le hurrúis a thairiscint go poiblí (i.e. tairiscintí tosaigh don phobal nó TTPanna). Bhí sé d'aidhm ag Treoir 2003 maidir le Réamheolairí 2003/71/CE, ar tháinig Rialachán (AE) 2017/1129 ina hionad, rochtain ar chistiú margaidh caipitil a éascú do chuideachtaí beaga, agus feabhas a chur ar cháilíocht agus cainníocht na faisnéise a bhíonn le soláthar d’infheisteoirí, go háirithe d’infheisteoirí miondíola. Cuireadh leis na hiarrachtaí ar fheabhas a chur ar dheiseanna cistiúcháin do chuideachtaí beaga leis an Rialachán Eorpach maidir le Sluachistiú ((AE) 2020/1503), a bhfuil feidhm leis amhail ó mhí na Samhna 2021. Mar sin féin, measann an Grúpa Euro go bhfuil na hiarrachtaí ar Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt ina n-ábhar díomá. Dá bhrí sin, an 11-12 Márta 2024, d’iarr sé ar an gcéad Choimisiún eile beart a dhéanamh maidir le 13 phointe shonracha chun borradh nua a chur faoi Aontas na Margaí Caipitil (féach an bhileog eolais maidir le saorchúrsaíocht chaipitil 2.1.3).
C. Árachas
Le Treoir Shócmhainneacht II (2009/138/CE) , a glacadh in 2009, rinneadh na rialacha ilroinnte a bhí ann cheana maidir le hearnáil an árachais neamhshaoil, earnáil an árachais saoil agus earnáil an athárachais a chomhchuibhiú. Leis an Treoir, leagadh amach rialacha maidir le húdarú do dhul i mbun gnó, ceanglais chaipitil, bainistiú riosca agus faireachán ar eagraíochtaí árachais dhírigh agus athárachais. Leasaíodh creat Shócmhainneacht II roinnt uaireanta.
D. Seirbhísí íocaíochta
Leis an dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta ((AE) 2015/2366), rinneadh creat an Aontais maidir le híocaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta chun é a chur in oiriúint do na forbairtí nua i ndáil le híocaíochtaí digiteacha. Tháinig sí i bhfeidhm amhail ón 13 Eanáir 2018. Treisítear léi na ceanglais slándála i leith íocaíochtaí leictreonacha agus na caighdeáin maidir le cosaint sonraí airgeadais tomhaltóirí. Ina theannta sin, réitíonn sí an bealach do shamhlacha gnó nuálacha (‘baincéireacht oscailte’) a bheith á saothrú sa mhargadh agus tá forálacha inti maidir le húdarú agus maoirseacht institiúidí íocaíochta.
E. Airgeadas inbhuanaithe
Tá ról tábhachtach ag an gcóras airgeadais maidir le tacú leis an hiarrachtaí ar aistriú chuig geilleagar agus sochaí atá níos glaise, níos cothroime agus níos cuimsithí a chothú. Tá sé d'aidhm ag an bplean gníomhaíochta maidir le maoiniú inbhuanaithe ó mhí an Mhárta 2018 aird chuí a thabhairt ar bhreithnithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus cinntí infheistíochta á ndéanamh san earnáil airgeadais.Áirítear ar na príomhghnéithe den chreat reachtach reatha Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht ((AE) 2020/852), an Rialachán maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais ((AE) 2019/2088) agus an Rialachán maidir le nochtaí ó thaobh tagarmharcanna de ((AE) 2019/2089). Tá tuilleadh tionscnamh ar na bacáin.
F. Airgeadas Digiteach
Mar aon leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua san airgeadas, tá gealladh faoin iomaíocht agus faoi tháirgí agus faoi sheirbhísí atá nua, níos éifeachtaí nó níos tairbhiúla. Fágann sé castachtaí a bheith ann freisin mar aon le dúshláin do rialtóirí agus do mhaoirseoirí. I mí Mheán Fómhair 2020, sheol an Coimisiún an Straitéis Airgeadais Dhigitigh, agus ina dhiaidh sin bhí roinnt tionscnamh reachtach ann. Go háirithe, leis an Rialachán nua maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA) ((AE) 2022/2554), bunaítear creat aonfhoirmeach chun a áirithiú go mbionn institiúidí airgeadais in ann cibear-rioscaí agus rioscaí eile a bhaineann le TFC a mhaolú agus a sheasamh; agus sa Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCA), leagtar amach caighdeáin le haghaidh criptea-shócmhainní a eisiúint agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar. Tá an Rialachán maidir le córas píolótach do bhonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte ((AE) 2022/858) cosúil le bosca gainimh rialála, i.e. fágann sé gur féidir timpeallacht rialála sholúbtha a bheith ann.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Ó Chonradh na Róimhe in 1957, tá méadú tagtha ar ról na Parlaiminte sa chinnteoireacht maidir le seirbhísí airgeadais i dtreo is go bhfuil sí, in áit a bheith teoranta don nós imeachta comhairliúcháin, ar comhchéim leis an gComhairle, ós rud é go n-úsáidtear an gnáthnós imeachta reachtach in go leor réimsí beartais.
Faoi phróiseas ‘Lamfalussy’ maidir le reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a ghlacadh agus a chur chun feidhme, glacann an Pharlaimint, in éineacht leis an gComhairle, dlíthe bunúsacha (leibhéal 1) faoin ngnáthnós imeachta reachtach (reachtaíocht thánaisteach AE). Tá ról ag an bParlaimint freisin maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar ghlacadh beart cur chun feidhme ar leibhéal 2.
Tá ról gníomhach ag an bParlaimint i dtaca leis na tionscadail reachtacha uaillmhianacha le haghaidh creat rialála AE a fhorbairt don earnáil airgeadais a chur ar aghaidh. Laistigh den Pharlaimint, is é an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) an príomhchoiste do sheirbhísí airgeadais.
San am a chuaigh thart, i gcomhthéacs na géarchéime domhanda airgeadais, rinne an Pharlaimint an Coiste Speisialta um an nGéarchéim Airgeadais, Eacnamaíoch agus Shóisialta (CRIS) a chur ar bun. Chuaigh an coiste speisialta i gceann a chuid cúraimí ó mhí Dheireadh Fómhair 2009 go dtí mí Iúil 2011 agus cuireadh bailchríoch ar obair an choiste le rún ón bParlaimint ina raibh roinnt moltaí maidir leis na bearta agus na tionscnaimh ba ghá a shaothrú mar fhreagairt ar an ngéarchéim.
Christian Scheinert